An Bhruiséil,10.5.2022

COM(2022) 199 final

2022/0141(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus an Ghuáin i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Sa phlean gníomhaíochta i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil le foraoisí (FLEGT) 1 , a dfhormhuinigh an Chomhairle in 2003 2 , moltar sraith beart chun deireadh a chur leis an logánú neamhdhleathach. Ar na bearta sin, áirítear tacaíocht do na tíortha táirgthe adhmaid, comhoibriú iltaobhach a dhéanamh dfhonn dul i ngleic leis an trádáil sa lománaíocht neamhdhleathach, tacaíocht do thionscnaimh de chuid na hearnála príobháidí, agus bearta dfhonn an infheistíocht i ngníomhaíochtaí a spreagann lománaíocht neamhdhleathach a dhíspreagadh. Comhpháirtíochtaí FLEGT idir an tAontas agus tíortha táirgthe adhmaid a bhunú, sin é is cloch choirnéil den phlean gníomhaíochta. In 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach 3 , scéim lenar féidir seiceáil a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an adhmaid a allmhairítear go dtí an tAontas Eorpach faoi chomhpháirtíochtaí FLEGT.

In 2005, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún comhaontaithe comhpháirtíochta FLEGT a chaibidliú le tíortha táirgthe adhmaid 4 .

Chuaigh an Coimisiún i mbun caibidlíochta le Comharphoblacht na Guáine in 2013. Choimeád an Coimisiún an Chomhairle cothrom le dáta maidir leis an dul chun cinn go tráthrialta, le tuarascálacha chuig an Meitheal um Fhoraoiseacha agus an Coiste FLEGT/Rialachán an Aontais maidir le hAdhmad. Chomh maith leis sin, choinnigh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus na páirtithe leasmhara ar an eolas maidir leis an gcaibidlíocht.

Téann an Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas agus an Ghuáin i ngleic le gach gné de threoracha caibidlíochta ón gComhairle. Bunaítear leis go háirithe scéim ceadúnúcháin lena ndéantar seiceáil agus daingniú ar dhlíthiúlacht na dtáirgí adhmaid a onnmhairítear chuig tíortha an Aontais agus chuig tíortha nach tíortha an Aontais iad, agus ar dhlíthiúlacht an adhmaid a dhíoltar sa Ghuáin freisin. Maidir le hadhmad allmhairithe, geallann an Ghuáin a áirithiú gur lománadh an t‑adhmad sin de réir dhlí na tíre tionscnaimh. Chuige sin, tugann an Ghuáin a gealltanas reachtaíocht shonrach a achtú bunaithe ar phrionsabail an díchill chuí. Tá an sainmhíniú a thugtar ar an dlíthiúlacht bunaithe ar shraith chuimsitheach dlíthe náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhaingnigh an Ghuáin, agus a léiríonn na trí shraith a bhaineann le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí. 

Tugann an Ghuáin a gealltanas freisin athbhreithniú a dhéanamh ar a dlíthe foraoiseachta agus iad a neartú nuair is gá. Leagadh amach freisincreat le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht agus meastóireachtaí neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras. Chun na bearta sin a chur i gcrích, chomhaontaigh na páirtithe amlíne uaillmhianach 6 bliana (ón dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm). Leagtar na gnéithe seo amach in iarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú, iarscríbhinní a sholáthraíonn miontuairisc ar na struchtúir a bheidh mar bhonn taca le forbairt Chóras Dearbhaithe na Guáine i dtaca le Dlíthiúlacht Adhmaid, chomh maith le critéir cinneadh a dhéanamh amach seo tús a chur le scéim ceadúnúchán FLEGT.

Bunaítear leis an gComhaontú Comhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe le haghaidh idirphlé agus comhar idir an tAontas agus an Ghuáin maidir leis an scéim ceadúnúcháin. Leagtar amach ann prionsabail le haghaidh rannpháirtíocht geallsealbhóirí, coimircí sóisialta, agus cuntasacht agus trédhearcacht. Tugtar tuairisc freisin ann ar an gcaoi a láimhseáiltear gearáin agus ar an gcaoi a ndéanfar faireachán agus tuairisciú.

Seachas na táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005, cumhdaíonn sa Chomhaontú freisin gach táirge adhmaid a dhéantar sa Ghuáin, a allmhairítear isteach inti, agus a onnmhairítear amach aisti faoi láthair.

Leis an gComhaontú tacaítear le prionsabal an neamh‑idirdhealaithe, rud a chiallaíonn go mbeidh páirtithe leasmhara ó laistigh agus lasmuigh d’earnáil na foraoiseachta rannpháirteach. Áirítear orthu sin na pobail ón earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta, na pobail áitiúla agus dhúchasacha, chomh maith le daoine eile atá ag brath ar fhoraoisí.

Foráiltear sa Chomhaontú maidir le rialú allmhairí ag teorainneacha an Aontais, mar a fhoráiltear faoi Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ar scéim ceadúnúchán FLEGT agus i Rialachán (CE) Uimh. 1024/2008 lena leagtar síos bearta mionsonraithe chun é a chur chun feidhme. Tugtar tuairisc sa Chomhaontú ar cheadúnas FLEGT na Guáine, a bhaineann úsáid as an bhformáid a leagtar amach sa Rialachán Cur Chun Feidhme (EC) Uimh. 1024/2008.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an togra seo comhsheasmhach le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 mar go measfar gur go dleathach a lománadh na táirgí adhmaid a chumhdófar leis na ceadúnais FLEGT a eiseofar sa Ghuáin i gcomhréir le hAirteagal 3 den Rialachán sin.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá cur i gcrích an Chomhaontaithe seo ábhartha do bheartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt mar go gcuireann sé chun cinn trádáil an adhmaid a lománadh go dleathach agus go neartaíonn sé rialachas foraoise sa Ghuáin trí thrédhearcacht, cuntasacht agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a fheabhsú. Leis an gComhaontú, neartófar freisin bainistiú inbhuanaithe foraoisí agus cuideoidh sé leis an athrú aeráide a chomhrac trí laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí ar de thoradh an dífhoraoisithe agus díghrádaithe foraoise iad.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é an chéad fhomhír d’Airteagal 207(3) agus an chéad fhomhír le hAirteagal 207(4) ar Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá molta, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v)agus Airteagal 218(7) de.

Ós rud é go gcuirtear creat dlíthiúil ar fáil sa Chomhaontú lena áirithiú gur go dleathach a táirgeadh gach allmhaire adhmaid agus gach allmhaire táirgí adhmaid isteach san Aontas ó Ghuáin, tá inniúlacht eisiach ag an Aontas é a chur i gcrích i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 207(3) agus leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 207(4) CFAE. Foráiltear le hAirteagal 218(6)(a)(v) CFAE go gcuirfidh an Chomhairle na comhaontuithe sin i gcrích. Le hAirteagal 218(7) CFAE, tugtar de chumhacht don Chomhairle an t‑idirbheartaí a údarú leasuithe ar an gComhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais, i gcás ina ndéantar foráil sa Chomhaontú maidir le leasuithe a ghlacadh trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna bhunú leis an gComhaontú.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Neamhbhainteach.

Comhréireacht

Tá cur i gcrích an Chomhaontaithe ag teacht le Plean Gníomhaíochta FLEGT an Aontais agus ní théann sé thar is gá chun a chuid aidhmeanna a bhaint amach.

An rogha ionstraime

Tá an togra seo i gcomhréir le hAirteagal 218(6)(a)(v) CFAE, Airteagal lena bhforáiltear go nglacfaidh an Chomhairle cinntí maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i gcrích.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Neamhbhainteach.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Neamhbhainteach.

Bailiú agus úsáid saineolais

Neamhbhainteach.

Measúnú tionchair

Neamhbhainteach.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Neamhbhainteach.

Cearta bunúsacha

Neamhbhainteach.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl impleachtaí buiséadacha ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Neamhbhainteach.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Neamhbhainteach.

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Neamhbhainteach.

2022/0141 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus an Ghuáin i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d’Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)I mBealtaine 2003, ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa dar teideal Forest Law Enforcement, Governance and Trade (FLEGT): proposal for an EU action plan 5 [Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT): Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE] inar iarradh bearta chun aghaidh a thabhairt ar logánú neamhdhleathach trí chomhaontuithe comhpháirtíochta saorálaí a fhorbairt le tíortha táirgthe adhmaid. Glacadh conclúidí ón gComhairle maidir leis an bplean gníomhaíochta i mí Dheireadh Fómhair 2003 6 agus glacadh rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an ábhar an 11 Iúil 2005 7 ,

(2)An 5 Nollaig 2005, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht ar chomhaontaithe comhpháirtíochta le tíortha táirgthe adhmaid chun an Plean Gníomhaíochta AE ar Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas, agus Trádáil i dtaca le Foraoisí a chur chun feidhme.

(3)An 20 Nollaig 2005, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh 2173/2005 8 lenar bunaíodh scéim ceadúnúcháin FLEGT i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach ó thíortha lenar chuir an tAontas comhaontuithe comhpháirtíochta saorálaí i gcrích.

(4)Cuireadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht le Comharphobalacht na Guáine i ngeall ar chur i gcrích Chomhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid i dtaca le foraoisí (dá ngairfear an Comhaontú anseo feasta) le hinisealú an Chomhaontaithe an 23 Samhain 2018.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir a chur i gcrích ar dháta níos déanaí.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid i dtaca le foraoisí a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi réir chur i gcrích an chomhaontaithe sin.

Cuirtear téacs an Chomhaontaithe atá le síniú i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Bunóidh Ardrúnaíocht na Comhairle an ionstraim lánchumhachtaí chun an Comhaontú a shíniú, faoi réir an Prótacal a thabhairt chun críche, do na daoine a thugann an Coimisiún le fios.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    COM(2003) 251.
(2)    IO C 268, 7.11.2003, lch. 1.
(3)    IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.
(4)    Doiciméad srianta 10229/2/05 ón gComhairle (arna dhírúnaicmiú an 24 Meán Fómhair 2015).
(5)    COM(2003) 251.
(6)    IO C 268, 7.11.2003, lch. 1.
(7)    IO C 157E, 6.7.2006, lch. 482.
(8)    Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúchán FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lch. 1).

An Bhruiséil,10.5.2022

COM(2022) 199 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus an Ghuáin i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil táirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach


COMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA SAORÁLAÍ
IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS

COMHARPHOBLACHT NA GUÁINE

MAIDIR LE FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ FORAOISEACHTA,

LE RIALACHAS AGUS LE TRÁDÁIL

I dTÁIRGÍ ADHMAID CHUIG AN AONTAS EORPACH

COMHAONTAÍONN AN tAONTAS EORPACH, dá ngairtear ʻan tAontas’ anseo feasta,

agus

COMHARPHOBLACHT NA GUÁINE, dá ngairtear ʻan Ghuáin’ anseo feasta,

dá ngairtear, le chéile, ʻna Páirtithe’ anseo feasta,

AG MEAS DÓIBH an dlúthchaidrimh oibre idir an tAontas agus an Ghuáin, go háirithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 1 , a athbhreithníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 agus in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (dá ngairtear "Comhaontú Cotonou" anseo feasta);

AG MEAS DÓIBH an Chomhstraitéis Comhpháirtíochta AE-an Chairib a forbraíodh ar bhonn an chinnidh ó Chruinniú Mullaigh Fhóram AE-an Chairib Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (CARIFORUM) a reáchtáladh i Maidrid i mí na Bealtaine 2010 agus ar chuir an tAontas agus Stáit CARIFORUM leis go comhpháirteach;

AG BREITHNIÚ DÓIBH an comhaontú réigiúnach maidir le rochtain ar fhaisnéis, le rannpháirtíocht phoiblí agus le ceartas i gcúrsaí comhshaoil i Meiriceá Laidineach agus i Muir Chairib a glacadh in Escazú, Cósta Ríce, an 4 Márta 2018;


AG MEAS DÓIBH an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir Stáit CARIFORUM, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile 2 ;

AG MEAS DÓIBH an teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh agus chuig Parlaimint na hEorpa darbh ainm ʻForfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) – Togra le haghaidh Plean Gníomhaíochta AE’ mar chéad chéim i dtreo dul i ngleic le saincheisteanna práinneacha amhail lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH gealltanas na bPáirtithe do Chairt na Náisiún Aontaithe agus ag féachaint do na prionsabail a mhínítear i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH gealltanas na bPáirtithe don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú agus don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha;

AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH an tábhacht a bhaineann leis na prionsabail agus leis na gealltanais a leagtar amach sa Dearbhú a ghabhann le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ó 2015, go háirithe an gealltanas maidir le forbairt inbhuanaithe a bhaint amach sna trí ghné lena mbaineann – cúrsaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil – ar bhealach cothrom comhtháite;


AG MEABHRÚ DÓIBH, ina leith sin, na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus a mionspriocanna, go háirithe sprioc 15.2 maidir le bainistíocht inbhuanaithe ar gach cineál foraoise a chur chun feidhme, stop a chur leis an dífhoraoisiú, foraoisí díghrádaithe a athbhunú agus foraoisiú agus athfhoraoisiú a mhéadú go hinbhuanaithe ar fud an domhain, faoi 2020;

AGUS IAD FEASACH faoin tábhacht a bhaineann le prionsabal an bhainistithe inbhuanaithe ar fhoraoisí a leagtar amach i nDearbhú Rio 1992 maidir leis an gComhshaol agus Forbairt agus, go háirithe, faoi Phrionsabal 10 a bhaineann leis an tábhacht atá le feasacht phoiblí, le páirteachas poiblí agus le rannpháirtíocht phoiblí i saincheisteanna comhshaoil, faoi Phrionsabal 20 a bhaineann le ról na mban sa bhainistíocht chomhshaoil agus san fhorbairt comhshaoil, agus faoi Phrionsabal 22 a bhaineann le ról ríthábhachtach na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil eile i bhforbairt agus bainistíocht chomhshaoil;

AG AITHINT DÓIBH an ról atá ag foraoisí mar bhunréiteach i ndáil le maolú agus oiriúnú i dtaca le saincheist na haeráide agus

AG MEABHRÚ DÓIBH sa chomhthéacs seo Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, go háirithe Airteagal 5 de, ina n‑éilítear laghdú ar astaíochtaí ón dífhoraoisiú agus ó dhíghrádú foraoise, chun cur leis an gcaomhantas agus leis an mbainistiú inbhuanaithe;

AG FÉACHAINT don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) agus, go háirithe, don cheanglas nach féidir ceadanna onnmhairiúcháin CITES arna n‑eisiúint ag na Páirtithe in CITES le haghaidh eiseamail de speiceas a liostaítear i bhFoscríbhinní I, II agus III den Choinbhinsiún, nach féidir iad a dheonú ach amháin ar choinníollacha áirithe, go háirithe ar an gcoinníoll nach bhfuarthas na heiseamail sin de shárú ar aon dlí ábhartha maidir le fauna agus flora a chosaint;


AG ATHDHEARBHÚ DÓIBH go bhfeictear do na Páirtithe go bhfuil tábhacht leis na prionsabail agus na rialacha a rialaíonn an trádáil iltaobhach, go háirithe na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos i gComhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (GATT) agus i gcomhaontuithe iltaobhacha eile a liostaítear in Iarscríbhinn 1A a ghabhann le Comhaontú Marrakech an 15 Aibreán 1994 lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), agus ar an ngá leis na rialacha agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach neamh‑idirdhealaitheach;

AG FÉACHAINT DO Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid sa Chomhphobal Eorpach;

AG AITHINT DÓIBH gealltanas na Guáine leanúint de dhea-rialú, bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, forfheidhmiú an dlí agus an trádáil in adhmad dleathach a chur chun cinn;

AG AITHINT DÓIBH go ndaingneofar bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí le cur chun feidhme Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí FLEGT, agus go gcuirfidh sé leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide trí astaíochtaí laghdaithe ón dífhoraoisiú agus ó dhíghrádú foraoise, agus tríd an ról atá ag an gcaomhantas agus ag bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus trí stoic charbóin na bhforaoisí i dtíortha i mbéal forbartha a fheabhsú (REDD+);

AG AITHINT DÓIBH go ndeartar Córas na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid chun dlíthiúlacht gach táirge adhmaid a chumhdaítear leis an gComhaontú seo a áirithiú gan beann ar an gceann scríbe;


AG AITHINT DÓIBH an tábhacht a bhaineann le gach páirtí leasmhar ábhartha a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, trína n‑institiúidí ionadaíocha féin, idir laistigh agus lasmuigh d’earnáil na foraoiseachta, gan beann ar inscne, aois, suíomh, reiligiún nó creideamh, bunadh eitneach, cine, teanga, míchumas ná aon ghné eile, lena n‑áirítear iad siúd ón earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus pobail dhúchasacha agus áitiúla, chomh maith le pobail eile atá spleách ar na foraoisí;

AG ATHDHEARBHÚ DI a cuid gealltanas faoin mBunreacht, faoin reachtaíocht náisiúnta agus faoi na hionstraimí idirnáisiúnta, bunóidh an Ghuáin sásraí éifeachtacha lena gcuirfear ar chumas na ngeallsealbhóirí ábhartha uile rannchuidiú le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo;

AG AITHINT DÓIBH go bhfuil gá leis go bhfoilseofar faisnéis neamhrúnda chun rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach gach páirtí leasmhar ábhartha lena mbaineann a éascú, laistigh agus lasmuigh d’earnáil na foraoiseachta, gan beann ar inscne, aois, suíomh, reiligiún nó creideamh, bunadh eitneach, cine, teanga, míchumas ná aon ghné eile, agus, mar sin, go bhfuil soláthar faisnéise lárnach maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo;

AGUS É BEARTAITHE ACU íoslaghdú a dhéanamh ar aon éifeachtaí díobhálacha ar pháirtithe leasmhara ábhartha laistigh nó lasmuigh d’earnáil na foraoiseachta a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo,

LEIS SEO MAR A LEANAS:


AIRTEAGAL 1

Cuspóir

Is é is cuspóir don Chomhaontú seo, agus é comhsheasmhach le comhghealltanas na bPáirtithe go mbainisteofar gach cineál foraoisí ar bhealach inbhuanaithe, creat dlíthiúil a sholáthar arb é is aidhm dó a áirithiú gur táirgeadh go dleathach na hallmhairí uile chuig an Aontas Eorpach de tháirgí adhmaid a chumhdaítear leis an gComhaontú seo agus, ar an gcaoi sin, an trádáil i dtáirgí adhmaid a chur chun cinn.

Ina theannta sin, soláthraítear leis an gComhaontú bonn le haghaidh idirphlé agus comhar idir na Páirtithe chun cur chun feidhme iomlán an Chomhaontaithe a éascú agus a chur chun cinn agus chun forfheidhmiú an dlí agus rialachas i dtaca le foraoisí a fheabhsú.

AIRTEAGAL 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)    ciallaíonn údaráis inniúla na húdaráis arna nainmniú ag Ballstáit an Aontais i leith glacadh le ceadúnais FLEGT agus iad a fháil agus a fhíorú;


(b)    ciallaíonn ʻonnmhairiú fágáil nó tabhairt amach fhisiceach táirgí adhmaid as aon chuid de chríoch gheografach na Guáine; seachas táirgí adhmaid faoi bhealach tríd an nGuáin;

(c)    ciallaíonn ʻceadúnas FLEGT doiciméad a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1 dIarscríbhinn IV, a dhearbhaíonn gur foinsíodh lastas go dleathach agus gur fíoraíodh é i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Chomhaontú seo;

(d)    is tagairt é ʻcód CC don chód ceithre nó sé dhigit mar a leagtar amach é in ainmníocht an Chórais Chomhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí de chuid na hEagraíochta Domhanda Custaim;

(e)    ciallaíonn ʻallmhairiú chuig an Aontas an scaoileadh i saorchúrsaíocht an Aontais, de réir bhrí Airteagal 201 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, de tháirgí adhmaid nach féidir a aicmiú mar ʻearraí de chineál neamhthráchtála mar a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 21 dAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais;

(f)    Ciallaíonn ʻIniúchóir Neamhspleách an duine nó an teintiteas a dhéanfaidh, ag ceann tréimhsí, measúnú ar oibriú, inchreidteacht agus éifeachtúlacht Chóras na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid;


(g)    Ciallaíonn ʻComhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe an Coiste arna bhunú ag na Páirtithe chun bainistiú, faireachán agus athbhreithniú an Chomhaontaithe seo a éascú, lena náirítear bainistiú an Iniúchta Neamhspleách agus éascóidh sé idirphlé agus malartú faisnéise idir na Páirtithe freisin;

(h)    ciallaíonn ʻadhmad a tháirgtear go dleathach (dá ngairtear ʻadhmad dleathach anseo feasta) táirgí adhmaid a fhaightear, a lománaítear, a tháirgtear, a phróiseáiltear, a iompraítear agus a thrádáiltear i gcomhréir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Ghuáin, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus i bhforálacha ábhartha eile den Chomhaontú seo; agus, i gcás adhmad allmhairithe, ciallaíonn sé táirgí adhmaid a lománaítear, a tháirgtear, a phróiseáiltear, a iompraítear agus a onnmhairítear i gcomhréir le reachtaíocht na tíre inar lománaíodh é agus leis na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn V;

(i)    ciallaíonn ʻÚdarás Ceadúnúcháin údarás arna ainmniú ag an nGuáin chun ceadúnais FLEGT a eisiúint agus a dheimhniú;

(j)    ciallaíonn ʻscaoileadh i saorchúrsaíocht nós imeachta de chuid an Aontais lena dtugtar stádas custaim earraí an Aontais nó earraí nach den Aontas iad (i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013), lena náirítear bailiú aon dleachtanna allmhairiúcháin atá dlite; muirir eile a bhailiú, de réir mar is iomchuí; bearta beartais tráchtála, agus toirmisc agus srianta a chur i bhfeidhm; agus cur i gcrích na bhfoirmiúlachtaí eile a leagtar síos maidir le hallmhairiú earraí;


(k)    ciallaíonn ʻlastas cainníocht de tháirgí adhmaid arna cumhdach le ceadúnas FLEGT a sheoltar ó choinsíneoir nó ó lastóir ón nGuáin agus a thaispeántar ag oifig chustaim san Aontas Eorpach le haghaidh scaoileadh i saorchúrsaíocht;

(l)    ciallaíonn ʻtáirgí adhmaid faoi bhealach aon táirgí adhmaid de bhunadh tríú tír a théann isteach ar chríoch na Guáine faoi rialú custaim agus a fhágann an Ghuáin agus an cruth céanna orthu, agus gan aon athrú ar an tír thionscnaimh;

(m)    ciallaíonn ʻtáirgí adhmaid na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I.

AIRTEAGAL 3

Scéim ceadúnúcháin FLEGT

1.    Leis seo, bunaítear scéim ceadúnúcháin maidir le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) idir na Páirtithe. Le scéim ceadúnúcháin FLEGT, bunaítear sraith nósanna imeachta agus ceanglas arb é is aidhm dóibh a fhíorú agus a dheimhniú, trí bhíthin cheadúnais FLEGT, gur táirgeadh go dleathach táirgí adhmaid a thagann isteach san Aontas Eorpach ón nGuáin. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 agus leis an gComhaontú seo, ní ghlacfaidh an tAontas le lastais den chineál sin ón nGuáin le hallmhairiú chuig an Aontas ach amháin má tá siad cumhdaithe le ceadúnais FLEGT.


2.    Beidh feidhm ag scéim ceadúnúcháin FLEGT maidir leis na táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn I.

3.    Aontaíonn na Páirtithe leis go ndéanfaidh siad na bearta uile is gá chun scéim ceadúnúcháin FLEGT a chur chun feidhme.

AIRTEAGAL 4

An t‑údarás ceadúnúcháin

1.    Ainmneoidh an Ghuáin an túdarás a bheidh ina údarás ceadúnúcháin FLEGT agus tabharfaidh sí fógra i scríbhinn faoi shonraí teagmhála an údaráis sin don Choimisiún Eorpach. Cuirfidh na Páirtithe an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

2.    Fíoróidh an túdarás ceadúnúcháin gur táirgeadh táirgí adhmaid go dleathach i gcomhréir leis an reachtaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn II. Eiseoidh an túdarás ceadúnúcháin ceadúnais FLEGT lena gcumhdófar gach lastas táirgí adhmaid a tháirgtear go dleathach sa Ghuáin agus atá ceaptha lena nonnmhairiú chuig an Aontais.

3.    Maidir le hadhmad allmhairithe, ní eiseoidh an túdarás ceadúnúcháin ceadúnais FLEGT i gcás táirgí nár lománaíodh, nár táirgeadh ná nár onnmhairíodh i gcomhréir le reachtaíocht na tíre inar lománaíodh é agus reachtaíocht na tíre inar táirgeadh é.


4.    Coinneoidh an túdarás ceadúnúcháin a chuid nósanna imeachta um eisiúint cheadúnais FLEGT ar bun agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.

5.    Coinneoidh an túdarás ceadúnúcháin taifid de na lastais uile a chumhdaítear le ceadúnais FLEGT atá comhseasmhach le dlíthe agus beartais náisiúnta éagsúla a bhaineann le cosaint sonraí agus le rúndacht faisnéise agus cuirfidh sé na taifid sin ar fáil chun críoch iniúchta neamhspleáiche dá dtagraítear in Airteagal 11, agus déanfar rúndacht na faisnéise dílseánaigh de chuid na nonnmhaireoirí a urramú an tráth céanna.

AIRTEAGAL 5

Údaráis inniúla an Aontais

1.    Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an Ghuáin ar an eolas i scríbhinn faoi shonraí teagmhála na núdarás inniúil a dainmnigh Ballstáit an Aontais. Cuirfidh na Páirtithe an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

2.    Fíoróidh na húdaráis inniúla go bhfuil gach lastas cumhdaithe le ceadúnas FLEGT bailí sula scaoilfear an lastas sin i saorchúrsaíocht san Aontas. Féadfar an scaoileadh i saorchúrsaíocht a choinneáil siar, chomh maith leis an lastas, i gcás ina bhfuil aon amhras ann i dtaca le bailíocht an cheadúnais FLEGT i gcomhréir le hIarscríbhinn III.


3.    Coinneoidh na húdaráis inniúla taifead de cheadúnais FLEGT a fhaigheann siad agus foilseoidh siad an taifead sin gach bliain.

4.    I gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le cosaint sonraí, tabharfaidh na húdaráis inniúla rochtain ar dhoiciméid agus sonraí ábhartha don duine arna ainmniú ag an nGuáin mar iniúchóir neamhspleách, nó do na comhlachtaí arna nainmniú ag an nGuáin mar iniúchóirí neamhspleácha.

5.    Ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(2) maidir le táirgí adhmaid ó speicis a liostaítear sna Foscríbhinní a ghabhann le CITES, a mhéid a chumhdaítear na táirgí sin leis na nósanna imeachta scrúdúcháin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil. Mar sin féin, tá na táirgí adhmaid a chumhdaítear leis na nósanna imeachta scrúdúcháin faoi réir an fhíoraithe dlíthiúlachta atá ann faoi Chóras na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid dá dtagraítear in Airteagal 8.

AIRTEAGAL 6

Ceadúnais FLEGT

1.    Eiseoidh an túdarás ceadúnúcháin ceadúnais FLEGT mar mhodh lena dheimhniú gur go dleathach a táirgeadh táirgí adhmaid.


2.    Déanfar ceadúnais FLEGT a dhréachtú agus a líonadh isteach i mBéarla ar an bhfoirm a shonraítear in Iarscríbhinn IV.

3.    Féadfaidh na Páirtithe, trí chomhaontú, córais leictreonacha a bhunú chun ceadúnais FLEGT a eisiúint, a tharchur agus a fháil.

4.    Leagtar amach in Iarscríbhinn IV sonraíochtaí teicniúla agus formáid theicniúil cheadúnais FLEGT agus an nós imeachta chun ceadúnais FLEGT a eisiúint.

AIRTEAGAL 7

Sainmhíniú ar adhmad a tháirgtear go dleathach

1.    Chun críocha an Chomhaontuithe seo, tugtar sainmhíniú ar ʻadhmad a tháirgtear go dleathach in Airteagal 2 (h) agus sonraítear é in Iarscríbhinn II, áit a leagtar amach creat dlíthiúil náisiúnta na Guáine, maille leis na prionsabail, na critéir, na táscairí agus na fíoraitheoirí nach mór a chomhlíonadh chun go mbeadh táirgí adhmaid faoi chumhdach céadúnais FLEGT.

2.    Déanfaidh an Ghuáin athbhreithniú ar an gcreat dlíthiúil náisiúnta is infheidhme maidir le hearnáil na foraoiseachta, mar a chuirtear in iúl in Iarscríbhinn II, arb é is aidhm dó gach beartas, dlí, rialachán, reacht, straitéis, treoirlíne, beart saorálach agus cód cleachtais a threisiú, i gcás inar gá, agus a chur chun feidhme.


AIRTEAGAL 8

Córas na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA)

1.    Úsáidfidh an Ghuáin, agus feabhsóidh sí, i gcás inar gá, an córas atá ann faoi láthair lena ndéantar fíorú gur táirgeadh táirgí adhmaid go dleathach agus gurb é na lastais fíoraithe amháin a allmhairítear chuig an Aontas, agus déanfaidh sí é sin trí Chóras na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA) a bhunú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

2.    Cuirfidh CGDDA seiceálacha ar chomhlíonadh san áireamh chun dearbhú a thabhairt gur go dleathach a táirgeadh táirgí adhmaid, gan beann ar an margadh atá ceaptha, agus nach neiseofar ceadúnais FLEGT do lastais de tháirgí adhmaid nár lománaíodh go dleathach, nó ar de thionscnamh anaithnid iad.

AIRTEAGAL 9

Córas na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA) a chur i bhfeidhm
maidir le táirgí adhmaid a chumhdaítear leis an gComhaontú seo

1.    Trí CGDDA a úsáid, fíoróidh an Ghuáin dlíthiúlacht na dtáirgí adhmaid a onnmhairítear chuig margaí nach margaí de chuid an Aontais, agus táirgí adhmaid a dhíoltar ina margadh náisiúnta féin, agus fíoróidh sí dlíthiúlacht na dtáirgí adhmaid a allmhairítear leis an gcóras a fhorbraítear chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme.


2.    Chun tacú le cur i bhfeidhm CGDDA, déanfaidh an tAontas úsáid an chórais sin a spreagadh ó thaobh trádáil i margaí eile agus trádáil le tríú tíortha de.

3.    Cuirfidh an tAontas bearta chun feidhme chun cosc a chur le hadhmad arna lománú go neamhdhleathach, agus táirgí arna neascairt uaidh sin, a bheith curtha ar mhargadh an Aontais, i gcomhréir lena reachtaíocht is infheidhme.

AIRTEAGAL 10

Scaoileadh na lastas a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT

1.    Is in Iarscríbhinn III a thugtar tuairisc ar na nósanna imeachta lena rialaítear scaoileadh na lastas, a chumhdaítear le ceadúnas FLEGT, isteach i saorchúrsaíocht an Aontais.

2.    I gcás ina mbeidh forais réasúnacha ag údarás inniúil a chreidiúint nach bailí ná barántúil ceadúnas áirithe nó nach gcloíonn sé leis an lastas atá sé ceaptha lena chumhdach, féadfaidh sé na nósanna imeachta a leagtar síos in Iarscríbhinn III a chuir i bhfeidhm.

3.    I gcás ina mbeidh easaontais nó deacrachtaí leanúnacha idir an túdarás ceadúnúcháin agus údaráis inniúla maidir le ceadúnais FLEGT, tarchuirfear an cheist chuig an gComhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 20.


AIRTEAGAL 11

Iniúchóir Neamhspleách

1.    Tá na Páirtithe ar aon fhocal gur gá seirbhísí Iniúchóra Neamhspleách a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú, creidiúnacht agus éifeachtúlacht CGDDA go tráthrialta, mar a leagtar amach in IarscríbhinnV.

2.    Bainfidh an Ghuáin úsáid as seirbhísí Iniúchóra Neamhspleách, i gcomhairliúchán leis an Aontas, chun críocha na gcúraimí a liostaítear in Iarscríbhinn VI.

3.    Beidh an tIniúchóir Neamhspleách ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach, nó ina ghrúpa de dhaoine den chineál sin, nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ag baint leis, lena náirítear ach nach bhfuil teoranta do choinbhleachtaí a eascródh as caidreamh eagraíochtúil nó tráchtála leis an Aontas nó leis na húdaráis inniúla de chuid earnáil foraoiseachta na Guáine, le húdarás ceadúnúcháin dá cuid nó aon duine a bhfuil an fhreagracht acu dlíthiúlacht an táirgthe adhmaid a fhíorú, ná le haon oibreoir atá i mbun gníomhaíocht tráchtálacha in earnáil foraoiseachta na Guáine.

4.    Oibreoidh an tIniúchóir Neamhspleách i gcomhréir le struchtúr bainistíochta doiciméadaithe, agus le beartais, modhanna agus nósanna imeachta foilsithe a chomhfhreagraíonn do na dea-chleachtais a aithnítear go hidirnáisiúnta.

5.    Tarchuirfidh an tIniúchóir Neamhspleách aon ghearáin a ardaítear le linn a oibre chuig an gComhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 20.


6.    Cuirfidh an tIniúchóir Neamhspleách a bharúlacha faoi bhráid na bPáirtithe i bhfoirm tuarascálacha, i gcomhréir leis an lámhleabhar nósanna imeachta a dtugtar tuairisc air in Iarscríbhinn VI. Foilseofar na tuarascálacha ón Iniúchóir Neamhspleách i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

7.    Déanfaidh na Páirtithe éascaíocht, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena mbeartais náisiúnta éagsúla féin a bhaineann le cosaint sonraí agus le rúndacht faisnéise, dobair an Iniúchóra Neamhspleách, agus á dhéanamh sin dóibh áiritheoidh siad go háirithe:

   go mbeidh rochtain aige ar na doiciméid, ar an bhfaisnéis agus na hábhair eile is gá chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh;

   go mbeidh sé in ann doiciméid, faisnéis agus ábhair eile a bhfuil gá leo a thaifeadadh agus dúblaigh a dhéanamh díobh.

AIRTEAGAL 12

Neamhrialtachtaí

Cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas i scríbhinn faoi, i gcomhréir le hAirteagal 22, má tá amhras réasúnta acu nó má tá fianaise ann go bhfuil dul timpeall déanta ar scéim ceadúnúcháin FLEGT, lena n‑áirítear na nithe seo a leanas, ach gan bheith teoranta dóibh:

(a)    dul timpeall ar an trádáil, lena náirítear trádáil ón nGuáin chuig an Aontas a atreorú trí thríú tír, i gcás ina bhfuil cúis ann a chreidiúint go ndearnadh an dul timpeall sin chun ceanglais ceadúnúcháin a sheachaint;


(b)    ceadúnais FLEGT le haghaidh táirgí adhmaid ina bhfuil adhmad ó thríú tíortha a bhfuil amhras ann gur táirgeadh an tadhmad go neamhdhleathach ann;

(c)    calaois le linn ceadúnais FLEGT a fháil nó a úsáid.

AIRTEAGAL 13

Dáta feidhme scéim ceadúnúcháin FLEGT

1.    Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile tríd an gComhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 20 faoi nuair a mheasann siad go bhfuil gach ullmhúcháin is gá curtha i gcrích acu chun scéim lánoibríochtúil a dhéanamh de scéim ceadúnúcháin FLEGT.

2.    Coimisiúnóidh na Páirtithe, tríd an gComhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe, measúnú neamhspleách ar cheadúnúchán FLEGT. Trí bhíthin an mheasúnaithe, cinnfear cé acu a chomhlíonann CGDDA a fheidhmeanna ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII nó nach gcomhlíonann, agus cé acu atá córais ar bun san Aontas chun ceadúnais FLEGT a fháil, a fhíorú agus chun glacadh leo, nó nach bhfuil.

3.    Déanfaidh an Comhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, a mholadh go gcuirfí tús le scéim ceadúnúcháin FLEGT nó nach gcuirfí.


4.    Ar bhonn moladh ón gComhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe go gcuirfí tús leis an scéim ceadúnúcháin FLEGT, tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile maidir le dáta a gcuirfear tús le hoibriú na scéime ceadúnúcháin FLEGT.

5.    Ar bhonn moladh ón gComhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe nach gcuirfí tús leis an scéim ceadúnúcháin FLEGT, tiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú le chéile tríd an gComhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe maidir leis na bearta is gá chun tús a chur leis an scéim.

AIRTEAGAL 14

Sceideal cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo

Forbróidh an Comhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe, dá dtagraítear in Airteagal 20, sceideal le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus déanfaidh sé meastóireacht ar dhul chun cinn an chur chun feidhme maidir leis an sceideal sin.

AIRTEAGAL 15

Bearta tacaíochta

1.    Tá na Páirtithe tar éis réimsí a aithint, réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn VII, ina bhfuil gá le hacmhainní teicniúla agus airgeadais breise chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme.


2.    Beidh soláthar na nacmhainní dá dtagraítear i mír 1 faoi réir na ngnáthnósanna imeachta, san Aontas agus sna Bhallstáit, um chúnamh a chlársceidealú don Ghuáin agus faoi réir nósanna imeachta buiséadacha na Guáine.

3.    Áiritheoidh an Ghuáin go gcuirfear neartú ar an gcumas atá aici an Comhaontú seo a chur chun feidhme san áireamh sna hionstraimí náisiúnta pleanála atá aici, amhail straitéisí um laghdú bochtaineachta agus buiséid.

4.    Áiritheoidh na Páirtithe go ndéanfar gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo a chomhordú le tionscnaimh forbartha ábhartha atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo, amhail iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí chun astaíochtaí ón dífhoraoisiú agus ó dhíghrádú foraoise a laghdú, leis an ról atá ag an gcaomhantas agus ag bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus le stoic charbóin na bhforaoisí i dtíortha i mbéal forbartha a fheabhsú.

AIRTEAGAL 16

Rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe seo

1.    Áiritheoidh an Ghuáin go ndéanfar an Comhaontú seo a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach rannpháirteach in éineacht le gach páirtí leasmhar ábhartha, agus go ndéanfar faireachán ar an gComhaontú ar an dóigh chéanna, trína hinstitiúidí féin gan beann ar inscne, aois, suíomh, reiligiún nó creideamh, bunadh eitneach, cine, teanga, míchumas ná aon ghné eile, lena náirítear iad siúd ón earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus pobail dhúchasacha agus áitiúla, chomh maith le pobail eile atá spleách ar fhoraoisí.


2.    Áiritheoidh an Ghuáin go mbeidh an Mheitheal Cur chun Feidhme Náisiúnta (NIWG) i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus go mbeidh ionadaithe ó na gníomhaireachtaí rialtais ábhartha agus ó na páirtithe leasmhara ábhartha ar an Meitheal sin.

3.    Rachaidh an Ghuáin i mbun comhairliúcháin thráthrialta maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo le gach páirtí leasmhara ábhartha, gan beann ar inscne, aois, suíomh, reiligiún nó creideamh, bunadh eitneach, cine, teanga, míchumas ná aon ghné eile, lena náirítear iad siúd ón earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus pobail dhúchasacha agus áitiúla, chomh maith le pobail eile atá spleách ar fhoraoisí. Ina thaobh sin, déanfaidh an Ghuáin straitéisí, módúlachtaí agus cláir a fhorbairt agus a úsáid chun dul i mbun comhairliúcháin fhiúntacha lena bpáirtithe leasmhara.

4.    Reáchtálfaidh an tAontas comhairliúcháin thráthrialta lena pháirtithe leasmhara faoi chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, agus a chuid oibleagáidí faoi Choinbhinsiún 1998 maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus) á gcur san áireamh.

AIRTEAGAL 17

Coimircí sóisialta

1.    Aontaíonn na Páirtithe leis go ndéanfaidh siad measúnú go tráthrialta ar thionchar an Chomhaontaithe seo chun laghdú an oiread agus is féidir ar éifeachtaí díobhálacha ab fhéidir a dimreofaí ar pháirtithe leasmhara laistigh agus lasmuigh dearnáil na foraoiseachta, gan beann ar inscne, aois, suíomh, reiligiún nó creideamh, bunadh eitneach, cine, teanga, míchumas ná aon ghné eile.


2.    Déanfaidh na Páirtithe faireachán ar thionchar an Chomhaontaithe seo ar pháirtithe leasmhara agus déanfaidh siad bearta réasúnta iomchuí chun aon éifeachtaí díobhálacha a mhaolú agus i cas inar gá tiocfaidh siad ar chomhaontú le chéile maidir le bearta breise chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí díobhálacha sin.

AIRTEAGAL 18

Iarrachtaí chun comhaontuithe eile a chur chun feidhme nó a dhaingniú

Athdhearbhaíonn na Páirtithe go bhfuil siad tiomanta do chomhaontuithe, conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus réigiúnacha a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n‑áirítear comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha, comhaontuithe maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide, conarthaí maidir le cearta an duine agus cearta pobal dúchasach, agus comhaontaithe maidir leis an obair agus an trádáil. Déanfaidh na Páirtithe iarrachtaí leanúnacha marthanacha i dtreo comhaontuithe, conarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta agus réigiúnacha a dhaingniú agus a chur chun feidhme tuilleadh.

AIRTEAGAL 19

Dreasachtaí margaidh

Agus an Comhaontú seo agus oibleagáidí ábhartha idirnáisiúnta eile á gcur san áireamh, féachfaidh an tAontas le rochtain fhabhrach ar a mhargadh a chur chun cinn i gcás táirgí adhmaid a chumhdaítear leis an gComhaontú seo. Áireofar sna hiarrachtaí sin:

(a)    beartais um sholáthar poiblí agus príobháideach a spreagadh ar beartais iad a thugann aitheantas ar iarrachtaí chun soláthar táirgí adhmaid a tháirgtear go dleathach a áirithiú; agus


(b)    tuiscint níos fabhraí ar tháirgí a bhfuil ceadúnas FLEGT acu i margadh an Aontais.

AIRTEAGAL 20

Comhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe

1.    Bunóidh na Páirtithe, laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, Comhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (dá ngairtear ʻCFAA anseo feasta) chun bainistíocht, faireachán agus athbhreithniú ar an gComhaontú seo a éascú, lena náirítear bainistiú an iniúchta neamhspleách. Éascóidh CFAA idirphlé agus malartuithe faisnéise idir na Páirtithe.

