An Bhruiséil,23.8.2022

COM(2022) 426 final

2022/0253(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chreat‑Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

I mí na Samhna 2004, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún chun caibidlíocht a dhéanamh i ndáil le Creat‑Chomhaontuithe aonair Comhpháirtíochta agus Comhair (CCC) leis an Téalainn, leis an Indinéis, le Singeapór, leis na hOileáin Fhilipíneacha, leis an Malaeisia agus le Brúiné. Cuireadh inisealacha leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair leis an Téalainn den chéad uair i mí an Mhárta 2013 ach cuireadh síniú an chomhaontaithe ar feitheamh in 2014 tar éis na gabhála míleata sa tír. I bhfianaise normalú polaitiúil sa Téalainn, i mí Dheireadh Fómhair 2019, mheas an Chomhairle gurbh iomchuí don Aontas bearta a dhéanamh chun a rannpháirtíocht leis an Téalainn a leathnú trí ullmhú do shíniú tráthúil an Chomhaontaithe. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú arís an 13 Iúil 2021 agus tugadh i gcrích í tar éis an seachtú babhta an 11 Meitheamh 2022.

Bhí baint ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ag seirbhísí an Choimisiúin leis an bpróiseas caibidlíochta. Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit le linn an phróisis caibidlíochta ag cruinnithe de Mheithleacha ábhartha na Comhairle. Cuireadh Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi thoradh na caibidlíochta.

Measann an Coimisiún gur comhlíonadh na cuspóirí a leag an Chomhairle síos ina treoracha maidir le caibidlíocht an Chomhaontaithe agus gur féidir an dréacht‑Chomhaontú a thíolacadh lena shíniú agus lena thabhairt i gcrích.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

2.1.Aidhm agus ábhar an chomhaontaithe

Is é an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair an chéad chomhaontú déthaobhach riamh idir an tAontas agus an Téalainn agus téann sé thar chreat dlíthiúil Chomhaontú Comhair 1980 idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas atá ann faoi láthair.

Tá gealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair ar cuid lárnach iad de bheartas eachtrach an Aontais, lena n‑áirítear forálacha maidir le cearta an duine, neamhleathadh, frithsceimhlitheoireacht, an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, ach freisin imirce agus cánachas.

Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair leathnaítear an raon feidhme le haghaidh rannpháirtíocht fhrithpháirteach go mór i roinnt réimsí, lena n‑áirítear ceartas agus gnóthaí baile chomh maith le hidirphlé i réimse na heacnamaíochta agus na trádála. Leis an gComhaontú neartaítear an comhar i raon leathan réimsí beartais trí chéile, lena n‑áirítear cearta an duine, neamhleathadh arm ollscriosta, frithsceimhlitheoireacht, an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, trádáil, imirce, an comhshaol, fuinneamh, an t‑athrú aeráide, iompar, eolaíocht agus teicneolaíocht, fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, oideachas, talmhaíocht, cultúr, etc. Cuimsítear ann freisin forálacha chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.

Ó thaobh na polaitíochta de, is céim thábhachtach é an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair leis an Téalainn chun ról an Aontais san Áise Thoir Theas a neartú, bunaithe ar luachanna uilíocha comhroinnte amhail an daonlathas agus cearta an duine. Réitíonn sé an bealach chun feabhas a chur ar an gcomhar polaitiúil, réigiúnach agus domhanda idir dhá chomhpháirtí atá ar aon intinn le chéile. Beidh tairbhí praiticiúla don dá thaobh i gceist le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair, agus is é a bheidh ina bhonn le leasanna polaitiúla níos leithne an Aontais a chur chun cinn.

Bunaítear Comhchoiste leis an gComhaontú a dhéanfaidh faireachán ar fhorbairt an chaidrimh dhéthaobhaigh idir na Páirtithe. Cuimsítear sa Chomhaontú clásal neamhfhorghníomhaithe lena ndéantar foráil maidir leis an bhféidearthacht cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a chur ar fionraí i gcás ina sáraítear eilimintí bunriachtanacha.

2.2.Bunús dlí an chinnidh atá beartaithe

Foráiltear in Airteagal 218(5) CFAE maidir le cinneadh a ghlacadh lena n‑údaraítear comhaontú a shíniú.

Braitheann an bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(6) CFAE go príomha ar chuspóir agus ar ábhar an Chomhaontaithe. De réir an chásdlí, má léirítear le scrúdú ar bheart de chuid an Aontais go bhfuil dhá chuspóir á saothrú leis nó go bhfuil dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann amháin díobh sin a shainaithint mar phríomhchuspóir nó mar phríomh-chomhpháirt, agus an ceann eile mar chuspóir teagmhasach nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an beart sin a bhunú ar bhunús dlí aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir an phríomhchuspóra nó na príomh-chomhpháirte. Go heisceachtúil, má shuitear, ar an taobh eile, go bhfuil roinnt cuspóirí á saothrú ag an am céanna leis an mbeart, nó go bhfuil roinnt comhpháirteanna ann, agus iad nasctha go dlúth le chéile gan aon cheann acu a bheith teagmhasach le hais na comhpháirte eile, sa chaoi go bhfuil forálacha éagsúla den Chonradh infheidhme, ní mór an beart a bheith bunaithe ar na bunúis dlí chomhfhreagracha éagsúla (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Eanáir 2006, an Coimisiún v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-178/03, EU:C:2006:4, míreanna 42 agus 43; an 11 Meitheamh 2014, an Coimisiún v an Chomhairle, C-377/12, EU:C:2014:1903, mír 34; an 14 Meitheamh 2016, an Pharlaimint v an Chomhairle, C-263/14, EU:C:2016:435, mír 44; agus an 4 Meán Fómhair 2018, an Coimisiún v an Chomhairle (an Chasacstáin), C-244/17, ECLI:EU:C:2018:662, mír 40).

Tagann príomhaidhm nó príomh-chomhpháirt an Chomhaontaithe faoi réimse an chomhair um fhorbairt.

Ba cheart Airteagal 209 CFAE, á léamh i gcomhar le hAirteagal 218(5) CFAE, a bheith ina bhunús dlí leis an gcinneadh atá beartaithe.

2.3.Cineál dlítheanach 

Léirítear san anailís ar raon feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair gur tugadh de chumhacht don Aontas leis na Conarthaí gníomhú i ngach réimse a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair. Ar bhonn na hanailíse dlíthiúla sin, rinneadh caibidlíocht den chéad uair ar an dréacht nua den chomhaontú mar chomhaontú ‘de chuid an Aontais amháin’. Thairis sin, mheas an tArdionadaí agus an Coimisiún go raibh an nós imeachta daingniúcháin maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair mar chomhaontú ‘de chuid an Aontais amháin’, nós imeachta atá níos giorra agus níos intuartha, ag freagairt do leasanna an Aontais i ndáil le leanúint ar aghaidh go mear le cur chun feidhme an Chomhaontaithe.

Mar sin féin d’iarr na Ballstáit sa Chomhairle d’aon toil ar an gCoimisiún agus ar an Ardionadaí le linn chruinniú COREPER an 20 Iúil 2022 an Comhaontú a thiontú ina chomhaontú measctha agus cur i bhfeidhm sealadach ag gabháil leis. Chun moill a sheachaint ar leibhéal na Comhairle maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe ag an Aontas Eorpach, chinn an Coimisiún agus an tArdionadaí caibidlíocht a dhéanamh maidir le coigeartú ar an gComhaontú sula dtíolacfaí an togra ón gCoimisiún le haghaidh shíniú agus chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe.

Dá bhrí sin, moltar sa dréacht atá i gceangal leis seo go síneofaí an Comhaontú mar chomhaontú measctha.

2.4.An gá atá leis an gcinneadh atá beartaithe

Foráiltear in Airteagal 216 CFAE gur féidir leis an Aontas comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sna Conarthaí nó i gcás inar gá comhaontú a thabhairt i gcrích chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a ghnóthú faoi chuimsiú bheartais an Aontais, nó i gcás ina ndéantar foráil maidir le comhaontú a thabhairt i gcrích i ngníomh de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí nó i gcás inar dóchúil go ndéanfadh an comhaontú difear do na rialacha comhchoiteanna nó go n‑athróidís a raon feidhme.

Déantar foráil sna Conarthaí maidir le comhaontuithe amhail an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair a thabhairt i gcrích, eadhon in Airteagal 209 CFAE. Thairis sin, is gá an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair a thabhairt i gcrích chun cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a bhaint amach, faoi chuimsiú bheartais an Aontais.

Ní mór an Comhaontú a shíniú sula bhféadfar é a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais.

2022/0253 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chreat‑Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 209, á léamh i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I mí na Samhna 2004, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún chun tús a chur le caibidlíocht leis an Téalainn i ndáil le Creat‑Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (‘an Comhaontú’).

(2)Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an [...] sa [...].

(3)Is é is cuspóir don Chomhaontú an comhar a neartú i raon leathan réimsí beartais trí chéile, lena n‑áirítear cearta an duine, neamhleathadh arm ollscriosta, frithsceimhlitheoireacht, an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, trádáil, imirce, an comhshaol, fuinneamh, an t‑athrú aeráide, iompar, eolaíocht agus teicneolaíocht, fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, oideachas agus talmhaíocht.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí.

(5)I bhfianaise an ghá an comhaontú seo a chur i bhfeidhm sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm tar éis do na Ballstáit é a dhaingniú, ba cheart forálacha áirithe den Chomhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar síniú an Chreat‑Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (‘an Comhaontú’), a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin.

Tá téacs an Chomhaontaithe atá le síniú i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

1.Go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 59 den Chomhaontú agus faoi réir na bhfógraí dá bhforáiltear ann, ní chuirfear na codanna seo a leanas den Chomhaontú i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne, ach amháin a mhéid a chumhdaítear leo ábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, lena n‑áirítear ábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais maidir le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála a shainiú agus a chur chun feidhme:

–Teideal I

–Teideal II

–Teideal III

–Teideal IV: Airteagail 20, 21, 22, 23, 25, 26, 27, 28, 29

–Teideal V: Airteagail 30, 31, 32, 34, 35, 36, 37, 38, 39, 40, 41, 42, 43, 44, 45, 46, 47, 48, 49

–Teideal VI

–Teideal VII

–Teideal VIII

–Dearbhú comhpháirteach maidir le hAirteagal 5

–Dearbhú comhpháirteach maidir le hAirteagal 23

2.Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna gcuirfear an chuid den Chomhaontú i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh 

Airteagal 3

Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí i ndáil le síniú an Chomhaontaithe, faoi réir a thabhairt i gcrích, don duine nó do na daoine a ndéanfaidh an Coimisiún iad a shonrú.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán


An Bhruiséil,23.8.2022

COM(2022) 426 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chreat‑Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile


IARSCRÍBHINN

CREAT‑CHOMHAONTÚ
MAIDIR LE COMHPHÁIRTÍOCHT CHUIMSITHEACH AGUS COMHAR CUIMSITHEACH

IDIR AN tAONTAS EORPACH

AGUS A BHALLSTÁIT, DE PHÁIRT,

AGUS RÍOCHT NA TÉALAINNE, DEN PHÁIRT EILE

TÁ AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ‘an tAontas’ anseo feasta,

agus

RÍOCHT NA BEILGE,

POBLACHT NA BULGÁIRE,

POBLACHT NA SEICE,

RÍOCHT NA DANMHAIRGE,

POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,

POBLACHT NA hEASTÓINE,

ÉIRE,

AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,

RÍOCHT NA SPÁINNE,

POBLACHT NA FRAINCE,

POBLACHT NA CRÓITE,

POBLACHT NA hIODÁILE,


POBLACHT NA CIPIRE,

POBLACHT NA LAITVIA,

POBLACHT NA LIOTUÁINE,

ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,

AN UNGÁIR,

POBLACHT MHÁLTA,

RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,

POBLACHT NA hOSTAIRE,

POBLACHT NA POLAINNE,

POBLACHT NA PORTAINGÉILE,

AN RÓMÁIN,

POBLACHT NA SLÓIVÉINE,

POBLACHT NA SLÓVAICE,

POBLACHT NA FIONLAINNE,


RÍOCHT NA SUALAINNE,

Ballstáit an Aontais Eorpaigh, dá ngairtear ‘na Ballstáit’ anseo feasta,

   de pháirt,

agus

RÍOCHT NA TÉALAINNE, dá ngairtear ‘an Téalainn’ anseo feasta,

   den pháirt eile,

dá ngairtear ‘na Páirtithe’ go comhpháirteach anseo feasta,

I bhFIANAISE na nasc seanbhunaithe cairdis idir na Páirtithe agus na ndlúthnasc stairiúil, polaitiúil agus eacnamaíoch a thugann le chéile iad;

AG CUR tábhacht ar leith le cineál cuimsitheach a gcaidrimh fhrithpháirtigh;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH a dtiomantas do phrionsabail dhaonlathacha agus do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha mar a leagtar síos i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (UNGA) an 10 Nollaig 1948, agus in ionstraimí ábhartha idirnáisiúnta eile maidir le cearta an duine;


AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH a dtiomantas do phrionsabail an smachta reachta agus an dea‑rialachais, agus a méine dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn dá bpobail, agus ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus prionsabail na forbartha inbhuanaithe, mar aon le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, arna ghlacadh le Rún Uimh. 70/1 ó UNGA an 25 Meán Fómhair 2015, á gcur san áireamh;

AG AITHINT DÓIBH stádas na Téalainne mar thír i mbéal forbartha agus leibhéil forbartha na bPáirtithe faoi seach á gcur san áireamh;

AG AITHINT DÓIBH gur gá coincheapa agus cuspóirí maidir le neamhleathadh agus dí‑armáil araon a chur chun cinn trí ionstraimí ábhartha idirnáisiúnta agus réigiúnacha chun cur in aghaidh na contúirte a bhaineann le hairm ollscriosta (AOS). Agus Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) á ghlacadh de chomhthoil, cuirtear i dtábhacht go bhfuil an pobal idirnáisiúnta uile tiomanta don chomhrac in aghaidh leathadh arm den sórt sin. Ghlac Comhairle na hEorpa Straitéis i gcoinne Leathadh Arm Ollscriosta an 12 Nollaig 2003, agus ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh beartas de chuid an Aontais Eorpaigh an 17 Samhain 2003 maidir le beartais um neamhleathadh a phríomhshruthú isteach i gcaidreamh an Aontais le tríú tíortha. Mar bhallstát de Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), is sínitheoir bunaidh í an Téalainn leis an gConradh maidir le Limistéar na hÁise Thoir Theas Saor ó Airm Núicléacha, arna shíniú in Bangkok an 15 Nollaig 1995;


DE BHRÍ go n‑aithníonn na Páirtithe na naisc idir dí‑armáil, rialú arm, síocháin agus slándáil, agus forbairt, agus go dtugann siad dá n‑aire gur féidir go mbeidh mar thoradh ar chomhar níos dlúithe idir na Páirtithe chun cur chun feidhme na n‑ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha a chur chun cinn go mbeidh dul chun cinn ann i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe agus domhan níos sláine a bhaint amach;

