An Bhruiséil,18.8.2022

COM(2022) 414 final

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

Cuireann an intleacht shaorga (IS) deiseanna iontacha ar fáil don tsochaí, don chomhshaol agus don gheilleagar. Ag an am céanna, ag brath ar na himthosca a bhaineann lena cur i bhfeidhm agus lena húsáid shonrach, d’fhéadfadh intleacht shaorga áirithe díobháil ábhartha nó neamhábhartha a dhéanamh agus d’fhéadfadh sí rioscaí a chruthú do leasanna an phobail agus do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair. Dá bhrí sin, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin agus chun leas a bhaint as acmhainneacht na hintleachta saorga, tá ríthábhacht le creat dlíthiúil comhleanúnach le haghaidh na hintleachta saorga, creat lena gcosnaítear leasanna poiblí agus cearta bunúsacha den sórt sin, agus muinín agus nuálaíocht á gcothú ag an am céanna.

I mí Aibreáin 2021, mhol an Coimisiún Eorpach rialachán cuimsitheach maidir leis an intleacht shaorga lena ndéanfaí na rialacha maidir le córais intleachta saorga i ngach ceann de 27 mBallstát an Aontais a chomhchuibhiú 1 . Tá Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta faoi láthair maidir leis an togra i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Tá eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla, lena náirítear Comhairle na hEorpa, tar éis dlús a chur lena niarrachtaí sa réimse sin freisin, agus aitheantas á thabhairt acu do chineál trasteorann na hintleachta saorga agus don ghá atá le comhar idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin choiteanna.

I dtreo coinbhinsiúin de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta

Ar an 11 Meán Fómhair 2019, chinn Coiste Airí Chomhairle na hEorpa Coiste Ad hoc um an Intleacht Shaorga (CAHAI) a bhunú 2 . Ba é an cúram a bhí air scrúdú a dhéanamh ar indéantacht creata dhlíthiúil maidir leis an intleacht shaorga a fhorbairt, a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, agus ar na gnéithe a d’fhéadfadh a bheith ann, agus caighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta, mar aon le hionstraimí dlí idirnáisiúnta ábhartha atá ann cheana, á gcur san áireamh 3 . Bunaíodh obair CAHAI ar staidéar indéantachta 4 agus ar chomhairliúchán le hilpháirtithe leasmhara a rinneadh in earrach na bliana 2021 5 . An 3 Nollaig 2021, chuir CAHAI a chúram i gcrích, agus chuir sé doiciméad toraidh ar fáil inar sainaithníodh na gnéithe a d’fhéadfadh a bheith i gcreat dlíthiúil den sórt sin 6 . De réir an doiciméid, tá gá le hionstraim dlí ina bhfuil prionsabail bhunúsacha maidir le cosaint dhínit an duine agus an urraim do chearta an duine, don daonlathas, agus don smacht reachta chun córais intleachta saorga a fhorbairt, a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Leis an ionstraim, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le modheolaíocht a bhunú le haghaidh aicmiú riosca na gcóras intleachta saorga, modheolaíocht ina mbeidh na catagóirí ‘ísealriosca’, ‘ardriosca’ agus ‘riosca do-ghlactha’. Ba cheart cosc a chur ar fheidhmchláir intleachta saorga a bhfuil rioscaí ‘do-ghlactha’ ag baint leo 7 . Chun claontacht nach bhfuil bonn cirt léi a sheachaint, ba cheart foráil a chur san áireamh maidir le cóir chomhionann agus neamhidirdhealú a urramú. Le coimircí dlíthiúla, ba cheart a ráthú ar a laghad an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair údarás náisiúnta, an ceart a bheith ar an eolas faoi chur i bhfeidhm córais intleachta saorga i bpróiseas cinnteoireachta, an ceart chun idirghníomhaíocht le duine a roghnú, agus an ceart chun a bheith ar an eolas go bhfuil ceann acu ag idirghníomhú le córas intleachta saorga. Mar sin féin, saincheisteanna sonracha amhail ionramháil inneachair (‘domhainbhrionnuithe’), ba cheart déileáil leo in ionstraimí earnála eile. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar cheanglas maidir le sásraí comhlíonta agus údaráis mhaoirseachta náisiúnta a chur ar bun. D’fhéadfadh samhail mheasúnaithe tionchair an ionstraim dlí a chomhlánú.

Cuireadh comharba ar CAHAI — an Coiste um an Intleacht Shaorga (CAI) — ar bun le haghaidh na tréimhse 2022-2024. De réir téarmaí tagartha CAI 8 , tugtar treoir dó próiseas caibidlíochta idirnáisiúnta a bhunú chun creat dlíthiúil a fhorbairt maidir le forbairt, dearadh agus cur i bhfeidhm na hintleachta saorga. Ba cheart an creat a bheith bunaithe ar chaighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta, agus ba cheart é a bheith ina chabhair leis an nuálaíocht. Tá an creat le dréachtú faoin 15 Samhain 2023 agus le cur i gcrích faoin am a gcuirfear deireadh le CAI in 2024. Agus téarmaí tagartha CAI á gcomhlíonadh aige, ba cheart dó a chuid oibre a chomhordú le coistí idir-rialtasacha eile agus le heintitis Chomhairle na hEorpa, ba cheart dó a chuid oibre a bhunú ar fhianaise láidir agus ar phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin, lena náirítear le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus fornáisiúnta, agus ba cheart doiciméad deiridh CAHAI a chur san áireamh.

