An Bhruiséil,1.6.2022

COM(2022) 281 final

2022/0178(NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 974/98 a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach an euro sa Chróit


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

An 1 Meitheamh 2022, d’eisigh an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’), lena léirítear go gcomhlíonann an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh agus go n‑aisghairfear maolú na Cróite le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

I gcás ina ndéanfar cinneadh deimhneach, beidh ar an gComhairle ina dhiaidh sin na bearta eile is gá a ghlacadh chun an euro a thabhairt isteach sa Chróit.

Le Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle maidir le tabhairt isteach an euro 1 , rialaítear tabhairt isteach tosaigh an euro ag an gcéad rabharta de Bhallstáit sa limistéar euro agus ag an nGréig 2 . Leasaíodh an Rialachán sin leis na rialacháin seo a leanas:

- Rialachán (CE) Uimh. 2169/2005, chun ullmhú do mhéaduithe ar an limistéar euro amach anseo

- Rialachán (CE) Uimh. 1647/2006, chun an tSlóivéin a chumhdach (tír a ghlac an euro an 1 Eanáir 2007)

- Rialachán (CE) Uimh. 835/2007, chun an Chipir a chumhdach (tír a ghlac an euro an 1 Eanáir 2008)

- Rialachán (CE) Uimh. 836/2007, chun Málta a chumhdach (tír a ghlac an euro an 1 Eanáir 2008)

- Rialachán (CE) Uimh. 693/2008, chun an tSlóvaic a chumhdach (tír a ghlac an euro i mí Eanáir 2009)

- Rialachán (AE) Uimh. 670/2010, chun an Eastóin a chumhdach (tír a ghlac an euro i mí Eanáir 2011)

- Rialachán (AE) Uimh. 678/2013, chun an Laitvia a chumhdach (tír a ghlac an euro i mí Eanáir 2014)

- Rialachán (AE) Uimh. 827/2014, chun an Liotuáin a chumhdach (tír a ghlac an euro i mí Eanáir 2015).

Chun an Chróit a chumhdach le Rialachán (CE) Uimh. 974/98 freisin, is gá tagairt don Bhallstát sin a chur leis an Rialachán sin. Tá na leasuithe is gá ar an Rialachán sin sa togra seo.

Le Plean Náisiúnta na Cróite um an Aistriú go dtí Euro sonraítear gur cheart cás ‘na hOllphléisce’ a bheith infheidhme, i.e. gur cheart glacadh an euro mar airgeadra na Cróite a bheith i gcomhthráth le tabhairt isteach nótaí bainc agus bonn euro sa Chróit.

2.TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR

Is faoi cheannteidil éagsúla sa Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus i gComhairle ECOFIN/an Grúpa Euro a dhéantar plé go tráthrialta leis na Ballstáit faoi na dúshláin a bhaineann leis an mbeartas eacnamaíoch sna Ballstáit. Áirítear orthu sin plé neamhfhoirmiúil ar shaincheisteanna a bhaineann go sonrach leis an ullmhúchán maidir le dul isteach sa limistéar euro (lena n‑áirítear beartais maidir le ráta malairte). Is ag comhdhálacha/seimineáir agus ar bhonn ad hoc a dhéantar an comhphlé leis an lucht acadúil agus le grúpaí leasmhara eile.

Déantar forbairtí eacnamaíocha sa limistéar euro agus sna Ballstáit a mheasúnú trí bhíthin na nósanna imeachta éagsúla maidir le comhordú agus faireachas an bheartais eacnamaíoch (go háirithe faoi Airteagal 121 den Chonradh), agus i gcomhthéacs fhaireachán agus anailís rialta an Choimisiúin ar fhorbairtí tírshonracha agus ar fhorbairtí ar fud an limistéir (lena n‑áirítear réamhaisnéisí, sraith foilseachán rialta, agus ionchur chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais agus chuig Comhairle ECOFIN/an Grúpa Euro). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus i gcomhréir leis an gcleachtas roimhe seo, níl gá le measúnú tionchair foirmiúil.

3.EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

3.1.Bunús dlí

Is é Airteagal 140(3) den Chonradh an bunús dlí don togra seo, lena gceadaítear glacadh na mbeart eile is gá chun an euro a thabhairt isteach sa Bhallstát ar aisghaireadh a mhaolú faoi Airteagal 140(2) den Chonradh.

Gníomhóidh an Chomhairle d’aon toil na mBallstát arb é an euro an t‑airgeadra atá acu agus d’aon toil an Bhallstáit lena mbaineann, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis di dul i gcomhairle le BCE.

3.2.Coimhdeacht agus comhréireacht

Baineann an togra le hinniúlacht eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Ní théann an tionscnamh seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir a ghnóthú agus comhlíonann sé mar sin prionsabal na comhréireachta.

3.3.Rogha na hionstraime dlí

Níl d’ionstraim dlí iomchuí ann ach Rialachán chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle maidir le tabhairt isteach an euro.

4.IMPLEACHT BHUISÉADACH

Ní bheidh aon impleacht ag an togra i dtaca le buiséad an Aontais.