DE BHRÍ go mbreathnaíonn na Páirtithe ar an sceimhlitheoireacht mar bhagairt don tslándáil dhomhanda agus gur mian leo a n‑idirphlé agus a gcomhar sa fhrithsceimhlitheoireacht a threisiú, i gcomhréir le rúin ábhartha ó CSNA go háirithe Rún 1373 (2001) ó CSNA, athdhearbhaíonn na Páirtithe gurb í an urraim do chearta an uile dhuine agus don smacht reachta is bunchloch do chomhrac na sceimhlitheoireachta;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH nár cheart na coireanna is tromchúisí ar údar imní don phobal idirnáisiúnta ina iomláine iad a bheith gan phionós agus nach mór a áirithiú go ndéanfar iad a ionchúiseamh go héifeachtach trí bhearta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus trí fheabhas a chur ar an gcomhar domhanda;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH an diongbháilteacht don chomhrac in aghaidh coireanna tromchúiseacha arb ábhair imní ar an leibhéal idirnáisiúnta iad;

AG AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá an Comhaontú Comhair idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Indinéis, an Mhalaeisia, na hOileáin Fhilipíneacha, Singeapór agus an Téalainn – Ballstáit ASEAN – a síníodh an 7 Márta 1980, agus a phrótacail aontachais ina dhiaidh sin;


AG AITHINT DÓIBH a thábhachtaí atá sé an caidreamh atá ann cheana idir na Páirtithe a neartú d’fhonn feabhas a chur ar an gcomhar eatarthu, agus a gcomhthoil chun a gcaidreamh i réimsí leasa choitinn a chomhdhlúthú, a dhoimhniú agus a éagsúlú ar bhonn urraime don cheannasacht, don chomhionannas, don neamh‑idirdhealú, don chomhshaol nádúrtha agus don leas coiteann;

AG AITHINT DÓIBH gurb é mian na Téalainne agus an Aontais Eorpaigh araon geilleagair ghlasa a bhaint amach atá tíosach ar acmhainní, cuimsitheach, nuálach agus a bhfuil glanastaíochtaí nialais acu, agus go bhféadann an malartú taithí ar chur chun feidhme a mbeartas intíre feabhas a chur ar a dtorthaí agus dlús a chur le réadú SDGanna na Náisiún Aontaithe;

AG CUR IN IÚL DÓIBH a ngealltanas iomlán do chur chun cinn gach gné den fhorbairt inbhuanaithe, lena n‑áirítear cosaint an chomhshaoil agus comhar éifeachtach chun an t‑athrú aeráide a chomhrac agus Creat‑Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), a glacadh in Rio de Janeiro an 9 Bealtaine 1992, agus Comhaontú Pháras, a glacadh i bPáras an 12 Nollaig 2015, a chur chun feidhme go héifeachtach chomh maith le caighdeáin saothair agus shóisialta a aithnítear go hidirnáisiúnta a chur chun cinn agus chun feidhme go héifeachtach;

AG ÁIRITHIÚ DÓIBH i ndáil leis sin nach bhfágtar aon duine ar lár;

AG CUR I dTÁBHACHT DÓIBH a thábhachtaí atá sé caidreamh agus comhar a dhoimhniú i réimsí amhail an imirce;

AG DEIMHNIÚ DÓIBH gur mian leo, i gcomhréir iomlán le gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chreata réigiúnacha, feabhas a chur ar an gcomhar idir an dá Pháirtí, bunaithe ar luachanna comhroinnte agus leas coiteann;


AG AITHINT DÓIBH an tábhacht a chuireann na Páirtithe ar na prionsabail agus na rialacha lena rialaítear an trádáil idirnáisiúnta mar atá go háirithe i gComhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (Comhaontú EDT), arna ndéanamh i Marrakech an 15 Aibreán 1994, agus an gá atá lena gcur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach neamh‑idirdhealaitheach;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH, i gcás ina gcinnfeadh na Páirtithe, faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, comhaontuithe sonracha a dhéanamh sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais a bhí le tabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach mbeadh forálacha na gcomhaontuithe sonracha sin amach anseo ina gceangal ar Éirinn mura gcuirfeadh an tAontas in iúl don Téalainn, i gcomhthráth le hÉirinn a mhéid a bhaineann lena caidreamh déthaobhach roimhe sin, go bhfuil Éire tar éis teacht chun bheith faoi cheangal ag na comhaontuithe sonracha sin a bheidh ann amach anseo mar chuid den Aontas i gcomhréir le Prótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na hÉireann i dtaca leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ar an gcaoi chéanna, aon bheart inmheánach ina dhiaidh sin de chuid an Aontais a bheadh le glacadh de bhun Theideal V thuasluaite chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme, ní bheadh sé ina cheangal ar Éirinn ach amháin má tá sé curtha in iúl aici gur mian léi a bheith rannpháirteach sna bearta sin nó glacadh leo i gcomhréir le Prótacal Uimh. 21. Ag tabhairt dá n‑aire freisin go dtiocfadh comhaontuithe sonracha den sórt sin amach anseo nó bearta inmheánacha an Aontais ina dhiaidh sin faoi Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis na Conarthaí sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:


TEIDEAL I

CINEÁL AGUS RAON FEIDHME

AIRTEAGAL 1

Prionsabail Ghinearálta

1.    Urraim do phrionsabail dhaonlathacha, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, mar a leagtar síos i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus in ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile um chearta an duine, mar aon le hurraim do phrionsabal an smachta reachta, tá sí mar bhonn taca faoi bheartais inmheánacha agus idirnáisiúnta na bPáirtithe agus ina gné fhíor‑riachtanach den Chomhaontú seo.

2.    Deimhníonn na Páirtithe a ngealltanas do chur chun cinn gach gné den fhorbairt inbhuanaithe, don chomhar chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide agus an domhandaithe, agus do bheith ag rannchuidiú le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.

3.    Athdhearbhaíonn na Páirtithe a ngealltanas do Dhearbhú Pháras maidir le hÉifeachtacht na Cabhrach, arna ghlacadh in 2005, agus comhaontaíonn siad a gcomhar a neartú d’fhonn breis feabhais a chur ar an bhfeidhmíocht forbartha.


4.    Athdhearbhaíonn na Páirtithe a dtiomantas do phrionsabail an dea‑rialachais agus don chomhrac in aghaidh an éillithe ar gach leibhéal, agus a n‑oibleagáidí idirnáisiúnta go háirithe á gcur san áireamh.

5.    Comhaontaíonn na Páirtithe go gcuirfear a riachtanais agus a n‑inniúlachtaí faoi seach san áireamh i ngníomhaíochtaí comhair faoin gComhaontú seo.

AIRTEAGAL 2

Aidhmeanna an Chomhair

I bhfianaise a gcomhpháirtíochta seanbhunaithe, tagann na Páirtithe ar chomhaontú maidir le caidreamh réamhbhreathnaitheach ina mbeidh dearcadh níos struchtúrtha agus níos straitéisí, luachanna comhroinnte agus saincheisteanna leasa choitinn, agus gabhann siad orthu féin idirphlé cuimsitheach a dhéanamh agus breis comhair eatarthu féin a chur chun cinn i ngach earnáil leasa choitinn. Beidh a n‑iarrachtaí dírithe ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)    comhar a chothú ar bhonn déthaobhach agus iltaobhach i ngach fóram agus eagraíocht ábhartha réigiúnach agus idirnáisiúnta a bhaineann le hábhair a chumhdaítear leis an gComhaontú seo;

(b)    comhar a bhunú chun cur in aghaidh leathadh AOS;

(c)    idirphlé a bhunú maidir le coireanna tromchúiseacha arb ábhair imní ar an leibhéal idirnáisiúnta iad;

(d)    comhar a bhunú chun an sceimhlitheoireacht agus coireanna trasnáisiúnta a chosc agus a chomhrac;


(e)    na dálaí a theastaíonn chun méadú agus forbairt trádála agus infheistíochta idir na Páirtithe a fháil agus a chur chun cinn ar bhealach a théann chun leasa an dá Pháirtí, agus urraim á áirithiú an tráth céanna do phrionsabail agus rialacha EDT ar bhealach a thacaíonn le cuspóir na forbartha inbhuanaithe agus a chuireann slabhraí soláthair inbhuanaithe agus cleachtais fhreagracha ghnó chun cinn;

(f)    comhar a bhunú i ngach réimse leasa choitinn a bhaineann le trádáil agus infheistíocht, chun cur chun feidhme phrionsabail agus rialacha EDT a chur chun cinn, chun sreabhadh inbhuanaithe trádála agus infheistíochta a éascú agus bacainní trádála agus infheistíochta a chosc agus a bhaint, ar bhealach atá comhsheasmhach le tionscnaimh réigiúnacha AE‑ASEAN agus leis an bhforbairt inbhuanaithe atáthar a dhéanamh go leanúnach agus a bheidh ann amach anseo agus ar bhealach a chomhlánaíonn na tionscnaimh agus an fhorbairt sin agus a rannchuidíonn leo;

(g)    comhar a bhunú i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, lena n‑áirítear an smacht reachta agus comhar breithiúnach agus dlíthiúil, cosaint sonraí pearsanta, an imirce, an comhrac in aghaidh sciúradh airgid, na coireachta eagraithe agus drugaí aindleathacha;

(h)    comhar a bhunú i ngach earnáil leasa choitinn eile, go háirithe beartas maicreacnamaíoch agus institiúidí airgeadais, pleanáil forbartha, dea‑rialachas i réimse an chánachais, an comhrac in aghaidh an éillithe, freagracht shóisialta chorparáideach, beartas tionsclaíoch agus micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBM), an tsochaí faisnéise, eolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht, geilleagar glas ciorclach ísealcharbóin, an bithgheilleagar, an t‑athrú aeráide, fuinneamh, iompar, taighde agus forbairt (T&F), oideachas agus oiliúint, cultúr, turasóireacht, cearta an duine, an comhionannas inscne, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, sláinte, staidreamh, sochaí eolasbhunaithe, sábháilteacht bia, saincheisteanna fíteashláintíochta agus tréidliachta, fostaíocht agus gnóthaí sóisialta;


(i)    feabhas a chur ar rannpháirtíocht na bPáirtithe i gcláir um chomhar foréigiúnach, réigiúnach agus tríthaobhach atá oscailte do rannpháirtíocht an Pháirtí eile;

(j)    róil agus próifílí na bPáirtithe i réigiúin a chéile a mhéadú ar bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear malartuithe cultúrtha, úsáid teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus oideachas;

(k)    an tuiscint idir daoine a chur chun cinn trí chomhar idir eintitis éagsúla neamh‑rialtasacha amhail meithleacha machnaimh, acadóirí, an tsochaí shibhialta agus na meáin, i bhfoirm seimineár, comhdhálacha, idirghníomhaíocht leis an óige, cleachtaí cibearspáis, oiliúintí, malartuithe agus gníomhaíochtaí eile.

AIRTEAGAL 3

Airm Ollscriosta

1.    Is é breith na gComhpháirtithe gurb é atá i leathadh arm ollscriosta (‘AOS’), agus na bealaí lena seachadadh, ar ghníomhaithe stáit agus neamhstáit araon, ceann de na bagairtí is tromchúisí ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil idirnáisiúnta. Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar agus cuidiú le cur in aghaidh leathadh AOS agus na mbealaí lena seachadadh trí na hoibleagáidí atá orthu cheana a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme go náisiúnta agus go hiomlán faoi chonarthaí agus comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le dí‑armáil agus neamhleathadh agus oibleagáidí ábhartha idirnáisiúnta eile faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe, lena n‑áirítear rúin ó CSNA. Comhaontaíonn na Páirtithe gur gné fhíor‑riachtanach den Chomhaontú seo í an fhoráil seo.


2.    Comhaontaíonn na Páirtithe, thairis sin, oibriú i gcomhar agus cuidiú le cur in aghaidh leathadh AOS agus na mbealaí lena seachadadh agus cur chun feidhme ionstraimí idirnáisiúnta maidir le dí‑armáil a chur chun cinn tríd an méid seo a leanas:

(a)    bearta a dhéanamh chun bheith ina bpáirtithe i ngach ionstraim idirnáisiúnta ábhartha eile agus iad a chur chun feidhme go hiomlán;

(b)    i gcomhréir lena n‑oibleagáidí idirnáisiúnta faoi seach, feabhas a chur ar éifeachtacht rialuithe náisiúnta onnmhairiúcháin, lena rialófar onnmhairiú agus trasghluaiseacht earraí a bhaineann le AOS, lena n‑áirítear rialú ar úsáid deiridh AOS maidir le teicneolaíochtaí dé‑úsáide de réir mar is iomchuí agus a mbeidh bealaí éifeachtacha acu le haghaidh forfheidhmiú dlíthiúil nó riaracháin, lena n‑áirítear pionóis éifeachtacha agus bearta coisctheacha le haghaidh sáruithe ar rialuithe onnmhairiúcháin, lena n‑áirítear go háirithe trí chomhar agus fothú acmhainneachta;

(c)    cur chun feidhme iomlán éifeachtach an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT), arna shíniú i Londain, Moscó agus Washington, D.C. an 1 Iúil 1968, mar bhunchloch an chórais dhomhanda i ndáil le neamhleathadh agus dí‑armáil núicléach, agus gné thábhachtach d’fhorbairt feidhmeanna fuinnimh núicléach chun críoch síochánta, an Choinbhinsiúin maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Thocsaine – an Coinbhinsiún maidir le Toirmeasc ar Fhorbairt, Táirgeadh agus Stoc‑Charnadh Arm Baictéareolaíoch (Bitheolaíoch) agus Tocsaine (BTWC), arna shíniú i Londain, Moscó agus Washington, D.C. an 10 Aibreán 1972, agus an Choinbhinsiúin maidir le hAirm Cheimiceacha (CWC), arna shíniú i bPáras agus Nua‑Eabhrac an 13 Eanáir 1993;


3.    Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé polaitiúil tráthrialta a bhunú a bheidh mar thionlacan agus mar chomhdhlúthú do na gnéithe sin. Féadfar an t‑idirphlé sin a dhéanamh ar bhonn réigiúnach.

AIRTEAGAL 4

Mionairm agus Armáin Éadroma agus Gnáth‑Airm Eile

1.    Aithníonn na Páirtithe maidir le monarú, aistriú agus scaipeadh aindleathach mionarm agus armán éadrom, lena n‑áirítear a n‑armlón, mar aon leis an iomarca díobh a charnadh, gan bainistiú ná slándáil leordhóthanach a bheith á déanamh ar na stoc‑chairn agus leathadh stoc‑charn gan rialú, nithe a bhfuil réimse leathan iarmhairtí daonnachtúla agus socheacnamaíocha acu, go leanann an méid sin de bheith ina bhagairt thromchúiseach don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta, agus don fhorbairt inbhuanaithe ar leibhéal an duine aonair agus ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta, réigiúnach agus idirnáisiúnta.

2.    Comhaontaíonn na Páirtithe na hoibleagáidí atá orthu faoi seach a urramú agus a chur chun feidhme go hiomlán chun déileáil leis an trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma, lena n‑áirítear a n‑armlón, faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta atá ann cheana agus faoi rúin ó CSNA, chomh maith lena ngealltanais faoi chuimsiú ionstraimí idirnáisiúnta eile is infheidhme sa réimse sin, amhail Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun gach gné den trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc, a chomhrac agus a dhíothú, arna ghlacadh ag UNGA an 20 Iúil 2001.


