An Bhruiséil,20.7.2022

COM(2022) 361 final

2022/0225(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le bliain anuas, bhí sraith suaití ar sholáthairtí gáis ón Rúis nach féidir a mhíniú ach amháin mar iarracht d’aon ghnó chun an fuinneamh a úsáid mar arm polaitíochta. Le blianta fada, ba í an Rúis an príomhsholáthróir gáis don Aontas Eorpach. Anuraidh, bhí an tAontas ag brath ar an Rúis le haghaidh níos mó ná 40 % dá sholáthairtí gáis. Tháinig laghdú leanúnach ar sholáthar an gháis ó bhí tús an chogaidh ann. Tá sreafaí píblíne an gháis ón Rúis níos lú ná 30 % de mheán na mblianta roimhe sin. Ghníomhachtaigh dhá Bhallstát déag an chéad nó an dara leibhéal géarchéime de bhun aicmiú coiteann an Aontais Eorpaigh. Tá tionchair mhóra ag an turraing soláthair seo ar phraghas an gháis, ar phraghas an leictreachais, ar bhoilsciú, ar chobhsaíocht fhoriomlán airgeadais agus mhaicreacnamaíoch an Aontais agus ar na saoránaigh uile cheana féin.

Níl aon chúis lena chreidiúint go dtiocfaidh deireadh leis an meathlú seo ar sholáthar an gháis. Inniu, tá seans réalaíoch san Aontas go mbeidh briseadh iomlán agus fadtréimhseach ar an ngás ón Rúis tráth ar bith. Ní mór dó a bheith ullmhaithe chuige sin agus gníomhaíochtaí réamhchoisctheacha a dhéanamh chun na tionchair ar mhórshuaitheadh soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú.

Rinne an tAontas Eorpach iarrachtaí leanúnacha chun feabhas a chur ar an staid fhoriomlán maidir le slándáil an tsoláthair san Aontas le deacáid anuas, go háirithe trí dhíriú ar éagsúlacht trí fhorbairt bonneagair agus tríd an gcreat maidir le slándáil an tsoláthair gáis a neartú freisin. Cé gur ceapadh an creat atá ann faoi láthair agus cé go raibh rath air maidir le haghaidh a thabhairt ar shuaitheadh gearrthéarmach agus ar theagmhais adhaimsire, níl sé leordhóthanach chun dul i ngleic le hionchais soláthair an‑neamhchinnte agus le mórchiorruithe soláthair marthanacha.

Mar fhreagairt ar an riosca méadaithe don gheimhreadh atá romhainn, tá treisiú mór déanta ag an Aontas ar a ullmhacht láithreach le haghaidh mórshuaitheadh soláthair den sórt sin le cúpla mí anuas: bhain sé lánleas as na féidearthachtaí arna soláthar leis an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, thug sé isteach bearta chun athlíonadh stóras a dhreasú, bhunaigh sé Ardán Fuinnimh an Aontais chun tacú le héagsúlú na soláthairtí gáis agus d’fhógair sé, mar chuid den phlean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022, an sprioc chun deireadh a chur leis an spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe is féidir. I rún uaithi an 7 Aibreán 2022, d’iarr Parlaimint na hEorpa go gcuirfí i láthair plean chun leanúint de shlándáil an tsoláthair fuinnimh san Aontas a áirithiú sa ghearrthéarma. Ina dhiaidh sin, d’iarr ceannairí an Aontais sa Chomhairle Eorpach an 31 Bealtaine 2022 agus an 23 Meitheamh 2022 go gcuirfí feabhas ar an ullmhacht le haghaidh mórshuaitheadh soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann mar ábhar práinne d’fhonn soláthar fuinnimh ar phraghsanna inacmhainne a áirithiú.

I bhfianaise na gciorruithe soláthair breise a d’fhéadfadh an Rúis a dhéanamh agus ag tógáil ar an ngá atá ann go dtabharfaidh an tAontas aghaidh chomhpháirteach ar na dúshláin nua seo, tá tuilleadh laghduithe ar an éileamh ar ghás ríthábhachtach chun iarmhairtí diúltacha forleathana a sheachaint do shaoránaigh agus do gheilleagar an Aontais. Leis an Rialachán atá beartaithe, cruthaítear creat comhordúcháin feabhsaithe le haghaidh bearta náisiúnta um laghdú ar an éileamh ar ghás. Tugtar isteach leis freisin féidearthacht don Choimisiún leibhéal géarchéime nua de chuid an Aontais a dhearbhú, eadhon ‘rabhadh an Aontais’, lena ngníomhachtaítear oibleagáid éigeantach uile-Aontais maidir le laghdú ar éileamh agus arb é is aidhm dó slándáil an tsoláthair gáis a chosaint. An gealltanas ó na Ballstáit uile maidir leis an éileamh ar ghás a laghdú trí bhearta dá rogha féin i gcás meathlú breise ar staid an tsoláthair as a dtiocfaidh rabhadh an Aontais, tá sé ríthábhachtach chun díobháil eacnamaíoch mhór a eascraíonn as suaitheadh breise sa soláthar a chosc. Le laghduithe dea-chomhordaithe agus comhpháirteacha ar éileamh, is féidir an riosca maidir le ciorrú na dtionscadal atá ríthábhachtach do shlabhraí soláthair an Aontais agus d’iomaíochas an Aontais a laghdú go mór i gcás mórshuaitheadh soláthair. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ‘Coigil Gás i gcomhair Geimhreadh Sábháilte’ an 20 Iúil 2022, tá sé i bhfad níos saoire do shaoránaigh agus don tionscal gníomhú anois chun an t‑éileamh a laghdú seachas aghaidh a thabhairt ar chiorruithe neamhchomhordaithe níos déanaí.

Méid na dtoirteanna is gá chun an t‑éileamh a laghdú a laghdóidh an tionchar a bheidh ag an suaitheadh soláthair, ach nach ndéanfaidh na tionchair dhiúltacha uile a sheachaint, ba cheart a chur san áireamh leis toirteanna an éilimh ar ghás a d’fhéadfadh a bheith i mbaol i gcás suaitheadh iomlán sa soláthar gáis ón Rúis. Is féidir na toirteanna sin a dháileadh ar na Ballstáit uile, bunaithe ar chomparáid lena meántomhaltas le 5 bliana anuas. 

