An Bhruiséil,22.8.2022

COM(2022) 403 final

2022/0239(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat‑Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bheartaítear a ghlacadh maidir le Meitheal um Chomhar um Fhorbairt a bhunú


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.Ábhar an togra

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreatChomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile 1 , i ndáil le cinneadh a bheartaítear a ghlacadh maidir le Meitheal um Chomhar um Fhorbairt a bhunú.

2.Comhthéacs an togra

2.1.An CreatChomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile

Is é is aidhm don Chreat‑Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile (‘an Comhaontú’) caidreamh déthaobhach na bPáirtithe a neartú, a ghabhann orthu féin idirphlé cuimsitheach a reáchtáil agus tuilleadh comhair a chur chun cinn eatarthu maidir le gach earnáil leasa fhrithpháirtigh. Tháinig an Comhaontú sin i bhfeidhm an 1 Samhain 2017.

2.2.An Comhchoiste

Le hAirteagal 56 (1) den Chomhaontú bunaítear an Comhchoiste ar a mbeidh ionadaithe ar an dá Pháirtí. Foráiltear le hAirteagal 56(1) gurb iad na cúraimí atá air:

(a)feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an Chomhaontaithe a áirithiú;

(b)tosaíochtaí a leagan síos i ndáil le haidhmeanna an Chomhaontaithe;

(c)moltaí a dhéanamh chun cuspóirí an Chomhaontaithe a chur chun cinn.

De bhun Airteagal 56(2) den Chomhaontú, tá an chumhacht ag an gComhchoiste cinntí a dhéanamh sna cásanna dá bhforáiltear sa Chomhaontú. Déanfar cinntí a tharraingt suas trí chomhaontú idir na Páirtithe, tar éis na nósanna imeachta inmheánacha faoi seach is gá chun seasamh a bhunú ina leith ag an dá Pháirtí a thabhairt chun críche. Beidh na cinntí ceangailteach ar na Páirtithe, a dhéanfaidh na bearta is gá chun iad a chur chun feidhme.

Faoi Airteagal 56(4), féadfaidh an Comhchoiste meithleacha speisialaithe a chur ar bun chun cúnamh a thabhairt dó a chúraimí a chomhlíonadh. Tá na meithleacha sin le tuarascálacha mionsonraithe ar a gcuid gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste ag gach ceann dá chruinnithe.

De bhun Airteagal 1(3) de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste 2 , is iad Aire Gnóthaí Eachtracha na Mongóile agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an gComhchoiste ar feadh tréimhse bliana féilire amháin. Féadfaidh na Cathaoirligh a núdarás chun bheith i gceannas ar chruinnithe uile an Chomhchoiste nó ar chuid díobh a tharmligean chuig oifigeach sinsearach.

2.3.An gníomh atá beartaithe ag an gComhchoiste

Le linn a cheathrú seisiún, nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 8(3) dá Rialacha Nós Imeachta, moltar go nglacfaidh an Comhchoiste cinneadh maidir le Meitheal um Chomhar um Fhorbairt a bhunú, lena n‑áirítear téarmaí tagartha na Meithle sin a ghlacadh (‘an gníomh atá beartaithe’), i gcomhréir le hAirteagal 56(4) den Chomhaontú agus le hAirteagal 10(1)(2) de na Rialacha Nós Imeachta.

Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe meitheal speisialaithe um chomhar um fhorbairt a chur ar bun chun cabhrú leis an gComhchoiste a chúraimí a chomhlíonadh. Tá an mheitheal sin le tuarascálacha mionsonraithe ar a cuid gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste ag gach ceann dá chruinnithe.

Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na Páirtithe i gcomhréir le hAirteagal 56 (2) den Chomhaontú, lena bhforáiltear: ‘Chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach, beidh an chumhacht ag an gComhchoiste agus ag an bhFochoiste a bhunaítear le hAirteagal 28 cinntí a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear ann. Déanfar cinntí a tharraingt suas trí chomhaontú idir na Páirtithe, tar éis na nósanna imeachta inmheánacha faoi seach is gá chun seasamh a bhunú ina leith ag an dá Pháirtí a thabhairt chun críche. Beidh na cinntí ceangailteach ar na Páirtithe, a dhéanfaidh na bearta is gá chun iad a chur chun feidhme.’