2.    Ceapfaidh gach Páirtí a chuid ionadaithe do CFAA agus déanfar cinntí sa Choiste sin de chomhthoil. Beidh beirt dá chomhaltaí ina gcomhchathaoirligh ar CFAA, duine acu sin arna ainmniú ag an nGuáin agus an duine eile arna ainmniú ag an Aontas.

3.    Bunóidh CFAA a chuid rialacha nós imeachta féin.

4.    Tiocfaidh CFAA le chéile ar a laghad dhá uair sa bhliain ar dhátaí agus in ionad a bheidh comhaontaithe ag an dá Pháirtí.


5.    Áiritheoidh CFAA go mbeidh a chuid oibre trédhearcach agus go gcuirfear faisnéis ábhartha faoina chuid oibre agus cinntí ar fáil go poiblí.

6.    Foilseoidh CFAA tuarascáil bliantúil i gcomhréir leis na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn X.

7.    Tugtar tuairisc ar fheidhmeanna sonracha CFAA in Iarscríbhinn IX.

AIRTEAGAL 21

Tuairisciú agus nochtadh poiblí faisnéise

1.    Tá an rochtain phoiblí ar fhaisnéis riachtanach chun rialú a fheabhsú agus, mar sin, beidh soláthar faisnéise ábhartha do pháirtithe leasmhara lárnach maidir leis an gComhaontú seo. Cuirfear faisnéis ar fáil don phobal chun cur chun feidhme na gcóras, agus faireachán ar na córais, a éascú, agus mar sin, chun muinín páirtithe leasmhara agus tomhaltóirí a fheabhsú chomh maith le cuntasacht na bPáirtithe a áirithiú. Is in Iarscríbhinn IX a leagtar amach mionsonraithe na faisnéise a bheidh le foilsiú.

2.    Cuirfidh gach Páirtí san áireamh na sásraí is iomchuí, ar a náirítear inter alia meáin, doiciméid, an tIdirlíon, ceardlanna, tuarascálacha bliantúla, chun an fhaisnéis a luaitear i mír 1 a scaipeadh ar an bpobal. Go háirithe, ba cheart do na Páirtithe féachaint le faisnéis ábhartha cothrom le dáta ar féidir brath uirthi a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara éagsúla a bhfuil baint acu le hearnáil na foraoiseachta tríd na sásraí cur chun feidhme dá bhforáiltear in Iarscríbhinn IX a úsáid.


AIRTEAGAL 22

Cumarsáid maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo

1.    Is iad na daoine seo a leanas a bheidh ina nionadaithe ó na Páirtithe ar a bhfuil freagracht as teachtaireachtaí oifigiúla a bhaineann le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo:

   Ar son (a) na Guáine: an tAire ar a bhfuil an fhreagracht maidir le hAirgeadas;

   Ar son (b) an Aontais: Ceann Thoscaireacht an Aontais sa Ghuáin.

2.    Cuirfidh na Páirtithe an fhaisnéis is gá chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme in iúl dá chéile go tráthúil, lena náirítear athruithe maidir leis na hionadaithe dá dtagraítear i mír 1.

AIRTEAGAL 23

Faisnéis rúnda

Geallann gach Páirtí féachaint leis, laistigh de theorannacha a dhlí féin, gan faisnéis rúnda a mhalartófar faoin gComhaontú seo a nochtadh. Ní nochtfaidh ceachtar Páirtí rúin trádála ná faisnéis tráchtála rúnda a mhalartófar faoin gComhaontú seo don phobal.


AIRTEAGAL 24

Cur i bhfeidhm críochach

Beidh feidhm ag an gComhaontú seo maidir leis na críocha ina gcuirtear an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Chonradh sin, de pháirt, agus maidir leis an nGuáin den pháirt eile.

AIRTEAGAL 25

Comhairliúcháin agus idirghabháil

1.    Féachfaidh na Páirtithe i gcónaí le teacht ar chomhaontú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, agus féachfaidh siad i gcónaí le haon díospóid a réiteach trí dhul, i dtús báire, i mbun comhairliúchán agus idirghabhála de mheon macánta agus é daidhm acu teacht ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach.

2.    Aon Pháirtí ar mian leis dul i mbun comhairliúchán, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Pháirtí eile agus do CFAA, agus mar chuid de sin déanfaidh sé an tábhar a shainaithint agus déanfaidh sé argóintí achoimre ag tacú leis an iarraidh.


3.    Cuirfear tús leis na comhairliúcháin laistigh de 40 lá agus measfar iad a bheith tugtha chun críche faoi 90 lá ó dháta déanta na hiarrata, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Dainneoin na gcomhairliúchán sin, féadfaidh ceachtar Páirtí, i gcás ábhair phráinneacha, comhairliúcháin a thionscnamh laistigh de 15 lá. Tabharfar na comhairliúcháin sin chun críche laistigh de 30 lá ó dháta déanta na hiarrata, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt.

4.    Mura dtiocfar ar réiteach comhaontaithe ar bhonn frithpháirteach trí na comhairliúcháin, féadfaidh an dá Pháirtí aontú leis go niarrfaidís dul ar iontaoibh idirghabhálaí. Mar sin féin, féadfaidh ceachtar páirtí an díospóid a chur chun eadrána gan dul ar iontaoibh idirghabhála.

5.    Déanfaidh na Páirtithe, ar bhonn comhpháirteach, idirghabhálaí a roghnú laistigh de 15 lá ón dáta ar comhaontaíodh idirghabháil a iarraidh. Glacfaidh an tidirghabhálaí aighneachtaí ón dá Pháirtí agus comórfaidh sé cruinniú idirghabhála. Mura gcomhaontóidh an dá Pháirtí a mhalairt, tabharfaidh an tidirghabhálaí fógra maille le tuairim maidir le conas an díospóid a réiteach i gcomhréir le forálacha an Chomhaontaithe seo agus tabharfaidh sé an fógra sin tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis a roghnaithe.

6.    Tuairim neamhcheangailteach is ea tuairim an idirghabhálaí.


AIRTEAGAL 26

Eadráin

1.    I gcás inar theip ar na Páirtithe an díospóid a réiteach trí dhul ar iontaoibh comhairliúchán agus idirghabháil mar a fhoráiltear in Airteagal 25, déanann ceachtar Páirtí a iarraidh go mbunófaí painéal eadrána agus déanann sé sin trí fhógra a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile agus do Bhiúró Idirnáisiúnta na BuanChúirte Eadrána (PCA). Déanfar na bearta sonracha atá i gceist a shainaithint san iarraidh, agus míneofar ann an chaoi a bhfuil na bearta sin ag sárú fhorálacha an Chomhaontaithe seo.

2.    Triúr eadránaithe a bheidh ar an bpainéal eadrána agus iad arna gceapadh i gcomhréir le rialacha eadrána PCA, 2012.

3.    Beidh an rialú a thabharfaidh an painéal eadrána ina cheangal ar na Páirtithe agus déanfaidh na Páirtithe cibé beart is gá chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh de mheon macánta.

4.    Cuirfidh na Páirtithe a chéile agus CFAA ar an eolas faoi na bearta atá déanta acu chun an rialú ón bpainéal eadrána a chomhlíonadh. Déanfaidh CFAA athbhreithniú ar bhearta arna nglacadh ag na páirtithe chun an rialú a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, molfaidh sé bearta breise nó bearta ceartaitheacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán an rialú ón bpainéal eadrána. Féadfaidh ceachtar Páirtí a iarraidh ar an bpainéal eadrána rialú a dhéanamh maidir le comhlíonadh an rialaithe bunaidh.

5.    Bunóidh CFAA na nósanna imeachta oibre um eadráin.


AIRTEAGAL 27

Leasuithe

1.    Aon cheann den dá Pháirtí ar mhian leis an Comhaontú seo a leasú, cuirfidh sé togra faoi bhráid an Pháirtí eile ar a laghad aon mhí amháin (1 mhí) roimh an gcéad chruinniú eile de CFAA. Pléifidh CFAA an togra agus, i gcás ina dtiocfar ar chomhthoil, déanfaidh sé moladh maidir leis an moladh beartaithe. Déanfaidh gach Páirtí an moladh a mheas agus, i gcás ina dtiocfaidh siad ar chomhaontú, formheasfaidh sé an moladh i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla féin.

2.    Maidir le haon leasú a dfhormheas an dá Pháirtí i gcomhréir le mír 1, tiocfaidh sé sin i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad i gcrích na nósanna imeachta ba ghá chun na críche seo.

3.    Féadfaidh CFAA leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a ghlacadh.

4.    Cuirfear fógra faoi aon leasú chuig na gcomhthaisclanna le haghaidh an Chomhaontaithe seo.


AIRTEAGAL 28

Cur ar fionraí

1.    Páirtí ar mhian leis an Comhaontú seo a chur ar fionraí, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don Pháirtí eile go bhfuil sin ar intinn aige agus pléifidh na Páirtithe an tábhar le chéile ina dhiaidh sin, laistigh daon mhí amháin (1 mhí) ón uair a gheofar an fógra sin.

2.    Féadfaidh ceachtar Páirtí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a chur ar fionraí i gcás ina ndearna an Páirtí eile sárú ábhartha ar an gComhaontú.

3.    Tabharfar fógra i scríbhinn faoin gcinneadh maidir le cur ar fionraí agus faoi na cúiseanna ina leith sin don Pháirtí eile.

4.    Ní bheidh feidhm a thuilleadh ag coinníollacha an Chomhaontaithe seo tríocha (30) lá féilire ó thabharfar an fógra dá dtagraítear sa tríú fomhír.

5.    Atosófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo 30 lá féilire tar éis don Pháirtí a chur a iarratas féin ar fionraí an Páirtí eile a chur ar an eolas nach bhfuil bunús a thuilleadh leis na cúiseanna a bhain leis an gcur ar fionraí.


AIRTEAGAL 29

Foirceannadh

Féadfaidh ceachtar Páirtí fógra faoina bhfuil ar intinn aige a thabhairt i scríbhinn don Pháirtí eile agus pléifidh CFAA an t‑ábhar ina dhiaidh sin.

Scoirfidh an Comhaontú seo d’fheidhm a bheith aige dhá mhí dhéag (12 mhí) tar éis dáta an fhógra sin.

AIRTEAGAL 30

Fad ama

1.    Beidh feidhm ag an gComhaontú seo go ceann tréimhse deich mbliana (10 mbliana) ach amháin má dhéanann na Páirtithe é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, i gcomhréir le hAirteagal 28 nó 29 faoi seach.

2.    Cuirfear síneadh uathoibríoch leis an gComhaontú go ceann tréimhsí cúig bliana (5 bliana) as a chéile, ach amháin má thréigeann Páirtí an síneadh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Pháirtí eile dhá mhí dhéag (12 mhí) ar a laghad roimh dhul in éag an Chomhaontaithe seo.


AIRTEAGAL 31

Iarscríbhinní

Is cuid dhílis den Chomhaontú seo iad na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

AIRTEAGAL 32

Téacsanna barántúla

Tarraingeofar an Comhaontú seo suas i ndúblach sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis,Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin. I gcás ina mbeidh éagsúlacht sa léirmhíniú, is ag an téacs Béarla a bheidh an forlámhas.

AIRTEAGAL 33

Teacht i bhfeidhm

1.    Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad a nósanna imeachta féin ba ghá chun na críche sin i gcrích.


2.    Cuirfear an fógra dá dtagraítear i mír 1 chuig an Aire de chuid na Guáine atá freagrach as airgeadas agus chuig Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus beidh siadsan beirt ina gcomhthaisclanna don Chomhaontú seo.

Á FHIANÚ SIN, chuir na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige sin, a lámh leis an gComhaontú seo.

ARNA DHÉANAMH i …,

Thar ceann Chomharphoblacht na Guáine    Thar ceann an Aontais Eorpaigh

IARSCRÍBHINNÍ

1.    Iarscríbhinn I: Cumhdach táirgí: na cóid chomhchuibhithe tráchtearraí le haghaidh táirgí adhmaid a chumhdaítear faoi scéim ceadúnúcháin FLEGT

2.    Iarscríbhinn II: Sainmhíniú Dlíthiúlachta

3.    Iarscríbhinn III: Na coinníollacha a rialaíonn táirgí adhmaid arna nonnmhairiú ón nGuáin agus arna gcumhdach le ceadúnas FLEGT a scaoileadh i saorchúrsaíocht san Aontas

4.    Iarscríbhinn IV: Ceanglais agus sonraíochtaí teicniúla le haghaidh cheadúnais FLEGT

5.    Iarscríbhinn V: Córas na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA)

6.    Iarscríbhinn VI: Téarmaí tagartha le haghaidh na hiniúchóireachta neamhspleáiche ar CGDDA

7.    Iarscríbhinn VII: Bearta tacaíochta agus sásraí maoiniúcháin

8.    Iarscríbhinn VIII: Critéir maidir le measúnú a dhéanamh ar oibríochtúlacht Chóras na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA)

9.    Iarscríbhinn IX: Rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoi scéim ceadúnúcháin FLEGT

10.    Iarscríbhinn X: Comhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe



IARSCRÍBHINN I

CUMHDACH TÁIRGÍ:
NA CÓID CHOMHCHUIBHITHE TRÁCHTEARRAÍ LE hAGHAIDH TÁIRGÍ ADHMAID

A CHUMHDAÍTEAR FAOI SCÉIM CEADÚNÚCHÁIN FLEGT

Is tagairt é an liosta a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo don Chóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí a bunaíodh leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí de chuid na hEagraíochta Domhanda Custaim.

Cóid CC

Tuairisc

4403

Adhmad neamhchóirithe, bíodh coirt nó sú-adhmad air nó bainte de nó ná bíodh, nó bíodh sé cearnaithe go garbh nó ná bíodh.

4404

Adhmad fonsa; poil scoilte; pílí, cuaillí agus stácaí adhmaid, a bhfuil pointe orthu

ach nach bhfuil sáfa ar a bhfad; bataí adhmaid, iad garbh‑bhearrtha, ach gan iad deilte, lúbtha ná oibrithe ar aon bhealach eile, atá oiriúnach chun maidí siúil, scáthanna fearthainne, cosa uirlisí nó a leithéidí a mhonarú; slisadhmad agus a leithéid.

4406

Trasnáin iarnróid nó trambhealaí (trascheangail) as adhmad.

4407

Adhmad sáfa nó scealptha ar a fhad, sliseáilte nó scafa, bíodh sé plánáilte, greanáilte nó ceannsiúntáilte, nó ná bíodh, is mó ná 6 mm ar tiús.

4408

Leatháin le haghaidh veiníriú (lena n‑áirítear leatháin a fhaightear trí adhmad lannaithe a shliseadh), le haghaidh sraithadhmaid nó le haghaidh adhmad lannaithe comhchosúil agus adhmad eile, sáfa ar a fhad, sliste nó scafa, bíodh sé plánáilte nó ná bíodh, greanáilte, scarshiúntaithe nó ceannsiúntáilte, is mó ná 6 mm ar tiús.

4409

Adhmad (lena n‑áirítear stiallacha agus fríosanna d’urlár iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe go leanúnach (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte,V-siúntáilte, feirbthe,múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh aon cheann dá imill, dá chinn nó dá éadain, bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte nó ná bíodh.

4412

Sraithadhmad, painéil veinírithe agus adhmad lannaithe comhchosúil eile.

4418

Siúinéireacht agus cearpantóireacht adhmaid na dtógálaí, lena n‑áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil urláir chóimeáilte, slinnte agus fabhtanna.

_______________



IARSCRÍBHINN II

SAINMHÍNIÚ DLÍTHIÚLACHTA

1.    An liosta acrainmneacha

2.    Réamhrá

3.    Sainmhíniú ar théarmaí

4.    Maitrísí dlíthiúlachta

4.1    Maitrís dlíthiúlachta A chun go mbeidh OEF in ann oibríochtaí foraoise a dhéanamh go dleathach

4.2    Maitrís dlíthiúlachta B le haghaidh údarú foraoise Stáit (lamháltas mór)

4.3    Maitrís dlíthiúlachta C le haghaidh údarú foraoise Stáit (lamháltas beag)

4.4    Maitrís dlíthiúlachta D le haghaidh Sráidbhaile Meir-Indiach


4.5    Maitrís dlíthiúlachta E le haghaidh talamh príobháideach

4.6    Maitrís dlíthiúlachta F le haghaidh táirgí adhmaid a tarrtháladh ó thalamh Stáit atá á athrú

4.7    Maitrís dhlíthiúlachta G le haghaidh táirgí adhmaid urghafa

4.8    Maitrís dlíthiúlachta H chun táirgí adhmaid a phróiseáil agus a dhíol

4.9    Maitrís dlíthiúlachta I chun táirgí adhmaid a onnmhairiú agus a allmhairiú

5.    Gluais

6.    Foscríbhinn: Tagairtí dlíthiúla is infheidhme


1.
   An liosta acrainmneacha

POB    Plean oibríochtaí bliantúil

EPA    An Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil

AE    An tAontas Eorpach

CLF    Comhaontú lamháltais foraoise

RA    An Rannán Airgeadais

FLEGT    Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí

PBF    Plean bainistithe foraoise

RFF    An Rannán um Fhaireachán ar Fhoraoisí

RBAF    An Rannán um Bainistiú Acmhainní Foraoisí

OEF    Oibreoir earnála foraoiseachta


CFG
   Coimisiún Foraoiseachta na Guáine

CCMG    Coimisiún Geolaíochta agus Mianach na Guáine

CTSG    Coimisiún Talún agus Suirbhéanna na Guáine

ÚI    An tÚdarás Ioncaim

CGDDA    Córas na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid

LD    Sainmhíniú Dlíthiúlachta

BCBF    Bunachar na gcóras faisnéise bainistíochta

ACS    An aireacht ar a bhfuil an fhreagracht maidir le Cosaint Shóisialta

AGMI    An aireacht ar a bhfuil an fhreagracht maidir le Gnóthaí Meir-Indiacha

AOP    An aireacht ar a bhfuil an fhreagracht maidir le hOibreacha Poiblí

INTLT    An Institiúid Náisiúnta um Thaighde agus Leathnú na Talmhaíochta


BÁN
   An Bord Árachais Náisiúnta

MTN    An Mheitheal Theicniúil Náisiúnta

TCP    Trealamh cosanta pearsanta

ÚFS    Údarú foraoise Stáit

CS    Comhairle Sráidbhaile

CCS    Comhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí

CRA    Córas um Rianú Adhmaid


2.
   Réamhrá

Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an Sainmhíniú Dlíthiúlachta (SD) ar ʻadhmad dleathach’ is infheidhme maidir leis an gComhaontú seo. Féadfar an Sainmhíniú Dlíthiúlachta a thabhairt cothrom le dáta, de réir mar is gá agus nuair is gá, le linn chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus i gcomhréir le forálacha Airteagal 27 den Chomhaontú.

Tá an Sainmhíniú Dlíthiúlachta ina chuid dhílis de Chóras na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA) dá dtagraítear in Iarscríbhinn V.

Tá an Sainmhíniú Dlíthiúlachta bunaithe ar an gcreat náisiúnta dlíthiúil agus rialála ábhartha atá i bhfeidhm agus leagtar amach na prionsabail, na critéir, na táscairí agus na fíoraitheoirí is gá chun comhlíonadh an chreata sin a chruthú.

Áirítear freisin sa Sainmhíniú Dlíthiúlachta tagairtí dlíthiúla breise atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus maidir le feidhmiú foriomlán CGDDA. Tá na tagairtí sin agus na dlíthe agus na rialacháin eile is infheidhme i bhFoscríbhinn na hIarscríbhinne seo. Tá feidhm ag an Sainmhíniú Dlíthiúlachta maidir le hoibreoirí in earnáil na foraoiseachta uile (OEFanna) ar fud na tíre agus maidir leis na táirgí adhmaid uile a liostaítear in Iarscríbhinn I agus cumhdaítear leis an trádáil intíre agus idirnáisiúnta.


Forbraíodh an Sainmhíniú Dlíthiúlachta trí phróiseas rannpháirteach ilpháirtithe leasmhara, arna chomhordú ag an Meitheal Náisiúnta Theicniúil (MTN), inar ghlac formhór na bpáirtithe leasmhara tábhachtacha in earnáil foraoiseachta na Guáine agus grúpaí leasmhara eile páirt. Eagraíodh roinnt ceardlann ar fud na tíre le linn fhorbairt an tSainmhínithe Dlíthiúlachta, ar cuireadh faisnéis faoin bpróiseas maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí (CCS) ar fáil do na páirtithe leasmhara tábhachtacha lena linn. Chuathas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara freisin agus iarraidh formheas uathu maidir le mionsonraí ghnéithe éagsúla an tSainmhínithe Dlíthiúlachta.

Áiríodh sna páirtithe leasmhara spriocdhírithe lománaithe, oibrithe muilinn sábhadóireachta, monaróirí, déileálaithe adhmaid, onnmhaireoirí adhmaid, allmhaireoirí adhmaid, iompróirí, gníomhairí custaim, chomh maith le hionadaithe ó chomhlachais lománaíochta, Sráidbhailte agus pobail Mheir-Indiacha, eagraíochtaí neamhrialtasacha, lena n‑áirítear eagraíochtaí dúchasacha, agus Aireachtaí agus.nó Gníomhaireachtaí Rialtais.


Struchtúr agus ábhar mhaitrís an tSainmhínithe Dlíthiúlachta

Roinntear an Sainmhíniú Dlíthiúlachta i naoi maitrís a bhfuil baint acu le cineálacha éagsúla oibríochta. Áirítear i ngach maitrís tacar prionsabal lena sainaithnítear na príomhoibleagáidí dlíthiúla ag a bhfuil critéir chomhfhreagracha lena dtugtar mionsonrú ar na ceanglais dhlíthiúla lena n‑áirítear comhlíonadh gach prionsabal. Tá táscairí san áireamh i ngach critéar atá ag comhfhreagairt do na bearta lena gcomhlíontar an critéar. Chomh maith leis sin, cuireann fíoraitheoirí fianaise ar fáil lena gcruthaítear comhlíonadh gach táscaire agus is é an creat dlíthiúil náisiúnta (tagairtí dlíthiúla), lena bhforordaítear na ceanglais dlíthiúla agus na ceanglais nós imeachta a chaithfear a chomhlíonadh chun an fíoraitheoir a ghnóthú, atá mar bhonn taca leo.

Má chomhlíonann OEF na táscairí léiríonn sé sin go gcomhlíonann sé an Sainmhíniú Dlíthiúlachta. Is iad na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais an ghníomhaireacht atá freagrach sna maitrísí thíos a dhéanfaidh an fíorú an bhfuil táscairí an tSainmhínithe Dlíthiúlachta á chomhlíonadh ag an OEF.

Gabhann fíoraitheoirí le gach táscaire. Tá dhá chineál fíoraitheoirí ann:

Is Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais a eisíonn fíoraitheoirí áirithe i gcomhréir lena gcuid nósanna imeachta inmheánacha agus seiceálacha inmheánacha le haghaidh a n‑eisiúna. Sna cásanna sin, tá na táscairí comhlíonta ag an OEF nuair atá an fíoraitheoir bailí riachtanach aige.



Eisíonn Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais fíoraitheoirí eile mar chuid dá sainordú ach trí chigireachtaí rialta a dhéanamh ar oibríochtaí na OEFanna. Is iad na tuarascálacha cigireachta a eisítear mar thoradh ar na cigireachtaí sin na fíoraitheoirí.  Sna cásanna sin, déanann na táscairí cur síos ar na ceanglais nach mór don OEF a chomhlíonadh. Déantar measúnú ar chomhlíonadh tríd an gcigireacht agus tá toradh an mheasúnaithe sa tuarascáil chigireachta.

Chun cur chun feidhme Lámhleabhar CGDDA um Nósanna Imeachta le haghaidh fíorú a éascú a thuilleadh, lámhleabhar a ullmhófar le linn chéim forbartha CGDDA, déantar idirdhealú idir fíoraitheoirí statacha agus fíoraitheoirí dinimiciúla:

Tacaíonn fíoraitheoirí statacha le comhlíonadh dlíthiúil a léiriú maidir le critéir an Sainmhíniú Dlíthiúlachta nach mbaineann go díreach le hiompar adhmaid tríd an slabhra soláthair agus/nó oibríochtaí fadtéarmacha na OEFanna lena mbaineann. Eisítear uair amháin nó ar bhonn tréimhsiúil iad agus beidh siad bailí ar feadh na tréimhse sin. Déanfar fíoraitheoirí statacha a fhíorú le haghaidh tréimhse iomlán (saolré an lamháltais nó an tréimhse bhailíochta rialála).

Áirítear ar na fíoraitheoirí dinimiciúla fíoraitheoirí a bhaineann go díreach le táirgí adhmaid a iompar feadh an tslabhra soláthair laistigh den Ghuáin, agus fíoraitheoirí eile nach iad. Tá siad faoi réir na gceanglas is infheidhme ag gach pointí rialúcháin criticiúil sa slabhra soláthair. Eisítear fíoraitheoirí dinimiciúla le haghaidh lastas amháin agus níl siad bailí ach le haghaidh an lastais sin amháin, agus dá bhrí sin déantar faireachán agus seiceáil orthu ar bhonn rialta sa slabhra soláthair.


Liosta maitrísí ina mionsonraítear ceanglais gach OEF a bhfuil baint aige leis na cineálacha seo a leanas oibríochtaí:

Na cineálacha oibríochtaí

Uimhir na maitríse

Teideal

Na OEFanna uile

A

Maitrís dlíthiúla maidir le hoibríochtaí foraoise arna ndéanamh ag OEF

Lamháltas mór

B

Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh údarú foraoise Stáit (lamháltas mór)

Lamháltas beag

C

Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh údarú foraoise Stáit (lamháltas beag)

Sráidbhaile Meir-Indiach

D

Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh Sráidbhaile Meir-Indiach

Talamh príobháideach

E

Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh talamh príobháideach

Táirgí adhmaid a tarrtháladh ó thalamh Stáit atá á athrú

F

Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh táirgí adhmaid a tarrtháladh ó thalamh Stáit atá á athrú

OEFanna atá ag sárú Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

G

Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh táirgí adhmaid urghafa

Táirgí adhmaid a phróiseáil agus a dhíol

H

Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh táirgí adhmaid a phróiseáil agus a dhíol

Táirgí adhmaid a onnmhairiú agus a allmhairiú

I

Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh táirgí adhmaid a onnmhairiú agus a allmhairiú

Comhlíonfaidh gach catagóir OEF na ceanglais ábhartha a leagtar amach i maitrís dlíthiúlachta A chun go mbeidh OEF in ann oibríochtaí foraoisí a dhéanamh go dleathach, agus sna maitrísí eile a chumhdaíonn a gcuid oibríochtaí. I gcás urghabháil de bharr sáruithe féideartha ar Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, ní mór don OEF na ceanglais ábhartha a chomhlíonadh a leagtar amach i maitrís dlíthiúlachta G le haghaidh táirgí adhmaid urghafa.


3.    Sainmhíniú ar théarmaí

Is duine nádúrtha nó comhlacht corpraithe é OEF atá cláraithe le Coimisiún Foraoiseachta na Guáine agus atá formheasta acu chun oibríocht(aí) foraoiseachta a dhéanamh.

Féadfar an duine nádúrtha nó comhlacht corpraithe a shainmhíniú mar thrádálaí aonair nó mar thrádálaithe aonair, agus/nó féadfar a shainmhíniú gurb é atá iontu iad siúd atá cláraithe faoin Acht um Ainmneacha Gnólachtaí (Clárú), Caib. 90:05, faoin Acht um Chomhpháirtíocht, Caib. 89:02, faoin Acht na gCuideachtaí, Caib. 89:01, faoi Acht na gCara‑chumann, Caib. 36:04 nó faoi Acht na gComharchumann, Caib. 88:01.

Déantar OEFanna a chatagóiriú bunaithe ar an méid seo a leanas:

   Lamháltais mhóra – mar a shainmhínítear in alt 8 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, eadhon limistéar is mó ná 8097 heicteár.

Ní mór údarú foraoise Stáit arna dheonú ag CFG a bheith ag OEFanna na lamháltas mór. Is féidir leis na húdaruithe foraoise Stáit sin a bheith ina gcomhaontuithe lamháltais foraoise nó ina gceadanna taiscéalaíocha. Is féidir le comhaontuithe lamháltais foraoise a bheith ina gcomhaontuithe maidir le díolacháin adhmaid nó ina léasanna maidir le gearradh adhmaid, a dheonaítear ar feadh suas le 40 bliain nó faoi réir athnuachan coinníollach. Ní eisítear comhaontú lamháltais foraoise go dtí go mbíonn cead taiscéalaíoch faighte ag an OEF.


   Lamháltais bheaga – mar a shainmhínítear in alt 7 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, eadhon limistéar 8097 heicteár nó níos lú.

Ní mór go mbeadh údarú foraoise Stáit ag OEFanna na lamháltas beag, údarú a d’fhéadfadh a bheith ina chead foraoise Stáit nó ina chomhaontú pobail maidir le bainistíocht foraoisí. Eisíonn CFG na húdaruithe foraoise Stáit sin ar feadh suas le dhá bhliain, faoi réir athnuachan coinníollach.

   Sráidbhaile Meir-Indiach  In alt 2 dAcht na Meir-Indiach, Caib. 29:01, sainmhínítear Sráidbhaile nó Sráidbhaile Meir-Indiach mar ʻghrúpa de Mheir-Indiaigh atá ina gcónaí ar thailte an tSráidbhaile nó atá ag baint úsáide as tailte an tSráidbhaile agus sainmhínítear tailte an tSráidbhaile mar ʻthailte ar le Sráidbhaile le chéile iad faoi theideal a deonaíodh do Chomhairle Sráidbhaile chun iad a choinneáil chun leasa an tSráidbhaile.

Tugtar deonú iomlánnó deimhniú teidil do Chomhairle Sráidbhaile chun úinéireacht talún a léiriú. Bíonn Sráidbhaile Meir-Indiach ina OEF nuair atá conradh déanta aige le CFG lománaíocht tráchtála a dhéanamh laistigh de theorainneacha an tSráidbhaile Mheir-Indiaigh.


   Tailte príobháideacha  – In Alt 2 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, sainmhínítear ʻtalamh príobháideach mar thalamh nach talamh poiblí ná talamh Sráidbhaile é.

Is faoi theideal cláraithe, aistriú, nó faoi dheonú iomlán, a bhíonn talamh príobháideach i seilbh dhlíthiúil ag duine aonair nó ag comhlacht corpraithe. Bíonn úinéir talún príobháideach ina OEF nuair atá conradh déanta aige le CFG chun lománaíocht tráchtála a dhéanamh laistigh de theorainneacha na talún príobháidí.

   Tailte Stáit atá á nathrú  Is féidir táirgí adhmaid a tharrtháil ó thailte Stáit atá formheasta ag na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais ábhartha chun iad a athrú go húsáid neamhfhoraoise talún faoi na húdaruithe seo a leanas:

a)    Ceadúnas nó cead mianadóireachta  Eisíonn Coimisiún Geolaíochta agus Mianach na Guáine ceadúnas nó cead mianadóireachta le haghaidh limistéar atá laistigh de thailte Stáit chun aon mhianra a chuardach, a bhaint, a thógáil nó a dhílsiú. Bíonn sealbhóir ceadúnais nó ceada mhianadóireachta ina OEF nuair atá sé údaraithe ag CFG dó táirgí adhmaid a tharrtháil laistigh de theorainneacha an limistéir sin.


b)    Léasanna  Is é Coimisiún Talún agus Suirbhéanna na Guáine a eisíonn léas le haghaidh limistéar atá laistigh de thailte Stáit chun críocha talmhaíochta nó gníomhaíochtaí eile. Bíonn sealbhóir léasa ina OEF nuair atá sé údaraithe ag CFG dó táirgí adhmaid a tharrtháil laistigh de theorainneacha an limistéir sin.

c)    Bonneagar (bóithre, stáisiún hidrileictreach, dambaí, etc.)  Is í Oifig an Uachtaráin a dheonaíonn formheas ar stáisiúin hidrileictreacha a thógáil agus is í an Aireacht Bonneagair Phoiblí a dheonaíonn údaruithe chun an obair bhonneagair uile eile a dhéanamh, bóithre agus droichid, mar shampla. Bíonn sealbhóir ar fhormheas bonneagair ina OEF nuair atá údarás tugtha ag CFG dó táirgí adhmaid a tharrtháil laistigh de theorainneacha an limistéir sin.

   Is é atá i gceist le tríú páirtí duine nádúrtha nó comhlacht corpraithe a bhfuil comhaontú dlíthiúil aige le OEF chun oibríochtaí foraoiseachta tráchtála a dhéanamh laistigh de theorainneacha an limistéir formheasta. Tá an OEF, atá cláraithe le CFG, freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann an tríú páirtí ceanglais an tSainmhínithe Dlíthiúlachta.

4.    Maitrísí dlíthiúlachta

4.1    Maitrís dlíthiúlachta A chun go mbeidh OEF in ann oibríochtaí foraoise a dhéanamh go dleathach

Prionsabal 1

Is duine nádúrtha dleathach nó comhlacht corpraithe dleathach é an duine nádúrtha nó an comhlacht corpraithe

Critéar 1.1

Tá sainiúlacht dhlítheanach ag an duine nádúrtha nó an eintiteas dlítheanach

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

A.1.1.1

(éigeantach) 3

Tá Uimhir Aitheantais Chánach ag an duine nádúrtha nó ag an gcomhlacht corpraithe.

Deimhniú bailí d’Uimhir Aitheantais Chánach (an tÚdarás Ioncaim)

Alt 60A den Acht Cánach Ioncaim, Caib. 81:01

Statach

A.1.1.2

Roghnach (sa bhreis ar A.1.1.1)

Tá ainm gnó ag an duine nádúrtha nó an gcomhlacht corpraithe, arb ainm é atá cláraithe faoin Acht um Ainmneacha Gnólachtaí (Clárú), Caib. 90:05.

Deimhniú clárúcháin (An tÚdarás um Ghníomhais agus Clárlanna Tráchtála)

Ailt 5 agus 13 den Acht um Ainmneacha Gnólachtaí (Clárú), Caib. 90:05, Ailt 3 agus 6 den Acht um Chomhpháirtíocht, Caib. 89:02

Statach

A.1.1.3

Roghnach (sa bhreis ar A.1.1.1)

I gcás cuideachta áitiúil: tá deimhniú corpraithe ag an gcomhlacht corpraithe

I gcás cuideachta choigríche: tá deimhniú clárúcháin ag an gcomhlacht corpraithe

(i)    Deimhniú corpraithe (cuideachta Áitiúil) (An tÚdarás um Ghníomhais agus Clárlanna Tráchtála)

(ii)    Deimhniú clárúcháin (cuideachta Choigríche) (An tÚdarás um Ghníomhais agus Clárlanna Tráchtála)

(i)    Alt 8 dAcht na gCuideachtaí, Caib. 89:01

(ii)    Alt 321 dAcht na gCuideachtaí, Caib. 89:01

Statach

A.1.1.4

Roghnach (sa bhreis ar A.1.1.1)

Tá an Chomhairle Sráidbhaile ceaptha go dleathach i gcomhréir le hAcht na Meir-Indiach, Caib. 29:01.

Dearbhú ar thorthaí na dtoghchán (An Aireacht um Ghnóthaí Meir-Indiacha)

Alt 72(13) d’Acht na Meir-Indiach, Caib. 29:01

Statach

A.1.1.5

Roghnach (sa bhreis ar A.1.1.1)

Tá Admháil Clárúcháin ag an gCara-chumann.

Admháil clárúcháin (Clárlann na gCara-chumann)

Alt 15 d’Acht na gCara-chumann, Caib. 36:04

Statach

A.1.1.6

Roghnach (sa bhreis ar A.1.1.1)

Tá Deimhniú Clárúcháin ag an gComharchumann.

Deimhniú clárúcháin (Coimisinéir na gComharchumann)

Ailt 7 agus 9 d’Acht na gComharchumann, Caib. 88:01

Statach



4.2    Maitrís dlíthiúlachta B le haghaidh údarú foraoise Stáit (lamháltas mór)

Prionsabal 1

Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF chun lománaíocht a dhéanamh agus urramaíonn sé cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

Critéar 1.1

Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF lománaíocht a dhéanamh

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

B.1.1.1

Tá litir formheasa ag an OEF maidir leis an lamháltas foraoise atá le sannadh.

Litir formheasa (CFG/an Rannán um Bainistiú Acmhainní Foraoisí (RBAF))

Ailt 6 agus 8 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid 4

Statach

B.1.1.2

Tá ceann amháin de na nithe seo a leanas i seilbh an OEF:

(i)    cead taiscéalaíoch bailí

(ii)    comhaontú lamháltais foraoise (CLF)

Tá ceann amháin de na fíoraitheoirí seo a leanas ag an OEF:

(i)    cead taiscéalaíoch (CFG/RBAF)

(ii)    CLF (CFG/RBAF)

(i)    Alt 9 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Rialacháin 4 agus 5 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018

(ii)    Ailt 6 agus 8 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Rialacháin 7, 8, 9 agus 11 de Rialacháin na bhForaoisí, 2018

Statach

B.1.1.3

Roghnach

Tá comhaontú cíosa tríú páirtí ag an OEF atá formheasta ag CFG lena gceadaítear lománaíocht agus/nó astarraingt laistigh de lamháltas an OEF.

Comhaontú cíosa tríú páirtí atá formheasta ag CFG (CFG/an Rannán um Fhaireachán ar Fhoraoisí (RFF))

Alt 16 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

Critéar 1.2

Urramaíonn an OEF cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

B.1.2.1

Déanann an OEF táirgí adhmaid a lománú laistigh de theorainneacha an lamháltais.

Tuarascáil chigireachta RFF (CFG/RFF)

Alt 6(2) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

B.1.2.2

Ní chuireann an OEF bac ar phobail Mheir-Indiacha a gcearta traidisiúnta a fheidhmiú.

Tuarascáil chigireachta RFF (CFG/RFF)

Alt 5(2)(e) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Ailt 55 agus 57 d’Acht na Meir-Indiach, Caib. 29:01, Rialacháin 8 an Chéad Sceideal Foirm B alt 4.3 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Rialacháin 4 an Chéad Sceideal Foirm A alt 8 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018

Statach

B.1.2.3

Ní chuireann an OEF bac ar ghrúpaí aonair a gcearta úsáide dlíthiúla a fheidhmiú.

Tuarascáil chigireachta RFF (CFG/RFF)

Alt 5(2) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Rialacháin 8 an Chéad Sceideal Foirm B alt 4.2 de na Rialachán maidir le Foraoisí 2018

Statach

Prionsabal 2

Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

Critéar 2.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais maidir le bainistíocht foraoisí, an comhshaol agus an Córas um Rianú Adhmaid (CRA)

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

B.2.1.1

Tá údarú comhshaoil ag an OEF.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    cead comhshaoil (an Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil (EPA))

(ii)    cead oibríochta (EPA)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Ailt 11, 12, 13, 15 agus Alt 21 (1) (b) den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil, Caib. 20:05, Rialacháin 18 agus 19 de na Rialacháin um Chaomhnú an Chomhshaoil (Údaruithe)

Statach

B.2.1.2

Comhlíonann an OEF an gearradh bliantúil incheadaithe agus/nó an gearradh uasta incheadaithe atá formheasta.

An tuarascáil bainistíochta (CFG/RFF)

Alt 6(2)(b) agus Alt 9(2)(b) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Mír 2.2.2. de Chód Cleachtais Uimh. 1 2018

Dinimiciúil

B.2.1.3

Comhlíonann an OEF ceanglais CRA.

Tuarascáil fíorúcháin CRA 5 (CFG/RFF)

Rialacháin 23, 24, 25, 26 agus 27 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil

B.2.1.4

Tá plean bainistithe foraoise (PBF) formheasta ag an OEF a mhaireann cúig bliana ar a laghad sa bhreis ar phlean oibríochtaí bliantúil (POB) don limistéar lamháltais.

An dá fhíoraitheoir seo a leanas:

(i)    PBF (GFC/RBAF)

(ii)    POB (CFG/RBAF)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Alt 8(2)(a) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Míreanna 2.2 agus 2.3 de Chód Cleachtais Uimh.1 2018, Na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (lamháltais mhóra)

Statach

B.2.1.5

Ní dhéanann an OEF aon speiceas teoranta ná aon speiceas faoi chosaint a lománú gan cead a fháil ó CFG.

Litir formheasa CFG (CFG/RFF)

Rialacháin 15 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Mír 4 (4.4.1 agus 4.4.2) de Chód Cleachtais Uimh. 1 2018

Dinimiciúil

Prionsabal 3

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Critéar 3.1

Comhlíonann an OEF na táillí, muirir agus tobhaigh riachtanacha

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

B.3.1.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais maidir le táillí, muirir agus tobhaigh bainistíochta.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    admhálacha maidir le sceidil íocaíochta (CFG/An Rannán Airgeadais (RA))

(ii)    admhálacha maidir le híocaíochtaí iomlána (CFG/RA)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Rialacháin 38, 40, 41 agus 53 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018

Dinimiciúil

B.3.1.2

Comhlíonann an OEF ceanglais chánach an sceidil cánach is infheidhme arna fhoilsiú ag an Údarás Ioncaim.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    deimhniú bailí ar an Uimhir Aitheantais Chánach (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos lú ná bliain amháin) (ÚI)

(ii)    admháil lóisteála (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos mó ná aon bhliain amháin) (ÚI)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Alt 4 den Acht Cánach Corparáide, Caib. 81:03, Alt 60A den Acht Cánach Ioncaim, Caib. 81:01

Statach

Critéar 3.2

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí maidir leis an dlí fostaíochta agus ceanglais slándála sóisialta

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

B.3.2.1

Tá deimhniú um chomhlíonadh ag an OEF.

Deimhniú um chomhlíonadh (an Bord Náisiúnta Árachais (BÁN))

Alt 16 den Acht um Árachas Náisiúnta agus Slándáil Sóisialta, Caib. 36:01,

Rialacháin 4, 5, 14, 15 agus 19 de na Rialacháin maidir le hÁrachas Náisiúnta agus Slándáil Shóisialta (Ranníocaíochtaí a Bhailiú)

Statach

B.3.2.2

Fostaíonn an OEF daoine atá níos sine ná an aois reachtúil ábhartha i gcomhréir leis na hoibríochtaí atá á ndéanamh.

