An Bhruiséil,23.8.2022

COM(2022) 415 final

2022/0244(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt le haghaidh 2023 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (‘BunRialachán CBI’), le saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara ní mór pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a tháirgeadh. Tá socrú bliantúil na ndeiseanna iascaireachta i bhfoirm gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus cuótaí ina uirlis thábhachtach sa chomhthéacs sin.

Le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 lena leagtar síos an plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, sonraítear a thuilleadh na spriocraonta básmhaireachta iascaigh. Úsáidtear na raonta sin sa togra seo chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) a bhaint amach agus go háirithe chun an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus a choinneáil ar bun.

Tá sé d’aidhm ag an togra seo deiseanna iascaireachta na mBallstát le haghaidh 2023 a shocrú, le haghaidh na stoc éisc agus na ngrúpaí stoc éisc is tábhachtaí ó thaobh na tráchtála de i Muir Bhailt. Tá sé d’aidhm ag an togra seo freisin iascaigh áineasa mhuirí a rialáil a mhéid is gá chun na stoic éisc a chumhdaítear leis an rialachán seo a chaomhnú. Chun na cinntí bliantúla maidir le gabhálacha iomlána incheadaithe agus cuótaí a shimpliú agus a shoiléiriú, tá na deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt á socrú le rialachán ar leithligh ó bhí 2006 ann.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Socraítear leis an togra cuótaí ar leibhéil atá comhsheasmhach le cuspóirí Bhun‑Rialachán CBI.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha CBI, agus tá sé comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir le forbairt inbhuanaithe.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

An bunús dlí

Airteagal 43(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) CFAE. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Comhréireacht

Tá an togra i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna thíos.

Is comhbheartas é an Comhbheartas Iascaigh. Faoi Airteagal 43(3) CFAE, ní mór don Chomhairle bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.

Leis an togra seo le haghaidh Rialachán ón gComhairle, déantar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit. Faoi Airteagal 16(6) agus (7) agus Airteagal 17 de Bhun‑Rialachán CBI, is faoi na Ballstáit atá sé deiseanna den sórt sin a chionroinnt i measc réigiún nó oibreoirí de réir na gcritéar a leagtar síos sna hAirteagail sin. Dá bhrí sin, bíonn a ndóthain lamhála inlíochta ag na Ballstáit agus cinneadh á dhéanamh acu maidir leis an tsamhail shóisialta/eacnamaíoch is fearr leo chun leas a bhaint as na deiseanna iascaireachta a cionroinneadh orthu.

Ní bheidh aon impleacht airgeadais nua ag an togra do na Ballstáit. Glacann an Chomhairle an cineál seo rialacháin gach bliain, agus tá na hacmhainní poiblí agus príobháideacha chun é a chur chun feidhme i bhfeidhm cheana féin.

An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: rialachán.

Is togra é seo maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt buanaithe ar Airteagal 43(3) CFAE.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas Eorpach: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2023 (COM(2022) 253 final) mar bhunús leis, chuathas i gcomhairle leis an gComhairle Chomhairleach do Mhuir Bhailt. Sholáthair an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) an bunús eolaíoch atá leis an togra. Na réamhthuairimí a chuir na páirtithe leasmhara in iúl maidir leis na stoic éisc uile lena mbaineann, cuireadh iad san áireamh a mhéid ab fhéidir gan a bheith ag teacht salach ar na beartais atá ann faoi láthair ná aon mheath ar staid na n‑acmhainní leochaileacha a chruthú.

Pléadh an chomhairle eolaíoch maidir le teorainneacha ar ghabhálacha agus stádas na stoc freisin leis na Ballstáit san fhóram réigiúnach BALTFISH i mí an Mheithimh 2022.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuathas i gcomhairle le ICES, ar eagraíocht eolaíoch é.

Bíonn comhairle eolaíoch á lorg ag an Aontas ó ICES gach bliain maidir leis an staid ina bhfuil stoic éisc thábhachtacha. Cumhdaítear gach stoc i Muir Bhailt leis an gcomhairle a fhaightear agus moltar TACanna do na stoic is tábhachtaí ó thaobh na tráchtála de 3 .

Measúnú tionchair

Tá an togra ina chuid de chur chuige fadtéarmach lena ndéantar an iascaireacht a mhodhnú agus a chothabháil ar leibhéil inbhuanaithe fhadtéarmacha. Le himeacht ama meastar go mbeidh brú iascaireachta cobhsaí agus cuótaí níos airde ann de thoradh an chur chuige sin, agus, dá bhrí sin, go mbeidh ioncam níos fearr ann le haghaidh iascairí agus teaghlaigh iascairí. Meastar go rachaidh an méadú ar líon na ngabhálacha chun tairbhe don tionscal iascaireachta, do thomhaltóirí, don tionscal próiseála agus miondíola, agus don chuid eile den tionscal a bhaineann le hiascaireacht tráchtála agus áineasa. Sa chomhthéacs sin, agus go háirithe i gcás Mhuir Bhailt, ní mór béim a leagan ar an nasc idir an t‑iascach inbhuanaithe agus timpeallacht shláintiúil mhuirí. Is uirlisí iad an Straitéis Bhithéagsúlachta agus na tionscnaimh ghaolmhara, go háirithe an Plean Gníomhaíochta maidir le hiascach agus leis an gcomhshaol muirí atá ar na bacáin, chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Go dtí 2019, d’éirigh le cinntí maidir le deiseanna iascaireachta Mhuir Bhailt básmhaireacht iascaireachta na stoc lenar ghabh comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe a thabhairt i gcomhréir le raonta na huastáirgeachta inbhuanaithe tráth a socraíodh TAC do na stoic uile, cé is moite de scadáin Mhuir Bhailt Thiar. Is cosúil gur éirigh leis na cinntí sin stoic a atógáil freisin agus an acmhainneacht iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta a athchothromú. In 2019, áfach, ba léir go raibh troisc Mhuir Bhailt Thoir faoi bhrú mór. Measann ICES gur dócha go leanfaidh an stoc sin de bheith ídithe sna blianta amach romhainn. In 2021, ba léir go raibh stoc troisc Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun na leibhéal inbhuanaithe (i.e. faoi bhun an Blim) le blianta fada anuas, agus chuir ICES i bhfios go láidir go bhfuil roinnt pobal bradán an‑lag. Ar deireadh, ó bhí 2020 ann, tá bithmhais scadáin Mhuir Bhailt Láir faoi bhun leibhéil shláintiúla (i.e. faoi bhun an Btrigger) agus in 2022, bhí scadáin na Boitnia an‑ghar don teorainn sin. Dá bhrí sin, teastaíonn tuilleadh dul chun cinn go fóill chun na stoic ar fad a athbhunú agus chun iad a thabhairt i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe.

D’fhoilsigh ICES a chomhairle eolaíoch maidir le stoic Mhuir Bhailt an 31 Bealtaine 2022, cé is moite dá chomhairle maidir le scadáin Mhuir Bhailt Thiar, a foilsíodh an 30 Meitheamh 2022. Measann ICES go bhfuil bithmhais scadáin Mhuir Bhailt Thiar agus throisc Mhuir Bhailt Thoir agus Thiar fós faoi bhun teorainneacha bitheolaíocha sábháilte. Tá bithmhais scadáin Mhuir Bhailt Láir fós faoi bhun teorainneacha sláintiúla. Tugtar comhairle réamhchúraim maidir le troisc agus bradáin Mhuir Bhailt Thoir i Murascaill na Fionlainne. Faigheann na hocht stoc eile comhairle maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe:

·tá saláin, scadáin i Murascaill Ríge, agus leathóga ar leibhéil shláintiúla;

·tá scadáin i Murascaill na Boitnia tar éis titim go leibhéal díreach os cionn leibhéil shláintiúla; agus

·tá troisc an Iarthair, scadáin Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Láir faoi bhun leibhéil shláintiúla;

·tá na pobail éagsúla bradán sa phríomhimchuach fós i ndálaí anéagsúil.

