An Bhruiséil,3.8.2022

COM(2022) 395 final

2022/0235(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh i ndáil le hionchorprú Rialachán (AE) 2022/1032 maidir le stóráil gáis in acquis an Chomhphobail Fuinnimh


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh maidir le Rialachán an Aontais maidir le Stóráil Gáis 1 a ionchorprú in acquis an Chomhphobail Fuinnimh.

I bhfianaise a thábhachtaí atá stórais gáis chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú agus i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, i mí an Mhárta 2022 mhol an Coimisiún rialachán práinneach maidir le stóráil gáis, chun a áirithiú go mbeidh an tAontas ullamh don riosca go gcuirfear isteach ar sholáthairtí gáis an geimhreadh seo chugainn. Rinneadh Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 maidir le stóráil gáis a chomhaontú ar leibhéal an Aontais faoi nós imeachta brostaithe ag an bParlaimint agus ag an gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 30 Meitheamh.

Beartaítear leis an Rialachán gur cheart, mar ábhar práinne, é a ionchorprú mar chuid d’acquis an Chomhphobail Fuinnimh. Faoin gConradh um Chomhphobal Fuinnimh, is é an ceart eisiach atá ag an gCoimisiún Eorpach togra den sórt sin a chur síos le haghaidh Cinneadh ó Chomhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh. Ag Comhairle Neamhfhoirmiúil Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh an 8 Iúil chuir Airí na bPáirtithe Conarthacha in iúl go dtacaíonn siad le glacadh Rialachán an Aontais maidir le Stóráil Gáis sa Chomhphobal Fuinnimh mar ábhar práinne. I bhfianaise na práinne, glacfar an Cinneadh seo trí nós imeachta i scríbhinn ón gComhairle Aireachta.

Is gá seasamh an Aontais a mhéid a bhaineann leis an togra ón gCoimisiún chun an Rialachán a ionchorprú, is gá an seasamh sin a bhunú le Cinneadh ón gComhairle de bhun Airteagal 218 (9) CFAE.

2.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais

Tá géarchéim fuinnimh os comhair an Aontais Eorpaigh agus an domhain mhóir. Chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin, ceann de na soláthraithe fuinnimh is mó ar domhan agus an phríomhthír idirthurais gáis chun na hEorpa, isteach ar mhargaí fuinnimh dochta domhanda, rud a chruthaigh rioscaí maidir le slándáil an tsoláthair agus a d’fhág gur tháinig na harduithe is mó riamh ar phraghsanna.

Le hionsaí míleata gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine, nochtadh na rioscaí a bhaineann go dlúth le spleáchas trom ar bhreoslaí iontaise allmhairithe. Ní mór don Aontas gníomhú chun a athléimneacht féin a áirithiú agus chun tacú leis na tíortha is leochailí ó thaobh na géarchéime de.

Chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, le roinnt míonna anuas, tháinig an tAontas Eorpach ar chomhaontú ar rialachán práinneach maidir le stóráil gáis, rialachán lena bhforáiltear gur cheart é a ionchorprú, mar ábhar práinne, mar chuid d’acquis an Chomhphobail Fuinnimh.

Is é an seasamh is ceart a ghlacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Aireachta an Dréachtchinneadh a fhormheas.

3.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

3.1.Bunús dlí don nós imeachta

3.1.1.Prionsabail

In Airteagal 218 (9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagfar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’

Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar ná ní leasaítear creat institiúideach an chomhaontaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218 (9) CFAE bunús dlí nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.

3.2.Bunús substaintiúil dlí

3.2.1.Prionsabail

Braitheann an bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith. Má shaothraítear dhá aidhm leis an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna sin nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh‑chomhpháirt agus an ceann eile mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, is é sin an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh‑chomhpháirte.

3.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo

Is leis an bhfuinneamh a bhaineann príomhchuspóir agus príomhábhar an ghnímh atá beartaithe. Dá bhrí sin, is é Airteagal 194 CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.

3.3.Conclúid

Is é Airteagal 194 ba cheart a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.

2022/0235 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh i ndáil le hionchorprú Rialachán (AE) 2022/1032 maidir le stóráil gáis in acquis an Chomhphobail Fuinnimh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint do Chinneadh 2006/500/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2006 maidir le Conradh an Chomhphobail Fuinnimh a thabhairt i gcrích ag an gComhphobal Eorpach 2 ,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Fuinnimh, agus go háirithe Airteagail 79, 24 agus 25 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is Páirtí é an tAontas Eorpach sa Chomhphobal Fuinnimh.

(2)Thug an tAontas an Conradh ag bunú an Chonartha um Chomhphobal Fuinnimh i gcrích le Cinneadh 2006/500/CE ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2006.

(3)Ceann de phríomhchúraimí an Chomhphobail Fuinnimh is ea an caidreamh idir na Páirtithe a eagrú agus creat dlíthiúil agus eacnamaíoch a chruthú lena gcumhdófar na hearnálacha leictreachais agus gáis.

(4)I bhfianaise a thábhachtaí atá stórais gáis chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú agus i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, ghlac an tAontas Rialachán práinneach maidir le stóráil gáis, Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 . Ba cheart dó, mar ábhar práinne, é a ionchorprú mar chuid d’acquis an Chomhphobail Fuinnimh.

(5)Faoi Airteagal 79 den Chonradh um Chomhphobal Fuinnimh, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún bearta a mholadh chomh maith leis na hoiriúnuithe ábhartha faoi Theideal II den Chonradh sin maidir le hoiriúnú agus forbairt an acquis communautaire.

(6)Le hionchorprú Rialachán (AE) 2022/1032 in acquis communautaire an Chomhphobail Fuinnimh, rannchuidítear le cuspóirí an Chomhphobail Fuinnimh agus rachaidh sé chun tairbhe do na Páirtithe Conarthacha ó thaobh shlándáil an tsoláthair fuinnimh de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal aonair

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais an dréacht‑Chinneadh ón gComhairle Aireachta, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, a fhormheas.

