An Bhruiséil,11.7.2022

COM(2022) 329 final

2022/0210(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil 1 leagtar amach creat coiteann chun cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu. Leasaíodh é le Rialachán (AE) Uimh. 538/2014 2 . Cumhdaíonn an Rialachán sé mhodúl: cuntais ar astaíochtaí aeir, cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíocht eacnamaíoch, cuntais ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair, cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, cuntais ar an earnáil um earraí agus um sheirbhísí comhshaoil , agus cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh.

In Airteagal 10 den Rialachán liostaítear modúil nua a d’fhéadfaí a thabhairt isteach níos déanaí bunaithe ar thograí ón gCoimisiún. Tugtar isteach leis an togra seo trí mhodúl cuntas comhshaoil nua dá bhforáiltear cheana féin faoi Airteagal 10: Cuntais fhoraoiseacha, cuntais éiceachórais, agus fóirdheontais chomhshaoil agus cuntais aistrithe comhchosúla.

Is é príomhchuspóir an togra raon feidhme na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil a leathnú chun faisnéis níos fearr a chur ar fáil don Chomhaontú Glas don Eoraip, is é sin straitéis fáis a bhfuil sé mar aidhm léi sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha a bheidh tíosach ar acmhainní agus iomaíoch. 3  

Is creat staidrimh ilchuspóireach iad na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil lena dtugtar le chéile faisnéis eacnamaíoch agus chomhshaoil. Tomhaiseann siad rannchuidiú an chomhshaoil leis an ngeilleagar agus tionchar an gheilleagair ar an gcomhshaol ar bhealach comhsheasmhach agus comhoiriúnach le staidreamh maicreacnamaíoch (cuntais náisiúnta).

Déanann úsáideoirí anailís agus úsáid ar chuntais eacnamaíocha comhshaoil i samhaltú agus tuartha agus chun tograí beartais a ullmhú agus tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme beartais agus ar thionchar beartais. Cuirfidh na modúil nua níos mó tacar sonraí comhtháite ar fáil chun na gcríoch sin.

Le cuntais éiceachórais, comhtháthaítear ceisteanna bithéagsúlachta agus ceisteanna caipitil nádúrtha le ceisteanna eacnamaíocha príomhshrutha maidir le leithdháileadh acmhainní agus inbhuanaitheacht. I gcuntais fhoraoiseacha, déantar achar foraoise agus an cion atá ar fáil d’astarraingt adhmaid a thomhas go sonrach agus rianaítear na hathruithe a thagann orthu le himeacht ama. Le fóirdheontais chomhshaoil agus cuntais aistrithe comhchosúla, déantar bearta maidir le beartas fioscach intíre agus acmhainní neamh-AE a thacaíonn leis an gComhaontú Glas a shainaithint agus a chainníochtú trí ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus táirgí eacnamaíocha, trí chosaint an chomhshaoil agus trí acmhainní nádúrtha a chosaint.

Freagraíonn na trí mhodúl atá beartaithe do chaighdeáin idirnáisiúnta staidrimh agus tá siad mar bhonn taca leo: Creat Lárnach Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (CCEC) agus Cuntais Éiceachórais CCEC. 4 Ghlac an Coimisiún Staidrimh de chuid na Náisiún Aontaithe Creat Lárnach CCEC mar chaighdeán staidrimh idirnáisiúnta ag a 43ú seisiún i mí Feabhra 2012 agus ghlac sé Cuntais Éiceachórais CCEC ag a 52ú seisiún i Márta 2021. Tá na modúil nua ag teacht go hiomlán le CCEC.

Le roinnt blianta anuas, tá taithí faighte ag go leor Ballstát maidir le cuntais fhoraoiseacha agus fóirdheontais chomhshaoil agus sonraí faoi aistrithe comhchosúla a thiomsú agus a thuairisciú. Tharla sé sin trí bhailiú rialta sonraí deonacha an Choimisiúin (Eurostat) agus trí staidéir phíolótacha a chuidigh le tástáil a dhéanamh ar a indéanta atá sé cuntais éiceachórais a thabhairt isteach san AE. Roinneadh an taithí sin leis na Ballstáit eile go léir.

I gcás fóirdheontas comhshaoil agus cuntais aistrithe comhchosúla, tá cuid de na ceanglais clúdaithe cheana féin trí thuairisciú éigeantach ar chuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil. Le tuairisciú níos cuimsithí agus níos cuíchóirithe ar fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla, bainfear leas as an taithí sin agus – nuair a bheidh sé i bhfeidhm – soláthrófar na sonraí maidir le haistrithe is gá le haghaidh cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil.

Comhlánaíonn an togra seo na hathruithe a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/125 ón gCoimisiún 5 . Cinntíonn na hathruithe ar an raon feidhme agus na spriocdhátaí chun sonraí a thuairisciú do mhodúil reatha na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil go bhfreagraíonn na sonraí ar bhealach níos fearr do riachtanais na n-úsáideoirí.

Déantar tagairtí d’eagrán 1995 den Córas Cuntas Eorpach (CCE95) a thabhairt cothrom le dáta leis an togra. Cuirtear tagairtí d’eagrán 2010 den Córas Cuntas Eorpach (CEC2010) atá leagtha amach i Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in ionad na dtagairtí sin 6 .

Ní bhaineann an tionscnamh seo le gclár um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála (REFIT).

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 creat coiteann chun cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a bhailiú, a thiomsú, a tharchur agus a mheasúnú san AE chun cuntais satailíte a chur ar bun chun an Córas Cuntas Eorpach (CCE 2010) a chomhlánú.

Luaitear in Aithris 16 den Rialachán na tacair éagsúla de chuntais eacnamaíocha chomhshaoil atá á bhforbairt agus ag céimeanna éagsúla aibíochta agus leagtar béim inti ar an ngá atá le struchtúr modúlach, lena gcuirtear dóthain solúbthachta ar fáil, mar shampla, chun modúil bhreise a thabhairt isteach.

Leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán liosta de mhodúil de chuid na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil atá le tiomsú laistigh den chreat coiteann. Maidir le gach modúl, tuairiscítear in iarscríbhinn ar leith a ghabhann leis an Rialachán na cuspóirí, an cuimsiú, na saintréithe do thiomsú agus tuairisciú sonraí, an chéad bhliain tagartha, spriocdhátaí minicíochta agus tarchuir, agus táblaí tuairiscithe. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/125 ón gCoimisiún, nuashonraíodh na hiarscríbhinní do na sé mhodúl de chuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil atá ann cheana chun an t-am a thuairiscítear cuid de na sonraí a ghiorrú, chun tuilleadh saintréithe a chur leis an liosta, agus chun na táblaí tuairiscithe a chuíchóiriú. 7  

In Airteagal 10 den Rialachán liostaítear modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a d’fhéadfaí a thabhairt isteach bunaithe ar thograí ón gCoimisiún, lena n-áirítear na trí mhodúl nua atá sa togra seo. Tá na trí mhodúl liostaithe freisin mar réimsí forbartha sa straitéis Eorpach um chuntais eacnamaíocha chomhshaoil do 2019-2023, a d’fhormhuinigh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach 8 .

Leagtar amach in Airteagal 4 den Rialachán nach mór don Choimisiún tástáil a dhéanamh ar a indéanta atá sé modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach trí staidéir phíolótacha dheonacha a dhéanfaidh na Ballstáit. Ar an ábhar sin, rinneadh roinnt staidéar píolótach do na trí mhodúl atá beartaithe, ag tástáil a indéanta atá sé na sonraí a thiomsú. I gcás cuntais fhoraoiseacha agus fóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla, déanann roinnt Ballstát sonraí bliantúla a thiomsú agus a thuairisciú don Choimisiún (Eurostat) ar bhonn deonach.