Tuarascáil chigireachta (An Aireacht Saothair)(ACS)

Alt 41 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Ailt 2 agus 3 den Acht um Fhostú Daoine Óga agus Leanaí, Caib. 99:01

Statach

B.3.2.3

Íocann an OEF an t‑íosphá reachtúil nó níos mó ná sin lena fhostaithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Ailt 8 agus 11 den Acht Saothair, Caib. 98:01, Mír 4 agus an Sceideal a ghabhann leis an Ordú Náisiúnta Saothair (Íosphá), Uimh. 15 de 2016

Statach

B.3.2.4

Áirithíonn an OEF go bhfuil saoráidí garchabhrach ar fáil nó curtha san áireamh ag an ionad oibre.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 17 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009,

Alt 47 (1) (n) den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

B.3.2.5

Áirithíonn an OEF go dtugtar an trealamh cosanta pearsanta (TCP) is infheidhme do na hoibrithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 46 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Alt 17 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

B.3.2.6

Déanann an OEF na timpistí agus gortuithe uile ag an obair a thuairisciú agus a thaifead.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 69 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

B.3.2.7

Comhlíonann an OEF an reachtaíocht maidir leis an neamh‑idirdhealú.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 4(2) agus Alt 5 den Acht um Chosc ar Idirdhealú, Caib. 99:09

Statach


4.3    Maitrís dlíthiúlachta C le haghaidh údarú foraoise Stáit (lamháltas beag)

Prionsabal 1

Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF chun lománaíocht a dhéanamh agus urramaíonn sé cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

Critéar 1.1

Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF lománaíocht a dhéanamh

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

C.1.1.1

Tá litir formheasa ag an OEF maidir leis an lamháltas foraoise atá le sannadh.

Litir formheasa (CFG/RBAF)

Ailt 6 agus 7 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid 6

Statach

C.1.1.2

Tá CLF ag an OEF.

CLF (CFG/RBAF)

Ailt 6, 7, 11(3) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Rialacháin 7, 8, 9 agus 11 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018

Statach

C.1.1.3

Roghnach

Tá comhaontú cíosa tríú páirtí ag an OEF atá formheasta ag CFG lena gceadaítear lománaíocht agus/nó astarraingt laistigh de lamháltas an OEF.

Comhaontú cíosa tríú páirtí atá formheasta ag CFG (CFG/RFF)

Alt 16 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

Critéar 1.2

Urramaíonn an OEF cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

C.1.2.1

Déanann an OEF táirgí adhmaid a lománú laistigh de theorainneacha an lamháltais.

Tuarascáil chigireachta RFF (CFG/RFF)

Alt 6(2) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

C.1.2.2

Ní chuireann an OEF bac ar phobail Mheir-Indiacha a gcearta traidisiúnta a fheidhmiú.

Tuarascáil chigireachta RFF (CFG/RFF)

Alt 5(2) (e) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Rialachán 8, mír 4.3 d’Fhoirm C sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Rialachán maidir le Foraoisí 2018, Ailt 55 agus 57 d’Acht na Meir-Indiach, Caib. 29:01

Statach

C.1.2.3

Ní chuireann an OEF bac ar ghrúpaí aonair a gcearta úsáide dlíthiúla a fheidhmiú.

Tuarascáil chigireachta RFF (CFG/RFF)

Alt 5(2) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Rialachán 8, mír 4.3 d’Fhoirm C sa Chéad Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin maidir le Foraoisí, 2018

Statach

Prionsabal 2

Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

Critéar 2.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais maidir le bainistíocht foraoisí, an comhshaol agus ceanglais CRA.

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

C.2.1.1

Tá údarú comhshaoil ag an OEF.

Cead oibríochta (EPA)

Alt 21 (1) (b) den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil, Caib. 20:05, Rialacháin 18 agus 19 de na Rialacháin maidir le Caomhnú an Chomhshaoil (Údaruithe)

Statach

C.2.1.2

Comhlíonann an OEF an cuóta formheasta.

An tuarascáil bainistíochta (CFG/RFF)

Alt 6(2)(b) agus Alt 9(2)(b) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009,

Mír 2.4 de Chód Cleachtais Uimh. 1, 2018

Dinimiciúil

C.2.1.3

Comhlíonann an OEF ceanglais CRA.

Tuarascáil fíorúcháin CRA (CFG/RFF)

Rialacháin 23, 24, 25, 26 agus 27 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil

C.2.1.4

Ní dhéanann an OEF aon speiceas teoranta ná aon speiceas faoi chosaint a lománú gan cead a fháil ó CFG.

Litir formheasa CFG (CFG/RFF)

Rialachán 15 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Mír 4 (4.4.1 agus 4.4.2) de Chód Cleachtais Uimh. 1 2018

Dinimiciúil

Prionsabal 3

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Critéar 3.1

Comhlíonann an OEF na táillí, muirir agus tobhaigh riachtanacha

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

C.3.1.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais maidir le táillí, muirir agus tobhaigh bainistíochta.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    admhálacha maidir le sceidil íocaíochta (CFG/RA)

(ii)    admhálacha maidir le híocaíochtaí iomlána (CFG/RA)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Rialacháin 38, 40, 41 agus 53 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018

Dinimiciúil

C.3.1.2

Comhlíonann an OEF ceanglais chánach an sceidil cánach is infheidhme arna fhoilsiú ag an Údarás Ioncaim 7 .

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    deimhniú bailí ar an Uimhir Aitheantais Chánach (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos lú ná bliain amháin) (ÚI)

(ii)    admháil lóisteála (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos mó ná aon bhliain amháin) (ÚI)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Alt 4 den Acht Cánach Corparáide, Caib. 81:03, Alt 60A den Acht Cánach Ioncaim, Caib. 81:01

Statach

Critéar 3.2

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí maidir leis an dlí fostaíochta agus ceanglais slándála sóisialta

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

C.3.2.1

Tá deimhniú um chomhlíonadh ag an OEF.

Deimhniú um chomhlíonadh (BÁN)

Alt 16 den Acht um Árachas Náisiúnta agus Slándáil Sóisialta, Caib. 36:01,

Rialacháin 4, 5, 14, 15 agus 19 de na Rialacháin maidir le hÁrachas Náisiúnta agus Slándáil Shóisialta (Ranníocaíochtaí a Bhailiú)

Statach

C.3.2.2

Fostaíonn an OEF daoine atá níos sine ná an aois reachtúil ábhartha i gcomhréir leis na hoibríochtaí atá á ndéanamh.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 41 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Ailt 2 agus 3 den Acht um Fhostú Daoine Óga agus Leanaí, Caib. 99:01

Statach

C.3.2.3

Íocann an OEF an t‑íosphá reachtúil nó níos mó ná sin lena fhostaithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Ailt 8 agus 11 den Acht Saothair, Caib. 98:01

Alt 4 agus an Sceideal a ghabhann leis an Ordú Náisiúnta Saothair (Íosphá), Uimh. 15 de 2016

Statach

C.3.2.4

Áirithíonn an OEF go bhfuil saoráidí garchabhrach ar fáil nó curtha san áireamh ag an ionad oibre.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 17 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Alt 47 (1) (n) den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

C.3.2.5

Áirithíonn an OEF go dtugtar an TCP is infheidhme do na hoibrithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 46 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Alt 17 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

C.3.2.6

Déanann an OEF na timpistí agus gortuithe uile ag an obair a thuairisciú agus a thaifead.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 69 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

C.3.2.7

Comhlíonann an OEF an reachtaíocht maidir leis an neamh‑idirdhealú.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 4(2) agus Alt 5 den Acht um Chosc ar Idirdhealú, Caib. 99:09

Statach



4.4    Maitrís dlíthiúlachta D le haghaidh Sráidbhaile Meir-Indiach

Prionsabal 1

Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF chun lománaíocht a dhéanamh agus urramaíonn sé cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

Critéar 1.1

Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF lománaíocht a dhéanamh

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

D.1.1.1

Tá teideal dlíthiúil ag an OEF ar an talamh foraoise ina ndéantar gníomhaíochtaí tráchtála.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    deimhniú teidil (Clárlann na Talún)

(ii)    deonú iomlán (GL&SC)

(i)    Alt 71 den Acht um Chlárlann na Talún, Caib. 5:02

(ii)    Alt 63 dAcht na Meir-Indiach, Caib. 29:01, Alt 3 dAcht na dTailte Stáit, Caib. 62:01

Statach

D.1.1.2

Roghnach

Tá cead i scríbhinn ag cónaitheoir an tSráidbhaile Mheir-Indiaigh ón OEF páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí tráchtála a bhaineann le lománaíocht nó eastóscadh laistigh de thailte an tsráidbhaile.

Cead i scríbhinn idir an Chomhairle Sráidbhaile agus an OEF (cónaitheoir) (CFG)

Alt 54 d’Acht na Meir-Indiach, Caib. 29:01

Statach

D.1.1.3

Roghnach

Tá cead i scríbhinn ag an neamhchónaitheoir ón OEF páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí tráchtála a bhaineann le lománaíocht nó eastóscadh laistigh de thailte an tsráidbhaile.

Cead i scríbhinn idir an Chomhairle Sráidbhaile agus an OEF (neamhchónaitheoir (CFG))

Alt 55 d’Acht na Meir-Indiach, Caib. 29:01

Statach

Critéar 1.2

Urramaíonn an OEF cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

D.1.2.1

Déanann an OEF táirgí adhmaid a lománú laistigh de theorainneacha talún an tsráidbhaile.

Tuarascáil chigireachta (CFG/RFF)

Alt 55 d’Acht na Meir-Indiach, Caib. 29:01

Statach

D.1.2.2

Ní chuireann an OEF bac ar phobail Mheir-Indiacha a gcearta traidisiúnta a fheidhmiú.

Tuarascáil chigireachta (CFG/RFF)

Alt 5(2) (e) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Ailt 55 agus 57 d’Acht na Meir-Indiach, Caib. 29:01

Statach

Prionsabal 2

Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

Critéar 2.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais maidir le bainistíocht foraoisí, an comhshaol agus ceanglais CRA

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

D.2.1.1

Comhlíonann an OEF ceanglais CRA.

Tuarascáil fíorúcháin CRA (CFG/RFF)

Rialacháin 23, 24, 25, 26 agus 27 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid 8

Dinimiciúil

Prionsabal 3

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Critéar 3.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais chánach is infheidhme

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

D.3.1.1

Comhlíonann an OEF ceanglais chánach an sceidil cánach is infheidhme arna fhoilsiú ag an Údarás Ioncaim.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    deimhniú bailí ar an Uimhir Aitheantais Chánach (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos lú ná bliain amháin) (ÚI)

(ii)    admháil lóisteála (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos mó ná aon bhliain amháin) (ÚI)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Alt 4 den Acht Cánach Corparáide, Caib. 81:03, Alt 60A den Acht Cánach Ioncaim, Caib. 81:01

Statach

Critéar 3.2

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí maidir leis an dlí fostaíochta agus ceanglais slándála sóisialta

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

D.3.2.1

Tá deimhniú um chomhlíonadh ag an OEF.

Deimhniú um chomhlíonadh (BÁN)

Alt 16 den Acht um Árachas Náisiúnta agus Slándála Sóisialta, Caib. 36:01, Rialacháin 4, 5, 14, 15 agus 19 de na Rialacháin maidir le hÁrachas Náisiúnta agus Slándáil Shóisialta (Ranníocaíochtaí a Bhailiú)

Statach

D.3.2.2

Fostaíonn an OEF daoine atá níos sine ná an aois reachtúil ábhartha i gcomhréir leis na hoibríochtaí atá á ndéanamh.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 41 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Ailt 2 agus 3 den Acht um Fhostú Daoine Óga agus Leanaí, Caib. 99:01

Statach

D.3.2.3

Íocann an OEF an t‑íosphá reachtúil nó níos mó ná sin lena fhostaithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Ailt 8 agus 11 den Acht Saothair, Caib. 98:01, Alt 4 agus an Sceideal a ghabhann leis an Ordú Náisiúnta Saothair (Íosphá), Uimh. 15 de 2016

Statach

D.3.2.4

Áirithíonn an OEF go bhfuil saoráidí garchabhrach ar fáil nó curtha san áireamh ag an ionad oibre.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 47 (1) (n) den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

D.3.2.5

Áirithíonn an OEF go dtugtar an TCP is infheidhme do na hoibrithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 46 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Alt 17 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

D.3.2.6

Déanann an OEF na timpistí agus gortuithe uile ag an obair a thuairisciú agus a thaifead.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 69 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

D.3.2.7

Comhlíonann an OEF an reachtaíocht maidir leis an neamh‑idirdhealú.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 4(2) agus Alt 5 den Acht um Chosc ar Idirdhealú, Caib. 99:09

Statach


4.5
   Maitrís dlíthiúlachta E le haghaidh talamh príobháideach

Prionsabal 1

Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF lománaíocht a dhéanamh

Critéar 1.1

Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF lománaíocht a dhéanamh

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

E.1.1.1

Tá teideal dlíthiúil ag an OEF ar an talamh foraoise ina ndéantar na gníomhaíochtaí tráchtála.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    teideal iomlán (Clárlann na Talún)

(ii)    iompar (Clárlann na nGníomhas)

(iii)    Deonú iomlán (GL&SC)

(i)    Ailt 65 agus 66 den Acht um Chlárlann na Talún, Caib. 5:02

(ii)    Alt 22 (1) den Acht um Chlárlann na nGníomhas, Caib. 5:01

(iii)    Alt 3(1)(a) dAcht na dTailte Stáit, Caib. 62:01

Statach

E.1.1.2

Roghnach

Tá comhaontú dlíthiúil ag an OEF le tríú páirtí maidir le lománaíocht agus/nó eastóscadh laistigh de theorainneacha na talún príobháidí.

Comhaontú idir an OEF agus tríú páirtí (CFG/RFF)

Alt 16 d’Acht na bhForaoisí

Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid 9

Statach

Prionsabal 2

Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

Critéar 2.1

Comhlíonann an OEF ceanglais CRA

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

E.2.1.1

Comhlíonann an OEF ceanglais CRA.

Tuarascáil fíorúcháin CRA (CFG/RFF)

Rialacháin 23, 24, 25, 26 agus 27 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil

E.2.1.2

Déanann an OEF na táirgí adhmaid a lománú laistigh de theorainneacha na talún príobháidí.

Tuarascáil chigireachta RFF (CFG/RFF)

Alt 21 d’Acht na dTailte Stáit, Caib. 62:01, na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Statach

Prionsabal 3

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Critéar 3.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais chánach is infheidhme

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál Fíoraitheora

E.3.1.1

Comhlíonann an OEF ceanglais chánach an sceidil cánach is infheidhme arna fhoilsiú ag an Údarás Ioncaim.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    deimhniú bailí ar an Uimhir Aitheantais Chánach (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos lú ná bliain amháin) (ÚI)

(ii)    admháil lóisteála (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos mó ná aon bhliain amháin) (ÚI)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Alt 4 den Acht Cánach Corparáide, Caib. 81:03, Alt 60A den Acht Cánach Ioncaim, Caib. 81:01

Statach

Critéar 3.2

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí maidir leis an dlí fostaíochta agus ceanglais slándála sóisialta

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

E.3.2.1

Tá deimhniú um chomhlíonadh ag an OEF.

Deimhniú um chomhlíonadh (BÁN)

Alt 16 den Acht um Árachas Náisiúnta agus Slándála Sóisialta, Caib. 36:01, Rialacháin 4, 5, 14, 15 agus 19 de na Rialacháin maidir le hÁrachas Náisiúnta agus Slándáil Shóisialta (Ranníocaíochtaí a Bhailiú)

Statach

E.3.2.2

Fostaíonn an OEF daoine atá níos sine ná an aois reachtúil ábhartha i gcomhréir leis na hoibríochtaí atá á ndéanamh.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 41 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Ailt 2 agus 3 den Acht um Fhostú Daoine Óga agus Leanaí, Caib. 99:01

Statach

E.3.2.3

Íocann an OEF an t‑íosphá reachtúil nó níos mó ná sin lena fhostaithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Ailt 8 agus 11 den Acht Saothair, Caib. 98:01

Alt 4 agus an Sceideal a ghabhann leis an Ordú Náisiúnta Saothair (Íosphá) Uimh. 15 de 2016

Statach

E.3.2.4

Áirithíonn an OEF go bhfuil saoráidí garchabhrach ar fáil nó curtha san áireamh ag an ionad oibre.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 47 (1) (n) den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

E.3.2.5

Áirithíonn an OEF go dtugtar an TCP is infheidhme do na hoibrithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 46 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Alt 17 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

E.3.2.6

Déanann an OEF na timpistí agus gortuithe uile ag an obair a thuairisciú agus a thaifead.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 69 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

E.3.2.7

Comhlíonann an OEF an reachtaíocht maidir leis an neamh‑idirdhealú.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 4(2) agus Alt 5 den Acht um Chosc ar Idirdhealú, Caib. 99:09

Statach



4.6    Maitrís dlíthiúlachta F le haghaidh táirgí adhmaid a tarrtháladh ó thalamh Stáit atá á athrú

Prionsabal 1

Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF lománaíocht a dhéanamh agus urramaíonn sé cearta úsáideoirí dlíthiúla na bpáirtithe eile

Critéar 1.1

Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF lománaíocht a dhéanamh

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

F.1.1.1

Tá an méid seo a leanas ag an OEF:

(i)    léas

(ii)    cead nó ceadúnas mianadóireachta

(iii)    údarú dul isteach ar aon talamh agus oibreacha a dhéanamh chun críoch bóithre a thógáil nó a chothabháil; lena náirítear táirgí adhmaid a ghearradh nó a bhaint, nó chun críocha eile

(iv)    ceadúnas chun stáisiún hidrileictreach a thógáil agus a chothabháil.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    léas (CTSG)

(ii)    cead nó ceadúnas mianadóireachta (CCMG)

(iii)    cead i scríbhinn ón Aireacht Bonneagair Phoiblí (MBP)

(iv)    Ceadúnas hidreachumhachta (Oifig an Uachtaráin)

(i)    Alt 3(1)(b) dAcht na dTailte Stáit, Caib. 62:01

(ii)    Alt 7 dAcht na Mianadóireachta, Caib. 65:01

(iii)    Ailt 3 agus 4 dAcht na dTailte Poiblí (Bóithre Príobháideacha), Caib. 62:03, Rialachán 2 de na Rialacháin maidir le Tailte Poiblí agus Bóithre Príobháideacha (Gearradh Adhmaid)

(iv)    Ailt 5, 6 agus 7 den Acht um Hidreachumhacht, Caib. 56:03

Statach

F.1.1.2 Roghnach

Tá comhaontú dlíthiúil ag an OEF le tríú páirtí i leith lománaíocht agus/nó eastóscadh laistigh de mhaoin an OEF.

Comhaontú idir an OEF agus tríú páirtí (CFG/RFF)

Alt 16 d’Acht na bhForaoisí

Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid 10

Statach

Critéar 1.2

Urramaíonn an OEF cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

F.1.2.1

Déanann an OEF lománaíocht laistigh de theorainneacha ceann amháin de na nithe seo a leanas:

(i)    léas

(ii)    cead nó ceadúnas mianadóireachta

(iii)    laistigh de limistéar inar údaraíodh do AOP agus/nó do Ghníomhaireacht Fuinnimh na Guáine tionscadail a chur i gcrích.

Tuarascáil chigireachta RFF (CFG/RFF)

(i)    Alt 3 dAcht na dTailte Stáit, Caib. 62:01

(ii)    Alt 7 agus Alt 135(2)(zc) dAcht na Mianadóireachta, Caib. 65:01

(iii)    Ailt 3 agus 4 den Acht um Thailte Poiblí (Bóithre Príobháideacha), Caib. 62:03, Alt 6(2) den Acht um Hidreachumhacht, Caib. 56:03

Statach

F.1.2.2

Ní chuireann an OEF bac ar phobail Mheir-Indiacha a gcearta traidisiúnta a fheidhmiú.

Tuarascáil chigireachta RFF (CFG/RFF)

Alt 5(2)(e) d’Acht na bhForaoisí. Uimh. 6 de 2009, Ailt 55 agus 57 d’Acht na Meir-Indiach, Caib. 29:01

Statach

F.1.2.3

Ní chuireann an OEF bac ar ghrúpaí aonair a gcearta úsáide dlíthiúla a fheidhmiú.

Tuarascáil chigireachta RFF (CFG/RFF)

Alt 5(2) d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

Prionsabal 2

Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

Critéar 2.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais maidir le bainistíocht foraoisí, an comhshaol agus ceanglais CRA

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

F.2.1.1

Comhlíonann an OEF ceanglais CRA.

Tuarascáil fíorúcháin CRA (CFG/RFF)

Rialacháin 23, 24, 25, 26 agus 27 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil

F.2.1.2 (is infheidhme maidir le OEF a bhfuil sé de cheangal air IV de F.1.1.1 a chomhlíonadh)

Tá údarú comhshaoil ag an OEF chun stáisiún hidrileictreach a thógáil agus a chothabháil.

Cead tógála (EPA)

Alt 21 (1) (b) den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil, Caib. 20:05, Rialacháin 18 agus 19 de na Rialacháin maidir le Caomhnú an Chomhshaoil (Údaruithe)

Statach

Prionsabal 3

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Critéar 3.1

Comhlíonann an OEF na táillí, muirir agus tobhaigh riachtanacha

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

F.3.1.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais maidir le táillí, muirir agus tobhaigh bainistíochta.

Ceann den dá fhíoraitheoir seo a leanas:

(i)    admhálacha maidir le sceidil íocaíochta (CFG/RA)

(ii)    admhálacha maidir le híocaíochtaí iomlána (CFG/RA)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil

F.3.1.2

Comhlíonann an OEF ceanglais chánach an sceidil cánach is infheidhme arna fhoilsiú ag an Údarás Ioncaim.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    deimhniú bailí ar an Uimhir Aitheantais Chánach (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos lú ná bliain amháin) (ÚI)

(ii)    admháil lóisteála (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos mó ná aon bhliain amháin) (ÚI)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Alt 4 den Acht Cánach Corparáide, Caib. 81:03, Alt 60A den Acht Cánach Ioncaim, Caib. 81:01

Statach

Critéar 3.2

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí maidir leis an dlí fostaíochta agus ceanglais slándála sóisialta

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

F.3.2.1

Tá deimhniú um chomhlíonadh ag an OEF.

Deimhniú um chomhlíonadh (BÁN)

Alt 16 den Acht um Árachas Náisiúnta agus Slándála Sóisialta, Caib. 36:01, Rialacháin 4, 5, 14, 15 agus 19 de na Rialacháin maidir le hÁrachas Náisiúnta agus Slándáil Shóisialta (Ranníocaíochtaí a Bhailiú)

Statach

F.3.2.2

Fostaíonn an OEF daoine atá níos sine ná an aois reachtúil ábhartha i gcomhréir leis na hoibríochtaí atá á ndéanamh.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 41 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Ailt 2 agus 3 den Acht um Fhostú Daoine Óga agus Leanaí, Caib. 99:01

Statach

F.3.2.3

Íocann an OEF an t‑íosphá reachtúil nó níos mó ná sin lena fhostaithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Ailt 8 agus 11 den Acht Saothair, Caib. 98:01, Alt 4 agus an Sceideal a ghabhann leis an Ordú Náisiúnta Saothair (Íosphá), Uimh. 15 de 2016

Statach

F.3.2.4

Áirithíonn an OEF go bhfuil saoráidí garchabhrach ar fáil nó curtha san áireamh ag an ionad oibre.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 47 (1) (n) den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

F.3.2.5

Áirithíonn an OEF go dtugtar an TCP is infheidhme do na hoibrithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 46 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Alt 17 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

F.3.2.6

Déanann an OEF na timpistí agus gortuithe uile ag an obair a thuairisciú agus a thaifead.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 69 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

F.3.2.7

Comhlíonann an OEF an reachtaíocht maidir leis an neamh‑idirdhealú.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 4(2) agus Alt 5 den Acht um Chosc ar Idirdhealú, Caib. 99:09

Statach


4.7
   Maitrís dhlíthiúlachta G le haghaidh táirgí adhmaid urghafa 11

Prionsabal 1

Bainistítear táirgí adhmaid urghafa de réir na gceanglas dlíthiúil

Critéar 1.1

Comhlíonann an OEF na rialacha maidir le táirgí adhmaid urghafa.

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

G.1.1.1

Tá ceann amháin de na nithe seo a leanas ag an OEF maidir leis na táirgí adhmaid urghafa:

(i)    foirm urghabhála

(ii)    foirm chúraim

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    foirm urghabhála (CFG/RFF)

(ii)    foirm chúraim (CFG/RFF)

Alt 58 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid 12

Dinimiciúil

G.1.1.2

Comhlíonann an OEF na ceanglais uile a bhaineann le hathiontráil táirgí adhmaid urghafa sa slabhra soláthair.

cead imréitigh CFG (CFG/RFF)

Ailt 58(5), 58(7), Alt 60, Alt 70 (5) agus Alt 71 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil


4.8    Maitrís dlíthiúlachta H chun táirgí adhmaid a phróiseáil agus a dhíol

Prionsabal 1

Comhlíonann an OEF na ceanglais phróiseála agus díolacháin adhmaid

Critéar 1.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais cheadúnúcháin is infheidhme

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

H.1.1.1

Tá ceadúnas oibríochta bliantúil ag an OEF.

Ceadúnas oibríochta bliantúil (CFG/RFF)

Alt 39 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Rialacháin 29, 30 agus 31 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid 13

Statach

H.1.1.2 roghnach

Tá ceadúnas bailí déileálaí i dtáirgí foraoise ag an OEF.

Ceadúnas déileálaí i dtáirgí foraoise (CFG/RFF)

Alt 41 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Rialacháin 32, 33 agus 34 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Statach

H.1.1.3 roghnach

Tá ceadúnas clóis adhmaid bailí ag an OEF.

Ceadúnas clóis adhmaid (CFG/RFF)

Alt 40 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009,

Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Statach

Prionsabal 2

Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

Critéar 2.1

Comhlíonann an OEF ceanglais bainistithe ar fhoraoisí, ceanglais chomhshaoil agus ceanglais CRA

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

H.2.1.1

Tá údarú comhshaoil ag an OEF.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    cead comhshaoil (EPA)

(ii)    cead oibríochta (EPA)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Ailt 11, 12, 13, 15 agus Alt 21 (1) (b) den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil, Caib. 20:05, Rialacháin 18 agus 19 de na Rialacháin um Chaomhnú an Chomhshaoil (Údaruithe)

Statach

H.2.1.2

Comhlíonann an OEF ceanglais CRA.

Tuarascáil fíorúcháin CRA (CFG/RFF)

Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil

Prionsabal 3

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Critéar 3. 1

Comhlíonann an OEF na táillí, muirir agus tobhaigh riachtanacha

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

H.3.1.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais maidir le híocaíochtaí muirear bainistíochta.

Ceann den dá fhíoraitheoir seo a leanas:

(i)    admhálacha maidir le sceidil íocaíochta (CFG/RA)

(ii)    admhálacha maidir le híocaíochtaí iomlána (CFG/RA)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Rialachán 53 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018,

Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil

H.3.1.2

Comhlíonann an OEF ceanglais chánach an sceidil cánach is infheidhme arna fhoilsiú ag an Údarás Ioncaim.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    deimhniú bailí ar an Uimhir Aitheantais Chánach (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos lú ná bliain amháin) (ÚI)

(ii)    admháil lóisteála (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos mó ná aon bhliain amháin) (ÚI)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Alt 4 den Acht Cánach Corparáide, Caib. 81:03, Alt 60A den Acht Cánach Ioncaim, Caib. 81:01

Statach

Critéar 3.2

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí maidir leis an dlí fostaíochta agus ceanglais slándála sóisialta

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

H.3.2.1

Tá deimhniú um chomhlíonadh ag an OEF.

Deimhniú um chomhlíonadh (BÁN)

Alt 16 den Acht um Árachas Náisiúnta agus Slándáil Sóisialta, Caib. 36:01,

Rialacháin 4, 5, 14, 15 agus 19 de na Rialacháin maidir le hÁrachas Náisiúnta agus Slándáil Shóisialta (Ranníocaíochtaí a Bhailiú)

Statach

H.3.2.2

Fostaíonn an OEF daoine atá níos sine ná an aois reachtúil ábhartha i gcomhréir leis na hoibríochtaí atá á ndéanamh.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 41 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Ailt 2 agus 3 den Acht um Fhostú Daoine Óga agus Leanaí, Caib. 99:01

Statach

H.3.2.3

Íocann an OEF an t‑íosphá reachtúil nó níos mó ná sin lena fhostaithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Ailt 8 agus 11 den Acht Saothair, Caib. 98:01, Alt 4 agus an Sceideal a ghabhann leis an Ordú Náisiúnta Saothair (Íosphá), Uimh. 15 de 2016

Statach

H.3.2.4

Áirithíonn an OEF go bhfuil saoráidí garchabhrach ar fáil nó curtha san áireamh ag an ionad oibre.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 47 (1) (n) den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

H.3.2.5

Áirithíonn an OEF go gcuirtear an TCP is infheidhme ar fáil dá oibreoirí.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 46 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Alt 17 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

H.3.2.6

Déanann an OEF na timpistí agus gortuithe uile ag an obair a thuairisciú agus a thaifead.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 69 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

H.3.2.7

Comhlíonann an OEF an reachtaíocht maidir leis an neamh‑idirdhealú.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 4(2) agus Alt 5 den Acht um Chosc ar Idirdhealú, Caib. 99:09

Statach


4.9    Maitrís dlíthiúlachta I chun táirgí adhmaid a onnmhairiú agus a allmhairiú

Prionsabal 1

Comhlíonann an OEF na ceanglais maidir le táirgí adhmaid a onnmhairiú agus a allmhairiú

Critéar 1.1

Comhlíonann an OEF na ceanglais onnmhairiúcháin agus an CRA

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

I.1.1.1

Tá ceadúnas bailí ag an OEF chun táirgí adhmaid a onnmhairiú.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    ceadúnas déileálaí i dtáirgí foraoise (CFG/RFF)

(ii)    ceadúnas oibríochta bliantúil (CFG/RFF)

(iii)    ceadúnas clóis adhmaid (CFG/RFF)

(i)    Alt 41 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Rialacháin 32, 33 agus 34 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018.

(ii)    Rialachán 31 (a) (iii) den Rialachán maidir le Foraoisí 2018, Alt 39 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

(iii)    Alt 40 (2) dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

I.1.1.2

Tá údarú onnmhairiúcháin ag an OEF.

(i)    deimhniú onnmhairiúcháin (CFG/RFF)

(ii)    cead CITES (i gcás inarb iomchuí) (An Coimisiún um Chaomhnú agus Bainistiú an Fhiadhúlra, CFG/RFF)

(i)    Alt 44 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid 14

(ii)    Alt 29(1) den Acht um Chaomhnú agus Bainistiú Fhiadhúlra 2016

Dinimiciúil

I.1.1.3

Comhlíonann an OEF ceanglais CRA.

Tuarascáil fíorúcháin CRA (CFG/RFF)

Rialacháin 23, 24, 25, 26 agus 27 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil

I.1.1.4

Comhlíonann OEF na ceanglais maidir le híocaíocht na dtobhach onnmhairiúcháin.

Admhálacha (CFG/RA)

Rialacháin 41 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil

Critéar 1.2

Comhlíonann an OEF na ceanglais allmhairiúcháin agus CRA

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

I.1.2.1

Tá ceadúnas allmhairiúcháin ag an OEF.

Ceadúnas allmhairiúcháin (CFG/RFF)

Alt 37 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, Rialacháin 36 den Rialacháin maidir le Foraoisí 2018

Statach

I.1.2.2

Tá cead allmhairiúcháin ag an OEF.

Cead allmhairiúcháin (ENCP)

Alt 8 den Acht um Chosaint Plandaí, Uimh. 9 de 2011

Dinimiciúil

I.1.2.3

Cleachtann an OEF dícheall cuí chun an riosca go n‑allmhaireofaí táirgí adhmaid de thionscnamh neamhdhleathach a laghdú.

(i)    Tuarascáil mheasúnachta ar dhícheall cuí (ENCP)

(ii)    cead CITES i gcás inarb iomchuí (An Coimisiún um Chaomhnú agus Bainistiú Fiadhúlra)

(i)    Rialacháin 36(3) de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018

(ii)    Alt 29(1) den Acht um Chaomhnú agus Bainistiú an Fhiadhúlra, Uimh. 22 de 2016

Dinimiciúil

I.1.2.4

Comhlíonann an OEF ceanglais CRA.

Tuarascáil fíorúcháin CRA (CFG/RFF)

Rialacháin 23, 24, 25, 26 agus 27 de na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Dinimiciúil

Prionsabal 2

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta (tá feidhm aige sin maidir le OEFanna atá i mbun onnmhairiúcháin agus/nó allmhairiúcháin agus nach bhfuil cumhdaithe le maitrísí eile agus na OEFanna sin amháin)

Critéar 2.1

Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí fioscacha ceangailteacha

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

I.2.1.1

Comhlíonann an OEF ceanglais chánach an sceidil cánach is infheidhme arna fhoilsiú ag an Údarás Ioncaim.

Ceann de na fíoraitheoirí seo a leanas:

(i)    deimhniú bailí ar an Uimhir Aitheantais Chánach (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos lú ná bliain amháin) (ÚI)

(ii)    admháil lóisteála (i gcás OEFanna atá ar an bhfód le níos mó ná aon bhliain amháin) (ÚI)

I gcás an dá fhíoraitheoir:

Alt 4 den Acht Cánach Corparáide, Caib. 81:03, Alt 60A den Acht Cánach Ioncaim, Caib. 81:01

Statach

Critéar 2.2

Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí maidir leis an dlí fostaíochta agus ceanglais slándála sóisialta

Uimhir an táscaire

Táscaire

Fíoraitheoirí  
(an ghníomhaireacht atá freagrach)

Tagairtí reachtacha/riaracháin

An cineál fíoraitheora

I.2.2.1

Tá deimhniú um chomhlíonadh ag an OEF.

Deimhniú um chomhlíonadh (BÁN)

Alt 16 den Acht um Árachas Náisiúnta agus Slándáil Sóisialta, Caib. 36:01,

Rialacháin 4, 5, 14, 15 agus 19 de na Rialacháin maidir le hÁrachas Náisiúnta agus Slándáil Shóisialta (Ranníocaíochtaí a Bhailiú)

Statach

I.2.2.2

Fostaíonn an OEF daoine atá níos sine ná an aois reachtúil ábhartha i gcomhréir leis na hoibríochtaí atá á ndéanamh.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 41 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Ailt 2 agus 3 den Acht um Fhostú Daoine Óga agus Leanaí, Caib. 99:01

Statach

I.2.2.3

Íocann an OEF an t‑íosphá reachtúil nó níos mó ná sin lena fhostaithe.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Ailt 8 agus 11 den Acht Saothair, Caib. 98:01, Alt 4 agus an Sceideal a ghabhann leis an Ordú Náisiúnta Saothair (Íosphá), Uimh. 15 de 2016

Statach

I.2.2.4

Áirithíonn an OEF go bhfuil saoráidí garchabhrach ar fáil nó curtha san áireamh ag an ionad oibre.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 47 (1) (n) den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

I.2.2.5

Áirithíonn an OEF go gcuirtear an TCP is infheidhme ar fáil dá oibreoirí.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 46 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10, Alt 17 d’Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Statach

I.2.2.6

Déanann an OEF na timpistí agus gortuithe uile ag an obair a thuairisciú agus a thaifead.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 69 den Acht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Statach

I.2.2.7

Comhlíonann an OEF an reachtaíocht maidir leis an neamh‑idirdhealú.

Tuarascáil chigireachta (ACS)

Alt 4(2) agus Alt 5 den Acht um Chosc ar Idirdhealú, Caib. 99:09

Statach

5.    Gluais

Meir-Indiach    In alt 2 dAcht na Meir-Indiach, Caib. 29:01, sainmhínítear ʻMeir-Indiach mar aon saoránach den Ghuáin atá ina bhall nó ina ball daon cheann de phobail dhúchasacha nó bhundúchasacha na Guáine nó atá de shliocht aon de phobail dhúchasacha nó bhundúchasacha na Guáine.

Comhairle Sráidbhaile Mheir-Indiach    In alt 2 dAcht na Meir-Indiach, Caib. 29:01, sainmhínítear ʻComhairle Sráidbhaile mar Chomhairle Sráidbhaile a bunaíodh faoi údarás Acht na Meir-Indiach, Chomhairle Cheantar Annai, Chomhairle Sráidbhaile Konashen, Chomhairle Sráidbhaile Baramita agus aon Chomhairle Sráidbhaile a bunaíodh trí ord ón Aire a bhfuil Gnóthaí Meir-Indiacha de chúram air.

Ceadúnas oibríochta bliantúil    Ceadúnas oibríochta bliantúil, mar a liostaítear in alt 39 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, arna dheonú ag Coimisiún Foraoiseachta na Guáine le haghaidh muileann sábhadóireachta a úsáidtear chun lomáin agus lomáin neamhchríochnaithe a bhriseadh síos agus a iompú ina gcláir, ina bplainc, ina sáilíní nó ina dtáirgí adhmaid atá oiriúnach do thuilleadh próiseála.

Plean oibríochtaí bliantúil    Doiciméad ina leagtar amach na gníomhaíochtaí príomha agus mionsonraithe atá le déanamh ag an gceadúnaí le linn na bliana féilire atá le teacht (Eanáir go Nollaig). Istigh sa phlean beidh athbhreithniú ar oibríochtaí na bliana roimhe sin agus luafar freisin na pleananna atá le cur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí na bliana seo.


CITES    Is coinbhinsiún é an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) (arna daingniú ag an nGuáin in 1973) a bunaíodh in 1973 agus a rialaíonn nó a choisceann an trádáil idirnáisiúnta i speicis plandaí agus ainmhithe a mheastar a ndéantar dochar dóibh nó a bhféadfaí dochar a dhéanamh dóibh sa trádáil idirnáisiúnta.

Dícheall cuí    I gcomhthéacs an Chomhaontaithe seo, tagraíonn ʻdícheall cuí do na bearta réasúnta a ghlacann oibreoirí chun an riosca go ndéanfaí adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach, nó atá neamhdhleathach é féin, a allmhairiú isteach sa Ghuáin.

Onnmhairiú        In Alt 2 den Acht Custam, Caib. 82:01, sainmhínítear ʻonnmhairiú mar rud a thógáil, nó a bheith ina chúis le rud a thógáil, amach as an nGuáin.

Onnmhaireoir    In Alt 2 den Acht Custam, Caib. 82:01, sainmhínítear ʻonnmhaireoir ionas go náirítear mar onnmhaireoir aon duine a onnmhairíonn aon earra (lena náirítear earraí a aistrítear ó aerárthach nó long allmhairiúcháin) ón nGuáin nó a sholáthraíonn aon earra le húsáid mar stóras aerárthach nó long, agus úinéir freisin, nó aon duine ag gníomhú ar a shon, agus aon duine a shíníonn, chun críoch custaim, aon doiciméad a bhaineann le hearraí onnmhairithe nó le hearraí atá ceaptha lena soláthar mar stórais aerárthach nó long mar a luadh cheana.


Foraois    In Alt 2 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, sainmhínítear ʻforaois

(a)    mar éiceachóras arb é atá i dtreise ann plandaí adhmadacha, agus arb é atá ann:

(i)    foirmíochtaí foraoise dúnta, ina gcumhdaíonn crainn dairdí éagsúla agus scrobarnach cuid mhaith den talamh; nó

(ii)    foraois oscailte ar a bhfuil brat fásra leanúnach agus ina bhfuil níos mó ná 10 % di cumhdaithe le crainn; agus

(b)    a náirítear leis:

(i)    foraoisí mangróibh agus aon bhogach nó talamh oscailte, laistigh dfhoraois, atá ina dhlúthchuid den éiceachóras;

(ii)    táirgí foraoise san éiceachóras; agus

(iii)    acmhainní bitheolaíocha, saoráidí ithreach agus saoráidí uisce de chuid an éiceachórais;


Comhaontú lamháltais foraoise    In Ailt 2 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, sainmhínítear ʻcomhaontú lamháltais foraoise mar chomhaontú den chineál lena ndeonaíonn an Coimisiún lamháltas faoi alt 6 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009.

Plean bainistithe foraoise    Tugtar le fios sna Treoracha maidir le Pleananna Bainistithe Foraoise (2018) go mbunaítear Plean Bainistithe Foraoise ar bhreithmheasanna mionsonraithe sóisialta, eacnamaíocha, agus comhshaoil, lena leagtar amach ord agus méid na ngníomhaíochtaí atá le déanamh i lamháltas.

Oibríochtaí foraoise    In Alt 2 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, sainmhínítear na hoibríochtaí sin mar a leanas: táirgí foraoise a ghearradh nó a thógáil; táirgí adhmaid a bhaint nó a iompar as aon limistéar; monarcha um thiontú príomhúil a oibriú; aon chonair, bóthar, struchtúr nó fearas a thógáil nó a chothabháil, agus aon ghníomhaíocht a dhéantar chun aon chuid den ghníomhaíocht réamhluaite sin a éascú.

ceadúnas déileálaí i dtáirgí foraoise    Faoi Alt 41 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009 tá ceanglas ar aon duine a leanann den ghnó de tháirgí adhmaid a cheannach lena nathdhíol an ceadúnas seo ó CFG a bheith aige.


Allmhairiú    In Alt 2 den Acht Custam, Caib. 82:01, sainmhínítear ʻallmhairiú mar rud a thabhairt, nó a bheith ina chúis le rud a thabhairt, isteach sa Ghuáin.

Allmhaireoir        In Alt 2 dAcht Custam, Caib. 82:01, sainmhínítear "allmhaireoir" ionas go náirítear mar allmhaireoir úinéir nó aon duine eile a bhfuil seilbh aige nó a bhfuil leas tairbhiúil aige in aon earraí ó thráth allmhairiú na nearraí sin nó ón tráth sin go dtí go mbeidh na hearraí as seilbh an oifigigh chuí, agus aon duine a shíníonn aon doiciméad a bhaineann le haon earra allmhairithe, ar dhoiciméad é a bhfuil ceanglas ann de réir an dlí custaim ina leith é a bheith sínithe ag allmhaireoir.

Ceadúnas clóis adhmaid    Ceadúnas, mar a liostaítear in alt 40 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, arna dheonú ag CFG chun cead a thabhairt do dhuine adhmad a cheannach, a stóráil agus a dhíol ina áitreabh féin.