Agus an méid thuas á chur san áireamh, tá sé beartaithe na nithe seo a leanas a thabhairt anonn: (i) na deiseanna iascaireachta le haghaidh bradán i Murascaill na Fionlainne; (ii) an cur chuige réigiúnaithe a glacadh i leith bradán sa phríomh‑imchuach; agus (iii) na TACanna foghabhála le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Thiar, agus le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thiar agus Thoir. Mhéadódh an togra na deiseanna iascaireachta le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Láir faoi 14 % agus faoi 25 % le haghaidh leathóg. Laghdódh an togra na deiseanna iascaireachta le haghaidh scadán i Murascaill na Boitnia faoi 28 %, faoi 4 % le haghaidh scadán i Murascaill Ríge agus faoi 20 % le haghaidh salán.

Dá bhrí sin, beidh tionchar eacnamaíoch an togra le haghaidh 2023 ina laghdú ar na deiseanna iascaireachta sna Ballstáit uile. Tríd is tríd, beidh timpeall 402 000 tona de dheiseanna iascaireachta Mhuir Bhailt de thoradh ar an togra, ar laghdú 15.6 % a bheidh i gceist leis i gcomparáid le deiseanna iascaireachta 2022.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Leanann an togra de bheith solúbtha ó thaobh cur i bhfeidhm sásraí um malartuithe cuótaí a leagadh síos cheana sna rialacháin maidir le deiseanna iascaireachta i Muir Bhailt sna blianta roimhe sin. Níor beartaíodh aon riail nua ná nós imeachta riaracháin nua d’údaráis phoiblí (údaráis an Aontais nó údaráis náisiúnta) a d’fhéadfadh an t‑ualach riaracháin a mhéadú.

Baineann an togra le rialachán bliantúil a bhfuil feidhm aige maidir le 2023 agus dá bhrí sin níl clásal athbhreithnithe ann.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleacht ag an togra maidir le buiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuireadh i bhfeidhm le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle go ndéantar faireachán ar úsáid na ndeiseanna iascaireachta i bhfoirm TACanna agus cuótaí.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Leis an togra, socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe nó grúpaí stoc i ndáil leis na Ballstáit a bhíonn ag iascaireacht i Muir Bhailt.

Tháinig Rialachán (AE) 2016/1139 lena leagtar síos an plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt i bhfeidhm an 20 Iúil 2016. Leis an bPlean Ilbhliantúil leagtar síos deiseanna iascaireachta nach mór a shocrú i gcomhréir le cuspóirí an phlean agus ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis na spriocraonta básmhaireachta iascaigh, ar spriocraonta iad arna soláthar leis an gcomhairle eolaíoch is fearr, go háirithe comhairle eolaíoch ó ICES nó ó chomhlacht eolaíoch neamhspleách comhchosúil. Maidir le stoic a bhaineann tairbhe as comhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe, foráiltear le hAirteagal 4(3) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil go bhfuil an TAC le socrú, i bprionsabal, ag leibhéal na básmhaireachta iascaireachta nó faoi bhun leibhéal na básmhaireachta iascaireachta a bhfuil an uastáirgeacht inbhuanaithe mar thoradh air (i.e. ‘luach an FMSY’ agus ‘raon íosta an FMSY’, faoi seach). Faoi Airteagal 4(4) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil, áfach, is féidir an TAC a shocrú i gcónaí faoi raonta an FMSY. Maidir le stoic shláintiúla féadfar an TAC, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(5) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil, a shocrú os cionn luach an FMSY (‘raon íosta an FMSY’). Maidir le stoic a bhfuil bithmhais acu atá faoi bhun teorainneacha sláintiúla, i.e. an pointe tagartha maidir le bithmhais stoic sceite ar faoina bhun nach mór bearta a dhéanamh chun an stoc a athbhunú os cionn leibhéal atá ábalta an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh (‘Btrigger’), foráiltear le hAirteagal 5(1) den Phlean Ilbhliantúil nach mór bearta ceartaitheacha iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go bhfillfidh an stoc go tapa ar leibhéil shláintiúla. Go háirithe, ní mór an TAC a shocrú ar leibhéal laghdaithe faoi bhun raon uasta an FMSY, agus an laghdú ar bhithmhais á chur san áireamh. Faoi Airteagal 5(2) den Phlean Ilbhliantúil, fiú má tá bithmhais stoic faoi bhun teorainneacha bitheolaíocha sábháilte, i.e. an pointe tagartha maidir le bithmhais stoic sceite ar faoina bhun a fhéadfaidh acmhainneacht síolraithe laghdaithe a bheith ag an stoc (‘Blim’), tá bearta ceartaitheacha breise le glacadh. Féadfar a áireamh ar na bearta ceartaitheacha go háirithe iascach dírithe ar an stoc lena mbaineann a chur ar fionraí agus an laghdú leordhóthanach ar dheiseanna iascaireachta le haghaidh na stoc sin nó stoic eile san iascach. Féadfar bearta ceartaitheacha eile a ghlacadh freisin ach ba cheart baint fheidhmiúil a bheith acu leis na deiseanna iascaireachta. Ba cheart na bearta sin a roghnú i gcomhréir le cineál, tromchúis, fad agus atriall na staide.

De réir Bhun‑Rialachán CBI, ní mór deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic a fhaigheann comhairle réamhchúraim a shocrú ar leibhéil lena n‑áiritheofar ar a laghad leibhéal caomhnaithe inchomparáide. Sonraítear in Aithris 8 de Bhun‑Rialachán CBI gur cheart a chur san áireamh sna cinntí bainistíochta a bhaineann le hiascaigh mheasctha an deacracht a bhaineann leis na stoic uile in iascach measctha a iascach ar leibhéal na huastáirgeachta inbhuanaithe an tráth céanna, go háirithe i gcásanna ina dtugtar le tuiscint le comhairle eolaíoch gur fíordheacair é feiniméan na ‘tachtspeiceas’ a sheachaint trí mhéadú ar roghnaíocht na dtrealamh iascaireachta atá á n‑úsáid.

Tá na deiseanna iascaireachta atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 16(1) (a thagraíonn do phrionsabal na cobhsaíochta coibhneasta) agus le hAirteagal 16(4) (a thagraíonn do chuspóirí CBI agus do na rialacha dá bhforáiltear i bpleananna ilbhliantúla) de Bhun‑Rialachán CBI.

D’fhonn cuótaí an Aontais a shocrú do na stoic a roinntear le Cónaidhm na Rúise, rinneadh cainníochtaí na stoc sonrach sin a asbhaint ó na TACanna a mhol ICES. Leagtar amach na TACanna agus na cuótaí arna gcionroinnt ar na Ballstáit san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra.

Maidir le scadáin Mhuir Bhailt Thiar, tháinig méadú de bheagán ar mhéid an stoic a mheas ICES ach fós níl sé ach ag 59 % den Blim. Measann ICES go bhfanfaidh an bhithmhais faoin Blim go dtí 2025 ar a laghad, fiú gan aon iascaireacht in aon chor. Tá an earcaíocht íseal le blianta fada agus tá sí fós ar leibhéal níos ísle ná riamh. Ós rud é nach dtabharfaí an bhithmhais os cionn an Blim sa ghearrthéarma mar thoradh ar aon cheann de na cásanna gabhála, tá a chomhairle maidir le gabhálacha nialasacha a cheadú á hathdhearbhú ag ICES don 5ú bliain as a chéile. In 2021, chinn an Chomhairle an t‑iascach dírithe a dhúnadh ach amháin i gcás iascaigh atá go hiomlán eolaíoch agus iascaigh chósta ar mionscála, de bhun Airteagal 5(2) agus Airteagal 4(4) den Phlean Bainistíochta Ilbhliantúil. Chinn an Chomhairle freisin TAC a shocrú maidir le foghabhálacha dosheachanta chun tachtadh iascach eile a sheachaint. Ós rud é nach raibh dóthain ama ann fós chun go mbeadh stádas stoic feabhsaithe ann mar thoradh ar na bearta feabhais sin, molann an Coimisiún an t‑iascach dírithe a choinneáil dúnta agus leibhéal an TAC a choinneáil ar bun.