An 4-6 Aibreán 2022, thionóil CAI a chéad chruinniú, cruinniú inar toghadh cathaoirleach, leasChathaoirleach agus biúró. An 30 Meitheamh 2022, thug Coiste Airí Chomhairle na hEorpa treoir do CAI ‘dul ar aghaidh go pras le hionstraim de chineál idirdhisciplíneach (‘coinbhinsiún’/‘creatchoinbhinsiún’) atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir leis an intleacht shaorga bunaithe ar chaighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta, í i gcomhréir lena théarmaí tagartha, í dírithe ar chomhphrionsabail ghinearálta, í fabhrach don nuálaíocht, agus í oscailte do rannpháirtíocht Stát nach Ballstáit iad, agus creataí dlíthiúla idirnáisiúnta ábhartha eile atá ann cheana nó iad siúd atá á bhforbairt á gcur san áireamh’ 9 .

Ina dhiaidh sin, scaip Cathaoirleach CAI ‘chéad dréacht’ den choinbhinsiún (chreat‑choinbhinsiún) a bheidh ann amach anseo lena leagtar síos prionsabail bhunúsacha agus rialacha bunúsacha arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil dearadh, forbairt agus cur i bhfeidhm na gcóras intleachta saorga comhsheasmhach le hurraim do chearta an duine, le feidhmiú an daonlathais agus le hurramú an smachta reachta. An coinbhinsiún (creatchoinbhinsiún) a bheidh ann amach anseo, ní mór é a chur chun feidhme i ndlínsí na bPáirtithe faoi seach. Leis an raon feidhme cumhdaítear soláthraithe poiblí agus príobháideacha agus úsáideoirí córas intleachta saorga araon, ach déantar córais intleachta saorga a bhaineann le cosaint náisiúnta a eisiamh. Sa chéad dréacht moltar na forálacha seo a leanas a bheith ann:

·cuspóir agus raon feidhme an choinbhinsiúin (creatchoinbhinsiún);

·sainmhínithe ar chóras intleachta saorga, saolré, soláthraí, úsáideoir agus ‘ábhar intleachta saorga’;

·prionsabail bhunúsacha áirithe, lena náirítear coimircí nóis imeachta agus cearta le haghaidh ábhair intleachta saorga a mbeadh feidhm acu maidir le gach córas intleachta saorga, gan beann ar a leibhéal riosca;

·bearta breise le haghaidh na hearnála poiblí chomh maith le córais intleachta saorga lena mbaineann leibhéil riosca ‘do-ghlactha’ agus ‘suntasacha’ arna sainaithint ar bhonn modheolaíocht um measúnú ar riosca agus ar thionchar (í le leagan amach níos déanaí in iarscríbhinn a ghabhann leis an gcoinbhinsiún);

·obair leantach agus sásra comhair idir na páirtithe;

·forálacha críochnaitheacha, lena náirítear an fhéidearthacht do Bhallstáit an Aontais dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ina gcaidreamh frithpháirteach le haghaidh ábhair a chumhdaítear leis an gcoinbhinsiún agus an fhéidearthacht don Aontas aontú leis an gcoinbhinsiún.

Pléifear an chéad dréacht ag seisiúin iomlánacha CAI in Strasbourg atáthar a bheartú le haghaidh an 21‑23 Meán Fómhair agus don 23-25 Samhain 2022. Tá ceithre chruinniú beartaithe freisin in 2023 agus cruinniú amháin in 2024.

Forais agus cuspóirí an togra

Cuirtear an moladh seo le haghaidh cinnidh faoi bhráid na Comhairle de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Leis an gcinneadh sin, d’údarófaí tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais le haghaidh coinbhinsiúin de chuid Chomhairle na hEorpa amach anseo maidir leis an intleacht shaorga, le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta, chun treoracha caibidlíochta a ghlacadh agus chun an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais.

Le hAirteagal 3(2) CFAE, déantar foráil go bhfuil inniúlacht neamheisiach ag an Aontas ‘i gcomhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích... a mhéid a d’fhéadfaí difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a d’fhéadfaí athrú a dhéanamh ar a raon feidhme le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe sin.’ Le comhaontú idirnáisiúnta, d’fhéadfaí difear a dhéanamh do chomhrialacha nó d’fhéadfaí athrú a dhéanamh ar a raon feidhme i gcás ina bhfuil forluí idir an réimse a chumhdaítear leis an gcomhaontú nó i gcás ina gcomhaontaítear an réimse le dlí an Aontais 10 .

I ndáil leis an méid sin, le dlí an Aontais déantar foráil maidir le sraith chuimsitheach comhrialacha an mhargaidh aonair le haghaidh táirgí 11 agus seirbhísí 12 ar féidir córais intleachta saorga a úsáid lena naghaidh. Thairis sin, ach córais áirithe intleachta saorga a fhorbairt agus a úsáid, d’fhéadfaí difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gceart bunúsach atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais 13 agus i reachtaíocht thánaisteach de chuid an Aontais, lena náirítear an ceart chun iomláine coirp agus meabhrach 14 , cosaint sonraí pearsanta 15 , príobháideachas 16 , neamhidirdhealú 17 , an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil 18 , toimhde na neamhchiontachta 19 , triail chothrom, agus leigheas éifeachtach 20 . D’fhéadfadh forbairt agus úsáid den sórt sin difear a dhéanamh freisin do na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe, lena náirítear dínit an duine, an daonlathas agus an smacht reachta 21 .