3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Leis an togra seo le haghaidh Cinneadh ón gComhairle, bunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna chur ar bun leis an gComhaontú maidir leis an moladh Meitheal um Chomhar um Fhorbairt a bhunú agus a théarmaí tagartha a ghlacadh. Tar éis chruinniú an Chomhchoiste an 3 Nollaig 2020, chuir an tAontas agus an Mhongóil in iúl, sna miontuairiscí a comhaontaíodh, go raibh sé beartaithe acu oibriú chun meitheal den sórt sin a bhunú, a luaithe a bheidh na nósanna imeachta inmheánacha chuige sin faoi seach tugtha chun críche.

Tá an togra seo i gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe, ar dá réir ba cheart gach gné den fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. Thairis sin, foráiltear in Airteagal 2 de go ngabhann na Páirtithe orthu féin idirphlé cuimsitheach a reáchtáil agus comhar breise eatarthu a chur chun cinn maidir le gach earnáil leasa fhrithpháirtigh. Tá sé sin ag teacht freisin le sprioc dearbhaithe an Chonartha forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil tíortha i mbéal forbartha a chothú.

4.Bunús dlí

4.1.Bunús dlí don nós imeachta

4.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Áirítear ar an gcoincheap ‘gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’ 3 .

4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is éard atá sa Chomhchoiste comhlacht arna bhunú trí chomhaontú, eadhon an Creat‑Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile.

An gníomh a iarrtar ar an gComhchoiste a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Tá éifeachtaí dlíthiúla leis an ngníomh atá beartaithe toisc go mbeidh sé ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 56(2) den Chomhaontú agus ceadófar leis Meitheal um Chomhar um Fhorbairt a chruthú i gcomhréir le hAirteagal 56(4) den Chomhaontú. Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.

Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta don chinneadh atá beartaithe.

4.2.Bunús dlí substainteach

4.2.1.Prionsabail

An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, is ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe a bhraitheann sé go príomha, gníomh a bhfuiltear ag glacadh seasamh ina leith thar ceann an Aontais. Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomhchomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomhchomhpháirte.

4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Baineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhar um fhorbairt. Dá bhrí sin, is é Airteagal 209 CFAE an bunús dlí substainteach don chinneadh atá beartaithe.

4.3.Conclúid

Is é Airteagal 209 CFAE ba cheart a bheith ina bhunús dlí le haghaidh an chinnidh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2022/0239 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat‑Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bheartaítear a ghlacadh maidir le Meitheal um Chomhar um Fhorbairt a bhunú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Thug an tAontas an CreatChomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Mhongóil, den pháirt eile (“an Comhaontú”) i gcrích le Cinneadh (AE) 2017/2270 4 ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 2017.

(2)De bhun Airteagal 56(4) den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste meithleacha speisialaithe a chur ar bun chun cúnamh a thabhairt dó a chúraimí a chomhlíonadh. Tá na meithleacha sin le tuarascálacha mionsonraithe ar a gcuid gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste ag gach ceann dá chruinnithe.

(3)Chuir an tAontas agus an Mhongóil araon in iúl gur spéis leo Meitheal um Chomhar um Fhorbairt a bhunú lena ndéanfaí an comhar idir na Páirtithe a chur ar bhonn foirmiúil agus a dhoimhniú agus a chuirfeadh ionchur ar fáil don Chomhchoiste freisin.

(4)Tá an Comhchoiste, le linn a cheathrú seisiún, nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh ré i gcomhréir le hAirteagal 8(3) dá Rialacha Nós Imeachta, le cinneadh a ghlacadh maidir leis an Meitheal um Chomhar um Fhorbairt a chruthú agus maidir lena théarmaí tagartha a ghlacadh.

(5)Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, ós rud é go mbeidh an cinneadh ceangailteach ar an Aontas.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1. An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa cheathrú seisiún den Chomhchoiste, nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh ré, beidh sé bunaithe ar dhréachtghníomh an Chomhchoiste mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

2. Féadfaidh ionadaithe an Aontais ar an gComhchoiste mionathruithe ar an dréachtghníomh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Cinneadh (AE) 2017/2270 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an gComhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Mhongóil, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích (IO L 326, 9.12.2017, lch. 5).
(2)    DréachtRialacha Nós Imeachta atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2020/790 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste agus san Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht a bunaíodh leis an gCreatChomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, maidir le glacadh cinntí i ndáil le rialacha nós imeachta an Chomhchoiste agus rialacha nós imeachta an Fhochoiste um Thrádáil agus Infheistíocht (IO L 193, 17.6.2020, lch 5).
(3)    Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Deireadh Fómhair 2014, an Ghearmáin v an Chomhairle, C-399/12, ECLI:EU:C:2014:2258, míreanna 61 go 64.
(4)    IO L 326, 9.12.2017, lgh. 5-6.