3.    Aithníonn na Páirtithe a thábhachtaí atá córais rialaithe intíre chun gnáth‑airm a aistriú i gcomhréir lena n‑oibleagáidí idirnáisiúnta agus le cuspóir agus críoch an Chonartha Trádála Arm (CTA), arna ghlacadh trí bhíthin Rún Uimh. 67/234B ó UNGA an 2 Aibreán 2013. Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le rialuithe den sórt sin a chur i bhfeidhm ar bhealach freagrach, mar rannchuidiú leis an tsíocháin, an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht idirnáisiúnta agus réigiúnach, agus chun fulaingt an chine dhaonna a laghdú, agus chun atreorú gnáth‑arm a chosc. Comhaontaíonn na Páirtithe an t‑idirphlé agus an comhar eatarthu i réimse an rialaithe onnmhairiúcháin a neartú.

4.    Comhaontaíonn na Páirtithe feabhas a chur ar an gcomhar eatarthu agus comhordú, comhlántacht agus sineirge a lorg ina n‑iarrachtaí maidir le trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma a chosc agus a dhíothú, maidir le haistrithe gnáth‑arm agus maidir le córais rialaithe náisiúnta allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin gnáth‑arm.

AIRTEAGAL 5

Coireanna Tromchúiseacha arb Ábhair Imní ar an Leibhéal Idirnáisiúnta Iad

Athdhearbhaíonn na Páirtithe nár cheart na coireanna is tromchúisí ar údar imní iad don phobal idirnáisiúnta ina iomláine a bheith gan phionós agus gur cheart a áirithiú go ndéanfar iad a ionchúiseamh trí bhearta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta nó idirnáisiúnta de réir mar is iomchuí agus tríd an gcomhar idirnáisiúnta a fheabhsú i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta.


AIRTEAGAL 6

An Comhar maidir le Sceimhlitheoireacht a Chosc agus a Chomhrac

1.    Athdhearbhaíonn na Páirtithe a thábhachtaí atá sé an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lánurraim á tabhairt don smacht reachta, do dhlíthe idirnáisiúnta, go háirithe Cairt na Náisiún Aontaithe, arna síniú in San Francisco an 26 Meitheamh 1945, agus do rúin ábhartha ó CSNA, don dlí um chearta an duine agus don dlí daonnúil idirnáisiúnta. Laistigh den chreat sin agus Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe atá i Rún Uimh. 60/288 ó UNGA an 8 Meán Fómhair 2006, mar a athbhreithníodh níos déanaí í, mar aon le Dearbhú Comhpháirteach AE‑ASEAN maidir le Comhar chun an Sceimhlitheoireacht a Chomhrac, arna ghlacadh an 28 Eanáir 2003, á gcur san áireamh, comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar chun gach cineál agus gach léiriú sceimhlitheoireachta a chosc agus a dhíchur.

2.    Déanfaidh na Páirtithe amhlaidh go háirithe:

(a)    faoi chuimsiú chur chun feidhme iomlán Rúin 1267 (1999), 1373 (2001), 1822 (2008), 2242 (2015), 2396 (2017) agus 2462 (2019) ó CSNA, agus rúin ábhartha eile ó na Náisiúin Aontaithe agus coinbhinsiúin agus ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile;

(b)    trí fhaisnéis a mhalartú maidir le grúpaí sceimhlitheoireachta, sceimhlitheoirí aonair agus a líonraí tacaíochta a mhalartú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus lena ndlíthe náisiúnta;



(c)    trí oibriú i gcomhar maidir leis na bealaí, lena n‑áirítear trealamh, agus na modhanna a úsáidtear chun cur in aghaidh na sceimhlitheoireachta, lena n‑áirítear i réimsí teicniúla agus san oiliúint theicniúil, agus trí thaithí a mhalartú i leith sceimhlitheoireacht a chosc agus sceimhlitheoirí a earcú;

(d)    trí oibriú i gcomhar chun an comhdhearcadh idirnáisiúnta a dhoimhniú maidir leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus in aghaidh mí‑úsáid teicneolaíochta faisnéise chun críoch sceimhlitheoireachta, agus trína bheith ag oibriú i dtreo comhaontú maidir leis an gCoinbhinsiún Cuimsitheach um Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta chun ionstraimí na Náisiún Aontaithe atá ann cheana agus ionstraimí frithsceimhlitheoireachta idirnáisiúnta eile is infheidhme a chomhlánú;

(e)    tríd an dea‑chleachtas a roinnt a mhéid a bhaineann le cearta an duine a chosaint sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta.



TEIDEAL II

AN COMHAR DÉTHAOBHACH, RÉIGIÚNACH AGUS IDIRNÁISIÚNTA

AIRTEAGAL 7

An Comhar in Eagraíochtaí Réigiúnacha agus Idirnáisiúnta

1.    Gabhann na Páirtithe orthu féin oibriú i gcomhar agus tuairimí a mhalartú i bhfóraim agus in eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, go háirithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe agus laistigh dá eagraíochtaí agus dá ghníomhaireachtaí speisialaithe, lena n‑áirítear an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS), Caidreamh Idirphlé ASEAN‑AE, go háirithe i gcomhthéacs Chomhpháirtíocht Straitéiseach ASEAN‑AE, Fóram Réigiúnach ASEAN (ARF) agus Cruinniú na hÁise‑na hEorpa (ASEM), ach gan bheith teoranta dóibh sin.

2.    Gabhann na Páirtithe orthu féin oibriú i gcomhar agus tuairimí a mhalartú maidir le hábhair eacnamaíocha agus ábhair ghaolmhara eile i bhfóraim agus in eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, lena n‑áirítear, inter alia, ASEM, Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCTAD) agus EDT agus an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI).


AIRTEAGAL 8

An Comhar Déthaobhach agus Réigiúnach

1.    I gcás gach réimse idirphlé agus comhair faoin gComhaontú seo, agus ábhair a bhaineann leis an gcomhar déthaobhach á gcur i dtábhacht go cuí an tráth céanna, comhaontóidh na Páirtithe na gníomhaíochtaí gaolmhara a dhéanamh ar an leibhéal déthaobhach nó réigiúnach nó trí mheascán den dá chreat. Agus an creat iomchuí á roghnú acu, féachfaidh na Páirtithe leis an tionchar ar na páirtithe leasmhara uile a uasmhéadú agus lena rannpháirtíocht a threisiú, agus an úsáid is fearr is féidir á baint as na hacmhainní atá ar fáil, ag cur san áireamh dóibh an indéantacht pholaitiúil agus institiúideach, agus comhleanúnachas le gníomhaíochtaí eile lena mbaineann Ballstáit an Aontais agus ASEAN a áirithiú.

2.    Féadfaidh na Páirtithe a chinneadh, de réir mar is iomchuí, síneadh a chur leis an tacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí comhair sna réimsí a chumhdaítear leis an gComhaontú seo nó i ndáil leis, i gcomhréir lena nósanna imeachta agus a n‑acmhainní airgeadais faoi seach. Féadfar a áireamh sa chomhar sin, go háirithe, eagrú scéimeanna oiliúna, ceardlann agus seimineár, malartuithe saineolaithe, staidéir agus gníomhaíochtaí eile a chomhaontóidh na Páirtithe.


TEIDEAL III

AN COMHAR MAIDIR LE SAINCHEISTEANNA TRÁDÁLA AGUS INFHEISTÍOCHTA

AIRTEAGAL 9

Prionsabail Ghinearálta

1.    Rachaidh na Páirtithe i mbun idirphlé maidir leis an trádáil dhéthaobhach agus iltaobhach agus maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an trádáil d’fhonn an caidreamh trádála déthaobhaí eatarthu a neartú agus córas trádála iltaobhaí a chur ar aghaidh ar bhealach a thacóidh le cuspóir na forbartha inbhuanaithe.

2.    Gabhann na Páirtithe orthu féin forbairt agus éagsúlú a malartuithe tráchtála frithpháirteacha a chur chun cinn a mhéid is mó is féidir agus chun a leasa choitinn, i gcomhréir le prionsabail agus rialacha EDT. Gabhann na Páirtithe orthu féin coinníollacha rochtana feabhsaithe ar an margadh a bhaint amach trí bhearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar thrédhearcacht, ag féachaint don obair a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta sa réimse sin.

3.    Coinneoidh na Páirtithe a chéile ar an eolas maidir le forbairt beartas trádála agus beartas a bhaineann leis an trádáil nó le saincheisteanna gaolmhara eile, amhail beartas talmhaíochta, sábháilteacht bia, bearta neamhtharaife, beartas tomhaltóirí agus beartas comhshaoil, lena n‑áirítear bainistiú dramhaíola.


4.    Spreagfaidh na Páirtithe idirphlé agus comhar chun a gcaidreamh trádála agus infheistíochta a fhorbairt, lena n‑áirítear an réiteach ar fhadhbanna tráchtála, i measc saincheisteanna eile, sna réimsí dá dtagraítear in Airteagail 10 go 19 den Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 10

Saincheisteanna Sláintíochta agus Fíteashláintíochta

1.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar maidir leis an tsábháilteacht bia agus maidir le saincheisteanna Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (SPS) chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint i gcríocha na bPáirtithe.

2.    Déanfaidh na Páirtithe plé agus malartú faisnéise maidir lena mbearta faoi seach mar a shainítear iad i gComhaontú EDT maidir le Bearta Sláintíochta agus Fíteashláintíochta a Chur i bhFeidhm, a tháinig i bhfeidhm le bunú EDT an 1 Eanáir 1995, lena n‑áirítear dá réir sin caighdeáin an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta Cosanta Plandaí, arna shíniú sa Róimh an 6 Nollaig 1951, na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe agus an Choimisiúin Codex Alimentarius.

3.    Comhaontaíonn na Páirtithe tabhairt faoi chomhar fothaithe acmhainneachta maidir le hábhair SPS. Bainfidh an fothú acmhainneachta sin go sonrach le riachtanais gach Páirtí agus déanfar é chun cúnamh a thabhairt don Pháirtí sin creat dlíthiúil an Pháirtí eile a chomhlíonadh.


4.    Cuirfidh na Páirtithe idirphlé tráthúil faoi shaincheisteanna SPS ar bun ar iarraidh ó cheachtar Páirtí chun ábhair a bhaineann le SPS agus le saincheisteanna práinneacha eile a bhaineann le SPS a bhreithniú.

5.    Déanfaidh na Páirtithe pointí teagmhála a ainmniú chun cumarsáid a dhéanamh ar ábhair arna gcumhdach faoin Airteagal seo.

6.    Tugann na Páirtithe ardleibhéal tábhachta don chomhar seo.

AIRTEAGAL 11

Córais Bhia Inbhuanaithe

1.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar chun an t‑aistriú domhanda i dtreo córais bhia inbhuanaithe a chur chun cinn.

2.    Cuirfidh na Páirtithe idirphlé, gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, agus dlúthchomhar chun cinn maidir le saincheisteanna leasa choitinn chun córais bhia inbhuanaithe a chur chun cinn i gcomhréir le SDGanna na Náisiún Aontaithe. Áirítear le saincheisteanna den sórt sin, inter alia:

(a)    laghdú ar an tionchar comhshaoil agus aeráide atá ag córais bhia;

(b)    córais talmhaíochta agus bhia inbhuanaithe feadh chéimeanna uile an bhiashlabhra, lena n‑áirítear agra‑éiceolaíocht, táirgeadh orgánach, laghdú ar úsáid agus riosca lotnaidicídí, leas ainmhithe agus frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach;


(c)    caillteanais bhia agus cur amú bia a laghdú ar fud an bhiashlabhra ar fad;

(d)    an comhrac in aghaidh calaois bhia.

3.    Déanfaidh na Páirtithe pointí teagmhála a ainmniú chun cumarsáid a dhéanamh ar ábhair arna gcumhdach faoin Airteagal seo.

4.    Tugann na Páirtithe ardleibhéal tábhachta don chomhar seo.

AIRTEAGAL 12

Bacainní Teicniúla ar an Trádáil

1.    Cuirfidh na Páirtithe úsáid caighdeán idirnáisiúnta agus scéimeanna idirnáisiúnta creidiúnaithe chun cinn agus malartóidh siad faisnéis maidir le caighdeáin, rialacháin theicniúla agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, lena n‑áirítear faoi chuimsiú Chomhaontú EDT maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil (TBT), a tháinig i bhfeidhm le bunú na hEagraíochta Domhanda Trádála an 1 Eanáir 1995.

2.    Neartóidh na Páirtithe a gcomhar i réimsí na gcaighdeán, na rialachán teicniúil agus na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, lena n‑áirítear fothú acmhainneachta teicniúla agus comhar d’fhonn bearta BTT a chomhlíonadh.


3.    Ainmneoidh na Páirtithe pointe teagmhála chun malartú faisnéise agus comhair a chomhordú i gcomhréir leis an Airteagal seo chomh maith le hiarrachtaí i gcomhar rialála idir na Páirtithe a éascú.

AIRTEAGAL 13

An Comhar Custaim agus Éascú Trádála

1.    Roinnfidh na Páirtithe taithí agus déanfaidh siad scrúdú ar fhéidearthachtaí chun nósanna imeachta maidir le hallmhairiú, onnmhairiú agus nósanna imeachta custaim eile a shimpliú, lena n‑áirítear trédhearcacht na rialachán trádála a mhéadú agus comhar custaim a fhorbairt, lena n‑áirítear sásraí éifeachtacha maidir le cúnamh riaracháin frithpháirteach. Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar d’fhonn cur chun feidhme Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le hÉascú Trádála a éascú, ar comhaontú é a tháinig i bhfeidhm an 22 Feabhra 2017. Tabharfaidh na Páirtithe aird ar leith ar ghné na slándála den trádáil idirnáisiúnta a mhéadú, lena n‑áirítear seirbhísí iompair, agus cur chuige cothrom a áirithiú idir éascú trádála, rialuithe éifeachtúla agus an comhrac in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí a bhaineann le custam.

2.    Gan dochar d’fhoirmeacha eile comhair dá bhforáiltear faoin gComhaontú seo, cuireann na Páirtithe a spéis in iúl maidir leis an bhféidearthacht, sa todhchaí, prótacal maidir le comhar custaim a chur i gcrích, lena n‑áirítear cúnamh frithpháirteach, laistigh den chreat institiúideach a leagtar síos sa Chomhaontú seo.


AIRTEAGAL 14

Frithdhumpáil

1.    Athdhearbhaíonn na Páirtithe a gcearta agus a n‑oibleagáidí faoi Airteagal VI de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) agus Comhaontú EDT maidir le Cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994, go háirithe Airteagal 15 de.

2.    Tugann na Páirtithe ardleibhéal tábhachta don chomhar i réimse na frithdhumpála.

AIRTEAGAL 15

Infheistíocht

Spreagfaidh na Páirtithe sreabh méadaithe infheistíochta trí thimpeallacht tharraingteach agus fhabhrach a fhorbairt le haghaidh infheistíocht chómhalartach trí bhíthin idirphlé comhsheasmhach a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar an tuiscint agus ar an gcomhar maidir le saincheisteanna infheistíochta, sásraí riaracháin a fhiosrú chun sreabha infheistíochta a éascú, agus trédhearcacht, oscailteacht agus neamh‑idirdhealaitheacht d’infheisteoirí i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin faoi seach a chur chun cinn.


AIRTEAGAL 16

Beartas Iomaíochta

1.    Cuirfidh na Páirtithe chun cinn bunú agus cur i bhfeidhm éifeachtach rialacha iomaíochais agus scaipeadh faisnéise chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a chothú d’fhiontair a oibríonn i margaí a chéile, i gcomhréir lena ndlíthe, rialacháin agus rialacha inmheánacha faoi seach.