Ina theannta sin, chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil réimse cumhdaithe den chuid is mó faoi dhlí an Aontais, ní mór aird a thabhairt ní hamháin ar dhlí an Aontais mar atá sé faoi láthair sa réimse lena mbaineann, ach ar an bhforbairt a dhéanfar air amach anseo freisin, a mhéid is féidir sin a thuar tráth na hanailíse sin 22 . An réimse a chumhdaítear leis an gcoinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa a bheidh ann amach anseo maidir leis an intleacht shaorga, tá ábharthacht dhíreach ag baint leis maidir le forbairtí intuartha den sórt sin amach anseo, agus an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir leis an intleacht shaorga (‘an gníomh um an intleacht shaorga’) 23 á chur san áireamh, togra a cuireadh i láthair i mí Aibreáin 2021 agus ar a bhfuil caibidlíocht á déanamh faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

Caibidlíocht le haghaidh an choinbhinsiúin (chreat‑choinbhinsiúin) de chuid Chomhairle na hEorpa a bheidh ann amach anseo maidir leis an intleacht shaorga, tá ábharthacht dhíreach ag baint léi maidir le hábhair a bhaineann le hinniúlacht an Aontais agus tá forluí an‑suntasach idir an chéad dréacht den choinbhinsiún agus an gníomh um an intleacht shaorga atáthar a bheartú i dtéarmaí a raoin feidhme, a gcineáil agus a n‑ábhair. I bhfianaise an mhéid sin, tá sé tábhachtach go ndéanfar an chaibidlíocht thar ceann an Aontais ar bhealach lena n‑áiritheofar nach mbainfear an bonn de chomhsheasmhacht agus d’aonfhoirmeacht rialacha an Aontais maidir leis an intleacht shaorga ná d’fheidhmiú cuí an chórais a bhunaíonn siad agus go mbeidh an coinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa a bheidh ann amach anseo go hiomlán comhsheasmhach le dlí an Aontais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo sa réimse sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

An 21 Aibreán 2021, mhol an Coimisiún rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas. Is iad an dá chuspóir atá ag an togra margadh aonair a chruthú chun forbairt na hintleachta saorga agus an glacadh atá léi a chur chun cinn, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar rioscaí don tsábháilteacht, don tsláinte agus do chearta bunúsacha. Is de chineál cothrománach é an togra, togra is infheidhme maidir le soláthraithe agus le húsáideoirí córas intleachta saorga, gan beann ar iad a bheith ina n‑eintitis phoiblí nó phríobháideacha. Córais intleachta saorga a fhorbraítear nó a úsáidtear chun críocha míleata go heisiach, déantar iad a eisiamh ón raon feidhme.

Leis an togra, leagtar síos ceanglais agus oibleagáidí comhréireacha atá teoranta don íosmhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha, gan bac a chur ar fhorbairt theicneolaíoch na hintleachta saorga ná méadú díréireach a dhéanamh ar ualaí airgeadais agus riaracháin ar oibreoirí. Chun na críche sin, sa togra leantar cur chuige rioscabhunaithe lena n‑aicmítear córais intleachta saorga i gcatagóirí éagsúla, eadhon ‘riosca do-ghlactha’, ‘ardriosca’, ‘riosca trédhearcachta’, agus ‘ísealriosca’ nó ‘mionriosca’.

·Táthar ag beartú toirmeasc a chur ar chórais intleachta saorga a mheastar nach luíonn siad le luachanna an Aontais agus atá ina mbagairt shoiléir ar shábháilteacht, ar shlí bheatha nó ar chearta daoine, córais lena mbaineann ‘riosca do-ghlactha’ (e.g. scóráil shóisialta ag údaráis phoiblí, cleachtais chúblála díobhálacha intleachta saorga, ciansainaithint bhithmhéadrach fíor-ama chun críocha fhorfheidhmiú an dlí i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, faoi réir roinnt eisceachtaí teoranta).

·Ní mór seiceálacha comhréireachta a dhéanamh ar chórais intleachta saorga ‘ardriosca’ lena mbaineann rioscaí suntasacha don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha agus ní mór dóibh ceanglais éigeantacha áirithe a chomhlíonadh (e.g. i ndáil le bainistiú riosca, cáilíocht sonraí, doiciméadacht, trédhearcacht, formhaoirseacht dhaonna, cruinneas, cibearshlándáil) sular féidir na córais sin a chur ar an margadh nó a úsáid san Aontas. Cuirtear oibleagáidí faireacháin agus maoirseachta comhréireacha agus éifeachtacha ar sholáthraithe agus ar úsáideoirí freisin, agus sainítear go soiléir na róil agus na freagrachtaí atá orthu ar fud an tslabhra luacha gan difear a dhéanamh d’oibleagáidí eile faoi reachtaíocht earnála.

·Maidir le córais intleachta saorga lena mbaineann ‘riosca trédhearcachta’, ba cheart daoine a chur ar an eolas nuair a bhíonn siad ag idirghníomhú le córais den sórt sin nó nuair a bhíonn siad neamhchosanta orthu (e.g. botaí comhrá, córais um aithint mothúchán nó um chatagóiriú bithmhéadrach, domhainbhrionnuithe).

·Gach córas eile lena mbaineann ‘mionriosca’ nó ‘ísealriosca’ don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha, ceadaítear iad gan a thuilleadh srianta, ach is féidir le soláthraithe cóid iompair dheonacha a chomhlíonadh.