D’fhonn saobhadh mór sa mhargadh inmheánach a sheachaint, saobhadh is dócha a bheidh ann dá bhfreagródh na Ballstáit ar bhealach neamhchomhordaithe do shuaitheadh soláthair breise ón Rúis a d’fhéadfadh a bheith ann, tá sé ríthábhachtach go ngníomhóidh na Ballstáit uile go comhpháirteach agus de mheon na dlúthpháirtíochta a luaithe is féidir. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh roinnt Ballstát i mbaol níos mó maidir leis na héifeachtaí ag suaitheadh ar sholáthairtí ón Rúis, déanfar difear diúltach do na Ballstáit uile agus is féidir leo rannchuidiú chun díobháil eacnamaíoch an tsuaite sin a theorannú. Leis an togra seo, dá bhrí sin, léirítear prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh, a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais le déanaí gur bunphrionsabal de chuid an Aontais é 1 . Na ballstáit a dhéanann gach iarracht déileáil leis an nganntanas gáis laistigh dá gcríoch, ba cheart iad a bheith i dteideal lántairbhe a bhaint as dlúthpháirtíocht fuinnimh a gcomharsana.

Mar sin féin, ós rud é nach féidir le Ballstáit áirithe toirteanna móra gáis píblíne a shaoradh chun tairbhe an Aontais, mar gheall ar a staid gheografach nó fhisiceach shonrach, amhail idirnasc píblíne ar iarraidh nó idirnasc píblíne íseal le Ballstáit eile, áirítear leis an togra seo an fhéidearthacht do na Ballstáit sin iarratas a dhéanamh ar theorannú ar a n‑oibleagáid maidir leis an laghdú éigeantach ar éileamh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis an ionstraim atá beartaithe, leagtar amach bearta sealadacha, comhréireacha agus urghnácha. Comhlánaítear leis tionscnaimh agus reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh atá ann cheana, rud lena n‑áirithítear gur féidir le saoránaigh tairbhiú de sholáthairtí gáis slána agus go gcosnaítear custaiméirí in aghaidh mórshuaitheadh soláthair.

Sreabhann sé go loighciúil ó thionscnaimh atá ann cheana, amhail ‘REPowerEU’, an togra le haghaidh Pacáiste maidir le Dícharbónú an Mhargaidh Hidrigine agus Gáis 2 agus an tionscnamh ‘Coigil Gás i gcomhair Geimhreadh Sábháilte’. Tá an tionscnamh atá beartaithe go hiomlán comhlántach le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le slándáil an tsoláthair gáis, lenar bunaíodh cheana tacar cuimsitheach rialacha chun saoránaigh agus cuideachtaí a chosaint níos fearr in aghaidh bristeacha sa soláthar. Le Rialachán (AE) 2017/1938, tugadh isteach, inter alia, pleananna éigeandála trína gceanglófaí ar na Ballstáit ullmhú le haghaidh leibhéil géarchéime éagsúla agus plean a dhéanamh le haghaidh bearta a fhéadfaidh siad a dhéanamh i gcás foláireamh náisiúnta. Tá sásraí dlúthpháirtíochta i bhfeidhm freisin, lena náirithítear go noibríonn na Ballstáit i gcomhar thar theorainneacha chun a áirithiú go soláthraítear fuinneamh do na custaiméirí sin i réigiún is mó a bhfuil gá acu leis, i gcás suaitheadh soláthair. Áirítear leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Pacáiste maidir le Dícharbónú an Mhargaidh Hidrigine agus Gáis tuilleadh beart chun ullmhacht in aghaidh suaitheadh soláthair a fheabhsú.

Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, leag an tAontas amach an Plean REPowerEU arb é is aidhm dó deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe is féidir agus ar a dhéanaí faoi 2027. Chun é sin a bhaint amach, leagtar amach sa Phlean REPowerEU bearta a bhaineann le coigilteas fuinnimh agus le héifeachtúlacht fuinnimh, agus moltar ann dlús a chur le rolladh amach an fhuinnimh ghlain chun cur in ionad breoslaí iontaise i dtithe, in earnáil na tionsclaíochta agus i nginiúint cumhachta. Sa chomhthéacs seo, cuireann an tionscnamh atá beartaithe leis na huirlisí atá ar fáil don Aontas cheana féin agus tá sé go hiomlán comhsheasmhach leis na spriocanna a leagtar amach in REPowerEU.

Áirítear leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Pacáiste maidir le Dícharbónú an Mhargaidh Hidrigine agus Gáis 3 tuilleadh beart chun ullmhacht in aghaidh suaitheadh soláthair a fheabhsú, go háirithe trí athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2017/1938. Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2022/1032 maidir le Stóráil 4 a glacadh le déanaí, tugadh isteach oibleagáidí stórála mar fhreagairt ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, ina bhféadfadh ganntanas soláthair agus buaiceanna praghsanna a bheith ann, ní hamháin mar thoradh ar chliseadh an bhonneagair nó ar dhálaí adhaimsire, ach chomh maith leis sin, ó athruithe geopholaitiúla, as ar tháinig suaitheadh níos marthanaí nó suaitheadh tobann sa soláthar. Leis na hoibleagáidí líonta stórála i Rialachán (AE) 2022/1032, rannchuidítear le slándáil an tsoláthair gáis a chosaint le haghaidh gheimhreadh 2022-2023.

Níl na rialacha atá ann faoi láthair maidir le slándáil an tsoláthair gáis go hiomlán oiriúnaithe, áfach, do na dúshláin maidir le slándáil an tsoláthair de chineál agus de mhéid os ár gcomhair faoi láthair, i gcás ina mbeidh ullmhacht láithreach fíor-riachtanach chun iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta tromchúiseacha mórshuaite soláthair a sheachaint. An 31 Bealtaine 2022 agus an 23 Meitheamh 2022, ina conclúidí, d’iarr an Chomhairle Eorpach, dá bhrí sin, go ndéanfaí ullmhúchán le haghaidh suaitheadh breise sa soláthar gáis mar ábhar práinne agus go háirithe chun comhordú níos dlúithe leis – agus idir - na Ballstáit a chumasú.

