An Bhruiséil,22.8.2022

COM(2022) 411 final

2022/0241(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC), maidir leis an gcatagóir gnáthola olóige íon a bhaint d’Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015

{SWD(2022) 217 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘IOC’) i ndáil leis an gcatagóir Gnáthola olóige íon a bhaint as d’Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015

Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (‘an Comhaontú’) (i) féachaint le haonfhoirmeacht a bhaint amach sa reachtaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le saintréithe fisiciceimiceacha agus orgánaileipteacha olaí olóige, olaí prabhaite olóige agus ológa boird chun aon bhacainn trádála a chosc (ii) tabhairt faoi ghníomhaíochtaí i réimse na tástála fisiciceimicí agus orgánaileiptí chun cur leis an eolas maidir le comhdhéanamh agus saintréithe cáilíochta táirgí olóige, d’fhonn na caighdeáin idirnáisiúnta a chomhdhlúthú, agus (iii) ról Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a neartú mar fhóram barr feabhais don chomhphobal eolaíoch idirnáisiúnta i réimse na n‑ológ agus na hola olóige.

Tháinig leagan athnuaite an Chomhaontaithe sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2017.

Is páirtí é an tAontas Eorpach sa Chomhaontú 1 .

2.2.Comhairle na gComhaltaí

Is í Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘Comhairle na gComhaltaí’) an t‑údarás agus an comhlacht cinnteoireachta is airde de IOC agus déanfaidh sí na cumhachtaí agus feidhmithe sin go léir is gá a fheidhmiú chun cuspóirí an Chomhaontaithe sin a bhaint amach. Mar pháirtí sa Chomhaontú, is comhalta é an tAontas Eorpach de IOC agus déantar ionadaíocht thar a cheann ar Chomhairle na gComhaltaí. De bhun Airteagal 19(2) de Chomhaontú IOC, is féidir le Comhairle na gComhaltaí cinntí a dhéanamh lena leasaítear Iarscríbhinní Chomhaontú IOC. I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Chomhaontú IOC, is de chomhthoil a ghlacfaidh Comhairle na gComhaltaí cinntí maidir le haon leasú ar an gComhaontú.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhairle na gComhaltaí

An 29 Aibreán 2022, tharchuir Rúnaíocht Feidhmiúcháin IOC chuig a Comhaltaí téacs cinnidh maidir le ceimic agus caighdeánú atá le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí. Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe an chatagóir Gnáthola Olóige Íon a bhaint d’Iarscríbhinn B a ghabhann le Comhaontú IOC, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh. De bhun Airteagal 20(1) den Chomhaontú, tá na hainmniúcháin in Iarscríbhinn B agus Iarscríbhinn C de Chomhaontú IOC infheidhme maidir le trádáil idirnáisiúnta na gComhaltaí. Leis an ngníomh atá beartaithe, leasófar ar an gcaoi sin Iarscríbhinn B a ghabhann le Comhaontú IOC.

Tá téacs an chinnidh sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo.

Le linn an 115ú seisiún de IOC (Meitheamh 2022), d’iarr an tAontas glacadh an chinnidh a chur siar, ós rud é nach raibh sé in ann a fhormheas a thabhairt (bhí am ag teastáil chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais a ghlacadh). Dá bhrí sin, glacfar an seasamh a shonraítear sa Chinneadh seo thar ceann an Aontais ag an 116ú seisiún de IOC i mí na Samhna 2022, nó faoi chuimsiú nós imeachta a d’fhéadfadh a bheith ann um ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, de bhun Airteagal 10(6) den Chomhaontú, roimh an gcéad ghnáthsheisiún eile dá cuid i mí na Samhna 2022.

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Leis an gcinneadh atá le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí, modhnófar Iarscríbhinn B a ghabhann le Comhaontú IOC trí dheireadh a chur leis an gcatagóir Gnáthola Olóige Íon, agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2026. Beidh gá le cinneadh breise ó Chomhairle na gComhaltaí ag an am sin, chun an chatagóir sin agus na paraiméadair ghaolmhara a bhaint de Chaighdeán Trádála IOC le haghaidh Ola Olóige agus Ola Phrabhaite Olóige.