Féadfaidh an Coimisiún teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe, i bhfianaise tuairimí ó Pháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh agus an nós imeachta ón gComhairle Aireachta á ghlacadh nó roimhe sin, gan cinneadh eile ón gComhairle.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 17 an 30.6.2022, lch. 17.
(2)    IO L 198, 20.7.2006, lch. 15.
(3)    Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

An Bhruiséil,3.8.2022

COM(2022) 395 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gComhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh i ndáil le hionchorprú Rialachán (AE) 2022/1032 maidir le stóráil gáis in acquis an Chomhphobail Fuinnimh


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Uimh. 2022/xx/MC-EnC

ó CHOMHAIRLE AIREACHTA AN CHOMHPHOBAIL FUINNIMH


lena ndéantar RIALACHÁN (AE) 2022/1032 a chur chun feidhme agus a oiriúnú, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 arna noiriúnú agus arna nglacadh sa Chomhphobal Fuinnimh le Cinneadh 2021/15/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 30 Samhain 2021 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 arna noiriúnú agus arna nglacadh le Cinneadh 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta a mhéid a bhaineann le stóráil gáis

Déanann Comhairle Aireachta an Chomhphobail Fuinnimh,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 24, 25, 79 agus 100(i) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ba cheart gealltanais na bPáirtithe Conarthacha faoi Airteagal 11 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Fuinnimh (‘an Conradh’) a chur i gcomhréir le forás dhlí an Aontais Eorpaigh, agus creat institiúideach an Chomhphobail Fuinnimh féin agus staid shonrach gach ceann dá Pháirtithe Conarthacha á gcur san áireamh.

(2)I bhfianaise a thábhachtaí atá stóráis gáis chun slándáil an tsoláthair gáis a áirithiú agus i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, i mí an Mhárta 2022 mhol an Coimisiún rialachán práinneach maidir le stóráil gáis, chun a áirithiú go mbeidh an tAontas Eorpach ullamh don riosca go gcuirfear isteach ar sholáthairtí gáis an geimhreadh seo chugainn.

(3)Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 maidir le stóráil gáis, comhaontaíodh é ar leibhéal an Aontais faoi nós imeachta brostaithe le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 30 Meitheamh 2022.

(4)Beartaítear in Aithris 35 de Rialachán (AE) 2022/1032 gur cheart an Rialachán seo, mar ábhar práinne, a bheith mar chuid d’acquis an Chomhphobail Fuinnimh i gcomhréir leis an gConradh

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh a leasú chun na hathruithe ar an acquis communautaire maidir le fuinneamh a léiriú. Is gá freisin Rialachán (AE) 2022/1032 a oiriúnú chun críocha an Chonartha agus na bearta is gá a dhéanamh chun go gcuirfidh na Páirtithe Conarthacha chun feidhme é.

(6)Ba dhíol sásaimh don Bhuanghrúpa Ardleibhéil an togra seo ag an gcruinniú a bhí aige an 7 Iúil 2022,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar an gConradh

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an liosta gníomhartha atá san áireamh sa ‘Acquis Communautaire maidir le Fuinneamh’ in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, pointe (6):

‘(6) Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, arna ghlacadh le Cinneadh Uimh. 2021/15/MC-EnC ó Chomhairle Aireachta an 30/11/2021 agus arna oiriúnú le Cinneadh Uimh. 2022/xx/MC-EnC agus Rialachán (CE) 715/2009 an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar na líonraí tarchurtha gáis nádúrtha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) 1775/2005 arna ghlacadh le Cinneadh 2018/01/PHLG-EnC ón mBuanghrúpa Ardleibhéil an 12 Eanáir 2018 agus trí Chinneadh 2011/02/MC-CCE ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cur chun feidhme Threoir 2009/72/CE, Treoir 2009/73/CE, Rialachán (CE) 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus lena leasaítear Airteagal 11 agus Airteagal 59 den Chonradh um Chomhphobal Fuinnimh agus arna oiriúnú le Cinneadh Uimh. 2022/xx/MC-EnC’

Airteagal 2

Spriocdhátaí trasuí agus cur chun feidhme

1. Na dlíthe, na rialúcháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Rialachán (AE) 2017/1938 agus Rialachán (CE) 715/2009, arna oiriúnú leis an gCinneadh seo, a chomhlíonadh, déanfaidh gach Páirtí Conarthach iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 1 Meán Fómhair 2022.

2. Ar thabhairt chun críche an trasuímh, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ar an eolas láithreach faoi sin agus cuirfidh siad téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an gCinneadh seo in iúl do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

3. Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha na bearta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm le héifeacht a ghlactha.

Airteagal 3

Oiriúnuithe sonracha ar Rialachán (AE) 2017/1938 arna ghlacadh sa Chomhphobal Fuinnimh

I dteannta na n‑oiriúnuithe in Airteagal 2, beidh feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas freisin maidir le Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010, arna ghlacadh le Cinneadh Uimh. 2021/15/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 30/11/2021:

(1)In Airteagal 2, cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

‘(28)    ciallaíonn ‘conair líonta’ sraith spriocanna idirmheánacha do shaoráidí stórála gáis faoi thalamh gach Ballstáit, mar a liostaítear in Iarscríbhinn Ia don bhliain 2022 agus, do na blianta ina dhiaidh sin, mar a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 6a;

(29)    ciallaíonn ‘sprioc líonta’ sprioc cheangailteach maidir leis an leibhéal líonta thoilleadh comhiomlán na saoráidí stórála gáis faoi thalamh;

(30)    ciallaíonn ‘stóráil straitéiseach’ stóráil faoi thalamh nó cuid de stóráil faoi thalamh i leith gás nádúrtha neamhleachtaithe a cheannaíonn, a bhainistíonn agus a stórálann oibreoirí córais tarchurtha, gnóthas nó eintiteas arna ainmniú ag na Páirtithe Conarthacha nó gnóthas agus ar féidir iad a scaoileadh ach amháin tar éis réamhfhógra nó údarú ón údarás poiblí lena scaoileadh, agus a scaoiltear i gcoitinne i gcás:

(a)    mórghanntanas soláthair;

(b)    suaitheadh sa soláthar; nó

(c)    luasmhoilliú éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c).