Úsáidtear sa chuntasaíocht chomhshaoil sonraí atá ann cheana chun na cuntais a thiomsú. Bainfear úsáid níos fearr as faisnéis ó na bailiúcháin sonraí atá ann cheana.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Leis na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil tugtar le chéile faisnéis eacnamaíoch agus chomhshaoil lena dtomhastar an méid a chuireann an comhshaol leis an ngeilleagar agus tionchar an gheilleagair ar an gcomhshaol. Tugann an togra seo faisnéis don Chomhaontú Glas don Eoraip trí bhreithnithe inbhuanaitheachta comhshaoil a chomhtháthú chun críocha beartais eacnamaíoch. Beidh na sonraí a tháirgfear faoin Rialachán seo ina gcuidiú freisin le tionscnaimh an tSeimeastair Eorpaigh maidir le glasú, leis an inbhuanaitheacht a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais, agus le faireachán a dhéanamh ar Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Tá an togra le haghaidh an mhodúil cuntas foraoiseach i gcomhréir le beartais aeráide agus acmhainní foraoise. Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, chuir an Coimisiún straitéis nua foraoise an Aontais do 2030 9 i láthair mar cheann dá thionscnaimh shuaitheanta. Aithníonn an straitéis an ról lárnach agus ilfheidhmeach atá ag foraoisí, agus an méid a chuireann an fhoraoiseacht (agus an tslabhra luacha foraoisbhunaithe) le geilleagar inbhuanaithe atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 agus pobail tuaithe atá beoga agus rathúil a chaomhnú. Ina theannta sin, fógraíodh tionscnamh reachtach maidir le faireachán ar fhoraoisí agus pleananna straitéiseacha le haghaidh 2023. Leis an modúl um chuntais foraoise, tacaítear le straitéis foraoise an Aontais do 2030 agus leis an tionscnamh um fhaireachán ar fhoraoisí amach anseo, agus nasctar beartais foraoise le beartais maidir leis an aeráid, leis an bhfuinneamh agus leis an mbithgheilleagar.

Soláthraíonn modúl na gcuntas éiceachórais sonraí chun cur síos a dhéanamh ar an dul chun cinn i gceann de na sé chuspóir tosaíochta den chlár gníomhaíochta comhshaoil go dtí 2030 10 : An bhithéagsúlacht a chosaint, a chaomhnú agus a athbhunú agus feabhas a chur ar an gcaipiteal nádúrtha. Cuidíonn an modúl seo freisin le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme phlean an AE um athchóiriú an dúlra, atá mar chuid de straitéis bithéagsúlachta an AE do 2030.

Uirlisí beartais comhshaoil an Aontais is ea ionstraimí eacnamaíocha chun truailliú a rialú agus acmhainní nádúrtha a bhainistiú, amhail fóirdheontais chomhshaoil, agus tá suim mhór ann tuilleadh faisnéise a fháil faoina n-úsáid agus faoina n-éifeachtacht. Rannchuidíonn na fóirdheontais chomhshaoil agus modúl aistrithe comhchosúla le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Áirítear leis sin na buiséid náisiúnta a ghlasú, an fíorphraghas atá ar an gcomhshaol a chur in iúl, tacú le spriocanna an Aontais maidir le haistriú fuinnimh agus leis an aeráid do 2030, agus beartais maidir le fuinneamh in-athnuaite, bithéagsúlacht, bainistiú dramhaíola agus beartais an gheilleagair chiorclaigh a chur i gcrích.

Le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013, leagtar amach an leagan reatha den Córas Cuntas Eorpach (CCE 2010), agus ba cheart do na cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil tagairt a dhéanamh don leagan seo.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) bunús dlí an togra seo. I gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, glacann an Pharlaimint agus an Chomhairle bearta chun a áirithiú go gcuirfear staidreamh ar fáil ionas go mbeidh AE in ann a ról a chomhlíonadh. Ní mór don staidreamh caighdeáin áirithe neamhchlaontachta, iontaofachta, oibiachtúlachta, neamhspleáchais eolaíoch, éifeachtúlachta costais agus rúndachta staidrimh a chomhlíonadh gan ualach iomarcach a chur ar ghnólachtaí, ar údaráis agus ar shaoránaigh.

Is é cuspóir an togra seo inchomparáideacht idirnáisiúnta na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil a áirithiú trí raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a leathnú chuig modúil bhreise a liostaítear faoi Airteagal 10. Déantar foráil shonrach san airteagal seo maidir le modúil nua a chur leis agus soláthraíonn sé liosta iarrthóirí. Cuireadh na chéad trí mhodúl ar an liosta sin isteach cheana faoi Rialachán (AE) Uimh. 538/2014.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Tá údar maith le gníomhaíocht ar leibhéal an AE. Ar an gcéad dul síos, ní mór staidreamh Eorpach a bheith inchomparáide ar fud na mBallstát agus chun iomláin an AE a dhíorthú arna ríomh ó iomláin na mBallstát. Ar an dara dul síos, tá scála agus nádúr trasnáisiúnta ag baint leis an gcomhshaol. Ar an tríú dul síos, téann roinnt úsáidí de na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil lasmuigh den Aontas, amhail na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus mar sin ní mór don Aontas caighdeáin dhomhanda a chur i bhfeidhm.

Ábhar a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch atá sa ghníomh atá beartaithe agus dá bhrí sin, ba cheart an Limistéar a chuimsiú ann.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta.

Ní mór do na Ballstáit na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil nua a chur ar fáil ag baint úsáide as sonraíochtaí coiteanna, bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta LEE agus ansin na sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) le haghaidh bailíochtaithe agus scaipthe.

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ní théann an rialachán beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a ghnóthú.

An rogha ionstraime

Is é rialachán an ionstraim is iomchuí i bhfianaise chuspóir agus ábhar an togra agus i bhfianaise go leasaítear rialachán atá ann cheana leis.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Bunaithe ar chaighdeáin an Choimisiúin, leanadh an córas atá ar bun ag Eurostat chun meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana, lena n-áirítear an mheastóireacht ar an gClár Staidrimh Eorpach 11 , agus bhí sé ina chuid lárnach den phróiseas ar fad. Ina theannta sin, déantar suirbhéanna gach bliain chun tuilleadh eolais a fháil faoi úsáideoirí, faoina riachtanais agus faoi cé chomh sásta atá siad le seirbhísí Eurostat. Úsáideann Eurostat torthaí meastóireachta chun feabhas a chur ar phróisis chun faisnéis staidrimh agus aschur staidrimh a tháirgeadh. Cuirtear na torthaí san áireamh i bpleananna straitéiseacha éagsúla, amhail clár oibre agus plean bainistíochta Eurostat.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh an togra a phlé leis an gCóras Staidrimh Eorpach, agus na sonraí teicniúla le táirgeoirí agus úsáideoirí sonraí trí chomhairliúcháin i scríbhinn. Pléadh é freisin i dtascfhórsaí agus sna meithleacha maidir le cuntais eacnamaíocha chomhshaoil agus maidir le staidreamh agus cuntais airgeadaíochta chomhshaoil i mBealtaine 2020 agus Bealtaine 2021. Ina theannta sin, pléadh na saincheisteanna bunúsacha i gcruinnithe na stiúrthóirí maidir le staidreamh agus cuntais earnála agus comhshaoil i mí Iúil agus i mí Dheireadh Fómhair 2021. Chuathas i gcomhairle leis an ngrúpa céanna i scríbhinn freisin i mí na Nollag 2021. D’eascair feabhsuithe teicniúla agus simplithe as na comhairliúcháin sin go léir.

Bailiú agus úsáid saineolais

Chuaigh an Coimisiún (Eurostat) i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach toisc gurb iad na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta (INSanna) atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar gach gníomhaíocht náisiúnta maidir le staidreamh Eorpach.