Níl aon chatagóir ola olóige den sórt sin ann i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 . Dá bhrí sin, luíonn an cinneadh thuasluaite le beartas an Aontais a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le margaíocht táirgí talmhaíochta mar a fhoráiltear i dTeideal II de Chuid II de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Agus an próiseas cinnteoireachta laistigh de Chomhairle na gComhaltaí de IOC á chur san áireamh, tá gá le seasamh ón Aontas chun an cinneadh dá bhforáiltear san Iarscríbhinn a ghlacadh.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí nós imeachta

4.1.1.Na prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht atá i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a dfhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtóir an Aontais Eorpaigh 3 .

4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Is comhlacht é Comhairle na gComhaltaí arna chur ar bun le comhaontú, eadhon an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird.

An gníomh a iarrtar ar Chomhairle na gComhaltaí a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 20(1) den Chomhaontú.

Leis an ngníomh atá beartaithe, ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) de CFAE an bunús dlí nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí shubstainteach

4.2.1.Na prionsabail

An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm theagmhasach nó mar chomhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhbheartas tráchtála.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 207 CFAE bunús dlí substainteach an chinnidh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Ba cheart Airteagal 207 CFAE a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe

Ós rud é go leasófar Comhaontú IOC leis an ngníomh ó Chomhairle na gComhaltaí, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.

2022/0241 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC), maidir leis an gcatagóir gnáthola olóige íon a bhaint d’Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Síníodh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (‘an Comhaontú’) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/1892 4 ón gComhairle an 18 Samhain 2016, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2017 i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de agus thug an tAontas i gcrích é le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 5 .

(2)De bhun Airteagal 7(1) den Chomhaontú, tá Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (‘Comhairle na gComhaltaí’) le cinntí a ghlacadh lena modhnófar an Comhaontú.

(3)Le linn an 116ú seisiún de IOC a bheidh ar siúl idir an 28 Samhain agus an 2 Nollaig 2022, nó faoi chuimsiú nós imeachta trí chomhfhreagras a mhalartú, glacfaidh Comhairle na gComhaltaí cinneadh lena ndéanfar an chatagóir ‘gnáthola olóige íon’ a bhaint dIarscríbhinn B de Chomhaontú IOC.

(4)Beidh an cinneadh ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 20(1) de Chomhaontú IOC. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh atá le glacadh ar an Aontas.

(5)Ós rud é nach ann do ‘gnáthola olóige íon’ mar chatagóir i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 , ba cheart tacú leis an gcinneadh.

(6)Ba cheart an seasamh a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a ghlacadh thar ceann an Aontais ag an 116ú seisiún de IOC nó faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, de bhun Airteagal 10(6) den Chomhaontú. Ba cheart an nós imeachta maidir le glacadh trí chomhfhreagras a mhalartú a thionscnamh roimh an gcéad seisiún rialta eile de Chomhairle na gComhaltaí i mí na Samhna 2022,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhairle na gComhaltaí le linn an 116ú seisiún a reáchtálfar idir an 28 Samhain agus an 2 Nollaig 2022 nó faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú a thionscnófar roimh an gcéad seisiún rialta eile a reáchtálfar i mí na Samhna 2022.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 2) agus Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.05.2019, lch. 1).
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Comhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 2).
(5)    Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.05.2019, lch. 1).
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

An Bhruiséil,22.8.2022

COM(2022) 411 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (IOC), maidir leis an gcatagóir gnáthola olóige íon a bhaint d’Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015

{SWD(2022) 217 final}


IARSCRÍBHINN

Tacóidh an tAontas leis an gcatagóir ‘gnáthola olóige íon’ a bhaint d’Iarscríbhinn B a ghabhann leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird ón 1 Eanáir 2026, ag seisiún de Chomhairle na gComhaltaí a bheidh ann amach anseo nó faoi chuimsiú nós imeachta um ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, .