An Bhruiséil,22.8.2022

COM(2022) 403 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, i ndáil le cinneadh a bheartaítear a ghlacadh maidir le Meitheal um Chomhar um Fhorbairt a bhunú


IARSCRÍBHINN

Cinneadh ó Chomhchoiste AE-an Mhongóil lena mbunaítear an mheitheal speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt agus lena nglactar a Téarmaí Tagartha

COMHCHOISTE AE-AN MHONGÓIL,

Ag féachaint don Chreat‑Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Mhongóil, den pháirt eile, (‘an Comhaontú’), agus go háirithe Airteagal 56(4) de, agus d’Airteagal 10(1)(2) de Rialacha Nós Imeachta Chomhchoiste AE-an Mhongóil,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chun cabhrú le Comhchoiste AE-an Mhongóil a chúraimí a chomhlíonadh agus, i ndáil leis sin, chun plé a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe maidir leis na príomhréimsí a thagann faoi raon feidhme an Chomhaontaithe, ba cheart meitheal speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú.

(2)De réir Airteagal 8(3) dá Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Comhchoiste cinntí a ghlacadh trí bhíthin nós imeachta i scríbhinn, más gá sin de bharr na nimthosca,

(3)Ba cheart an Cinneadh seo a ghlacadh ionas go mbeidh an mheitheal speisialaithe oibríochtúil go tráthúil.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal aonair

Bunaítear leis seo an mheitheal speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt. Glactar Téarmaí Tagartha na meithle speisialaithe mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad.

Arna dhéanamh i/in/sa ,

Thar ceann Chomhchoiste AE-an Mhongóil

An Cathaoirleach



IARSCRÍBHINN

Téarmaí Tagartha na meithle speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bunaíodh faoin gCreat‑Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Mhongóil, den pháirt eile

Airteagal 1
Comhdhéanamh, cathaoirleach agus cuspóir

(1)Beidh an mheitheal speisialaithe um chomhar um fhorbairt comhdhéanta d’ionadaithe ar an Aontas agus ar an Mongóil ar leibhéal iomchuí agus is iad ionadaí ar an tseirbhís de chuid an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas agus ionadaí ar an tseirbhís de chuid na Mongóile atá i gceannas a bheidh ina gcomhchathaoirligh.

(2)Is é is cuspóir don mheitheal speisialaithe sin athbhreithniú agus plé a dhéanamh ar phunann an chomhair um fhorbairt idir an tAontas agus an Mhongóil, go háirithe forbairtí ábhartha i dtionscadail agus i gcláir chomh maith le saincheisteanna agus beartais earnála atá nasctha le réimsí tosaíochta den Chlár Táscach Ilbhliantúil don Mhongóil.

Airteagal 2
Cruinnithe

(1)Tiocfaidh an mheitheal speisialaithe le chéile go bliantúil, roimh chruinniú an Chomhchoiste más féidir. Mura gcomhaontófar a mhalairt go frithpháirteach, tionólfar cruinnithe sa Mhongóil ar dháta a shocrófar trí chomhaontú frithpháirteach. Féadfar cruinnithe breise de na meithleacha um chomhar um fhorbairt a thionól arna iarraidh sin do cheachtar Páirtí, má chomhaontaíonn na Páirtithe amhlaidh.

(2)Má chomhaontaíonn na Páirtithe, féadfar na cruinnithe a thionól trí fhíschomhdháil.

Airteagal 3
Toscaireachtaí

(1)Cuirfidh an dá Pháirtí comhdhéanamh beartaithe a dtoscaireachta in iúl dá chéile roimh gach cruinniú.

(2)Féadfaidh comhchathaoirligh, i gcomhaontú leis na Páirtithe, iarraidh ar shaineolaithe nó ionadaithe comhlachtaí eile sa chruinniú gníomhú mar bhreathnóirí nó faisnéis a sholáthar maidir le hábhar ar leith. Comhaontóidh na Páirtithe na téarmaí agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh na breathnóirí sin agus ionadaithe ar chomhlachtaí eile freastal ar na cruinnithe.