Sa Teachtaireacht ‘Coigil Gás i gcomhair Geimhreadh Sábháilte’ arna glacadh an 20 Iúil 2022, leagtar amach na huirlisí atá ar fáil don Eoraip cheana féin le haghaidh laghdú comhordaithe ar éileamh agus cad eile is gá a dhéanamh ionas go mbeidh an Eoraip réidh le haghaidh suaitheadh iomlán nó suaitheadh páirteach. Sa tionscnamh atá beartaithe, tugtar freagairt ar na rioscaí méadaithe atá ann mar thoradh ar chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine, agus tá sé go hiomlán comhlántach leis na rialacha atá ann cheana maidir le slándáil an tsoláthair. Leagtar amach ann rialacha nua le haghaidh laghduithe comhordaithe ar éileamh agus tugtar isteach leis rabhadh nua de chuid an Aontais. Go deimhin, cé gurb ann cheana don fhéidearthacht don Choimisiún éigeandáil ar leibhéal an Aontais a dhearbhú, níl aon fhéidearthacht ann faoi láthair faoin reachtaíocht atá ann cheana chun rabhadh ar leibhéal an Aontais a dhearbhú. Leis an staid atá ann faoi láthair, áfach, léirítear go bhféadfadh an rabhadh sin a bheith úsáideach chun a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit uile na bearta coisctheacha is gá chun éigeandáil fuinnimh a sheachaint.

D bhrí sin, maidir leis an togra seo le haghaidh ionstraim, lena gcumasaítear ullmhúchán comhordaithe le haghaidh géarchéimeanna trí rialacha comhordúcháin níos fearr a thabhairt isteach le haghaidh laghduithe ar éileamh agus tríd an bhféidearthacht a chruthú laghduithe éigeantacha uile-Aontais ar an éileamh ar ghás a thabhairt isteach, tá sé comhlántach leis na hionstraimí atá ann cheana, lena gcosnaítear slándáil an tsoláthair gáis agus lena n‑áirithítear comhordú idir bearta um laghdú ar an éileamh ar ghás ar fud an Aontais.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Is beart urghnách é an togra seo, atá le cur i bhfeidhm ar feadh tréimhse theoranta, atá comhsheasmhach le tacar níos leithne tionscnamh chun athléimneacht fuinnimh an Aontais a fheabhsú agus ullmhú le haghaidh staideanna éigeandála a d’fhéadfadh a bheith ann. Ina theannta sin, tá an togra go hiomlán comhoiriúnach le rialacha iomaíochta agus le rialacha margaidh, toisc go bhfuil margaí fuinnimh trasteorann feidhmiúla ríthábhachtach chun slándáil an tsoláthair a áirithiú i gcás ina mbeidh ganntanais soláthair ann. Le rialacha iomchuí sa togra, áirithítear nach gcuirfidh bearta náisiúnta isteach ar iomaíocht ná nach gcuirfidh siad sláine an mhargaidh inmheánaigh i mbaol. I dtaca le foráil a dhéanamh maidir le laghduithe comhordaithe ar éileamh, tá sé i gcomhréir freisin le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais de chuid an Choimisiúin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh is bunús dlí don ionstraim seo.

Is éard atá sa ghanntanas soláthairtí gáis atá ann faoi láthair deacracht thromchúiseach i soláthar táirge fuinnimh de bhun Airteagal 122. Shainaithin ceannairí an Aontais agus an Coimisiún an gá práinneach atá ann cheana maidir le bearta breise le haghaidh gníomhaíocht níos comhordaithe le linn na míonna samhraidh chun a bheith níos ullmhaithe le haghaidh suaitheadh breise gáis a d’fhéadfadh a bheith ann sa gheimhreadh atá romhainn. Leis na bearta faoin ionstraim, cuirtear ar a gcumas do na Ballstáit uile ullmhú le haghaidh ganntanais soláthair bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann ar bhealach comhordaithe. Dá bhrí sin, is rud é a bhfuil údar maith leis chun an ionstraim atá beartaithe a bhunú ar Airteagal 122(1) CFAE.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá bearta beartaithe an tionscnaimh reatha seo i gcomhréir go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta. Mar gheall ar scála agus éifeacht mhór tuilleadh ciorruithe ar an soláthar gáis ar thaobh na Rúise, tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Maidir le cur chuige comhordaithe trí laghdú uile-Aontais ar éileamh, de mheon na dlúthpháirtíochta, tá gá leis chun an riosca a íoslaghdú maidir le mórshuaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann le linn na míonna geimhridh nuair a bheidh tomhaltas gáis níos airde ann agus nuair a bheidh ar na Ballstáit brath go páirteach ar an ngás a stóráiltear le linn an tséasúir insteallta.

I bhfianaise chineál gan fasach na géarchéime soláthair gáis agus na n‑éifeachtaí trasteorann a bhaineann léi, mar aon le leibhéal comhtháthaithe mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais, tá údar le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ós rud é nach féidir leis na Ballstáit astu féin aghaidh a thabhairt ar bhealach comhordaithe ar an mbaol go mbeidh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha ann mar thoradh ar arduithe ar phraghsanna agus ar shuaitheadh mór soláthair. Is le gníomhaíocht AE a spreagtar le meon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, agus leis sin amháin, is féidir a áirithiú nach mbeidh díobháil mharthanach ann do shaoránaigh agus don gheilleagar de thoradh suaitheadh soláthair.

De bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is fearr is féidir an beart a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Comhréireacht

Tá an tionscnamh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Tagann sé faoi raon feidhme Airteagal 122(1) CFAE. Tá an idirghabháil beartais comhréireach le gné agus nádúr na bhfadhbanna a sainaithníodh agus le gnóthú na gcuspóirí a leagadh amach.

I bhfianaise na staide geopholaitiúla gan fasach agus na bagartha suntasaí do shaoránaigh agus do gheilleagar an Aontais, is léir go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe phráinneach. Dá bhrí sin, ní théann an togra thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí a leagtar síos san ionstraim atá ann faoi láthair a bhaint amach. Meastar go bhfuil na bearta atá beartaithe comhréireach agus go gcuireann siad, a mhéid is féidir, leis na cineálacha cur chuige atá ann cheana, amhail na leibhéil ghéarchéime agus na pleananna éigeandála atá ann cheana arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1938.

Leis an togra seo, leagtar síos an toradh deiridh atá le gnóthú, i bhfoirm próisis chun oibleagáid maidir le laghdú ar éileamh atá ceangailteach ó thaobh dlí a leagan amach do na Ballstáit, agus ag an am céanna, uathriail iomlán a thabhairt do na Ballstáit an bealach is éifeachtaí a roghnú chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh de réir a sainiúlachtaí náisiúnta agus na mbearta dá bhforáiltear cheana sna pleananna éigeandála náisiúnta.