2.    Féachann an dá Pháirtí le hoibriú i gcomhar i réimsí a aontaítear go frithpháirteach chun feabhas a chur ar an gcomhthuiscint ar dhlíthe agus ar bheartais iomaíochta a chéile.

AIRTEAGAL 17

Seirbhísí

Cuirfidh na Páirtithe idirphlé comhsheasmhach ar bun a bheidh dírithe, go háirithe, ar fhaisnéis a mhalartú faoina dtimpeallachtaí rialála féin, rochtain ar mhargaí a chéile a chur chun cinn, rochtain ar fhoinsí caipitil agus teicneolaíochta a chur chun cinn, agus trádáil i seirbhísí idir an dá réigiún agus i margaí tríú tíortha a chur chun cinn.


AIRTEAGAL 18

Cearta Maoine Intleachtúla

1.    Malartóidh na Páirtithe faisnéis agus taithí maidir le saincheisteanna amhail cleachtas, cur chun cinn, scaipeadh, sruthlíniú, bainistiú, cosaint agus cur i bhfeidhm éifeachtach na gceart maoine intleachtúla (CMI), mí‑úsáidí na gceart sin a chosc agus an comhrac in aghaidh góchumtha agus píoráideachta, eadhon trí bhíthin comhar custaim agus cineálacha iomchuí eile comhair agus trí neartú cosanta na gceart sin mar a d’aontaigh an dá Pháirtí go frithpháirteach. I gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin faoi seach agus i gcomhréir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a bhfuil na Páirtithe ina bpáirtí iontu, oibreoidh na Páirtithe i gcomhar go háirithe maidir le CMI a fhorfheidhmiú agus maidir le paitinní, tásca geografach, trádmharcanna, cóipchearta agus dearadh tionsclaíoch a chosaint chomh maith le héagsúlachtaí plandaí a chosaint.

2.    Soláthróidh na Páirtithe cúnamh teicniúil dá chéile i réimse CMI, agus cabhróidh siad lena chéile chun cosaint, forfheidhmiú, úsáid agus tráchtálú maoine intleachtúla a fheabhsú bunaithe ar an taithí Eorpach, agus scaipeadh faisnéise maidir leis sin a bhreisiú.

3.    Aithníonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le Dearbhú Doha maidir leis an gComhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) agus an tSláinte Phoiblí, arna ghlacadh in Doha an 14 Samhain 2001, agus athdhearbhaíonn siad a ngealltanas ina leith. Urramóidh agus rannchuideoidh na Páirtithe le cur i bhfeidhm an Chinnidh ó Chomhairle Ginearálta EDT an 30 Lúnasa 2003 maidir le mír 6 de Dhearbhú Doha maidir le Comhaontú TRIPS agus an tSláinte Phoiblí, chomh maith leis an bPrótacal lena leasaítear Comhaontú TRIPS, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 6 Nollaig 2005.


AIRTEAGAL 19

An Trádáil Dhigiteach

1.    Malartóidh na Páirtithe faisnéis maidir le hábhair rialála i gcomhthéacs na trádála digití i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin ábhartha faoi seach, lena rachfar i ngleic leis an méid seo a leanas:

(a)    seirbhísí iontaoibhe agus fíordheimhnithe leictreonacha idir‑inoibritheacha a aithint agus a éascú;

(b)    láimhseáil cumarsáide maidir le margaíocht dhíreach;

(c)    cosaint tomhaltóirí;

(d)    ábhair eile ábhartha maidir le trádáil dhigiteach a fhorbairt.

2.    Agus na Páirtithe ag aithint cineál domhanda na trádála digití, dearbhóidh siad an tábhacht a bhaineann le bheith rannpháirteach go gníomhach i bhfóraim iltaobhacha chun forbairt na trádála digití a chur chun cinn.


TEIDEAL IV

AN COMHAR I RÉIMSE NA SAOIRSE, NA SLÁNDÁLA AGUS AN CHEARTAIS

AIRTEAGAL 20

An Smacht Reachta

1.    Mar chuid den chomhar faoin Teideal seo, leagfaidh na Páirtithe tábhacht ar leith ar chur chun cinn an smachta reachta agus ar rochtain chothrom ar an gceartas a áirithiú le haghaidh gach duine. Chun a leasa choitinn, oibreoidh na Páirtithe i gcomhar go hiomlán maidir le feidhmiú éifeachtach na n‑institiúidí i réimsí fhorfheidhmiú an dlí agus riar an cheartais.

2.    Cuimseofar leis an gcomhar idir na Páirtithe freisin malartú frithpháirteach faisnéise maidir le córais dlí agus maidir le reachtaíocht.

AIRTEAGAL 21

An Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan agus na gCailíní

1.    Admhaíonn na Páirtithe riachtanas an chomhionannais inscne agus an riachtanas chun gach bean agus cailín a chumhachtú mar sprioc aisti féin chomh maith le tiománaí don daonlathas, don fhorbairt inbhuanaithe chuimsitheach, don tsíocháin agus don tslándáil.


2.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar chun comhionannas inscne, cearta an duine do mhná agus do chailíní agus a gcumhachtú a chur chun cinn, chomh maith le príomhshruthú ghnéithe na hinscne a áirithiú i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

3.    Malartóidh na Páirtithe dea‑chleachtais agus fiosróidh siad scéimeanna breise comhair agus sineirgí féideartha idir beartais agus cláir inscne na bPáirtithe faoi seach, i gcomhréir le caighdeáin agus gealltanais idirnáisiúnta infheidhme maidir leis na Páirtithe, amhail an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW), arna ghlacadh ag UNGA an 18 Nollaig 1979, Dearbhú Bhéising agus Clár Oibre na Gníomhaíochta, arna ghlacadh ag an gceathrú Comhdháil Dhomhanda maidir le Mná sa Bhéising an 15 Meán Fómhair 1995, Clár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt agus toradh a chomhdhálacha athbhreithnithe, Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Rún 1325 ó CSNA (2000), agus a rúin ina dhiaidh sin maidir le mná, síocháin agus slándáil.

AIRTEAGAL 22

Sonraí Pearsanta agus Príobháideachas a Chosaint

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar chun ardleibhéal cosanta maidir le sonraí pearsanta agus príobháideachas a bhaint amach agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, i gcomhréir lena n‑oibleagáidí faoi dhlí idirnáisiúnta chearta an duine agus ionstraimí dlí eile sa réimse seo, dá bhrí sin beidh siad ag obair i dtreo sreabhadh sonraí pearsanta idir na Páirtithe mar phríomhghné chun malartuithe tráchtála agus an comhar a fhorbairt a thuilleadh maidir le forfheidhmiú an dlí i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin ábhartha na bPáirtithe faoi seach.


2.    Áirítear leis an gcomhar maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais, inter alia, cúnamh teicniúil agus dlíthiúil i bhfoirm malartaithe faisnéise agus dea-chleachtas, oiliúint agus saineolas, chomh maith leis an gcomhar maidir le forfheidhmiú a chur chun cinn ag údaráis mhaoirseachta na bPáirtithe faoi seach, lena n‑áirítear i bhfóraim iltaobhacha.

AIRTEAGAL 23

An Comhar Breithiúnach agus Dlíthiúil

1.    Cuirfidh na Páirtithe feabhas ar an gcomhar atá ann cheana féin maidir le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus eiseachadadh bunaithe ar chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha atá ceangailteach orthu. Neartóidh na Páirtithe, de réir mar is iomchuí, na sásraí atá ann cheana agus breithneoidh siad forbairt ar shásraí nua chun an comhar idirnáisiúnta sa réimse seo a éascú, eadhon trí rannpháirtíocht níos dlúithe le líonraí comhair dlíthiúil idirnáisiúnta ábhartha eile.

2.    Féachfaidh na Páirtithe leis an gcomhar breithiúnach a fhorbairt in ábhair shibhialta agus thráchtála, go háirithe, a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme a n‑oibleagáidí faoi choinbhinsiúin iltaobhacha maidir le comhar breithiúnach sibhialta, lena n‑áirítear Coinbhinsiúin Chomhdháil na Háige maidir leis an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach.

3.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar chun tarchur slán agus éifeachtúil na ndoiciméad breithiúnach ábhartha agus glacadh fianaise agus éisteacht trí fhíschomhdháil a chur chun cinn, de réir mar is iomchuí, chomh maith le cosaint sonraí pearsanta, chun críche comhar breithiúnach idirnáisiúnta.


AIRTEAGAL 24

Cosaint Chonsalach

Comhaontaíonn na Páirtithe malartuithe tráthrialta a reáchtáil d’fhonn soláthar cosanta consalaí a éascú a thuilleadh agus chun iarrachtaí a chomhordú maidir le cúnamh consalach, go háirithe le linn géarchéime.

AIRTEAGAL 25

An Comhar maidir leis an Imirce

1.    Athdhearbhaíonn na Páirtithe an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht chuimsitheach maidir le gach saincheist a bhaineann leis an imirce, lena n‑áirítear imirce dhleathach i gcomhréir le hinniúlachtaí an Aontais agus inniúlachtaí náisiúnta, bainistiú sreabh imirce maidir leis an imirce neamhdhleathach, cúiseanna bunúsacha leis an imirce neamhdhleathach, cosaint idirnáisiúnta agus an imirce neamhdhleathach, smuigleáil daoine agus gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac.

2.    Cuirfear comhar idir na Páirtithe chun feidhme, ar bhunús is inghlactha go frithpháirteach agus ar bhealach iomlánaíoch, i gcomhréir lena n‑oibleagáidí idirnáisiúnta faoi seach chomh maith lena reachtaíocht intíre faoi seach atá i bhfeidhm. Díreofar leis an gcomhar, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(a)    aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhdhleathaí;


(b)    rialacha agus cleachtais a fhorbairt atá dírithe ar chosaint idirnáisiúnta a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus urraim do phrionsabail an non‑refoulement, na daonnachta agus na dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta agus an chomhair agus comhroinnte an ualaigh agus na freagrachta á háirithiú san am céanna;

(c)    rialacha maidir le ligean isteach, chomh maith le cearta agus stádas na ndaoine a ligtear isteach de réir na rialacha sin, cóir chothrom do dhaoine nach náisiúnaigh iad a chónaíonn in áit go dleathach, oideachas agus oiliúint, bearta in aghaidh ciníochais agus seineafóibe;

(d)    beartas éifeachtach agus coisctheach a bhunú in aghaidh na himirce neamhdhleathaí, smuigleála imirceach agus gáinneála ar dhaoine, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (UNTOC), arna ghlacadh le Rún Uimh. 55/25 ó UNGA an 15 Samhain 2000 agus a Phrótacail a tháinig i bhfeidhm le haghaidh na bPáirtithe, lena n‑áirítear bealaí chun dul i ngleic le líonraí smuigléirí, líonraí coiriúla atá páirteach i ngáinneáil ar dhaoine a shuaitheadh agus íospartaigh gáinneála den sórt sin a chosaint;

(e)    daoine a chónaíonn gan údarú a chur ar ais, go deonach más féidir, faoi dhálaí daonnachtúla díniteacha, lena n‑áirítear filleadh deonach agus inbhuanaithe na ndaoine sin a chur chun cinn, agus daoine mar sin a athligean isteach i gcomhréir le mír 3;

(f)    saincheisteanna a shainaithnítear mar shaincheisteanna leasa choitinn i réimse na víosaí agus shlándáil na ndoiciméad taistil;


(g)    saincheisteanna a shainaithnítear mar shaincheisteanna leasa choitinn i réimse an bhainistithe teorainneacha.

3.    Faoi chuimsiú an chomhair chun imirce neamhdhleathach a chosc agus a rialú agus gan dochar don ghá le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine a chosaint, comhaontaíonn na Páirtithe an méid seo a leanas freisin:

(a)    Aon duine dá náisiúnaigh nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha atá i bhfeidhm maidir le hiontráil, nó le bheith i láthair, nó le bheith ag cónaí ar chríoch Bhallstáit, déanfaidh an Téalainn é nó í a athligean isteach arna iarraidh sin don Bhallstát sin gan tuilleadh foirmiúlachtaí agus gan moill mhíchuí;

(b)    Aon duine dá náisiúnaigh nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha atá i bhfeidhm maidir le hiontráil, nó le bheith i láthair, nó le bheith ag cónaí ar chríoch na Téalainne, déanfaidh gach Ballstát é nó í a athligean isteach arna iarraidh sin don Téalainn gan tuilleadh foirmiúlachtaí agus gan moill mhíchuí;

(c)    Eiseoidh na Ballstáit agus an Téalainn doiciméid taistil chun na gcríoch sin. I gcás nach gcuirtear aon doiciméad ná aon chruthúnas eile ar náisiúntacht i láthair, déanfaidh ionadaithe inniúla taidhleoireachta agus consalacha an Bhallstáit lena mbaineann nó na Téalainne, arna iarraidh sin don Téalainn nó don Bhallstát lena mbaineann, comhar iomlán a sholáthar chun cruthúnas na náisiúntachta sin a shuí gan mhoill.


4.    Mar chuid de na comhairliúcháin maidir le saincheisteanna imirce, comhaontaíonn na Páirtithe tús a chur le hidirphlé maidir le hathligean isteach, arna iarradh sin do cheachtar Páirtí, má cheadaíonn na coinníollacha, agus mar thoradh air sin d'fhéadfadh sé go dtabharfaí i gcrích comhaontú maidir le hathligean isteach, lena n‑áirítear doiciméad taistil an Aontais Eorpaigh 1 a úsáid. D’fhéadfadh na Páirtithe freisin breith a dhéanamh ar thús a chur le hidirphlé maidir le gluaisteacht daoine a éascú, lena bhféadfaí, arna iarradh sin do cheachtar Páirtí, má cheadaíonn na coinníollacha, comhaontú maidir le héascú víosaí le haghaidh saoránaigh na mBallstát agus na Téalainne a thabhairt i gcrích.

AIRTEAGAL 26

An Comhar Daonnúil

Féachann na Páirtithe le hoibriú i gcomhar maidir le gach saincheist a bhaineann le comhar agus cúnamh daonnúil, lena n‑áirítear daoine easáitithe agus tacaíocht fothaithe acmhainneachta le haghaidh oifigeach atá ag déileáil le daoine easáitithe ina réigiúin faoi seach. Cuirfear comhar idir na Páirtithe chun feidhme ar bhonn cás ar chás atá inghlactha go frithpháirteach, i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta faoi seach is infheidhme do na Páirtithe agus prionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neamhchlaontachta, an neamhspleáchais agus na neodrachta. Is gá go leanfaidh iarrachtaí den sórt sin tuairim agus tuiscint chuimsitheach ar na bunchúiseanna atá le heasáitiú agus an cuardach le haghaidh réiteach inbhuanaithe a chur san áireamh. Tá na Páirtithe tiomanta do neartú an naisc idir an chabhair dhaonnúil agus an fhorbairt.