Measúnú tionchair

Measadh nach raibh measúnú tionchair riachtanach ar na cúiseanna seo a leanas. Ar an gcéad dul síos, tá Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ann cheana mar uirlis beartais don tionscnamh. Go háirithe, déantar foráil shainráite in Airteagal 10 maidir leis an bhféidearthacht cuntais théamacha nua a chur leis agus liostaítear ann modúil a d’fhéadfadh a bheith ann. Ar an dara dul síos, rinne na Ballstáit thart ar 30 treoirstaidéar ar na hábhair nua le tacaíocht airgeadais ón gCoimisiún (Eurostat) (i gcomhréir le hAirteagal 4). Ar deireadh, tá taithí faighte le 5 bliana anuas ó bhailiú sonraí deonacha maidir le cuntais ar fhóirdheontais chomhshaoil agus cuntais fhoraoiseacha. Mar fhocal scoir, tá bonn fianaise fónta ann agus tógadh taithí thar na blianta.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Tá an Coimisiún tiomanta go láidir an t-ualach a shimpliú nó a laghdú nuair a leasaíonn sé aon reachtaíocht. Sa chuntasaíocht chomhshaoil, cruthaítear staidreamh ardcháilíochta trí na sonraí atá ar fáil a athúsáid agus tríd an ualach riaracháin ar ghnólachtaí agus ar an bpobal a theorannú. Baintear é sin amach trí na sonraí foinseacha atá ann cheana a chomhtháthú agus iad a chomhcheangal i meastacháin agus i dtáscairí stóinsithe atá bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní athraíonn an togra impleachtaí Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 do bhuiséad an Aontais, go háirithe ó Airteagal 4.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Ceanglaítear le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ar na Ballstáit tuarascálacha cáilíochta a tháirgeadh agus iad a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat). Úsáideann Eurostat na tuarascálacha cáilíochta, as measc ionchuir eile, chun cáilíocht na sonraí tarchurtha a bhailíochtú. Beidh feidhm ag na rialacha maidir le tuarascáil ar cháilíocht freisin maidir leis na trí mhodúl nua.

Faoi Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011, cuireann an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle gach 3 bliana.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Tá trí airteagal agus iarscríbhinn amháin sa togra seo.

Sonraítear in Airteagal 1 na leasuithe atá le tabhairt isteach ar Rialachán (AE) Uimh. 691/2011. Tugtar tuairisc ar na leasuithe thíos.

Airteagal 2 – Sainmhínithe

Tugtar sainmhíniú in Airteagal 2(7) go (9) ar chuntais fhoraoiseacha, fóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla agus cuntais éiceachórais.

Airteagal 3(1) – Modúil

Cuirtear trí mhodúl nua le liosta de mhodúil na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil i bhfomhíreanna (g) go (i), le tagairtí do na hIarscríbhinní ina sonraítear a gcuspóirí, a gcumhdach agus a n-oibleagáidí tuairiscithe.

Airteagal 3(4a) – Cumhachtaí tarmligthe

Le fomhír nua 3(4ú) tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh chun cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu de na seirbhísí éiceachórais atá san áireamh cheana féin sna táblaí tuairiscithe i Roinn 5 d’Iarscríbhinn IX luachanna airgeadaíochta. Leis na forálacha in Iarscríbhinn IX, leagtar amach seirbhísí éiceachórais in aonaid fhisiceacha agus airgeadaíochta. Beidh na seirbhísí éiceachórais in aonaid airgeadaíochta ina bhfothacar de na seirbhísí éiceachórais in aonaid fhisiciúla.

Airteagal 5(2) – Bailiú sonraí

Is féidir leis na Ballstáit cineálacha cur chuige nuálacha a úsáid seachas na cuir chuige sin atá leagtha amach cheana féin in Airteagal 5(2).

Airteagal 8 – Maoluithe

An deis a iarraidh maolú a iarraidh ó shonraí a thuairisciú le haghaidh na dtrí mhodúl nua.

Airteagal 9 – Nós imeachta tarmligin

Leathnaítear na cumhachtaí tarmligthe trí thagairt a chur leis an Airteagal 3(4ú) nua.

Airteagal 10 – Tuarascáil agus athbhreithniú

Réimsí a thabhairt cothrom le dáta lena n-áirítear i dtuarascáil cur chun feidhme an Rialacháin seo chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Iarscríbhinn IV – Cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil

Scriostar saintréith ‘aistrithe cosanta comhshaoil (faighte/íoctha)’ ó Iarscríbhinn IV toisc go mbaileofar é faoin Iarscríbhinn nua VIII.

Iarscríbhinní nua

Cuirtear trí iarscríbhinn nua leis an Rialachán: Iarscríbhinn VII le haghaidh cuntais fhoraoiseacha, Iarscríbhinn VIII le haghaidh fóirdheontais chomhshaoil agus cuntas aistrithe comhchosúla, agus Iarscríbhinn IX le haghaidh cuntais éiceachórais.

Tagairtí do AE-27 agus ESA2010

Cuirtear ‘EU-27’ agus ‘ESA95’ in ionad na dtagairtí go léir do ‘AE-28’.

Le hAirteagal 2 den togra aisghairtear oibleagáid na mBallstát tuairisciú a dhéanamh ar shonraí maidir le haistrithe cosanta comhshaoil (atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV atá ann cheana maidir le cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil) a luaithe a sheachadtar an tacar sonraí níos cuimsithí agus níos cuíchóirithe maidir le fóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla faoi Iarscríbhinn VIII. Áirithítear leis sin go seachnófar tuairisciú dúbailte.

Leagtar amach in Airteagal 3 an dáta ar an dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm agus a infheidhmeacht dhíreach. Ní mór feidhm a bheith ag Airteagal 1(7) go heisceachtúil ó 2025 ar aghaidh, mar gur in 2025 amháin a thosaíonn bailiú na ‘aistrithe cosanta comhshaoil (faighte/íoctha)’ in Iarscríbhinn VIII (féach Roinn 4 in Iarscríbhinn VIII).

2022/0210 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Dearbhaíodh i gCinneadh Uimh. 2022/591/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leagtar síos Clár Ginearálta Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais go dtí 2030 12 go bhfuil faisnéis fhónta ar staid an chomhshaoil agus ar na príomhthreochtaí, ar na príomhbhrúnna agus ar na príomhghníomhaithe i ndáil le hathrú comhshaoil sár-riachtanach chun beartas éifeachtach a fhorbairt agus an beartas sin a chur chun feidhme, agus chun saoránaigh a chumhachtú. Ba cheart ionstraimí a fhorbairt d’fhonn cur le feasacht an phobail maidir leis na hiarmhairtí comhshaoil a ghabhann le gníomhaíocht eacnamaíoch. Tá cuntais eacnamaíocha chomhshaoil ar cheann de na n-ionstraimí sin.

(2)Foráiltear le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 13 go bhfuil ar an gCoimisiún tuairisciú i leith chur chun feidhme an Rialacháin sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus, más iomchuí, ag cur san áireamh torthaí na staidéar píolótach dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011, moladh a dhéanamh modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach, amhail aistrithe (fóirdheontais) a bhaineann leis an gcomhshaol, cuntais fhoraoiseacha agus cuntais seirbhísí éiceachórais.

(3)Rannchuideoidh na modúil nua go díreach le tosaíochtaí beartais an Aontais maidir le fás glas agus éifeachtúlacht acmhainní.

(4)Ag an 43ú seisiún a bhí aige i mí na Feabhra 2012, ghlac an Coimisiún Staidrimh de chuid na Náisiún Aontaithe creat lárnach Chóras na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (‘CCEC’) mar chaighdeán staidrimh idirnáisiúnta agus ghlac sé Cuntasaíocht Éiceachórais CCEC (caibidil 1 go dtí caibidil 7 ina dtuairiscítear an creat cuntasaíochta agus na cuntais fhisiceacha) ag an 52ú seisiún a bhí aige i mí an Mhárta 2021. Tá na modúil nua atá a leagtar amach leis an Rialachán seo ag teacht go hiomlán le CCEC.