An rogha ionstraime

Agus gné na géarchéime fuinnimh á cur san áireamh chomh maith le raon a tionchair shóisialta, eacnamaíoch agus airgeadais, measann an Coimisiún go bhfuil sé oiriúnach gníomhú trí bhíthin rialachán a bhfuil raon feidhme ginearálta aige agus atá infheidhme láithreach agus go díreach. D’fhágfadh sin go mbeadh sásra tapa, aonfhoirmeach, uile-Aontais ann.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Mar gheall ar íogaireacht pholaitiúil an togra agus ar an bpráinn a bhaineann leis an togra a ullmhú ionas go bhféadfaidh an Chomhairle é a ghlacadh go tráthúil, ní fhéadfaí comhairliúchán a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara.

Cearta bunúsacha

Níor sainaithníodh aon tionchar diúltach ar chearta bunúsacha. Leis na bearta faoin ionstraim seo, ní dhéanfar difear do chearta na gcustaiméirí a dhéantar a chatagóiriú mar chustaiméir atá faoi chosaint faoi Rialachán (AE) 2017/1938, lena n‑áirítear na custaiméirí teaghlaigh uile. Leis an ionstraim seo, cuirfear ar ár gcumas na rioscaí a bhaineann le ganntanas gáis a laghdú, ar rioscaí iad a mbeadh impleachtaí móra acu don gheilleagar agus don tsochaí murach sin.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon acmhainn bhreise ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh de dhíth ar an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Ní bhaineann le hábhar.

2022/0225 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 122(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Chuir Cónaidhm na Rúise, príomhsholáthraí seachtrach gáis don Aontas, tús le fogha míleata i gcoinne na hÚcráine, ar Páirtí Conarthach de chuid an Chomhphobail Fuinnimh í. De bharr ghéarú fhogha na Rúise faoin Úcráin ó bhí mí Feabhra 2022 ann, tá laghdú suntasach tagtha ar sholáthairtí gáis, ar iarracht d’aon ghnó í gás a úsáid mar arm polaitiúil. Tá stop curtha le sreafaí píblíne gáis ón Rúis tríd an mBealarúis agus tá laghdú leanúnach tagtha ar sholáthairtí tríd an Úcráin. Tá sreafaí foriomlána ón Rúis níos lú ná 30 % de mheán 2016-2021 anois. Mar thoradh ar an laghdú soláthair sin tá praghsanna fuinnimh níos airde ná riamh agus luaineach, rud a chuireann le boilsciú agus a chruthaíonn baol go dtiocfaidh cor eile chun donais eacnamaíoch san Eoraip.

(2)I bhfianaise an mhéid sin, d’fhorbair an tAontas Plean REPowerEU an 18 Bealtaine 2022 5 agus é mar aidhm leis deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a luaithe is féidir agus faoi 2027 ar a dhéanaí. Chun an méid sin a bhaint amach, leagtar amach i bPlean REPowerEU bearta a bhaineann le coigiltis fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus moltar roll amach brostaithe maidir le fuinneamh glan lena chur in ionad breoslaí iontaise i dtithe, i dtionscal agus i nginiúint cumhachta.

(3)Tá bearta breise déanta ag an Aontas chun a ullmhacht a mhéadú i gcoinne suaitheadh sa soláthar gáis. Glacadh Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 6 chun líonadh na láithreán stórála faoi thalamh a áirithiú don gheimhreadh atá romhainn.

(4)Thairis sin, i mí Feabhra 2022 agus i mí na Bealtaine 2022 rinne an Coimisiún grinnathbhreithnithe ar na pleananna éigeandála náisiúnta uile agus rinne sé grinnfhaireachán freisin ar an staid maidir le slándáil an tsoláthair. Ceapadh na bearta a rinneadh ó mhí Feabhra 2022 le go mbeifí in ann deireadh iomlán a chur le húsáid ghás na Rúise faoi 2027, agus chun na rioscaí a eascraíonn as mórshuaitheadh soláthair eile a laghdú.

(5)Mar sin féin, leis an ngéarú a tháinig le déanaí ar shuaitheadh an tsoláthair gáis ón Rúis, tá riosca mór ann go dtiocfaidh stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise go luath, ar bhealach tobann aontaobhach. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas a bheith ag súil leis an riosca sin agus, de mheon na dlúthpháirtíochta, ba cheart dó ullmhú don fhéidearthacht go dtarlóidh suaitheadh iomlán ar sholáthairtí gáis ón Rúis, tráth ar bith. Tá gá le gníomhaíocht réamhghníomhach láithreach chun teacht roimh thuilleadh gníomhaíochtaí suaiteacha agus chun athléimneacht an Aontais i leith suaití amach anseo a neartú. Is féidir le gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais díobháil thromchúiseach don gheilleagar agus do shaoránaigh, mar thoradh ar idirbhriseadh féideartha sa soláthar gáis, a sheachaint,

(6)Leis an gcreat dlíthiúil reatha le haghaidh shlándáil an tsoláthair gáis a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/1938 7 , ní thugtar aghaidh go leordhóthanach ar shuaitheadh ag mórsholáthraí gáis a mhaireann níos mó ná 30 lá. In éagmais creat dlíthiúil le haghaidh suaití den sórt sin, tá riosca ann go ndéanfaidh na Ballstáit gníomhaíocht neamhchomhordaithe, rud a d’fhéadfadh slándáil an tsoláthair sna Ballstáit chomharsanachta a chur i mbaol agus a d’fhéadfadh ualach breise a chur ar thionscal agus tomhaltóirí an Aontais.

(7)Ina rún an 7 Aibreán 2022 maidir leis na conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022, d’iarr Parlaimint na hEorpa go gcuirfear i láthair plean chun leanúint de shlándáil sholáthar fuinnimh an Aontais sa ghearrthéarma a áirithiú. Ag na cruinnithe a bhí aici an 31 Bealtaine agus an 23 Meitheamh 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún tograí a dhéanamh mar ábhar práinne chun feabhas a chur ar an ullmhacht le haghaidh mórshuaití féideartha soláthair d’fhonn soláthar fuinnimh ar phraghsanna inacmhainne a áirithiú.

(8)Le hAirteagal 122(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais, ceadaítear don Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún agus de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh. Is staid den sórt sin é an riosca go gcuirfear stop iomlán le soláthairtí gáis na Rúise faoi dheireadh na bliana seo mar a thuairiscítear thuas.