AIRTEAGAL 27

An Comhrac in aghaidh na Coireachta Eagraithe agus an Éillithe

Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar chun an choireacht eagraithe thrasnáisiúnta, an choireacht eacnamaíoch agus airgeadais, an choireacht thromchúiseach 2 agus an t‑éilliú, agus mí‑úsáid ghnéasach leanaí a chomhrac. Is é is aidhm go háirithe don chomhar sin caighdeáin idirnáisiúnta agus ionstraimí dlíthiúla ábhartha a bhfuil na Páirtithe ina bpáirtí iontu a chur chun feidhme agus a chur chun cinn, amhail UNTOC agus a Phrótacail fhorlíontacha agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe, arna ghlacadh ag Rún Uimh. 58/4 ó UNGA an 31 Deireadh Fómhair 2003.

AIRTEAGAL 28

An Comhar maidir le Sciúradh Airgid agus
Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chosc agus a Chomhrac

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe go bhfuil gá le bheith ag oibriú i dtreo mí‑úsáid a gcóras airgeadais chun críocha sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac go héifeachtach agus oibriú i gcomhar maidir leis an méid sin i gcomhréir lena ndlíthe agus rialacháin faoi seach.


2.    Comhaontaíonn na Páirtithe dlíthe, rialacha agus rialacháin a fhorbairt chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme, i gcomhréir leis na caighdeáin arna bhforbairt ag comhlachtaí idirnáisiúnta atá gníomhach sa réimse sin, amhail an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF). Beidh sé mar aidhm leis an gcomhar faoi mhír 1 freisin malartuithe faisnéise ábhartha a chur chun cinn i gcomhréir le dlíthe náisiúnta.

AIRTEAGAL 29

An Comhar i réimse an Bheartais maidir le Drugaí

1.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar, i gcomhréir lena ndlíthe agus rialacháin faoi seach, chun cur chuige cuimsitheach, bunaithe ar fhianaise, cothromaithe agus comhtháite a áirithiú trí chomhar agus comhordú éifeachtach idir na húdaráis inniúla, lena n‑áirítear iad sin in earnálacha sláinte, ceartais agus inmheánaigh agus earnálacha ábhartha eile, arb é is aidhm dó soláthar agus gáinneáil drugaí aindleathacha, agus an t‑éileamh orthu, agus an tionchar a bhíonn acu ar úsáideoirí drugaí agus ar an tsochaí i gcoitinne a laghdú, agus chun beartas um chosc drugaí níos éifeachtaí a bhaint amach agus chun cosc a chur ar atreorú réamhtheachtaithe, lena n‑áirítear ‘réamhtheachtaithe deartha’, a úsáidtear chun drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha agus substaintí sícighníomhacha nua a mhonarú go haindleathach.

2.    Tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le modhanna comhair chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Bunófar gníomhaíochtaí ar phrionsabail chomhaontaithe a leagtar amach i gcoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le rialú drugaí agus i ngach gealltanas um rialú drugaí idirnáisiúnta na bPáirtithe faoi seach.


3.    Beidh an comhar idir na Páirtithe comhdhéanta, inter alia, de chúnamh teicniúil agus riaracháin, oiliúint phearsanra, taighde a bhaineann le drugaí, comhroinnt faisnéise agus eispéiris maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise i réimsí an rialaithe drugaí, chomh maith le cuir chuige nuálacha le beartas drugaí, comhar breithiúnach agus forfheidhmiú an dlí, agus cosc a chur ar atreorú réamhtheachtaithe, lena n‑áirítear ‘réamhtheachtaithe deartha’, a úsáidtear chun drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha agus substaintí sícighníomhacha nua a mhonarú go haindleathach. Féadfaidh na Páirtithe comhaontú chun réimsí eile a áireamh, amhail malartú dea-chleachtas nó malartú faisnéise maidir le handúil i ndrugaí a chosc, a chóireáil, a athshlánú, a dochar a laghdú agus faireachán a dhéanamh uirthi, cógas in ionad drugaí, chomh maith le bearta breise chun feabhas a chur ar an gcomhar i rialú réamhtheachtaithe drugaí, san eolaíocht fhóiréinseach, in imscrúdú airgeadais a bhaineann le drugaí agus i bhforbairt mhalartach.

TEIDEAL V

AN COMHAR IN EARNÁLACHA EILE

AIRTEAGAL 30

Cearta an Duine

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, bunaithe ar phrionsabal na comhthola agus na comhurraime. Cothóidh na Páirtithe idirphlé tráthrialta fóinteach leathan maidir le cearta an duine.


2.    Féadfar na nithe seo a leanas, inter alia, a áireamh leis an gcomhar sin:

(a)    fothú acmhainneachta maidir le hionstraimí idirnáisiúnta chearta an duine a chur chun feidhme atá infheidhme maidir leis na Páirtithe agus cur chun feidhme na bpleananna gníomhaíochta a bhaineann le cearta an duine a neartú;

(b)    idirphlé agus malartuithe teagmhálaithe agus faisnéise maidir le cearta an duine a chur chun cinn;

(c)    comhar inchiallaithe a neartú idir na Páirtithe laistigh de chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe um chearta an duine.

3.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar maidir le prionsabail dhaonlathacha, an smacht reachta agus dea‑rialachas a neartú. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh leis an gcomhar sin:

(a)    an comhar a láidriú idir institiúidí náisiúnta agus réigiúnacha um chearta an duine, an smacht reachta agus an dea‑rialachas;

(b)    comhoibriú agus comhordú chun prionsabail dhaonlathacha, cearta an duine agus smacht reachta a atreisiú, lena n‑áirítear comhionannas roimh an dlí, rochtain daoine ar chúnamh dlíthiúil éifeachtach agus an ceart chun trialach córa, próis chuí agus rochtain ar cheartas, i gcomhréir lena n‑oibleagáidí faoi dhlí idirnáisiúnta chearta an duine.


AIRTEAGAL 31

An Comhar idir na hEarnálacha Airgeadais

Comhaontaíonn na Páirtithe an comhar idir institiúidí airgeadais a chothú, de réir a gcuid riachtanais agus faoi chuimsiú a gcuid cláir agus reachtaíochta faoi seach.

AIRTEAGAL 32

Idirphlé maidir leis an mBeartas Maicreacnamaíoch

Comhaontaíonn na Páirtithe an t‑idirphlé idir a gcuid údaráis a neartú agus dul i gcomhar maidir leis an taithí ar bheartais mhaicreacnamaíocha a roinnt, go háirithe i réimsí a bhaineann leis an gcomhtháthú eacnamaíoch.


AIRTEAGAL 33

Dea-rialachas i Réimse an Chánachais

D’fhonn gníomhaíochtaí eacnamaíocha a neartú agus a fhorbairt agus an gá atá le creat rialála iomchuí a fhorbairt á chur san áireamh, aithníonn na Páirtithe agus tugann siad gealltanas go gcuirfear chun feidhme prionsabail an dea‑rialachais i réimse an chánachais, lena n‑áirítear na caighdeáin dhomhanda maidir le trédhearcacht cánach agus malartú faisnéise, cánachas cothrom, agus na caighdeáin íosta in aghaidh Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS). Cuirfidh na Páirtithe chun cinn dea‑rialachas i gcúrsaí cánach, cuirfidh siad feabhas ar an gcomhar idirnáisiúnta i réimse an chánachais, forbróidh siad bearta chun na prionsabail réamhluaite a chur chun feidhme go héifeachtach agus éascóidh siad bailiú ioncam cánach ar mhaithe le himghabháil cánach agus le seachaint cánach a chosc.

AIRTEAGAL 34

An Comhar maidir le Beartas Tionsclaíoch agus MFBManna

Comhaontaíonn na Páirtithe, ag cur a mbeartais agus a gcuspóirí eacnamaíocha faoi seach san áireamh, an comhar maidir le beartas tionsclaíoch a chur chun cinn a thacaíonn le gníomhaíochtaí táirgiúla cuimsitheacha, inbhuanaithe atá dírithe ar an bhforbairt, ar dhea‑chruthú post, ar fhiontraíocht, ar an gcruthaitheacht agus ar an nuálaíocht chomh maith le hathléimneacht an tslabhra soláthair agus rochtain ar mhaoiniú i ngach réimse a mheastar atá oiriúnach, d’fhonn foirmliú agus rochtain ar na margaí idirnáisiúnta a fheabhsú, ar iomaíochas agus fás micreafhiontar, fiontar beag agus meánmhéide (MFBM), inter alia, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)    faisnéis agus taithí a mhalartú chun creatdálaí a chruthú chun iomaíochas MFBManna a fheabhsú;


(b)    teagmhálacha idir oibreoirí eacnamaíocha a chur chun cinn, infheistíochtaí comhpháirteacha a spreagadh agus comhfhiontair agus líonraí faisnéise a bhunú, eadhon trí bhíthin chláir chothrománacha an Aontais atá ann cheana, agus go háirithe aistrithe teicneolaíochta boige agus crua idir comhpháirtithe a spreagadh;

(c)    faisnéis a sholáthar agus an nuálaíocht a spreagadh agus dea‑chleachtais a mhalartú maidir le rochtain ar mhaoiniú agus ar an margadh;

(d)    tacú le fothú acmhainneachta do MFBManna chun é a chur ar a gcumas dóibh comhtháthú níos éasca a dhéanamh isteach sa gheilleagar agus sna slabhraí soláthair domhanda;

(e)    na gníomhaíochtaí arna mbunú ag MFBManna na bPáirtithe a éascú agus tacú leo;

(f)    freagracht agus cuntasacht shóisialta chorparáideach a chur chun cinn agus cleachtais fhreagracha ghnó a spreagadh, lena n‑áirítear tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe.

AIRTEAGAL 35

An Comhar Gnó a Éascú

Éascóidh na Páirtithe na gníomhaíochtaí ábhartha comhair arna mbunú ag a gcuid earnálacha príobháideacha agus tacóidh siad leo.


AIRTEAGAL 36

An Comhar maidir le Teicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide

1.    Ag aithint dóibh gur príomhghnéithe den saol nua‑aimseartha iad teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus go bhfuil siad ríthábhachtach don fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta, comhaontaíonn na Páirtithe tuairimí a mhalartú maidir lena mbeartais faoi seach sa réimse sin chun forbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn.

2.    Díreofar leis an gcomhar sa réimse seo, inter alia, ar an méid seo a leanas:

(a)    rannpháirtíocht san idirphlé réigiúnach éagsúil maidir leis na gnéithe éagsúla den tsochaí faisnéise, go háirithe beartais agus rialacháin maidir leis an gcumarsáid leictreonach lena n‑áirítear seirbhís uilíoch, údaruithe ceadúnúcháin agus ginearálta, cosaint sonraí pearsanta, agus neamhspleáchas agus éifeachtúlacht an údaráis rialála;

(b)    idirnascadh agus idir‑inoibritheacht líonraí agus seirbhísí taighde na bPáirtithe agus na hÁise Thoir Theas;

(c)    TFC nua a chaighdeánú agus a scaipeadh;

(d)    an comhar taighde idir na Páirtithe sa réimse TFC a chur chun cinn;


(e)    tionscadail taighde chomhpháirteacha sa réimse TFC, go háirithe trí chláir réime taighde an Aontais. Dhéanfaí na réimsí seo a leanas go háirithe a áireamh sa chomhar idir na Páirtithe: ríomhsheirbhísí rialtais, feidhmchláir mhóibíleacha, beochan agus na hilmheáin;

(f)    na saincheisteanna agus/nó gnéithe slándála de TFC, lena n‑áirítear sábháilteacht ar líne a chur chun cinn, cibearchoireacht a chomhrac, bréagaisnéis agus mí‑úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus gach cineál meán leictreonach;

3.    Faoi réir dhlíthe agus rialacháin faoi seach na bPáirtithe, spreagfar comhar gnó le gnó.

4.    Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar maidir leis an gcibearshlándáil trí fhaisnéis a mhalartú faoi straitéisí, beartais agus dea‑chleachtais i gcomhréir lena reachtaíocht agus lena n‑oibleagáidí idirnáisiúnta.

5.    Cuirfidh na Páirtithe chun cinn malartú faisnéise maidir leis an gcibearshlándáil i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, na dtionscnamh ardaithe feasachta, úsáid a gcaighdeáin faoi seach agus sonraíochtaí teicniúla chun críche bainistithe riosca cibearshlándála agus cibearshlándáil táirgí agus seirbhísí TFC, lena n‑áirítear deimhniú cibearshlándála, chomh maith le beartais taighde agus forbartha gaolmhara.


AIRTEAGAL 37

An Comhar san Eolaíocht, sa Teicneolaíocht agus sa Nuálaíocht

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe dul i gcomhar i ngach réimse den eolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht i réimsí leasa choitinn, agus a mbeartais faoi seach á gcur san áireamh acu. Neartófar leis an gcomhar sin an tacaíocht a thugtar do thionscnaimh taighde agus nuálaíochta iltaobhacha agus réigiúnacha chun réitigh nua a chur ar fáil maidir le dúshláin ghlasa, dhigiteacha, sláinte, shóisialta agus nuálaíochta. Beidh gá le gníomhaíochtaí comhpháirteacha go háirithe chun géarchéimeanna sláinte domhanda a chosc sa todhchaí, go háirithe maidir le galair thógálacha a thagann chun cinn, agus le gealltanas comhpháirteach chun domhan níos sláintiúla, níos sábháilte, níos cothroime agus níos inbhuanaithe a thógáil. D’fhéadfaí a chumhdach le réimsí comhair, inter alia, réitigh a fháil ar dhúshláin dhomhanda amhail an t‑athrú aeráide, an ghéarchéim bhithéagsúlachta, truailliú, ídiú acmhainní, nó galair thógálacha, lena n‑áirítear i gcásanna éigeandála, agus réitigh lena gcumasaítear na haistrithe glasa agus digiteacha. Ba cheart ceannaireacht dhomhanda ar uaillmhianta aeráide agus comhshaoil a léiriú i dtionscnaimh.

2.    Beidh sé d’aidhm ag an gcomhar sin:

(a)    leanúnachas na gclár eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta a chur chun cinn, agus tacaíocht a thabhairt don fhorbairt eacnamaíoch, do shochaí eolasbhunaithe, don cháilíocht saoil agus don chomhshaol inbhuanaithe;

(b)    malairtí faisnéise agus fios gnó maidir leis an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an nuálaíocht a spreagadh, go háirithe maidir le beartais agus cláir a chur chun feidhme;


(c)    caidreamh buan a chur chun cinn idir pobail eolaíochta, lárionaid taighde, ollscoileanna agus tionscail na bPáirtithe;

(d)    forbairt acmhainní daonna a chur chun cinn;

(e)    taighde comhpháirteach maidir leis an gcomhar eolaíoch agus teicneolaíoch a chur chun cinn agus rochtain chothrom ar na torthaí taighde, comhpháirtíocht iontu, agus úinéireacht chomhpháirteach na dtorthaí taighde a chur chun cinn i gcomhréir le rialacha CMI, chomh maith le luachanna comhroinnte agus prionsabail chomhroinnte agus creatdálaí comhaontaithe.

3.    Beidh an comhar i bhfoirm tionscadal agus malairtí taighde chomhpháirtigh, cruinnithe agus oiliúint ar eolaithe trí scéimeanna soghluaisteachta idirnáisiúnta, agus déanfar foráil maidir leis an scaipeadh is forleithne ar thorthaí taighde. Aon mhaoin intleachtúil a bheidh mar thoradh ar thaighde agus ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha, déanfar í a chomhroinnt ar théarmaí a chomhaontófar go comhpháirteach.