Fós níl ICES in ann luachanna raonta an FMSY a chinneadh i gcás throisc Mhuir Bhailt Thoir. Dá bhrí sin, d’eisigh sé comhairle réamhchúraim le haghaidh 2023. Den 4ú bliain as a chéile, molann ICES gan aon ghabháil a cheadú. Measann ICES go leanann méid an stoic de bheith faoi bhun an Blim agus go bhfanfaidh sé faoina bhun sa mheántéarma, fiú gan aon iascaireacht in aon chor. Ina theannta sin, measann ICES gur ar éigean a tháinig méadú ar an mbithmhais in 2021 agus go bhfuil an earcaíocht fós ar leibhéal níos ísle ná riamh. I bhfianaise staid laghdaithe na stoc, glacadh dianbhearta ó bhí 2019 ann. Dúnadh an t‑iascach dírithe ar throisc Mhuir Bhailt Thoir, cé is moite d’iascaigh atá go hiomlán eolaíoch, agus tá an TAC teoranta d’fhoghabhálacha dosheachanta chun tachtadh fhormhór na n‑iascach eile i Muir Bhailt a sheachaint. Glacadh bearta ceartaitheacha breise a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta i bhfoirm cosc le linn an tséasúir sceite lena gcumhdaítear an bhuaicthréimhse sceite agus na limistéir sceite a d’fhéadfadh a bheith ann. Tá eisceachtaí i bhfeidhm maidir le hiascaigh atá go hiomlán eolaíoch, iascaigh chósta áirithe ar mionscála ina n‑úsáidtear trealaimh éighníomhacha, agus iascaigh pheiligeacha lena gcaitheamh ag an duine arna ndéanamh lasmuigh de na príomhlimistéir ionchasacha sceite. Thairis sin, tá cosc ar iascaireacht áineasa ó bhí 2020 ann sa phríomhlimistéar dáileacháin ós rud é go mbeadh na cainníochtaí a ghabhfaí substaintiúil i gcomparáid le TAC na foghabhála. Ós rud é nach raibh dóthain ama ann fós chun go mbeadh stádas stoic feabhsaithe ann mar thoradh ar na bearta feabhais sin, molann an Coimisiún iad a choinneáil ar bun agus leibhéal an TAC a choinneáil gan athrú.

I gcás throisc Mhuir Bhailt Thiar, mheas ICES le blianta fada go raibh an stoc leochaileach agus go raibh a mhéid faoi bhun an Btrigger. Dá bhrí sin, tháinig laghdú substaintiúil ar dheiseanna iascaireachta agus glacadh bearta tionlacain, amhail cosc le linn an tséasúir sceite agus srianta ar shlatiascaireacht áineasa. Gach bliain, tuaradh go mbeadh téarnamh ar an stoc an bhliain dár gcionn, ach níor tharla sé sin go dtí seo. In 2021, thug ICES faoi deara go raibh neamhréireachtaí móra sna measúnuithe a rinne sé roimhe sin. Dá bhrí sin, rinne sé measúnú níos doimhne. Léirigh an measúnú sin go raibh bithmhais an stoic faoi bhun an Blim den chuid is mó le 10 mbliana anuas. Dá bhrí sin, mhol ICES na gabhálacha iomlána a laghdú go mór. Chinn an Chomhairle an t‑iascach dírithe a dhúnadh, cé is moite d’iascaigh atá go hiomlán eolaíoch, agus an TAC a theorannú d’fhoghabhálacha dosheachanta i dtreo nach dtachtfaí iascaigh eile. Coinníodh ar bun bearta ceartaitheacha breise a bhí ann cheana a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta nó neartaíodh iad. Coinníodh ar bun an cosc le linn an tséasúir sceite lena gcumhdaítear an bhuaicthréimhse sceite agus na limistéir sceite a d’fhéadfadh a bheith ann, cé is moite d’iascaigh atá go hiomlán eolaíoch, iascaigh chósta áirithe ar mionscála ina n‑úsáidtear trealaimh éighníomhacha, iascaigh pheiligeacha lena gcaitheamh ag an duine arna ndéanamh lasmuigh de na príomhlimistéir ionchasacha sceite, agus iascaireacht le dreidirí ar mhoilisc dhébhlaoscacha in uiscí éadomhain áirithe. Thairis sin, cuireadh síneadh le tréimhse an choiscthe le linn an tséasúir sceite chun slatiascaireacht áineasa a chumhdach. Lasmuigh den tréimhse sin, laghdaíodh an teorainn ghabhála le haghaidh slatiascaireacht áineasa go dtí iasc amháin in aghaidh an tslatiascaire in aghaidh an lae.

Sa chomhairle i mbliana, deir ICES go meastar go bhfuil an earcaíocht in 2022 beagán níos airde ná sna blianta roimhe. Mar sin féin, tháinig laghdú breise ar bhithmhais an stoic nach bhfuil inti faoi láthair ach 38 % den Blim. Mar sin féin, is é an chomhairle maidir le luach an FMSY cur leis na gabhálacha iomlána (amhail in 2021, níl ICES in ann comhairle ar leith a sholáthar maidir le gabhálacha tráchtála agus gabhálacha áineasa) agus meastar go mbeidh an bhithmhais os cionn an Blim in 2024. An tráth céanna, cuireann ICES chun suntais go bhfuil a réamhaisnéis ghearrthéarmach i bhfad níos neamhchinnte ná mar is gnách toisc nach gcuirtear fachtóirí básmhaireachta anaithnide áirithe (is dócha a bheith substaintiúil) san áireamh sa tsamhail mheasúnaithe. Dá bhrí sin, cuireann ICES chun suntais go láidir go bhfuil ardriosca ann, le gabhálacha ag luach an FMSY, go bhfanfaidh an bhithmhais faoi bhun an Blim go hiarbhír in 2024. I bhfianaise mhéid an‑íseal an stoic éisc, bhreithnithe ICES, agus stair na neamhchinnteachtaí sa mheasúnú ar an stoc, molann an Coimisiún cur chuige stuama a ghlacadh trí leibhéal an TAC agus na bearta ceartaitheacha atá ann faoi láthair a choinneáil gan athrú.

In 2020, mheas ICES go raibh bithmhais scadáin Mhuir Bhailt Láir tite faoi bhun an Btrigger. In 2021, tháinig laghdú breise uirthi fiú agus tháinig sí gar don Blim. Laghdaíodh go substaintiúil ar dheiseanna iascaireachta; tháinig méadú de bheagán ar an stoc arís ach fanann sé faoi bhun an Btrigger. Níl aon earcaíocht láidir ann ó bhí 2015 ann agus is í láidreacht aois‑rang na bliana 2019 an príomhspreagadh do na deiseanna iascaireachta atá ann faoi láthair. Mar sin féin, athraíonn an meastachán ar aois‑rang na bliana sin. In 2020, mheas ICES go raibh aois‑rang na bliana 2019 láidir, go raibh sé faoi bhun an mheáin anuraidh agus go bhfuil sé os cionn an mheáin i mbliana. Ar an mbonn sin, molann ICES na deiseanna iascaireachta a mhéadú go substaintiúil, agus cuireann sé i bhfios go láidir an tráth céanna go mbraitheann an stoc ar aois‑rang bliana amháin, ar éiginnte a neart. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún cur chuige stuama a ghlacadh agus na deiseanna iascaireachta a shocrú ag an bpointe íosta de raon an FMSY, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Phlean Ilbhliantúil.