Monarcha um thiontú príomhúil    In Alt 2 dAcht na bhForaoisí Uimh. 6 de 2009, sainmhínítear ʻmonarcha um thiontú príomhúil mar aon mhuileann sábhadóireachta, nó aon mhonarcha, meaisín nó trealamh eile a dearadh nó a úsáidtear chun aon chineál táirge foraoise i bhfoirm amh a bhriseadh síos nó a thiontú ar bhealach ar bith ina dtáirgí lena ndíol, lena núsáid, nó lena gcóireáil nó lena bpróiseáil tuilleadh, agus áirítear leis an sainmhíniú sin muileann sábhadóireachta iniompartha nó sábh slabhrach.


Ceadúnas leagtha    In Alt 36 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, tá ceanglas ar OEF cead leagtha bailí arna eisiúint ag CFG chun a bheith aige chun táirgí adhmaid a leagan agus/nó a iompar laistigh den Ghuáin ó aon foraois Stáit, talamh poiblí, tailte Sráidbhaile, talamh príobháideach nó aon phointe iontrála isteach sa Ghuáin.

Muileann sábhadóireachta    In Alt 2 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, sainmhínítear ʻmuileann sábhadóireachta mar mhuileann a dearadh, agus a úsáidtear, chun lomáin agus lomáin neamhchríochnaithe a bhriseadh síos agus a iompú ina gcláir, ina bplainc, ina sáilíní nó ina dtáirgí adhmaid atá oiriúnach le haghaidh tuilleadh próiseála; agus áirítear air sin clais sábhadóireachta.

Clais sábhadóireachta    In Alt 2 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, sainmhínítear ʻclais sábhadóireachta mar limistéar nó mar chlais a rinneadh chun oibriú sábha claise a éascú le hobair láimhe.

Foraois Stáit    I gcomhréir le hAlt 3 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, is éard is foraois Stáit ann aon limistéar a ndearbhóidh an tAire le hordú gur foraois Stáit atá ann. Mar sin féin, ní féidir, le dearbhú, foraois Stáit a dhéanamh de Thailte Sráidbhaile Meir-Indiacha, dFhoraois Bháistí Iwokrama ná de Pháirc Náisiúnta Kaieteur.

Údarú foraoise Stáit    In Alt 2 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, sainmhínítear ʻúdarú foraoise Stáit mar chead taiscéalaíoch, lamháltas, cead úsáide, comhaontú maidir le foraoisiú, nó comhaontú maidir le bainistiú comhphobail ar fhoraoisí.


Adhmad    In Alt 2 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, luaitear go bhfuil an méid seo a leanas san áireamh sa sainmhíniú ar ʻadhmad:

(a)    crann, nó aon chuid ligneach de chrann, bíodh sé ina sheasamh, tite nó leagtha; agus

(b)    aon adhmad, bíodh sé sáfa, scoilte, bainte le tua, nó gearrtha nó déanta ar shlí eile nó na bíodh, seachas connadh.

Ceart traidisiúnta    In Alt 2 dAcht na Meir-Indiach, Caib. 29:01, sainmhínítear ʻceart traidisiúnta mar aon cheart nó pribhléid mhaireachtála, a bhí ann roimh dháta tosaigh an Achta sin, atá ina seilbh go dleathach nó de réir nóis ag Sráidbhaile Meir-Indiach nó ag Pobal Meir-Indiach, agus a fheidhmítear go hinbhuanaithe i gcomhréir leis an gcaidreamh spioradálta atá ag an Sráidbhaile nó ag an bPobal Meir-Indiach leis an talamh, ach níl pribhléid mhianadóireachta thraidisiúnta san áireamh.

6.    Foscríbhinn: Tagairtí dlíthiúla is infheidhme

Achtanna, Rialacháin

Tuairisc

Foraoiseacht

Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009

Acht chun an dlí a bhaineann le Foraoisí a chomhdhlúthú agus a leasú.

Na Rialacháin maidir le Foraoisí, Rialacháin Uimh. 2 de 2018

Tacaíonn na Rialacháin sin le cur chun feidhme Acht na bhForaoisí Uimh. 6 2009.

Acht na dTailte Stáit, Caib. 62:01

Acht chun foráil a dhéanamh maidir le rialáil cheart a dhéanamh ar Thailte, Aibhneacha agus Crompáin an Stáit.

Cód Cleachtais Uimh. 1 2018

Is é is cuspóir foriomlán an Chóid sin cleachtais lománaithe a chur chun cinn lena bhfeabhsófar caighdeáin úsáide, lena laghdófar tionchair ar an gcomhshaoil, lena n‑áiritheofar go mbeidh foraoisí ann go hinbhuanaithe do na glúine amach anseo, agus lena bhfeabhsófar rannchuidiú eacnamaíoch agus sóisialta na foraoiseachta mar chuid den fhorbairt inbhuanaithe.

Na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid

Is córas faisnéise náisiúnta sainordaitheach é an Córas um Rianú Adhmaid (CRA) chun slabhra soláthair na dtáirgí adhmaid a rialú ar an leibhéal náisiúnta.

An comhshaol/úsáid na talún

An tAcht um Chaomhnú an Chomhshaoil, Caib. 20:05

Acht lena ndéantar forail maidir le bainistiú, caomhnú, cosaint agus feabhsú an chomhshaoil, maidir le truailliú a chosc agus a rialú, maidir le measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag forbairt eacnamaíoch ar an gcomhshaol, maidir le hacmhainní nádúrtha a úsáid go hinbhuanaithe, agus maidir le cúrsaí a ghabhann nó a bhaineann leis an méid sin.

Na Rialacháin um Chaomhnú an Chomhshaoil (Údaruithe)

Tacaíonn na Rialacháin sin le cur chun feidhme an Achta um Chaomhnú an Chomhshaoil, Caib. 20:05

Acht na Mianadóireachta, Caib. 65:01

Acht lena ndéantar forálacha i ndáil le cuardach nó mianadóireacht a dhéanamh ar mhiotail, mianraí agus clocha lómhara, chun a n‑iompair agus cúrsaí a bhaineann leis sin a rialáil.

An tAcht um Chosaint Plandaí, Uimh. 9 de 2011

Acht lena rialáiltear allmhairiú agus onnmhairiú plandaí, ábhar plandála agus nithe a dhíorthaítear astu, chun cosaint a dhéanamh ó thabhairt isteach lotnaidí agus galar andúchasach chuig an nGuáin agus chun galair agus lotnaidí a rialú agus a dhíothú laistigh den tír.

An tAcht um Chlárlann na nGníomhas, Caib. 5:01

Acht lena rialáiltear Oifig Chláraitheoir Gníomhas na Guáine agus chun leasú a dhéanamh ar an dlí a bhaineann le hIompar, Morgáistí agus Gníomhais eile a fhorghníomhú.

An tAcht um Chlárlann na Talún, Caib. 5:02

Acht lena ndéantar foráil maidir le talamh a chlárú agus le cúrsaí a bhaineann leis sin.

An tAcht um Chumhacht Hidrileictreach, Caib. 56:03

Acht chun foráil a dhéanamh maidir le ceadúnais a dheonú lena n‑údaraítear uiscí na Guáine a úsáid chun fuinneamh leictreach a ghiniúint, agus maidir le hábhair a bhaineann leis an méid sin.

Acht na dTailte Poiblí (Bóithre Príobháideacha), Caib. 62:03

Acht lena gcuirtear ar a gcumas do dhaoine bóithre a thógáil agus a chothabháil le haghaidh na mianadóireachta, an ghearrtha adhmaid agus chun críoch eile ar thailte poiblí, agus dolaí a fhorchur agus a aisghabháil, faoi réir coinníollacha áirithe, as úsáid na mbóithre sin ag daoine eile.

Na Rialacháin maidir le Tailte Poiblí agus Bóithre Príobháideacha (Greanadh Adhmaid)

Tacaíonn na Rialacháin sin le cur chun feidhme Acht na dTailte Poiblí (Bóithre Príobháideacha), Caib. 62:03.

An tAcht um Chaomhnú agus Bainistiú an Fhiadhúlra, Acht Uimh. 14 de 2016

Acht lena ndéantar foráil maidir le cosaint, caomhnú, bainistiú, úsáid inbhuanaithe, trádáil inmheánach agus trádáil sheachtrach an fhiadhúlra sa Ghuáin.

Cleachtais saothair, shábháilte agus neamh‑idirdhealaitheacha

An tAcht um Fhostú Daoine Óga agus Leanaí, Caib. 99:01

Acht chun Coinbhinsiúin áirithe a bhaineann le fostú daoine óga agus leanaí a chur chun feidhme.

An tAcht Saothair, Caib. 98:01

Acht lena ndéantar foráil maidir le Roinn Saothair a bhunú, chun an caidreamh idir fostóirí agus fostaithe a rialáil agus chun aon aighneas a réiteach eatarthu.

Ordú Náisiúnta Saothair (Íosphá), Uimh. 15 de 2016

Tacaíonn na Rialacháin sin le cur chun feidhme an Achta Saothair, Caib. 98:01.

An tAcht um Chosc ar Idirdhealú, Caib. 99:09

Acht lena ndéantar foráil maidir le deireadh a chur le hidirdhealú i réimsí na fostaíochta, na traenála, na hearcaíochta agus i mballraíocht gnólachtaí gairmiúla, agus maidir le cur chun cinn nó luach saothair comhionann d’fhir agus do mhná i bhfostaíocht a dhéanann obair ar comhionann a luach, agus maidir le cúrsaí a bhaineann leis an méid sin.

An tAcht um Árachas Náisiúnta agus Slándáil Shóisialta, Caib. 36:01

Acht chun córas um árachas náisiúnta agus slándáil shóisialta a bhunú lena soláthraítear íocaíochtaí airgid trí shochar seanaoise, sochar éagumais, sochar marthanóra, sochar breoiteachta, sochar máithreachais agus sochar sochraide, agus chun córas árachais in aghaidh díobhála nó báis de dheasca timpiste a thiocfadh as fostaíocht nó le linn na fostaíochta sin nó a tharla mar gheall ar ghalar a bhaineann leis an gcineál fostaíochta, chun córas mar sin a chur in ionad cúitimh faoin Workmen’s Compensation Ordinance [Ordanás Cúitimh don Lucht Oibre]; Ciste Árachais Náisiúnta a bhunú; foráil a dhéanamh maidir le cúrsaí a ghabhann nó a bhaineann leis an méid sin.

Na Rialacháin maidir le hÁrachas Náisiúnta agus Slándáil Shóisialta (Ranníocaíochtaí a Bhailiú)

Tacaíonn na Rialacháin sin le cur chun feidhme an Achta um Árachas Náisiúnta agus Slándáil Shóisialta, Caib. 36:01.

Sláinte agus sábháilteacht ag an obair

An tAcht um Shláinte agus Sábháilteacht ag an Obair, Caib. 99:10

Acht lena ndéantar foráil maidir le heagrais tionscail a chlárú agus a rialáil, maidir le sláinte agus sábháilteacht na ndaoine ag an obair, agus chun críoch a bhaineann leis sin nó le hábhair a bhaineann leis sin.

Airgeadas agus trádáil

An tAcht Cánach Ioncaim, Caib. 81:01

Acht chun Cáin a ghearradh ar Ioncaim agus chun bailiú na n‑ioncam sin a rialáil.

An tAcht Cánach Corparáide, Caib. 81:03

Acht chun cáin a ghearradh as brabúis cuideachtaí agus chun críoch a bhaineann leis sin.

Acht na gCuideachtaí, Caib. 89:01

Acht chun an dlí a bhaineann le Cuideachtaí a athbhreithniú agus a leasú, agus chun foráil a dhéanamh maidir le cúrsaí a bhaineann leis sin nó a thiocfadh as sin.

An tAcht um Ainmneacha Gnólachtaí (Clárú), Caib. 90:05

Acht chun foráil a dhéanamh maidir le Gnólachtaí agus Daoine a chlárú ag a bhfuil Gnó ar siúl faoi Ainmneacha Gnó chun críoch a bhaineann leis sin.

An tAcht um Chomhpháirtíocht, Caib. 89:02

Acht chun Dlí na Comhpháirtíochta a fhógairt agus a leasú.

Acht na gCara-chumann, Caib. 36:04

Acht lena ndéantar foráil maidir le Cara-chumainn agus Cumainn eile a Bhunú, a Chlárú, a Ionchorprú agus a Bhainistiú.

Acht na gComharchumann, Caib. 88:01

Acht chun foráil a dhéanamh maidir le Comharchumainn a bhunú agus maidir le hoibríochtaí Comharchumann a rialáil.

Pobail dhúchasacha

Acht na Meir-Indiach, Caib. 29:01

Acht lena ndéantar foráil maidir le cearta comhchoiteanna na Sráidbhailte agus Pobal Meir-Indiach a aithint agus a chosaint, le talamh a dheonú do Shráidbhailte agus Pobail Mheir-Indiacha, agus le dea-rialachas a chur chun cinn sna Sráidbhailte agus sna Pobail Mheir-Indiacha.

Na tagairtí dlíthiúla is infheidhme le haghaidh chur chun feidhme agus léirmhíniú an Chomhaontaithe seo agus le haghaidh fheidhmiú foriomlán Chóras na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid:

   An Bunreacht, Caib. 1:01

   An tAcht um Rochtain ar Fhaisnéis 2011, Acht Uimh. 21 de 2011

   An tAcht Custam, Caib. 82:01

   An tAcht um Chomhchearta, Caib. 38:01

   An tAcht um Choimisiún Foraoiseachta na Guáine, Uimh. 20 de 2007

   conarthaí idirnáisiúnta ábhartha, coinbhinsiúin ábhartha, dearbhuithe ábhartha agus comhaontuithe déthaobhacha ábhartha ina bhfuil an Ghuáin ina páirtí.

Tabharfar na doiciméid seo a leanas atá ann cheana cothrom le dáta le linn chéim feidhmiúcháin CGDDA:

1.    Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Bheaga)

2.    Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Mhóra)


3.    Lámhleabhar Nósanna Imeachta RBAF

4.    Lámhleabhar Nósanna Imeachta RFF

5.    Lámhleabhar Nósanna Imeachta an Rannáin Airgeadais

6.    Treoirlínte CRA

Cruthófar na doiciméid seo a leanas atá ann cheana le linn chéim feidhmiúcháin CGDDA

1.    Lámhleabhar CGDDA um Nósanna Imeachta le haghaidh fíorú

2.    An Lámhleabhar nósanna imeachta maidir le táirgí adhmaid allmhairithe a rialú

________________



IARSCRÍBHINN III

NA COINNÍOLLACHA A RIALAÍONN TÁIRGÍ ADHMAID
ARNA nONNMHAIRIÚ ÓN nGUÁIN AGUS ARNA gCUMHDACH LE CEADÚNAS FLEGT

A SCAOILEADH I SAORCHÚRSAÍOCHT SAN AONTAS

I.    An ceadúnas a thaisceadh

1.    Taiscfear an ceadúnas le húdaráis inniúla Bhallstát an Aontais ina ndearbhaítear go scaoilfear an lastas a chumhdaítear leis an gceadúnas sin i saorchúrsaíocht 15 . Féadfar é sin a dhéanamh go leictreonach nó trí mhodhanna gasta eile.

2.    I gcomhréir leis na nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme, cuirfidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe 1 na húdaráis custaim ar an eolas a luaithe a ghlacfar ceadúnas.


II.    Seiceálacha ar bhailíocht na doiciméadachta ceadúnais

1.    Beidh ceadúnais pháipéir i gcomhréir leis an múnla a thuairiscítear in Iarscríbhinn IV. Aon cheadúnas nach gcomhlíonfaidh na ceanglais agus na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, beidh sé neamhbhailí.

2.    Measfar ceadúnas a bheith ar neamhní má thaiscfear é ar dháta is déanaí ná an dáta éaga a shonraítear ar an gceadúnas.

3.    Ní ghlacfar le haon léirscriosadh nó leasú ar cheadúnas ach amháin má dhéanann an túdarás ceadúnúcháin an scriosadh nó an leasú sin a bhailíochtú.

4.    Ní glacfar le síneadh ar bhailíocht an cheadúnais ach amháin má dhéanann an túdarás ceadúnúcháin an síneadh sin a bhailíochtú.

5.    Ní ghlacfar le ceadúnas dúblach nó athsholáthair ach amháin má dhéanann an túdarás ceadúnúcháin é a eisiúint agus a bhailíochtú.

III.    Iarrataí ar fhaisnéis bhreise

1.    I gcás ina bhfuil amhras ann faoi bhailíocht nó faoi bharántúlacht ceadúnais, ceadúnais dúblaigh nó ceadúnais athsholáthair, féadfaidh an túdarás inniúil san Aontas faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás ceadúnúcháin.


2.    Féadfar cóip den cheadúnas, an dúblach nó an ceadúnas athsholáthair atá i gceist a chur ar aghaidh in éineacht leis an iarraidh.

3.    Más gá, tarraingeoidh an túdarás ceadúnúcháin an ceadúnas siar agus eiseoidh sé cóip cheartaithe, cóip a fhíordheimhneofar leis an bhformhuiniú stampáilte ʻDúblach agus a chuirfear ar aghaidh chuig an údarás inniúil.

IV.    Comhréireacht an cheadúnais leis an lastas a fhíorú

1.    Má mheastar gur gá fíorú breise a dhéanamh ar an lastas sula mbeidh an túdarás inniúil in ann cinneadh a dhéanamh cibé acu an féidir glacadh le ceadúnas, féadfaidh seiceálacha a dhéanamh lena fháil amach an bhfuil an lastas i gceist i gcomhréir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar an gceadúnas nó leis na taifid a bhaineann leis an gceadúnas ábhartha atá i seilbh an údaráis ceadúnúcháin.

2.    I gcás nach nimíonn toirt nó meáchan na dtáirgí adhmaid atá sa lastas a tíolacadh lena scaoileadh i saorchúrsaíocht níos mó ná 10 % ón toirt nó ón meáchan a léirítear ar an gceadúnas comhfhreagrach, measfar go mbeidh an lastas i gcomhréir leis an bhfaisnéis a tugadh ar an gceadúnas a mhéid a bhaineann le toirt nó meáchan.

3.    I gcás ina bhfuil amhras ann an bhfuil an lastas i gcomhréir leis an gceadúnas FLEGT, féadfaidh an túdarás inniúil lena mbaineann soiléiriú breise a lorg ón údarás ceadúnúcháin.


4.    Féadfaidh an túdarás ceadúnúcháin a iarraidh ar an údarás inniúil cóip den cheadúnas nó den cheadúnas athsholáthair atá i gceist a sheoladh.

5.    Más gá, tarraingeoidh an túdarás ceadúnúcháin an ceadúnas siar agus eiseoidh sé cóip cheartaithe, cóip a fhíordheimhneofar leis an bhformhuiniú stampáilte ʻDúblach agus a chuirfear ar aghaidh chuig an údarás inniúil.

6.    I gcás nach bhfaigheann an túdarás inniúil aon fhreagra laistigh de 21 lá féilire ón iarraidh ar shoiléiriú breise a dhéanamh, ní ghlacfaidh an túdarás inniúil leis an gceadúnas agus gníomhóidh sé i gcomhréir leis an reachtaíocht agus na nósanna imeachta is infheidhme.

7.    Ní ghlacfar le ceadúnas más rud é go bhfuil sé cruthaithe, tar éis faisnéis bhreise a sholáthar i gcomhréir le roinn III i gcás inarb iomchuí, nó tar éis imscrúdú breise a dhéanamh i gcomhréir leis an roinn seo, nach bhfuil an ceadúnas i gcomhréir leis an lastas.

V.    Fíorú roimh theacht an lastais

1.    Féadfar ceadúnas a thaisceadh sula dtiocfaidh an lastas a chumhdaíonn sé.

2.    Glacfar le ceadúnas má chomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, agus má mheastar nach gá aon fhíorú breise a dhéanamh i gcomhréir le ranna III agus IV den Iarscríbhinn seo.


VI.    Cúrsaí eile

1.    Maidir leis na costais a thabhófar agus an fíorúchán i gcomhréir le ranna III agus IV den Iarscríbhinn seo á thabhairt chun críche, beidh siad sin ar chostas an allmhaireora, seachas i gcás ina gcinnfear a mhalairt tríd an reachtaíocht agus na nósanna imeachta is infheidhme i mBallstáit an Aontais.

2.    I gcás ina dtiocfaidh ann deasaontais nó deacrachtaí leanúnacha mar gheall ar fhíorú ceadúnas de chuid FLEGT, féadfar an cheist a chur faoi bhráid an Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe.

VII.    Scaoileadh i saorchúrsaíocht

1.    I mbosca 44 den Doiciméad Riaracháin Aonair ar a ndéantar an dearbhú custaim maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht, déanfar tagairt duimhir an cheadúnais a chumhdaíonn na táirgí adhmaid atá faoi réir an dearbhaithe.

2.    I gcás ina ndéanfar an dearbhú custaim trí bhíthin ríomhaireachta, tabharfar an tagairt sa bhosca iomchuí.

3.    Ní scaoilfear táirgí adhmaid i saorchúrsaíocht ach amháin tar éis na nósanna imeachta a thuairiscítear san Iarscríbhinn seo a chríochnú.

________________



IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS AGUS SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA LE hAGHAIDH CHEADÚNAIS FLEGT

1.    Ceanglais ghinearálta a bhaineann le ceadúnais FLEGT

1.1.    Ní mór ceadúnas FLEGT a bheith ag aon lastas táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo agus a onnmhairítear ón nGuáin go dtí an tAontas. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 agus leis an gComhaontú seo, ní ghlacfaidh an tAontas le lastais den chineál sin ón nGuáin le hallmhairiú chuig an Aontas ach amháin má tá siad cumhdaithe le ceadúnais FLEGT.

1.2.    I gcomhréir le pointe (c) dAirteagal 2 den Chomhaontú seo, is doiciméad é ceadúnas FLEGT a eisíonn údarás ceadúnúcháin lena ndeimhnítear gur táirgeadh go dleathach agus gur fíoraíodh lastas táirgí adhmaid atá ceaptha lena nonnmhairiú chuig an Aontas i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos sa Chomhaontú seo.

1.3.    Féadfar ceadúnais FLEGT a eisiúint i bhfoirm leictreonach nó ar pháipéar.

1.4.    Eiseofar ceadúnas FLEGT le haghaidh lastas aonair ceadúnaí aonair agus chuig pointe iontrála tosaigh san Aontas. Ní dhéanfar aon cheadúnas FLEGT aonair amháin a dhearbhú ag níos mó ná oifig chustaim amháin san Aontas.


1.5.    Cuirfear an fhaisnéis a shonraítear i bhFoscríbhinn 1 den Iarscríbhinn seo ar fáil ar cheadúnais pháipéir nó leictreonacha, i gcomhréir leis na nótaí treorach a leagtar amach i bhFoscríbhinn 2 den Iarscríbhinn seo.

1.6.    Cuirfidh an tiarratasóir an ceadúnas FLEGT agus an deimhniú onnmhairiúcháin, i gcás onnmhairiú chuig an Aontas, nó an deimhniú onnmhairiúcháin agus é sin amháin, i gcás onnmhairiú chuig cinn scríbe eile, faoi bhráid an aonaid Oibríochtaí Custaim, Máil agus Trádála (CETO), agus cuirfidh an tiarratasóir na doiciméid is gá i gceangal leis sin. Maidir leis na nósanna imeachta um eisiúint an cheadúnais FLEGT agus an deimhnithe onnmhairiúcháin, agus iad ag feidhmiú i gcomhar lena ndoiciméid Chustaim faoi seach, tabharfar chun críche iad le linn chéim feidhmiúcháin CGDDA.

1.7.    I gcás lastais chasta, lena náirítear cineálacha éagsúla táirgí adhmaid, nach bhféadfaí gach faisnéis is gá dá dtagraítear i dTeimpléad 1 i bhFoscríbhinn 1 a chur san áireamh, cuirfear ceangaltán údaraithe (tuairisc ar earraí breise i gceangal leis an gceadúnas FLEGT) leis an gceadúnas. Áireofar sa cheangaltán údaraithe faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil a bhaineann leis an tuairisc ar an lastas mar a shonraítear i dTeimpléad 2 i bhFoscríbhinn 1. Sa chás sin, ní bheidh faisnéis faoin lastas san áireamh sna boscaí comhfhreagracha (boscaí uimhir 9 go dtí 16) ar an gceadúnas, ach beidh tagairt don cheangaltán údaraithe san áireamh.

1.8.    Cuirfear na ceanglais mhionsonraithe agus na nósanna imeachta chun an bhailíocht a shíneadh, agus chun sainiú a dhéanamh ar chealú agus ar bhainistiú cheadúnais FLEGT, chun críche le linn chéim feidhmiúcháin CGDDA. Cuirfear na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh agus chun ceadúnas FLEGT a eisiúint ar fáil don phobal.


1.9.    Cuirfidh an Ghuáin cóip fhíordheimhnithe den cheadúnas FLEGT, samplaí de stampaí an údaráis ceadúnúcháin, agus samplaí de shínithe na foirne údaraithe ar fáil don Aontas.

1.10.    I gcás gach ceadúnas FLEGT a dhéanfar a fhormheas, eiseofar an chóip bhunaidh agus na cóipeanna di don cheadúnaí i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

1.11.    Tá na táirgí adhmaid a chosnaítear faoin gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) faoi réir an fhíoraithe dlíthiúlachta faoi réir CGDDA agus beidh siad cumhdaithe le ceadúnas FLEGT.

1.12.    Roimh onnmhairiú, áiritheoidh Údarás Bainistíochta CITES na Guáine go bhfuil ceanglais uile CGDDA á gcomhlíonadh ag adhmad atá faoi réir fhorálacha CITES, nó ag na táirgí ina bhfuil adhmad den chineál sin. Eiseoidh Údarás Bainistíochta CITES na Guáine ceadanna CITES le haghaidh lastais chuig Aontas nach bhfuil ach adhmad atá faoi réir fhorálacha CITES ná táirgí ina bhfuil táirge adhmaid.

2.    Freagracht an údaráis ceadúnúcháin FLEGT

2.1.    Is é an tAonad um Dhlíthiúlacht agus Trádáil Adhmaid (ADTA) de chuid Choimisiún Foraoiseachta na Guáine a bheidh ina údarás ceadúnúcháin.


2.2.    Leagfar síos agus saineofar ceanglais inniúlachta dfhoireann, do struchtúir bhainistíochta agus do rialuithe inmheánacha an údaráis ceadúnúcháin sula mbeidh córas ceadúnúcháin FLEGT oibríochtúil.

2.3.    Cuirfidh an túdarás ceadúnúcháin FLEGT an tAonad um Chórais Faisnéise Bainistíochta (ACFB) ar an eolas faoi na foirmeacha iarratais onnmhairiúcháin a fuarthas agus a diúltaíodh agus faoi na ceadúnais FLEGT a eisíodh.

2.4.    Forbróidh an túdarás ceadúnúcháin córas uimhrithe do cheadúnais FLEGT, córas lena gcumasófar idirdhealú idir ceadúnais FLEGT atá ceaptha do mhargadh an Aontais agus gach doiciméad onnmhairiúcháin eile a bhfuil ceanglas reachta ina leith.

2.5.    Ní eiseoidh an túdarás ceadúnúcháin FLEGT ach aon síneadh amháin, síneadh a mhairfidh ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí, ar iarraidh ón gceadúnaí. Déanfaidh an túdarás ceadúnúcháin an dáta éaga nua a chur isteach agus a bhailíochtú.

2.6.    In aon chás, nuair atá bailíocht, tarraingt siar nó ionadú an cheadúnais FLEGT á shíneadh, cuirfidh an túdarás ceadúnúcháin údarás inniúil Bhallstát ábhartha an Aontais ar an eolas faoi sin.

2.7.    Féachfaidh an túdarás ceadúnúcháin FLEGT le bailíocht cheadúnais FLEGT a áirithiú agus le haon léirscriosadh nó leasuithe a chosc.


2.8.    Déanfar córas ceadúnúcháin FLEGT a nascadh de réir a chéile le Córas Ionaid Ilfhreastail na Guáine a bunaíodh faoin Acht um Chóras Ionaid Ilfhreastail Custaim agus Trádála, Uimh. 15 de 2019, le haghaidh onnmhairiú ón nGuáin, nuair is féidir sin agus nuair atá na dálaí ann chuige.

2.9.    Tá an túdarás ceadúnúcháin FLEGT freagrach as an malartú faisnéise is gá idir an Ghuáin agus údaráis inniúla FLEGT Bhallstáit an Aontais, chomh maith le húdaráis inniúla eile na Guáine i gcás saincheisteanna a bhaineann le ceadúnais FLEGT.

3.    An nós imeachta um eisiúint cheadúnais FLEGT

Baineann na céimeanna seo a leanas le bainistíocht cheadúnais FLEGT.

3.1.    I gcás gach lastais, cuirfidh an Rannán um Fhaireachán ar Fhoraoisí (RFF) iarratas onnmhairiúcháin faoi bhráid an údaráis ceadúnúcháin FLEGT, agus fógra á thabhairt don údarás ceadúnúcháin go bhfuil iarraidh ar onnmhairiú táirgí adhmaid déanta ag an OEF, agus go comhlíonann sé ceanglais onnmhairiúcháin RFF.

3.2.    Tar éis dó an fhoirm iarratais onnmhairiúcháin a fháil, déanfaidh an túdarás ceadúnúcháin FLEGT seiceálacha ar an mBunachar Faisnéise Lárnach (CID) chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an OEF ceanglais CGDDA.

3.3.    Tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar an bhFoirm Iarratais Onnmhairiúcháin agus seiceálacha a dhéanamh ar CID, agus a luaithe a ndearbhófar go gcomhlíonann an OEF ceanglais Chóras na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA), eiseoidh an túdarás ceadúnúcháin FLEGT an ceadúnas FLEGT don lastas comhfhreagrach.


3.4.    Mura gcomhlíonann an OEF ceanglais CGDDA, cuirfidh an túdarás ceadúnúcháin FLEGT an OEF ar an eolas faoi na cásanna neamhchomhlíonta a sainaithníodh, agus beidh seans ag an OEF dul i ngleic leo. Mura bhfuil an OEF in ann dul i ngleic leis na cásanna neamhchomhlíonta sin, diúltóidh an túdarás ceadúnúcháin foirm iarratais onnmhairiúcháin an lastais chomhfhreagraigh.

3.5.    Eiseofar ceadúnas FLEGT sula ndéanfaidh CETO imréiteach custaim ar an lastas.

3.6.    Aon adhmad a liostaítear in Iarscríbhinn I chun críoch samplaí agus taisealbhaidh, beidh sé sin faoi réir scéim ceadúnúcháin FLEGT freisin nuair a onnmhairítear é chuig an Aontas.

3.7.    I gcás cheadúnas FLEGT uile, cuirfidh an túdarás ceadúnúcháin FLEGT cóipeanna leictreonacha ar fáil dúdarás custaim agus údarás inniúil ábhartha an Aontais.

3.8.    Coinneofar gach taifead a bhaineann le heisiúint cheadúnais FLEGT in CID, lena náirítear iad siúd a diúltaíodh.

3.9.    Forbrófar na foirmeacha agus na nósanna imeachta ábhartha um chur isteach ar cheadúnas FLEGT agus cuirfear ar fáil don phobal iad sula mbeidh scéim ceadúnúcháin FLEGT oibríochtúil.

Léaráid den sreabhadh faisnéise

Cuir isteach na ndoiciméad le honnmhairiú

Fíorú comhdhlúthaithe ar chomhlíonadh cheanglais CGDDA

Cinneadh maidir le ceadúnas FLEGT a eisiúint

Eochair

   Cuireann RFF Foirm Iarratais Onnmhairiúcháin isteach

   Neamhchomhlíontach (Diúltaíonn ADTA don fhoirm iarratais onnmhairiúcháin agus cuireann sé an OEF ar an eolas faoi na cásanna neamhchomhlíonta)

   Comhlíontach (Eisíonn ADTA ceadúnas FLEGT don OEF)

   Sreabhadh faisnéise CGDDA (lena náirítear nósanna imeachta onnmhairithe)

4.    Sonraíochtaí teicniúla maidir le ceadúnais FLEGT ar pháipéar

4.1.    Beidh ceadúnais pháipéir i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar amach i bhFoscríbhinn 1.

4.2.    Méid chaighdeánach A4 a bheidh sa pháipéar agus beidh comharthaí uisce ann de lógó agus de séala Choimisiún Foraoiseachta na Guáine (CFG).

4.3.    Déanfar na ceadúnais a chomhlánú trí chlóscríobhán nó ríomhaire a úsáid agus, más gá, is féidir iad a chomhlánú de láimh.

4.4.    Bainfidh an túdarás ceadúnúcháin úsáid as stampa miotail arna dhéanamh as cruach.

4.5.    Bainfidh an túdarás ceadúnúcháin úsáid as modh crioscaíldíonach chun an méid atá sannta a thaifead ar chaoi a fhágfaidh nach féidir figiúirí nó tagairtí a chur isteach.

4.6.    Ní bheidh aon scriosadh ná athrú ar an bhfoirm, ach amháin má dhéanfar an léirscriosadh ná an tathrú sin a bhailíochtú le stampa agus síneadh ón údarás ceadúnúcháin.

4.7.    Déanfar na ceadúnais a chló agus a líonadh isteach i mBéarla.


5.    Sonraíochtaí teicniúla maidir le ceadúnais FLEGT leictreonacha

5.1.    Féadfar ceadúnais FLEGT a eisiúint agus a phróiseáil le córais leictreonacha arna bhforbairt i gcomhthéacs CGDDA.

5.2.    Sna Ballstáit den Aontas nach bhfuil nasc acu le córas leictreonach, cuirfear ceadúnas ar pháipéar ar fáil.

6.    Cóipeanna de cheadúnais FLEGT

6.1.    Dréachtófar ceadúnas FLEGT mar cheadúnas bunaidh amháin agus ceithre chóip de, mar seo a leanas:

(i)    ʻAn chóip bhunaidh don údarás inniúil;

(ii)    ʻCóip don Lucht Custaim ag an gceann scríbe;

(iii)    ʻCóip don Allmhaireoir;

(iv)    ʻCóip don Údarás Ceadúnúcháin;

(v)    ʻCóip don Cheadúnaí;


6.2.    Tabharfar na ceadúnais FLEGT a bhfuil ʻAn chóip bhunaidh don údarás inniúil, ʻCóip don Allmhaireoir, ʻCóip don allmhaireoir agus ʻCóip don Lucht Custaim ag an gceann scríbe orthu don cheadúnaí, agus seolfaidh sé chuig an allmhaireoir iad.

6.3.    Taiscfidh an tallmhaireoir an chóip bhunaidh leis an údarás inniúil agus chóip ábhartha le húdaráis custaim Bhallstát an Aontais ina ndearbhaítear go scaoilfear an lastas a chumhdaítear leis an gceadúnas sin i saorchúrsaíocht. Coinneoidh an tallmhaireoir an chóip a bhfuil ʻCóip don Allmhaireoir air le haghaidh thaifid an allmhaireora.

6.4.    Coinneoidh an túdarás ceadúnúcháin an chóip a bhfuil ʻCóip don Údarás Ceadúnúcháin air le haghaidh a chuid taifead féin agus chun go bhféadfaí na ceadúnais a eisíodh a fhíorú amach anseo.

6.5.    Coinneoidh an ceadúnaí an chóip a bhfuil ʻCóip don Cheadúnaí air le haghaidh a chuid taifead féin.

6.6.    Cuirfear cóipeanna leictreonacha den cheadúnas FLEGT ar fáil dúdarás custaim agus údarás inniúil ábhartha an Aontais.

6.7.    Cuirfidh an túdarás ceadúnúcháin cóip den cheadúnas FLEGT sa chartlann agus stórálfaidh an tAonad um an gCóras Faisnéise Bainistíochta cóip leictreonach in CID.


7.    Bailíocht, tarraingt siar agus ionadú cheadúnais FLEGT

7.1.    Bailíocht agus cailleadh bailíochta cheadúnais FLEGT

Beidh ceadúnais FLEGT bailí ó lá a n‑eisiúna agus beidh siad bailí go ceann sé mhí ó dháta a n‑eisiúna. Léireofar an dáta éaga ar na ceadúnais FLEGT.

Ní bheidh ceadúnais FLEGT bailí agus tabharfar ar ais don údarás ceadúnúcháin iad i gcás inar cailleadh nó inar scriosadh na táirgí adhmaid a chumhdaítear leis an gceadúnas le linn a loingsithe roimh theacht isteach san Aontas nó i gcás nach ndearnadh an t‑onnmhairiú agus nár iarr an ceadúnaí síneadh ama.

7.2.    An ceadúnas FLEGT a tharraingt siar

Tarraingeofar siar an ceadúnas FLEGT sna cásanna seo a leanas:

   i gcás ina ndearna an ceadúnaí sárú a bhaineann leis an lastas ar sárú é a sainaithníodh tar éis eisiúint an cheadúnais FLEGT; agus

   i gcás inar chuir an ceadúnaí an ceadúnas ar ais go deonach tar éis dó a chinneadh nach mbainfeadh sé úsáid as.


7.3.    An ceadúnas FLEGT a athsholáthar

I gcás ina gcaillfear, ina ngoidfear nó ina scriosfar ceadúnas FLEGT, féadfaidh an ceadúnaí nó ionadaí údaraithe iarratas a chur chuig an údarás ceadúnúcháin ar cheadúnas athsholáthair, agus údar á thabhairt maidir le cailleadh, goideadh nó scriosadh na cóipe bunaidh agus/nó na cóipe.

A luaithe a bheidh an t‑údarás ceadúnúcháin sásta leis an mbonn cirt atá le hionadú an cheadúnais, eiseoidh sé an ceadúnas athsholáthar tar éis dó an t‑iarratas a fháil ón gceadúnaí.

Ar cheadúnais athsholáthair FLEGT beidh an fhaisnéis agus na sonraí céanna a bhí ar cheadúnas FLEGT bunaidh, lena n‑áirítear uimhir cheadúnas FLEGT agus beidh na focail ʻCeadúnas Athsholáthair’ ar an gceadúnas athsholáthair FLEGT.

I gcás ina n‑aimseofar an ceadúnas a cailleadh nó a goideadh, ní úsáidfear arís é agus tabharfar ar ais don údarás ceadúnúcháin é.

7.4.    Iarratas nua ar cheadúnas FLEGT

Iarrfaidh an t‑onnmhaireoir ceadúnas FLEGT nua aon uair a thiocfaidh athrú ar an táirge adhmaid, ar chód CC, ar an speiceas nó ar an líon aonad, nó aon athrú níos mó ná 10 % ar mheáchan nó toirt an lastais i gcomparáid leis an gceadúnas FLEGT.


8.    Bainistiú ar neamhchomhlíonadh a bhaineann le ceadúnas FLEGT

I gcás aon sárú nó faisnéis chalaoiseach a bhaineann le táirgí adhmaid, nó aon bhrionnú, athrú nó modhnú ar fhaisnéis ar an gceadúnas FLEGT, nó sárú ar rialacháin na gceadúnas FLEGT, cuirfidh an t‑údarás ceadúnúcháin pionóis i bhfeidhm mar a fhorordaítear i ndlíthe na Guáine.

9.    Amhras faoi bhailíocht ceadúnais a láimhseáil

9.1.    I gcás ina bhfuil amhras ann faoi bhailíocht nó faoi bharántúlacht ceadúnais, ceadúnais dúblaigh nó ceadúnais athsholáthair, féadfaidh an túdarás inniúil san Aontas faisnéis bhreise a iarraidh ar an údarás ceadúnúcháin.

9.2.    Má mheastar gur gá, féadfaidh an túdarás ceadúnúcháin a iarraidh ar an údarás inniúil cóip den cheadúnas nó den cheadúnas athsholáthair atá i gceist a sheoladh.

9.3.    Más mheasann an túdarás ceadúnúcháin gur gá, tarraingeoidh sé an ceadúnas siar agus eiseoidh sé cóip bhunaidh cheartaithe, cóip a fhíordheimhneofar leis an bhformhuiniú stampáilte ʻDúblach agus a chuirfear ar aghaidh chuig an údarás inniúil.

9.4.    Má dheimhnítear bailíocht an cheadúnais, tabharfaidh an túdarás ceadúnúcháin fógra don údarás inniúil láithreach, trí mheán leictreonach más féidir. Aon chóipeanna a chuirfidh an túdarás inniúil ar ais, déanfar iad a fhíordheimhniú leis an bhformhuiniú stampáilte ʻArna bhailíochtú ar an.


9.5.    I gcás nach bhfuil an ceadúnas i dtrácht bailí, tabharfaidh an túdarás ceadúnúcháin fógra don údarás inniúil láithreach, trí mheán leictreonach más féidir, agus déanfaidh an dá Údarás bearta iomchuí.


FOSCRÍBHINNÍ

1.    Foirm cheadúnais (teimpléid 1 agus 2).

2.    Nótaí treorach



Foscríbhinn 1

Teimpléad 1: Formáid an cheadúnais FLEGT

An tAontas Eorpach    FLEGT

1

1. Údarás Eisiúna

Ainm

Seoladh

2. Allmhaireoir

Ainm

Seoladh

LEAGAN BUNAIDH

3. Uimhir an Cheadúnais FLEGT

4. Dáta éaga (LL/MM/BBBB)

5. Tír an onnmhairithe

7. Modh iompair

6. Cód ISO

8. Ceadúnaí (ainm agus seoladh)

9. Tuairisc thráchtála ar tháirgí adhmaid

10. Ceannteideal CC

1

11. Ainmneacha coitianta agus eolaíocha

12. Tíortha na lománaíochta

13. Cóid ISO na dtíortha lománaíochta

14. Toirt (m3)

15. Meáchan glan (kg)

16. An líon aonad

17. Marcanna sainiúla (más ann dóibh)

18 Síniú agus stampa an údaráis eisiúna

Ainm

Áit agus dáta



Teimpléad 2: faisnéis bhreise le haghaidh lastais chasta

BAINEANN AN FHAISNÉIS SEO A LEANAS LEIS AN gCEADÚNAS FLEGT:

Ceadúnas Uimh. .......

Dáta éaga:.........

Ainm an cheadúnaí: ........

Ainm an allmhaireora:.........