4.    Mar chuid den chomhar sin, beidh na Páirtithe i bhfabhar rannpháirtíocht a ngníomhaireachtaí rialtais faoi seach, institiúidí ardoideachais, lárionaid taighde agus earnálacha táirgiúla, go háirithe FBManna.

5.    Comhaontaíonn na Páirtithe gach iarracht a dhéanamh an fheasacht phoiblí a mhéadú faoi na féidearthachtaí a thairgtear lena gcláir um chomhar san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus sa nuálaíocht.


AIRTEAGAL 38

An tAthrú Aeráide

1.    Measann na Páirtithe gur bagairt eiseach don chine daonna é an t‑athrú aeráide agus athdhearbhaíonn siad a ngealltanas an fhreagairt dhomhanda don bhagairt sin a neartú. Athdhearbhaíonn na Páirtithe a ngealltanas chun cuspóirí agus spriocanna UNFCCC agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Dá réir sin, cuirfidh gach Páirtí UNFCCC agus Comhaontú Pháras chun feidhme go héifeachtach.

2.    Tá sé mar aidhm ag na Páirtithe an fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide agus ar thionchar an athraithe aeráide a neartú. Feabhsóidh na Páirtithe an comhar freisin maidir le beartais a chuideoidh chun an t‑athrú aeráide a mhaolú agus chun dul in oiriúint do dhrochthionchar an athraithe aeráide, lena n‑áirítear an t‑ardú ar leibhéal na farraige, agus a ngeilleagair a shocrú, lena n‑áirítear sreafaí airgeadais, i dtreo astaíochtaí ceaptha teasa ísle agus forbairt atá athléimneach don aeráid, i gcomhréir le Comhaontú Pháras.

3.    Beidh sé d’aidhm ag an gcomhar sin:

(a)    an acmhainn agus an cumas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide a fheabhsú, bunaithe ar riachtanais náisiúnta agus iad ag freagairt dóibh;

(b)    fothú acmhainneachta a fheabhsú i gcur chun feidhme rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta agus plean oiriúnaithe náisiúnta agus bearta maolaithe eile i réimsí leasa choitinn chun tacú le fás ísealcharbóin agus le fás inbhuanaithe;


(c)    comhar agus idirphlé a chur chun cinn maidir le maoiniú na haeráide agus maidir le sásraí airgeadais a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, lena n‑áirítear rannpháirtíocht na hearnála príobháidí;

(d)    dul in oiriúint do dhrochthionchar an athraithe aeráide, lena n‑áirítear comhtháthú na mbeart oiriúnaithe i straitéisí forbartha agus sa phleanáil a dhéanfaidh na Páirtithe ar gach leibhéal;

(e)    comhar a chur chun cinn maidir le gníomhaíochtaí taighde agus forbartha agus teicneolaíochtaí maolaithe agus oiriúnaithe;

(f)    ardú feasachta a chur chun cinn, lena n‑áirítear do na daonraí is leochailí agus iad sin atá ina gcónaí i limistéir leochaileacha, rannpháirtíocht phoiblí a éascú mar fhreagairt ar an athrú aeráide, agus anailís ar impleachtaí inscne an athraithe aeráide a chomhtháthú maidir leis sin;

(g)    comhar agus idirphlé a chur chun cinn maidir le hionstraimí eacnamaíocha a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide amhail praghsáil charbóin, agus nithe eile de réir mar is iomchuí;

(h)    forbairt straitéisí a chur chun cinn chun rioscaí tubaiste a laghdú agus a bhainistiú lena n‑áirítear do limistéir agus do phobail leochaileacha.


AIRTEAGAL 39

Fuinneamh

1.    Féachann na Páirtithe leis an gcomhar a fheabhsú in earnáil an fhuinnimh d’fhonn:

(a)    rochtain uilíoch a áirithiú ar sheirbhísí fuinnimh inacmhainne, iontaofa agus inbhuanaithe agus méadú substaintiúil a chur ar an sciar d’fhuinneamh inathnuaite sa teaglaim fuinnimh domhanda;

(b)    cineálacha nua, inbhuanaithe, nuálacha agus inathnuaite fuinnimh a fhorbairt, lena n‑áirítear bithbhreoslaí agus bithmhais, fuinneamh gaoithe agus gréine agus geoiteirmeach chomh maith le giniúint hidreachumhachta, agus an tábhacht atá le soláthairtí fuinnimh a éagsúlú chun an tslándáil fuinnimh a neartú;

(c)    tacú le forbairt beartas a fhágfaidh go mbeidh an fuinneamh inathnuaite níos iomaíche;

(d)    úsáid réasúnach fuinnimh a bhaint amach agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú ó thaobh an tsoláthair agus an éilimh araon tríd éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn i dtáirgeadh, iompar, dáileadh agus úsáid deiridh fuinnimh;

(e)    an comhar a chothú i dteicneolaíocht fuinnimh ghlain, lena n‑áirítear trí chomhar taighde, go háirithe maidir le fuinneamh inathnuaite, stóráil fuinnimh agus dícharbónú na húsáide a bhaintear as breoslaí iontaise;

(f)    giniúint cumhachta ísealcharbóin a chur chun cinn a rannchuidíonn le haistriú chuig fuinneamh glan i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras;


(g)    fothú acmhainneachta a fheabhsú agus infheistíocht i mbonneagair fuinnimh agus i dteicneolaíocht fuinnimh ghlain a chur chun cinn agus prionsabal na trédhearcachta á chur san áireamh;

(h)    iomaíocht agus timpeallacht fhabhrach infheistíochta sa mhargadh fuinnimh a chur chun cinn.

2.    Chuige sin, comhaontaíonn na Páirtithe teagmhálacha agus taighde comhpháirteach a chur chun cinn chun tairbhe an dá thaobh, lena n‑áirítear trí chomhar fuinnimh réigiúnaigh. Le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras mar na creataí uileghabhálacha a threoraíonn an chomhpháirtíocht, tugann na Páirtithe dá n‑aire an gá aghaidh a thabhairt ar na naisc idir rochtain inacmhainne ar sheirbhísí fuinnimh ghlain agus an fhorbairt inbhuanaithe. Is féidir na gníomhaíochtaí sin a chur chun cinn, inter alia, i gcomhar le Tionscnamh Fuinnimh an Aontais Eorpaigh.

AIRTEAGAL 40

Iompar

1.    Féachann na Páirtithe le dul i gcomhar i réimsí ábhartha an bheartais iompair d’fhonn iompar inbhuanaithe a chur chun cinn chomh maith le bonneagar atá ar ardchaighdeán, iontaofa, inbhuanaithe agus athléimneach, lena n‑áirítear bonneagar réigiúnach agus trasteorann, i gcomhréir le caighdeáin agus prionsabail idirnáisiúnta ábhartha atá infheidhme maidir leis an dá Pháirtí, feabhas a chur ar ghluaiseacht earraí agus paisinéirí, tacú le forbairt eacnamaíoch agus folláine an duine, le béim ar rochtain inacmhainne agus chothrom do chách, sábháilteacht agus slándáil mhuirí agus eitlíochta a chur chun cinn, cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn, agus éifeachtúlacht a gcóras iompair a fheabhsú.


2.    Is é is aidhm don chomhar idir na Páirtithe sa réimse seo:

(a)    malartú faisnéise maidir lena mbeartais iompair agus a gcleachtais iompair faoi seach a chur chun cinn, go háirithe maidir le córais iompair uirbigh agus phoiblí atá sábháilte, inacmhainne, inrochtana agus inbhuanaithe do chách, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais na ndaoine sin atá i staideanna leochaileacha (lena n‑áirítear mná, leanaí, daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta), iompar ar talamh, iompar muirí, aeriompar, lóistíocht iompair agus idirnascadh agus idir‑inoibritheacht na líonraí iompair ilmhódach;

(b)    úsáid shibhialtach na gcóras domhanda um loingseoireacht satailíte le béim ar shaincheisteanna rialála, tionsclaíochta agus forbartha margaidh a chur chun cinn chun tairbhe an dá thaobh; i ndáil leis sin, tabharfar aird ar úsáid chóras domhanda na hEorpa um loingseoireacht satailíte chun na tairbhí a uasmhéadú don dá Pháirtí;

(c)    idirphlé atá dírithe ar fheabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta, ar líonraí bonneagair aeriompair agus ar oibríochtaí chun daoine agus earraí a ghluaiseacht go tapa, go héifeachtúil, go hinbhuanaithe, go sábháilte agus go slán, agus ar scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann chun caidreamh a fhorbairt a thuilleadh i réimse an aeriompair. Ba cheart an comhar eitlíochta sibhialta a chur chun cinn a thuilleadh.


(d)    idirphlé i réimse na seirbhísí muiriompair i réimsí leasa choitinn ag díriú go háirithe ar na nithe seo a leanas: éascú agus comhoibriú maidir leis na constaicí uile a dhíchur, constaicí a d’fhéadfadh cur as d’fhorbairt na trádála muirí agus feabhas a chur ar na coinníollacha faoina ndéantar oibríochtaí muiriompair lastais idir calafoirt na bPáirtithe; rochtain neamhshrianta ar thrádáil idirnáisiúnta agus ar thrádáil trasteorann a sholáthar ar bhonn tráchtála; feabhas a chur ar iomaíochas earnáil mhuiriompair na bPáirtithe; agus cóireáil neamh‑idirdhealaitheach a dheonú do shoithí a bhfuil bratach Bhallstáit nó bratach na Téalainne ar foluain acu, faoi seach, nó soithí a bhíonn á n‑oibriú ag náisiúnaigh nó cuideachtaí an Pháirtí eile i gcomparáid leis an gcóireáil a thugtar dá shoithí féin maidir le rochtain ar chalafoirt, ar sheirbhísí cúnta agus ar sheirbhísí calafoirt, lena n‑áirítear ról an mhuiriompair maidir le slabhra iompair éifeachtach a fhorbairt;

(e)    caighdeáin slándála, sábháilteachta agus coiscthe agus laghdú ar thruailliú muirí a chur chun feidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le muiriompar, i gcomhréir leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis na Páirtithe, lena n‑áirítear comhar i bhfóraim idirnáisiúnta iomchuí dírithe ar fhorfheidhmiú níos fearr na rialachán idirnáisiúnta a áirithiú.


AIRTEAGAL 41

Turasóireacht

1.    Agus iad faoi threoir na dtreoirlínte idirnáisiúnta ábhartha don turasóireacht inbhuanaithe, beidh sé d’aidhm ag na Páirtithe malartú faisnéise a fheabhsú agus dea‑chleachtais a bhunú chun forbairt chothromúil turasóireachta inbhuanaithe a áirithiú lena gcruthaítear poist agus lena gcuirtear cultúr agus táirgí áitiúla chun cinn, agus forbairt uirlisí a chur chun cinn chun faireachán a dhéanamh ar thionchair forbartha inbhuanaithe ar thurasóireacht inbhuanaithe.

2.    Comhaontaíonn na Páirtithe an comhar a fhorbairt maidir le hacmhainneacht na hoidhreachta nádúrtha agus cultúrtha a chosaint agus a uasmhéadú, trí iarmhairtí diúltacha na turasóireachta a mhaolú, go háirithe dúshaothrú daoine, go háirithe leanaí, in aon fhoirm ar bith, trí fhiadhúlra, flóra, bithéagsúlacht agus éiceachórais a urramú agus rannchuidiú dearfach an ghnó turasóireachta le forbairt inbhuanaithe na bpobal áitiúil a fheabhsú, inter alia, trí thurasóireacht inbhuanaithe a fhorbairt, agus sláine agus leasanna na bpobal áitiúil agus na bpobal traidisiúnta á n‑urramú, agus feabhas a chur ar an oiliúint i dtionscal na turasóireachta.

AIRTEAGAL 42

Oideachas agus Cultúr

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe oideachas agus comhar cultúrtha a chur chun cinn lena n‑urramófar a n‑éagsúlacht go cuí, chun tuiscint fhrithpháirteach agus eolas ar a gcuid cultúr agus teangacha féin a mhéadú.


2.    Féachann na Páirtithe le bearta iomchuí a dhéanamh chun rannchuidiú an oideachais agus an chultúir le hoiliúint forbartha inbhuanaithe agus le malartuithe cultúrtha a chur chun cinn agus chun tionscnaimh chomhpháirtíochta a dhéanamh sna réimsí sin, lena n‑áirítear eagrú comhpháirteach imeachtaí cultúir. Maidir leis sin, comhaontaíonn na Páirtithe freisin leanúint de thacú le gníomhaíochtaí Fhondúireacht na hÁise agus na hEorpa.

3.    Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i ndlúthchomhar i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha, amhail Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO), chun caomhnú na hoidhreachta cultúrtha inláimhsithe agus doláimhsithe a fheabhsú, go háirithe i gcomhthéacs an Choinbhinsiúin maidir leis an Oidhreacht Dhomhanda, Chultúrtha agus Nádúrtha a Chosaint, arna ghlacadh ag Comhdháil Ghinearálta UNESCO an 16 Samhain 1972 agus ag an gCoinbhinsiún maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe, arna ghlacadh ag Comhdháil Ghinearálta UNESCO an 17 Deireadh Fómhair 2003, agus suntasacht a thabhairt do chur chun cinn na héagsúlachta cultúrtha chun na healaíona agus an geilleagar cruthaitheach eolasbhunaithe a fhorbairt.

4.    Thairis sin, spreagfaidh na Páirtithe bearta arna gceapadh chun naisc a chruthú idir a sainghníomhaireachtaí faoi seach agus chun malartuithe faisnéise, saineolas, mic léinn, foireann acadúil, saineolaithe a spreagadh agus naisc idir meithleacha machnaimh a chur chun cinn a thuilleadh. Mar chuid den chomhar eatarthu agus in úsáid acmhainní teicniúla, bainfear leas as na saoráidí a chuireann cláir an Aontais ar fáil in Oirdheisceart na hÁise i réimse an oideachais agus an chultúir chomh maith leis an taithí atá faighte ag na Páirtithe sa réimse sin. Comhaontaíonn na Páirtithe comhar ardoideachais a neartú agus cur chun feidhme an chláir Erasmus+ a chur chun cinn freisin, chomh maith le dea‑chleachtais a mhalartú i réimse na mbeartas óige agus na hoibre óige.


AIRTEAGAL 43

An Comhshaol agus Acmhainní Nádúrtha

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe go bhfuil gá le hoibriú i gcomhar maidir le cosaint an chomhshaoil agus chuig geilleagair chiorclacha, íseal‑charbóin, athléimneacha, atá tíosach ar acmhainní, lena n‑áirítear bithgheilleagar, fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó dhíghrádú comhshaoil, agus acmhainní nádúrtha a chaomhnú agus a bhainistiú, ar bhealach inbhuanaithe, agus an éagsúlacht bhitheolaíoch a chothú mar bhonn le forbairt na nglún atá ann faoi láthair agus na nglún a bheidh ann amach anseo.

2.    Comhaontaíonn na Páirtithe, leis an gcomhar maidir le hacmhainní nádúrtha agus comhshaoil, go gcuirfear úsáid éifeachtúil acmhainní, caomhnú agus feabhsú an chomhshaoil chun cinn d’fhonn forbairt inbhuanaithe a bhaint amach. Agus na Páirtithe ag dul i gcomhar, oibreoidh siad i dtreo Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus i dtreo chur chun feidhme éifeachtach comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil ábhartha, lena n‑áirítear Comhaontú Pháras.