(9)I bhfianaise an ghar-riosca atá ann go gcuirfear isteach ar sholáthairtí gáis san Aontas, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh anois chun an téileamh ar na soláthairtí sin a laghdú roimh shéasúr an gheimhridh. Chuirfeadh laghdú deonach ar éileamh den sórt sin go háirithe le hacmhainneachtaí stórála a líonadh sa chaoi is nach nídeofaí iad ag deireadh an gheimhridh, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí déileáil le tréimhsí fuara féideartha i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2023 agus go néascófaí líonadh na stórála chun leibhéil leordhóthanacha shlándáil an tsoláthair a áirithiú le haghaidh gheimhreadh 2023-2024. Ach an téileamh ar ghás a laghdú, cuideofar freisin le soláthar leordhóthanach a áirithiú agus praghsanna a laghdú, rud a rachaidh chun tairbhe thomhaltóirí an Aontais. Dá bhrí sin, rachadh bearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais chun an téileamh a laghdú chun tairbhe na mBallstát uile tríd an riosca go mbeadh tionchar níos substaintiúla ar a ngeilleagair a laghdú.

(10)Maidir le méid an laghdaithe ar éileamh a mholfar, ba cheart a chur san áireamh méideanna an éilimh ar ghás a bheadh i mbaol a neamhsheachadta i gcás suaitheadh iomlán ar sholáthairtí gáis na Rúise. Ba cheart méid an laghdaithe a dháileadh ar na Ballstáit uile, bunaithe ar chomparáid ar a meántomhaltas le 5 bliana anuas.

(11)Chun aghaidh a thabhairt go pras ar na dúshláin shonracha a bhaineann leis an nganntanas soláthair gáis leanúnach, a bhfuil coinne leis go mbeidh sé i bhfad níos measa amach anseo, agus chun saobhadh idir na Ballstáit a sheachaint, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún foláireamh Aontais a fhógairt tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí riosca ábhartha agus leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2017/1938, agus aon tuairimí a chuirfidh na Ballstáit in iúl sa chomhthéacs sin á gcur san áireamh, i gcás nach leor na bearta deonacha i gcomhair an téileamh a laghdú chun aghaidh a thabhairt ar an riosca go mbeidh ganntanas tromchúiseach soláthair ann. Ba cheart deis a thabhairt do thrí údarás inniúil nó níos mó de chuid na mBallstát a bhfuil foláirimh náisiúnta fógartha acu a iarraidh ar an gCoimisiún foláireamh Aontais a fhógairt.

(12)Ba cheart foláireamh Aontais a bheith ina leibhéal géarchéime a bhaineann go sonrach leis an Aontas, lenar cheart laghdú sainordaitheach ar éileamh a ghníomhachtú. Níor cheart tionchar dlíthiúil a bheith aige ar na leibhéil ghéarchéime náisiúnta de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1938. D’fhéadfadh sé nach leor bearta deonacha iontu féin chun slándáil an tsoláthair agus feidhmiú an mhargaidh a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart ionstraim nua a bhunú lenar féidir laghdú sainordaitheach ar éileamh ar ghás a thabhairt isteach le haghaidh gach Ballstáit. Ba cheart go mbeadh sé oibríochtúil go leordhóthanach roimh an bhfómhar. A luaithe a fhógrófar foláireamh Aontais, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na Ballstáit uile a dtomhaltas gáis a laghdú laistigh de thréimhse réamhshainithe. Maidir le méid an laghdaithe ar éileamh is gá, ba cheart a chur san áireamh méideanna an éilimh ar ghás a bheadh i mbaol i gcás suaitheadh iomlán ar sholáthairtí gáis na Rúise agus ba cheart a chur san áireamh go hiomlán an laghdú deonach ar éileamh atá bainte amach cheana féin le linn na tréimhse céanna. Is féidir méid an laghdaithe a dháileadh ar na Ballstáit uile, bunaithe ar chomparáid ar a meántomhaltas le 5 bliana anuas. I dtaobh méid agus fad na hoibleagáide sainordaithí maidir le laghdú ar éileamh ba cheart a chur san áireamh freisin an leibhéal líonta stórála mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 6(d)(1) de Rialachán (AE) 2017/1938, an fhorbairt maidir le héagsúlú foinsí gáis, lena náirítear soláthairtí GNL agus forbairt inionadaitheachta breosla san Aontas.

(13)I bhfianaise an tsaofa shuntasaigh ar an margadh inmheánach is dócha a tharlóidh má ghníomhaíonn na Ballstáit ar bhealach neamhchomhordaithe i leith suaitheadh soláthair féideartha nó iarbhír ag an Rúis, tá sé ríthábhachtach de mheon na dlúthpháirtíochta go laghdóidh na Ballstáit uile a néileamh ar ghás. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit uile na spriocanna deonacha agus sainordaitheacha céanna maidir le laghdú a bhaint amach. Cé go bhféadfadh roinnt Ballstát a bheith níos neamhchosanta ar na héifeachtaí a bheadh ag suaitheadh soláthairtí Rúiseacha, beidh tionchar diúltach ar na Ballstáit uile agus is féidir leo rannchuidiú le díobháil eacnamaíoch an tsuaite sin a theorannú, bíodh sin trí mhéideanna breise de ghás ó phíblíne nó de lastaí GNL a scaoileadh chun gur féidir leis na Ballstáit a bhfuil easnaimh shuntasacha gáis acu iad a úsáid, nó bíodh sin tríd an tionchar dearfach ar phraghsanna gáis is dócha a bheidh ag laghdú ar éileamh, nó bíodh sin trí shaobhadh margaidh trí bhearta neamhchomhordaithe maidir le laghdú ar éileamh atá ag teacht salach ar a chéile a sheachaint. Dá bhrí sin, léiríonn an Rialachán seo prionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh, a dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais le déanaí mar bhunphrionsabal de dhlí an Aontais 8 .

(14)Mar sin féin, mar gheall ar a staid shonrach gheografach nó fhisiciúil, amhail easpa idirnasctha píblíne nó idirnascadh píblíne íseal, níl Ballstáit áirithe in ann méideanna suntasacha gáis píblíne a scaoileadh chun tairbhe Ballstát eile. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit sin maolú páirteach a iarraidh ar an oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh. Má bhaineann an Ballstát ábhartha lánúsáid as a idirnascairí gáis agus má úsáideann sé a shaoráidí GNL chun gás a atreorú a mhéid is féidir chuig Ballstáit eile de mheon na dlúthpháirtíochta, ba cheart don Choimisiún é sin a chur san áireamh agus na coinníollacha chun an maolú a chur i bhfeidhm á bhfíorú aige. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh freisin ar an tomhaltas iomlán gáis agus ar úsáid idirnascairí agus saoráidí GNL.