Uimhir na hítime

Tuairisc thráchtála ar na táirgí adhmaid

Ceannteideal CC

Ainmneacha coitianta agus eolaíocha

Tíortha na lománaíochta

Cód ISO na tíre lománaíochta

Toirt (m3)*

Meáchan glan (kg)*

An líon aonad

1

 

 

 

 

 

2

 

 

 

 

 

3

 

 

 

 

 

4

 

 

 

 

 

5

 

 

 

 

 

6

 

 

 

 

 

7

 

 

 

 

 

8

 

 

 

 

 

9

 

 

 

 

 

10

 

 

 

 

 

 

*Tá toirt nó meáchan riachtanach

Láthair na heisiúna

Dáta (LL/MM/BBBB):

Síniú agus stampa an údaráis eisiúna



Foscríbhinn 2

Nótaí treorach

Ginearálta:

   Líon isteach le ceannlitreacha.

   Is cóid tíre chaighdeánacha idirnáisiúnta dhá litir iad cóid ISO.

   An ʻLEAGAN BUNAIDH sin a luaitear i dTeimpléad 1, beidh sé riachtanach ceann de na nithe seo a leanas a chur ina ionad de réir cibé cé hé faighteoir na cóipe den cheadúnas: ʻCÓIP DON LUCHT CUSTAM AG AN gCEANN SCRÍBE, ʻCÓIP DON ALLMHAIREOIR, ʻCÓIP DON ÚDARÁS CEADÚNÚCHÁIN, ʻCÓIP DON CHEADÚNAÍ

Bosca 1

Údarás Eisiúna

Tabhair ainm agus seoladh iomlán an údaráis ceadúnúcháin.

Bosca 2

Allmhaireoir

Tabhair ainm iomlán agus seoladh iomlán an allmhaireora.

Bosca 3

Uimhir an cheadúnais FLEGT

Tabhair uimhir an cheadúnais san fhormáid a cheanglaítear agus bíodh an uimhir soiléir.

Bosca 4

Dáta Éagtha

Tabhair dáta éagtha an cheadúnais agus bíodh an dáta soiléir.

Bosca 5

Tír an onnmhairithe

Is é sin an tír chomhpháirtíochta (an Ghuáin) ónar onnmhairíodh na táirgí adhmaid chuig an Aontas.

Bosca 6

Cód ISO

Tabhair cód dhá litir na Guáine.

Bosca 7

Modh iompair

Tabhair an modh iompair ag an bpointe onnmhairithe.

Bosca 8

Ceadúnaí

Tabhair ainm agus seoladh an onnmhaireora.

Bosca 9

Tuairisc thráchtála ar tháirgí adhmaid

Tabhair an tuairisc thráchtála ar an táirge adhmaid / na táirgí adhmaid.

Bosca 10

Ceannteideal CC

An cód earraí ceithre nó sé dhigit a leagadh síos de bhun an Chórais Chomhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí agus a thugtar tuairisc air in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú seo.

Bosca 11

Ainmneacha coitianta agus eolaíocha

Tabhair gnáthainm agus ainm eolaíocha na speiceas adhmaid a úsáidtear sa táirge. I gcás ina bhfuil níos mó ná speiceas amháin san áireamh i dtáirge ilchodach, cuir ar línte ar leith iad. Féadfar an méid sin a fhágáil ar lár i gcás táirge nó comhpháirt táirge ilchodach ina bhfuil roinnt speiceas ar cailleadh a bhféiniúlacht (e.g. cáithnínchlár).

Bosca 12

Tíortha na lománaíochta

Tabhair na tíortha inar lománaíodh an speiceas adhmaid dá dtagraítear i mbosca 10. I gcás táirge ilchodach, tabhair an fhaisnéis sin maidir le foinsí uile an adhmaid a úsáideadh. Féadfar an méid sin a fhágáil ar lár i gcás táirge nó comhpháirt táirge ilchodach ina bhfuil roinnt speiceas ar cailleadh a bhféiniúlacht (e.g. cáithnínchlár).

Bosca 13

Cóid ISO

Tabhair cód ISO na dtíortha dá dtagraítear i mbosca 12. Féadfar an méid sin a fhágáil ar lár i gcás táirge nó comhpháirt táirge ilchodach ina bhfuil roinnt speiceas ar cailleadh a bhféiniúlacht (e.g. cáithnínchlár).

Bosca 14

Toirt (m3)

Tabhair an toirt fhoriomlán in m3. Féadfar an méid sin a fhágáil ar lár murar fágadh an fhaisnéis dá dtagraítear i mbosca 15 ar lár.

Bosca 15

Meáchan glan (kg)

Tabhair an meáchan foriomlán in kg. Is é an sainmhíniú a thugtar air sin glanmhais na dtáirgí adhmaid nach bhfuil coimeádáin ná pacáistiú go díreach orthu, seachas baill iompair, maidí ceangail, greamáin, etc. Féadfar an méid sin a fhágáil ar lár ach amháin má fágadh ar lár an fhaisnéis dá dtagraítear i mbosca 14.

Bosca 16

An líon aonad

Tabhair an líon aonad, más é sin an bealach is fearr chun táirge monaraithe a thomhas. Féadfar é a fhágáil ar lár.

Bosca 17

Marcanna sainiúla

Luaigh aon mharcanna sainiúla i gcás inarb iomchuí, e.g. uimhir luchtóige nó uimhir bille luchta. Féadfar é a fhágáil ar lár.

Bosca 18

Síniú agus stampa an údaráis eisiúna

Ní mór don oifigeach údaraithe an bosca seo a shíniú agus é a stampáil le stampa oifigiúil an údaráis ceadúnúcháin.

Ní mór ainm an tsínitheora a thabhairt, chomh maith leis an áit agus an dáta.

________________



IARSCRÍBHINN V

CÓRAS NA GUÁINE UM DHEARBHÚ DLÍTHIÚLACHTA ADHMAID (CGDDA)

1    RÉAMHRÁ

2    RAON FEIDHME CGDDA

2.1    Táirgí adhmaid a chumhdaítear le CGDDA

2.2    Foinsí adhmaid

2.3    Oibreoirí in earnáil na foraoise a chumhdaítear le CGDDA

2.4    Reachtaíocht agus nósanna imeachta is infheidhme

2.5    Róil agus freagrachtaí na neintiteas atá rannpháirteach i gcur chun feidhme CGDDA

2.6    Struchtúir a chur chun feidhme chun comhordú éifeachtach a áirithiú

3    TUAIRISC AR CGDDA

3.1    Leithdháileadh foraoise agus cearta lománaíochta

3.2    Sainmhíniú Dlíthiúlachta


3.3    Ceanglais CRA

3.4    Fíorú ar chomhlíonadh an phróisis leithdháilte, an tSainmhínithe Dlíthiúlachta agus cheanglais CRA

3.5    Bainistiú ar neamhchomhlíonadh

3.6    Fíorú comhdhlúite

3.7    Sonraí agus faisnéis a bhailiú agus a bhainistiú

3.8    Scéim ceadúnúcháin FLEGT

3.9    Iniúchóireacht neamhspleách

3.10    Sásra gearán le haghaidh CGDDA

3.11    Faireachán ar chur chun feidhme CGDDA

4    FEABHAS A CHUR AR CHÓRAIS A THACAÍONN LE CUR CHUN FEIDHME CGDDA

5    FOSCRÍBHINN


1    RÉAMHRÁ

Mar chuid d’iarrachtaí idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil a ghabhann léi, tá méadú tagtha ar líon na dtíortha a bhfuil bearta glactha acu chun cosc a chur ar an trádáil i dtáirgí adhmaid neamhdhleathacha. Tá an Comhaontú seo ina chomhlánú ar Straitéis Forbartha na Guáine i ndáil le Stát Glas. Agus an Comhaontú seo á chur chun feidhme aici, cuirfidh an Ghuáin lena córas dearbhaithe dlíthiúlachta chun an comhrac i gcoinne na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála a ghabhann léi a neartú a thuilleadh agus ráta ísle dífhoraoisithe agus díghrádaithe foraoisí a choinneáil.

Tá Córas na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA) bunaithe ar an gcreat dlíthiúil náisiúnta agus tá sé d’aidhm aige a áirithiú gur táirgí dleathacha iad táirgí adhmaid na Guáine. Chuige sin, bunóidh CGDDA córas inchreidte i dtaca le dlíthiúlacht adhmaid lena ráthaítear dlíthiúlacht na lománaíochta, an iompair agus na próiseála, chomh maith le honnmhairí agus allmhairí táirgí adhmaid. Áireofar leis seiceálacha ar chomhlíonadh chun dearbhú a thabhairt gur táirgeadh na táirgí adhmaid go dleathach, gan beann ar an margadh cinn scríbe atá beartaithe. Áiritheoidh sé go n‑eiseofar ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin le haghaidh lastais dhleathacha de tháirgí adhmaid go dtí margadh an Aontais agus nach n‑eiseofar ach deimhnithe onnmhairiúcháin le haghaidh na lastais atá beartaithe do gach margadh eile. Chomh maith leis sin, deimhneoidh CGDDA dlíthiúlacht na dtáirgí adhmaid allmhairithe.

Cuirfidh an Ghuáin lena Córas um Rianú Adhmad (CRA) agus lena córas rialúcháin eile Rialtais chun dlíthiúlacht a táirgí adhmaid a áirithiú. Is córas bunaithe ar chlibeanna agus páipéar é CRA reatha lena féidir faireacháin éifeachtúil a dhéanamh ar shruth na dtáirgí adhmaid atá beartaithe don trádáil intíre agus idirnáisiúnta. Beidh CRA nasctha le Sainmhíniú Dlíthiúlachta na Guáine, atá bunaithe ar an gcreat dlíthiúil náisiúnta, agus beidh sé ina chuid ríthábhachtach de CGDDA.


Mar chuid de mheastóireacht ar CRA reatha agus nósanna imeachta fíorúcháin rinneadh measúnú ar phraiticiúlacht agus inoibritheacht cheanglais CGDDA. Sainaithníodh freisin bearta agus bearnaí a bhfuiltear chun aghaidh a thabhairt orthu le linn na céime feidhmiúcháin chun dlíthiúlacht adhmaid a áirithiú trí sheiceálacha láidre, nósanna imeachta fíorúcháin agus nósanna imeachta bailíochtaithe.

Ar na bearta sin, tá cinn seo a leanas: comhar idirghníomhaireachtaí a neartú san earnáil phoiblí, go háirithe idir Coimisiún Foraoiseachta na Guáine (GCF) agus gníomhaireachtaí bainistíochta eile talún chun an próiseas leithdháilte talún a fheabhsú tuilleadh agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna gaolmhara; feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le hearnáil na foraoise; an creat dlíthiúil a neartú; uasghrádú a dhéanamh ar chóras bainistíochta sonraí agus cumarsáide CFG; agus nósanna imeachta fíorúcháin agus bailíochtaithe níos láidre a fhorbairt. Roinnt de na bearnaí arna sainaithint atá le líonadh lena n‑áirítear: córais a fhorbairt chun cásanna neamhchomhlíonta a shainaithint, a thaifeadadh agus a bhainistiú; gearáin a láimhseáil agus a réiteach; iniúchtaí tréimhsiúla le tríú páirtí a thionscnamh chun CGDDA a mheasúnú agus a fheabhsú; agus aonad ceadúnúcháin FLEGT a bhunú le haghaidh onnmhairí adhmaid. Chun a áirithiú go gcuirfear feabhas ar na réimsí sin arna sainaithint mar réimsí a bhfuil gá iad a neartú, cuirfear struchtúir cur chun feidhme ar bun.

Forbraíodh CGDDA trí phróiseas rannpháirtíocht le hilpháirtithe leasmhara arna chomhordú ag an Meitheal Náisiúnta Theicniúil. Ghlac formhór na bpáirtithe leasmhara tábhachtacha in earnáil foraoiseachta na Guáine agus grúpaí leasmhara eile páirt sa phróiseas seo. Thar roinnt cruinnithe a tionóladh ar fud na tíre, cuireadh faisnéis ar fáil do na páirtithe leasmhara tábhachtacha agus chuathas i gcomhairle leo faoin bpróiseas CCS. Comhaontaíodh mionsonraí ghnéithe éagsúla CGDDA a ghabhann leis an Iarscríbhinn seo ar bhonn comhthola leis na páirtithe leasmhara sin.


Is iad seo a leanas roinnt de na páirtithe leasmhara a bhí rannpháirteach i bhforbairt CGDDA: lománaithe, oibrithe muilte sábhadóireachta, déileálaithe adhmaid, onnmhaireoirí, allmhaireoirí agus iompróirí, agus gníomhairí custaim, chomh maith le hionadaithe na gcomhlachas lománaíochta, sráidbhailte agus pobail Mheir-Indiacha, eagraíochtaí neamhrialtasacha dúchasacha, agus Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais.

2    RAON FEIDHME CGDDA

2.1    Táirgí adhmaid a chumhdaítear le CGDDA

Na táirgí adhmaid a chumhdaítear le CGDDA agus lena gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí comhfhreagrach, tá siad san áireamh in Iarscríbhinn I. Breithneoidh na Páirtithe sin ar níos mó táirgí in Iarscríbhinn I a áireamh dhá bhliain tar éis tús a bheith curtha le ceadúnú FLEGT.

2.2    Foinsí adhmaid

Roinntear na foinsí adhmaid sna sé (6) phríomhchatagóir seo a leanas:

(a)    Is lamháltais bheaga iad limistéir atá 8097 heicteár nó níos lú ná sin. Ní mór go mbeadh údarú foraoise Stáit ag OEFanna na lamháltas beag, údarú a dfhéadfadh a bheith ina chead foraoise Stáit nó ina chomhaontú pobail maidir le bainistíocht foraoisí. Eisíonn CFG na húdaruithe foraoise Stáit sin ar feadh suas le dhá bhliain, faoi réir athnuachan coinníollach agus tá cuóta formheasta ag gabháil leo. Ní mór do lamháltais bheaga Cód Cleachtais Uimh. 1 2018 agus na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Bheaga) a chomhlíonadh. Níl sé riachtanach go mbeadh fardal réamhlománaíochta ag lamháltais bheaga.


(b)    Is éard is lamháltais mhóra ann limistéir is mó ná 8097 heicteár. Ní mór údarú foraoise Stáit arna dheonú ag CFG a bheith ag OEFanna na lamháltas mór. Is féidir leis na húdaruithe foraoise Stáit sin a bheith ina gcomhaontuithe lamháltais foraoise nó ina gceadanna taiscéalaíocha. Dfhéadfadh na comhaontuithe lamháltais foraoise a bheith ina gcomhaontuithe maidir le hadhmad a dhíol nó ina léasanna maidir le adhmad a ghearradh. Eisítear na ÚFSanna nuair atá cead taiscéalaíoch faighte ag an OEF, agus conradh suas le 40 bliain aige, atá faoi réir athnuachan coinníollach. Ní mór do lamháltais mhóra Cód Cleachtais Uimh.1 2018 agus na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Mhóra) a chomhlíonadh. Áireofar sa Chód forálacha maidir le plean bainistithe foraoise, plean oibríochta bliantúil agus fardal réamhlománaíochta arna dhéanamh ag an OEF, mar a shonraítear sna Treoirlínte maidir le Plean Bainistithe Foraoise.

(c)    Sráidbhaile Meir-Indiach – In Acht na Meir-Indiach, Caib. 29:01, sainmhínítear ʻtailte Sráidbhaile mar ʻghrúpa de Mheir-Indiaigh atá ina gcónaí ar thailte Sráidbhaile nó atá ag baint úsáide as tailte Sráidbhaile agus sainmhínítear tailte sráidbhaile mar ʻthailte ar le Sráidbhaile le chéile iad faoi theideal a deonaíodh do Chomhairle Sráidbhaile chun iad a choinneáil chun leasa an tSráidbhaile. Tugtar deonú iomlán nó deimhniú teidil do Chomhairle Sráidbhaile chun úinéireacht talún a léiriú. Bíonn Sráidbhaile Meir-Indiach ina OEF nuair atá conradh déanta aige le CFG lománaíocht tráchtála a dhéanamh laistigh de theorainneacha an tSráidbhaile Mheir-Indiaigh.

(d)    Tailte príobháideacha – In Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, sainmhínítear ʻtalamh príobháideach mar ʻthalamh nach talamh poiblí ná talamh Sráidbhaile é. Is faoi theideal nó aistriú cláraithe, nó faoi dheonú iomlán, a bhíonn talamh príobháideach i seilbh dhlíthiúil ag duine aonair nó ag comhlacht corpraithe. Bíonn úinéir talún príobháideach ina OEF nuair atá conradh déanta aige le CFG chun lománaíocht tráchtála a dhéanamh laistigh de theorainneacha na talún príobháidí.


(e)    Tailte Stáit 16 atá á nathrú – Is féidir táirgí adhmaid a tharrtháil ó thailte Stáit atá formheasta ag na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais ábhartha chun iad a athrú go húsáid neamhfhoraoise talún faoi na húdaruithe seo a leanas:

I.    Ceadúnas nó cead mianadóireachta – eisíonn Coimisiún Geolaíochta agus Mianach na Guáine ceadúnas nó cead mianadóireachta le haghaidh limistéar atá laistigh de thailte Stáit chun aon mhianra a chuardach, a bhaint, a thógáil nó a dhílsiú. Bíonn sealbhóir ceadúnais nó ceada mhianadóireachta ina OEF nuair atá sé údaraithe ag CFG dó táirgí adhmaid a tharrtháil laistigh de theorainneacha an limistéir sin.

II.    Léasanna– Is é Coimisiún Talún agus Suirbhéanna na Guáine a eisíonn léas le haghaidh limistéar atá laistigh de thailte Stáit chun críocha talmhaíochta nó gníomhaíochtaí eile. Bíonn sealbhóir léasa ina OEF nuair atá sé údaraithe ag CFG dó táirgí adhmaid a tharrtháil laistigh de theorainneacha an limistéir sin.

III.    Bonneagar (bóithre, stáisiún hidrileictreach, dambaí, etc.) – is í Oifig an Uachtaráin a dheonaíonn cead stáisiúin hidrileictreacha a thógáil. Is í an Aireacht Oibreacha Poiblí a dheonaíonn údaruithe na hoibreacha bonneagair uile eile a dhéanamh, bóithre agus droichid, cuir i gcás. Bíonn sealbhóir ar fhormheas bonneagair ina OEF nuair atá údarás tugtha ag CFG dó táirgí adhmaid a tharrtháil laistigh de theorainneacha an limistéir sin.


Chun adhmad a tharrtháil ó limistéar atá á n‑athrú (le haghaidh úsáid tráchtála) ní mór do shealbhóir d’aon cheann de na húdaruithe sin thuas clárú le CFG chun a bheith ina OEF agus na rialacha arna mbunú i roinn 3.3.3 CGDDA a leanúint. Más rud é nach bhfuil sé i gceist ag sealbhóir d’aon cheann de na húdaruithe sin thuas an t‑adhmad a úsáid chun críoch tráchtála nó maidir le haon úsáid laistigh den limistéar formheasta, ní gá don sealbhóir clárú le CFG agus ní bhíonn sé ina OEF. Sna cásanna sin, meastar gur adhmad tréigthe atá ann (féach roinn 3.3.10).

(f)    Táirgí adhmaid arna nallmhairiú - Bíonn allmhaireoir ina OEF nuair atá ceadúnas allmhairiúcháin eisithe ag CFG dó chun táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn I a allmhairiú.

(g)    Táirgí adhmaid urghafa – Déantar táirgí adhmaid a urghabháil nuair atá amhras ann go ndearnadh cion de shárú ar Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009. Is féidir le táirgí adhmaid urghafa dul isteach sa slabhra soláthair arís de bhun na nósanna imeachta a leagtar amach i roinn 3.3.10.

2.3    Oibreoirí in earnáil na foraoise a chumhdaítear le CGDDA

Déantar OEFanna a chatagóiriú bunaithe ar na cineálacha oibríochta seo a leanas, a bhaineann le lománaíocht adhmaid, agus allmhairiú, iompar, próiseáil, trádáil agus onnmhairiú táirgí adhmaid:

   ÚFSanna (lamháltais bheaga agus mhóra)

   Sráidbhailte Meir-Indiacha


   Tailte príobháideacha

   Tailte Stáit atá á nathrú

   Táirgí adhmaid a phróiseáil agus/nó a dhíol

   Táirgí adhmaid a onnmhairiú agus/nó a allmhairiú

2.4    Reachtaíocht agus nósanna imeachta is infheidhme

Leagtar amach sa Sainmhíniú Dlíthiúlachta an reachtaíocht is infheidhme (lena n‑áirítear rialacháin) atá mar bhonn taca do CGDDA (féach Foscríbhinn Iarscríbhinn II). Tá na píosaí reachtaíochta sin mar chuid den chreat is infheidhme d’earnáil foraoise na Guáine agus tacaíonn siad le hiarrachtaí na tíre i dtreo bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí (SFM). Tá sé d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil a ghabhann léi. Le cur chun feidhme éifeachtach an chreata dhlíthiúil náisiúnta a luaitear sa Chomhaontú seo, féachtar le rialachas foraoise maith a chur chun cinn agus inchreidteacht CGDDA a áirithiú.

2.5    Róil agus freagrachtaí na neintiteas atá rannpháirteach i gcur chun feidhme CGDDA

Liostaítear thíos na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais a bheidh rannpháirteach san fhíorú maidir leis an Sainmhínithe Dlíthiúlachta agus an rialú ar an slabhra soláthair a chomhlíonadh:

   CFG


   An tÚdarás Ioncaim

   An Aireacht um Ghnóthaí Meir-Indiacha

   An Aireacht Saothair

   An Bord Árachais Náisiúnta

   Coimisiún Talún agus Suirbhéanna na Guáine

   Coimisiún Geolaíochta agus Mianach na Guáine

   An Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil

   An tÚdarás um Ghníomhais agus Clárlanna Tráchtála

   Clárlann na gCara-chumann

   Roinn na gComharchumann

   Clárlann na nGníomhas

   Clárlann na Talún

   An Eagraíocht Náisiúnta Cosanta Plandaí


   An Coimisiún um Chaomhnú agus Bainistiú an Fhiadhúlra

   An Aireacht Bonneagair Phoiblí

   Oifig an Uachtaráin

Beidh na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais uile freagrach as a fhíorú go gcomhlíonann na OEFanna an Sainmhíniú Dlíthiúlachta faoi réim a sainordaithe agus beidh orthu sonraí agus faisnéise a chur ar fáil don Aonad um Chórais Faisnéise Bainistíochta (ACFB) chun comhaid sonraí leictreonacha na OEFanna a bhainistiú agus a choimeád ar bun. Le linn chéim feidhmiúcháin CGDDA, déanfar róil agus freagrachtaí na nAireachtaí agus/nó na nGníomhaireachtaí Rialtais maidir le fíorú CGDDA a fhorbairt a thuilleadh agus cuirfear iad i Lámhleabhar CGDDA um Nósanna Imeachta le haghaidh fíorú.

Liostaítear thíos cur síos achomair ar na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais atá rannpháirteach in CGDDA, rud a dhéanfaidh an comhlíonadh a fhíorú agus a chuirfidh sonraí agus faisnéis ar fáil do ACFB:

1.    Tá an sainordú reachtúil ag CFG chun foraois Stáit na Guáine a bhainistiú agus a rialáil. Beidh an CFG freagrach as an gConradh a chur chun feidhme thar ceann na Guáine, lena náirítear bainistiú CGDDA i gcomhréir leis na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais eile. Laistigh de CFG, beidh na rannáin nó na haonaid seo a leanas rannpháirteach i gcur chun feidhme CGDDA:


   Tá an Rannán um Bainistiú Acmhainní Foraoisí (RBAF) freagrach as stádas dlíthiúil OEFanna ábhartha a bhunú maidir le gach foinse táirgí adhmaid a chumhdaítear le hIarscríbhinn I. Is é RBAF a láimhseálann, a athbhreithníonn agus a cheadaíonn fardail réamhlománaíochta le haghaidh lamháltais mhóra agus a láimhseálann cigireachtaí réamhlománaíochta ar thailte Stáit atá á nathrú. Is é an Rannán a athbhreithníonn agus a cheadaíonn pleananna bainistíochta agus oibríochta OEFanna ábhartha, i gcás inarb infheidhme. Chomh maith leis sin, is é RBAF a thugann comhairle don Rannóg um Fhaireachán ar Fhoraoisí (RFF) maidir le cead OEFanna lománaíocht a thosú. Ansin eisíonn an RFF clibeanna rianaithe CFG agus na doiciméid iompair ábhartha (féach roinn 3.3.4).

   Tá an Rannán um Fhaireachán ar Fhoraoisí (RFF) freagrach as pointí rialúcháin criticiúla CRA a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh orthu. Eisíonn RFF clibeanna rianaithe CFG agus doiciméid iompair do na OEFanna freisin agus déanann sé faireachán ar a núsáid (féach roinn 3.3.4). Déanann sé sin trí úsáid a bhaint as faisnéis pháipéarbhunaithe agus faisnéis dhigiteach feadh an tslabhra soláthair ar fad. Más rud é go bhfuil sé i gceist ag an OEF conradh a dhéanamh le tríú páirtí maidir le lománaíocht agus/nó asbhaint laistigh de lamháltas beag nó de lamháltas mór na OEFanna, sa chás sin ceadaíonn RFF an comhaontú cíosa tríú páirtí idir an OEF agus an tríú páirtí. Tá an OEF fós freagrach as táscairí ábhartha an tSainmhínithe Dlíthiúlachta a chomhlíonadh.


   Tá an Rannán Airgeadais (RA) freagrach as maoirseacht a dhéanamh, i ndáil le OEFanna, ar chomhlíonadh choinníollacha airgeadais CFG.

   Is aonad é an tAonad um Chórais Faisnéise Bainistíochta (ACFB) laistigh den Rannán Airgeadais atá freagrach as bainistiú foriomlán an Bhunachair Faisnéise Lárnaigh (CID). Beidh sonraí agus faisnéis in CID atá á núsáid ag ACFB chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh dlíthiúil OEFanna agus a noibríochtaí. Faigheann ACFB sonraí agus faisnéis a bhaineann le feidhmiú CGDDA agus déanann sé iad a fhíorú agus a chartlannú, sonraí agus faisnéis a chuireann rannáin CFG, Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais agus OEFanna ar fáil, lena gcur i ndoiciméid sonraí leictreonacha na OEFanna in CID. I gcás neamhchomhlíonadh, cuireann ACFB an OEF nó an duine atá freagrach as an neamhchomhlíonadh ar an eolas, agus déanann sé rannóg CID maidir le neamhchomhlíonadh a nuashonrú bunaithe ar an bhfaisnéis a gheofar ó na hAireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais ábhartha. Déanfaidh ACFB na sonraí agus an fhaisnéis sin a fhíorú trí athbhreithnithe doiciméad, cumarsáid rialta leis na OEFanna uile agus anailís ar shonraí. Áiritheoidh ACFB iontaofacht agus infhaighteacht na faisnéise ó CID freisin, áiritheoidh sé go háirithe go mbeidh doiciméid sonraí leictreonacha na OEFanna cothrom le dáta. Oibreoidh sé freisin le hAireachtaí agus/nó le Gníomhaireachtaí Rialtais eile chun cumarsáid agus malartú sonraí rialta a fheabhsú.


   Is é an tAonad um Dhlíthiúlacht agus Trádáil Adhmaid (ADTA) a bheidh mar údarás ceadúnúcháin FLEGT na Guáine. Feidhmeoidh ADTA agus ACFB go féinrialaitheach chun coinbhleachtaí leasa idir gníomhaíochtaí fíorúcháin ACFB agus gníomhaíochtaí ceadúnúcháin ADTA a chosc. Gheobhaidh ADTA foirmeacha maidir le hiarraidh onnmhairithe ó RFF agus déanfaidh sé iad a phróiseáil. Seiceálfaidh ADTA CID chun a chinneadh an gcomhlíonann an OEF ceanglais dhlíthiúla uile CGDDA. Nuair a bheidh ceanglais dhlíthiúla CGDDA sásaithe, eiseoidh ADTA deimhnithe onnmhairiúcháin le haghaidh na margaí uile agus, de bhreis air sin, eiseoidh sé ceadúnais FLEGT le haghaidh táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus arb é an tAontas Eorpach a gceann scríbe. Beidh ADTA freagrach as ceadúnais allmhairiúcháin a eisiúint le haghaidh táirgí adhmaid.

   Tá an tAonad um Iniúchóireacht Inmheánach (AII freagrach as iniúchtaí inmheánacha de réir shainordú CFG. Déanann AII rialú cáilíochta ar na sonraí agus an fhaisnéis a bhaineann le CGDDA. Cuirfidh AII tuarascáil ar fáil freisin, arna iarraidh sin, don Iniúchóir neamhspleách maidir le feidhmiú oibríochtaí CFG laistigh de CGDDA.

2.    Is é an tÚdarás Ioncaim an túdarás cánach agus custaim sa Ghuáin. Áiritheoidh aonad na nOibríochtaí Custaim, Máil agus Trádála (CETO) de chuid an Údaráis Ioncaim go gcomhlíonann na táirgí adhmaid uile a onnmhairítear ón nGuáin agus a allmhairítear isteach inti ceanglais CGDDA maidir le feidhmeanna custaim agus máil. Áirithíonn CETO go bhfuil ceadúnas FLEGT bailí agus deimhniú onnmhairiúcháin do mhargadh an Aontais ag na táirgí adhmaid uile atá le honnmhairiú, nó deimhniú onnmhairiúcháin do mhargaí eile. Déanann sé faireachán freisin ar shreabhadh adhmaid idirthurais ón bpointe teacht isteach sa Ghuáin go dtí an pointe imeachta.


3.    Tá an Aireacht Gnóthaí Meir-Indiacha freagrach as toghcháin na gComhairlí Sráidbhaile i Sráidbhailte Meir-Indiacha atá rannpháirteach i lománaíocht adhmaid chun críoch tráchtála a fhíorú.

4.    Tá an Aireacht Saothair freagrach as a fhíorú go gcomhlíonann OEFanna a noibleagáidí sóisialta agus saothair faoin Sainmhíniú Dlíthiúlachta.

5.    Tá an Bord Náisiúnta Árachais freagrach as maoirseacht agus rialú a dhéanamh ar chlárú OEFanna agus as íocaíocht a ranníocaíochtaí slándála sóisialta. Tá an Bord Náisiúnta Árachais freagrach freisin as a fhíorú go gcomhlíonann OEFanna an táscaire ábhartha sa Sainmhíniú Dlíthiúlachta.

6.    Tá Coimisiún Talún agus Suirbhéanna na Guáine freagrach as deontais agus léasanna iomláine a eisiúint ar thailte Stáit. Oibríonn sé leis na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais uile atá rannpháirteach i dtaifid a bhaineann le tailte Stáit a chlárú agus a stóráil.

7.    Tá Coimisiún Geolaíochta agus Mianach na Guáine freagrach as ceadúnais nó ceadanna mianadóireachta a eisiúint agus a bhainistiú.

8.    Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil (EPA) freagrach as údaruithe comhshaoil a eisiúint agus a bhainistiú.

9.    Tá an tÚdarás um Ghníomhais agus Clárlanna Tráchtála freagrach as cuideachtaí corpraithe agus comhlachtaí corpraithe a chlárú.


10.    Is í Clárlann na gCara-chumann atá freagrach as OEFanna ó Chomhlachais Phobail um Bainistíocht Foraoisí a rangaítear faoi Chlárlann na gCara-chumann a chlárú.

11.    Is í Roinn na gComharchumann atá freagrach as OEFanna ó Chomhlachais Phobail um Bainistíocht Foraoisí a rangaítear faoi Chomharchumainn a chlárú.

12.    Tá Clárlann na nGníomhas freagrach as talamh arna athrú ó úinéireacht an Rialtais go dtí úinéireacht phríobháideach a chlárú agus teideal a chur uirthi.

13.    Tá Clárlann na Talún freagrach as tailte príobháideacha a chlárú agus teideal a chur orthu.

14.    Tá an Eagraíocht Náisiúnta Cosanta Plandaí freagrach as ceadanna allmhairiúcháin, deimhnithe fíteashláintíochta agus cúrsaí coraintín a bhaineann le táirgí adhmaid a bhainistiú.

15.    Is é an Coimisiún um Chaomhnú agus Bainistiú an Fhiadhúlra Údarás Bainistíochta an Choinbhinsiúin maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) agus tá sé freagrach as ceadanna CITES a eisiúint ag an bpointe onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin.

16.    Is í an Aireacht Oibreacha Poiblí atá freagrach as mórbhonneagar poiblí a phleanáil, a thógáil agus a chothabháil sa Ghuáin, agus as cead (údarú) maidir le hobair bhonneagair a eisiúint agus a bhainistiú.


17.
   Is í Oifig an Uachtaráin atá freagrach as tógáil stáisiún hidrileictreach a cheadú (ceadúnas hidrileictreach).

2.6    Struchtúir a chur chun feidhme chun comhordú éifeachtach a áirithiú

Chun oibriú agus comhordú rianúil idir comhlachtaí Rialtais agus neamhrialtasacha atá rannpháirteach i gcur chun feidhme CCS a chumasú, déanfar Rúnaíocht CCS FLEGT a neartú agus déanfar an Comhlacht Comhordúcháin Rialtais agus an Meitheal Náisiúnta Cur Chun Feidhme a bhunú.

2.6.1    Rúnaíocht CCS FLEGT

Beidh Rúnaíocht CCS FLEGT ina cuid de CFG agus beidh sí ina rúnaíocht don Mheitheal Náisiúnta Cur Chun Feidhme. Comhordóidh agus éascóidh an Rúnaíocht gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme i gcomhréir leis an bplean oibre bliantúil arna fhormheas ag an Meitheal Náisiúnta Cur Chun Feidhme. Cuirfidh sí tacaíocht lóistíochta agus theicniúil ar fáil freisin le haghaidh cruinnithe de chuid an Chomhlachta Comhordúcháin Rialtais agus de chuid an Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (CFAA).


2.6.2
   An Comhlacht Comhordúcháin Rialtais

Déanfar an Comhlacht Comhordúcháin Rialtais a bhunú agus a chur ar bhonn foirmiúil trí threoir ón Rialtas. Gníomhóidh sé mar chomhlacht comhordúcháin le haghaidh Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais atá rannpháirteach i bhforbairt agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Forbrófar comh‑mheabhrán tuisceana (MT), agus déanfaidh na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais uile é a shíniú, ina leagtar amach a dtiomantas a bheith rannpháirteach sa Chomhlacht Comhordúcháin Rialtais. Áiritheoidh an Comhlacht Comhordúcháin Rialtais go gcuirfear an Comhaontú chun feidhme go héifeachtach i gcomhréir le sainordú reachtach agus sainordú beartais gach Gníomhaireachta. Féadfaidh sé aon eintiteas Rialtais a chomhthoghadh nuair is gá.

Tá an méid seo a leanas i measc fheidhmeanna an Chomhlachta Comhordúcháin Rialtais:

   scrúdú a dhéanamh ar nósanna imeachta reatha na nAireachtaí agus/nó na nGníomhaireachtaí Rialtais a bhaineann le feidhmiú CGDDA chun aon bhearna nó forluí sna nósanna imeachta sin a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu;

   rannchuidiú le forbairt agus cur chun feidhme CGDDA;

   an tathbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar fhorbairt agus cur chun feidhme CGDDA;

   feabhsaithe a mholadh agus fadhbanna a dfhéadfadh teacht chun cinn maidir le feidhmiú CGDDA a réiteach; agus


   nósanna imeachta fíorúcháin CGDDA a fhorbairt, rud a bheidh bunaithe ar anailís ar rioscaí maidir le neamhchomhlíonadh (féach roinn 3.4.1), chun barainneacht scála agus comhordú idir Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais a áirithiú.

Na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais a bhfuil ionadaíocht acu ar GCB, tionólfaidh siad cruinnithe rialta, tréimhsiúla agus ad hoc chun plé a dhéanamh ar CGDDA a chur i mbun oibríochta.

Le linn na céime cur chun feidhme, forbróidh CFG MTanna nó socruithe ábhartha eile le gach Aireacht agus/nó Gníomhaireacht Rialtais chun na prótacail agus nósanna imeachta a bhaineann le malartú sonraí agus faisnéise a shainiú. Déanfar MTanna a chaibidliú agus a shíniú le linn chéim cur chun feidhme CGDDA. Beidh ar na hAireachtaí agus/nó ar na Gníomhaireachtaí Rialtais pointe fócasach CCS agus malartach a ainmniú.

Cumhdófar leis na MTanna nó le socruithe ábhartha eile an méid seo a leanas, ar a laghad:

   Comhaontú le haghaidh fíoraitheoirí agus torthaí na meastóireachta ar chomhlíonadh atá le cur faoi bhráid ACFB

   Cur síos agus formáid an chineáil faisnéise is gá a chur isteach

   Minicíocht agus tráthchláir chun an fhaisnéis a chur isteach


   Cur síos ar an bprótacal maidir le stádas comhlíonta OEFanna a thuairisciú chuig ACFB

   Prótacail fíorúcháin agus iniúchta chun sláine na sonraí agus na faisnéise a chuirtear ar fáil do CFG a áirithiú

   Nós imeachta do pháirtithe maidir le hiarratas a dhéanamh ar dhoiciméad/fioraitheoir más gá sin

   Nós imeachta maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe ar théarmaí an MT a dhéanfaidh CFG nó an Aireacht nó an Gníomhaireacht Rialtais ábhartha

   Comhar idir na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin/faireacháin réimse-bhunaithe

   Aon fhaisnéis eile a bheidh riachtanach le haghaidh feidhmiú éifeachtach CGDDA, gníomhaíochtaí comhpháirteacha oideachais poiblí, feachtais feasachta agus forbairt sásraí maidir le faisnéis a mhalartú le gníomhaireachtaí eile bainistíochta talún, cuir i gcás.


2.6.3
   An Mheitheal Náisiúnta Cur Chun Feidhme

Is struchtúr ilpháirtithe leasmhara é an Meitheal Náisiúnta Cur Chun Feidhme (NIWG) a rannchuideoidh le cur chun feidhme chreat rialála CCS. Áireofar inti, ar thaobh amháin, ionadaithe na nAireachtaí agus/nó na nGníomhaireachtaí Rialtais agus, ar an taobh eile, ionadaithe na bpáirtithe leasmhara eile ón earnáil phríobháideach, sochaí shibhialta agus na Pobail Dhúchasacha. Gníomhóidh NIWG mar phointe fócasach don chumarsáid éifeachtach agus malartú faisnéise maidir le dul chun cinn i leith cur chun feidhme agus déanfaidh sí ceapadh treochláir mhionsonraithe gníomhaíochtaí a chomhordú i gcomhréir leis an sceideal cur chun feidhme. Déanfaidh sí maoirseacht ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin i gcomhar le páirtithe leasmhara, agus trí rannpháirtíocht leanúnach le páirtithe leasmhara i bhforbairt CGDDA le linn chur chun feidhme CCS. Tabharfaidh NIWG treoir straitéiseach d’ionadaithe na Guáine maidir le CFAA, agus beidh sí in ann míreanna a mholadh le cur le clár oibre chruinnithe CFAA. Tionólfaidh sí cruinnithe rialta agus tréimhsiúla, agus gheobhaidh sí ionchuir ón gComhlacht Comhordúcháin Rialtais agus Rúnaíocht CCS FLEGT.

3    TUAIRISC AR CGDDA

CGDDA, córas arna chomhaontú ag formhór mór na bpáirtithe leasmhara sa Ghuáin, tá ocht ngné ag baint leis mar a leanas:

1.    Leithdháileadh foraoise agus cearta lománaíochta


2.    Sainmhíniú Dlíthiúlachta

3.    Ceanglais CRA

4.    Fíorú ar chomhlíonadh an phróisis leithdháilte do lamháltais, an tSainmhínithe Dlíthiúlachta agus cheanglais CRA

5.    Scéim ceadúnúcháin FLEGT

6.    Iniúchóireacht neamhspleách

7.    Sásra gearán le haghaidh CGDDA

8.    Faireachán ar chur chun feidhme CGDDA.

Tugann leithdháileadh foraoise agus cearta lománaíochta breac-chuntas ar na nósanna imeachta gur gá do CFG a leanúint chun lamháltais foraoise laistigh de thailte Stáit a leithdháileadh agus cearta lománaíochta i limistéir foraoise Stáit, tailte Stáit atá á n‑athrú, Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha a dheonú.

Is éard atá i gceist leis an Sainmhíniú Dlíthiúlachta achoimre ar chreat náisiúnta dlíthiúil agus rialála na Guáine is infheidhme i leith an Chomhaontaithe seo. Comhlíonfar an creat seo leis na OEFanna chun go gcumhdófar táirgí adhmaid le ceadúnas FLEGT.

Is ceanglais nach mór do na OEFanna a chomhlíonadh chun go mbeifear in ann rianú córasach a dhéanamh ar tháirgí adhmaid feadh an tslabhra soláthair iad ceanglais CRA.


Leis an gceathrú gné cumhdaítear an fíorú arna ndéanamh ag an nGuáin. Tá sé bunaithe ar fheidhmeanna reatha na n‑Aireachtaí agus/nó na nGníomhaireachtaí Rialtais atá rannpháirteach in CGDDA agus neartófar é sna réimsí ábhartha arna moladh ag na páirtithe leasmhara. Na róil agus na freagrachtaí atá ag na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais agus fíorú CGDDA á dhéanamh acu, déanfar iad a fhorbairt tuilleadh i Lámhleabhar CGDDA um Nósanna Imeachta le haghaidh fíorú le linn chéim cur chun feidhme CGDDA.

Is scéim ceadúnúcháin FLEGT é an cúigiú gné. Measfar go bhfuil na lastais dleathach nuair a chomhlíonann na OEFanna agus a dtáirgí adhmaid na ceanglais arna mbunú tríd an gcóras fíorúcháin. Ar an mbonn sin, comhaontaíonn an tAontas agus an Ghuáin gur féidir le ADTA ceadúnais FLEGT a eisiúint chun na táirgí adhmaid sin a onnmhairítear chuig an Aontas a chumhdach. Tugtar mionsonraithe breise ar nósanna imeachta scéim ceadúnúcháin FLEGT in Iarscríbhinn IV.

I gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, déanann an t‑iniúchóireacht neamhspleách measúnú rialta ar CGDDA atá inchreidte agus éifeachtach. Is sásra gearán é an seachtú gné. Leis an sásra gearán is féidir leis na páirtithe leasmhara uile gearán a dhéanamh gan idirdhealú maidir le feidhmiú CGDDA nó má cheapann siad go bhfuil siad thíos leis de bharr CGDDA. Treorófar na gearáin chuig na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais, chuig an Iniúchóir Neamhspleách nó chuig CFAA.