(5)Ba cheart rochtain a bheith ag an Aontas ar fhaisnéis atá ábhartha, cuimsitheach agus iontaofa chun a chúraimí a chomhlíonadh faoi na Conarthaí, go háirithe na cúraimí sin a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an inbhuanaitheacht agus leis an athrú aeráide. Maidir le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise, éilítear léi staidreamh a chomhlíonann critéir ardcháilíochta, faoi mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 14 , i gcomhréir lena sainchuspóirí. 

(6)Chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo geilleagar ciorclach glas, iomaíoch agus athléimneach agus chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i gcomhthéacs an Aontais, tá gá le sonraí breise.

(7)Leis na conclúidí ón gComhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais maidir le staidreamh Eorpach a tionóladh an 6 Samhain 2020 spreagtar an córas staidrimh Eorpach chun freagairt do na héilimh faisnéise atá ag teacht chun cinn agus atá leagtha amach ag an gComhaontú Glas don Eoraip, lena n-áirítear na héilimh sin a bhaineann le hathbhreithniú agus méadú an chláir um chuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil.

(8)In 2019, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta Uimh. 2019/16 dar teideal ‘Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil: is féidir an tairbhe do lucht ceaptha beartas a fheabhsú’. 15 Léirítear sa tuarascáil sin go bhfuil gá le sonraí níos iomláine faoi fhoraoisí agus éiceachórais agus gur gá cuntais fhoraoiseacha a chur chun feidhme ina n-iomláine.

(9) Liostaítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 na foinsí a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil. Chun solúbthacht a áirithiú agus chun an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí, ar Institiúidí Staidrimh Náisiúnta agus ar údaráis náisiúnta eile a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cineálacha cur chuige nuálacha a úsáid. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas i gcónaí agus mionsonraí a sholáthar a mhéid a bhaineann le cáilíocht na gcineálacha cur chuige sin chun deis a thabhairt don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí.

(10)Ós rud é go bhfuil 27 mBallstát san Aontas faoi láthair, is iomchuí tagairt a dhéanamh do ‘AE-27’.

(11)Is gá liosta na gcuntas Eorpach eacnamaíoch chomhshaoil a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus atá liostaithe in Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a thabhairt cothrom le dáta chun iad a ailíniú le tosaíochtaí beartais reatha an Aontais.

(12)Cuireadh an Córas Cuntas Eorpach 2010 (‘CEC 2010’) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle in ionad an Chórais Chuntas Eorpaigh 1995 (CEC95) 16 .

(13)Tá creat tagartha caighdeán, sainmhínithe, aicmithe agus rialacha cuntasaíochta coiteanna maidir le cuntais na mBallstát a tharraingt suas i gcomhair cheanglais staidrimh an Aontais le fáil in ‘CEC 2010’.

(14)Chun staid reatha fhorbairt na modheolaíochtaí a chur san áireamh chun seirbhísí éiceachórais a luacháil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún d’fhonn an Rialachán a fhorlíonadh trí bhunú cé acu de na seirbhísí éiceachórais atá san áireamh cheana sna táblaí tuairiscithe atá i roinn 5 d’Iarscríbhinn IX ar cheart luachanna airgeadúla a thuairisciú ina leith, an chéad bhliain tagartha mar aon le liosta de mhodhanna inghlactha chun na luachanna airgeadúla sin a bhunú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn na hoibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr 17 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(15)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach i gcreat dlíthiúil reatha do staidreamh Eorpach maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil, a ghnóthú go leordhóthanach agus, mar gheall ar an gcomhsheasmhachta agus an inchomparáideacht, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta faoi mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(16)Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 mar a leanas:

(1) in Airteagal 2, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(7) ciallaíonn ‘cuntais fhoraoiseacha’ cuntais sócmhainní le haghaidh sócmhainní foraoiseacha, lena gcuimsítear coillearnacha agus adhmad ar choillearnach, agus cuntais gníomhaíochta eacnamaíche le haghaidh foraoiseachta agus lománaíochta;

(8) ciallaíonn ‘fordheontais chomhshaoil agus aistrithe comhchosúla’ aistrithe reatha agus aistrithe caipitil, mar a shainmhínítear in CCE 2010, a cheaptar chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní náisiúnta agus táirgí gaolmhara;

(9) ciallaíonn ‘cuntais éiceachórais’ tacar cuntas a cheaptar chun faisnéis chomhsheasmhach a sholáthar maidir le méid agus riocht na n-éiceachóras agus le sreafaí na seirbhísí ó na héiceachórais sin go dtí an tsochaí.’;

(2) Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

‘(g) modúl le haghaidh cuntais fhoraoiseacha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;

(h) modúl le haghaidh cuntais fordheontas comhshaoil agus aistrithe comhchosúla, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;

(i) modúl le haghaidh cuntais éiceachórais, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.’

(b)cuirtear isteach an mhír 4a nua seo a leanas:

‘4a. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) staidéar modheolaíochta agus féidearthachta ar luacháil airgeadaíochta na seirbhísí éiceachórais. Ar bhonn thorthaí an staidéir sin, féadfaidh an Coimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh chun an méid seo a leanas a shainiú trí bhíthin gníomh tarmligthe: cé hiad na seirbhísí éiceachórais dá n-áirítear cheana sna táblaí tuairiscithe i roinn 5 d’Iarscríbhinn IX a dtuairisceofar luachanna airgeadaíochta ina leith; an chéad bhliain tagartha; agus liosta modhanna a bheidh inghlactha chun na luachanna airgeadaíochta sin a shuí.’;

(3) in Airteagal 5, mír 2, cuirtear isteach an téacs seo a leanas:

‘(d) aon fhoinsí ábhartha, modhanna nó cineálacha nuálacha cur chuige eile a mhéid a gceadaítear leo staitisticí a tháirgeadh atá inchomparáide agus atá i gcomhréir leis na saincheanglais cáilíochta is infheidhme.

Na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as na foinsí, na modhanna nó cineálacha cur chuige nuálacha dá dtagraítear i bpointe (d), cuirfidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas ina leith sin le linn na bliana roimh an mbliain tagartha ar lena linn a thabharfar isteach an fhoinse, an modh nó an cur chuige nuálach agus cuirfidh siad mionsonraí ar fáil i ndáil le cáilíocht na sonraí a fhaightear.’;

(4) In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Chun maolú faoi mhír 1 a fháil i leith Iarscríbhinní VII, VIII agus IX, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin agus údar cuí leis tráth nach déanaí ná [Iarrtar ar OPOCE an dáta beacht a chur isteach a bheidh 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].’;

(5) Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(3), (4) agus (4a) ar feadh tréimhse cúig bliana ón 11 Lúnasa 2011. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. 

 3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(3), (4) agus (4a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.’

(b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

 ‘5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(3), (4) agus (4a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’;

(6) in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad phointe fleiscín:

‘ - tograí chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach, amhail Cuntais Uisce (cáilíochtúil agus cainníochtúil), Cuntais ar Chaiteachas i leith Bainistiú Acmhainní, Fóirdheontais nó bearta tacaíochta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol agus Cuntais Dramhaíola’;

(7) in Iarscríbhinn IV, roinn 3, scriosfar na focail ‘aistrithe cosanta comhshaoil (faighte/íoctha)’;

(8) cuirfear AE-27 agus ‘CCE 2010’ in ionad gach tagartha do ‘AE-28’ agus don téarma ‘CEC 95’ faoi seach tríd síos sa téacs agus sna hIarscríbhinní.

(9) Cuirtear Iarscríbhinní VII, VIII agus IX, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo iad, le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011.