Tá an measúnú ar scadáin i Murascaill na Boitnia faoi réir roinnt neamhchinnteachtaí le blianta beaga anuas. Tá laghdú leanúnach ar an mbithmhais ó bhí 2010 ann. In 2019, bhí ar ICES a chomhairle a íosghrádú go comhairle réamhchúraim i gcatagóir 3 de shonraí ICES mar gheall ar chlaontacht chúlghabhálach láidir. Tar éis roinnt oibre doimhne, rinne ICES an chomhairle a uasghrádú arís in 2021 go dtí comhairle faoin uastáirgeacht inbhuanaithe i gcatagóir 1 de shonraí ICES. Meastar go raibh an bhithmhais ag méadú arís ar deireadh agus moladh na deiseanna iascaireachta a mhéadú go substaintiúil. Measann ICES anois go raibh bithmhais an stoic i bhfad níos lú le blianta beaga anuas go hiarbhír agus gur thit sí go leibhéal atá díreach os cionn an Btrigger. Tugann ICES le fios gur dócha gur mar gheall ar an laghdú ar mhéid na scadán, feiniméan a thug iascairí cósta áirithe faoi deara cheana féin le tamall anuas. Cé go raibh cóimheas an mheáchain ag aois ar leith íseal le 15 bliana anuas, tháinig laghdú breise air in 2021. Is é an pointe íosta de raon an FMSY an t‑aon chás gabhála a mhol ICES a choinneodh an stoc os cionn an Btrigger in 2024. I bhfianaise fhorbairt dhiúltach an stoic agus ionas nach dtitfidh an stoc faoi bhun an Btrigger, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na deiseanna iascaireachta a shocrú ag an bpointe íosta den FMSY.

Níl aon srian sonrach sa chomhairle ó ICES maidir le scadáin i Murascaill Ríge ionas gurb é luach an FMSY an TAC atá beartaithe.

De réir ICES, tá bithmhais an tsaláin sláintiúil ach is os cionn an FMSY a bhí an brú iascaireachta a bhí ann roimhe seo. Thairis sin, molann ICES machnamh a dhéanamh ar idirghníomhaíochtaí ilspeiceas toisc gur speiceas tábhachtach foráiste é an salán le haghaidh an troisc. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an TAC a shocrú sa raon íosta den FMSY, i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Phlean Ilbhliantúil.

Is meascán de na nithe seo a leanas atá sa TAC le haghaidh leathóg: (i) an chomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe le haghaidh an stoic i bhforanna 21, 22 agus 23; agus (ii) an chomhairle maidir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe le haghaidh an stoic i bhforanna 24 go 32, a ndearnadh uasghrádú uirthi go dtí comhairle faoin uastáirgeacht inbhuanaithe i gcatagóir 2 de shonraí ICES i mbliana. Tá an dá stoc ag forbairt go maith, ach ba cheart idirghníomhaíochtaí ilspeiceas a chur san áireamh. Is foghabháil dhosheachanta in iascaigh leathóg iad troisc, agus is féidir le leibhéil foghabhála a bheith ard, go háirithe chomh fada agus nach n‑úsáidtear trealaimh iascaireachta níos roghnaithí. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún na deiseanna iascaireachta le haghaidh an dá stoc de throisc Mhuir Bhailt a choinneáil ar leibhéal an‑íseal. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún an TAC le haghaidh leathóg a shocrú i raon íosta an FMSY , i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Phlean Ilbhliantúil.

Le blianta fada, tá ICES ag rá go bhfuil stádas stoc aibhneacha bradán i Muir Bhailt an‑ilchineálach, le cuid acu sláintiúil ach cuid eile an‑lag. Maidir leis na bradáin sa phríomh‑imchuach, sholáthraíodh ICES comhairle faoin uastáirgeacht inbhuanaithe; agus maidir le bradáin i Murascaill na Fionlainne sholáthraíodh sé comhairle bunaithe ar an gcur chuige a forbraíodh le haghaidh stoic atá teoranta ó thaobh sonraí de. Tar éis measúnú domhain a dhéanamh ar an stoc, chinn ICES an cur chuige sin a chur i bhfeidhm ar an bpríomh‑imchuach chomh maith in 2020. Tar éis tuilleadh oibre a dhéanamh, sholáthair ICES comhairle faoin uastáirgeacht inbhuanaithe arís in 2021. Sa chomhairle sin, áfach, dúradh den chéad uair gur cheart, chun stoic laga na n‑aibhneacha a chosaint, deireadh a chur le gach gabháil tráchtála agus áineasa bradán sa phríomh‑imchuach, ar iascaigh mheasctha iad ó nádúr a ghabhann bradáin ó stoic shláintiúla agus stoic laga ó na haibhneacha. Mheas ICES freisin an tráth céanna, áfach, go mbeadh sé fós réamhchúramach leanúint den iascach dírithe atá ann cheana i limistéir chósta Mhurascaill na Boitnia agus Mhuir Åland le linn imirce shamhraidh na mbradán. Dá bhrí sin, chinn an Chomhairle an t‑iascach dírithe ar bhradáin sa phríomh‑imchuach a dhúnadh agus TAC foghabhála a shocrú le haghaidh foghabhálacha dosheachanta, le díolúine d’iascaigh atá go hiomlán eolaíoch, agus fós an t‑iascach dírithe ar bhradáin a choinneáil ar oscailt le linn thréimhse an tsamhraidh sna limistéir chósta thuaidh sin. Ghlac an Chomhairle bearta ceartaitheacha breise a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta freisin. Cuireadh toirmeasc ar iascaireacht le spiléir thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte. Thairis sin, beidh feidhm in iascaigh áineasa ag teorainn laethúil gabhála de bhradán eiteghearrtha amháin in aghaidh an tslatiascaire i gcás ina ndúntar an t‑iascach tráchtála dírithe agus nuair a dhúntar é. I gcás bradáin i Murascaill na Fionlainne, shocraigh an Chomhairle an TAC i gcomhréir leis an gcomhairle réamhchúraim ó ICES. In 2022, mar gheall ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, ní raibh an mheitheal ábhartha de chuid ICES in ann teacht le chéile agus chinn ICES a chomhairle maidir le bradáin sa phríomh‑imchuach agus a chomhairle maidir le bradáin i Murascaill na Fionlainne a thabhairt ar aghaidh. Ar an mbonn sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an dá leibhéal TAC a choinneáil gan athrú agus na bearta ceartaitheacha atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun, agus a chur in iúl go soiléir an tráth céanna nach gceadaítear teicnící gabhála agus scaoilte saor áineasa toisc go measann ICES go bhfuil an bhásmhaireacht iarscaoilte ró‑ard chun na pobail laga a chosaint.

Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle, leagadh síos coinníollacha breise maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n‑áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 dá chuid, forálacha solúbthachta le haghaidh stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim agus anailíseacha, faoi seach. In Airteagal 2 dá chuid, ordaítear go mbíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus na TACanna á socrú aici, cé na stoic nár cheart feidhm a bheith ag Airteagail 3 ná 4 maidir leo, go háirithe bunaithe ar stádas bitheolaíoch na stoc. Níos déanaí fós, tugadh an sásra solúbthachta isteach faoi Airteagal 15(9) de Bhun‑Rialachán CBI maidir le gach stoc a chumhdaítear leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí CBI, ba cheart a shoiléiriú nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ach amháin i gcás nach mbaineann na Ballstáit leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Bhun‑Rialachán CBI.