(15)Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun an laghdú sainordaitheach ar éileamh a bhaint amach. Agus bearta iomchuí maidir le laghdú ar éileamh á sainaithint agus ghrúpaí custaiméirí á gcur in ord tosaíochta acu, ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as na bearta a shainaithnítear sa Teachtaireacht ‘Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’ an 20 Iúil 2022. Ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, breithniú ar bhearta atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de amhail ceantanna nó scéimeanna tairisceana, lenar féidir leis na Ballstáit laghdú ar thomhaltas a dhreasú ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Féadfar dreasachtaí airgeadais nó cúiteamh do rannpháirtithe sa mhargadh a ndéantar difear dóibh a áireamh ar na bearta a dhéanfar ar an leibhéal náisiúnta.

(16)Ba cheart aon bheart a ghlacann na Ballstáit chun an laghdú sainordaitheach ar éileamh a bhaint amach a bheith riachtanach, sainmhínithe go soiléir, trédhearcach, comhréireach, neamhidirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus níor cheart saobhadh míchuí a dhéanamh ar iomaíocht leo ná ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa ghás ná níor cheart slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile ná an Aontais a chur i gcontúirt mar gheall orthu. Ós rud é gur féidir le bearta neamhmhargadhbhunaithe, amhail iad siúd a luaitear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1938, dochar ar leith a dhéanamh do shlándáil an tsoláthair gáis agus don mhargadh inmheánach, ba cheart do na Ballstáit brath ar shásraí margadhbhunaithe. Is gá freisin leas custaiméirí atá faoi chosaint go ráthófaí soláthairtí gáis gan bhriseadh dóibh a chur san áireamh.

(17)Chun a áirithiú go gcuirfear bearta maidir le laghdú ar éileamh chun feidhme ar bhealach comhordaithe, ba cheart do na Ballstáit comhar rialta a bhunú laistigh de gach grúpa riosca mar a bhunaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2017/1938. Tá de chead ag na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir leis na bearta comhordaithe is fearr a d’oirfeadh i réigiún ar leith. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún agus an Grúpa Comhordaithe Gáis in ann forléargas a fháil ar na bearta náisiúnta a chuir na Ballstáit chun feidhme agus dea-chleachtais le haghaidh na mbeart comhordaithe a chomhroinnt laistigh de na grúpaí riosca. Ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí eile a úsáid freisin chun a ngníomhaíocht a chomhordú i gcás inarb iomchuí, amhail i gcruinnithe ArdStiúrthóirí na naireachtaí náisiúnta fuinnimh.

(18)Chun a áirithiú go léireoidh na pleananna éigeandála náisiúnta an laghdú deonach nó sainordaitheach ar éileamh a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart d’údarás inniúil gach Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun an plean éigeandála náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta faoin 30 Meán Fómhair 2022. Ba cheart a léiriú le tabhairt cothrom le dáta an phlean éigeandála náisiúnta an chaoi ar úsáideadh na bearta a moladh sa Teachtaireacht ‘Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte’ an 20 Iúil 2022. I bhfianaise na tréimhse giorra don tabhairt cothrom le dáta, níor cheart feidhm a bheith ag na nósanna imeachta comhordúcháin de bhun Airteagal 8(6) go (11). Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhairle le Ballstáit eile maidir le tabhairt cothrom le dáta na bpleananna éigeandála. Ba cheart don Choimisiún an Grúpa Comhordaithe Gáis, na grúpaí riosca nó comhlachtaí ábhartha eile a thionól chun saincheisteanna féideartha a bhaineann le bearta maidir le laghdú ar éileamh a phlé.

(19)Tá faireachán agus tuairisciú rialta agus éifeachtach fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit i gcur chun feidhme na mbeart deonach agus sainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh, agus chun tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na mbeart chomh maith leis an tionchar ar an bhfostaíocht a thomhas. Ba cheart d’údarás inniúil gach Ballstáit nó eintiteas eile arna ainmniú ag an mBallstát faireachán a dhéanamh ar an laghdú ar éileamh a bhainfear amach ar a chríoch agus ba cheart dóibh na torthaí a thuairisciú don Choimisiún. Ba cheart don Ghrúpa Comhordaithe Gáis cuidiú leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na hoibleagáidí maidir le laghdú ar éileamh.

(20)Chun díobháil shuntasach eacnamaíoch don Aontas ina iomláine a chosc, tá sé ríthábhachtach go laghdóidh gach Ballstát a éileamh le linn chéim an fholáirimh. Áiritheoidh sé sin go mbeidh go leor gás ann do chách, fiú le linn an gheimhridh. Dá bhrí sin, is léiriú é an laghdú ar éileamh ar fud an Aontais ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta, atá cumhdaithe sa Chonradh. Dá bhrí sin, tá údar maith ann freisin go ndéanfaidh an Coimisiún maoirseacht dhocht ar chur i gcrích na laghduithe sainordaitheacha ar éileamh ag na Ballstáit. I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún riosca go bhféadfadh sé nach mbeadh Ballstát in ann an oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh de bhun Airteagal 5 a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún iarraidh ar an mBallstát plean a chur isteach ina leagfaí amach an straitéis agus na bearta chun an oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh a bhaint amach go héifeachtach. Ba cheart don Bhallstát aird chuí a thabhairt ar aon bharúlacha agus moltaí ón gCoimisiún maidir leis an bplean.
Ós rud é go dtugann prionsabal na dlúthpháirtíochta an ceart do gach Ballstát tacaíocht a fháil ó Bhallstáit chomharsanachta in imthosca áirithe, ba cheart do na Ballstáit ar féidir leo tacaíocht den sórt sin a iarraidh gníomhú de mheon na dlúthpháirtíochta a mhéid a bhaineann lena néileamh intíre ar ghás a laghdú. Dá bhrí sin, agus beart dlúthpháirtíochta á iarraidh faoi Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938, ba cheart gach beart iomchuí chun an téileamh ar ghás a laghdú a bheith curtha chun feidhme ag na Ballstáit. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún a iarraidh ar an mBallstát a iarrann beart dlúthpháirtíochta plean a chur isteach ina bhfuil bearta chun laghduithe féideartha breise ar éileamh ar ghás a bhaint amach. Ba cheart aird chuí a thabhairt ar aon bharúlacha a d’fhéadfadh an Coimisiún a sholáthar maidir leis an bplean seo.

(21)Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choinneáil ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo.