Tá an togra á phlé ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

Leis an gcaibidlíocht faoin gcoinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa a bheidh ann amach anseo maidir leis an intleacht shaorga, le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta, ba cheart a áirithiú go mbeidh na forálacha a comhaontaíodh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le hoibleagáidí na mBallstát faoi, agus aird á tabhairt ar an bhforbairt a dhéanfar uirthi amach anseo agus ar an ngníomh um an intleacht shaorga atáthar a bheartú. Beidh sé riachtanach freisin a áirithiú go mbeidh clásal dícheangail sa choinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa, ar clásal é lena gceadófar do Bhallstáit an Aontais a bheidh ina bPáirtithe sa choinbhinsiún an caidreamh eatarthu féin a rialáil ar bhonn dhlí an Aontais. An gníomh um an intleacht shaorga atáthar a bheartú, de réir mar a fhorbraítear é sa nós imeachta reachtach agus sa chaibidlíocht a rinne na comhreachtóirí agus ar deireadh ina fhoirm dheiridh (glactha), ba cheart é a chaomhnú i measc Bhallstáit an Aontais. Ba cheart an tAontas Eorpach a bheith in ann aontú leis an gcoinbhinsiún freisin mar pháirtí.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá ábharthacht ag an moladh maidir le tionscnaimh eile de chuid an Choimisiúin atá ar siúl nó atá beartaithe agus arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhaineann le córais intleachta saorga a fhorbairt nó a úsáid, fadhbanna a shainaithnítear sa Pháipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga 24 . Ar na tionscnaimh eile sin, tá athbhreithniú ar reachtaíocht earnála táirgí (e.g. an Treoir maidir le hInnealra 25 , an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí) 26 agus tionscnaimh atá ar na bacáin lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna dliteanais a bhaineann le teicneolaíochtaí nua, lena náirítear córais intleachta saorga.

Tá an moladh comhsheasmhach freisin le straitéis dhigiteach fhoriomlán an Choimisiúin atá dírithe ar theicneolaíocht a chur chun cinn a fhóireann do dhaoine, ceann de na trí phríomhchuspóir san fhís bheartais a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Shaping Europe’s Digital Future’ [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] 27 . Is é is aidhm dó a áirithiú go bhforbrófar an intleacht shaorga ar bhealaí ina dtugtar urraim do chearta an duine agus lena dtuilltear muinín na ndaoine, rud a fhágann go mbeidh an Eoraip oiriúnach don ré dhigiteach agus go ndéanfar an ‘Deacáid Dhigiteach’ de na deich mbliana amach romhainn 28 .

Leis an moladh atáthar a bheartú, neartaítear go suntasach ról an Aontais maidir le noirm agus le caighdeáin dhomhanda a mhúnlú agus maidir le hintleacht shaorga iontaofa a chur chun cinn atá comhsheasmhach le luachanna agus le leasanna an Aontais. Cuireann sé bonn cumhachtach faoin Aontas chun taidhleoireacht dhigiteach an Aontais 29 a neartú agus chun caibidlíocht a dhéanamh le tíortha Eorpacha eile agus le tíortha neamhEorpacha ar an gcéad chomhaontú idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga atá ceangailteach ó thaobh dlí, bunaithe ar luachanna agus ar phrionsabail chomhroinnte.

2;BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Le hAirteagal 218(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar foráil go gcuirfidh an Coimisiún moltaí faoi bhráid na Comhairle, agus, ar a dhéanamh sin dó, go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena n‑údarófar an chaibidlíocht a thosú agus go n‑ainmneoidh sí idirbheartaí an Aontais. De réir Airteagal 218(4) den CFAE, féadfaidh an Chomhairle treoracha a dhíriú chuig an idirbheartaí.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Leis an ngníomh um an intleacht saorga atáthar a bheartú, leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga san Aontas, rud a chuireann cosc ar na Ballstáit srianta breise a fhorchur, mura rud é go n‑údaraítear sin go sainráite leis an nGníomh. Faoi hAirteagal 3(2) den CFAE, déantar foráil go bhfuil inniúlacht neamheisiach ag an Aontas ‘i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích... a mhéid a d’fhéadfaí difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a d’fhéadfaí athrú a dhéanamh ar a raon feidhme leis na comhaontuithe sin. Dá bhrí sin, maidir le gach ábhar a bhaineann le córais intleachta saorga a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, arb ábhair iad a chumhdaítear den chuid is mó i ndlí an Aontais nó atá le cumhdach tar éis na forbartha is féidir a thuar ar dhlí an Aontais amach anseo agus go háirithe an gníomh um an intleacht shaorga atáthar a bheartú, ba cheart inniúlacht a bheith ag an Aontas caibidlíocht a dhéanamh ar an gcoinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga a bheidh ann amach anseo.

Comhréireacht

Ní théann an tionscnamh seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí beartais atá i gceist a ghnóthú.

An rogha ionstraime

Moladh le haghaidh cinneadh ón gComhairle is ea rogha na hionstraime, mar a leagtar síos in Airteagal 218(3) agus (4) CFAE.

3;TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuir an Coimisiún san áireamh tuairimí a chuir saineolaithe ó na Ballstáit in iúl sa phlé sa mheitheal ábhartha de chuid na Comhairle chun ullmhú don chaibidlíocht.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach

Cearta bunúsacha

Leis an ngníomh um an intleacht shaorga atáthar a bheartú agus leis an gcoinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa atá á meas araon, féachtar le rioscaí a íoslaghdú agus le hardleibhéal cosanta a áirithiú do chearta bunúsacha ar a bhféadfaí, in imthosca áirithe, tionchar diúltach a imirt de dheasca fhorbairt agus úsáid na hintleachta saorga, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna d’acmhainneacht na hintleachta saorga feidhmiú na gceart sin sa timpeallacht dhigiteach a chosaint agus a éascú agus dea-bhail shochaíoch agus chomhshaoil agus dul chun cinn teicneolaíoch a fheabhsú.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní mheastar go mbeidh aon impleacht bhuiséadach ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Táthar ag súil go mairfidh an próiseas caibidlíochta go dtí 2024, agus ina dhiaidh sin féadfar an coinbhinsiún a shíniú agus a thabhairt i gcrích.

Moladh le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 218(3) agus (4) de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)In 2021, bhunaigh Coiste Airí Chomhairle na hEorpa Coiste um an Intleacht Shaorga (CAI) le haghaidh na tréimhse 2022-2024, coiste ar ar cuireadh de chúram próiseas caibidlíochta idirnáisiúnta a bhunú chun creat dlíthiúil a fhorbairt maidir leis an intleacht shaorga a fhorbairt, a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, é bunaithe ar chaighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta, agus é fabhrach don nuálaíocht 30 .