Airteagal 4
Faisnéis don phobal

(1)Na cruinnithe na meithle maidir le comhar um fhorbairt, ní bheidh siad poiblí mura gcomhaontófar a mhalairt leis an dá chomhchathaoirleach. Nuair a chuirfidh Páirtí faisnéis atá ainmnithe mar fhaisnéis rúnda faoi bhráid na meithle um chomhar um fhorbairt, déileálfaidh an Páirtí eile leis an bhfaisnéis dá réir.

(2)Féadfaidh an mheitheal um chomhar um fhorbairt ráitis agus tuarascálacha a eisiúint don phobal de réir mar a mheasann sí a bheith iomchuí.

Airteagal 5
Rúnaíocht

Gníomhóidh ionadaí ar sheirbhís an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas agus ionadaí ar sheirbhís na Mongóile atá i gceannas go comhpháirteach mar Rúnaithe na meithle um chomhar um fhorbairt.

Airteagal 6
Cláir oibre do chruinnithe

(1)Déanfar an dréachtchlár oibre a phlé agus a chomhaontú go comhpháirteach trí seachtaine ar a laghad roimh dháta gach cruinnithe.

(2)Déanfaidh na comhchathaoirligh an leagan críochnaitheach den chlár oibre a fhormheas ag tús an chruinnithe.

Airteagal 7
Miontuairiscí

(1)Comhaontóidh na comhchathaoirligh conclúidí na gcruinnithe. I gcás nach féidir teacht ar chonclúidí, tuairisceofar an difríocht don Chomhchoiste.

(2)Cuirfidh na comhchathaoirligh (nó a nionadaithe) na príomhchonclúidí faoi bhráid an Chomhchoiste.

(3)Déanfaidh na Rúnaithe dréachtmhiontuairiscí a tharraingt suas go comhpháirteach, ag deireadh an chruinnithe más féidir agus 30 lá féilire ar a dhéanaí tar éis dháta an chruinnithe.

(4)Tar éis don dá pháirtí iad a chomhaontú, déanfar na miontuairiscí a fhormheas trí nós imeachta i scríbhinn.

Airteagal 8
Cinntí

(1)I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, beidh cumhachtaí cinnteoireachta ag an meitheal comhair um fhorbairt mar mheitheal speisialaithe. Tuairisceoidh sí don Chomhchoiste maidir lena cuid gníomhaíochtaí tar éis gach cruinnithe, agus féadfaidh sí moltaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste.

(2)Is é an teideal a bheidh ar chinntí na meithle maidir le comhar um fhorbairt ‘Cinneadh an...’ agus sraithuimhir, dáta a nglactha agus tuairisc ar an ábhar ina dhiaidh sin. Luafar i ngach cinneadh an dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm.

(3)I gcás inar gá sin sna himthosca, féadfaidh an mheitheal speisialaithe a cinntí a ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn.

(4)Bunófar cinntí na meithle speisialaithe in dhá chóip bharántúla, agus gach ceann acu sínithe ag an mbeirt chomhchathaoirleach.

(5)Féadfaidh na Páirtithe cinntí na meithle speisialaithe a fhoilsiú ina nirisí oifigiúla féin.

Airteagal 9
Speansais

(1)Íocfaidh gach Páirtí as aon speansais a thabhóidh sé i ndáil lena rannpháirtíocht i gcruinnithe na meithle speisialaithe, maidir le caiteachas foirne, taistil agus cothaithe araon, agus le caiteachas poist agus teileachumarsáide. Íocfaidh gach Páirtí na speansais a thabhóidh sé i dtaca le hateangaireacht ag cruinnithe agus le haistriúchán.

(2)Is é an Páirtí a bheidh ina óstach ar an gcruinniú a íocfaidh na speansais i dtaca le cruinnithe a eagrú agus doiciméid a atáirgeadh.

Airteagal 10
Leasú ar na Téarmaí Tagartha

Féadfar na Téarmaí Tagartha sin a leasú le comhaontú na bPáirtithe de thoil a chéile. I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, féadfaidh an Comhchoiste téarmaí tagartha na meithle speisialaithe a leasú chomh maith.