Molann an Coimisiún freisin Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle a leasú chun TAC a shocrú le haghaidh trosc Ioruach, a gcuirfear tús leis an mbliain iascaireachta ina leith an 1 Samhain 2022. Tá leibhéal an TAC marcáilte mar ‘pm’ (pro memoria) go dtí go bhfoilseofar an chomhairle ó ICES a bhfuil coinne léi go luath i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus go dtí go rachfar i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe.



2022/0244 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt le haghaidh 2023 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ceanglaítear, le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 , go nglactar bearta caomhantais agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bhíonn ar fáil, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach agus ag comhlachtaí comhairleacha eile, comhairle ó chomhairlí comhairleacha a bunaíodh do na limistéir gheografacha ábhartha inniúlachta, agus moltaí comhpháirteacha arna ndéanamh ag na Ballstáit.

(2)Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena náirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Faoi Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart deiseanna iascaireachta a chionroinnt i measc na mBallstát ar dhóigh lena náirithítear cobhsaíocht choibhneasta ghníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic nó iascaigh.

(3)Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gurb é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach faoi 2015 i gcás inar féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 ar a dhéanaí le haghaidh na stoc uile. Ba é cuspóir na hidirthréimhse go dtí 2020 baint amach na huastáirgeachta inbhuanaithe i gcás na stoc uile a chothromú leis na himpleachtaí socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann le coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta gaolmhara.

(4)Dá bhrí sin, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a shocrú bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch atá ar fáil, agus impleachtaí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha á gcur san áireamh agus cóir chothrom idir earnálacha na hiascaireachta á háirithiú ag an am céanna agus na tuairimí a cuireadh in iúl le linn comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara á gcur san áireamh.

(5)Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 plean ilbhliantúil le haghaidh na stoc trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus maidir leis an iascach a shaothraíonn na stoic sin. Is é is aidhm don Phlean Ilbhliantúil a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara pobail na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Foráiltear le hAirteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás stoic atá faoi réir pleananna ilbhliantúla sonracha, go bhfuil na deiseanna iascaireachta le socrú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna pleananna ilbhliantúla sin.

(6)I gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2016/1139, bhí na deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoic a liostaítear in Airteagal 1 den Rialachán sin le socrú chun an bhásmhaireacht iascaireachta ar an leibhéal uastáirgeachta inbhuanaithe, arna shloinneadh i raonta, a bhaint amach a luaithe is féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach agus incriminteach, faoi 2020 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, ba cheart na teorainneacha gabhála is infheidhme in 2023 maidir leis na stoic ábhartha i Muir Bhailt a bhunú i gcomhréir le cuspóirí an Phlean Ilbhliantúil.

(7)D’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) a comhairle bhliantúil stoic maidir le stoic Mhuir Bhailt an 31 Bealtaine 2022, cé is moite dá comhairle maidir le scadáin Mhuir Bhailt Thiar, a foilsíodh an 30 Meitheamh 2022. Tugann ICES le fios gur tháinig méadú de bheagán ar bhithmhais scadáin Mhuir Bhailt Thiar i bhforanna 20 go 24 ICES ach nach bhfuil inti ach 59 % den phointe tagartha teorann maidir le bithmhais an stoic sceite, leibhéal ar faoina bhun a d’fhéadfadh laghdú a bheith ar an acmhainneacht síolraithe (Blim). Thairis sin, tá an earcaíocht fós ar leibhéil níos ísle ná riamh. Dá bhrí sin, d’fhoilsigh ICES, don 5ú bliain as a chéile, comhairle maidir le gabhálacha nialasacha le haghaidh scadáin Mhuir Bhailt Thiar. De bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, ba cheart gach beart ceartaitheach iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Ceanglaítear le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin bearta ceartaitheacha breise a ghlacadh freisin. Dá bhrí sin, in 2022, dúnadh an tiascach dírithe ar scadáin Mhuir Bhailt Thiar agus socraíodh TAC aníseal le haghaidh foghabhálacha dosheachanta scadáin Mhuir Bhailt Thiar chun feiniméan na ‘tachtspeiceas’ a sheachaint. Mar sin féin, tugadh cead díriú ar scadáin Mhuir Bhailt Thiar d’oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha agus chun na críche sin amháin, go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , agus d’iascairí cósta ar mionscála a dhéanann iascaireacht le trealamh áirithe éighníomhacha. I bhfianaise na comhairle ó ICES agus staid na stoc atá gan athrú, is iomchuí leibhéal na ndeiseanna iascaireachta agus na bearta ceartaitheacha a bhfuil nasc feidhmiúil acu leo a choinneáil ar bun.

(8)A mhéid a bhaineann le stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir, bhí ICES in ann a chomhairle réamhchúraim a bhunú ar mheasúnú atá níos iomláine ó thaobh sonraí de ó bhí 2019 ann. Measann ICES go leanann bithmhais stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir de bheith faoi bhun an Blim agus gur ar éigean a tháinig méadú uirthi ó bhí 2021 ann. Dá bhrí sin, d’fhoilsigh ICES, den 4ú bliain as a chéile, comhairle maidir le gabhálacha nialasacha throsc Mhuir Bhailt Thoir. Ó bhí 2019 ann, glacadh dianbhearta caomhantais san Aontas. De bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, dúnadh an tiascach dírithe ar throisc Mhuir Bhailt Thoir agus socraíodh TAC i dtaca le foghabhálacha dosheachanta throisc Mhuir Bhailt Thoir ar leibhéal aníseal chun feiniméan na ‘tachtspeiceas’ a sheachaint. Thairis sin, glacadh bearta ceartaitheacha breise a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta i bhfoirm cosc le linn an tséasúir sceite agus toirmeasc ar iascaigh áineasa sa phríomhlimistéar dáileacháin. I bhfianaise na comhairle ó ICES agus staid na stoc atá gan athrú, is iomchuí leibhéal na ndeiseanna iascaireachta agus na bearta ceartaitheacha a bhfuil nasc feidhmiúil acu leo a choinneáil ar bun.

(9)A mhéid a bhaineann le stoc throisc Mhuir Bhailt Thiar, léiríodh i measúnuithe eolaíocha le roinnt blianta go raibh bithmhais an stoic sceite faoi bhun an phointe tagartha teorann, ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta (Btrigger). Dá bhrí sin, glacadh bearta bainistíochta a bhí ag dul i ndéine le blianta beaga anuas. In 2021, chinn ICES measúnú níos doimhne a dhéanamh, rud a léirigh go raibh bithmhais stoc throisc Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun an Blim le níos mó ná 10 mbliana. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, dúnadh an tiascach dírithe ar scadáin Mhuir Bhailt Thiar agus socraíodh TAC aníseal le haghaidh foghabhálacha dosheachanta scadáin Mhuir Bhailt Thiar chun feiniméan na ‘tachtspeiceas’ a sheachaint. Thairis sin, glacadh bearta ceartaitheacha breise a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta i bhfoirm cosc fadaithe le linn an tséasúir sceite, rud a chumhdaíonn iascaigh áineasa freisin, agus laghdú breise ar an teorainn ghabhála laethúil in iascaigh áineasa. I mbliana, rinne ICES athbhreithniú anuas ar bhithmhais an stoic agus d’ainneoin méadú beag anuraidh meastar go bhfuil an bhithmhais níos lú ná 40 % den Blim. Ós rud é go bhfuil méadú beag tagtha ar mheastacháin earcaíochta agus go bhfuil fachtóirí básmhaireachta breise ann atá doiléir, rud nach bhfuil ICES in ann a chur san áireamh ina shamhail mheasúnaithe faoi láthair, is í an chomhairle maidir leis an mbásmhaireacht iascaireachta a eascraíonn as an uastáirgeacht inbhuanaithe (FMSY) na gabhálacha iomlána a mhéadú. Mar sin féin, cuireann ICES i bhfios go láidir go bhfuil a réamhaisnéis ghearrthéarmach anéiginnte agus, i bhfianaise na básmhaireachta breise doiléire, go bhfuil dóchúlacht 66 % ann go bhfanfaidh bithmhais an stoic faoi bhun an Blim in 2024 má shocraítear na deiseanna iascaireachta ag luach an FMSY. Thairis sin, amhail in 2021, níl ICES in ann comhairle ar leith a sholáthar maidir le gabhálacha tráchtála agus áineasa. Mar gheall ar an meath atá ag teacht ar staid na stoc agus ar an éiginnteacht a bhaineann leis an gcomhairle maidir le gabhálacha ag luach an FMSY, is iomchuí cur chuige réamhchúraim a ghlacadh agus leibhéal na ndeiseanna iascaireachta agus na bearta ceartaitheacha a bhfuil nasc feidhmiúil acu leo a choinneáil ar bun.