(2)An 30 Meitheamh 2022, thug Coiste Airí Chomhairle na hEorpa treoir don Choiste um an Intleacht Shaorga ‘dul ar aghaidh go pras le hionstraim de chineál idirdhisciplíneach (‘coinbhinsiún’/‘creatchoinbhinsiún’) atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir leis an intleacht shaorga bunaithe ar chaighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta, í i gcomhréir lena théarmaí tagartha, í dírithe ar chomhphrionsabail ghinearálta, í fabhrach don nuálaíocht, agus í oscailte do rannpháirtíocht Stát nach Ballstáit iad, agus creataí dlíthiúla idirnáisiúnta ábhartha eile atá ann cheana nó iad siúd atá á bhforbairt á gcur san áireamh 31 .

(3)Ina dhiaidh sin, mhol Cathaoirleach an Choiste um an Intleacht Shaorga chéad dréacht den choinbhinsiún (chreatchoinbhinsiún) a mbeadh feidhm aige maidir le córais intleachta saorga a dhearadh, fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Áirítear an méid seo a leanas sa chéad dréacht: forálacha maidir le cuspóir agus sprioc, raon feidhme, sainmhínithe, prionsabail bhunúsacha lena náirítear coimircí nóis imeachta agus cearta is infheidhme maidir le gach córas intleachta saorga gan beann ar a leibhéal riosca, bearta breise le haghaidh córais intleachta saorga san earnáil phoiblí agus le haghaidh córais intleachta saorga a bhfuil leibhéil riosca atá ‘do-ghlactha’ agus ‘suntasach’ ag baint leo, sásra leantach agus comhair; forálacha críochnaitheacha, lena náirítear an fhéidearthacht go naontóidh an tAontas leis an gcoinbhinsiún; agus aguisín, atá á fhorbairt, maidir le modheolaíocht le haghaidh measúnú riosca agus tionchair ar chórais intleachta saorga.

(4)Ghlac an tAontas comhrialacha ar a mbeidh tionchar ag na gnéithe atáthar a mheas le haghaidh an choinbhinsiúin de chuid Chomhairle na hEorpa. Áirítear leis sin go háirithe sraith chuimsitheach rialacha i réimse an mhargaidh aonair le haghaidh táirgí 32 agus seirbhísí 33 ar féidir córais intleachta saorga a úsáid ina leith, chomh maith le rialacha maidir le cosaint na gceart bunúsach a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh 34 agus a chuirtear chun feidhme i reachtaíocht thánaisteach an Aontais 35 , i bhfianaise gur dócha go ndéanfaidh forbairt agus úsáid córas intleachta saorga áirithe dochar do na cearta sin in imthosca áirithe.

(5)Thairis sin, an 21 Aibreán 2021, thíolaic an Coimisiún togra reachtach le haghaidh rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga 36 , rialachán ar a bhfuil caibidlíocht á déanamh faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Tá forluí mór idir an coinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa atá beartaithe agus an togra reachtach ó thaobh a raoin feidhme de, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an dá ionstraim rialacha a leagan síos is infheidhme maidir le córais intleachta saorga a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, córais arb eintitis phoiblí nó phríobháideacha a chuireann ar fáil iad nó a úsáideann iad.

(6)Dá bhrí sin, le tabhairt i gcrích an choinbhinsiúin de chuid Chomhairle na hEorpa atá á mheas d’fhéadfaí difear a dhéanamh do chomhrialacha an Aontais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo nó d’fhéadfaí athrú a dhéanamh ar a raon feidhme de réir bhrí Airteagal 3(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(7)Chun sláine dhlí an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go leanfaidh rialacha an dlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais de bheith comhsheasmhach, is gá an Coimisiún a údarú chun caibidlíocht a dhéanamh thar ceann an Aontais ar choinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta.

(8)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus thug sé tuairim an …

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo údaraítear don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh, thar ceann an Aontais, ar choinbhinsiún (chreatchoinbhinsiún) Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta.

Airteagal 2

Leagtar amach na treoracha caibidlíochta san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Déanfar an chaibidlíocht i gcomhairle le [ainm an choiste speisialta
le cur isteach ag an gComhairle].