Airteagal 2

Na sonraí maidir le haistrithe cosanta comhshaoil (faighte/íoctha) a thíolactaí de bhun Iarscríbhinn IV roimhe seo, tíolacfar iad faoi Iarscríbhinn VIII. Ní thíolacfaidh na Ballstáit sonraí maidir le haistrithe cosanta comhshaoil (faighte/íoctha) de bhun Iarscríbhinn IV a thuilleadh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag pointe (7) d'Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    IO L 192, 22.7.2011, lch. 1.
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 538/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 maidir le cuntais Eorpacha eacnamaíocha chomhshaoil (IO L 158, 27.5.2014, lch. 113).
(3)    COM/2019/640 final
(4)    https://seea.un.org/
(5)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/125 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní I go V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil (IO L 20, 21.1.2022, lch. 40).
(6)    IO L 174, 26.6.2013, lch. 1.
(7)    IO L 20, 31.1.2022, lch. 40.
(8)     https://ec.europa.eu/eurostat/documents/1798247/6191525/European+Strategy+for+Environmental+Accounts/ (ar fáil i mBéarla amháin)
(9)    COM(2021) 572 final an 16 Iúil 2021.
(10)    Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (IO L 114, 12.4.2022, lch. 22).
(11)    Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Final evaluation of the European statistical programme 2013-2020 (SWD(2021) 383 of 15 December 2021) accompanying the Report from the Commission to the European Parliament and the Council on the final evaluation of the implementation of the European statistical programme 2013-2020 [Meastóireacht deiridh ar chlár staidrimh Eorpach 2013-2020 (SWD(2021) 383 an 15 Nollaig 2021) a ghabhann leis an Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an meastóireacht deiridh ar chur chun feidhme an chláir staidrimh Eorpaigh 2013-2020] (COM(2021) 794 an 15 Nollaig 2021). 
(12)    IO L 114, 12.4.2022, lch. 22.
(13)    IO L 192, 22.7.2011, lch. 1.
(14)    Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164)
(15)    https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=51214
(16)    IO L 174, 26.6.2013, lgh. 1–727
(17)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

An Bhruiséil,11.7.2022

COM(2022) 329 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 691/2011 a mhéid a bhaineann le modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach


IARSCRÍBHINN

‘IARSCRÍBHINN VII

CUNTAIS FHORAOISEACHA

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Déanann cuntais fhoraoiseacha sonraí faoi acmhainní foraoise agus faoi ghníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta a thaifeadadh agus a chur i láthair ar bhealach atá ag luí go hiomlán leis na sonraí a thuairiscítear faoi Chóras Eorpach na gCuntas (CEC). Soláthraíonn cuntais fhoraoiseacha faisnéis chomhlántach agus úsáidtear coincheapa atá curtha in oiriúint do nádúr ar leith foraoisí agus do thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta.

Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit le haghaidh cuntais fhoraoiseacha.

Roinn 2

CUMHDACH

Déantar taifeadadh i gcuntais fhoraoiseacha ar stoic agus ar shreafaí acmhainní foraoise (coillearnach agus adhmad) agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseacha agus na lománaíochta, lena n‑áirítear lomáin chruinne a tháirgeadh agus táirgí foraoise neamhadhmaid a bhfuil fás fiáin orthu a bhaint agus a bhailiú.

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Soláthróidh na Ballstáit cuntais fhoraoiseacha de réir na saintréithe a thuairiscítear sa Roinn seo.

(1)Cuntais sócmhainní coillearnaí agus adhmaid. Sainmhínítear coillearnach mar shuim na dtrí phointe thíos.

(a)Foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar: Foraoisí nach bhfuil tionchar suntasach ag aon srianta comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíocha ar sholáthar reatha ná ar sholáthar féideartha adhmaid. Is féidir na srianta sin a bhunú le rialacha dlí, le cinntí bainistíochta/úinéirí nó ar chúiseanna eile.

(b)Is é atá i bhforaois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar gach foraois nach meastar a bheith ar fáil chun adhmad a sholáthar de réir phointe a). Is foraoisí iad sin ina gcuireann srianta comhshaoil, sóisialta, eacnamaíocha nó dlíthiúla cosc ar aon soláthar suntasach adhmaid. Áirítear leis sin (a) foraoisí a bhfuil srianta dlíthiúla iontu nó srianta atá mar thoradh ar chinntí polaitiúla eile a dhéanann soláthar adhmaid a eisiamh nó a theorannú go mór ar chúiseanna amhail caomhnú comhshaoil nó bithéagsúlachta (foraois chosanta, páirceanna náisiúnta, anaclanna dúlra agus limistéir chosanta eile amhail iad ar díol spéise iad ó thaobh an chomhshaoil, na heolaíochta, na staire, an chultúir nó na spioradálta de); (b) foraoisí ina bhfuil táirgiúlacht fhisiceach nó cáilíocht adhmaid róíseal nó i gcás ina bhfuil costais iompair róard chun údar maith a thabhairt le saothrú foraoiseachta, seachas ó gearrthacha ó am go chéile le haghaidh tomhaltas an duine é féin.

(c)Coillearnach eile.

Sainmhínítear ‘foraois’ mar thalamh is fairsinge ná 0.5 heicteár le crainn is airde ná 5 mhéadar air agus ceannbhrat duilliúir is mó ná 10 %, nó le crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá, den chuid is mó, faoi úsáid talún talmhaíochta ná crainn i suíomhanna uirbeacha, amhail páirceanna cathrach, lánaí agus gairdíní.

Sainítear ‘coillearnach eile’ mar thalamh nach bhfuil aicmithe mar fhoraois, talamh is fairsinge ná 0.5 heicteár; le crainn is airde ná 5 mhéadar air agus ceannbhrat duilliúir is mó ná 5-10 %, nó le crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ; nó a bhfuil clúdach comhcheangailte toir, toim agus crann acu ar mó é ná 10 %. Ní áirítear leis talamh atá, den chuid is mó, faoi úsáid talún talmhaíochta ná crainn i suíomhanna uirbeacha, amhail páirceanna cathrach, lánaí agus gairdíní.

Sainmhínítear ‘glanincrimint bhliantúil adhmaid’ mar an meánfhás bliantúil ar mhéid na gcrann beo. Déantar é a ríomh ón stoc beo crann (stoc fáis) atá ar fáil ag tús na bliana lúide an mheánráta básmhaireachta bliantúil.

Sainmhínítear ‘aistrithe’ mar mhéid na gcrann go léir, atá beo nó marbh, a leagadh agus a bhaintear as an bhforaois, as coillearnach eile nó as láithreáin leagain eile. Áirítear leis lomáin chruinne neamhdhíolta atá stóráilte ar thaobh na foraoise le taobh an bhóthair. Áirítear leis freisin caillteanais nádúrtha a aisghabhtar, aistrithe le linn na bliana d;adhmad a leagadh i dtréimhse níos luaithe, aistriú lomán (amhail stumpaí agus brainsí), agus aistriú crainn a maraíodh nó a ndearnadh damáiste dóibh de bharr cúiseanna nádúrtha (ar a dtugtar caillteanais nádúrtha), e.g. tine, gaoth, feithidí agus galair. Ní áirítear leis bithmhais neamhadhmadach ná adhmad ar bith a fhágtar san fhoraois agus nach n‑aistrítear i rith na bliana, e.g. stumpaí, brainsí, barr na gcrann agus fuíoll ó chrainn a leagan (dramhaíl as saothrú foraoiseachta).

Sainmhínítear ‘caillteanais dho-aisghafa’ mar fuíoll ó chrainn a leagan agus gach crann a leagann an ghaoth nach féidir a bhaint as an bhforaois, agus adhmad a chailltear trí dhóiteáin foraoise.

(2)Cuntais eacnamaíocha ag tuairisciú gníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta. Sainmhínítear tionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta mar gach aonad príomhghníomhaíochta áitiúil (APG áitiúil) a dhéanann gníomhaíochtaí a aicmítear faoi rannán A02 de NACE Rev. 2.