(10)In 2020, mheas ICES go raibh bithmhais scadáin Mhuir Bhailt tar éis titim faoi bhun an Btrigger, agus in 2021 go raibh sí gar don Blim. I mbliana, measann ICES go bhfuil méadú tagtha ar an mbithmhais ach go bhfuil sí fós faoi bhun an Btrigger. Braitheann an stoc ar aoisrang na bliana 2019 amháin, agus tá éagsúlacht mhór sa mheastachán ar a neart ó bhí 2020 ann. Is iomchuí dá bhrí sin na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/1139.

(11)Tá bithmhais scadáin Mhurascaill na Boitnia ag laghdú go leanúnach ó bhí 2010 ann. In 2019, chinn ICES comhairle a sholáthar bunaithe ar an gcur chuige a forbraíodh le haghaidh stoic atá teoranta ó thaobh sonraí de, mar gheall ar chlaonadh cúlghabhálach láidir sa mheasúnú ar stoc. Tar éis mionanailís a dhéanamh, bhí ICES in ann comhairle faoin uastáirgeacht inbhuanaithe a sholáthar arís in 2021. Ba í an chomhairle nuashonraithe le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh 2021 a mhéadú go substaintiúil, bunaithe ar an meastachán go raibh méadú ag teacht ar an mbithmhais ar deireadh. Ba í an chomhairle ó ICES le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta a laghdú de bheagán. Mar sin féin, sa chomhairle le haghaidh 2023, rinne ICES athbhreithniú mór anuas ar bhithmhais an stoic. De réir ICES, is é is dóichí gurb í an bhithmhais níos lú sin is cúis leis an laghdú leanúnach ar mhéid na scadán. Measann ICES go bhfuil bithmhais an stoic díreach os cionn an Btrigger anois. Is é an pointe íosta de raon an FMSY an taon chás gabhála a mhol ICES a choinneodh an stoc os cionn an Btrigger in 2024. I bhfianaise fhorbairt dhiúltach an stoic agus ionas nach dtitfidh an stoc faoi bhun an Btrigger, is iomchuí na deiseanna iascaireachta a shocrú ag an bpointe íosta den FMSY.

(12)De réir na comhairle ó ICES maidir leis an leathóg, bíonn troisc á bhfoghabháil in iascaigh leathóg. De réir na comhairle ó ICES maidir leis an salán, gabhtar saláin in iascach measctha le scadáin agus is speiceas creiche don trosc é. Is iomchuí na hidirghníomhaíochtaí ilspeiceas sin a chur san áireamh agus na deiseanna iascaireachta a shocrú le haghaidh leathóg agus salán araon i raon íosta an FMSY.

(13)Maidir le bradáin i bhforanna 22 go 31 ICES, tá ICES ag rá le roinnt blianta go raibh stádas stoc na naibhneacha anilchineálach. In 2021, i ndiaidh anailís dhomhain, mhol ICES gur cheart, chun stoic laga na naibhneacha a chosaint, deireadh a chur le gach gabháil tráchtála agus áineasa sa phríomhimchuach, ar iascaigh mheasctha iad ó nádúr a ghabhann bradáin ó stoic shláintiúla agus stoic laga ó na haibhneacha. Mheas ICES, áfach, go bhféadfaí leanúint den iascach dírithe atá ann cheana i limistéir chósta Mhurascaill na Boitnia agus Mhuir Åland le linn imirce shamhraidh na mbradán. Dá bhrí sin, socraíodh TAC sonrach le haghaidh foghabhálacha bradán sna limistéir sin, cé is moite de na cásanna seo a leanas: (i) oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, má dhéantar iad i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241; agus (ii) iascaigh chósta lastuaidh de dhomhanleithead 59°30’T idir an 1 Bealtaine agus an 31 Lúnasa. Glacadh bearta ceartaitheacha breise a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta freisin, i bhfoirm srianta ar úsáid spiléar agus teorainn laethúil gabhála in iascaigh áineasa. In 2022, thug ICES a chomhairle ar aghaidh ó 2021. Dá bhrí sin, is iomchuí leibhéal na ndeiseanna iascaireachta agus na bearta ceartaitheacha atá nasctha go feidhmiúil leo a choinneáil ar bun agus a shoiléiriú an tráth céanna nach gceadaítear teicnící gabhála agus scaoilte saor áineasa.

(14)Chun úsáid iomlán na ndeiseanna iascaireachta cósta a áirithiú, tugadh isteach solúbthacht theoranta idirlimistéir do bhradáin idir foranna 22 go 31 ICES agus foroinn 32 ICES in 2019. I bhfianaise na ndeiseanna iascaireachta gan athrú le haghaidh an dá stoc sin, is iomchuí an tsolúbthacht atá ann faoi láthair a choinneáil ar bun.

(15)Toirmeasc a chur ar iascaireacht ar bhric gheala thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte agus teorannú a dhéanamh ar fhoghabhálacha breac geal go 3 % den chomhghabháil breac geal agus bradán, bhí ról mór acu maidir le laghdú substaintiúil ar an míthuairisciú nach beag a bhí ann roimhe seo ar ghabhálacha san iascach bradán, go háirithe iad siúd a thuairiscítí mar ghabhálacha breac geal. Is iomchuí dá bhrí sin an fhoráil ábhartha a choinneáil ar bun chun an míthuairisciú a choinneáil ag leibhéal íseal.

(16)Ba cheart bearta maidir le hiascaigh áineasa trosc agus bradán, agus bearta chun na stoic breac geal agus bradán a chaomhnú, a bheith gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagail 19 agus 20 de Rialachán (AE) 1380/2013.

(17)Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle 7 , agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 de, maidir le gabhálacha agus an iarracht iascaireachta a thaifeadadh, agus maidir le sonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta a tharchur chuig an gCoimisiún, faoi seach. Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo, dá bhrí sin, na cóid a bhaineann le stoic a thabhairt i dtír faoi réir an Rialacháin seo atá le húsáid ag na Ballstáit agus sonraí á seoladh chuig an gCoimisiún acu.