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiúin.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA ÁIRITHE REACHTACHA DE CHUID AN AONTAIS, COM/2021/206 final.
(2)     an Coiste Airí, an 1353ú cruinniú, Cinneadh CM/Del/Dec(2019)1353/1.5, 11 Meán Fómhair 2019
(3)     an Coiste Airí, téarmaí tagartha CAHAI (sliocht ó CM(2019)131)
(4)     an Coiste Ad hoc maidir leis an Intleacht Shaorga, Staidéar Indéantachta, CAHAI(2020)23, 17 Nollaig 2020
(5)     an Coiste Ad hoc maidir leis an Intleacht Shaorga, Anailís ar an gComhairliúchán le hIlpháirtithe Leasmhara, CAHAI(2021)07, 23 Meitheamh 2021
(6)     an Coiste ad Hoc um an Intleacht Shaorga — gnéithe a d’fhéadfadh a bheith i gcreat dlíthiúil maidir leis an intleacht shaorga, bunaithe ar chaighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta, CAHAI(2021)09rev, an 3 Nollaig 2021
(7)    Sa chomhthéacs sin, tarraingíonn CAHAI aird ar chórais intleachta saorga as a n-eascraíonn ollfhaireachas agus córais intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh scóráil shóisialta chun rochtain ar sheirbhísí riachtanacha a chinneadh.
(8)     an Coiste Airí, téarmaí tagartha CAI (sliocht ó CM(2021)131)
(9)     Coiste na nAirí, Cinneadh maidir le hobair CAI ag an 132ú Seisiún de Choiste na nAirí — Obair leantach CM/Del/Dec(2022)1438/10.4  Meitheamh 2022 .
(10)    E.g. Cás C‑114/12, An Coimisiún v An Chomhairle (Cearta Comharsanachta na nEagraíochtaí Craolacháin)) ECLI:EU:C:2014:2151, míreanna 68-69, Tuairim 1/13 Aontachas tríú Stáit le Coinbhinsiún na Háige, EU:C:2014:2303, míreanna 71-74; Cás C-66/13 Líonra Glas EU:C:2014:2399, míreanna 27-33; Tuairim 3/15 Conradh Marrakech maidir le rochtain ar shaothair fhoilsithe a éascú do dhaoine atá dalla, do dhaoine lagamhairc nó dóibh siúd atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile, ECLI:EU:C:2017:114, míreanna 105-108.
(11)    E.g. Treoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, IO L 11, 15.1.2002, lgh 4-17, Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialúchán, agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí lochtacha a bhaineann siad, IO L 210, 7.8.1985, lch. 29–33 agus reachtaíocht earnáilsonrach maidir le sábháilteacht táirgí amhail Treoir 2006/42/CE maidir le hinnealra IO L 157, 9.6.2006, lgh. 24-86; Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh, IO L 153, 22.5.2014, p. 62-106; Treoir 2009/48/CE maidir le sábháilteacht bréagán, IO L 170, 30.6.2009, lgh. 1-37; Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis, IO L 117, 5.5.2017, lch. 1, IO L 117, 5.5.2017, lch. 1 ; Rialachán (AE) 2019/2144 maidir le ceanglais chineálcheadaithe le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóithre IO L 325, 16.12.2019), lch. 1
(12)    E.g. Treoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach agus reachtaíocht seirbhíse earnáilsonrach amhail Treoir 2000/31/CE maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, IO L 178, 17.7.2000, lgh. 1-16; Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí IO L 133, 22.5.2008, lgh. 66-92, Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (athmhúnlú), IO L 26, 2.2.2016, lgh. 19-59; Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (AE) 2018/1808 IO L 303, 28.11.2018, lgh. 69-92.
(13)    Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. IO C 326, 26.10.2012, lgh. 391–407.
(14)    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE, téacs atá ábhartha maidir le LEE, IO L, 27.5.2014) lgh. 1-76.
(15)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88. Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89–131.
(16)    E.g. Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), IO L 201, 31.7.2002, lgh. 37.
(17)    E.g. Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach IO L 180, 19.7.2000, lgh. 22-26. Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO L 303, 2.12.2000, lgh. 16-122). Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir na fir agus na mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (athmhúnlú) IO L 204, 26.7.2006, lgh. 23-23). Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal an chaithimh chomhionann idir fir agus mná maidir le rochtain agus soláthar earraí agus seirbhísí IO 373, 21.12.2004, lgh. 37–43);
(18)    E.g. Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh, PE/33/2018/REV/1, IO L 303, 28.11.2018, lgh. 69-92.
(19)    Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le neartú ar ghnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart chun bheith i láthair le linn na trialach in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lgh. 1-11).
(20)    Treoir 2012/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht, agus cosaint íospartaigh na coireachta IO L 315, 14.11.2012, lgh. 57-73; Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála (fianaise a ghlacadh) (athmhúnlú), IO L 405, 2.12.2020, lgh. 1-39. Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart chun dlíodóir a rochtain in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse. (IO L 294, 6.11.2013).
(21)    Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, IO C 202, 7.6.2016.
(22)    E.g. Tuairim 1/03 Coinbhinsiún nua Lugano, ECLI:EU:C:2004:490, mír 126; Cás C‑114/12, An Coimisiún v An Chomhairle (Cearta Comharsanachta na nEagraíochtaí Craolacháin)) ECLI:EU:C:2014:2151, mír. 70; Cás C-66/13 Líonra Glas ECLI:EU:C:2014:2399, míreanna. 61-64.
(23)    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA REACHTACHA ÁIRITHE DE CHUID AN AONTAIS, COM/2021/206 final.
(24)    Páipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach i leith barr feabhais agus muiníne, COM(2020) 65 final.
(25)    Togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí innealra, COM(2021) 202 final.
(26)    Togra le haghaidh rialachán ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/357/CEE ón gComhairle agus Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, COM/2021/346 final.
(27)    Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Shaping Europe’s Digital Future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú], COM/2020/67 final.
(28)    Teachtaireacht ón gCoimisiún, Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deich mBliana Digiteacha , COM/2021/118 final.
(29)    Féach freisin, sa chiall sin, Conclúidí ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le Taidhleoireacht Dhigiteach an Aontais Eorpaigh, 11406/22.
(30)     an Coiste Airí, Téarmaí Tagartha CAI (sliocht ó CM(2021)131)
(31)     Coiste na nAirí, Cinneadh maidir le hobair CAI ag an 132ú Seisiún de Choiste na nAirí — Obair leantach CM/Del/Dec(2022)1438/10.4 / 30 Meitheamh 2022 .
(32)    E.g. Treoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, IO L 11, 15.1.2002, lgh, 4-17, Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialúchán, agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le táirgí lochtacha a bhaineann siad, IO L 210, 7.8.1985, lgh. 29–33 agus reachtaíocht earnáilsonrach maidir le sábháilteacht táirgí amhail Treoir 2006/42/CE maidir le hinnealra IO L 157, 9.6.2006, lgh. 24-86; Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh, IO L 153, 22.5.2014, lgh. 62-106; Treoir 2009/48/CE maidir le sábháilteacht bréagán, IO L 170, 30.6.2009, lgh. 1-37; Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis, IO L 117, 5.5.2017, lch. 1,  IO 117, 5.5.2017, lch. 1 ; Rialachán (AE) 2019/2144 maidir le ceanglais chineálcheadaithe le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóithre IO L 325, 16.12.2019), lch. 1
(33)    E.g. Treoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach agus reachtaíocht seirbhíse earnáilsonrach amhail Treoir 2000/31/CE maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, IO L 178, 17.7.2000, lgh. 1-16; Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí (IO L 133, 22.5.2008, lgh. 66-92),
(34)    Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, IO C 326, 26.10.2012, lgh. 391–40.
(35)    E.g. Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88; Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89–131; Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), IO L 201, 31.7.2002, lgh. 37-47; Treoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach IO 180, 19.7.2000, lgh. 22-26; Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha IO L 303, 2.12.2000, lgh. 16-122.
(36)    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA REACHTACHA ÁIRITHE DE CHUID AN AONTAIS, COM/2021/206 final.