Tuairisceofar na saintréithe seo a leanas, agus sainmhínithe CEC á n‑úsáid:

aschur;

agus de sin: aschur chun críche úsáide críochnaithí dílse

ídiú idirmheánach;

oll-bhreisluach;

ídiú an chaipitil sheasta;

Cánacha eile ar tháirgeadh;

Fóirdheontais eile ar tháirgeadh;

cúiteamh d’fhostaithe;

ollfhoirmiú caipitil sheasta agus éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais;

athruithe ar fhardail;

aistriú caipitil.

Tuairisceoidh na Ballstáit fostaíocht i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta in aonad oibre bliantúil de réir mílte (AWUnna) mar a shainmhínítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 .

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

(1)Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

(2)Déanfar staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha.

(3)Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a tháirgeadh le haghaidh phríomhchomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.

(4)Is é 2023 an chéad bhliain tagartha.

(5)Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2022 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh.

(6)Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n2, n1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a thíolacadh an athuair le haghaidh na mblianta ó 2022 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithneofar na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2022 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

I gcás na saintréithe a leagtar síos i Roinn 3, tuairisceofar an fhaisnéis seo a leanas:

(1)Limistéar coillearnaí, arna mhiondealú de réir an mhéid seo a leanas:

foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;

foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;

coillearnach eile.

Déanfar gach ceann de na catagóirí sin a mhiondealú tuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:

limistéar oscailte ag tús na bliana tagartha;

foraoisiú agus méaduithe eile;

dífhoraoisiú agus laghduithe eile;

athaicmiú staidrimh;

limistéar iata ag deireadh na bliana tagartha.

Déanfar na sonraí a thuairisciú in aonaid de réir mílte heicteáir.

(2)Méid an adhmaid, arna mhiondealú de réir:

foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;

foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;

coillearnach eile.

Déanfar an fhoraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar a mhiondealú tuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:

stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;

incrimint ghlan;

aistrithe;

caillteanais dho-aisghafa;

athaicmiú staidrimh;

ítim clár comhardaithe;

stoic deiridh ag deireadh na bliana tagartha.

Foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar agus coillearnach eile, déanfar iad a mhiondealú tuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:

stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;

aistrithe;

athruithe eile (idir stoic thosaigh agus stoic dheiridh);

stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.

Déanfar na sonraí a thuairisciú i dtéarmaí adhmaid le coirt in aonaid de réir mílte m3.

(3)Luach an adhmaid, arna mhiondealú de réir:

foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;

foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;

coillearnach eile.

Déanfar foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar a mhiondealú tuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:

stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;

incrimint ghlan;

aistrithe;

caillteanais dho-aisghafa;

athluacháil;

athaicmiú staidrimh;

ítim clár comhardaithe;

stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.

Foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar agus coillearnach eile, déanfar iad a mhiondealú tuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:

stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;

aistrithe;

athruithe eile (idir stoic thosaigh agus stoic dheiridh);

stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.

Tuairisceofar na sonraí ar fad san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.

(4)I gcás na gcuntas eacnamaíoch, tuairisceofar an taschur dá dtagraítear i Roinn 3 de réir an mhiondealaithe seo a leanas, le táirgí atá sainithe i dtéarmaí aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta leagan 2.1:

plandaí crann foraoise beo (táirge 02.10.11) agus síolta crann (táirge 02.10.12);

crainn foraoise, a shainmhínítear mar shuim ghlanincrimint an adhmaid i bhforaoisí saothraithe (táirge 02.10.30) agus díolacháin adhmaid as foraoisí neamhshaothraithe;

adhmad garbh (táirge 02.20.1), ina bhfuil na hítimí seo a leanas atá le tuairisciú in dhá shraith ar leith:

(a)connadh (táirgí 02.20.14 agus 02.20.15);

(b)lomáin, i.e. suim na lomán adhmaid bhuaircíneach (táirge 02.20.11), lomáin adhmaid neamhbhuaircínigh seachas adhmad trópaiceach (táirge 02.20.12), agus lomáin adhmaid thrópaicigh(táirge 02.20.13).

táirgí nach táirgí adhmaid iad a fhásann go fiáin (táirge 02.30);

Seirbhísí atá saintréitheach de ghníomhaíocht na foraoiseachta agus na lománaíochta a shainmhínítear mar sheirbhísí plandlainne crann foraoise (táirge 02.10.2), seirbhísí tacaíochta don fhoraoiseacht (táirge 02.4), agus aon seirbhísí eile a sholáthraíonn aonad príomhghníomhaíochta áitiúil (APG) de thionscal na foraoiseachta;

táirgí eile ó ghníomhaíochtaí tánaisteacha gaolmhara san APG áitiúil, amhail beacáin agus trufail (01.13.8), caora eile, torthaí den ghéineas vaccinium n.e.c. (01.25.19), rubar nádúrtha (01.29.10), adhmad garbh lena náirítear cuaillí scoilte agus picéid (16.10.39), fioghual (20.14.72), seirbhísí anaclanna dúlra lena náirítear seirbhísí caomhnaithe fiadhúlra (91.04.12), agus aon táirge eile a tháirgeann APG áitiúil.

Tomhaltas idirmheánach thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar é de réir an mhiondealaithe seo a leanas, le táirgí atá sainithe i dtéarmaí aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta leagan 2.1:

(a)suim na bplandaí crann foraoise beo (táirge 02.10.11), síolta crann foraoise (táirge 02.10.12), agus na gcrann foraoise (táirge 02.10.3) a úsáidtear chun adhmad a tháirgeadh;

(b)suim an fhuinnimh agus na mbealaithe, lena náirítear leictreachas (táirge 35.11.10), biotáille mhótair (gásailín) (táirge 19.20.21), gás nádúrtha – leachtaithe nó i staid ghásach (táirge 06.20.10), olaí peitriliam bhealaithe agus ullmhóidí troma nach naicmítear in áit ar bith eile (táirge 19.20.29), agus táirgí eile dá samhail;

(c)suim na seirbhísí saintréitheacha den fhoraoiseacht agus an lománaíocht lena náirítear seirbhísí plandlainne crann foraoise (táirge 02.10.2), seirbhísí tacaíochta don fhoraoiseacht (táirge 02.4), agus aon seirbhísí eile a sholáthraíonn APG áitiúil de thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta;

(d)earraí agus seirbhísí eile nach dtugtar cuntas orthu in aon cheann de na hathróga tomhaltais idirmheánaigh thuas.

Déanfar athruithe i bhfardail thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta dá dtagraítear i Roinn 3 a thuairisciú de réir an mhiondealaithe seo a leanas:

athruithe ar obair idir lámha ar shócmhainní bitheolaíocha saothraithe;

athruithe eile ar fhardail.

Tuairisceofar na saintréithe ar fad san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse.

IARSCRÍBHINN VIII

CUNTAIS FHÓIRDHEONTAIS CHOMHSHAOIL AGUS AISTRITHE DÁ SAMHAIL

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Maidir le cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail, bailíonn siad agus cuireann siad i láthair sonraí faoi aistrithe reatha agus faoi aistrithe caipitil a bheartaítear chun tacú le gníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní nádúrtha, lena n‑áirítear táirgí comhshaoil a tháirgeadh agus a úsáid, ar bhealach atá ag luí le coincheapa agus sainmhínithe Chóras Eorpach na gCuntas (CEC 2010).

Sainítear leis an Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail. Úsáidtear na sonraí sin freisin chun caiteachas náisiúnta i leith chosaint an chomhshaoil a thiomsú mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.

Roinn 2

CUMHDACH

Déantar íocaíochtaí neamhchúitithe ón rialtas ginearálta le hearnálacha institiúideacha eile (laistigh den gheilleagar intíre agus leis an gcuid eile den domhan) agus ó neamhchónaithigh (an chuid eile den domhan), chun críche an comhshaol a chosaint nó úsáid agus asbhaint acmhainní nádúrtha a laghdú, a thaifeadadh sna cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail.