(18)Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle 8 , leagadh síos coinníollacha breise maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena náirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 dá chuid, forálacha solúbthachta le haghaidh stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim agus anailíseacha, faoi seach. Ordaíonn Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 go mbíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus na TACanna á socrú aici, cé na stoic nár cheart feidhm a bheith ag Airteagail 3 ná 4 maidir leo, go háirithe bunaithe ar stádas bitheolaíoch na stoc. Níos déanaí fós, le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 tugadh isteach an sásra solúbthachta ó bhliain go bliain le haghaidh na stoc uile atá faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara, a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh agus a chuirfeadh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a chur in iúl go ríshoiléir nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 ná 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ach amháin maidir le TACanna anailíseacha i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(19)Tá bithmhais stoc throisc Mhuir Bhailt Thoir, throisc Mhuir Bhailt Thiar agus scadáin Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun an Blim agus ní cheadófar ach foghabhálacha, iascaigh eolaíocha agus, i gcás scadáin Mhuir Bhailt Thiar, iascaigh chósta áirithe ar mionscála in 2023. Dá bhrí sin, tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit a bhfuil sciar cuóta den TAC ábhartha acu gan an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis na stoic sin in 2023, ionas nach rachaidh gabhálacha in 2023 thar an TAC a socraíodh le haghaidh throisc Mhuir Bhailt Thoir, scadáin Mhuir Bhailt Thiar agus throisc Mhuir Bhailt Thiar. Thairis sin, laisteas de dhomhanleithead 59°30’T, tá bithmhais beagnach gach stoc bradán ó na haibhneacha faoi bhun an phointe tagartha teorann do tháirgeadh gealóg (Rlim) agus ní cheadófar ach iascaigh foghabhála agus eolaíocha in 2023. Dá bhrí sin, thug na Ballstáit ábhartha gealltanas comhchosúil maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain a bhaineann le gabhálacha bradán sa phríomhimchuach in 2023.

(20)Le Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle 9 leagtar síos deiseanna iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022 i roinn 3a ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4, agus in uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a. Is ón 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair a bheidh an tréimhse iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach. Chun go bhféadfar tús a chur leis an iascach an 1 Samhain 2022, agus bunaithe ar chomhairle eolaíoch nua agus tar éis dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe, is gá réamhTAC a shocrú le haghaidh trosc Ioruach i roinn 3a ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4, agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022. Ba cheart an TAC réamhchúraim sin a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle ó ICES a foilsíodh an [7 Deireadh Fómhair 2022]. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2022/109 a leasú dá réir.

(21)Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le Muir Bhailt ón 1 Eanáir 2023. Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/109 ón 1 Eanáir 2022. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le troisc Ioruacha i roinn 3a ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES, agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023, ós rud é gurb é sin séasúr iascaireachta an troisc Ioruaigh. Ar chúiseanna práinne, i bhfianaise an ghá atá ann leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe agus tús a chur leis na hiascaigh ábhartha in am d’oscailt na séasúr iascaireachta, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm díreach tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc i Muir Bhailt le haghaidh 2023 agus leasaítear deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile arna socrú le Rialachán (AE) 2022/109.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais a oibríonn i Muir Bhailt.

2.Tá feidhm aige freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite dóibh sna forálacha ábhartha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘foroinn’ foroinn de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) de Mhuir Bhailt mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 ;

(2)ciallaíonn ‘an ghabháil iomlán is incheadaithe’ (TAC) líon gach stoic ar ceadmhach a ghabháil in imeacht bliana;

(3)ciallaíonn ‘cuóta’ an cion den TAC a chionroinntear ar an Aontas, ar Bhallstát nó ar thríú tír;

(4)ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara, le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt mar shampla.

CAIBIDIL II

DEISEANNA IASCAIREACHTA

Airteagal 4

TACanna agus cionrannta

Leagtar amach san Iarscríbhinn na TACanna, na cuótaí agus na coinníollacha a bhaineann go feidhmiúil leo seo, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 5

Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta

Beidh cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát, mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo, gan dochar do na nithe seo a leanas:

(a)malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)asbhaintí agus athchionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(c)gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d)cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó a aistríodh faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(e)asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 6

Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír

Sainaithnítear sna táblaí ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo stoic na speiceas nach spriocspeicis iad laistigh de na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 atá incháilithe don mhaolú ar an oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh an chuóta ábhartha.

Airteagal 7

Tréimhsí coiscthe chun sceitheadh trosc a chosaint

1.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 25 agus 26 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

2.De mhaolú ar mhír 1, ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin sna cásanna seo a leanas:

(a)le haghaidh oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;

(b)le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna comhchosúla éighníomhacha i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

(c)le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 25 ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealaimh á núsáid acu arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, i limistéir inar lú ná 50 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír.

3.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 22 agus 23 ón 15 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa.

4.De mhaolú ar mhír 3, ní bheidh feidhm ag an toirmeasc sin sna cásanna seo a leanas:

(a)le haghaidh oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;

(b)le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna comhchosúla éighníomhacha i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

(c)le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 24 ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealaimh á núsáid acu arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, i limistéir inar lú ná 40 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír;

(d)le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht le dreidirí ar mhoilisc dhébhlaoscacha i bhforoinn 22 i limistéir ar lú doimhneacht an uisce ná 20 méadar de réir na gcomhordanáidí ar an muirchairt oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla.

5.Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) nó (c), agus mír 4, pointe (b), (c),nó (d), go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit inniúil faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíocht iascaireachta tráth ar bith.

Airteagal 8

Bearta maidir le hiascaigh áineasa trosc i bhforanna 22 go 26

1.In iascaigh áineasa, ní fhéadfar níos mó ná aon eiseamal amháin den trosc a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae i bhforanna 22 agus 23, agus i bhforoinn 24 laistigh de sé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte. Ón 15 Eanáir go dtí an 31 Márta, áfach, beidh toirmeasc ar iascaigh áineasa trosc sna limistéir seo.

2.Toirmeascfar iascaigh áineasa trosc i bhforoinn 24 thar sé mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte, agus i bhforanna 25 agus 26.

3.Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagal 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 9

Bearta maidir le hiascaigh áineasa bradán i bhforanna 22 go 31

1.Toirmeascfar iascaigh áineasa bradán, lena náirítear iascaireacht gabhála agus scaoilte saor bradán, i bhforanna 22 go 31. Aon eiseamal den bhradán a gabhadh de thaisme, cuirfear ar ais san fharraige láithreach bonn é.

2.De mhaolú ar mhír 1, déanfar iascaigh áineasa bradán a cheadú faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)ní fhéadfar níos mó ná aon eiseamal amháin den bhradán eiteghearrtha saille a ghabháil agus a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae;

(b)déanfar gach eiseamal d’aon speiceas éisc a choinnítear a thabhairt i dtír ina eiseamal iomlán.

3.De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, déanfar iascaigh áineasa bradán lastuaidh de dhomhanleithead 59°30’T a cheadú ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte.

4.Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagal 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 10

Bearta maidir le stoic na mbreac geal agus na mbradán i bhforanna 22 go 32 a chaomhnú

1.Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais bric gheala a iascach thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 22 go 32 ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023. Nuair a bheifear ag iascaireacht bradán thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforoinn 32, ní rachaidh foghabhálacha breac geal thar 3 % den ghabháil iomlán bradán agus breac geal a bheidh ar bord tráth ar bith nó a tugadh i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

2.Beidh toirmeasc ar iascaireacht le spiléir thar cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte i bhforanna 22 go 31.

3.Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine faoi Airteagal 19 agus 20 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 11

Solúbthacht

1.Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim, agus beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus ag Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TAC anailíseach.

2.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) ná Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n‐úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 12

Tarchur sonraí

Nuair a sheolfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cainníochtaí stoc arna ngabhail nó arna dtabhairt i dtír chuig an gCoimisiún de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Leasú ar Rialachán (AE) 2022/109

I gCuid B d’Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/109, cuirfear an méid seo a leanas in ionad an tábla a bhaineann le deiseanna iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara i roinn 3a ICES, in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES:

Speiceas:

an trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara

Limistéar:

3a; uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a

 

Trisopterus esmarkii

 

(NOP/2A3A4.)