An Bhruiséil,18.8.2022

COM(2022) 414 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

MOLADH LE HAGHAIDH CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh le haghaidh coinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta


IARSCRÍBHINN
lena núdaraítear tús a chur le caibidlíocht thar ceann an Aontais Eorpaigh ar choinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa maidir leis an intleacht shaorga, le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta

Maidir leis an bpróiseas caibidlíochta, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas an méid seo a leanas a bhaint amach:

(1)Go bhfuil an próiseas caibidlíochta oscailte, cuimsitheach agus trédhearcach, agus go bhfuil sé bunaithe ar fhianaise láidir de mheon macánta.

(2)Tá an próiseas caibidlíochta bunaithe ar phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin lena gcumasaítear rannpháirtíocht fhiúntach le haghaidh na bpáirtithe leasmhara uile, lena náirítear an tsochaí shibhialta, an earnáil phríobháideach, an saol acadúil, eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí um chaighdeánú agus gníomhaithe ábhartha eile a bhfuil saineolas acu maidir le dearadh, forbairt agus cur i bhfeidhm na gcóras intleachta saorga a rialáil.

(3)Go ndéantar an tionchur a fhaightear ó gach Comhpháirtí caibidlíochta a mheas ar bhonn comhionann chun próiseas cuimsitheach a áirithiú.

(4)Tá an próiseas caibidlíochta bunaithe ar chlár oibre atá éifeachtach agus réalaíoch chun an coinbhinsiún (creatchoinbhinsiún) a fhorbairt.

Maidir le cuspóirí ginearálta na caibidlíochta, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas an méid seo a leanas a bhaint amach:

(5)Tá an coinbhinsiún comhoiriúnach le dlí mhargadh aonair an Aontais agus le réimsí eile de dhlí an Aontais, lena náirítear prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus na cearta agus na saoirsí bunúsacha mar a chumhdaítear iad i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus a chuirtear chun feidhme trí reachtaíocht thánaisteach an Aontais.

(6)Tá an coinbhinsiún comhoiriúnach leis an ngníomh um an intleacht shaorga atáthar a bheartú (an gníomh um an intleacht shaorga) 1 , agus forbairtí sa phróiseas reachtach amach anseo á gcur san áireamh.

(7)Feidhmíonn an coinbhinsiún mar chreat rialála éifeachtach agus slán i bhfad na haimsire le haghaidh na hintleachta saorga d’fhonn ardleibhéal cosanta do chearta an duine agus caomhnú luachanna Eorpacha a áirithiú, agus ag an am céanna nuálaíocht a chothú, agus méadú a dhéanamh ar dheimhneacht dhlíthiúil agus ar mhuinín; sa choinbhinsiún aithnítear freisin na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith leis an intleacht shaorga do leasanna tábhachtacha an phobail, lena náirítear chun feidhmiú chearta an duine sa timpeallacht dhigiteach a chosaint agus chun é a éascú, chun folláine agus sláinte na sochaí agus an chomhshaoil a fheabhsú agus chun dul chun cinn teicneolaíoch a chur chun cinn.

(8)Leis an gcoinbhinsiún neartaítear an comhar idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus tíortha Eorpacha eile agus tíortha neamhEorpacha a bhféadfadh sé go naontóidís leis an gcoinbhinsiún.

(9)Tá an coinbhinsiún comhoiriúnach le hionstraimí reatha Chomhairle na hEorpa, go háirithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus a Phrótacail, le Coinbhinsiún de chuid Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil go huathoibríoch, arna leasú le Prótacal CETS 223, agus le hionstraimí dlí ábhartha eile de chuid Chomhairle na hEorpa; leis an gcoinbhinsiún seachnaítear go mbeidh dúbailt ann leis na hionstraimí sin agus aon drochthionchar ar a gcur i bhfeidhm nó ar aontachas tíre breise leo; leis an gcoinbhinsiún tugtar aghaidh ar na rioscaí agus ar na dúshláin nua a bhaineann le gnéithe sonracha na gcóras intleachta saorga áirithe chun na cearta atá ann cheana agus atá faoi chosaint faoi na hionstraimí sin a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach.

(10)Tá an coinbhinsiún comhoiriúnach le gealltanais an Aontais Eorpaigh i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta eile a bhfuil sé ina pháirtí iontu, agus seachnaítear go nimreofar aon drochthionchar ar a gcur i bhfeidhm éifeachtach; go háirithe, tá an coinbhinsiún i gcomhréir le gealltanais trádála idirnáisiúnta an Aontais agus seachnaítear go mbeidh srianta neamhriachtanacha nó srianta nach bhfuil údar leo ar thrádáil.