(31)    ciallaíonn ‘stoc comhardúcháin’ gás nádúrtha neamhleachtaithe ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)    ceannaíonn agus bainistíonn oibreoirí córais tarchurtha nó eintiteas arna ainmniú ag an bPáirtí Conarthach é agus stórálann siad é faoi thalamh, chun críoch feidhmeanna oibreoirí córais tarchurtha a dhéanamh agus chun críocha shlándáil an tsoláthair gáis agus chun na gcríoch sin amháin;

(b)    ní sheoltar iad ach amháin i gcás inar gá chun an córas a choinneáil i bhfeidhm faoi choinníollacha slána iontaofa i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle arna oiriúnú agus arna ghlacadh le Cinneadh 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta agus le hAirteagail 8 agus 9 de Rialachán AE 312/2014 ón gCoimisiún arna oiriúnú agus arna ghlacadh le Cinneadh 2019/01/PHLG-EnC ón mBuanghrúpa Ardleibhéil;

(32)    ciallaíonn ‘saoráid stórála gáis faoi thalamh’ saoráid stórála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir 2009/73/CE arna hoiriúnú agus arna ghlacadh le Cinneadh 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta, a úsáidtear le haghaidh gás nádúrtha a stocáil, lena náirítear stoc comhardúcháin, agus atá ceangailte le córas tarchurtha nó dáileacháin, seachas stóráil sféarúil os cionn talún nó stóráil línephacála.”.

(2)Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6a: Spriocanna líonta a agus conairí líonta

(1)Faoi réir mhíreanna 2 go 5, comhlíonfaidh na Páirtithe Conarthacha [na spriocanna líonta seo a leanas maidir le hacmhainn chomhiomlán gach saoráide stórála gáis faoi thalamh atá lonnaithe ar a gCríoch féin agus atá idirnasctha go díreach le limistéar margaidh ar a gcríoch gach bliain faoin 1 Samhain:

(a)le haghaidh 2022: 80 %,

(b)ón mbliain 2023 ar aghaidh: 90 %

Chun an mhír seo a chomhlíonadh, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha san áireamh an cuspóir maidir le slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 1.

(2)D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáidí na bPáirtithe Conarthacha eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann a líonadh, beidh sprioc líonta do gach Páirtí Conarthach ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lonnaithe laghdaithe do thoirt arb ionann í agus 35 % den mheántomhaltas bliantúil gáis thar an 5 bliana roimhe sin don Pháirtí Conarthach sin.

(3)D’ainneoin mhír 1 agus gan dochar d’oibleagáidí na bPáirtithe Conarthacha eile na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineanna líonadh, laghdófar sprioc líonta gach Páirtí Conarthach ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lonnaithe de réir na toirte, a soláthraíodh do Bhallstáit an Aontais agus do thríú tíortha le linn na tréimhse tagartha 2016 go 2021 más rud é go raibh an meántoirt a soláthraíodh níos mó ná 15 TWh in aghaidh na bliana sa tréimhse aistarraingthe stórála gáis (mí Dheireadh Fómhair – mí Aibreáin).

(4)<….>

(5)    Féadfaidh Páirtí Conarthach an sprioc líonta a chomhlíonadh i bpáirt trí GNL atá stóráilte go fisiceach agus ar fáil i saoráidí GNL na mBallstát a chomhaireamh i gcás ina mbainfear amach an dá choinníollacha a leanas:

(a)áirítear sa chóras gáis acmhainn shuntasach stórála GNL, arb ionann é go bliantúil agus níos mó ná 4 % de mheántomhaltas náisiúnta thar an 5 bliana roimhe sin;

(b)tá oibleagáid forchurtha ag an bPáirtí Conarthach ar sholáthróirí gáis toirteanna íosta gáis a stóráil i saoráidí stórála gáis faoi thalamh agus/nó i saoráidí GNL i gcomhréir Airteagal 6b(1), pointe (a).

(6)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta is gá chun na spriocanna idirmheánacha a chomhlíonadh nó chun a áirithiú go gcomhlíonfar iad mar a leanas:

(a)(a) i gcás 2022 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia, agus 

(b)(b) ón mbliain 2023: i gcomhréir le mír 7.

(7)I gcás 2023 agus na mblianta ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Páirtí Conarthach ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh dréachtchonair líonta le spriocanna idirmheánacha do mhí Feabhra, mí na Bealtaine, mí Iúil agus mí Mheán Fómhair, lena náirítear faisnéis theicniúil, a chur faoi bhráid Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh faoin 15 Meán Fómhair an bhliain roimhe sin, i bhfoirm chomhiomlánaithe maidir leis na saoráidí stórála gáis faoi thalamh atá ar a chríoch féin agus atá idirnasctha go díreach lena limistéir mhargaidh. Beidh an chonair líonta agus na spriocanna idirmheánacha bunaithe ar an méanráta líonta le linn na 5 bliana roimhe sin. I gcás Páirtithe Conarthacha a laghdaítear an sprioc líonta ina leith go dtí 35 % dá dtomhaltas de bhun mhír 2, déanfar spriocanna idirmheánacha na conaire líonta a laghdú dá réir sin.

Bunaithe ar an bhfaisnéis theicniúil a chuirfidh gach Páirtí Conarthach ar fáil agus measúnú an Ghrúpa Comhordúcháin chun Soláthar a áirithiú á chur san áireamh, glacfaidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh cinneadh lena socrófar an chonair líonta do gach Páirtí Conarthach. Déanfar an cinneadh sin a ghlacadh faoin 15 Samhain den bhliain roimhe sin, i gcás inar gá agus lena náirítear cás ina mbeidh dréachtchonair líonta nuashonraithe tíolactha ag an bPáirtí Conarthach. Beidh sé bunaithe ar mheasúnú ar an staid ghinearálta maidir le slándáil an tsoláthair gáis agus ar fhorbairt an éilimh agus an tsoláthair gáis sa Chomhphobal Fuinnimh agus i bPáirtithe Conarthacha aonair, agus socrófar é ar bhealach lena gcosnaítear slándáil an tsoláthair gáis, agus lena seachnaítear ag an am céanna ualaí nach bhfuil gá leo ar Pháirtithe Conarthacha, ar rannpháirtithe sa mhargadh gáis, ar oibreoirí córais stórála nó ar chustaiméirí agus gan an iomaíocht idir na saoráidí stórála atá lonnaithe i bPáirtithe Conarthacha agus/nó i mBallstáit chomharsanachta a shaobhadh go míchuí.

(8)    I gcás, in aon bhliain ar leith, nach féidir le Páirtí Conarthach a sprioc líonta a bhaint amach faoin 1 Samhain mar gheall ar na saintréithe teicniúla sonracha ag saoráid stórála gáis faoi thalamh amháin nó níos mó laistigh dá chríoch, amhail rátaí insteallta aníseal, ceadófar dó í a chomhlíonadh faoin 1 Nollaig. Cuirfidh an Páirtí Conarthach Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ar an eolas faoin 1 Samhain, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an moill.