Déanfaidh an Ghuáin agus an tAontas faireachán go comhpháirteach ar chur chun feidhme CGDDA trí CFAA, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn X.


3.1
   Leithdháileadh foraoise agus cearta lománaíochta

Leagtar amach paraiméadair údaraithe CFG maidir le deonú in Acht na bhForaoisí. Uimh. 6 de 2009, agus sna Rialacháin maidir le Foraoisí 2018:

   ÚFSanna le haghaidh lamháltais bheaga (lena náirítear comhaontuithe pobail maidir le bainistíocht foraoisí);

   ÚFSanna le haghaidh lamháltais mhóra;

   ceadanna úsáide; agus

   comhaontuithe foraoisithe.

Leagtar amach freisin in Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, agus sna Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, na coinníollacha maidir le conarthaí idir CFG agus na páirtithe leasmhara seo a leanas:

   sealbhóir talún príobháidí;

   Comhairle Sráidbhaile ó thalamh Meir-Indiach; agus

   sealbhóir údaraithe chun táirgí adhmaid a tharrtháil ó thailte Stáit atá ainmnithe mar fhoraoisí atá á nathrú.


Déanfaidh CFG, i gcomhar le Coimisiún Geolaíochta agus Mianach na Guáine, Coimisiún Talún agus Suirbhéanna na Guáine, an Aireacht Gnóthaí Meir-Indiacha, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil agus gníomhaireachtaí ábhartha eile, déanfaidh siad sásra an chórais faisnéise geografaí náisiúnta (GIS) i dtaca le malartú faisnéise a bhaineann le saincheisteanna maidir le bainistíocht talún idir na gníomhaireachtaí sin a neartú. Is éard a bheidh i gceist leis sin digitiú GIS a fhorbairt le haghaidh talamh príobháideach agus léasanna talmhaíochta, éilimh mhianadóireachta agus oibreoirí beaga, agus nuashonrú a dhéanamh ar an bhfaisnéis GIS reatha atá ar ardán GIS de chuid Aireacht na nAcmhainní Nádúrtha.

I ngach cás i roinn 3.1.1 go 3.1.3 thíos, beidh sé de cheangal ar an iarratasóir a n‑éireoidh leis (OEF) na hoibleagáidí conarthacha uile a chomhlíonadh.

Déanfar na nósanna imeachta maidir le leithdháileadh lamháltais foraoise a nuashonrú i Lámhleabhar Nósanna Imeachta RBAF le linn fhorbairt CGDDA. Cumhdófar leis na nósanna imeachta sin leithdháileadh foraoise maidir le lamháltais mhóra agus bheaga (liosta folúntais a bhunú; an próiseas iarratais; an próiseas meastóireachta; ÚFS a eisiúint) agus conradh a eisiúint chun lománaíocht a dhéanamh ar thailte príobháideacha nó údarú maidir le tailte Stáit atá á n‑athrú. Leagtar amach sa Lámhleabhar freisin na ceanglais nach mór a chomhlíonadh chun go gcomhlíonfar an creat dlíthiúil náisiúnta. Cuirfear ranna ábhartha den Lámhleabhar ar fáil go poiblí.


3.1.1
   Leithdháileadh cearta foraoise agus lománaíochta le haghaidh lamháltais bheaga agus mhóra

Ní dheonaítear ÚFSanna go dtí go bhfuil sé suite nach bhfuil úinéireacht dlíthiúil ann cheana ar limistéir foraoise Stáit arna sainaithint lena leithdháileadh. Chuige sin, tionólfaidh CFG cruinnithe le gníomhaireachtaí eile úsáide talún roimh an bpróiseas leithdháilte chun a fhíorú go bhfuil na limistéir atá ar fáil do ÚFSanna saor ó eirí. A mhéid is féidir, déanfaidh CFG iarracht, i gcomhar le gníomhaireachtaí eile úsáide talún, gan ÚFSanna a dheonú d’áiteanna a bhfuil úsáidí talún eile ann.

Agus limistéir foraoise Stáit á leithdháileadh in áiteanna a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí úsáide talún dlisteanacha a bheith ann cheana, an mhianadóireacht nó an talmhaíocht cuir i gcás, áiritheoidh CFG nach mbeidh agóidí ag na gníomhaireachtaí eile úsáide talún maidir le ÚFSanna a dheonú. Faoin Sainmhíniú Dlíthiúlachta, áiritheoidh CFG go n‑urramaíonn OEFanna cearta úsáide dlíthiúla páirtithe eile, go háirithe i gcás go bhfuil ÚFSanna ann i gcomhthráth le gníomhaíochtaí éagsúla úsáide talún.


Cuirtear tús leis an bpróiseas maidir le foraois Stáit a leithdháileadh le haghaidh lománaíocht tráchtála trí liosta folúntais a bhunú de na limistéir foraoise is féidir le CFG a leithdháileadh ar ÚFSanna. A luaithe a bheidh an liosta sin formheasta ag Bord Stiúrthóirí CFG, fógrófar é sna meáin leictreonacha nó meáin chlóite ionas gur féidir le páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh. Is féidir le páirtithe leasmhara iarratas a dhéanamh ar na limistéir sin trí na foirmeacha iomchuí a úsáid agus iad a chur isteach roimh spriocdháta a leagfar síos. Is iad Rannáin CFG agus an Coiste um Leithdháileadh Acmhainní Foraoise a dhéanann athbhreithniú ar na hiarratais chun cruinneas agus iomláine na faisnéise a cuireadh isteach a fhíorú. Déanann fochoiste teicniúil Bhord CFG tuilleadh athbhreithnithe agus measúnaithe ar na hiarratais ansin trí úsáid a bhaint as critéir ábhartha atá formheasta ag an mBord agus trí cheanglais faoi Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, agus na Rialacháin maidir le Foraoisí 2018, a chur san áireamh. Cuireann an fochoiste teicniúil moltaí ar aghaidh chuig Bord Stiúrthóirí CFG, agus is é an Bord a dhéanann an cinneadh deiridh faoin dámhachtain.

Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh ar a laghad agus meastóireacht á déanamh ar na hiarratais: iomláine na foirme iarratais; nochtadh iomlán i ndáil le hinbhuanaitheacht airgeadais an iarratasóra; taithí ar oibríochtaí foraoise; cruthú fostaíochta; agus breisluach na n‑oibríochtaí atá beartaithe. Más rud gur cinneadh dearfach é an cinneadh deiridh, ullmhaíonn agus eisíonn an CFG ÚFS bunaidh agus iontrálann sé an fhaisnéis is gá in CID. Ní dheonaítear aon chomhaontú lamháltais foraoise go dtí go mbeidh an táille fhorordaithe, agus aon táille eile gan íoc, íoctha nó árachaithe le CFG.


3.1.2
   Cearta lománaíochta a leithdháileadh ar thailte Stáit atá á nathrú, ar Shráidbhailte Meir-Indiacha agus ar thalamh príobháideach

I gcás lománaíocht ar thailte Stáit atá á n‑athrú, ar Shráidbhailte Meir-Indiacha agus ar thalamh príobháideach, cuireann an t‑iarratasóir na doiciméid is gá isteach chuig CFG. Déanann CFG barántúlacht na n‑doiciméad foinseach a fhíorú leis na hAireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais ábhartha Tá na nithe seo a leanas ar áireamh sna doiciméid fhoinseacha is gá chun lománaíocht a dhéanamh i Sráidbhaile Meir-Indiach agus ar thalamh príobháideach: teideal iomlán, aistriú, deonú iomlán nó deimhniú teidil. Ar na doiciméid is gá chun lománaíocht a dhéanamh i bhforaoisí atá á n‑athrú, tá siad seo a leanas: léas talmhaíochta; léas nó cead mianadóireachta; nó litir fhormheasta maidir le bonneagar nó ceadúnas hidreachumhachta. A luaithe atá sé fíoraithe gur doiciméid bharántúlachta iad na doiciméid sin, próiseálann CFG an fhaisnéis, eisíonn sé conradh maidir le táirgí adhmaid a bhaint agus cuireann sé an fhaisnéis is gá in CID.

Aithníonn CFG go bhfuil próiseas leanúnach i gceist le teidil talún Meir-Indiacha a eisiúint agus a shíneadh faoi mhaoirseacht an Tionscadail Mheir-Indiach maidir le Teideal a Chur ar Thalún (ALTP).

I gcás ina nglacfaidh Caibinéad na Guáine moltaí ALTP maidir le teideal a chur ar thailte Meir-Indiacha nó iad a shíneadh agus go bhformhuineoidh sé iad, cuirfidh an tAire ábhartha CFG ar an eolas go tráthúil. Ní mór do CFG na moltaí sin a leanúint chun filleadh ar an limistéar lamháltais ina bhfuil na leithdháiltí foraoise a deonaíodh agus teorainneacha an lamháltais a athrú de réir mar is gá.


3.1.3
   Leithdháileadh cearta eile

3.1.3.1    Ceadanna úsáide

Is féidir le CFG cead úsáide a dheonú i gcomhréir le hAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, arna iarraidh sin. Is é is cuspóir do na ceadanna úsáide taighde a dhéanamh agus oideachas nó oiliúint a thabhairt, nó gníomhaíochta comhchosúla. Ní féidir aon lománaíocht tráchtála a dhéanamh le cead úsáide.

3.1.3.2    Comhaontuithe foraoisithe

Féadfaidh CFG cead a thabhairt chun foraoisiú a dhéanamh, arna iarraidh sin, i gcomhréir le hAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009. Níl aon chomhaontú den chineál sin ann tráth thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe seo.

I gcás ina mbunófar fáschoillte tráchtála, déanfar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú seo a leasú chun na maitrísí dlíthiúlachta riachtanacha a chur isteach. Déanfar na maitrísí sin a fhorbairt i gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus leis an Aontas.

3.2    Sainmhíniú Dlíthiúlachta

Tá Iarscríbhinn II, ina leagtar amach na ceanglais is infheidhme maidir leis na catagóirí éagsúla OEF a luaitear i roinn 2.3 den Iarscríbhinn seo agus lena dtugtar aghaidh ar na prionsabail a liostaítear i dtábla 1, mar bhonn taca CGDDA.


Fuarthas raon leathan na maitrísí dlíthiúlachta ó reachtaíocht na Guáine ina sainaithnítear roinnt foinsí táirgí adhmaid agus cineálacha OEF ag a bhfuil ceanglais éagsúla dlíthiúlachta.

Chun a fhíorú go gcomhlíonann OEFanna prionsabal, cuirtear na critéir ar fad is infheidhme agus táscairí comhfhreagracha san áireamh, mar a thuairiscítear i ranna 3.4 agus 3.6 thíos. Tá comhlíonadh gach táscaire bunaithe ar infhaighteacht agus bailíocht na ndoiciméad oifigiúil comhfhreagrach (fíoraitheoirí) arna n‑eisiúint ag CFG agus ag Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais éagsúla.

Tá achoimre i dTábla 1 ar gach cheann de na naoi maitrís a leagtar amach sa Sainmhíniú Dlíthiúlachta. Liostaítear sa cholún clé na réimsí téamacha a ghabhann le gach prionsabal, agus liostaítear sa cholún deas na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais ar a bhfuil cúram na réimsí téamacha ar leith.


Tábla 1: Na prionsabail is infheidhme maidir le gach cineál OEF a liostaítear in Iarscríbhinn II

A.    Maitrís dlíthiúla maidir le hoibríochtaí foraoise arna ndéanamh ag OEF

Prionsabal 1: Is duine nádúrtha dleathach nó comhlacht corpraithe dleathach é an duine nádúrtha nó an comhlacht corpraithe

An ceart dlíthiúil chun oibriú

An tÚdarás um Ghníomhais agus Clárlanna Tráchtála, Coimisinéir na gComharchumann, Clárlann na gCara-Chumann, an Aireacht Gnóthaí Meir-Indiacha, an tÚdarás Ioncaim

B.    Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh údaruithe foraoise Stáit (lamháltais mhóra)

Prionsabal 1: Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF chun lománaíocht a dhéanamh agus urramaíonn sé cearta úsáide dlíthiúla páirtithe eile

An ceart dlíthiúil chun lománaíocht a dhéanamh

CFG

Cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

CFG

Prionsabal 2: Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

An comhshaol

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil

Foraoiseacht

CFG

Prionsabal 3: Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Fioscach

CFG, An tÚdarás Ioncaim

Sóisialta

An Aireacht Saothair, an Bord Náisiúnta Árachais

C.    Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh údaruithe foraoise Stáit (lamháltais bheaga)

Prionsabal 1: Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF chun lománaíocht a dhéanamh agus urramaíonn sé cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

An ceart dlíthiúil chun lománaíocht a dhéanamh

CFG

Cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

CFG

Prionsabal 2: Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

An comhshaol

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil

Foraoiseacht

CFG

Prionsabal 3: Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Fioscach

CFG, An tÚdarás Ioncaim

Sóisialta

An Aireacht Saothair, an Bord Náisiúnta Árachais

D.    Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh Sráidbhailte Meir-Indiacha

Prionsabal 1: Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF chun lománaíocht a dhéanamh agus urramaíonn sé cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

An ceart dlíthiúil chun lománaíocht a dhéanamh

Clárlann na Talún, Coimisiún Talún agus Suirbhéanna na Guáine,

Cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

CFG

Prionsabal 2: Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

Foraoiseacht

CFG

Prionsabal 3: Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Fioscach

An tÚdarás Ioncaim

Sóisialta

An Aireacht Saothair, an Bord Náisiúnta Árachais

E.    Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh tailte príobháideacha

Prionsabal 1: Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF chun lománaíocht a dhéanamh agus urramaíonn sé cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

An ceart dlíthiúil chun lománaíocht a dhéanamh

Clárlann na Talún, Clárlann na nGníomhas, Coimisiún Talún agus Suirbhéanna na Guáine, CFG

Cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

CFG

Prionsabal 2: Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

Foraoiseacht

CFG

Prionsabal 3: Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Fioscach

An tÚdarás Ioncaim

Sóisialta

An Aireacht Saothair, an Bord Náisiúnta Árachais

F.    Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh táirgí adhmaid a tarrtháladh ó thailte Stáit atá á nathrú

Prionsabal 1: Tá an ceart dlíthiúil ag an OEF lománaíocht a dhéanamh agus urramaíonn sé cearta úsáideoirí dlíthiúla na bpáirtithe eile

An ceart dlíthiúil chun lománaíocht a dhéanamh

CFG, Coimisiún Talún agus Suirbhéanna na Guáine, Coimisiún Geolaíochta agus Mianadóireachta na Guáine, an Aireacht Oibreacha Poiblí, Oifig an Uachtaráin

Cearta úsáide dlíthiúla na bpáirtithe eile

CFG

Prionsabal 2: Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

An comhshaol

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil

Foraoiseacht

CFG

Prionsabal 3: Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Fioscach

CFG, An tÚdarás Ioncaim

Sóisialta

An Aireacht Saothair, an Bord Náisiúnta Árachais

G.    Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh táirgí adhmaid urghafa

Prionsabal 1: Bainistítear táirgí adhmaid urghafa de réir na gceanglas dlíthiúil

Sárú agus bainistiú ar adhmad arna urghabháil

CFG

H.    Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh táirgí adhmaid a phróiseáil agus a dhíol

Prionsabal 1: Comhlíonann an OEF na ceanglais phróiseála agus díolacháin adhmaid

An ceart dlíthiúil chun oibriú

CFG

Prionsabal 2: Comhlíonann an OEF na hoibleagáidí maidir le hoibríochtaí foraoise

An comhshaol

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú an Chomhshaoil

Foraoiseacht

CFG

Prionsabal 3: Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta

Fioscach

CFG, An tÚdarás Ioncaim

Sóisialta

An Aireacht Saothair, an Bord Náisiúnta Árachais

I.    Maitrís dlíthiúlachta le haghaidh táirgí adhmaid a onnmhairiú agus a allmhairiú

Prionsabal 1: Comhlíonann an OEF na ceanglais maidir le táirgí adhmaid a onnmhairiú agus a allmhairiú

Onnmhairiú

CFG, Údarás an Choimisiúin um Chaomhnú agus Bainistiú an Fhiadhúlra

Allmhairiú

CFG, Údarás an Choimisiún um Chaomhnú agus Bainistiú an Fhiadhúlra, an Eagraíocht Náisiúnta Cosanta Plandaí

Fioscach

CFG

Foraoiseacht

CFG

Prionsabal 2: Comhlíonann an OEF a chuid oibleagáidí fioscacha agus sóisialta (níl feidhm aige seo ach maidir le OEFanna atá ag onnmhairiú agus/nó ag allmhairiú agus nach gcumhdaítear leis na maitrísí eile)

Fioscach

An tÚdarás Ioncaim

Sóisialta

An Aireacht Saothair, an Bord Náisiúnta Árachais

3.3    Ceanglais CRA

Tá bainistiú agus rialú an tslabhra soláthair, ó lománú go hiompar, an phróiseáil, díolacháin intíre, onnmhairí agus allmhairí ar na dlúthchodanna de CGDDA. Déantar na rialuithe sin trí na nósanna imeachta a liostaítear sna Treoirlínte CRA. Ní mór do na OEFanna uile ceanglais an tSainmhínithe Dlíthiúlachta a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, ní mór do OEFanna na lamháltas mór agus beag na ceanglais a shonraítear i gCód Cleachtais Uimh. 1 2018, na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Bheaga), agus na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Mhóra) a chomhlíonadh.


I roinn 3.3 leagtar amach na ceanglais CRA nach mór don OEF a chomhlíonadh, agus i roinn 3.4.4 leagtar amach na céimeanna atá á leanúint ag na hAireachtaí agus/nó ag na Gníomhaireachtaí Rialtais chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais sin.

I bhFoscríbhinn na hIarscríbhinne seo tá achoimre ar na pointí rialúcháin criticiúla laistigh den slabhra soláthair, chomh maith leis na doiciméid agus/nó na ceanglais is gá i gcás ina ndéanfar fíoruithe sonracha chun rialuithe ar an slabhra soláthair a dhéanamh agus chun dlíthiúlacht na sreabh adhmaid faoi CGDDA a mheasúnú.

3.3.1    Fardal réamhlománaíochta

Lamháltais mhóra: Ní mór do OEFanna na lamháltas mór na ceanglais maidir le réamhlománaíocht i gCód Cleachtais Uimh. 1 2018, na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Mhóra), agus na ceanglais sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh.

Níl OEFanna na lamháltas beag, tailte Stáit atá á nathrú 17 , Sráidbhailte Meir-Indiacha ná tailte príobháideacha faoi réir ceanglais réamhlománaíochta.


Seo a leanas na rialacha réamhlománaíochta le haghaidh lamháltais mhóra:

1.    Oibleagáid fardal réamhlománaíochta a dhéanamh i gcás na mbloc uile a bheartaítear a lománú sa bhliain oibríochtúil chun an tuasghearradh atá ceadaithe laistigh de thimthriall áirithe a fháil amach 18

2.    Oibleagáid tuarascáil fardail réamhlománaíochta, ina mbeidh léarscáil stoic, a ullmhú

3.    Oibleagáid clib a bhfuil uimhir fardail uathúil aici a ghreamú de gach crann atá le lománú

4.    Oibleagáid plean bainistithe foraoise a ullmhú

5.    Oibleagáid plean oibríochta bliantúil a ullmhú ina mbeidh an fhaisnéis faoin bhfardal réamhlománaíochta.


3.3.2    Lománaíocht

Éascaítear sásra CFG maidir le rialú agus faireacháin riaracháin ar tháirgeadh adhmaid tráchtála leis an gcóras um rianú adhmaid trí úsáid sraithuimhreach uathúla de chlibeanna rianaithe CFG atá sannta do na OEFanna uile. Úsáidtear clibeanna rianaithe CFG sin chun tionscnamh an táirge adhmaid a aithint agus a fhíorú agus chun rialú a dhéanamh ar leibhéal na lománaíochta sna limistéir foraoise Stáit. Ní mór an chlibeáil a dhéanamh mar seo a leanas: greamaítear leath den chlib den stupa tráth an leagtha, agus greamaítear an leath eile, ar a bhfuil an tsraith uimhreacha céanna a thaifeadtar ar chlib an stumpa, ar tháirgí adhmaid (lomáin, adhmad, cairn, pollaí agus cuaillí) atá á n‑iompar ó limistéir foraoise Stáit, ó thailte Stáit atá á n‑athrú ó thailte príobháideacha agus ó Shráidbhailte Mheir-Indiacha. Ar na clibeanna a sannadh luaitear an uimhir uathúil a léiríonn cén OEF atá ann agus tionscnamh geografach na dtáirgí adhmaid freisin.

Lamháltais mhóra: Ní mór do OEFanna na lamháltas mór na ceanglais maidir le réamhlománaíocht i gCód Cleachtais Uimh. 1 2018, na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Mhóra), agus na ceanglais sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh. Eisítear clibeanna chuig OEFanna na lamháltas móra le haghaidh na gcrann atá le lománú i mbloic arna bhformheas ag CFG don bhliain oibríochtúil. Ríomhann CFG cuóta bliantúil an OEF (toirt na dtáirgí adhmaid) bunaithe ar an timthriall gearrtha roghnaithe agus ar thorthaí an fhardail réamhlománaíochta. Úsáidtear an cuóta chun líon na gclibeanna atá le heisiúint a chinneadh.


Lamháltais bheaga: Ní mór do OEFanna na lamháltas beag na ceanglais maidir le réamhlománaíocht i gCód Cleachtais Uimh. 1 2018, na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Bheaga), agus na ceanglais sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh. Eisítear clibeanna rianaithe chuig OEFanna na lamháltas beag tar éis do CFG an lománaíocht tráchtála a fhormheas. Ríomhann CFG cuóta formheasta OEF (toirt na dtáirgí adhmaid) le haghaidh an limistéir lamháltais. Úsáidtear an cuóta chun líon na gclibeanna atá le heisiúint a chinneadh.

Tailte Stáit atá á n‑athrú: Ní mór do OEFanna tailte Stáit atá á n‑athrú na ceanglais maidir le rianú sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh. Eisítear clibeanna chuig OEFanna na dtailte Stáit atá á n‑athrú le haghaidh na gcrann sin a aithnítear chun críocha tráchtála le linn na cigireachta réamhlománaíochta ag RBAF.

Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha: Ní mór do OEFanna na Sráidbhailte Meir-Indiacha agus na dtailte príobháideacha na ceanglais maidir le rianú sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh. Eisítear clibeanna chuig OEFanna na Sráidbhailte Meir-Indiacha agus na dtailte príobháideacha arna n‑iarraidh sin ós rud é nach ann d’aon fhardal réamhlománaíochta ná cuóta socraithe.



Rialacha maidir leis an lománaíocht

Catagóirí OEF

Lamháltais mhóra

Lamháltais bheaga

Tailte Stáit atá á n‑athrú

Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha

1.

Oibleagáid gan ach crainn údaraithe ón bhfardal réamhlománaíochta formheasta agus ón léarscáil stoic lena mbaineann a lománú (féach roinn 3.3.1 thuas), i gcomhréir leis an bplean oibríochta bliantúil 19

X

2.

Toirmeasc ar aon chrann lasmuigh den limistéar formheasta a lománú

X

X

X

X

3.

Oibleagáid gan ach na crainn a formheasadh sa tuarascáil chigireachta réamhlománaíochta ó RBAF a lománú chun críoch tráchtála.

X

4.

Oibleagáid crainn a lománú ar bhonn na táirgeachta inbhuanaithe 20

X

X

5.

Oibleagáid clibeanna rianaithe CFG a ghreamú de lomáin lománaithe

X

X

X

X

6.

Oibleagáid clibeanna rianaithe CFG a ghreamú de stumpaí gaolmhara

X

X

X

X

7.

Oibleagáid cead leagtha nó dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint a líonadh isteach agus gach faisnéis chuí air (féach Foscríbhinn na hIarscríbhinne seo), agus dearbhú a dhéanamh do CFG ag an stáisiún foraoise

X

X

X

X

8.

Oibleagáid na srianta maidir le leagan crann a leanúint (lena n‑áirítear: Íostrastomhas leagtha, uasairde leagtha)

X

X

9.

Toirmeasc ar speicis chosanta a lománú gan cead ó CFG

X

X

10.

Oibleagáid na coinníollacha maidir le tógáil bóithre agus conairí a leanúint

X

X

11.

Oibleagáid na coinníollacha maidir le leagan crann rialaithe agus treoch a leanúint

X

X

3.3.3    Stoc iarlománaíochta

Lamháltais mhóra: Ní mór do OEFanna na lamháltas mór na ceanglais maidir le hiarlománaíocht i gCód Cleachtais Uimh. 1 2018, na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Mhóra), agus na ceanglais sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh.


Lamháltais bheaga: Ní mór do OEFanna na lamháltas beag na ceanglais maidir le hiarlománaíocht i gCód Cleachtais Uimh. 1 2018, na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Bheaga), agus na ceanglais sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh.

Tailte Stáit atá á n‑athrú, Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha: Ní mór do OEFanna na dtailte Stáit atá á n‑athrú, na Sráidbhailte Meir-Indiacha agus na dtailte príobháideacha na ceanglais maidir le rianú sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh.

Rialacha iarlománaíochta

Catagóirí OEF

Lamháltais mhóra

Lamháltais bheaga

Tailte Stáit atá á n‑athrú

Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha

1.    Oibleagáid táillí, muirir agus tobhaigh bhainistíochta a íoc

X

X

X

2.    Oibleagáid na bloic lománaithe a dhúnadh

X

3.    Oibleagáid clibeanna nár úsáideadh a thabhairt ar ais

X

X

X

X

4.    Oibleagáid na ceanglais chomhshaoil a chomhlíonadh

X

X

3.3.4    Iompar

Lamháltais mhóra: Ní mór do OEFanna na lamháltas mór na ceanglais maidir le hiompar i gCód Cleachtais Uimh. 1 2018, na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Mhóra), agus na ceanglais sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh.


Lamháltais bheaga: Ní mór do OEFanna na lamháltas beag na ceanglais maidir le hiompar i gCód Cleachtais Uimh. 1 2018, na Treoirlínte maidir le hOibríochtaí Foraoise (Lamháltais Bheaga), agus na ceanglais sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh.

Tailte Stáit atá á n‑athrú, Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha, agus próiseáil agus díol: Ní mór do OEFanna na n‑oibríochtaí sin na ceanglais maidir le rianú sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh.

Ní mór do OEFanna doiciméadacht a líonadh isteach lena sonraítear na táirgí adhmaid atá ann i ngach láthair nó a fhágann gach láthair. Úsáidtear na doiciméid sin chun tionscnamh adhmaid a rialú le linn a n‑iompair. Sa tábla thíos sonraítear na doiciméid a bheadh de dhíth de réir phointe imeachta na dtáirgí adhmaid: i gcás táirgí adhmaid a thagann ó limistéir foraoise; i gcás iompar idirmheánach; i gcás adhmad urghafa; agus i gcás adhmad atá le honnmhairiú.

1.    Táirgí adhmaid a thagann ó limistéir foraoise:

I gcás táirgí adhmaid a thagann ó limistéir foraoise Stáit, tá ceithre dhoiciméad éagsúla ann a úsáidtear chun an t‑iompar a rialú:

(i)    Úsáidtear cead leagtha 21 chun táirgí adhmaid a iompar ó limistéir foraoise Stáit. Is é an cead leagtha an doiciméad dlíthiúil a úsáideann Coimisiún Foraoiseachta na Guáine chun sonraí a bhailiú faoi na táirgí adhmaid atá fíoraithe agus brandáilte ag Coimisiún Foraoiseachta na Guáine. Féadfar táirgí adhmaid den sórt sin, agus an cead leagtha a ghabhann leo, dul tríd an gcéad phointe dearbhúcháin chuig Coimisiún Foraoiseachta na Guáine nó chuig an gceann scríbe deiridh.


(ii)    Úsáidtear bileog turais i dtaca leis an gcead leagtha agus tá sí beartaithe lena húsáid roimh dhul in éag don chead leagtha. Go hiondúil, deiseofaí bileog turais amháin nó go leor bileog ag gabháil le haon chead leagtha amháin. Úsáidtear bileoga turais sula ndéanfar toirt iomlán na dtáirgí adhmaid a dhearbhú ar an gcead leagtha ag an stáisiún foraoise. Úsáidtear bileoga turais chun ʻfoghrúpa táirgí adhmaid a iompar ón bhforaois go dtí suíomh lárnach ionas go bhféadfar an toirt iomlán a dhearbhú ar chead leagtha. Ina dhiaidh sin, úsáidtear an cead leagtha chun na táirgí adhmaid a iompar tuilleadh chuig an gceann scríbe deiridh.

(iii)    Úsáidtear cead trasloingsithe chun táirgí adhmaid ó fhoraoisí Stáit, a bhfuil a gcead leagtha tugtha suas do Coimisiún Foraoiseachta na Guáine ina leith, a iompar. Leis sin, féadfar táirgí adhmaid den sórt sin, agus an cead trasloingsithe a ghabhann leo, dul tríd an bpointe inar tugadh suas an cead leagtha ar aghaidh chuig ceann scríbe deiridh.

(iv)    Úsáidtear bille díola 22 freisin chun táirgí adhmaid (a bhfuil an cead leagtha tugtha suas do Choimisiún Foraoiseachta na Guáine ina leith) a dhíoltar ó limistéir foraoise Stáit a iompar.


I gcás táirgí adhmaid a thagann ó thailte príobháideacha agus ó Shráidbhailte Meir-Indiacha, bainfidh an OEF dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint 23 chun táirgí adhmaid a iompar. Féadfar táirgí adhmaid den sórt sin, agus an dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint a ghabhann leo, dul tríd an gcéad phointe dearbhúcháin chuig CFG nó chuig an gceann scríbe deiridh. Úsáidtear bille díola freisin chun táirgí adhmaid (a bhfuil an dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint tugtha suas do CFG ina leith) a dhíoltar ó thailte príobháideacha agus ó Shráidbhailte Meir-Indiacha a iompar.

2.    I gcás táirgí adhmaid urghafa, úsáidtear na doiciméid seo a leanas chun an tiompar a rialú:

(a)    Úsáidtear foirmeacha cúraim nó foirmeacha urghabhála chun táirgí adhmaid a iompar i gcás a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad ag sárú Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009. Is é Coimisiún Foraoiseachta na Guáine an eisíonn an dá chineál foirme.

(i)    Eisítear an fhoirm chúraim nuair a fhanann an táirge adhmaid faoi chúraim an OEF nó faoi chúraim an chúisí. Leis an bhfoirm éascaítear iompair na dtáirgí adhmaid chuig suíomh arna fhormheas ag Coimisiún Foraoiseachta na Guáine.

(ii)    Eisítear an fhoirm nuair a fhaigheann Coimisiún Foraoiseachta na Guáine an táirge adhmaid.


(b)    Eisíonn Coimisiún Foraoiseachta na Guáine an pas imréitigh chun iompar ar aghaidh na dtáirgí adhmaid a chumhdach, táirgí adhmaid ar ceadmhach iad a dhul ar ais isteach sa slabhra soláthair de réir na nósanna imeachta a leagtar amach san Iarscíbhinn seo, roinn 3.3.10.

3.    Eisíonn Coimisiún Foraoiseachta na Guáine deimhniú um adhmad a chur ar an margadh (féach roinn 3.3.7 maidir leis an gcaoi le hiarratas a dhéanamh ar dheimhniú um adhmad a chur ar an margadh agus leis an gcaoi ceann a fháil) le haghaidh táirgí adhmaid atá beartaithe lena nonnmhairiú amháin, gan beann ar thionscnamh an adhmaid. Úsáidtear deimhniú um adhmad a chur ar an margadh chun táirgí adhmaid a iompar ó phointe cigireachta Choimisiún Foraoiseachta na Guáine go dtí an pointe onnmhairiúcháin más rud é gurb é coimeádán amháin atá sna táirgí adhmaid atá le onnmhairiú. I gcás ina bhfuil na táirgí adhmaid de bhreis ar choimeádán amháin, úsáidtear an cead trasloingsithe nó an bille díola chun táirgí adhmaid a iompar ó phointe chigireacht Choimisiún Foraoiseachta na Guáine chuig an bpointe onnmhairiúcháin, agus cóip den deimhniú formheasta um adhmad a chur ar an margadh ag gabháil leis. Ní mór do Choimisiún Foraoiseachta na Guáine an tadhmad uile atá á iompar lena onnmhairiú a dheimhniú roimh imeacht dó.



Rialacha maidir le hiompar

Catagóirí OEF

Lamháltais mhóra

Lamháltais bheaga

Tailte Stáit atá á n‑athrú

Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha

Próiseáil agus díol

1.

Oibleagáid gach táirge adhmaid a thagann as limistéir foraoise a chlárú ar chead leagtha sula n‑iomprófar iad agus an doiciméad sin a dhearbhú do stáisiún foraoise CFG le linn a n‑iompair nó arna iarraidh sin le linn fhíorú allamuigh CFG.

X

X

X

2.

Oibleagáid aon ʻfhoghrúpa’ táirgí adhmaid a thagann as limistéir foraoise Stáit a chlárú ar bhileog turais ionas go bhféadfar dearbhú a dhéanamh ar chead leagtha.

X

X

X

3.

Oibleagáid gach táirge adhmaid a thagann as limistéir foraoisí Stáit nó as limistéir foraoisí príobháideacha a chlárú ar bhille díola 24 sula niomprófar iad agus an doiciméad sin a dhearbhú do stáisiún foraoise CFG le linn a niompair nó arna iarraidh sin le linn fhíorú allamuigh CFG.

X

X

X

X

4.

Oibleagáid gach táirge adhmaid a thagann as limistéir foraoisí príobháideacha a chlárú ar dhearbhú maidir le maoin phríobháideach sula n‑iomprófar iad agus an doiciméad sin a dhearbhú do stáisiún foraoise CFG le linn a n‑iompair nó arna iarraidh sin le linn fhíorú allamuigh CFG.

X

5.

Oibleagáid gach táirge adhmaid a iompraíodh ar an slabhra soláthair a chlárú ar bhille díola, más infheidhme, agus an doiciméad sin a thaispeáint arna iarraidh sin le linn fhíorú allamuigh CFG.

X

6.

Oibleagáid foirm chúraim nó foirm urghabhála a úsáid chun táirgí adhmaid urghafa a iompar agus an doiciméad sin a dhearbhú do stáisiún foraoise CFG le linn a n‑iompair nó arna hiarraidh sin le linn fhíorú allamuigh CFG.

X

X

X

X

X

7.

Oibleagáid pas imréitigh a úsáid chun táirgí adhmaid atá imréitithe ag CFG a iompar ar aghaidh le dul isteach arís sa slabhra soláthair 25 agus oibleagáid an doiciméad seo a dhearbhú do stáisiún foraoise CFG le linn an turais nó arna iarraidh sin le linn fhíorú allamuigh CFG.

X

X

X

X

X

8.

Oibleagáidí gach roinn ábhartha a líonadh isteach ar na doiciméid iompair

X

X

X

X

X

9.

Oibleagáid deimhniú um adhmad a chur ar an margadh a úsáid i gcás táirgí adhmaid atá beartaithe lena n‑onnmhairiú ó phointe chigireacht grádaithe CFG go dtí an pointe onnmhairiúcháin.

X

X

X

X

X

10.

Oibleagáid cead trasloingsithe a úsáid i gcás gach táirge adhmaid a thagann ó limistéir foraoise Stáit agus a bhfuil an cead leagtha tugtha suas do CFG ina leith.

X

X

X


3.3.5    Táirgí adhmaid a phróiseáil

Is éard atá sa phróiseáil phríomhúil aistriú tosaigh na lomán cruinne ina dtáirgí adhmaid éagsúla. Féadfar an phróiseáil phríomhúil a dhéanamh ag muileann sábhadóireachta doghluaiste, muileann sábhadóireachta iniompartha nó ag gnó sáibh shlabhraigh. Is éard atá sa phróiseáil thánaisteach táirgí adhmaid próiseáilte go príomhúil a aistriú tuilleadh ina dtáirgí adhmaid eile. Féadfaidh saoráid próiseála tánaistí a bheith ina muileann sábhadóireachta nó ina clós adhmaid nach n‑úsáidtear ach táirgí adhmaid próiseáilte go príomhúil ann lena bpróiseáil tuilleadh ina dtáirgí adhmaid breisluacha. San oibríocht sin, ní lomáin chruinne a úsáidtear mar an acmhainn ionchuir.

Muileann sábhadóireachta nó clós adhmaid: Ní mór do OEFanna i muilte sábhadóireachta nó i gclóis adhmaid na ceanglais maidir le rianú sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh.



Rialacha maidir le próiseáil

Catagóirí OEF

Muilte sábhadóireachta

Clóis adhmaid

1.

Oibleagáid ceadúnas a fháil gach bliain chun an muileann sábhadóireachta nó an clós adhmaid a oibriú.

X

X

2.

Oibleagáid an fhaisnéis ábhartha faoi gach táirge adhmaid a théann isteach i muileann sábhadóireachta nó i gclós adhmaid a shonrú ar chlár taifid muilinn/clóis de na táirgí a fhaightear, a cheannaítear nó a sholáthraítear.

X

X

3.

Oibleagáid an fhaisnéis ábhartha faoi na táirgí adhmaid próiseáilte uile a shonrú ar fhoirm ʻadhmad sáfa agus adhmad táirgthe a thabhairt ar ais’ nó ar fhoirm ʻlomáin sháfa agus lomáin tháirgthe a thabhairt ar ais’.

X

4.

Oibleagáid an fhaisnéis ábhartha faoi gach táirge adhmaid próiseáilte a shonrú ar thuairisceán clóis adhmaid míosúil.

X

5.

Oibleagáid na doiciméid thuasluaite ar fad a chur faoi bhráid stáisiún foraoise CFG ar bhonn míosúil nó arna iarraidh sin le linn fhíorú allamuigh CFG.

X

X

3.3.6    Táirgí adhmaid a dhíol ar an margadh intíre

Déantar táirgí adhmaid a dhíol ar an margadh intíre ag clós adhmaid, ag muileann sábhadóireachta nó ag an lamháltas. Anuas air sin, féadfar duine nádúrtha nó comhlacht corpraithe nach n‑oibríonn muileann sábhadóireachta nó clós adhmaid a cheadúnú chun táirgí adhmaid, agus táirgí adhmaid amháin, a cheannach agus a dhíol.


Ní mór do NA OEFanna UILE na ceanglais maidir le rianú sna treoirlínte CRA a chomhlíonadh.

Rialacha maidir le táirgí adhmaid a dhíol ar an margadh intíre

Catagóirí OEF

Lamháltais mhóra

Lamháltais bheaga

Tailte Stáit atá á n‑athrú

Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha

Próiseáil agus díol 26

1.

Oibleagáid a bheith ceadúnaithe chun táirgí adhmaid a dhíol go háitiúil 27 .

X

2.

Oibleagáid an fhaisnéis ábhartha uile faoi gach táirge adhmaid arna dhíol a thaifeadadh ar fhoirm um dhíol táirgí adhmaid

X

X

X

X

X

3.

Oibleagáid an fhoirm um dhíol táirgí adhmaid a chur faoi bhráid stáisiún foraoise CFG ar bhonn míosúil nó arna iarraidh sin le linn fhíorú allamuigh CFG.

X

X

X

X

X

4.

Oibleagáid bille díola a eisiúint chuig ceannaitheoir agus uimhir an tsonraisc a thaifeadadh ar an bhfoirm um dhíol táirgí adhmaid.

X

X

X

X

X


3.3.7
   Táirgí adhmaid a onnmhairiú

Faoi láthair, beidh deimhniú onnmhairiúcháin a d’eisigh CFG chuig an onnmhaireoir ag gabháil le haon onnmhairiú táirgí adhmaid, de réir Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009.

Sa bhreis air sin, ní fhéadfar aon deimhniú onnmhairiúcháin a eisiúint le haghaidh aon táirge adhmaid más rud é gur tógadh, gur baineadh, gur iompraíodh nó gur déileáladh ar bhealach eile leis an táirge de shárú ar Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009.

Ní mór don OEF na doiciméid seo a leanas a chur faoi bhráid CFG ar dtús lena bhformheas roimh ré chun a áirithiú go bhfuil na OEFanna ag onnmhairiú táirgí adhmaid a fhíoraithe go dleathach:

   Iarratas ar dheimhniú um adhmad a chur ar an margadh

   Iarratas ar dheimhniú onnmhairiúcháin

   Iarratas ar tháirge foraoiseachta a onnmhairiú

   Doiciméad riaracháin aonair leictreonach (DRAL) sa Chóras Uathoibrithe le haghaidh Sonraí Custaim (CUSC)

   Sonrasc tráchtála

   Cead CITES (más infheidhme)


   Deimhniú tionscnaimh CARICOM (rud is gá chun táirgí a onnmhairiú chuig tíortha Chomhphobal Mhuir Chairib (CARICOM) amháin)

   Deimhniú tionscnaimh (i gcás tíortha nach tíortha CARICOM iad)

A luaithe a mheastar go bhfuil an OEF i gcomhlíontacht agus a fhormheastar na doiciméid thuasluaite, cuirtear ar ais chuig an OEF iad, agus eiseoidh an ADTA deimhniú onnmhairiúcháin chuig an OEF i leith na margaí uile agus ina theannta sin ceadúnas FLEGT i leith táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus arb é an tAontas a gceann scríbe. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an OEF isteach an ceadúnas FLEGT agus an deimhniú onnmhairiúcháin le haghaidh mhargadh an Aontais, nó an deimhniú onnmhairiúcháin le haghaidh margaí nach margaí de chuid an Aontais iad, in éineacht le doiciméid eile atá luaite thuas.



Rialacha maidir le táirgí adhmaid a onnmhairiú

Na OEFanna uile

1.

Oibleagáid ceadúnas a bheith agat chun táirgí adhmaid a onnmhairiú.

X

2.

Oibleagáid gach táirge adhmaid atá ainmnithe lena onnmhairiú a chlárú ar na doiciméid onnmhairiúcháin ábhartha 28 roimh an onnmhairiú agus oibleagáid iad a dhearbhú do cheanncheathrú CFG lena bhformheas.

X

3.

Oibleagáidí gach roinn ábhartha a líonadh isteach ar na doiciméid onnmhairiúcháin thuasluaite.

X

4.

Oibleagáid na doiciméid onnmhairiúcháin agus an deimhniú onnmhairiúcháin arna bhformheas ag CFG a dhearbhú do CETO.