 

 

Bliain

2022

2023

 

TAC anailíseach

 

An Danmhairg

49 478

(1)(3)

pro memoria (pm)

(1)(6)

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Ghearmáin

9

(1)(2)(3)

pm

(1)(2)(6)

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Ísiltír

36

(1)(2)(3)

pm

(1)(2)(6)

An tAontas

49 524

(1)(3)

pm

(1)(6)

An Ríocht Aontaithe

10 204

pm

An Iorua

0

(4)

pm

(4)

Oileáin Fharó

0

(5)

pm

(5)

TAC

59 728

 

 

 

 

 

(1)

Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina bhfoghabhálacha cadóg agus faoitíní (OT2/* 2A3A4). Foghabhálacha cadóg agus faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(2)

Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéir 2a, 3a agus 4 ICES.

(3)

Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022.

(4)

Bainfear úsáid as greille shórtála.

(5)

Bainfear úsáid as greille shórtála. Áirítear leis seo uasmhéid 15 % d’fhoghabhálacha dosheachanta (NOP/*2A3A4), nach mór a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo.

(6)

Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.

 

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Ina ainneoin sin, beidh feidhm ag Airteagal 13 ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(2)    Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).
(3)     http://www.ices.dk/advice/Pages/Latest-Advice.aspx .
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(5)    Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).
(7)    Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009, lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008 agus (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 ( IO L 343, 22.12.2009, lch. 1 ).
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).
(9)    Rialachán (AE) 2022/109 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 21, 31.1.2022, lch. 1).
(10)    Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).

An Bhruiséil,23.8.2022

COM(2022) 415 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena socraítear na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt le haghaidh 2023 agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/109 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile


NA TACanna IS INFHEIDHME MAIDIR LE SOITHÍ IASCAIREACHTA AN AONTAIS I LIMISTÉIR ARB ANN DO TACanna INA LEITH DE RÉIR SPEICIS AGUS DE RÉIR LIMISTÉIR

Déantar leis na táblaí seo a leanas na TACanna agus na cuótaí a leagan amach (ina dtonaí beomheáchain, seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt) de réir stoic, agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.

Is tagairtí do limistéir ICES iad na tagairtí do limistéir iascaireachta, mura sonraítear a mhalairt.

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag an gcomhfhreagairt seo a leanas idir ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Clupea harengus

HER

An scadán

Gadus morhua

COD

An trosc

Pleuronectes platessa

PLE

An leathóg

Salmo salar

SAL

An bradán Atlantach

Sprattus sprattus

SPR

An salán

Tábla 1

Speiceas:

An scadán

 

 

Limistéar:

Foranna 30-31

 

 

Clupea harengus

 

 

(HER/30/31.)

 

An Fhionlainn

 

65 649

TAC anailíseach

 

 

An tSualainn

14 425

An tAontas

80 074

TAC

 

80 074

 

 

 

 

 

Tábla 2

 

 

 

 

 

 

 

 

Speiceas:

An scadán

 

 

Limistéar:

Foranna 22-24

 

 

Clupea harengus

 

 

(HER/3BC+24)

 

An Danmhairg

 

110

(1)

TAC anailíseach

 

 

An Ghearmáin

435

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Fhionlainn

0

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Pholainn

103

(1)

An tSualainn

140

(1)

An tAontas

788

(1)

TAC

788

(1)

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an scadán ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

 

De mhaolú ar an gcéad mhír, ceadaítear iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta sin i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin, doruithe láimhe, eangacha sáinne nó trealamh díreoige. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.

Tábla 3

Speiceas:

An scadán

 

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhForanna 25-27, 28.2, 29 agus 32

 

Clupea harengus

 

 

(HER/3D-R30)

 

An Danmhairg

 

1 343

TAC anailíseach

 

 

An Ghearmáin

356

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Eastóin

6 859

An Fhionlainn

13 388

An Laitvia

1 693

An Liotuáin

1 782

An Pholainn

15 210

An tSualainn

20 420

An tAontas

61 051

TAC

 

Ní bhaineann le hábhar

 

 

 

 

 

Tábla 4

Speiceas:

An scadán

 

 

Limistéar:

Foroinn 28.1

 

 

Clupea harengus

 

 

(HER/03D.RG)

 

An Eastóin

 

21 078

TAC anailíseach

 

 

An Laitvia

24 565

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An tAontas

45 643

TAC

 

45 643

 

 

 

 

 

Tábla 5

Speiceas:

An trosc

 

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhForanna 25-32

 

Gadus morhua

 

 

(COD/3DX32.)

 

An Danmhairg

 

137

(1)

TAC réamhchúraim

 

 

An Ghearmáin

54

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

13

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Fhionlainn

10

(1)

An Laitvia

51

(1)

An Liotuáin

33

(1)

An Pholainn

159

(1)

An tSualainn

138

(1)

An tAontas

595

(1)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(1)

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

 

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an trosc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

Tábla 6

Speiceas:

An trosc

 

 

Limistéar:

Foranna 22-24

 

 

Gadus morhua

 

 

(COD/3BC+24)

 

An Danmhairg

 

214

(1)

TAC anailíseach

 

 

An Ghearmáin

104

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

5

(1)

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Fhionlainn

4

(1)

An Laitvia

18

(1)

An Liotuáin

11

(1)

An Pholainn

57

(1)

An tSualainn

76

(1)

An tAontas

489

(1)

TAC

489

(1)

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

 

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an trosc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

Tábla 7

Speiceas:

An leathóg

 

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

 

Pleuronectes platessa

 

 

(PLE/3BCD-C)

 

An Danmhairg

 

8 105

TAC anailíseach

 

 

An Ghearmáin

900

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Pholainn

1 697

An tSualainn

611

An tAontas

11 313

TAC

 

11 313

 

 

 

 

 

Tábla 8

Speiceas:

An bradán Atlantach

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhForanna 22-31

 

Salmo salar

 

 

(SAL/3BCD-F)

 

An Danmhairg

 

13 223

(1)(2)

TAC anailíseach

 

 

An Ghearmáin

1 471

(1)(2)

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Eastóin

1 344

(1)(2)(3)

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Fhionlainn

16 488

(1)(2)

An Laitvia

8 411

(1)(2)

An Liotuáin

989

(1)(2)

An Pholainn

4 011

(1)(2)

An tSualainn

17 874

(1)(2)

An tAontas

63 811

(1)(2)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(1)

Arna shloinneadh de réir líon na n‑iasc aonair.

 

 

 

(2)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an mbradán ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin i gcomhréir iomlán leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ceadófar iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta seo i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais ó thuaidh go domhanleithead 59°30’N i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte le linn na tréimhse ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

(3)

Coinníoll speisialta: ní fhéadfar iascaireacht a dhéanamh ar níos mó ná 450 eiseamal den chuóta seo in uiscí an Aontais i bhforoinn 32 (SAL/*3D32)

Tábla 9

Speiceas:

An bradán Atlantach

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforoinn 32

 

Salmo salar

 

 

(SAL/3D32.)

 

An Eastóin

 

969

(1)

TAC réamhchúraim 

 

 

An Fhionlainn

8 486

(1)

An tAontas

9 455

(1)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(1)

Arna shloinneadh de réir líon na n‑iasc aonair.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tábla 10

Speiceas:

An salán

 

 

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

 

Sprattus sprattus

 

 

(SPR/3BCD-C)

 

An Danmhairg

 

19 882

TAC anailíseach

 

 

An Ghearmáin

12 596

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Eastóin

23 087

An Fhionlainn

10 408

An Laitvia

27 884

An Liotuáin

10 087

An Pholainn

59 174

An tSualainn

38 436

An tAontas

201 554

TAC

 

Ní bhaineann le hábhar