An Bhruiséil,11.7.2022

COM(2022) 339 final

2016/0399(COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

maidir leis an

seasamh ón gComhairle i ndáil le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a mhéid a bhaineann le húsáid an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú chun é a chur in oiriúint d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


2016/0399 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA


de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh


maidir leis an

seasamh ón gComhairle i ndáil le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 a mhéid a bhaineann le húsáid an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú chun é a chur in oiriúint d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

1.Cúlra

An dáta a tarcuireadh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2016) 798 final – 2016/0399 COD):

13 Márta 2017

Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:

17 Aibreán 2019

An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:

28 Meitheamh 2022

2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún

Is é is aidhm don togra seo trí ghníomh 1 a chur in oiriúint d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i réimse an cheartais, gníomhartha a thagraíonn fós don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.

3.Tráchtanna maidir leis an seasamh ón gComhairle

An seasamh a ghlac an Chomhairle ar an gcéad léamh, léiríonn sé go hiomlán an comhaontú a tugadh i gcrích ar an leibhéal teicniúil agus a deimhníodh le ríomhphost an 8 Meitheamh 2022, ar comhaontú é idir seirbhísí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, comhaontú arna éascú ag an gCoimisiún. Measadh nach raibh gá le cruinnithe tríthaobhacha. Áirítear le príomhphointí an chomhaontaithe sin an méid seo a leanas:

Tugtar aghaidh sa téacs comhréitigh ar ailíniú Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 maidir leis na trí ghníomh agus an Rialachán sin amháin, gníomhartha a áirítear sa togra tosaigh ón gCoimisiún. Rinneadh an dá ghníomh eile, Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle 2 agus Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 3 , a aisghairm idir an dá linn agus, dá bhrí sin, ní áirítear iad sa téacs deiridh a comhaontaíodh.

Aithrisí 1 agus 2 maidir leis na hathruithe a tugadh isteach le Conradh Liospóin i ndáil le gníomhartha a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh, rinneadh na haithrisí sin a ailíniú le haithrisí Rialachán (AE) 2019/1243 4 .

Moladh dhá aithris chun infheidhmeacht an Rialacháin a shoiléiriú maidir leis an Danmhairg agus le hÉirinn faoi seach.

An t-aon fhoráil i Rialachán (CE) Uimh. 805/2004 lena bhforáiltear maidir le húsáid an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, déanfar í a ailíniú le gníomhartha tarmligthe, mar a mhol an Coimisiún.

An cumhachtú a thugtar don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, tugtar an cumhachtú sin ar feadh tréimhsí inathnuaite cúig bliana, agus oibleagáid ar an gCoimisiún ag dul in éineacht leis tuarascálacha a chur i láthair, naoi mí roimh dhul in éag gach ceann de na tréimhsí sin, maidir leis an gcaoi ar bhain sé úsáid as an gcumhachtú. Is ré neamhchinntithe maidir leis an gcumhachtú a mhol an Coimisiún i dtosach, ach tá teorannú na tréimhse i gcomhréir leis an méid a comhaontaíodh le haghaidh go leor cumhachtuithe ailínithe eile, lena n-áirítear i gcás an dá chomhad eile a áiríodh sa togra ón gCoimisiún agus a aisghaireadh agus ar cuireadh gníomhartha eile ina n-ionad idir an dá linn.

Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhaontú a tugadh i gcrích ar an leibhéal teicniúil.

4.Conclúid

Glacann an Coimisiún leis an seasamh ón gComhairle.

(1)    Idir an dá linn, tá gníomhartha eile tar éis teacht in ionad dhá cheann de na trí ghníomh; féach thíos faoi phointe 3.
(2)    Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i ndáil le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála, IO L 174, 27.6.2001, lgh. 1-24, arna ionadú ag Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i ndáil le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (fianaise a ghlacadh) (athmhúnlú), IO L 405, 2.12.2020, lgh. 1-39.
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó tráchtála (doiciméid a sheirbheáil), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle, IO L 324, 10.12.2007, lgh. 79-120, arna ionadú ag Rialachán (AE) 2020/1784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair tráchtála (doiciméid a sheirbheáil), IO L 405, 2.12.2020, lgh. 40-78).
(4)    Leis an Rialachán seo, déantar 64 ghníomh a ailíniú, ar moladh ailíniú ina leith i COM(2016) 799.