Maidir le substaint na caibidlíochta, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas an méid seo a leanas a bhaint amach:

(11)Tá forálacha an choinbhinsiúin comhoiriúnach go hiomlán le dlí mhargadh aonair an Aontais agus le réimsí eile de dhlí an Aontais, lena náirítear prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais agus na cearta bunúsacha, mar a chumhdaítear iad i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus a chuirtear chun feidhme i reachtaíocht thánaisteach an Aontais.

(12)Tá forálacha an choinbhinsiúin comhoiriúnach go hiomlán leis an ngníomh um an intleacht shaorga atáthar a bheartú, agus forbairtí sa phróiseas reachtach amach anseo á gcur san áireamh.

(13)Le forálacha an choinbhinsiúin, ceadaítear do pháirtithe cosaint níos leithne a thabhairt ná mar a shonraítear sa Choinbhinsiún agus ní bhaintear an bonn, ar bhealach ar bith, ón leibhéal cosanta do chearta agus do shaoirsí bunúsacha agus ó na ráthaíochtaí dá ndéantar foráil i ndlí an Aontais, lena náirítear an prionsabal nach mór do na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar chearta bunúsacha a bheith neamhspleách a mhéid is gá sin faoi dhlí an Aontais.

(14)Sa choinbhinsiún leantar de chur chuige rioscabhunaithe agus leagtar síos ann rialacha comhréireacha, éifeachtacha agus soiléire is infheidhme maidir le heintitis phoiblí agus phríobháideacha ar fud shlabhra luacha na hintleachta saorga, arb é is aidhm dóibh íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as córais intleachta saorga áirithe a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, agus aon ualach nó srian neamhriachtanach agus díréireach ar ghníomhaíochtaí na neintiteas sin nó srian ar an bhforbairt theicneolaíoch á seachaint ag an am céanna; go háirithe, tá raon feidhme agus déine aon idirghabhála rialála cothrom, tá údar cuí leo agus tá siad scálaithe i gcomhréir leis na leibhéil riosca a bhaineann leis na córais intleachta saorga.

(15)Foirmlítear forálacha an choinbhinsiúin, a mhéid is féidir, ar bhealach solúbtha a sheasfaidh an aimsir chun go bhféadfar forbairtí teicneolaíocha, margaidh, sochaíocha agus comhshaoil a bhaineann leis an intleacht shaorga a mheas amach anseo.

(16)Déantar foráil sa choinbhinsiún maidir le rialacha chun córais intleachta saorga a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, rialacha lena seachnaítear forluí agus lena soláthraítear breisluach fóinteach i gcomparáid le coinbhinsiúin ábhartha idirnáisiúnta nó réigiúnacha eile, go háirithe i réimse na cosanta sonraí; tá na rialacha sin maidir leis an intleacht shaorga comhoiriúnach leis na coinbhinsiúin sin agus le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine.

(17)Sa choinbhinsiún tá forálacha le haghaidh cur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha is infheidhme maidir le córais intleachta saorga a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, le sásraí iomchuí ex ante agus ex post comhlíontachta agus rialaithe go háirithe, agus aithnítear ann ról na gcaighdeán, na sásraí deimhniúcháin, na dtríú páirtithe neamhspleácha a bhfuil baint acu le seiceálacha comhlíontachta agus le húdaráis mhaoirseachta inniúla.

(18)Leis an gcoinbhinsiún ceadaítear bearta chun tacú leis an nuálaíocht, lena náirítear córais intleachta saorga a thástáil agus boscaí gainimh rialála a bhunú agus a oibriú chun nuálaíocht intleachta saorga a chothú i dtimpeallacht rialaithe faoi mhaoirseacht na núdarás inniúil.

(19)Sa choinbhinsiún cuirtear san áireamh riachtanais speisialta na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna), ní dhéantar difear díréireach dá niomaíochas agus cuireann sé d’oibleagáid ar na Páirtithe bearta sonracha a dhéanamh chun tacú leo.

(20)Sa choinbhinsiún cuirtear san áireamh leas na núdarás forfheidhmithe dlí agus na núdarás breithiúnach chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, lena náirítear maidir le rúndacht agus le sláine na nimscrúduithe sin.

(21)Sa choinbhinsiún déantar foráil maidir le maoirseacht éifeachtach ag údaráis inniúla agus maidir le sásraí comhair lena bhféadfar é a chur chun feidhme go héifeachtach.

Maidir le feidhmiú an Choinbhinsiúin, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas an méid seo a leanas a bhaint amach:

(22)Áirítear clásal dícheangail sa choinbhinsiún lena gceadaítear do Bhallstáit an Aontais, ina gcaidreamh frithpháirteach, leanúint de dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm in ábhair a chumhdaítear faoi raon feidhme an choinbhinsiúin.

(23)Déantar foráil sa choinbhinsiún maidir le sásra iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é agus tá forálacha críochnaitheacha ann, lena náirítear forálacha maidir le réiteach díospóidí, síniú, daingniú, glacadh, formheas agus aontachas, teacht i bhfeidhm, leasú, fionraí, séanadh agus taiscí agus teangacha a mhúnlaítear nuair is féidir agus is iomchuí de réir forálacha coinbhinsiún ábhartha idirnáisiúnta nó réigiúnacha eile, go háirithe i réimse na coireachta eagraithe nó na cibearchoireachta.

(24)Sa Choinbhinsiún ceadaítear don Aontas Eorpach a bheith ina pháirtí ann.

(1)    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA LEAGTAR SÍOS RIALACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LEIS AN INTLEACHT SHAORGA (GNÍOMH UM AN INTLEACHT SHAORGA) AGUS LENA LEASAÍTEAR GNÍOMHARTHA REACHTACHA ÁIRITHE DE CHUID AN AONTAIS, COM/2021/206 final.