(9)Fad is a bheidh éigeandáil náisiúnta fógartha de bhun Airteagal 11 ag Páirtí Conarthach amháin nó níos mó ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige ní bheidh feidhm ag an sprioc líonta.

(10)Déanfaidh údarás inniúil gach Páirtí Chonarthaigh faireachán leanúnach ar an gcomhlíontacht maidir lena chonair líonta agus tuairisceoidh sé go tráthrialta don Ghrúpa Comhordúcháin chun Soláthar a áirithiú. I gcás ina bhfuil leibhéal líonta Páirtí Conarthaigh ar leith níos mó ná 5 phointe céatadáin faoi leibhéal na conaire líonta, déanfaidh an túdarás inniúil bearta éifeachtacha chun é a mhéadú gan aon mhoill. Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh agus an Grúpa Comhordúcháin chun Soláthar a áirithiú ar an eolas faoi na bearta a rinneadh.

(11)I gcás ina nimeodh Páirtí Conarthach go suntasach agus go marthanach ón gconair líonta, lena gcuirtear comhlíonadh na sprice líonta i mbaol, nó i gcás ina nimeodh sé ón sprioc líonta, eiseoidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin chun Soláthar a áirithiú agus leis an bPáirtí Conarthach lena mbaineann, moladh don Pháirtí Conarthach sin nó do na Páirtithe Conarthacha eile lena mbaineann maidir le bearta a bheidh le déanamh láithreach.

‑‑‑I gcás nach laghdaítear an timeacht nó laistigh de mhí amháin ó dháta an mholta ó Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a fháil, déanfaidh an Rúnaíocht, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordúcháin chun Soláthar a áirithiú agus leis an bPáirtí Conarthach lena mbaineann, cinneadh mar rogha dheiridh chun é a chur de cheangal ar an bPáirtí Conarthach lena mbaineann bearta a dhéanamh chun an timeacht a leighis, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, beart amháin nó níos mó dá bhforáiltear in Airteagal 6b(1) a dhéanamh, nó aon bheart eile chun a áirithiú go gcomhlíonfar an sprioc líonta de bhun an Airteagail seo.

Agus cinneadh á dhéanamh faoi na bearta is ceart a ghlacadh de bhun an dara fomhír, cuirfidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh san áireamh staid shonrach an Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann, amhail méid na saoráidí stórála gáis faoi thalamh i ndáil leis an tomhaltas gáis intíre, a thábhachtaí atá na saoráidí stórála gáis faoi thalamh do shlándáil an tsoláthair gáis sa réigiún agus aon saoráidí stórála gás nádúrtha leachtaithe (GNL) atá ann cheana.

Maidir le haon bheart arna ghlacadh ag Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh chun aghaidh a thabhairt ar imeachtaí ón gconair líonta nó ón sprioc líonta le haghaidh 2022, cuirfear san áireamh an tréimhse ghearr chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, rud d’fhéadfadh cur leis an imeacht ón gconair líonta nó ón sprioc líonta le haghaidh 2022.

Áiritheoidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh nach ndéanfaidh na bearta arna nglacadh de bhun na míre seo an méid seo a leanas:

(a)dul thar a bhfuil riachtanach chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú,

(b)ualach díréireach a chur ar na Páirtithe Conarthacha, rannpháirtithe sa mhargadh gáis, oibreoirí córais stórála ná ar chustaiméirí.

Airteagal 6b: An sprioc líonta a chur chun feidhme

(1)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart is gá, lena náirítear foráil a dhéanamh do dhreasachtaí airgeadais nó cúiteamh do rannpháirtithe sa mhargadh, chun na spriocanna líonta de bhun Airteagal 6a a chomhlíonadh. Agus comhlíonadh na spriocanna líonta á áirithiú acu, tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha tús áite, i gcás inar féidir, do bhearta margadhbhunaithe.

Sa mhéid go dtagann aon bheart dá bhforáiltear san Airteagal seo faoi dhualgais agus faoi chumhachtaí an údaráis rialála náisiúnta de bhun Airteagal 41 de Threoir 2009/73/CE arna hoiriúnú agus arna glacadh le Cinneadh 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta, is iad na húdaráis rialála náisiúnta a bheidh freagrach as na bearta sin a dhéanamh.

Féadfaidh aon bheart arna ghlacadh de bhun na míre seo an méid a leanas, go háirithe, a áireamh:

(a)ceangal a chur ar sholáthraithe gáis toirteanna íosta gáis a stóráil i saoráidí stórála, lena náirítear i saoráidí stórála gáis faoi thalamh agus/nó i saoráidí stórála GNL, na toirteanna sin a chinneadh ar bhonn mhéid an gháis arna sholáthar ag soláthróirí gáis do chustaiméirí atá faoi chosaint;

(b)ceangal a chur ar oibreoir córais stórála a nacmhainn a thairiscint do rannpháirtithe sa mhargadh;

(c)ceangal a chur ar oibreoirí córais tarchurtha nó ar eintitis arna nainmniú ag an bPáirtí Conarthach stoc comhardúcháin a cheannach agus a bhainistiú go heisiach chun a bhfeidhmeanna mar oibreoirí córais tarchurtha a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, lena bhforchuirtear oibleagáid ar eintitis ainmnithe eile chun slándáil an tsoláthair gáis i gcás éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 11(1), pointe (c), a choimirciú;

(d)ionstraimí comhordaithe a úsáid, amhail ardáin chun GNL a cheannach, in éineacht le Páirtithe Conarthacha eile chun úsáid GNL a uasmhéadú agus chun bacainní bonneagair agus rialála ar úsáid chomhroinnte GNL a laghdú chun saoráidí stórála gáis faoi thalamh a líonadh;

(e)úsáid a bhaint as sásraí deonacha chun gás nádúrtha a sholáthar go comhpháirteach;

(f)dreasachtaí airgeadais a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, lena náirítear oibreoirí córais stórála, amhail conarthaí difríochta, nó cúiteamh a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh as gannchion in ioncaim nó as costais arna dtabhú acu mar thoradh ar oibleagáidí ar rannpháirtithe sa mhargadh, lena náirítear oibreoirí córais stórála nach féidir a sheasamh le hioncam;