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh na Ballstáit cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail a tháirgeadh de réir na saintréithe seo a leanas:

fóirdheontais (CEC cód D.3);

aistrithe reatha eile (CEC cóid D.6 agus D.7);

aistrithe caipitil (CEC cód D.9).

Tuairisceofar na sonraí ar fad san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

(1)Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.

(2)Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.

(3)Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a tháirgeadh le haghaidh phríomhchomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.

(4)Is é 2023 an chéad bhliain tagartha.

(5)Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2022 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh.

(6)Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n2, n1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a thíolacadh an athuair le haghaidh na mblianta ó 2022 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithneofar na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2022 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

(1)I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí de réir an mhéid seo a leanas:

an earnáil institiúideach íocaíochta, mar a leanas:

an rialtas ginearálta;

an chuid eile den domhan.

an earnáil institiúideach fála, mar a leanas:

an rialtas ginearálta;

corparáidí;

teaghlaigh;

institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh;

an chuid eile den domhan.

(2)Maidir le gach ceann de na catagóirí tuairiscithe thuas, tuairisceofar sonraí de réir aicmí den aicmiú ar ghníomhaíochtaí caomhnaithe comhshaoil (CEPA) agus de réir aicmiú na ngníomhaíochtaí bainistíochta acmhainní (CReMA), agus iad grúpáilte mar a leanas:

CEPA 1;

CEPA 2;

CEPA 3;

CEPA 4;

CEPA 5;

CEPA 6;

suim CEPA 7, CEPA 8 agus CEPA 9;

CReMA 10;

CReMA 11;

CReMA 13;

CReMA 13A;

CReMA 13B;

CReMA 13C;

CReMA 14;

Suim CReMA 12, CReMA 15 agus CReMA 16.

(3)Ba cheart aistrithe is infhaighte ag corparáidí ón rialtas ginearálta agus iad grúpáilte de réir shuim aicmí uile CEPA (CEPA 1-9) agus aicmí uile CReMA (CReMA 10-16) a ghrúpáil tuilleadh de réir aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Rev. 2 mar a leanas:

NACE A – talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht;

NACE B – mianadóireacht agus cairéalacht;

NACE C – monaraíocht;

NACE D – soláthar leictreachais, gáis, gaile agus aerchóiriúcháin;

NACE E – soláthar uisce, séarachas, bainistíocht dramhaíola agus feabhsúchán;

NACE F – tógáil;

NACE G – trádáil mórdhíola agus miondíola, deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar;

NACE H – Iompar agus stóráil;

NACE I-U – ranna eile NACE.

(4)Aicmí CEPA dá dtagraítear i bpointí 2 agus 3, is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV atá siad; aicmí CReMA, is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V atá siad. 

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse.

IARSCRÍBHINN IX

CUNTAIS ÉICEACHÓRAIS

Roinn 1

CUSPÓIRÍ

Is éard a bhíonn i gcuntais éiceachórais, sonraí faoi fhairsinge agus staid na sócmhainní éiceachórais agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad don tsochaí agus don gheilleagar. Tá na sonraí ag teacht le Cuntasaíocht Éiceachórais Córas na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil agus tá siad comhoiriúnach leis na sonraí a thuairiscítear faoi Chóras Eorpach na gCuntas.

Úsáideann cuntais éiceachórais faisnéis atá ann cheana nuair is féidir, lena n‑áirítear faisnéis ó bhreathnóireacht na cruinne, tuairisciú comhshaoil agus foinsí eile sonraí.

Roinn 2

CUMHDACH

Déantar taifead i gcuntais éiceachórais ar fhairsinge na n‑éiceachóras, ar riocht na n‑éiceachóras, agus ar shreabha na seirbhísí éiceachórais.

Is éard atá i bhfairsinge an éiceachórais, méid na n‑éiceachóras in achar. I gcuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais, cumhdaítear éiceachórais talún (lena n‑áirítear éiceachórais fionnuisce) agus éiceachórais mhuirí sa chríoch náisiúnta.

Is ionann riocht an éiceachórais agus cáilíocht éiceachórais a thomhaistear i dtéarmaí aibitheacha, bitheacha agus tírdhreacha, de réir chineálacha éiceachórais.

Is éard is seirbhísí éiceachórais ann na tairbhí a chuireann éiceachórais ar fáil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus do ghníomhaíochtaí daonna eile. Áirítear leo sin (i) seirbhísí soláthair, (ii) seirbhísí rialála agus cothabhála, agus (iii) seirbhísí cultúrtha. Déanann cuntais i dtaca le seirbhísí éiceachórais taifead ar sholáthar agus úsáid iarbhír na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn na héiceachórais sa chríoch náisiúnta.

Is éard is cuntais théamacha ann cuntais a eagraíonn sonraí de réir téamaí sonracha beartais amhail an bhithéagsúlacht, an t‑athrú aeráide, na haigéin agus ceantair uirbeacha.

Roinn 3

LIOSTA NA SAINTRÉITHE

Déanfaidh na Ballstáit cuntais éiceachórais a tháirgeadh de réir na saintréithe seo a leanas:

(1)Cuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais ina dtaifeadtar an tachar agus an tathrú ar an achar le haghaidh gach cineáil éiceachórais laistigh den chríoch náisiúnta. Is i míle heicteár a thuairisceoidh na Ballstáit na cuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais.

(2)Mar chomhpháirt de na cuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais, maitrís chomhshóiteachta ina dtaifeadtar comhshónna idir cineálacha éiceachórais idir dhá phointe ama, i heicteáir.

(3)Cuntais i dtaca le riocht an éiceachórais ina dtaifeadtar saintréithe an éiceachórais mar a leanas:

(a)i gcás lonnaíochtaí agus limistéir shaorga eile:

déanfar limistéir ghlasa i gcathracha agus i mbailte agus bruachbhailte cóngaracha a thuairisciú i gcéatadán den achar iomlán, arna ríomh le haghaidh achar iomlán na gcathracha agus na mbailte agus na mbruachbhailte máguaird, lena náirítear gach cineál éiceachórais sa limistéar sin;

tuairisceofar tiúchan ábhair cháithnínigh, a bhfuil trastomhas suas le 2.5 μm aige i gcathracha, in μg/m3 mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.

(b)i gcás talamh curaíochta:

déanfar stoc carbóin orgánaigh ithreach sa bharrithir a thuairisciú i dtona/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.

(c)i gcás féarthalaimh:

déanfar stoc carbóin orgánaigh ithreach sa bharrithir a thuairisciú i dtona/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.

(d)i gcás talamh curaíochta agus féarthalamh le chéile:

déanfar innéacs éanlaithe talaimh feirme coiteann a thuairisciú mar innéacs comhiomlán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.

(e)i gcás foraoise agus coillearnaí:

déanfar adhmad marbh a thuairisciú i m3/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.

déanfar dlús cumhdaigh na gcrann a thuairisciú i gcéatadán, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.

(f)i gcás tránna, dumhcha agus bogach cois cósta:

maidir leis an sciar den chumhdach achair neamhthréscaoilteach shaorga, atá sa limistéar cósta lena náirítear tránna, dumhcha agus bogaigh cósta de chineál éiceachórais, déanfar é a thuairisciú i gcéatadán mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.

Is aonaid riaracháin áitiúla iad cathracha, bailte agus bruachbhailte, agus iad aicmithe de réir leibhéal na típeolaíochta uirbiúcháin a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2017/2391.

(4)Cuntais i dtaca le seirbhísí éiceachórais ina dtaifeadtar soláthar agus úsáid seirbhísí éiceachórais i dtáblaí soláthair agus úsáide. Sa tábla soláthair, déanfar taifead ar sholáthar seirbhísí éiceachórais ó na héiceachórais go dtí an tsochaí. Déanfar úsáid seirbhísí éiceachórais de réir an chineáil úsáide a shainmhínítear i Roinn 5 a thaifeadadh sa tábla úsáide.