3.    Féachann na Páirtithe le leanúint leis an gcomhar eatarthu maidir le cosaint an chomhshaoil a neartú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)    feasacht ar an gcomhshaol agus dea‑rialachas comhshaoil lena n‑áirítear rannpháirtíocht fheabhsaithe agus bhríoch na bpobal áitiúil uile a chur chun cinn i gcosaint an chomhshaoil agus in iarrachtaí maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe;


(b)    an t‑aistriú go geilleagar ciorclach chun tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe a áirithiú, éifeachtúlacht acmhainní a uasmhéadú, agus giniúint dramhaíola a íoslaghdú, go háirithe dramhaíl phlaisteach, chun truailliú a chruthaíonn plaistigh san fharraige agus micreaphlaistigh a chosc;

(c)    comhtháthú luachanna éiceachórais agus bithéagsúlachta i bpleanáil náisiúnta agus áitiúil, i straitéisí laghdaithe bochtaineachta agus i gcuntais, agus cur chun feidhme comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil ábhartha a chur chun cinn, lena n‑áirítear maidir leis an mbithéagsúlacht agus le trádáil idirnáisiúnta fiadhúlra;

(d)    cosaint, caomhnú agus athchóiriú ithreacha agus talún agus bainistíocht inbhuanaithe talún chun domhan atá neodrach ó thaobh an díghrádaithe talún a bhaint amach;

(e)    comhar i dtreo bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus feabhas a chur ar rialachas foraoisí, lena n‑áirítear rannchuidiú le comhar réigiúnach chun lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar, an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise a chomhrac, lena n‑áirítear trí shlabhraí soláthair gan dífhoraoisiú i dtráchtearraí talmhaíochta a chur chun cinn mar aon le caomhnú, foraoisiú, athfhoraoisiú, athchóiriú agus feabhsú linnte carbóin foraoise a chur chun cinn. Féadfar a áireamh leis sin tabhairt i gcrích Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí;

(f)    bainistiú éifeachtach na bpáirceanna náisiúnta agus ainmniú agus cosaint limistéar ina bhfuil bithéagsúlacht shaibhir agus éiceachórais leochaileacha, agus aird chuí á tabhairt ar phobail áitiúla atá ina gcónaí sna limistéir sin nó gar do na limistéir agus speicis faoi bhagairt agus i mbaol;


(g)    acmhainní cósta agus muirí a chosaint agus a bhainistiú go hinbhuanaithe, lena n‑áirítear limistéir mhuirí faoi chosaint agus an comhshaol;

(h)    cosc a chur ar ghluaiseacht neamhdhleathach trasteorann ceimiceán, dramhaíola soladaí agus dramhaíola leictreonaí agus smionagair mhuirí, substaintí ídithe ózóin, agus speicis atá faoi bhagairt agus i mbaol; truailliú aeir, uisce, ithreach agus torann a chosc;

(i)    bainistiú ceimiceán agus dramhaíola atá cuimsitheach, athléimneach agus atá fónta ó thaobh an chomhshaoil a áirithiú;

(j)    an comhar maidir le bainistiú inbhuanaithe ar uisce agus ar shláintíocht a chur chun cinn chun infhaighteacht, cáilíocht agus éifeachtúlacht uisce a áirithiú;

(k)    éiceanuálaíocht agus teicneolaíochtaí glana a chur chun cinn, chun teicneolaíochtaí comhshaoil, táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe a chur chun cinn agus a chur in úsáid, lena n‑áirítear trí dhreasachtaí fioscacha agus airgeadais iomchuí;

(l)    úsáid chórais um fhaire na cruinne maidir le saincheisteanna comhshaoil a chur chun cinn, chomh maith le fothú acmhainneachta agus taithí ghaolmhar a roinnt.


AIRTEAGAL 44

Rialachas na nAigéan

1.    Neartóidh na Páirtithe idirphlé agus comhar maidir le saincheisteanna rialachais na n‑aigéan d’fhonn caomhnú fadtéarmach agus bainistiú inbhuanaithe beo‑acmhainní muirí agus éiceachóras muirí a chur chun cinn.

2.    Cuirfidh na Páirtithe feabhas ar an gcomhar maidir le caomhnú, bainistiú agus saothrú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha na mara mar a shainmhínítear i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982 (UNCLOS), arna ghlacadh leis an Tríú Comhdháil maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982, agus sa Chód Iompair maidir le hIascaigh Fhreagracha de chuid na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta, arna ghlacadh le Rún Comhdhála Uimh. 4/95 ón Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta an 31 Deireadh Fómhair 1995. Geallann na Páirtithe go rachaidh siad i gcomhar chun cur chun feidhme chuspóirí Chomhaontú na Náisiún Aontaithe le haghaidh Forálacha UNCLOS a Chur Chun Feidhme a bhaineann le Caomhnú agus Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir le Bearta Idirnáisiúnta Caomhnaithe agus Bainistíochta ag Soithí Iascaireachta ar an Mórmhuir a chur chun cinn.

3.    Thairis sin, comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)    cur chun feidhme Chomhaontú na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Bearta Stát an Chalafoirt chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN). a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú;


(b)    oibriú i gcomhar leis na hEagraíochtaí Réigiúnacha Bainistithe Iascaigh (ERBInna) agus laistigh díobh nó na Socruithe a bhfuil siad ina gcomhaltaí, ina mbreathnóirí nó ina bpáirtithe neamh‑chonarthacha comhoibríocha díobh, agus é mar aidhm acu caomhnú agus bainistiú inbhuanaithe beo‑acmhainní muirí agus a n‑éiceachóras a chur chun cinn;

(c)    an comhrac in aghaidh iascaireacht NNN agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascach le bearta cuimsitheacha, éifeachtacha agus trédhearcacha, lena n‑áirítear trí thaithí a roinnt, fothú acmhainneachta a chur chun cinn agus faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta NNN a mhalartú, i gcás inarb iomchuí, agus rúndacht sonraí agus dlíthe intíre á gcur san áireamh;

(d)    na prionsabail bhunúsacha agus na cearta bunúsacha san obair san earnáil iascaireachta agus in earnáil an bhia mara a chur chun cinn agus cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair Iascaireachta Uimh. 188 arna dhéanamh sa Ghinéiv an 30 Bealtaine 2007;

(e)    dobharshaothrú muirí atá inbhuanaithe agus freagrach a fhorbairt, lena n‑áirítear cur chun feidhme chuspóirí agus phrionsabail an Chóid Iompair d'Iascaigh Fhreagracha de chuid FAO;

(f)    na brúnna ar na haigéin, inter alia, a laghdú tríd an gcomhrac in aghaidh bruscar muirí agus truailliú muirí, lena n‑áirítear ó fhoinsí ar talamh agus ó fhoinsí ó longa chomh maith le gníomhaíochtaí daonna muirí faoi oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme maidir leis na Páirtithe, agus trí bhearta oiriúnaithe agus maoluithe chun athléimneacht na n‑aigéan agus na bpobal cósta a fheabhsú i leith an athraithe aeráide.


AIRTEAGAL 45

An Talmhaíocht, Beostoc, an tIascach agus Forbairt Tuaithe

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé i ndáil leis an talmhaíocht, beostoc, an t‑iascach agus forbairt tuaithe a chur chun cinn. Malartóidh na Páirtithe faisnéis agus forbróidh siad comhar maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)    beartas talmhaíochta agus an dearcadh idirnáisiúnta talmhaíochta go ginearálta;

(b)    trádáil talmhaíochta, lena n‑áirítear trádáil plandaí, ainmhithe, ainmhithe uisceacha agus a dtáirgí a chur chun cinn agus a éascú;

(c)    beartas forbartha i limistéir thuaithe, lena n‑áirítear acmhainní agus ionchuir táirgiúla eile, eolas, seirbhísí airgeadais, margaí agus deiseanna le haghaidh breisiú luacha agus fostaíocht neamhfheirme;

(d)    beartas maidir le plandaí, ainmhithe, táirgí ainmhithe uisceacha lena n‑áirítear scéimeanna cáilíochta talmhaíochta amhail tásca geografacha agus táirgeadh orgánach, chomh maith le comhar maidir le Dea‑Chleachtais Talmhaíochta;

(e)    córais creidiúnúcháin agus deimhniúcháin talmhaíochta orgánaí agus táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe a chur chun cinn.


2.    Comhaontaíonn na Páirtithe an comhar teicneolaíochta, fothú acmhainneachta nó aon fhoirm eile comhair a chuireann méadú ar tháirgeacht, táirgeacht sábháilte agus inbhuanaithe agus cleachtais athléimneacha sa talmhaíocht, i mbeostoc, in iascach agus i limistéir forbartha tuaithe a chur chun cinn, agus a chuireann feabhas ar ullmhacht, cosc, brath, freagairt agus rialú plandaí, ainmhithe, agus galar zónóiseach i gcomhréir leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin agus le caighdeáin idirnáisiúnta.

3.    Comhaontaíonn na Páirtithe na hearnálacha poiblí agus príobháideacha a spreagadh chun faisnéis ghnó a phlé agus a mhalartú, lena n‑áirítear imeachtaí meaitseála gnó agus imeachtaí chur chun cinn na trádála do tháirgí talmhaíochta.

AIRTEAGAL 46

An tSláinte

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar agus taithí agus dea‑chleachtais a chomhroinnt san earnáil sláinte d’fhonn gníomhaíochtaí i réimsí an taighde a neartú, aghaidh a thabhairt ar an mbagairt ó mhórghalair neamhtheagmhálacha agus ó mhórghalair theagmhálacha, lena n‑áirítear paindéim COVID‑19, agus chun clúdach sláinte uilíoch, chomh maith le seirbhísí sláinte, lena n‑áirítear seirbhísí cúram sláinte ghnéis agus atáirgthe a neartú. Comhaontaíonn na Páirtithe freisin tuairimí agus dea‑chleachtais a mhalartú maidir le saincheisteanna rialála atá ábhartha do chógaisíocht agus d’fheistí leighis.


2.    Déanfar an comhar go príomha trí fhóraim idirnáisiúnta, lena n‑áirítear an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus tionscnaimh iltaobhacha, i réimsí amhail:

(a)    taighde comhpháirteach agus clár sláinte ingearach mór a fhorbairt; taighde comhpháirteach trí thionscnaimh iltaobhacha amhail an Comhaontas Domhanda le haghaidh Galair Ainsealacha agus an Comhar Taighde Domhanda um Ullmhacht do Ghalair Thógálacha;

(b)    fothú acmhainneachta agus forbairt acmhainní daonna;

(c)    comhaontuithe idirnáisiúnta san earnáil sláinte.

AIRTEAGAL 47

Fostaíocht agus Gnóthaí Sóisialta

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe an comhar a fheabhsú agus cúnamh teicniúil a chur chun cinn i réimse na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta, lena n‑áirítear an comhar maidir le comhtháthú réigiúnach agus sóisialta, sláinte agus sábháilteacht ag an áit oibre, comhionannas inscne agus pá comhionann as obair ar comhionann a luach, foghlaim ar feadh an tsaoil agus forbairt scileanna, cosaint shóisialta agus obair chuibhiúil, d’fhonn gné shóisialta an domhandaithe a neartú.


2.    Athdhearbhaíonn na Páirtithe gur gá tacú le próiseas an domhandaithe a théann chun tairbhe do chách agus fostaíocht iomlán tháirgiúil agus obair chuibhiúil a chur chun cinn mar phríomhghné den fhorbairt inbhuanaithe agus de laghdú na bochtaineachta, mar a formhuiníodh leis an gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, le Dearbhú EIS maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 10 Meitheamh 2008, agus le Dearbhú Céad Bliain EIS maidir le Todhchaí na hOibre, arna ghlacadh sa Ghinéiv an 21 Meitheamh 2019. Cuirfidh na Páirtithe saintréithe agus cineál éagsúil a staideanna eacnamaíocha agus sóisialta ar leith san áireamh.

3.    Athdhearbhaíonn na Páirtithe a ngealltanais faoi seach maidir le caighdeáin sóisialta agus saothair a aithnítear go hidirnáisiúnta a chur chun cinn agus a chur chun feidhme go héifeachtach, agus na prionsabail bhunúsacha agus na cearta bunúsacha ag an obair a urramú, a chur chun cinn agus a réadú mar a leagtar síos i nDearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair, a ghlacadh sa Ghinéiv an 18 Meitheamh 1998 agus a leasaíodh an 10 Meitheamh 2022. Comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar agus cúnamh teicniúil a sholáthar d’fhonn oibriú i dtreo Choinbhinsiúin bhunúsacha EIS a dhaingniú agus a chur chun feidhme chomh maith le hoibriú i gcomhar chun daingniú agus cur chun feidhme Choinbhinsiúin EIS eile atá cothrom le dáta a chur chun cinn de réir mar is iomchuí, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le foréigean agus ciapadh i saol na hoibre.

4.    Comhaontaíonn na Páirtithe an comhar a chur chun cinn idir an rialtas agus comhpháirtithe sóisialta i réimsí na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta chomh maith le malartuithe faisnéise maidir le fostaíocht, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, cigireachtaí saothair agus idirphlé sóisialta ar chosaint shóisialta agus saothair.


5.    D’fhéadfaí a áireamh leis an gcomhar faoin Airteagal seo, inter alia, cláir agus tionscadail shonracha, mar a chomhaontaítear go frithpháirteach, chomh maith le hidirphlé, comhar agus tionscnaimh ar ábhair leasa choitinn ar an leibhéal déthaobhach nó iltaobhach, amhail ASEM, AE‑ASEAN agus EIS.

AIRTEAGAL 48

Staidreamh

I gcomhréir leis na gníomhaíochtaí comhar staidrimh atá ann faoi láthair idir an tAontas agus ASEAN, comhaontaíonn na Páirtithe oibriú i gcomhar chun modhanna agus cleachtas comhchuibhithe staidrimh a chur chun cinn, lena n‑áirítear staitisticí a bhailiú, a phróiseáil, a anailísiú agus a scaipeadh chun sonraí comhiomlánaithe de cháilíocht ard, tráthúil, ábhartha agus níos mionsonraithe atá ar fáil a mhéadú, ionas gur féidir leo, ar bhonn atá inghlactha go frithpháirteach, chun staidreamh maidir le trádáil earraí agus seirbhísí agus, ar bhonn níos ginearálta, maidir le haon réimse eile a chumhdaítear leis an gComhaontú atá oiriúnach le húsáid i bpróiseáil staidrimh a úsáid. Cuireann na Páirtithe i dtábhacht an tábhacht a bhaineann le sonraí agus staitisticí chun Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme.


AIRTEAGAL 49

An tSochaí Shibhialta

Aithníonn na Páirtithe ról agus rannchuidiú na sochaí sibhialta, go háirithe acadóirí, comhpháirtithe sóisialta, chomh maith le naisc idir meithleacha machnaimh agus comhpháirtithe sóisialta, sa phróiseas idirphlé agus comhair faoin gComhaontú seo agus comhaontaíonn siad idirphlé éifeachtach leis an tsochaí shibhialta a spreagadh agus a chur chun cinn, agus a rannpháirtíocht éifeachtach agus chuiditheach chomh maith le comhpháirtíochtaí ilpháirtithe leasmhara a chur chun cinn.