(g)ceangal a chur ar shealbhóirí acmhainne stórála acmhainní atá curtha in áirithe acu a úsáid nó na hacmhainní sin atá gan úsáid a scaoileadh uathu, agus lena gcuirtear d’oibleagáid ar shealbhóir na hacmhainne stórála nach núsáideann an acmhainn stórála an praghas a comhaontaíodh a íoc ar feadh théarma iomlán an chonartha stórála;

(h)ionstraimí éifeachtacha a ghlacadh chun stóráil straitéiseach a cheannach agus a bhainistiú ag eintitis phoiblí nó phríobháideacha, ar choinníoll nach ndéanann ionstraimí den sórt sin an iomaíocht nó dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh a shaobhadh;

(i)eintiteas tiomnaithe a cheapadh dá sannfar an tasc an sprioc líonta a chomhlíonadh i gcás nach gcomhlíonfar an sprioc líonta murach sin;

(j)lascainí ar na taraifí stórála a sholáthar;

(k)na hioncaim is gá a bhailiú chun na caiteachais chaipitil agus oibríochtúla a bhaineann le saoráidí stórála rialáilte a aisghabháil mar tharaifí stórála agus mar mhuirear tiomnaithe a ionchorpraítear i dtaraifí tarchurtha, nach mbailítear ach amháin ó phointí scoir chuig custaiméirí deiridh atá lonnaithe sna Páirtithe Conarthacha céanna. Ní fhéadfaidh an tioncam a bhailítear trí tharaifí a bheith níos mó ná an tioncam ceadaithe.

(2)Beidh na bearta arna nglacadh ag na Páirtithe Conarthacha de bhun mhír 1 teoranta don mhéid is gá chun na conairí líonta agus na spriocanna líonta a bhaint amach. Sainmhíneofar na bearta sin go soiléir, agus beidh siad trédhearcach, comhréireach, neamhidirdhealaitheach agus infhíoraithe. Ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus ní chuirfidh siad slándáil sholáthar gáis na bPáirtithe Conarthacha eile nó an Chomhphobail Fuinnimh i mbaol.

(3)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta uile is gá chun a áirithiú go mbainfear úsáid ar bhealach éifeachtúil as an mbonneagar atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, ar mhaithe le slándáil an tsoláthair gáis. Ní dhéanfaidh na bearta sin, in imthosca ar bith, bac ná srian a chur ar úsáid trasteorann saoráidí stórála ná saoráidí GNL, agus ní chuirfidh siad teorainn leis an acmhainn tarchurtha trasteorann arna leithdháileadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/459, arna oiriúnú agus arna ghlacadh le Cinneadh 2018/06/PHLG-EnC ón mBuanghrúpa Ardleibhéil.

(4)Agus bearta á nglacadh acu de bhun an Airteagail seo, cuirfidh na Páirtithe Conarthacha céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm, agus cuspóirí a mbeart faoi seach á mbaint amach acu i gcónaí, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna oiriúnú agus arna ghlacadh ag Cinntí 2021/14/MC-EnC ón gComhairle Aireachta.

Airteagal 6c: Socruithe stórála agus sásra comhroinnte ualaigh

(1)Áiritheoidh Páirtí Conarthach nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu go mbeidh socruithe i bhfeidhm ag rannpháirtithe sa mhargadh laistigh den Pháirtí Conarthach sin le hoibreoirí córais stórála faoi thalamh nó le rannpháirtithe eile sa mhargadh i bPáirtithe Conarthacha agus/nó i mBallstáit ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh. Forálfar leis na socruithe sin, faoin 1 Samhain, maidir le húsáid na dtoirteanna stórála a chomhfhreagraíonn do 15 % ar a laghad dá nídiú bliantúil gáis den mheántomhaltas bliantúil gáis thar na 5 bliana roimhe sin sa Pháirtí Conarthach nach bhfuil socruithe stórála gáis faoi thalamh aige. Mar sin féin, i gcás ina gcuirtear, le hacmhainn tarchurtha trasteorann nó srianta teicniúla eile, cosc ar Pháirtí Conarthach nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis faoi thalamh aige úsáid iomlán a bhaint as 15 % de na toirteanna stórála sin, ní stórálfaidh an Páirtí Conarthach sin ach na toirteanna sin atá indéanta go teicniúil.

I gcás nach gceadaítear, leis na teorainneacha teicniúla, do Pháirtí Conarthach an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír a chomhlíonadh agus go bhfuil oibleagáid i bhfeidhm ag an bPáirtí Conarthach sin breoslaí eile a stóráil in ionad gáis, féadfar an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír a chomhlíonadh go heisceachtúil le hoibleagáid choibhéiseach breoslaí eile seachas gás a stóráil. Léireoidh an Páirtí Conarthach lena mbaineann teorainneacha teicniúla agus coibhéis an bhirt.

(2)De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Páirtí Conarthach nach bhfuil aon saoráidí stórála faoi thalamh aige sásra comhroinnte ualaigh a fhorbairt i gcomhpháirt le Páirtí Conarthach amháin nó níos mó nó i gcomhpháirt le Ballstáit ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh (‘sásra comhroinnte ualaigh’).

Bunófar an sásra comhroinnte ualaigh ar shonraí ábhartha an mheasúnaithe riosca is déanaí de bhun Airteagal 7 agus cuirfear san áireamh leis na paraiméadair uile seo a leanas:

(a)costas na tacaíochta airgeadais chun an sprioc líonta a bhaint amach, gan na costais a bhaineann le haon oibleagáidí stórála straitéiseacha a chomhlíonadh;

(b)na toirteanna gáis is gá chun freastal ar éileamh na gcustaiméirí atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 6(1);

(c)na teorainneacha teicniúla, lena náirítear an acmhainn stórála faoi thalamh atá ar fáil, an acmhainn tarchurtha theicniúil trasteorann agus rátaí aistarraingthe.

Tabharfaidh na Páirtithe Conarthacha fógra faoin sásra comhroinnte ualaigh do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh agus don Ghrúpa Comhordaithe um Shlándáil an tSoláthair faoin ….. [dhá mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. In éagmais comhaontaithe maidir le sásra comhroinnte ualaigh faoin dáta sin, léireoidh na Páirtithe Conarthacha sin nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu go gcomhlíonann siad mír 1 déanfaidh siad é sin a chur in iúl dá réir sin do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh agus don Ghrúpa Comhordúcháin chun Soláthar a áirithiú.