(22)Ós rud é go bhfuil garchontúirt ann do shlándáil an tsoláthair gáis mar thoradh ar an bhfogha atá á tabhairt ag an Rúis faoin Úcráin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe.

(23)Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil, is dócha go mbeidh baol ann maidir le suaitheadh tromchúiseach i soláthairtí gáis don Aontas don chéad dá shéasúr gheimhridh eile ar a laghad. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a bheith bailí go ceann dhá bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm. Ag deireadh na chéad bhliana de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún tuairisciú don Chomhairle maidir lena fheidhmiú agus, más iomchuí, ba cheart dó a mholadh go gcuirfí síneadh lena bhailíocht.

(24)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha chun aghaidh a thabhairt ar dhála ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha maidir le soláthar gáis d’fhonn, de mheon na dlúthpháirtíochta, slándáil an tsoláthair gáis san Aontas a chosaint. Áirítear ar na forálacha sin comhordú, faireachán agus tuairisciú feabhsaithe ar bhearta náisiúnta chun an t‑éileamh ar ghás a laghdú agus an deis a bheith ag an gCoimisiún foláireamh Aontais a fhógairt mar leibhéal sonrach géarchéime lena ghníomhachtaítear oibleagáid shainordaitheach uile-Aontais maidir le laghdú ar éileamh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás rialtasach náisiúnta nó údarás rialála náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát chun cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/1938 a áirithiú.

(2)Ciallaíonn ‘foláireamh Aontais’ leibhéal géarchéime a bhaineann go sonrach leis an Aontas lena ghníomhachtaítear laghdú sainordaitheach ar éileamh agus nach mbaineann le haon cheann de na leibhéil ghéarchéime de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1938.

Airteagal 3

Laghdú deonach ar éileamh

Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall chun a dtomhaltas náisiúnta gáis a laghdú idir an 1 Lúnasa 2022 agus an 31 Márta 2023, faoi 15 % ar a laghad i gcomparáid lena meántomhaltas idir an 1 Lúnasa agus an 31 Márta le linn na gcúig bliana roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo (‘laghdú deonach ar éileamh’). Beidh feidhm ag Airteagail 6, 7 agus 8 maidir leis na bearta deonacha sin maidir le laghdú ar éileamh.

Airteagal 4

Fógra ón gCoimisiún maidir le foláireamh Aontais

1.Ní fhéadfaidh an Coimisiún foláireamh Aontais a fhógairt ach amháin i gcás ina bhfuil riosca substaintiúil ann go mbeidh géarghanntanas soláthair gáis ann nó ina dtarlaíonn ardéileamh ar ghás, nach leor ina leith na bearta in Airteagal 3 arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 8, agus a bhfuil meath mór ar staid an tsoláthair gáis san Aontas mar thoradh air ach ina bhfuil an margadh fós in ann an suaitheadh sin a bhainistiú gan dul i muinín bearta nach bhfuil margadhbhunaithe.

2.Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí riosca ábhartha, mar a bhunaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2017/1938, agus leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis agus aon tuairimí arna gcur in iúl ag na Ballstáit sa chomhthéacs sin á gcur san áireamh, foláireamh Aontais a fhógairt ar a thionscnamh féin nó tar éis iarraidh a fháil ó thrí údarás inniúla ar a laghad a bhfuil foláireamh fógartha acu ar an leibhéal náisiúnta de bhun Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2017/1938.

3.Nuair a mheasfaidh an Coimisiún, tar éis measúnú a dhéanamh, nach bhfuil údar ann a thuilleadh leis an bhfoláireamh Aontais, tar éis dó dul i gcomhairle leis na grúpaí riosca ábhartha mar a bhunaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2017/1938 agus leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis agus aon tuairimí arna gcur in iúl ag na Ballstáit sa chomhthéacs sin á gcur san áireamh, fógróidh sé go bhfuil deireadh leis an bhfoláireamh Aontais agus leis na hoibleagáidí de bhun Airteagal 5.

Airteagal 5

Laghdú sainordaitheach ar éileamh i gcás foláireamh Aontais

1.I gcás ina bhfógróidh an Coimisiún foláireamh Aontais, laghdóidh gach Ballstát a thomhaltas gáis nádúrtha i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i mír 2 (‘laghdú sainordaitheach ar éileamh’).

2.Chun críche laghdaithe shainordaithigh ar éileamh, go ceann ré an fholáirimh Aontais, laghdófar tomhaltas foriomlán gáis nádúrtha i ngach Ballstát thar thréimhse ón 1 Lúnasa gach bliain go dtí an 31 Márta den bhliain dár gcionn (‘an tréimhse cur chun feidhme’) 15 % ar a laghad i gcomparáid le meántomhaltas an Bhallstáit sin thar an tréimhse idir an 1 Lúnasa agus an 31 Márta (‘tréimhse chomparáide’) le linn na gcúig bliana as a chéile roimh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Aon laghdú deonach ar éileamh a bhain na Ballstáit amach le linn na tréimhse cur chun feidhme sular fógraíodh an foláireamh, cuirfear san áireamh é chun críoch an laghdaithe shainordaithigh ar éileamh.

3.Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go gcuirfear teorainn 5 % ar a mhéad leis an laghdú sainordaitheach ar éileamh ar choinníoll gur féidir leo a léiriú nach féidir leo, de bharr nach ann d’idirnasc le Ballstáit eile nó gur idirnasc teoranta atá ann, rannchuidiú suntasach a dhéanamh leis an soláthar díreach nó indíreach gáis chuig Ballstáit eile a mhéadú.

4.Na Ballstáit a iarrann maolú ón laghdú sainordaitheach ar éileamh de bhun mhír 3, cuirfidh siad fianaise isteach go núsáidtear a nacmhainneachtaí idirnascaire le Ballstáit eile nó a mbonneagar GNL intíre chun gás a atreorú a mhéid is féidir chuig Ballstáit eile.

5.Sula ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh ar laghdú sainordaitheach ar éileamh, rachaidh sé i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis, leis na grúpaí riosca agus, de réir mar is iomchuí, le comhlachtaí ábhartha eile.

6.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh laistigh de dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dó an fhaisnéis ábhartha uile a fháil ón mBallstát.

7.Beidh feidhm ag Airteagail 6, 7 agus 8 maidir le bearta sainordaitheacha maidir le laghdú ar éileamh.