TEIDEAL VI

MODHANNA COMHAIR

AIRTEAGAL 50

Acmhainní le haghaidh an Chomhair

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe na hacmhainní iomchuí a chur ar fáil, lena n‑áirítear acmhainní airgeadais, a mhéid is féidir i bhfianaise na n‑acmhainní agus na rialachán atá acu, chun na cuspóirí comhair a leagtar amach sa Chomhaontú seo a chomhlíonadh.


2.    Spreagfaidh na Páirtithe an Banc Eorpach Infheistíochta chun leanúint dá oibríochtaí sa Téalainn, i gcomhréir lena nósanna imeachta agus lena chritéir mhaoinithe.

AIRTEAGAL 51

An Comhar i bhForbairt Tríú Tíortha

1.    Comhaontaíonn na Páirtithe idirphlé tráthrialta a bhunú maidir lena gcláir forbartha faoi seach i dtríú tíortha.

2.    Comhaontaíonn na Páirtithe freisin oibriú i gcomhar i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha atá ceaptha chun cúnamh le haghaidh forbairt inbhuanaithe a sholáthar do thíortha ar comharsana iad leis an Téalainn agus níos faide i gcéin, in earnálacha ábhartha le haghaidh an chomhair thríthaobhaigh. Is iad na comhpháirtithe uile lena mbaineann a chinnfidh na réimsí comhair, bunaithe ar riachtanais na dtíortha is tairbhithe, ar inniúlacht agus ar shaineolas an Aontais agus na Téalainne, agus déanfar cinneadh ar bhonn ad hoc.


TEIDEAL VII

CREAT INSTITIÚIDEACH

AIRTEAGAL 52

Comhchoiste

1.    Bunaítear leis seo Comhchoiste ar a mbeidh ionadaithe ón dá Pháirtí ar an leibhéal is airde agus is féidir, agus is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh air:

(a)    feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe seo a áirithiú;

(b)    tosaíochtaí a leagan síos i ndáil le haidhmeanna an Chomhaontaithe seo;

(c)    moltaí a dhéanamh chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a chur chun cinn;

(d)    aon difríocht nó éagsúlacht a thagann chun cinn i léiriú, i gcur chun feidhme nó i gcur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a réiteach, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le hAirteagal 55;

(e)    scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a thíolacfaidh ceachtar den dá Pháirtí maidir le neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí, agus dul i gcomhairle leis an bPáirtí eile chun réiteach cairdiúil a bhfuil glacadh ag an dá pháirtí leis a lorg i gcomhréir le hAirteagal 55;


2.    Ar an mórgóir tiocfaidh an Comhchoiste le chéile gach 2 bhliain ar a laghad in Bangkok agus sa Bhruiséil ar bhonn idirmhalartach, ar dháta a shocrófar trí chomhaontú frithpháirteach. Féadfar cruinnithe urghnácha den Chomhchoiste a thionól freisin trí chomhaontú idir na Páirtithe. Beidh gach Páirtí ina chathaoirleach ar an gComhchoiste ar bhonn idirmhalartach. Cinnfear clár oibre chruinnithe an Chomhchoiste trí chomhaontú idir na Páirtithe.

3.    Féadfaidh an Comhchoiste meithleacha speisialaithe a chur ar bun chun cuidiú leis a chuid cúraimí a dhéanamh. Cuirfidh na meithleacha sin tuarascálacha mionsonraithe ar a gcuid gníomhaíochtaí faoi bhráid an Chomhchoiste ag gach ceann dá chruinnithe.

4.    Comhaontaíonn na Páirtithe go mbeidh sé de chúram ar an gComhchoiste freisin feidhmiú ceart aon chomhaontaithe earnálaigh nó aon phrótacail arna thabhairt i gcrích nó atá le tabhairt i gcrích idir na Páirtithe a áirithiú.

5.    Glacfaidh an Comhchoiste a rialacha nós imeachta féin.


TEIDEAL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

AIRTEAGAL 53

Clásal maidir le forbairtí amach anseo

1.    Féadfaidh na Páirtithe, de chomhthoil, an Comhaontú seo a leathnú d'fhonn feabhas a chur ar an leibhéal comhair, lena n‑áirítear trína fhorlíonadh trí bhíthin comhaontuithe nó prótacail maidir le réimsí, earnálacha nó gníomhaíochtaí sonracha. Beidh na comhaontuithe nó na prótacail shonracha sin ina gcuid dhílis den chaidreamh déthaobhach foriomlán idir na Páirtithe agus beidh siad faoi réir creat institiúideach coiteann.

2.    Maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí moltaí a chur ar aghaidh chun raon feidhme an chomhair a leathnú, agus an taithí a fuarthas lena chur chun feidhme á cur san áireamh.


AIRTEAGAL 54

Comhaontuithe eile

1.    Gan dochar d'fhorálacha ábhartha an Chonartha ar an Aontas Eorpach agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh., ní dhéanfaidh an Comhaontú seo nó gníomhaíocht a dhéanfar anseo thíos difear ar aon bhealach do chumhachtaí na mBallstát tabhairt faoi ghníomhaíochtaí comhair dhéthaobhaigh leis an Téalainn nó, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe nua comhpháirtíochta agus comhair a thabhairt i gcrích leis an Téalainn.

2.    Ní dhéanfaidh an Comhaontú seo difear do chur i bhfeidhm ná do chur chun feidhme na ngealltanas arna ngabháil ar láimh ag na Páirtithe faoi seach i ndáil le tríú páirtithe.

3.    Ní chuirfear bac ar Pháirtí le haon ní sa Chomhaontú seo aon ghníomh a ghlacadh, lena n‑áirítear gníomhaíocht um réiteach díospóidí, faoi aon chomhaontú idirnáisiúnta eile a bhfuil an dá Pháirtí ina bpáirtí ann.

AIRTEAGAL 55

Oibleagáidí a chomhlíonadh

1.    Déanfaidh na Páirtithe aon bheart ginearálta nó sonrach a cheanglaítear chun a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gComhaontú seo. Féachfaidh siad chuige go mbaintear amach na cuspóirí a leagtar amach sa Chomhaontú.


2.    I gcomhréir le hAirteagal 52(1)(d), féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí aon éagsúlacht i gcur chun feidhme nó i léiriú an Chomhaontaithe seo a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

3.    Má mheasann ceachtar Páirtí gur mhainnigh an Páirtí eile aon cheann dá oibleagáidí a chomhlíonadh faoin gComhaontú seo, féadfaidh sé bearta iomchuí a dhéanamh i gcomhréir le dlí idirnáisiúnta.

4.    Sula ndéanfaidh an Páirtí sin bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 3 thuas, seachas i gcásanna dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh an Páirtí sin an fhaisnéis iomchuí go léir faoi bhráid an Chomhchoiste chun scrúdú críochnúil a dhéanamh ar an staid d'fhonn teacht ar réiteach is inghlactha ag na Páirtithe. Cuirfidh na Páirtithe comhairliúcháin ar siúl faoi choimirce an Chomhchoiste. I gcás nach féidir leis an gComhchoiste teacht ar réiteach atá inghlactha go frithpháirteach, féadfaidh an Páirtí sin bearta iomchuí a dhéanamh.

5.    Má bhíonn forais láidre ag ceachtar den dá Pháirtí lena mheas nach bhfuil aon cheann de na hoibleagáidí a dtugtar tuairisc orthu mar eilimintí fíor‑riachtanacha in Airteagal 1(1) agus Airteagal 3(1) comhlíonta ar bhealach substaintiúil ag an bPáirtí eile, cuirfidh sé in iúl láithreach don Pháirtí eile maidir leis an neamhchomhlíonadh sin. Arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, rachaidh an Comhchoiste, nó de réir mar a chomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt, i mbun comhairliúcháin láithreach laistigh de thréimhse suas le 30 lá chun scrúdú críochnúil a dhéanamh ar aon ghné den bheart, nó an bunús leis, d’fhonn teacht ar réiteach is inghlactha ag na Páirtithe. Tar éis na tréimhse sin, féadfaidh an Páirtí a bhfuil fógra á thabhairt aige bearta iomchuí a dhéanamh.


6.    Agus na bearta iomchuí á roghnú, ní mór tosaíocht a thabhairt do na bearta is lú a chuirfidh isteach ar fheidhmiú an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe shonraigh eile de réir mar a bheidh. Beidh na bearta sin de chineál sealadach agus beidh siad comhréireach leis an sárú d’fhonn chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a spreagadh ar deireadh. Chun críocha mhír 4, le ‘bearta iomchuí’ féadfar cur ar fionraí an Chomhaontaithe seo, go páirteach nó go hiomlán, a áireamh. Chun críocha mhír 5, le ‘bearta iomchuí’ féadfar cur ar fionraí an Chomhaontaithe seo nó aon chomhaontaithe shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 53(1), go páirteach nó go hiomlán, a áireamh.

Is i gcomhréir lena ndlíthe agus rialacháin faoi seach a dhéanfadh gach Páirtí an cinneadh fionraíocht a dhéanamh.

7.    Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí a iarraidh ar an gComhchoiste athbhreithniú a dhéanamh ar na himthosca ba chúis le bearta iomchuí a chur i bhfeidhm, d’fhonn teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach ag na Páirtithe. Déanfaidh an Páirtí a bhfuil na bearta iomchuí á ndéanamh aige iad a tharraingt siar a luaithe a éilítear sin.

AIRTEAGAL 56

Éascú

Chun an comhar a éascú faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, comhaontaíonn na Páirtithe na saoráidí is gá a thabhairt d’oifigigh agus do shaineolaithe a bhfuil baint acu leis an gcomhar a chur chun feidhme le haghaidh comhlíonadh a bhfeidhmeanna, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin faoi seach.


AIRTEAGAL 57

Cur i bhfeidhm críochach

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo, ar thaobh amháin, maidir leis na críocha ina gcuirtear an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin agus, ar an taobh eile, maidir le críoch na Téalainne.

AIRTEAGAL 58

Sainmhíniú ar na Páirtithe

Chun críche an Chomhaontaithe seo, ciallóidh ‘na Páirtithe’ an tAontas nó a Bhallstáit nó an tAontas agus a Bhallstáit, i gcomhréir lena gcumhachtaí féin, ar thaobh amháin, agus an Téalainn, ar an taobh eile.

AIRTEAGAL 59

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm sealadach

1.    Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm tríocha (30) lá tar éis an dáta ar a dtabharfaidh an Páirtí deireanach fógra don Pháirtí eile gur cuireadh i gcrích na nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha faoi seach ba ghá chun na críche sin.


2.    D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Téalainn agus an tAontas Eorpach an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm go sealadach, go hiomlán nó i bpáirt, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha faoi seach, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

3.    Beidh éifeacht ag an iarratas sealadach sin tríocha (30) lá tar éis an dáta ar tharla na nithe seo a leanas:

(a)    Thug an tAontas Eorpach fógra don Téalainn faoi chur i gcrích na nósanna imeachta is gá, lena léirítear na codanna den Chomhaontú seo a chuirfear i bhfeidhm go sealadach; agus

(b)    Thug an Téalainn fógra don Aontas Eorpach faoi chur i gcrích na nósanna imeachta is gá, lena nglactar na codanna den Chomhaontú ba cheart a chur i bhfeidhm go sealadach.

4.    Féadfaidh ceachtar Páirtí fógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile á rá go bhfuil sé beartaithe aige cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo a fhoirceannadh. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfoirceannadh tríocha (30) lá tar éis an dáta a fhaightear an fógra sin.

5.    Maidir leis na forálacha sa chomhaontú seo a chuirtear i bhfeidhm go sealadach, le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, tuigfear go dtagraítear do dháta an chur i bhfeidhm shealadaigh mar a leagtar amach i mír 3.


Féadfaidh an Comhchoiste agus comhlachtaí eile a bhunaítear faoin gComhaontú seo a bhfeidhmeanna a fheidhmiú le linn chur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo a mhéid is gá na feidhmeanna sin chun cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo a áirithiú. Aon chinneadh a ghlactar i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, scoirfidh siad de bheith éifeachtach má fhoirceanntar cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le mír 4.

AIRTEAGAL 60

Fad agus Foirceannadh

1.    Tá an Comhaontú seo bailí ar feadh tréimhse cúig (5) bliana. Cuirfear síneadh leis go huathoibríoch go ceann tréimhsí comhleanúnacha 1 bhliain amháin, ach amháin i gcás ina gcuireann ceachtar den dá Pháirtí in iúl don Pháirtí eile i scríbhinn nach bhfuil sé ar intinn aige síneadh a chur leis an gComhaontú seo sé (6) mhí roimh dheireadh aon tréimhse 1 bhliain amháin ina dhiaidh sin.

2.    Féadfaidh ceachtar den dá Pháirtí an Comhaontú seo a fhoirceannadh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile. Tiocfaidh an foirceannadh i bhfeidhm sé (6) mhí tar éis don Pháirtí eile an fógra a fháil. Ní dhéanfaidh an foirceannadh sin difear do thionscadail leanúnacha ar cuireadh tús leo faoin gComhaontú seo sula bhfaighfear an fógra.


AIRTEAGAL 61

Leasuithe

Déanfar aon leasú ar an gComhaontú seo trí chomhaontú idir na Páirtithe. Ní ghabhfaidh éifeacht le haon leasú ach amháin tar éis don Pháirtí deiridh fógra a thabhairt don Pháirtí eile go bhfuil na foirmiúlachtaí uile is gá curtha i gcrích.

AIRTEAGAL 62

Dearbhuithe Comhpháirteacha

Beidh na dearbhuithe comhpháirteacha atá i gceangal leis an gComhaontú seo ina gcuid dhílis den Chomhaontú seo.

AIRTEAGAL 63

Fógraí

Fógraí a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 59, déanfar iad chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus chuig Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Téalainne, faoi seach.


AIRTEAGAL 64

Téacsanna Barántúla

Dréachtaítear an Comhaontú seo sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa tSeicis, sa Danmhairgis, san Ollainnis, sa Bhéarla, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Ungáiris, sa Ghaeilge, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus sa Téalainnis, agus comhúdarás ag gach téacs díobh.

Arna dhéanamh i/in/sa/san […] an […]

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE hAIRTEAGAL 5 
(COIREANNA TROMCHÚISEACHA ARB ÁBHAR IMNÍ AR AN LEIBHÉAL IDIRNÁISIÚNTA IAD)

Is sínitheoirí le Reacht na Róimhe ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta iad na Ballstáit agus an Téalainn, ar forbairt thábhachtach é don chóras ceartais idirnáisiúnta agus dá fheidhmiú éifeachtach. Sonraítear i Reacht na Róimhe gur ‘coireanna tromchúiseacha arb ábhair imní ar an leibhéal idirnáisiúnta iad’ iad cinedhíothú, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh.

DEARBHÚ COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE hAIRTEAGAL 23 
(AN COMHAR BREITHIÚNACH AGUS DLÍTHIÚIL)

Rachaidh Rialtas Ríoga na Téalainne ar aghaidh ar gach modh atá i gcomhréir lena dhlíthe chun a áirithiú nach mbeidh an duine faoi bhreith bháis, agus má thugann an Chúirt breith báis orthu, cuirfidh Rialtas Ríoga na Téalainne isteach moladh le haghaidh Pardún Ríoga.

________________

(1)    Rialachán (AE) 2016/1953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(2)    Mar a shainítear in Airteagal 2b de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (UNTOC).