(3)<…>

(4)Féadfaidh Páirtithe Conarthacha nach bhfuil saoráidí stórála faoi thalamh acu dreasachtaí nó cúiteamh airgeadais a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh nó d’oibreoirí córas tarchurtha de réir mar is ábhartha, don ghannchion ioncaim nó do na costais arna dtabhú acu, mar thoradh ar chomhlíonadh a noibleagáidí stórála de bhun an Airteagail seo acu, i gcás nach féidir an teasnamh sin nó na costais sin a chumhdach le hioncam, chun a áirithiú go gcomhlíonfar a noibleagáid gás a stóráil i bPáirtithe Conarthacha eile agus/nó i mBallstáit eile de bhun mhír 1 nó de bhun chur chun feidhme an tsásra comhroinnte ualaigh. Má mhaoinítear an dreasacht nó an cúiteamh airgeadais trí thobhach, ní leithdháilfear an tobhach sin ar phointí idirnaisc trasteorann.

(5)D’ainneoin mhír 1, i gcás ina mbeidh saoráidí stórála gáis faoi thalamh suite ar a chríoch ag Páirtí Conarthach agus gur mó acmhainn chomhiomlánaithe na saoráidí sin ná tomhaltas bliantúil gáis an Pháirtí Chonarthaigh sin, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu ach a bhfuil rochtain acu ar na saoráidí sin:

(a)a áirithiú go mbeidh na toirteanna stórála, faoin 1 Samhain, ag freagairt ar a laghad do mheánúsáid na hacmhainne stórála sna cúig bliana roimhe sin, arna chinneadh, inter alia, trí na sreafaí le linn an tséasúir aistarraingthe sna cúig bliana roimhe sin ó Pháirtithe Conarthacha ina bhfuil an stóráil lonnaithe a chur san áireamh nó

(b)léireoidh siad gur cuireadh in áirithe acmhainn stórála atá coibhéiseach leis an toirt a chumhdaítear leis an oibleagáid faoi phointe (a).

Más féidir leis an bPáirtí Conarthach nach bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu a léiriú gur cuireadh acmhainn stórála atá coibhéiseach leis an toirt a chumhdaítear leis an oibleagáid faoi phointe (a) den chéad fhomhír in áirithe, beidh feidhm ag mír 1.

Beidh teorainn 15 % den mheántomhaltas bliantúil gáis thar na 5 bliana roimhe sin sa Pháirtí Conarthach lena mbaineann leis an oibleagáid faoin mír seo.

(6)<…>.

Airteagal 6d: Faireachán agus forfheidhmiú

(1)Tuairisceoidh na hoibreoirí córais stórála an leibhéal líonta don údarás inniúil i ngach Páirtí Conarthach ina bhfuil na saoráidí stórála gáis faoi thalamh lena mbaineann lonnaithe agus, más infheidhme, d’eintiteas arna ainmniú ag an bPáirtí Conarthach sin (‘an túdarás ainmnithe’) mar a leanas:

(a)I gcás 2022: ar gach ceann de na spriocanna idirmheánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn Ia agus

(b)Ó 2023: mar a shocraítear de bhun Airteagal 6a(4)

Déanfaidh an túdarás inniúil agus, más infheidhme, eintiteas ainmnithe gach Páirtí Conarthach faireachán ar leibhéil líonta na saoráidí stórála gáis faoi thalamh ina gcríocha ag deireadh gach míosa agus tuairisceoidh siad na torthaí do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh gan moill mhíchuí.

Féadfaidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, i gcás inarb iomchuí, a iarraidh ar Bhord Rialála an Chomhphobail Fuinnimh cuidiú leis an bhfaireachán sin.

(2)De réir na faisnéise arna soláthar ag an údarás inniúil agus, más infheidhme, tuairisceoidh eintiteas ainmnithe gach Páirtí Chonarthaigh, Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh go rialta don Ghrúpa Comhordúcháin chun Soláthar a áirithiú.

(3)Tabharfaidh an Grúpa Comhordúcháin chun Soláthar a áirithiú cúnamh do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh leis an bhfaireachán a dhéanfar ar na conairí líonta agus spriocanna líonta, agus forbróidh sé treoraíocht do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh maidir le bearta leordhóthanacha chun comhlíontacht a áirithiú i gcás ina nimeoidh na Páirtithe Conarthacha ó na conairí líonta nó nach mbaineann siad na spriocanna líonta amach.

(4)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha na bearta is gá chun na conairí líonta agus na spriocanna líonta a bhaint amach agus chun na hoibleagáidí stórála a cheanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh a fhorfheidhmiú, lena náirítear bearta trí smachtbhannaí atá sách athchomhairleach agus fíneálacha a fhorchur ar na rannpháirtithe sin sa mhargadh.

Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh ar an eolas gan mhoill faoi na bearta forfheidhmiúcháin arna ndéanamh de bhun na míre seo.

(5)I gcás ina mbeidh faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de le malartú, féadfaidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh cruinnithe den Ghrúpa Comhordúcháin chun Soláthar a áirithiú a thionól atá teoranta do na Páirtithe Conarthacha, agus do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

(6)Aon fhaisnéis a mhalartófar, beidh sí teoranta don mhéid a bhfuil gá léi chun críche faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo.

Caomhnóidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh, na húdaráis rialála agus na Páirtithe Conarthacha rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a gheofar chun críocha a noibleagáid a chomhlíonadh.’;

(3)Oiriúnaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)I mír 4, cuirtear an pointe (g) seo a leanas leis:

‘(g) agus cásanna ina mbeadh suaitheadh fadtréimhseach ar fhoinse aonair soláthair á gcur san áireamh.’;

(b)I mír 5, ag deireadh an dara habairt ‘Ullmhófar na measúnuithe riosca náisiúnta i gcomhréir leis an teimpléad ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn V. Más gá, féadfaidh Páirtithe Conarthacha faisnéis bhreise a chur san áireamh’, cuirfear an téacs seo a leanas isteach: ‘amhail ionsamhlúchán uile-Aontais ENTSOG de chásanna suaite soláthair gáis agus bonneagair arna ndéanamh i gcomhréir le mír 1.’;

(4)Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

Airteagal 17a Tuairisciú

(a)Faoin 1 Meitheamh 2023, agus go bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh tuarascálacha faoi bhráid na Comhairle Aireachta ina mbeidh na nithe seo a leanas:

(b)forléargas ar na bearta a rinne na Páirtithe Conarthacha chun na hoibleagáidí stórála a chomhlíonadh,

(c)forléargas ar an am is gá don nós imeachta deimhniúcháin, a leagtar amach in Airteagal 3a de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 arna oiriúnú agus arna ghlacadh ag Cinneadh 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta

(d)forléargas ar na bearta a d’iarr Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh chun comhlíonadh na gconairí líonta agus na spriocanna líonta a áirithiú;

(e)anailís ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar phraghasanna gáis agus ar na coigiltí gáis a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le hAirteagal 6b(4).’;

(5)In Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.Ní bheidh feidhm ag Airteagail 6a go 6d maidir leis an Montainéagró, leis an gCosaiv* nó leis an tSeoirsia fad agus nach bhfuil siad idirnasctha go díreach le córas idirnasctha gáis aon cheann de na Páirtithe Conarthacha eile.’:

(6)In Airteagal 22, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘Beidh feidhm ag Airteagal 2, pointí (27) go (31), Airteagail 6a go 6d, Airteagal 17a, Airteagal 20(4), agus Iarscríbhinn Ia go dtí an 31 Nollaig 2025.’;

(7)cuirtear isteach an Iarscríbhinn Ia seo a leanas:

‘IARSCRÍBHINN Ia*:

Conair líonta le spriocanna idirmheánacha agus spriocanna líonta le haghaidh 2022 do na Páirtithe Conarthacha a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh acu

Páirtí Conarthach

1ú Meán Fómhair

Sprioc idirmheánach

1ú Deireadh Fómhair

Sprioc idirmheánach

1ú Samhain

an sprioc líonta

RS

60

70

80 %

UA

60

70

80 %

* Tá an Iarscríbhinn seo faoi réir oibleagáidí pro rata gach Páirtí Chonarthaigh faoin Rialachán seo agus go háirithe Airteagail 6a, 6b agus 6c.

Maidir le Páirtithe Conarthacha faoi Airteagal 6a(2), déanfar an sprioc idirmheánach pro rata a ríomh tríd an luach a léirítear sa tábla a iolrú faoin teorainn 35 % agus tríd an toradh a roinnt ar 80 %.’.

Airteagal 4

Oiriúnuithe sonracha ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 arna ghlacadh agus arna oiriúnú sa Chomhphobal Fuinnimh

I dteannta na n‑oiriúnuithe in Airteagal 2, beidh feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas freisin maidir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtain ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 arna ghlacadh agus arna oiriúnú le Cinneadh 2018/01/PHLG-EnC an 12 Eanáir 2018 ón mBuanghrúpa Ardleibhéil agus le Cinneadh 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta an 6 Deireadh Fómhair 2011 maidir le Treoir 2009/72/CE, Treoir 2009/73/CE, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a chur chun feidhme agus lena leasaítear Airteagail 11 agus 59 de Chonradh an Chomhphobail Fuinnimh:

(1)Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 3a: Deimhniúchán oibreoirí córais stórála

(1)Gach oibreoir córais stórála, lena náirítear aon oibreoir córais stórála atá faoi rialú oibreoir córais tarchurtha, áiritheoidh na Páirtithe Conarthacha go mbeidh siad deimhnithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos san Airteagal seo, ag an údarás rialála náisiúnta nó ag údarás inniúil eile arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna ghlacadh agus arna oiriúnú ag Cinneadh 2021/15/MC-EnC ón gComhairle Aireachta (‘an túdarás deimhniúcháin’ i ngach cás).

Tá feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le hoibreoirí córais atá faoi rialú oibreoirí córas tarchurtha arna ndeimhniú cheana faoi na rialacha i dtaca le díchuachadh a leagtar síos in Airteagail 9, 10 agus 11 de Threoir 2009/73/CE, arna hoiriúnú agus arna glacadh le Cinneadh 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta.

(2)Eiseoidh an túdarás deimhniúcháin dréachtchinneadh deimhniúcháin i leith oibreoirí córais stórála a oibríonn saoráidí stórála gáis faoi thalamh ag a bhfuil acmhainn breis is 3,5 TWh acu i gcás, gan beann ar líon na noibreoirí córais stórála, inar líonadh iomlán na saoráidí stórála, an 31 Márta 2021 agus an 31 Márta 2022 go leibhéal a bhí níos lú ná 30 % dá dtoilleadh uasta ar an meán faoin [150 lá oibre tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] nó laistigh de 150 lá oibre ón dáta a bhfaightear an fógra de bhun mhír 9.

I ndáil le hoibreoirí córais storála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an t‑údarás deimhniúcháin a ndícheall dréachtchinneadh deimhniúcháin a eisiúint faoin 1 Eanáir 2023.

I leith gach oibreoir córais stórála eile, eiseoidh an túdarás deimhniúcháin dréachtchinneadh deimhniúcháin faoin [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] nó laistigh de 18 mí ón dáta a bhfaightear an fógra de bhun mhír 8 nó 9.

(3)Agus breithniú á dhéanamh ar an riosca do shlándáil an tsoláthair fuinnimh, cuirfidh an túdarás deimhniúcháin san áireamh aon riosca maidir le slándáil an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Chomhphobail Fuinnimh mar aon le haon mhaolú ar riosca den sórt sin a eascraíonn, inter alia, as an méid seo a leanas:

(a)úinéireacht, soláthar nó aon chaidreamh tráchtála eile a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh do dhreasachtaí agus do chumas an oibreora córais stórála an tsaoráid stórála gáis faoi thalamh a líonadh;

(b)cearta agus oibleagáidí an Chomhphobail Fuinnimh maidir le tríú tír a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta;

(c)cearta agus oibleagáidí na bPáirtithe Conarthacha lena mbaineann maidir le tríú tír a eascraíonn faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích le Páirtithe Conarthacha a bhfuil baint acu le tríú tír amháin nó níos mó, a mhéid go gcomhlíontar dlí an Chomhphobail Fuinnimh leis na comhaontuithe sin; nó

(d)aon fhíoras nó imthosca sonrach eile a bhaineann leis an gcás.