X

5.

Toirmeasc ar tháirgí adhmaid nach ndearbhaítear ar dheimhniú onnmhairiúcháin a onnmhairiú.

X

6.

Oibleagáid cead CITES (más infheidhme), deimhniú tionscnaimh CARICOM (más infheidhme) agus sonrasc tráchtála a chur isteach agus doiciméid onnmhairiúcháin á ndearbhú do cheanncheathrú CFG.

X

7.

Oibleagáid tobhach onnmhairiúcháin a íoc

X

3.3.8    Táirgí adhmaid a allmhairiú

De réir Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, ní mór d’aon OEF a allmhairíonn táirgí adhmaid ceadúnais allmhairiúcháin a bheith aige. Sa bhreis air sin, sonraítear in Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, nach ndéanfaidh aon duine aon táirge adhmaid a fuarthas go neamhdhleathach, nó a allmhairítear go neamhdhleathach, ó aon tír a allmhairiú ná a iompar laistigh den Ghuáin.


De réir Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, tá sé de fhreagracht ar an allmhaireoir a chruthú go bhfuarthas na táirgí adhmaid allmhairithe go dleathach agus go ndearnadh iad a onnmhairiú go dleathach óna dtír thionscnaimh.

Eiseoidh an Ghuáin reachtaíocht lena gceanglófar ar allmhaireoirí dícheall cuí a dhéanamh agus forbróidh sí treoirlínte cur chun feidhme sonracha maidir le ceanglais doiciméadachta bhreis le haghaidh allmhairiú chun an Comhaontú a chur chun feidhme.

Aithneodh an Ghuáin táirgí adhmaid allmhairithe mar tháirgí dleathacha má tá an méid seo a leanas ag gabháil leo:

1.    ceadúnas FLEGT bailí lena gcumhdaítear an lastas ina iomláine ó thír is onnmhaireoir a bhfuil CCS tugtha i gcrích aici leis an Aontas agus a bhfuil scéim ceadúnúcháin FLEGT oibríochtúil i bhfeidhm aici; nó

2.    cead CITES bailí lena gcumhdaítear an lastas ina iomláine; nó

3.    féindearbhú lena léirítear go ndearnadh dícheall cuí trí thuarascáil mheasúnachta ar dhícheall cuí a chur ar bun de réir an mhéid seo a leanas:

   faisnéis faoin tionscnamh dlíthiúil i dtír lománaíochta na dtáirgí adhmaid atá le hallmhairiú;

   faisnéis faoi riosca neamhdhleathachta measúnaithe na dtáirgí adhmaid atá le hallmhairiú;


   Nós imeachta chun maolú agus/nó bainistiú a dhéanamh ar aon riosca neamhdhleathachta a shainaithnítear.

Rialacha maidir le táirgí adhmaid a allmhairiú

Na OEFanna uile

1.

Oibleagáid a bheith ceadúnaithe chun táirgí adhmaid a allmhairiú.

X

2.

Toirmeasc ar tháirgí adhmaid nach ndearbhaítear ar chead allmhairiúcháin a allmhairiú.

X

3.

Oibleagáid gach táirge adhmaid atá ainmnithe lena allmhairiú a chlárú ar an iarratas ar chead allmhairiúcháin, agus oibleagáid an doiciméid sin a dhearbhú don Eagraíocht Náisiúnta Cosanta Plandaí (ENCP) lena bhformheas roimh allmhairiú.

X

4.

Oibleagáidí gach roinn ábhartha a líonadh isteach ar an iarratas ar chead allmhairiúcháin.

X

5.

Oibleagáid ceadúnas FLEGT nó cead CITES nó tuarascáil mheasúnachta ar dhícheall cuí (i gcás inarb infheidhme) a chur isteach leis an iarratas ar chead allmhairiúcháin.

X

3.3.9    Táirgí adhmaid faoi bhealach

Is táirgí adhmaid faoi bhealach iad táirgí a iompraítear sa Ghuáin agus ag a bhfuil tionscnamh agus ceann scríbe lasmuigh de theorainneacha custaim na Guáine. Ní cheadófar do tháirgí adhmaid faoi bhealach dul isteach i slabhra soláthair na Guáine. Dá thoradh sin, ní dhíolfar ar an margadh intíre iad agus ní eiseofar deimhnithe onnmhairiúcháin ná ceadúnais FLEGT ina leith.


Tá nósanna imeacht i bhfeidhm ag CETO chun earraí faoi bhealach a bhainistiú agus a rialú, agus úsáidfear iad sin freisin chun táirgí adhmaid faoi bhealach a bhainistiú agus a rialú.

Ní mór do CETO táirgí adhmaid faoi bhealach a fhormheas. Is faoi mhaoirseacht údarás custaim na Guáine a bheidh siad i gcónaí ón bpointe iontrála go dtí an pointe fágála, i gcás ina n‑aistrítear táirgí adhmaid chuig tír an ghlactha trí dhoiciméad custaim oifigiúil a mhalartú.

3.3.10    Táirgí adhmaid urghafa agus arna dtréigean

Táirgí adhmaid urghafa

Táirgí adhmaid faoina bhfuiltear in amhras go sáraíonn siad Acht na bhForaoisí, Uimh.  6 de 2009, déantar iad a urghabháil agus a bhaint as an slabhra soláthair. I gcásanna áirithe a thuairiscítear thíos, agus de réir nósanna imeachta um adhmad urghafa a bhainistiú, féadfaidh adhmad den chineál sin dul isteach arís i slabhra soláthair na Guáine.

Tar éis adhmad urghafa a athiontráil sa slabhra soláthair, ní eiseofar ceadúnais FLEGT i leith an adhmaid sin ach amháin i gcás nach dtionscnaítear aon ionchúiseamh laistigh de thrí mhí i leith an chiona ar dá dhroim a urghabhadh an t‑adhmad (An tAcht Foraoise, Alt 60.1.a), nó i gcás gur éigiontaíodh gach duine a ionchúisíodh (Acht na bhForaoisí, Alt 60.1.b).

Dhá (2) bhliain tar éis dhaingniú an chomhaontaithe seo, déanfaidh an dá Pháirtí athmheastóireacht ar an gcur chuige tríd an CFAA.


Tugtar tuairisc thíos ar na nósanna imeachta um adhmad urghafa a bhainistiú:

1.    Urghabháil agus imscrúdú ag an CFG: Nuair a bhíonn amhras réasúnach ar RFF faoi dhlíthiúlacht táirge adhmaid, urghabhann Coimisiún Foraoiseachta na Guáine é trí sheilbh a ghlacadh air, é sin nó trí fhoirm chúraim a eisiúint lena nordaítear don OEF seilbh a choinneáil ar an táirge adhmaid agus toirmeasc a chur orthu an táirge a iompar gan údarú ó Choimisiún Foraoiseachta na Guáine. Eisítear an fhoirm urghabhála chuig an OEF nó chuig an neamhOEF nuair a fhaigheann Coimisiún Foraoiseachta na Guáine an táirge adhmaid urghafa.

Ina dhiaidh sin, déanfaidh RFF imscrúdú lena dheimhniú an ndearnadh sárú. I gcás ina sáraítear Acht na bhForaoisí, nó i gcás ina bhfuil amhras ann gur sáraíodh Acht na Meir-Indiach (laistigh de theorainneacha na sráidbhailte Meir-Indiacha), déanfaidh an Chomhairle Sráidbhaile agus/nó Coimisiún Foraoiseachta na Guáine (arna iarraidh sin ón gComhairle Sráidbhaile) 29 an timscrúdú, agus féadfaidh an Chomhairle Sráidbhaile an OEF nó an neamhOEF a thoghairm os comhair na Comhairle.

I gcásanna neamh‑chomhlíontachta, bíodh sé sin ag OEFanna nó neamh‑OEFanna, ullmhóidh RFF foirm chúraim nó foirm urghabhála agus tuarascáil um choinneáil. Cuirfear an tuarascáil sin, in éineacht le cóip de cheachtar de na foirmeacha thuasluaite, ar aghaidh chuig ceanncheathrú Choimisiún Foraoiseachta na Guáine chun cinneadh críochnaitheach a dhéanamh maidir leis na torthaí agus na moltaí. Ansin, cuirfear an tuarascáil sin ar aghaidh chuig ACFB lena cur sa chartlann sa roinn maidir le neamh‑chomhlíontacht in CID.


2.    Pionós: Más rud é gurb é an chéad chion é agus gur cion beag nó fánach é, feadfaidh an OEF agus Coimisiún Foraoiseachta na Guáine aontú ar shocrú i dtaca leis an gcion. Beidh gach cion eile faoi réir ailt 68, 69 agus 70 dAcht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009 agus faoi réir na bpionós a liostaítear i Sceideal 1 den Acht sin.

3.    Adhmad urghafa a dhíol, a thabhairt ar ais nó a dhiúscairt

Adhmad urghafa a dhíol, arb adhmad é atá faoi réir dul ó mhaith: I gcás ina bhfuil adhmad urghafa faoi réir dul ó mhaith go tapa agus go nádúrtha, féadfaidh an CFG an t‑adhmad sin a dhíol agus fáltais an díola a choinneáil ar iontaobhas go dtí go gcríochnaítear aon imeachtaí cúirte i leith cion in aghaidh Acht na bhForaoisí, Uimh. 6  de 2009.

Adhmad urghafa a thabhairt ar ais don OEF: Maidir le hainmniú mar adhmad urghafa, féadfar an t‑ainmniú sin a chur i leataobh, agus an t‑adhmad urghafa a thabhairt ar ais don OEF agus a athiontráil sa slabhra soláthair sa chás seo a leanas:

   níor cuireadh tús laistigh de 3 mhí ón urghabháil le haon imeachtaí dlí i leith cion in aghaidh Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, ar dá bhun a rinneadh an rud sin a urghabháil. Áirítear leis sin cásanna inar íocadh aon chúiteamh ba ghá, agus ina bhfuil cuntas ar aon íocaíochtaí gan íoc tugtha i gcóras airgeadais Choimisiún Foraoiseachta na Guáine agus ina bhfuil formheas tugtha ag an gCoimisiún sin ina dhiaidh;


   rinneadh imeachtaí dlí a thionscnamh agus tugadh chun críche iad ach –

1.    éigiontaíodh gach duine a ionchúisíodh; nó

2.    ní dhearnadh aon ordú Cúirte i leith adhmad urghafa a fhorghéilleadh a eisiúint faoi Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, ná faoi aon dlí scríofa eile.

Adhmad urghafa a fhorghéilleadh agus diúscairt an adhmaid sin ag CFG: I gcás inar ordaigh an Chúirt go ndéanfaí adhmad urghafa a fhorghéilleadh don stát, féadfaidh an CFG é a choinneáil nó é a chur de láimh ar cibé slí is cuí leis. Áirítear leis sin go bhféadfadh CFG an t‑adhmad forghéillte sin a chur ar ceant go poiblí.

Sna cásanna thuasluaite, eisítear pas imréitigh le haghaidh gach táirge adhmaid urghafa a bhfuil cead acu dul isteach sa slabhra soláthair arís, agus chun iompar ar aghaidh a chumhdach do na táirgí adhmaid. Ní eiseofar ceadúnais FLEGT, áfach, ach amháin i gcás adhmad urghafa a tugadh ar ais don OEF toisc nár tionscnaíodh ionchúiseamh laistigh de 3 mhí, nó toisc gur éigiontaíodh gach duine a ionchúisíodh.

Má fhaightear amach go ndearna neamhOEF sárú, níl cead ach ag an Rialtas na táirgí adhmaid urghafa agus arna bhforghéilleadh a úsáid, agus ní féidir iad a úsáid ach i dtionscadail arna bhformheas ag an Rialtas 30 .


4.    An doiciméadacht maidir le réiteach an cháis: Tar éis an pas imréitigh a eisiúint, cuirfear an cinneadh críochnaitheach maidir leis an smachtbhanna, agus an formheas a deonaíodh chun na táirgí adhmaid a imréiteach, ar aghaidh chuig ACFB. Tabharfaidh ACFB an roinn maidir le neamhchomhlíontacht in CID cothrom le dáta ansin agus déanfaidh sé na doiciméid a chur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF in CID más OEF an ciontóir. Le linn chéim cur chun feidhme CGDDA, treiseofar an roinn sin in CID atá ag plé le neamhchomhlíontacht.

5.    Forbairt a dhéanamh ar na ceanglais is infheidhme maidir le táirgí adhmaid urghafa amach anseo: Le linn chéim cur chun feidhme CGDDA, tabharfar aghaidh ar aon bhearna sa phróiseas a dtugtar tuairisc air sa roinn seo, lena náirítear: nósanna imeachta i ndáil le táirgí adhmaid a athiontráil sa slabhra soláthair arís, ar táirgí iad a bhfuil cionta déanta agus socraithe ina leith, nósanna imeachta chun a dhoiciméadú cén chuid den adhmad a a chuirtear ar ais isteach atá incháilithe do cheadúnú FLEGT agus chun an adhmad sin a leithdheighilt, agus i ndáil le stádas an adhmaid nó leis na srianta atá ar an adhmad sin a bhfuil amhras faoi go bhfuil sé neamhdhleathach sula dtiocfar ar shárú; na caighdeáin agus an nós imeachta i ndáil le luach margaidh na dtáirgí adhmaid atá faoi réir cúitimh; nósanna imeachta nuair nach níoctar cúiteamh de réir mar is gá; an próiseas agus an taifead chun cúiteamh a íoc; an próiseas, na caighdeáin agus an doiciméadacht maidir le pionóis a shásamh agus le pas imréitigh a eisiúint; cinniúint na dtáirgí adhmaid nuair a fhaightear an OEF ciontach le himeachtaí cúirte; na ceanglais agus na nósanna imeachta i ndáil le ceant le haghaidh na dtáirgí adhmaid urghafa; agus cé atá freagrach i gCoimisiún Foraoiseachta na Guáine as na céimeanna seo uile agus cén sainorduithe agus cén freagrachtaí atá acu sa phróiseas ceant.


Aon duine nach OEF é, ach a bhfuil amhras ag Coimisiún Foraoiseachta na Guáine faoi go bhfuil Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, á shárú aige, beidh an duine sin faoi réir na rialacha maidir le táirgí adhmaid urghafa.

2 bhliain tar éis an comhaontú seo a dhaingniú, déanfaidh an dá Pháirtí athmheastóireacht a dhéanamh, tríd an CFAA, ar theorannú an cheadúnaithe FLEGT d’adhmad urghafa a cuireadh ar ais chuig an OEF mar nár tionscnaíodh aon ionchúiseamh laistigh de 3 mhí, nó toisc gur éigiontaíodh gach duine a ionchúisíodh.

Rialacha maidir le táirgí adhmaid urghafa

Na OEFanna uile

1.

Oibleagáid táirgí adhmaid urghafa a iompar (chuig suíomh atá luaite ag CFG) le cibé acu foirm chúraim nó foirm urghabhála, agus an doiciméad sin a dhearbhú do stáisiún foraoise CFG le linn a n‑iompair nó arna iarraidh sin le linn fhíorú allamuigh CFG.

X

2.

Toirmeasc ar úsáid táirgí adhmaid urghafa nach bhfuil imréitithe le n‑athiontráil sa slabhra soláthair le pas imréitigh.

X


Táirgí adhmaid arna dtréigean

In Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, foráiltear nach rachaidh táirgí adhmaid arna dtréigean, nach féidir a n‑úinéireacht dhlíthiúil a rianú agus/nó a bhunú, isteach sa slabhra soláthair ach go measfar gur leis an Stát iad agus go n‑úsáidfear i dtionscadail arna bhformheas ag an rialtas iad. Ullmhóidh Coimisiún Foraoiseachta na Guáine tuarascálacha ar an méid a fhaightear amach faoi tháirgí adhmaid arna dtréigean agus an chaoi ar úsáideadh iad, agus cuirfidh ACFB cóipeanna leictreonacha de na tuarascálacha sin sa chartlann in CID agus cuirfear ar fáil go poiblí iad. An sainmhíniú ar adhmad arna thréigean, na céimeanna chun a áirithiú go ndeilfear ón slabhra soláthair é, agus na ceanglais maidir le cinneadh gur adhmad arna thréigean atá ann a thuairisciú ar bhonn rialta, beidh an méid sin leagtha amach i nósanna imeachta arna bhforbairt le linn chéim cur chun feidhme an CCS.

3.4    Fíorú ar chomhlíonadh an phróisis leithdháilte, an tSainmhínithe Dlíthiúlachta agus cheanglais CRA.

3.4.1    Prionsabail ghinearálta le haghaidh fíorú

Sa roinn seo déantar cur síos ar an gcaoi a ndéantar fíorú ar chomhlíonadh an phróisis leithdháilte, an tSainmhínithe Dlíthiúlachta agus cheanglais CRA. Is ar reachtaíocht agus lámhleabhair nósanna imeachta na Guáine atá ann cheana atá an roinn seo bunaithe.

Bunaithe ar bhearnaí arna sainaithint le linn fhorbairt CGDDA, déanfar nuashonrú ar Lámhleabhar Nósanna Imeachta RFF, Lámhleabhar Nósanna Imeachta an Rannáin Airgeadais agus Lámhleabhar Nósanna Imeachta RBAF, sula mbeidh scéim ceadúnúcháin FLEGT oibríochtúil.


Le linn chéim chur chun feidhme CGDDA, an mhodheolaíocht le haghaidh gnáthfheidhmeanna agus gnáthchigireachtaí, fíorú comhdhlúite agus bainistiú neamhchomhlíonta ag na hAireachtaí agus/nó ag na Gníomhaireachtaí Rialtais agus fíorú CGDDA á dhéanamh acu, déanfar í a fhorbairt tuilleadh agus tiomsófar í i Lámhleabhar CGDDA um Nósanna Imeachta le haghaidh fíorú. Forbrófar an Lámhleabhar sin faoi mhaoirseacht Choimisiún Foraoiseachta na Guáine i gcomhar leis na hAireachtaí agus/nó leis na Gníomhaireachtaí Rialtais eile uile a bhfuil baint acu le CGDDA. Beidh an deis ag CFAA athbhreithniú a dhéanamh ar an lámhleabhar agus tuairim a thabhairt air sula mbeidh CGDDA oibríochtúil.

Le Lámhleabhar Nósanna Imeachta CGDDA, saineofar modheolaíocht fíorúcháin chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí neamhchomhlíonta ag OEFanna leis na táscairí agus leis na rialuithe ar an slabhra soláthair, bunaithe ar an méid seo a leanas:

   Róil agus freagrachtaí na nAireachtaí agus/nó na nGníomhaireachtaí Rialtais: faoi chuimsiú roinn 2.5 den Iarscríbhinn seo, déanfar cur síos breise ar roinnt na gcúraimí agus fíorú á dhéanamh ar gach táscaire agus ar na rialuithe ar an slabhra soláthair.

   An chaoi a shocrófar minicíocht agus déine le haghaidh fíorú i ndáil leis an riosca measúnaithe.

   Tosca riosca, amhail cineálacha OEFanna, cineálacha, speiceas, agus réigiún geografach táirgí adhmaid.


   An cineál fíoraithe: fisiceach nó bunaithe ar dhoiciméid, réamhshocraithe nó gan choinne.

   Na prótacail chun fíoraitheoirí agus faisnéis maidir le comhlíonadh a chur sa chartlann, i gcás cóipeanna leictreonacha agus cóipeanna crua araon.

Cinnteofar leis sin go ndéanfar fíorú ar bhealach inchreidte, chostéifeachtach agus éifeachtúil.

An fíorú a dhéantar ar chomhlíonadh dlíthiúil an phróisis leithdháilte, an tSainmhínithe Dlíthiúlachta agus na gceanglas rialaithe ar an slabhra soláthair, tá sé d’aidhm aige a áirithiú:

   go ndéantar foraoisí stáit a leithdháileadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a ndéantar cur síos orthu i roinn 3.1 den Iarscríbhinn seo;

   go ndéantar lománaíocht ar Shráidbhailte Meir-Indiacha agus ar thailte príobháideacha faoi réir na nósanna imeachta a ndéantar cur síos orthu i roinn 3.1.2 den Iarscríbhinn seo;

   gur oibríochtaí dleathacha iad na hoibríochtaí foraoise sa Ghuáin;

   go gcomhlíonann na OEFanna a noibleagáidí faoin Sainmhíniú Dlíthiúlachta agus faoi na rialuithe ar an slabhra soláthair; agus

   go ndéantar cásanna neamhchomhlíontachta a shainaithint, a thaifeadadh agus a réiteach.


3.4.2
   Fíorú ar chomhlíonadh an phróisis leithdháilte foraoise

Leis an bhfíorú ar chomhlíonadh an phróisis leithdháilte foraoise, seiceáiltear an leibhéal comhlíonta leis na ceanglais chun comhaontaithe lamháltas foraoise a leithdháileadh mar a leagtar amach iad in Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009, agus sa roinn um nós imeachta maidir le leithdháileadh faoi Lámhleabhar Nósanna Imeachta RBAF.

A luaithe a bheidh na hiarratais curtha i gcrích, lena n‑áirítear íocaíocht na dtáillí riachtanacha, déanfaidh RFF de chuid CFG agus an RBAF athbhreithniú orthu ar dtús le haghaidh iomláine, agus ansin déanfaidh Coiste um Leithdháileadh Acmhainní Foraoise CFG athbhreithniú orthu. Fíoraíonn Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí CFG gur chomhlíon próiseas leithdháilte CFG nósanna imeachta um leithdháileadh CLF atá bunaithe cheana, lena n‑áirítear gur chomhlíon na hiarratais na treoirlínte iomchuí le haghaidh athbhreithniú Choiste um Leithdháileadh Acmhainní Foraoise ar iarratais. Ansin cuirfidh Coimisinéir na bhForaoisí tuarascáil faoi bhráid fhochoiste Bhord Stiúrthóirí CFG maidir leis an bpróiseas iomlán a leagtar amach thuas, fochoiste a dhéanfaidh athbhreithniú agus meastóireacht ar na hiarratais. Bunaithe ar an athbhreithniú agus ar an meastóireacht thuas, cuirfidh fochoiste teicniúil an Bhoird tuarascáil faoi bhráid Bhord Stiúrthóirí CFG, a dhéanfaidh an cinneadh deiridh maidir le dámhachtain. Chun trédhearcacht a áirithiú, déanfar faisnéis a bhaineann leis an bpróiseas leithdháilte, agus torthaí an phróisis sin, chur ar fáil go poiblí.

A luaithe a bheidh cinneadh deiridh déanta maidir le dámhachtain, déanfaidh CFG conarthaí bunaidh a ullmhú agus a eisiúint, agus cuirfear an fhaisnéis riachtanach in CID.


Déanfar cur síos ar an nós imeachta um leithdháileadh CLF (an liosta folúntais a bhunú, an próiseas iarratais, próiseas athbhreithnithe agus meastóireachta CFG agus próiseas athbhreithnithe, meastóireachta agus dámhachtana Bhord CFG), lena n‑áirítear píosaí fianaise gaolmhara agus measúnú ar chomhlíonadh a thaisceadh in CID, i Lámhleabhar Nósanna Imeachta RBAF.

3.4.3    Fíorú ar chomhlíonadh an tSainmhínithe Dlíthiúlachta

Beidh feidhm ag an bhfíorú ar chomhlíonadh an tSainmhínithe Dlíthiúlachta i ndáil le OEFanna uile na Guáine. Tá fíorú maidir le comhlíontacht OEFanna ag brath ar obair CFG, na nAireachtaí agus/nó na nGníomhaireachtaí Rialtais eile uile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme CGDDA. Úsáidtear na fíoraitheoirí a liostaítear sa Sainmhíniú Dlíthiúlachta chun comhlíonadh dlíthiúil na dtáscairí comhfhreagracha a fhíorú. Déanfaidh Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais na seiceálacha seo a leanas ar OEFanna:

   Freagrachtaí Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais

Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais a bhfuil baint acu le CGDDA, déanfaidh siad feidhmeanna bunaithe ar dhoiciméid agus feidhmeanna allamuigh i gcomhréir lena sainordú. I gcomhthéacs CGDDA, beidh trí chineál freagrachta ag na hAireachtaí agus/nó ag na Gníomhaireachtaí Rialtais:


   Gnáthfheidhmeanna

Beidh sé de cheangal ar Aireachtaí agus/nó ar Ghníomhaireachtaí Rialtais a nósanna imeachta agus a seiceálacha inmheánacha féin a leanúint, a dtiocfaidh eisiúint fíoraitheoirí astu. Sna cásanna sin, tá na táscairí comhlíonta ag an OEF nuair atá an fíoraitheoir bailí riachtanach aige.

   Gnáthchigireachtaí

Is éard is cigireachtaí rialta ann na gnáthchigireachtaí a dhéantar ar oibríochtaí OEF arna ndéanamh ag na hAireachtaí agus/nó ag na Gníomhaireachtaí Rialtais mar chuid dá sainordú. Is é an toradh a bhíonn orthu ná go n‑eisítear tuarascálacha cigireachta atá ina bhfíoraitheoirí freisin ar an Sainmhíniú Dlíthiúlachta. Sna cásanna sin, déanann na táscairí cur síos ar na ceanglais nach mór don OEF a chomhlíonadh. Déantar measúnú ar chomhlíonadh tríd an gcigireacht agus luaitear toradh an mheasúnaithe sa tuarascáil chigireachta.

   Cigireachtaí randamacha fógartha nó neamhfhógartha

Déanfaidh na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí fíoruithe randamacha, bíodh siad fógartha nó neamhfhógartha, ar chomhlíonadh táscairí bunaithe ar sheiceálacha doiciméadacha agus fisiceacha, lena áirithiú go mbeidh na OEFanna ag comhlíonadh a n‑oibleagáidí dlíthiúla faoi CGDDA ar bhonn leanúnach.


Na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an táscaire, cuirfidh siad ACFB ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe ar chomhlíonadh, ag sonrú go soiléir cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an OEF na táscairí atá faoina chúram.

Déanfaidh ACFB comhad sonraí leictreonach an OEF a nuashonrú in CID bunaithe ar thuarascálacha arna nginiúint ag na gníomhaíochtaí fíoraithe a shonraítear i Roinn 3.4 agus ar thuarascálacha arna gcur isteach ag Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais eile le linn an fhíoraithe chomhdhlúite.

Nósanna imeachta sonracha chun comhlíonadh gach táscaire a fhíorú laistigh den Sainmhíniú Dlíthiúlachta, déanfar iad a fhorbairt tuilleadh i Lámhleabhar CGDDA um Nósanna Imeachta le haghaidh fíorú le linn chéim cur chun feidhme CGDDA. Leis na nósanna imeachta fíorúcháin sin, áiritheofar láidreacht an fhíoraithe maidir leis na táscairí a chomhlíonadh mar chuid de CGDDA.

Leis na nósanna imeachta sin, tabharfar imlíne ar an gcaoi a ndéanfar na feidhmeanna agus na cigireachtaí, idir ghnáthfheidhmeanna agus gnáthchigireachtaí agus feidhmeanna agus cigireachtaí randamacha, agus ar an gcaoi a gcruthófar fíoraitheoir agus measúnú ar chomhlíonadh dá mbarr. Déanfar fíoraitheoirí statacha agus dinimiciúla a mheas ar bhealaí éagsúla:

   Déanfar fíoraitheoirí statacha a fhíorú ar feadh tréimhse sonraithe a shaineofar i gcéim cur chun feidhme CGDDA.


   Úsáidtear fíoraitheoirí dinimiciúla chun comhlíontacht dlíthiúil na foinse adhmaid agus cheanglais CRA a fhíorú ag gach céim ar an slabhra soláthair.

3.4.4    Ceanglais CRA a fhíorú

Is córas éigeantach náisiúnta é CRA a mbaineann CFG úsáid as chun measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht OEFanna le ceanglais CRA agus a dtáirgí adhmaid tríd an slabhra soláthair, ó lománaíocht go hiompar, próiseáil agus díol intíre. Le CRA, cumhdaítear gach foinse de shreafaí táirgí adhmaid sa Ghuáin, lena n‑áirítear allmhairí adhmaid, agus cuirtear ar chumas CFG staidreamh cruinn a bhailiú faoi na sreafaí sin, lena n‑áirítear staidreamh a bhaineann le táirgeadh, próiseáil agus trádáil adhmaid. Le CRA, cuirtear ar chumas CFG a fhíorú gur chomhlíon an OEF na ceanglais rialaithe ar an slabhra soláthair a leagtar amach i dTreoirlínte CRA agus fágann sé gur féidir cásanna neamhchomhlíonta a bhainistiú. Leagtar síos i Roinn 3.3 rialacha CRA nach mór do OEFanna a chomhlíonadh agus déantar cur síos i Ranna 3.4.4.1 go 3.4.4.8 ar an bhfíorú gaolmhar arna dhéanamh ag na hAireachtaí agus/nó ag na Gníomhaireachtaí Rialtais. Leis an CRA cuirtear ar chumas CFG fíoruithe córasacha agus randamacha allamuigh agus bunaithe ar dhoiciméid a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar oibríochtaí OEFanna le haghaidh pointí rialúcháin éagsúla CRA. Le linn fíoruithe allamuigh, déanann RFF cigireacht rialta ar tháirgí adhmaid chun comhlíontacht OEFanna a mheasúnú agus a bhailíochtú, bunaithe ar fhaisnéis a chuireann na OEFanna faoi bhráid CFG ag gach pointe rialúcháin criticiúil den slabhra soláthair.


Déantar cur síos breise i bhFoscríbhinn na hIarscríbhinne seo ar na sonraí a dhearbhaítear agus a fhíoraítear. Le linn fíoruithe bunaithe ar dhoiciméid a dhéantar ag ceanncheathrú CFG, tugann RFF faoi phróiseas réitigh rialta trí anailís a dhéanamh ar shonraí agus ar fhaisnéis arna ndearbhú ag OEFanna agus arna mbailiú ag CFG le linn fíoruithe allamuigh le haghaidh na bpointí rialúcháin criticiúil den slabhra soláthair. Maidir le gach pointe rialúcháin, déantar cur síos breise ar na hanailísí sin i ranna 3.4.4.1 go 3.4.4.8 agus i bhFoscríbhinn na hIarscríbhinne seo. Nuair a bhaineann an ceanglas CRA le doiciméad a chur isteach, is é a bheidh i gceist le fíorú ar chomhlíonadh an cheanglais sin measúnú ar chruinneas agus ar iomláine na faisnéise atá sa doiciméad sin.

Cásanna neamhchomhlíonta a aithnítear le linn cigireacht agus fíorú allamuigh agus fíorú ar shonraí bunaithe ar dhoiciméid, déileáiltear leo i gcomhréir leis an bpróiseas riaracháin dá dtagraítear i roinn 3.5 maidir le bainistiú neamhchomhlíonta.

Na tuarascálacha uile arna gcur isteach ag foireann RFF agus an fhaisnéis uile arna cur isteach ag na OEFanna, seoltar iad chuig ACFB lena gcur sa chartlann i gcomhaid sonraí leictreonacha na OEFanna in CID. Cuirfear achoimre bhliantúil ar na tuarascálacha fíorúcháin ar fáil go poiblí.

Faigheann ACFB sonraí agus faisnéis ábhartha arna gcur isteach ag Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais eile a bhaineann le rialuithe ar an slabhra soláthair agus déanann sé iad a iontráil agus a chur sa chartlann in CID (féach roinn 3.4.3).


Déanfar na nósanna imeachta maidir le hanailís, réiteach agus bailíochtú sonraí a nuashonrú i Lámhleabhar Nósanna Imeachta RFF le linn chéim cur chun feidhme CGDDA. Léireoidh an Lámhleabhar Nósanna Imeachta sin cá háit agus cén duine a fhíoróidh na sonraí sin agus conas a fhíorófar iad trí bhailíochtú agus réiteach 31 . Tá tábla (a leagtar amach i bhFoscríbhinn na hIarcríbhinne seo) forbartha ag CFG a chumhdaíonn na pointí rialúcháin criticiúla laistigh den slabhra soláthair agus na doiciméid agus/nó fianaise lena mbunaítear dlíthiúlacht le haghaidh na gcéimeanna seo a leanas:

   Fardal réamhlománaíochta

   Lománaíocht

   Stoc iarlománaíochta

   Táirgí adhmaid a iompar

   Táirgí adhmaid a phróiseáil

   Táirgí adhmaid a dhíol ar an margadh intíre

   Táirgí adhmaid a onnmhairiú

   Táirgí adhmaid a urghabháil


   Táirgí adhmaid faoi bhealach

   Táirgí adhmaid a allmhairiú

Ar an iomlán, méadaíonn CRA trédhearcacht agus inchreidteacht earnáil foraoiseachta na Guáine, agus ar an gcaoi sin, cabhraíonn sé chun feabhas a chur ar an íomhá atá aici ar na margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta.

3.4.4.1    Fíorú maidir le comhlíontacht stádais dhlíthiúil, sula ndéantar oibríochtaí foraoise

Fíoraíonn RBAF go bhfuil na doiciméid riachtanacha ag an OEF chun a chruthú go bhfuil an OEF bunaithe go dlíthiúil chun a bheith ag feidhmiú sa Ghuáin, mar a shonraítear sa Sainmhíniú Dlíthiúlachta. Formheasann RBAF an ceart atá ag OEF lománaíocht a dhéanamh sula ndéantar lománaíocht, bunaithe ar mheasúnuithe atá bunaithe ar dhoiciméid ag ceanncheathrú CFG agus ar chigireachtaí allamuigh araon. Cuireann RBAF na sonraí agus an fhaisnéis sin faoi bhráid ACFB lena gcur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF.

3.4.4.2    Fíorú maidir le comhlíontacht fardail réamhlománaíochta

   Lamháltais mhóra

Fíoraíonn RFF comhlíonadh na gceanglas réamhlománaíochta a leagtar amach i roinn 3.3.1 trí leibhéil éagsúla den fhíorú allamuigh agus den fhíorú sonraí a dhéanamh.


A.    Cigireachtaí allamuigh

A.1    Faireachán ar ghníomhaíochtaí réamhlománaíochta

Déanann foireann allamuigh RBAF measúnú ar chomhlíontacht an OEF le rialacha réamhlománaíochta 1, 2 agus 3 a liostaítear i roinn 3.3.1 trí ghnáthchigireachtaí allamuigh a dhéanamh agus líonann siad isteach tuarascáil fíorúcháin CFG ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile.

Cuireann foireann RBAF tuarascáil fíorúcháin CFG faoi bhráid cheanncheathrú RBAF le haghaidh fíorú breise trí chomparáid sonraí.

B.    Fíorú bunaithe ar dhoiciméid

B.1    Doiciméid maidir le bainistíocht foraoisí a bhailíochtú

Déanann ceanncheathrú RBAF measúnú ar chomhlíontacht an OEF le rialacha réamhlománaíochta 2, 4 agus 5 a liostaítear i roinn 3.3.1 tríd an athbhreithniú doiciméad ar phlean um bainistíocht foraoisí agus ar phlean oibríochta bliantúil an OEF agus líonann sé isteach tuarascáil athbhreithnithe doiciméad ina liostaítear na cásanna neamhchomhlíonta uile.


B.2    Faisnéis dearbhaithe maidir leis an bhfardal a fhíorú:

Déanann ceanncheathrú RBAF comparáid idir sonraí ó thuarascáil fardail réamhlománaíochta an OEF agus na sonraí sin ó thuarascáil fíorúcháin CFG chun comhlíonadh rialacha réamhlománaíochta 1, 2 agus 3 a liostaítear i roinn 3.3.1 a fhíorú.

Bunaithe ar na fíoruithe thuas, cuireann ceanncheathrú RBAF tuarascáil fíorúcháin CFG agus an tuarascáil athbhreithnithe doiciméad, lena n‑áirítear faisnéis faoi chomhlíonadh, ar fáil do ACFB lena gcur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF.

Cuireann RBAF RFF ar an eolas maidir le comhlíontacht an OEF, a bhfuil sé de cheangal air tús a chur le lománaíocht.

Tar éis an fardal réamhlománaíochta a fhormheas, eisíonn RFF clibeanna rianaithe leis an OEF do na crainn atá le lománú i mbloic atá formheasta ag CFG don bhliain oibríochtúil. Déanann CFG cuóta bliantúil an OEF (toirt na dtáirgí adhmaid) a ríomh bunaithe ar an timthriall gearrtha a roghnaíodh agus ar thorthaí an fhardail réamhlománaíochta. Úsáidtear an cuóta chun líon na gclibeanna atá le heisiúint a chinneadh.


   Lamháltais bheaga

Ní dhéanann CFG cigireachtaí réamhlománaíochta toisc nach bhfuil ceangal ar OEFanna na lamháltas beag gníomhaíochtaí réamhlománaíochta a dhéanamh.

Déanann RFF cuóta an OEF (méid an táirge adhmaid) a ríomh agus a fhormheas don limistéar lamháltais. Úsáidtear an cuóta chun líon na gclibeanna atá le heisiúint a chinneadh.

Déanann RFF an lománaíocht tráchtála a fhormheas agus eisíonn sé clibeanna rianaithe CFG leis an OEF.

   Tailte Stáit atá á nathrú

Cé nach bhfuil ceangal ar OEFanna de chuid tailte Stáit atá á n‑athrú gníomhaíochtaí réamhlománaíochta a dhéanamh, déanann RBAF cigireacht réamhlománaíochta chun suíomh agus speicis na gcrann atá ainmnithe le haghaidh lománaíocht tráchtála a shocrú. Cuireann foireann RBAF tuarascáil chigireachta réamhlománaíochta faoi bhráid cheanncheathrú RFF le huaslódáil in CID agus le haghaidh fíorú breise trí chomparáid sonraí le linn fíoruithe lománaíochta.

Eisíonn RFF clibeanna rianaithe CFG do na OEFanna le haghaidh na gcrann sin a aithnítear chun críocha tráchtála le linn na cigireachta réamhlománaíochta ag RBAF.


   Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha

Ní dhéanann CFG cigireachtaí réamhlománaíochta toisc nach bhfuil ceangal ar OEFanna ar Shráidbhailte Meir-Indiacha agus ar thailte príobháideacha gníomhaíochtaí réamhlománaíochta a dhéanamh. Eisíonn RFF clibeanna rianaithe CFG chuig na OEFanna arna iarraidh sin.

3.4.4.3    Fíorú ar chomhlíonadh ón lománaíocht agus ón iarlománaíocht

   Lamháltais mhóra

Déanann RFF measúnú agus fíorú ar chomhlíonadh na gceanglas lománaíochta a leagtar amach i roinn 3.3.2 trí leibhéil éagsúla den fhíorú allamuigh agus den fhíorú sonraí a dhéanamh.

A.    Cigireachtaí agus fíoruithe allamuigh:

A.1    Faireachán ar ghníomhaíochtaí lománaíochta

Déanann foireann allamuigh RFF measúnú ar chomhlíontacht an OEF le rialacha 1, 2, 5, 6, 8, 9, 10 agus 11 a liostaítear i roinn 3.3.2 trí ghnáthchigireachtaí allamuigh agus líonann siad tuarascáil chigireachta isteach ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile.


A.2    Cigireachtaí ar scálú lomán

Déanann foireann allamuigh RFF lomáin arna lománú a scálú trí ghnáthchigireacht allamuigh a dhéanamh agus líonann siad isteach tuarascáil chigireachta maidir le scálú lomán ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile le rialacha 5, 8 agus 9 a liostaítear i roinn 3.3.2.

A.3    Cigireachtaí iarlománaíochta

Déanann foireann allamuigh RFF cigireacht ar shuíomh agus ar shonraí stumpaí agus líonann siad isteach foirm na mbileog sonraí allamuigh ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile le rialacha 1, 2, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a liostaítear i roinn 3.3.2 agus rialacha 2 agus 4 a liostaítear i roinn 3.3.3.

A.4    Fíorú allamuigh ar fhaisnéis dhearbhaithe maidir le lomáin arna lománú

Déanann foireann allamuigh RFF cigireacht ar tháirgí adhmaid chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha 5, 7, 8 agus 9 a liostaítear i roinn 3.3.2 agus chun sonraí ón gcead leagtha a bhailíochtú. Líonann foireann allamuigh RFF tuarascáil faireacháin laethúil isteach ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile.


Le linn cigireachtaí agus fíoruithe allamuigh, greamaíonn foireann allamuigh RFF marc coinneála (ag baint úsáid as casúr) ar an adhmad neamhchomhlíontach agus marc ceadaithe ar adhmad comhlíontach. Tar éis cigireacht allamuigh RFF, déanfar adhmad a bhfuil sé marcáilte ina leith go bhfuil sé comhlíontach a bhailíochtú le haghaidh iompair feadh an tslabhra soláthair, áit a ndéanfar cigireachtaí agus fíoruithe breise ar an ithir de réir ranna 3.4.4.4 go 3.4.4.7.

Cuireann foireann allamuigh RFF na tuarascálacha agus na foirmeacha thuasluaite uile i roinn 3.4.4.3 faoi bhráid cheanncheathrú RFF le haghaidh fíorú breise trí chomparáid sonraí.

B.    Fíorú sonraí:

Déantar tionscnamh adhmaid agus srianta lománaíochta a fhíorú trí phróiseas réitigh a dhéanamh idir faisnéis maidir le stumpaí agus faisnéis maidir le lomáin:

   Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ón gcead leagtha agus na sonraí sin ón gcigireacht, ón gcigireacht um scálú lomán, ó na tuarascálacha faireacháin laethúla agus ó fhoirm na mbileog sonraí allamuigh chun tionscnamh adhmaid agus comhlíonadh rialacha 1, 2, 4, 5, 6, 7, 8 agus 9 a liostaítear i roinn 3.3.2 a fhíorú.


   Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ó thuarascáil fardail réamhlománaíochta an OEF agus na sonraí sin ón gcigireacht, ón gcigireacht um scálú lomán agus ó na tuarascálacha faireacháin laethúla chun comhlíonadh rialacha 1, 2 agus 7 a liostaítear i roinn 3.3.2 a fhíorú.