Tuairisceofar na táblaí soláthair agus úsáide sna haonaid fhisiceacha seo a leanas.

(a)Seirbhísí soláthair

Soláthar barr, a shainmhínítear mar an méid a chuireann an téiceachóras le fás plandaí arna neasú le méid na mbarr arna mbuain i gcás úsáidí éagsúla. Áirítear leis sin táirgeadh bia agus snáithíní, farae agus fuinneamh, agus bithmhais innilte, mar a leagtar amach faoi Iarscríbhinn III, Tábla A, Roinn 1.1 agus Roinn 1.2.

Pailniú, a shainmhínítear mar an méid a chuireann pailneoirí fiáine leis na barra thuasluaite a tháirgeadh. Déanfar na ranníocaíochtaí a thuairisciú i dtonaí de bharra atá spleách ar phailneoirí agus is féidir a chur i leith pailneoirí fiáine, de réir an chineáil bairr i gcás na bpríomhchineál barr atá spleách ar phailneoirí, lena náirítear crainn torthaí, caora, trátaí, olashíolta agus ‘eile’.

Soláthar adhmaid, a shainmhínítear mar an méid a chuireann an téiceachóras le fás crann agus bithmhais adhmaid eile, déanfar é a thuairisciú mar ghlanincrimint in adhmad thar choirt, i míle m³, de réir mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VII.

(b)Seirbhísí rialála agus cothabhála

Sainmhínítear scagachán aeir mar an méid a chuireann an téiceachóras le truailleáin aeriompartha a scagadh trí dheascadh, glacadh, socrú agus stóráil truailleán ag comhpháirteanna éiceachórais (go háirithe crainn). Maolaíonn sé sin éifeachtaí díobhálacha na dtruailleán. Déanfar na rannchuidithe a thuairisciú i dtonaí ábhair cháithnínigh atá leabaithe.

Sainmhínítear an rialú domhanda na haeráide mar an méid a chuireann an téiceachóras le tiúchain na ngás ceaptha teasa san atmaisféar a laghdú trí charbón a bhaint (glancheapadh) ón atmaisféar agus trí charbón in éiceachórais a choinneáil (stóráil). Déanfar na rannchuidithe a thuairisciú i dtéarmaí tonnaí glancheaptha carbóin agus tonaí de charbón orgánach atá stóráilte in éiceachórais talún, lena náirítear os cionn talún agus faoi thalamh sa chéad 0.3 méadar den ithir (lena náirítear i bportaigh).

Is é an sainmhíniú atá ar rialú áitiúil na haeráide, an méid a chuireann an téiceachóras le rialú dálaí timpeallachta atmaisféaracha i limistéir uirbeacha trí fhásra a fheabhsaíonn dálaí maireachtála daoine agus a thacaíonn le táirgeadh eacnamaíoch. Beidh sé sainráite agus tuairiscithe mar an laghdú ar an teocht i gcathracha, a bhuí le héifeacht an fhásra uirbigh, i gcéimeanna Celsius ar laethanta os cionn 25 chéim Celsius.

(c)Seirbhísí cultúrtha

Sainmhínítear seirbhísí turasóireachta a bhaineann leis an dúlra mar rannchuidiú an éiceachórais, go háirithe trí shaintréithe agus trí cháilíochtaí bithfhisice na néiceachóras, a chuireann ar chumas daoine leas a bhaint as an gcomhshaol agus taitneamh a bhaint as trí idirghníomhaíochtaí díreacha, in situ, fisiceacha agus taithíocha leis an gcomhshaol. Déanfar na rannchuidithe sin a thuairisciú i líon na bhfanachtaí thar oíche in óstáin, i mbrúnna, i láithreacha campála, etc. is féidir a chur i leith cuairteanna ar éiceachórais.

(5)Úsáidfear an tábla seo a leanas de chineálacha éiceachórais sna cuntais éiceachórais:

Catagóir

Cineál éiceachórais

1

Lonnaíochtaí agus limistéir shaorga eile

2

Talamh curaíochta

3

Féarthalamh (féaraigh, féarthalamh leathnádúrtha agus nádúrtha)

4

Foraois agus coillearnach

5

Fraochmhánna agus tor

6

Éiceachórais fásra scáinte

7

Bogaigh intíre

8

Aibhneacha agus canálacha

9

Lochanna agus taiscumair

10

Ionraoin mhuirí agus uiscí trasdultacha

11

Tránna, dumhcha agus bogaigh cois cósta

12

Éiceachórais mhuirí (uiscí cósta, uiscí scairbhe agus aigéan oscailte)

Roinn 4

AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA

(1)Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur:

gach 3 bliana le haghaidh cuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais agus cuntais i dtaca le riocht an éiceachórais. Déanfaidh na sonraí tagairt do mheán ionadaíoch le haghaidh na bliana tagartha, agus don mhaitrís chomhshóiteachta a léiríonn an tathrú sna 3 bliana idir 2 bhliain tagartha;

ar bhonn bliantúil le haghaidh cuntais i dtaca le seirbhísí éiceachórais.

(2)Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.

(3)Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a tháirgeadh, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.

(4)Is é 2024 an chéad bhliain tagartha. I gcás na maitríse comhshóiteachta, is é 2027 an chéad bhliain tagartha.

(5)Sa chéad tarchur sonraí, is in aonaid fhisiceacha a áireoidh na Ballstáit sonraí ó 2024 maidir le cuntais i dtaca le fairsinge agus riocht agus maidir le táblaí soláthair agus úsáide i dtaca le seirbhísí éiceachórais. A mhéid a bhaineann leis an maitrís comhshóiteachta, léireoidh na sonraí na hathruithe idir 2024 agus 2027.

(6)Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla maidir le seirbhísí éiceachórais le haghaidh bhlianta n1 agus n; mar aon le sonraí maidir le cuntais i dtaca le méid agus riocht le haghaidh bhlianta n3 agus n, nuair is ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a thíolacadh an athuair ó 2024 ar aghaidh nuair a athbhreithneofar na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil do na blianta roimh 2024 a sholáthar.

Roinn 5

TÁBLAÍ TUAIRISCITHE

(1)Cuntais i dtaca le fairsinge an éiceachórais: Maidir le gach cineál éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí sa chéad tarchur le haghaidh na chéad bhliana tagartha. I gcás gach tarchuir sonraí ina dhiaidh sin, déanfar na sonraí a thuairisciú mar a leanas:

fairsinge sa bhliain tagartha roimhe sin;

méideanna breise;

laghduithe;

fairsinge sa bhliain tagartha reatha.

Tuairisceoidh an mhaitrís chomhshóiteachta idir gach cineál éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3 idir an bhliain tagartha roimhe sin agus an bhliain tagartha reatha.

(2)Cuntais i dtaca le seirbhísí éiceachórais: I gcás na seirbhísí éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí i dtáblaí soláthair agus úsáide mar a leanas:

Tábla soláthair ina dtaifeadtar soláthar bliantúil na seirbhísí dá dtagraítear i Roinn 3 de réir gach cineáil éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, ach amháin catagóirí 10 agus 12;

Tábla úsáide ina dtaifeadtar úsáid seirbhísí éiceachórais de réir an mhiondealaithe seo a leanas:

tomhaltas idirmheánach de réir tionscail;

tomhaltas críochnaitheach an rialtais;

tomhaltas deiridh teaghlach;

ollfhoirmiú caipitil;

onnmhairí.

(3)Níl oibleagáid ar Bhallstát sonraí a thuairisciú más rud é nach bhfuil a achar talún iomlán níos mó ná 0.1 % d’achar talún iomlán an Aontais.

Roinn 6

UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ

Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse.’

(1)     Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal (OJ L 33, 5.2.2004, p. 1).