Airteagal 6

Bearta chun an laghdú ar éileamh a bhaint amach

1.Beidh saoirse ag na Ballstáit na bearta iomchuí a roghnú chun an téileamh a laghdú. Beidh na bearta sainithe go soiléir, trédhearcach, comhréireach, neamhidirdhealaitheach agus infhíoraithe. Agus na bearta á roghnú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/1938. Maidir leis na bearta, go háirithe:

(a)ní dhéanfaidh siad saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar dhea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus ní chuirfidh siad slándáil sholáthar gáis na mBallstát eile nó an Aontais i mbaol;

(b)beidh siad margadhbhunaithe;

(c)áiritheoidh siad soláthar gáis gan bhriseadh do chustaiméirí faoi chosaint nó do ghrúpaí custaiméirí eile de bhun Airteagal 2(5) agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1938.

2.Agus bearta maidir le laghdú ar éileamh á ndéanamh acu, tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na bearta a dhéanann difear do chustaiméirí nach bhfuil faoi chosaint ar bhonn critéir oibiachtúla thrédhearcacha lena gcuirfear san áireamh a dtábhacht eacnamaíoch mar aon leis na gnéithe seo a leanas, i measc nithe eile:

(a)tionchar an tsuaite ar shlabhraí soláthair atá criticiúil don tsochaí;

(b)na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit eile, go háirithe ar shlabhraí soláthair na nearnálacha iartheachtacha atá criticiúil don tsochaí;

(c)an damáiste fadtéarmach a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha tionsclaíocha;

(d)na féidearthachtaí san Aontas chun tomhaltas a laghdú agus táirgí ionadacha a úsáid.

3.Agus cinneadh á dhéanamh faoi na bearta maidir le laghdú ar éileamh, breithneoidh na Ballstáit bearta chun an méid gáis a thomhlaítear in earnáil an leictreachais a laghdú, bearta chun athrú breosla a spreagadh sa tionscal, feachtais múscailte feasachta náisiúnta, agus oibleagáidí spriocdhírithe chun téamh agus fuarú a laghdú, agus bearta margadhbhunaithe chun athrú go breoslaí eile a chur chun cinn agus tomhaltas tionscail a laghdú.

Airteagal 7

Bearta maidir le laghdú ar éileamh a chomhordú

1.Chun a áirithiú go ndéanfar comhordú iomchuí ar bhearta deonacha agus sainordaitheacha maidir le laghdú ar éileamh de bhun Airteagail 3 agus 5, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile laistigh de gach ceann de na grúpaí riosca ábhartha.

2.Tabharfaidh údarás inniúil gach Ballstáit a phlean éigeandála náisiúnta arna bhunú de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/1938 cothrom le dáta faoin [30 Meán Fómhair 2022] ar a dhéanaí, chun laghduithe deonacha ar éileamh a léiriú. Déanfaidh gach Ballstát a phlean éigeandála náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta freisin, de réir mar is iomchuí, i gcás ina bhfógrófar foláireamh Aontais de bhun Airteagal 4. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8(6) go (10) de Rialachán (AE) 2017/1938 maidir le tabhairt cothrom le dáta na bpleananna náisiúnta éigeandála de bhun na míre seo.

3.Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis na grúpaí riosca ábhartha sula nglacfaidh siad na pleananna éigeandála athbhreithnithe. Féadfaidh an Coimisiún cruinnithe den Ghrúpa Comhordaithe Gáis agus de na grúpaí riosca a iarraidh, agus aon tuairimí a chuirfidh na Ballstáit in iúl sa chomhthéacs sin á gcur san áireamh, chun saincheisteanna a bhaineann le bearta náisiúnta maidir le laghdú ar éileamh a phlé.

Airteagal 8
Faireachán agus forfheidhmiú

1.Déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit faireachán ar chur chun feidhme na mbeart maidir le laghdú ar éileamh ar a chríoch. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún gach dhá mhí agus faoin 15ú lá den mhí ina dhiaidh sin ar a dhéanaí faoi na bearta maidir le laghdú ar éileamh a rinneadh agus an laghdú ar éileamh a baineadh amach. Tabharfaidh an Grúpa Comhordaithe Gáis agus na grúpaí riosca cúnamh don Choimisiún chun faireachán a dhéanamh ar an laghdú deonach agus sainordaitheach ar éileamh.

2.I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún, ar bhonn na bhfigiúirí tuairiscithe maidir le laghdú ar éileamh, riosca nach mbeidh Ballstát in ann an oibleagáid shainordaitheach maidir le laghdú ar éileamh de bhun Airteagal 5 a chomhlíonadh, iarrfaidh an gCoimisiún ar an mBallstát plean a chur isteach ina leagfar amach straitéis agus na bearta chun an oibleagáid maidir le laghdú ar éileamh a bhaint amach go héifeachtach. Iarrfaidh an Coimisiún freisin ar Bhallstát a iarrann beart dlúthpháirtíochta de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/1938 plean a chur isteach ina leagfar amach an straitéis agus na bearta chun laghduithe féideartha breise ar éileamh ar ghás a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 13(3)(b) de Rialachán (AE) 2017/1938. Sa dá chás, eiseoidh an Coimisiún tuairim maille le barúlacha agus moltaí ar na pleananna arna gcur isteach agus tabharfaidh an Ballstát aird chuí orthu sin agus cuirfidh sé a thuairim in iúl don Chomhairle.

3.Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ar feadh tréimhse dhá bhliain óna theacht i bhfeidhm.

Faoin 1 Lúnasa 2023 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i bhfianaise staid ghinearálta an tsoláthair gáis chuig an Aontas agus cuirfidh sé tuarascáil ar phríomhthorthaí an athbhreithnithe sin faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil sin, a mholadh fad a chur le bailíocht an Rialacháin seo nó í a ghiorrú.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Breithiúnas i gCás C-848/19 P (an Ghearmáin v an Pholainn).
(2)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh na margaí inmheánacha i ngáis inathnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin COM/2021/803 final; togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in‑athnuaite agus nádúrtha agus hidrigin (athmhúnlú) COM(2021) 804 final.
(3)    Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh na margaí inmheánacha i ngáis inathnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin COM/2021/803 final; togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in‑athnuaite agus nádúrtha agus hidrigin (athmhúnlú) COM(2021) 804 final
(4)    Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis, IO L 173/17 an 30 Meitheamh 2022.
(5)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig An Chomhairle Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún plean REPowerEU (COM/2022/230 final).
(6)

   Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[1] an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17). 

(7)    Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena naisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010.
(8)    An breithiúnas i gCás C-848/19 P (an Ghearmáin v an Pholainn).