5.BARÚLACHA MAIDIR LE hAIRTEAGAIL AONAIR

5.1.Airteagal 1

I gcomhréir le hAirteagal 1 lit. (a) agus le hAirteagal 1a de Rialachán (CE) Uimh. 974/98, liostaítear na Ballstáit rannpháirteacha sa tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin agus sainítear ann dáta glactha an euro, dáta an aistrithe go dtí airgead tirim, agus an tréimhse ‘céimnithe amach’, más infheidhme, i gcás na mBallstát sin uile.

I gcomhréir le hAirteagal 1 lit. (i) de Rialachán (CE) Uimh. 974/98, ní féidir feidhm a bheith ag tréimhse ‘céimnithe amach’ ach amháin maidir leis na Ballstáit sin inarb ionann an lá a glacadh an euro agus an dáta a aistríodh go dtí airgead tirim. Níorbh amhlaidh a bhí i gcás an aon Bhallstáit déag a ghlac an euro an 1 Eanáir 1999, ná i gcás na Gréige, a ghlac an euro an 1 Eanáir 2001.

Bhí dáta glactha euro na Slóivéine, na Cipire, Mhálta, na Slóvaice, na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine ag teacht lena ndáta maidir leis an aistriú go dtí airgead tirim (1 Eanáir 2007 i gcás na Slóivéine, an 1 Eanáir 2008 i gcás na Cipire agus Mhálta, an 1 Eanáir 2009 i gcás na Slóvaice, an 1 Eanáir 2011 i gcás na hEastóine, an 1 Eanáir 2014 i gcás na Laitvia, an 1 Eanáir 2015 i gcás na Liotuáine), ach roghnaigh na tíortha gan tréimhse ‘céimnithe amach’ a bheith acu.

Chomh maith leis sin, le Plean Náisiúnta na Cróite um an Aistriú go dtí Euro leagtar síos an dáta céanna maidir le dáta glactha an euro agus dáta an aistrithe go dtí airgead tirim (1 Eanáir 2023), agus shocraigh an Chróit gan tréimhse ‘céimnithe amach’ a bheith aici.

Leis an Airteagal seo cuirtear an Chróit agus na sonraí ábhartha seo a leanas a bhaineann leis an mBallstát sin leis an tábla atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 974/98 in ord prótacail.

Ballstát

Dáta glactha an euro

Dáta an aistrithe go dtí airgead tirim

Ballstát a bhfuil tréimhse ‘céimnithe amach’ aige

‘An Chróit

1 Eanáir 2023

1 Eanáir 2023

Uimh.’

5.2.Airteagal 2

Leis an Airteagal seo is é an 1 Eanáir 2023 a shocraítear le haghaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin, rud a áirithíonn go mbeidh sé infheidhme i gcomhréir le huainiú na ngníomhartha eile ón gComhairle a bhaineann le glacadh an euro ag an gCróit, i.e. an dáta a aisghairfear an maolú agus an dáta a thiocfaidh an ráta comhshó maidir le kuna na Cróite i bhfeidhm.

2022/0178 (NLE)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 974/98 a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach an euro sa Chróit

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 140(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle( 3 ) go gcuirfear an euro in ionad airgeadraí na mBallstát a chomhlíon na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh tráth a tháinig an Comhphobal isteach sa tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.

(2)De réir Airteagal 5 d’Ionstraim Aontachais 2012, is Ballstát ag a bhfuil maolú í an Chróit, mar a shainítear in Airteagal 139(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an ‘Conradh’).

(3)De bhun Chinneadh 2022/.../AE ón gComhairle an … … 2022 maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023( 4 ), comhlíonann an Chróit na coinníollacha is gá chun an euro a ghlacadh agus tá an maolú i bhfabhar na Cróite le haisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

(4)Le tabhairt isteach an euro sa Chróit, ní mór na forálacha atá ann cheana maidir le tabhairt isteach an euro a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 974/98 a leathnú chun an Chróit a chumhdach.

(5)Le Plean Náisiúnta na Cróite um an Aistriú go dtí Euro sonraítear gur cheart nótaí bainc agus boinn euro a bheith ina ndlíthairiscint sa Bhallstát sin an lá a thabharfar an euro isteach mar airgeadra. Dá bhrí sin, is é an 1 Eanáir 2023 an dáta a ghlacfar an euro agus an dáta a aistreofar go dtí airgead tirim. Níor cheart feidhm a bheith ag aon tréimhse ‘céimnithe amach’.

(6)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 974/98 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 974/98 tríd an tsraith seo a leanas a chur isteach sa tábla idir na hiontrálacha a bhaineann leis an bhFrainc agus le hÉirinn:

‘An Chróit

1 Eanáir 2023

1 Eanáir 2023

Uimh.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 139, 11.5.1998, lch. 1.
(2)    Cf. Rialachán (CE) Uimh. 2596/2000 ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle maidir le tabhairt isteach an euro (IO L 300, 29.11.2000, lch. 2).
(3)    Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998 maidir le tabhairt isteach an euro (IO L 139, 11.5.1998, lch. 1).
(4)    IO L […], […], lch. […].