(4)Má chinneann an túdarás deimhniúcháin maidir le duine a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach nó a fheidhmíonn aon cheart thar an oibreoir córais stórála de réir bhrí Airteagal 9 de Threoir 2009/73/CE arna hoiriúnú agus arna glacadh le Cinneadh 2011/02/MC-EnC ón gComhairle Aireachta, go bhféadfadh an duine sin slándáil an tsoláthair fuinnimh nó leasanna slándála riachtanacha an Chomhphobail Fuinnimh nó aon Pháirtí Chonarthaigh a chur i mbaol, diúltóidh an túdarás deimhniúcháin an deimhniú. Ina ionad sin, féadfaidh an túdarás deimhniúcháin deimhniúchán a eisiúint faoi réir coinníollacha, lena náirithítear maolú leordhóthanach na rioscaí a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar líonadh na saoráidí stórála gáis faoi thalamh, ar choinníoll gur féidir a ninoibritheacht a áirithiú go hiomlán trí chur chun feidhme agus trí fhaireachán éifeachtach. Féadfar a áireamh ar na coinníollacha sin, go háirithe, ceanglas ar an úinéir córais stórála nó ar an oibreoir córais stórála bainistiú an chórais stórála a aistriú.

(5)I gcás ina gcinneann an túdarás deimhniúcháin nach féidir an baol atá ann maidir leis an soláthair gáis a mhaolú faoi choinníollacha de bhun mhír 4, lena náirítear trína cheangal ar an úinéir córais stórála nó ar an oibreoir córais stórála bainistiú an chórais stórála a aistriú, agus dá bhrí sin go ndiúltaíonn sé an deimhniúchán, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)an túinéir córais stórála nó an toibreoir córais stórála nó ar aon duine a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair fuinnimh nó leasanna slándála riachtanacha an Chomhphobail Fuinnimh nó aon Pháirtí Chonarthaigh a chur i mbaol dar leis, ceangal a chur air an scairsheilbh nó na cearta atá aige ar úinéireacht an chórais stórála nó ar úinéireacht an oibreora córais stórála a dhiúscairt, agus teorainn ama a leagan síos don diúscairt sin;

(b)i gcás inarb iomchuí, bearta idirlinne a ordú chun a áirithiú nach féidir le duine den sórt sin aon rialú nó ceart a fheidhmiú ar an úinéir córais stórála nó ar an oibreoir córais stórála sin go dtí go ndéanfar an scairsheilbh nó na cearta a dhiúscairt; agus

(c)foráil a dhéanamh maidir leis na bearta cúiteacha iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

(6)Tabharfaidh an túdarás deimhniúcháin fógra faoina dhréachtchinneadh deimhniúcháin do Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh gan mhoill, in éineacht leis an bhfaisnéis ábhartha uile.

Tabharfaidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh atuairim cheangailteach ar an dréachtchinneadh deimhniúcháin don údarás deimhniúcháin laistigh de 25 lá oibre ó fhógra den sórt sin a fháil. Comhlíonfaidh an t‑údarás deimhniúcháin tuairim Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

(7)Glacfaidh an túdarás deimhniúcháin a chinneadh deimhniúcháin laistigh de 25 lá oibre tar éis dó an tuairim ó Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a fháil.

(8)Sula gcuirfear saoráid stórála gáis nuathógtha faoi thalamh i bhfeidhm, déanfar an toibreoir córais stórála a dheimhniú i gcomhréir le míreanna 1 go 7. Tabharfaidh an toibreoir córais stórála fógra don údarás deimhniúcháin go bhfuil sé beartaithe aige an tsaoráid stórála a chur i bhfeidhm.

(9)Tabharfaidh na hoibreoirí córais stórála fógra don údarás deimhniúcháin ábhartha maidir le haon idirbheart atá beartaithe lena néileofaí athmheasúnú ar a gcomhlíontacht leis na ceanglais deimhniúcháin a leagtar amach i míreanna 1 go 4.

(10)Déanfaidh na húdaráis deimhniúcháin faireachán ar oibreoirí córais stórála ar bhonn leanúnach a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas deimhniúcháin a leagtar amach i míreanna 1 go 4. Osclóidh siad nós imeachta deimhniúcháin chun athmheasúnú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)ar fhógra a fháil ón oibreoir córais stórála de bhun mhír 8 nó 9;

(b)ar a dtionscnamh féin i gcás ina bhfuil siad ar an eolas go bhféadfadh sé go mbeadh neamhchomhlíonadh na gceanglas i míreanna 1, 2 agus 3 a bheith mar thoradh ar athrú atá beartaithe ar na cearta nó ar an tionchar ar oibreoir córais stórála;

(c)ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh.

(11)Déanfaidh na Páirtithe Conarthacha gach beart is gá chun a áirithiú go leanfar d’oibriú na saoráidí stórála gáis faoi thalamh ar a gcríocha faoi seach. Ní fhéadfaidh na saoráidí stórála gáis faoi thalamh sin stad a chur le hoibríochtaí ach amháin i gcás nach gcomhlíontar ceanglais theicniúla agus sábháilteachta nó i gcás gurb í tuairim an údaráis dheimhniúcháin tar éis measúnú a dhéanamh agus tar éis tuairim Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a chur san áireamh nach ndéanfadh an stad sin slándáil an tsoláthair gáis a lagú ar leibhéal an Chomhphobail Fuinnimhar an leibhéal náisiúnta.

Déanfar bearta cúiteacha iomchuí, i gcás inarb iomchuí, mura gceadaítear scor na n‑oibríochtaí.

(12)Féadfaidh Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh treoir a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

(13)Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na codanna de shaoráidí GNL a úsáidtear le haghaidh stórála.’;

(2)In Airteagal 15, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.Féadfaidh an túdarás rialála náisiúnta lascaine suas le 100 % a chur i bhfeidhm ar tharaifí tarchurtha acmhainnbhunaithe agus ar tharaifí dáileacháin ag pointí iontrála ó shaoráidí stórála gáis faoi thalamh agus ag pointí scoir chucu, agus ó shaoráidí GNL, ach amháin má úsáidtear saoráid den sórt sin atá nasctha le níos mó ná gréasán tarchurtha amháin nó gréasán dáileacháin amháin, agus a mhéid a úsáidfear an tsaoráid stórála sin, chun dul in iomaíocht le pointe idirnaisc.

Beidh feidhm ag an mír seo go dtí an 31 Nollaig 2025.’.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus seolaithe

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a ghlactha.

Dírítear an Cinneadh seo ar na Páirtithe Conarthacha agus ar institiúidí an Chomhphobail Fuinnimh.

Arna dhéanamh in xx, xx 2022

Thar ceann na Comhairle Aireachta

An tUachtarán