   Déanann ceanncheathrú CFG comhlíonadh oibleagáidí fioscacha agus oibleagáidí maidir le húsáid clibeanna a fhíorú:

   Déanann Rannán Airgeadais CFG comparáid idir sonraí ón gcomhaontú lamháltais foraoise agus/nó ón gcead leagtha agus na sonraí sin ó na hadmhálacha agus sceidil íocaíochta chun a fhíorú go gcomhlíonann an OEF riail 1 de roinn 3.3.3

   Déanann Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí CFG comparáid idir sonraí ó Chlár RFF um Eisiúint Chlibeanna agus ón gcead leagtha agus na sonraí sin ó Chlár RFF um Chlibeanna arna dTabhairt ar Ais agus ón gclár táirgeachta chun a fhíorú go gcomhlíonann an OEF riail 3 de roinn 3.3.3.


Bunaithe ar na fíoruithe thuas, líonann ceanncheathrú RFF tuarascáil athbhreithnithe doiciméad isteach, agus seolann siad chuig ACFB í in éineacht leis na tuarascálacha thuasluaite i roinn 3.4.4.3 lena gcur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF.

   Lamháltais bheaga

Déanann RFF measúnú agus fíorú ar chomhlíonadh na gceanglas lománaíochta a leagtar amach i roinn 3.3.2 trí leibhéil éagsúla den fhíorú allamuigh agus den fhíorú sonraí a dhéanamh.

A.    Cigireachtaí agus fíoruithe allamuigh:

A.1    Faireachán ar ghníomhaíochtaí lománaíochta

Déanann foireann allamuigh RFF measúnú ar chomhlíontacht an OEF le rialacha 2, 5, 6, 8, 9, 10 agus 11 a liostaítear i roinn 3.3.2 trí ghnáthchigireachtaí allamuigh agus líonann siad tuarascáil chigireachta isteach ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile.


A.2    Fíorú allamuigh ar fhaisnéis dhearbhaithe maidir le lomáin arna lománú

Déanann foireann allamuigh RFF cigireacht ar tháirgí adhmaid chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha 5, 7, 8 agus 9 a liostaítear i roinn 3.3.2 agus chun sonraí ón gcead leagtha a bhailíochtú. Líonann foireann allamuigh RFF tuarascáil faireacháin laethúil isteach ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile.

A.3    Cigireachtaí iarlománaíochta

Déanann foireann allamuigh RFF cigireacht ar shuíomh agus ar shonraí stumpaí agus líonann siad isteach foirm na mbileog sonraí allamuigh ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile le rialacha 2, 6, 7, 8, 9, 10 agus 11 a liostaítear i roinn 3.3.2 agus riail 4 a liostaítear i roinn 3.3.3.

Cuireann foireann allamuigh RFF na tuarascálacha agus na foirmeacha thuasluaite uile i roinn 3.4.4.3 faoi bhráid cheanncheathrú RFF le haghaidh fíorú breise trí chomparáid sonraí.


B.    Fíorú sonraí:

B.1    Fíorú ar thionscnamh adhmaid agus ar shrianta lománaíochta trí phróiseas réitigh idir faisnéis maidir le stumpaí agus faisnéis maidir le lomáin:

Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ón gcead leagtha agus na sonraí sin ó na tuarascálacha cigireachta agus faireacháin laethúla agus ó fhoirm na mbileog sonraí allamuigh chun tionscnamh adhmaid agus comhlíonadh rialacha 2, 4, 5, 6, 7, 8 agus 9 a liostaítear i roinn 3.3.2 a fhíorú.

B.2    Déanann ceanncheathrú CFG comhlíonadh oibleagáidí fioscacha agus oibleagáidí maidir le húsáid clibeanna a fhíorú:

   Déanann Rannán Airgeadais CFG comparáid idir sonraí ón gcomhaontú lamháltais foraoise agus/nó ón gcead leagtha agus na sonraí sin ó na hadmhálacha agus sceidil íocaíochta chun a fhíorú go gcomhlíonann an OEF riail 1 de roinn 3.3.3.


   Déanann Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí CFG comparáid idir sonraí ó Chlár RFF um Eisiúint Clibeanna agus ón gcead leagtha agus sonraí ó Chlár RFF um Chlibeanna arna dTabhairt ar Ais chun a fhíorú go gcomhlíonann an OEF riail 3 de roinn 3.3.3.

Bunaithe ar na fíoruithe thuas, líonann ceanncheathrú RFF tuarascáil athbhreithnithe doiciméad isteach, agus seolann siad chuig ACFB í, in éineacht leis na tuarascálacha agus an fhoirm thuasluaite i roinn 3.4.4.3, lena cur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF.

   Tailte Stáit atá á nathrú

Trí fhíorú sonraí, déanann RFF measúnú agus fíorú ar chomhlíonadh na gceanglas lománaíochta a leagtar amach i roinn 3.3.2.


Fíorú sonraí:

Fíorú ar thionscnamh adhmaid agus ar chruinneas na faisnéise a dearbhaíodh trí phróiseas réitigh idir faisnéis maidir le stumpaí agus faisnéis maidir le lomáin:

Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ón gcead leagtha agus na sonraí sin ón tuarascáil maidir leis an gcigireacht réamhlománaíochta chun tionscnamh adhmaid agus comhlíonadh rialacha 2, 3, 5, 6, agus 7 a liostaítear i roinn 3.3.2 a fhíorú.

Déanann ceanncheathrú CFG comhlíonadh oibleagáidí fioscacha agus oibleagáidí maidir le húsáid clibeanna a fhíorú:

   Déanann Rannán Airgeadais CFG comparáid idir sonraí ón léas talmhaíochta nó ón gcead nó ceadúnas mianadóireachta nó ón gceadúnas hidreachumhachta agus/nó ón gcead leagtha agus na sonraí sin ó na hadmhálacha agus/nó sceidil íocaíochta chun a fhíorú go gcomhlíonann an OEF riail 1 de roinn 3.3.3

   Déanann Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí CFG comparáid idir sonraí ó Chlár RFF um Eisiúint Clibeanna agus ón gcead leagtha agus sonraí ó Chlár RFF um Chlibeanna arna dTabhairt ar Ais chun a fhíorú go gcomhlíonann an OEF riail 3 de roinn 3.3.3.


Bunaithe ar na fíoruithe thuas, líonann ceanncheathrú RFF tuarascáil athbhreithnithe doiciméad isteach, ina bhfuil faisnéis maidir le comhlíontacht, agus seolann sé chuig ACFB í lena cur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach OEF.

   Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha

Déanann RFF measúnú agus fíorú ar chomhlíonadh na gceanglas lománaíochta a leagtar amach i roinn 3.3.2 trí leibhéil éagsúla den fhíorú allamuigh agus den fhíorú sonraí a dhéanamh.

A.    Cigireachtaí allamuigh:

A.1    Faireachán ar ghníomhaíochtaí lománaíochta

Déanann foireann allamuigh RFF measúnú ar chomhlíontacht an OEF le rialacha 2 agus 5 a liostaítear i roinn 3.3.2 trí ghnáthchigireachtaí allamuigh agus líonann siad tuarascáil chigireachta isteach ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile.


A.2    Fíorú allamuigh ar fhaisnéis dhearbhaithe maidir le lomáin arna lománú

Déanann foireann allamuigh RFF cigireacht ar tháirgí adhmaid chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha 5 agus 7 a liostaítear i roinn 3.3.2 agus chun sonraí ón dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint a bhailíochtú. Líonann foireann allamuigh RFF tuarascáil faireacháin laethúil isteach ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile.

A.3    Cigireachtaí iarlománaíochta

Déanann foireann allamuigh RFF cigireacht ar shuíomh agus ar shonraí stumpaí agus líonann siad isteach foirm na mbileog sonraí allamuigh ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile le rialacha 2, 5, 6 agus 7 a liostaítear i roinn 3.3.2.

Cuireann foireann allamuigh RFF na tuarascálacha cigireachta agus faireacháin laethúla agus foirm na mbileog sonraí allamuigh faoi bhráid cheanncheathrú RFF le haghaidh fíorú breise trí chomparáid sonraí.


B.    Fíorú sonraí:

B.1    Fíorú ar thionscnamh adhmaid agus ar chruinneas na faisnéise a dearbhaíodh trí phróiseas réitigh idir faisnéis maidir le stumpaí agus faisnéis maidir le lomáin:

   Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ón dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint agus na sonraí sin ón tuarascáil chigireachta, ón tuarascáil faireacháin laethúil agus ó fhoirm na mbileog sonraí allamuigh chun tionscnamh adhmaid agus comhlíonadh rialacha 2, 5, agus 7 a liostaítear i roinn 3.3.2 a fhíorú.

B.2    Déanann ceanncheathrú CFG comhlíonadh oibleagáidí fioscacha agus oibleagáidí maidir le húsáid clibeanna a fhíorú:

   Déanann Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí CFG comparáid idir sonraí ó Chlár RFF um Eisiúint Clibeanna agus ón dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint, agus sonraí ó Chlár RFF um Chlibeanna arna dTabhairt ar Ais chun a fhíorú go gcomhlíonann an OEF riail 3 de roinn 3.3.3.


Bunaithe ar na fíoruithe thuas, líonann ceanncheathrú RFF tuarascáil athbhreithnithe doiciméad isteach agus seolann sé í, in éineacht leis na tuarascálacha a luaitear i roinn 3.4.4.3, chuig ACFB lena cur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach OEF.

3.4.4.4    Fíorú ar chomhlíontacht iompair

Fíoraíonn RFF go gcomhlíontar na ceanglais iompair a leagtar amach i roinn 3.3.4 trí leibhéil éagsúla den fhíorú allamuigh agus den fhíorú sonraí a dhéanamh. Déanann RFF measúnú ar thionscnamh an adhmaid trí fhíorú a dhéanamh ar an doiciméad ón áit tionscnaimh.

A.    Cigireachtaí allamuigh:

A.1    Faireachán ar ghníomhaíochtaí iompair

Déanann RFF cigireacht ar adhmad a iompraítear trí ghnáthchigireacht chun measúnú a dhéanamh ar fhoinse an adhmaid agus ar chomhlíontacht OEFanna le rialacha 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 9 nó 10 agus 8 (de réir an cháis) a luaitear i roinn 3.3.4 agus líonann sé isteach tuarascáil mhíosúil ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile.


Cuireann foireann RFF an tuarascáil mhíosúil faoi bhráid cheanncheathrú RFF le haghaidh fíorú breise trí chomparáid sonraí.

B.    Fíorú sonraí:

B.1    Fíorú ar fhaisnéis arna dearbhú maidir le táirgí adhmaid atá á niompar:

Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ó dhoiciméid iompair a liostaítear i roinn 3.3.4 agus na sonraí sin ón tuarascáil mhíosúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh rialacha 8 agus 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 9 nó 10 (de réir an cháis) a luaitear i roinn 3.3.4.

Bunaithe ar na fíoruithe thuas, líonann ceanncheathrú RFF tuarascáil athbhreithnithe doiciméad isteach agus seolann sé í, in éineacht leis an tuarascáil mhíosúil, chuig ACFB lena cur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF.


3.4.4.5    Fíorú ar chomhlíonadh le haghaidh saoráidí próiseála

Tá RFF freagrach as sonraí agus faisnéis maidir le stoc adhmaid agus clóis lomán a fhíorú agus a réiteach, agus as fíorú agus réiteach a dhéanamh idir ionchuir lomán agus aschuir próiseáilte i saoráidí próiseála (muileann sábhadóireachta nó clós adhmaid). Ar bhonn míosúil, déanfaidh RFF ionchuir agus aschuir táirgí adhmaid a sheiceáil agus a réiteach trí chomparáid a dhéanamh idir toirteanna na dtáirgí adhmaid a théann isteach sa mhuileann sábhadóireachta nó sa chlós adhmaid agus a phróiseálann an tsaoráid (an t‑aschur). Scrúdóidh RFF ionchuir agus aschuir iarbhír na hoibríochta próiseála bunaithe ar chineálacha agus ar thoirt na dtáirgí adhmaid a théann isteach agus a phróiseáiltear sa tsaoráid, agus ráta aisghabhála na próiseála lena áirithiú nach dtéann aon táirge adhmaid neamhdhearbhaithe isteach sa tsaoráid. Áirithítear leis sin nach bpróiseálann an OEF ach táirgí adhmaid dearbhaithe a ndearnadh cigireacht orthu sula ndeachaigh siad isteach sa tsaoráid.

Fíoraíonn RFF go gcomhlíontar na ceanglais phróiseála a leagtar amach i roinn 3.3.5 trí leibhéil éagsúla den fhíorú allamuigh agus den fhíorú sonraí a dhéanamh.

A.    Cigireachtaí agus fíoruithe allamuigh:

A.1    Faireachán agus fíorú a dhéanamh ar fhoinse agus ar chruinneas dearbhuithe táirgí adhmaid a théann isteach sa mhuileann sábhadóireachta nó sa chlós adhmaid


Déanann foireann allamuigh RFF measúnú ar chomhlíontacht an OEF le rialacha 1 agus 2 (féach alt 3.3.5) trí chomparáid a dhéanamh idir sonraí ó thaifead an mhuilinn sábhadóireachta/an chlóis adhmaid ar tháirgí a fuarthas/a ceannaíodh/clár an tsoláthair agus an táirge adhmaid a chuirtear isteach i muileann sábhadóireachta nó i gclós adhmaid sa chigireacht fhisiceach agus líonann siad isteach tuarascáil faireacháin laethúil ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile.

Cuireann foireann allamuigh RFF an tuarascáil faireacháin laethúil faoi bhráid cheanncheathrú RFF le haghaidh fíorú breise trí chomparáid sonraí.

B.    Fíorú sonraí:

B.1    Fíorú ar chruinneas na faisnéise a dearbhaíodh trí phróiseas réitigh:

   Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ó thaifead an mhuilinn sábhadóireachta/an chlóis adhmaid ar tháirgí a fuarthas/a ceannaíodh/clár an tsoláthair agus na sonraí sin ón tuarascáil faireacháin laethúil chun comhlíonadh rialacha 1, 2 agus 5 a liostaítear i roinn 3.3.5 a fhíorú.


Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ón bhfoirm earraí ar ais 32 agus na sonraí sin ón tuarascáil faireacháin laethúil chun comhlíonadh rialacha 1, 3 nó 4 agus 5 a liostaítear i roinn 3.3.5 a fhíorú agus chun faireachán a dhéanamh ar ráta aisghabhála na próiseála chun a áirithiú nach bpróiseáiltear aon táirge adhmaid neamhdhearbhaithe ag an muileann sábhadóireachta/clós adhmaid. Bunaithe ar na fíoruithe thuas, líonann ceanncheathrú RFF tuarascáil athbhreithnithe doiciméad isteach agus seolann sé í, in éineacht leis na tuarascálacha ar fad a luaitear thuas i roinn 3.4.4.5, chuig ACFB lena cur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF.

3.4.4.6    Fíorú ar chomhlíontacht maidir le táirgí adhmaid a dhíol ar an margadh intíre 33

Déanann RFF comhlíontacht na dtáirgí adhmaid uile a dhíoltar tar éis a bpróiseála a fhíorú trí na fíoruithe ar ghníomhaíochtaí próiseála a ndéantar cur síos orthu i roinn 3.4.4.5.


Ina theannta sin, déanann ceanncheathrú RFF an fíorú sonraí seo a leanas chun foinsí adhmaid a fhíorú:

   Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ó fhoirmeacha um díol táirgí adhmaid agus na sonraí ó na foirmeacha earraí ar ais 34 ábhartha agus na sonraí sin ó thaifead an mhuilinn sábhadóireachta/an chlóis adhmaid ar tháirgí a fuarthas/a ceannaíodh/clár an tsoláthair chun comhlíonadh rialacha 1, 2, 3 agus 4 a liostaítear i roinn 3.3.6 a fhíorú agus chun a fhíorú nach ndíoltar aon táirge adhmaid neamhdhearbhaithe.

   Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ón bhfoirm um díol táirgí adhmaid agus na sonraí ón mbille díola chun comhlíonadh rialacha 1, 2, 3 agus 4 a liostaítear i roinn 3.3.6 a fhíorú agus chun a fhíorú nach ndíoltar aon táirge adhmaid neamhdhearbhaithe (is infheidhme maidir leis an OEF ar duine nádúrtha, comhlacht corpraithe nó eintiteas é nach bhfuil ceadúnaithe ach chun táirgí adhmaid a cheannach agus a dhíol).

Bunaithe ar na fíoruithe thuas, líonann ceanncheathrú RFF tuarascáil athbhreithnithe doiciméad isteach agus seolann sé í, in éineacht leis na foirmeacha ar fad agus clár, lena n‑áirítear faisnéis maidir le comhlíonadh, chuig ACFB lena cur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF.


   Lamháltais mhóra nó bheaga, tailte Stáit atá á nathrú, Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha

Fíoraíonn RFF comhlíontacht na dtáirgí adhmaid uile a dhíoltar tar éis a bpróiseála trí fhíoruithe ar ghníomhaíochtaí réamhlománaíochta agus lománaíochta a ndéantar cur síos orthu i ranna 3.4.4.1. agus 3.4.4.2.

Ina theannta sin, déanann ceanncheathrú RFF an fíorú sonraí seo a leanas chun foinsí adhmaid a fhíorú:

   Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ón bhfoirm um díol táirgí adhmaid agus na sonraí sin ó dhoiciméid iompair chun comhlíonadh rialacha 1, 2, 3 agus 4 a liostaítear i roinn 3.3.6 a mheas agus chun a fhíorú nach ndíoltar aon táirge adhmaid neamhdhearbhaithe.

Bunaithe ar an bhfíorú thuas, líonann ceanncheathrú RFF tuarascáil athbhreithnithe doiciméad isteach agus seolann sé í, in éineacht leis an bhfoirm um díol táirgí adhmaid, chuig ACFB lena cur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF.


3.4.4.7    Fíorú ar chomhlíonadh na gceanglas onnmhairiúcháin

Tá dhá nós imeachta fíorúcháin leantacha ar leith ann sula n‑eisítear ceadúnas FLEGT agus deimhniú onnmhairiúcháin: Cigireacht CFG ar ghrádú agus seiceálacha deiridh ADTA. Leagtar amach in Iarscríbhinn IV na ceanglais maidir le ceadúnú FLEGT, rud a chuirfidh leis na nósanna imeachta fíorúcháin sin.

Fíoraíonn RFF go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i roinn 3.3.7 trí leibhéil éagsúla den fhíorú allamuigh agus den fhíorú sonraí a dhéanamh.

A.    Cigireachtaí allamuigh:


A.1    Cigireacht CFG

Tar éis don OEF iarratas ar tháirge foraoiseachta a onnmhairiú a chur isteach in éineacht leis na foirmeacha agus na doiciméid uile lena mbaineann, déanann foireann allamuigh RFF cigireacht ar tháirgí adhmaid trí scálú agus grádú chun comhlíonadh rialacha 1, 2 agus 3 a liostaítear i roinn 3.3.7 a mheas. Tar éis an ghrádaithe, má tá Cigire Grádaithe CFG sásta nach bhfuil aon chásanna neamhchomhlíonta ann, greamóidh sé/sí ʻbranda formheasa’ ar an táirge adhmaid agus líonfaidh sé/sí isteach an t‑iarratas ar dheimhniú um adhmad a chur ar an margadh sula gcuirtear ar ais chuig an OEF é. Cuireann an OEF an t‑iarratas ar dheimhniú um adhmad a chur ar an margadh faoi bhráid cheanncheathrú RFF le haghaidh fíorú breise trí chomparáid sonraí (féach B.1 thíos).


B.    Fíorú sonraí:

B.1    Fíorú ar an bhfaisnéis dhearbhaithe agus ar fhoinse táirgí adhmaid:

B.1.a    Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir sonraí ón iarratas ar dheimhniú um adhmad a chur ar an margadh agus sonraí ón iarratas ar tháirge foraoiseachta a onnmhairiú, ón iarratas ar dheimhniú onnmhairiúcháin agus ón DRAL in CUSC chun an fhoinse adhmaid agus comhlíonadh rialacha 1, 2, 3, 4, 5 agus 6 a liostaítear i roinn 3.3.7 a fhíorú.

Ina dhiaidh sin, cuireann RFF tuarascáil fíorúcháin faoi bhráid ACFB lena cur sa chartlann in CID. A luaithe a mheasfar an OEF a bheith comhlíontach, cuirfidh RFF foirm iarratais onnmhairiúcháin faoi bhráid ADTA.


B.1.b    Fíorú ar chomhlíonadh CGDDA mar bhonn eolais le haghaidh ceadúnú FLEGT:

Trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis maidir le comhlíonadh arna cur sa chartlann ag ACFB in CID le linn a fhíoraithe chomhdhlúite (féach Roinn 3.6), seiceálann an ADTA faisnéis an OEF maidir le comhlíonadh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an OEF gach táscaire ábhartha agus, sa chás sin, go n‑eiseoidh sé deimhniú onnmhairiúcháin (agus ceadúnas FLEGT do mhargaí an Aontais) don OEF. Ina dhiaidh sin, cuirfidh an OEF an deimhniú onnmhairiúcháin agus na doiciméid uile is gá faoi bhráid CETO.

B.2    Déanann ceanncheathrú CFG comhlíonadh oibleagáidí fioscacha a fhíorú:

   Déanann Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí CFG comparáid idir na sonraí atá sa sonrasc don lastas agus na sonraí ón admháil chun a fhíorú go gcomhlíonann an OEF riail 7 de roinn 3.3.7.

Bunaithe ar na fíoruithe thuas, cuireann ceanncheathrú RFF na foirmeacha uile a luaitear i roinn 3.4.4.7 ar fáil do ACFB lena gcur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach OEF in CID.


C.    Cigireachtaí allamuigh

C.1    Cigireacht CETO ar loingsiú

Déanfaidh CETO seiceálacha breise lena áirithiú go mbeidh loingsiú an táirge adhmaid ag teacht leis an bhfaisnéis ar an deimhniú onnmhairiúcháin, agus ina dhiaidh sin tabharfaidh CETO formheas go scaoilfí an táirge adhmaid le haghaidh onnmhairithe.

I gcás neamhréireachtaí idir ábhar an DRAL in CUSC agus an ceadúnas FLEGT, cuirfidh CETO ADTA ar an eolas, agus déanfaidh ADTA na bearta iomchuí a fhorbrófar le linn chéim cur chun feidhme CGDDA.

3.4.4.8    Fíorú ar tháirgí adhmaid allmhairithe

Déanfaidh ENCP, i gcomhar le CFG agus CETO, seiceálacha córasacha ar tháirgí adhmaid allmhairithe ar bhonn na ndoiciméad seo a leanas:

   Tuarascáil mheasúnachta OEF ar an dícheall cuí; nó

   ceadúnas FLEGT bailí; nó

   cead CITES bailí.


Fíoróidh RFF, i gcomhar le ENCP agus CETO, comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i roinn 3.3.8 trí leibhéil éagsúla den fhíorú allamuigh agus den fhíorú sonraí a dhéanamh.

Coinneofar dlúth‑chomhordú ar bun idir CETO agus CFG maidir le hallmhairí adhmaid a rialú agus a sheiceáil chun a áirithiú go mbeidh na táirgí adhmaid uile a allmhairítear dleathach. Bunóidh CFG lámhleabhar nósanna imeachta chun táirgí adhmaid allmhairithe a rialú le linn chéim cur chun feidhme CGDDA. Áireofar sa lámhleabhar sin prionsabail an díchill chuí atá i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n‑oibreoirí a chuireann táirgí adhmaid ar an margadh (Rialachán an Aontais maidir le hAdhmad).

A.    Fíorú sonraí maidir leis an iarratas ar allmhairiú

A.1    Seiceálacha doiciméadacha comhordaithe ENCP, CFG agus CETO:

   Déanann ENCP, CFG (RFF) agus CETO measúnú ar chomhlíontacht an OEF le rialacha 1, 3, 4 agus 5 a liostaítear i roinn 3.3.8, agus ar an riosca neamhdhlíthiúlachta agus deimhníonn siad bunús dlíthiúil na dtáirgí adhmaid atá le hallmhairiú trí sheiceálacha doiciméadacha. Líonann ENCP tuarascáil fíorúcháin isteach ina liostaítear na cásanna féideartha neamhchomhlíontachta uile.


A luaithe a mheasfar an OEF a bheith comhlíontach, eiseoidh ENCP cead allmhairiúcháin. Ar an mbonn sin, déanfaidh CETO na táirgí adhmaid a liostaítear ar an gcead allmhairiúcháin a údarú tar éis fhíorú CETO agus RFF (B).

Bunaithe ar na fíoruithe thuas, cuirfidh ENCP an tuarascáil fíorúcháin a luaitear thuas i roinn 3.4.4.8 ar fáil do ACFB le haghaidh fíorú breise trí chomparáid sonraí.

B.    Cigireachtaí agus fíoruithe allamuigh:

B.1    Cigireacht CETO agus CFG (RFF) ar loingsiú:

Féadfaidh CETO agus foireann allamuigh RFF cigireacht fhisiceach bhreise a dhéanamh, bunaithe ar thorthaí na bhfíoruithe thuas agus ar bhonn measúnaithe riosca, chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an OEF le riail 2 a liostaítear i roinn 3.3.8. Measfar sa chigireacht fhisiceach ar na táirgí adhmaid go bhfuil siad ag teacht leis an iarratas ar chead allmhairiúcháin. Líonann CETO tuarascáil fíorúcháin isteach ansin ina liostaítear na cásanna féideartha neamh‑chomhlíontachta uile.


C.    Fíorú sonraí

C.1    Fíorú ar fhoinse na dtáirgí adhmaid trí phróiseas réitigh:

Déanann ceanncheathrú RFF comparáid idir na sonraí ón tuarascáil fíorúcháin agus na sonraí sin ó dhoiciméadacht OEF maidir le hallmhairiú chun comhlíonadh rialacha 1 agus 2 a liostaítear i roinn 3.3.8 a fhíorú.

Bunaithe ar na fíoruithe thuas, líonann ceanncheathrú RFF tuarascáil athbhreithnithe doiciméad isteach agus seolann sé í, in éineacht leis na foirmeacha agus tuarascálacha a luaitear i roinn 3.4.4.8, chuig ACFB lena cur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF.


3.5
   Bainistiú ar neamhchomhlíonadh

Is feidhm lárnach de chuid CGDDA é neamhchomhlíonadh a shainaithint agus aghaidh a thabhairt air, dá ngairtear bainistiú ar neamhchomhlíonadh go minic. An ról sin ag CGDDA maidir leis na gníomhaíochtaí ar fad a rialaítear tríd an Sainmhíniú Dlíthiúlachta, tá sé bunaithe ar na buncheanglais dlí agus rialála uile. Ina theannta sin, déantar measúnú san iniúchóireacht neamhspleách ar chomhlíontacht CGDDA leis na cuspóirí agus na próisis atá leagtha amach aige. Aon uair a aithnítear neamhchomhlíonadh, lena n‑áirítear i gcás nach gcomhlíontar téarmaí an chonartha, áiritheoidh CGDDA go nglacfar céimeanna ina dhiaidh sin de réir oibleagáidí dlíthiúla. Mura ndéantar foráil maidir le bearta den sórt sin sa chreat dlíthiúil náisiúnta, déanfaidh CGDDA na céimeanna comhlántacha sin a shainiú, agus agus féadfaidh smachtbhannaí riaracháin/oibríochtúla a bheith san áireamh leo sin. Le linn chéim an chur chun feidhme, déanfar sásraí chun rioscaí comhlíonta a aithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu a chomhtháthú ar fud eilimintí CGDDA, lena n‑áirítear trí Lámhleabhar CGDDA um Nósanna Imeachta le haghaidh fíorú a fhorbairt, de réir mar is gá chun ceanglais atá ann cheana a chomhlánú. Áireofar le CGDDA freisin nósanna imeachta córasacha chun neamhchomhlíonadh a bhainistiú.

An bainistiú a dhéanfar ar neamhchomhlíonadh trí CGDDA, beidh sé córasach agus beidh sé i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla agus rialála. Tacóidh sé le prionsabail na trédhearcachta agus na cuntasachta, lena n‑áirítear a áirithiú go ndéanfaidh ACFB gach cás de neamh‑chomhlíonadh a bhraitear le linn chur chun feidhme CGDDA a thaifeadadh go leictreonach in CID.


Déanfar sonraí a thiomsú, a anailísiú agus a chomhroinnt le húdaráis forfheidhmithe. Cuirfear tuarascáil achomair ar fáil go poiblí ar bhonn leathbhliantúil, chun cuntasacht a chur chun cinn agus chun forfheidhmiú a neartú. Nuair is é an toradh a bhíonn ar neamhchomhlíonadh a shainaithnítear in CGDDA go ndéantar adhmad a urghabháil, cuirfidh sé sin tús leis an bpróiseas a leagtar amach i roinn 3.3.10 maidir le hadhmad a urghabháil.

3.6    Fíorú comhdhlúite

Déanann ACFB an fíorú comhdhlúite lena áirithiú go gcomhlíonann an OEF na táscairí uile a bhaineann leis an Sainmhíniú Dlíthiúlachta. Déanfaidh ACFB gach faisnéis maidir le comhlíonadh a fhaigheann sé ó RBAF, Rannán Airgeadais agus RFF an CFG, agus ó Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais eile, a chur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF. Na nósanna imeachta don fhíorú comhdhlúite le haghaidh gach táscaire, agus minicíocht an fhíoraithe sin, mar aon le prótacail um malartú faisnéise idir ACFB agus/nó na hAireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile, bunófar iad i Lámhleabhar CGDDA um Nósanna Imeachta le haghaidh fíorú le linn chéim cur chun feidhme CGDDA.

Bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirfidh na hAireachtaí agus/nó na Gníomhaireachtaí Rialtais a bhfuil baint acu le fíorú CGDDA ar fáil do ACFB, déanfaidh ACFB nuashonrú ar an roinn de CID maidir le neamhchomhlíonadh atá i gcomhad sonraí leictreonach an OEF. Déanann ACFB obair leantach freisin ar na cásanna neamhchomhlíonta uile a bhaineann leis na táscairí arna sainaithint agus arna dtaifeadadh sa roinn neamhchomhlíonta de CID ag na hAireachtaí agus/nó ag na Gníomhaireachtaí Rialtais chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh orthu go tráthúil. Trí úsáid a bhaint as CID, déanfaidh ADTA taifid uile na OEFanna maidir le comhlíonadh cheanglais CGDDA a rochtain chun bonn eolas a chur faoina chinntí maidir le ceadúnú FLEGT.


3.7
   Sonraí agus faisnéis a bhailiú agus a bhainistiú

I bhFigiúr 1 thíos taispeántar sreabhadh na bpróiseas bainistíochta agus fíoraithe sonraí agus faisnéise laistigh de CGDDA mar go mbaineann sé leis an trádáil intíre agus idirnáisiúnta i dtáirgí adhmaid.

Léirítear ann conas a bhailítear sonraí agus faisnéis, trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta sa CRA, chun gníomhaíochtaí agus oibríochtaí OEFanna a rialáil, agus chun a áirithiú go gcomhlíontar an creat dlíthiúil náisiúnta atá ann cheana.

Faisnéis a chur isteach

EOCHAIR

Fíor 1: Sreabhadh sonraí agus faisnéise laistigh de CGDDA

EOCHAIR

   Cuireann oibreoir na hearnála foraoiseachta (OEF) na doiciméid ábhartha faoi bhráid na nAireachtaí agus/nó na nGníomhaireachtaí Rialtais chun na táscairí ábhartha sa Sainmhíniú Dlíthiúlachta a chomhlíonadh.

   Fíoraíonn Coimisiún Foraoiseachta na Guáine (CFG) agus Aireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile go bhfuil na táscairí á gcomhlíonadh ag an OEF trí úsáid a bhaint as sonraí agus faisnéis arna gcur isteach ag an OEF agus a bailíodh le linn cigireachtaí. Cuirfear na sonraí agus an fhaisnéis sin ar aghaidh ansin chuig an Aonad um Chórais Faisnéise Bainistíochta (ACFB) lena náireamh i gcomhad sonraí leictreonach an OEF sa Bhunachar Faisnéise Lárnach (CID).

   Bainistíonn CFG Córas na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA), lena náirítear an Córas um Rianú Adhmaid (CRA), agus fíoraíonn sé comhlíontacht an OEF trí obair na naonad/rannán seo a leanas:

   Bailíonn an Rannán um Bainistiú Acmhainní Foraoisí (RBAF) faisnéis maidir le stádas dlíthiúil an OEF do gach foinse táirgí adhmaid a chumhdaítear le hIarscríbhinn I ón OEF agus ó na hAireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais ábhartha. Cuireann RBAF an fhaisnéis sin faoi bhráid ACFB lena cur i gcomhad sonraí leictreonach an OEF in CID. Tugann RBAF comhairle freisin don Rannán um Fhaireachán ar Fhoraoisí (RFF) den fhormheas ón OEF chun tús a chur le lománaíocht agus chun clibeanna rianaithe CFG agus doiciméid iompair a eisiúint dó. Cuireann RBAF faisnéis a bhaineann le táillí bainistíochta, muirir agus tobhaigh a íoc ar aghaidh chuig an Rannán Airgeadais freisin.


   Bailíonn RFF faisnéis maidir leis na pointí rialúcháin criticiúla uile den CRA trí chigireachtaí allamuigh agus fíoruithe doiciméad a dhéanamh. Faigheann RFF faisnéis ábhartha ó OEFanna a bhfuil baint acu le CGDDA agus cuireann sé an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig ACFB freisin. Cuireann RFF faisnéis a bhaineann le táillí bainistíochta, muirir agus tobhaigh a íoc ar aghaidh chuig an Rannán Airgeadais freisin. Tá an fhreagracht ar RFF freisin táirgí adhmaid a dhíoltar ar an margadh inmheánach a fhormheas bunaithe ar chomhlíontacht an OEF le CGDDA.

   Faigheann an Rannán Airgeadais sonraí agus faisnéis a bhaineann le hoibleagáidí airgeadais an OEF ó gach rannán eile de CFG. Cuirtear an fhaisnéis ar fad a fhaigheann an Rannán Airgeadais ar aghaidh chuig ACFB lena cur i gcomhad sonraí leictreonach an OEF in CID.

   Is é ACFB atá freagrach as bainistiú foriomlán CID. Faigheann agus fíoraíonn ACFB sonraí agus faisnéis a bhaineann le comhlíontacht OEF le ceanglais CGDDA ó gach rannán eile laistigh de CFG agus dAireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais. Déanann ACFB an fhaisnéis sin a chur sa chartlann i gcomhad sonraí leictreonach an OEF in CID.

   Déanfaidh an tAonad um Iniúchóireacht Inmheánach (AII) rialú cáilíochta ar shonraí agus ar fhaisnéis CGDDA arna mbailiú ag rannáin CFG eile. Cuirfidh sé tuarascáil ar fáil freisin, arna iarraidh sin, don Iniúchóir Neamhspleách a bhaineann le feidhmiú CGDDA le haghaidh oibríochtaí CFG. Cuirfear an fhaisnéis a bailíodh le linn na hiniúchóireachta ar aghaidh chuig ACFB freisin lena cur sa cartlann in CID.


   Is é an tAonad um Dhlíthiúlacht agus Trádáil Adhmaid (ADTA) a bheidh mar údarás ceadúnúcháin FLEGT na Guáine. Seiceálfaidh ADTA CID chun a chinneadh go bhfuil an OEF ag comhlíonadh cheanglais dhlíthiúla uile CGDDA sula neiseofar an deimhniú onnmhairiúcháin agus an ceadúnas FLEGT. Cuirfidh ADTA faisnéis maidir le stádas eisiúna ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin ar aghaidh chuig ACFB lena cur sa chartlann in CID. Bunaithe ar an bhfaisnéis in CID, a luaithe a mheasfar go gcomhlíonann an OEF CGDDA, ceadaítear do na táirgí adhmaid dul isteach sa mhargadh onnmhairithe.

   Leis an sásra gearán, faightear gearáin ó OEFanna agus ón bpobal i gcoitinne, déantar iad a chur sa chartlann agus déileáiltear leo ar thrí bhealach: Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais, an tIniúchóir Neamhspleách nó CFAA. Cuirtear an fhaisnéis sin ar aghaidh ansin chuig ACFB lena cur sa chartlann sa Chlár Gearán.

   Déanann an tIniúchóir Neamhspleách measúnú ar oibriú, éifeachtúlacht agus inchreidteacht CGDDA i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. Baileoidh an tIniúchóir Neamhspleách faisnéis ó athbhreithnithe ar dhoiciméid, ó sheiceálacha allamuigh, ó imscrúduithe agus ó agallaimh le páirtithe leasmhara ábhartha. Beidh rochtain ag an Iniúchóir Neamhspleách freisin ar fhaisnéis arna soláthar ag CFG chomh maith leis an bhfaisnéis atá i seilbh Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais eile a bhfuil baint acu le CGDDA. Cuirfidh an tIniúchóir Neamhspleách an tuarascáil iniúchóireachta ar aghaidh chuig an gComhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (CFAA) lena haghaidh athbhreithnithe.


   Is sásra déthaobhach é CFAA (an Ghuáinan tAontas Eorpach) lena ndéanfar maoirseacht ar chéim cur chun feidhme CGDDA agus ar chéim cheadúnúcháin an Chomhaontaithe seo. Déanfaidh an Coiste athbhreithniú ar an tuarascáil achomair a fuair an tIniúchóir Neamhspleách agus formheasfaidh sé foilsiú na tuarascála. Gheobhaidh CFAA faisnéis tríd an sásra gearán freisin. Éascóidh sé idirphlé agus malartú faisnéise idir na Páirtithe freisin.

3.8    Scéim ceadúnúcháin FLEGT

Déanfar ceadúnais FLEGT a dheonú i gcás gach lastais onnmhairiúcháin de tháirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn I den Chomhaontú seo agus a onnmhairítear chuig margadh an Aontais ar choinníoll go bhfuil na ceanglais uile a leagtar amach in CGDDA comhlíonta ag an lastas sin agus ag an onnmhaireoir.

Eiseofar ceadúnais FLEGT chuig an OEF roimh imréiteach deiridh CETO.

Forbrófar nós imeachta mionsonraithe bainistíochta agus eisiúna ceadúnas le haghaidh cheadúnú FLEGT le linn chéim cur chun feidhme CGDDA, agus áireofar é i Lámhleabhar Nósanna Imeachta RFF faoin roinn maidir leis na nósanna imeachta le haghaidh onnmhairithe agus is ar na gnéithe seo a leanas a bhunófar é:

Doiciméid

   Is gá cead CITES a fháil má tá speicis atá liostaithe faoi CITES sa lastas.


   Déanfar na doiciméid is gá maidir le honnmhairí adhmaid agus leis na céimeanna leictreonacha nó páipéarbhunaithe a bhaineann le hiarratas a dhéanamh ar dheimhniú onnmhairiúcháin agus ar cheadúnas FLEGT a leagan amach go soiléir agus a chur ar fáil don phobal sula mbeidh scéim ceadúnúcháin FLEGT oibríochtúil.

   Déanfar cur síos ar na nósanna imeachta chun an comhleanúnachas idir DRAL in CUSC agus an ceadúnas FLEGT a sheiceáil.

Fíorú

   Déanfar cur síos soiléir ar chuspóir an fhíoraithe, chomh maith lena mhinicíocht agus a dhéine.

Grádú

   Leagfar amach na ceanglais maidir le grádú roimh onnmhairiú adhmaid.

ADTA agus OEF

   Sonrófar go soiléir an tréimhse a bheidh ag ADTA chun freagra a thabhairt ar stádas agus ar thoradh iarratais.

   Tabharfar breac-chuntas soiléir ar chéimeanna chun gearáin maidir le gníomhaíochtaí ADTA a láimhseáil.


   Déanfar cur síos soiléir ar na céimeanna a dhéanfaidh ADTA chun iarratais ar onnmhairí adhmaid a phróiseáil. Áireofar leis sin iarratais a chlárú, iomláine agus cruinneas na faisnéise a sheiceáil, idirghníomhú a dhéanamh leis an onnmhaireoir agus le ACFB, cumarsáid a dhéanamh le húdaráis inniúla agus an fhaisnéis a chur sa chartlann.

   Tabharfar tuairisc ar na tuarascálacha rialta atá le hullmhú ag ADTA maidir le ceadúnais FLEGT arna neisiúint ag CFAA le haghaidh athbhreithnithe.

CETO

   Saineofar go soiléir ról agus feidhm CETO sa phróiseas onnmhairiúcháin.

   Na bearta atá le déanamh i gcás neamhréireachtaí idir DRAL in CUSC agus ceadúnas FLEGT, lena náirítear an idirghníomhaíocht idir CETO, ADTA agus ACFB, leagfar amach go soiléir iad, chomh maith le bainistiú faisnéise in CID.

Leagtar amach mionsonraí scéim ceadúnúcháin FLEGT in Iarscríbhinn IV den Chomhaontú seo, in éineacht leis an bhformáid agus an fhaisnéis shainordaitheach a áirítear ar an gceadúnas FLEGT.


3.9
   Iniúchóireacht neamhspleách

Is é is cuspóir leis an iniúchóireacht neamhspleách a mheas an bhfuil CGDDA ag feidhmiú go héifeachtach, go hiomchuí agus le creidiúnacht. Tá sé d’aidhm aige freisin laigí agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i struchtúir agus i gcur chun feidhme an chórais a shainaithint. Na téarmaí tagartha don iniúchóireacht neamhspleách, lena n‑áirítear na cúraimí, na cáilíochtaí is gá agus an modh, cuirtear i láthair iad in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gComhaontú seo.

3.10    Sásra gearán le haghaidh CGDDA

Láimhseáiltear gearáin agus díospóidí maidir le feidhmiú CGDDA leis an sásra gearán. Faoi CGDDA, tacófar leis an sásra gearán trí leas a bhaint as trí bhealach: Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais, an tIniúchóir Neamhspleách nó CFAA. Na nósanna imeachta mionsonraithe maidir leis an sásra gearán agus díospóide le haghaidh gach bealach, forbrófar iad le linn chéim cur chun feidhme CGDDA agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.

3.10.1    Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais

An sásra gearán le haghaidh gach Aireacht agus Gníomhaireacht Rialtais a bhfuil baint acu le CGDDA, cuirfidh sé leis na córais atá ann cheana, a mheasúnófar agus a mhodhnófar de réir mar is gá le linn fhorbairt CGDDA. Is ar na prionsabail seo a leanas a bhunófar an sásra gearán laistigh de gach Aireacht agus Gníomhaireacht Rialtais:

   A bheith soiléir, trédhearcach agus éasca le leanúint


   A bheith poiblithe go forleathan, le treoracha maidir le cén chaoi agus cén áit ar féidir gearáin a dhéanamh

   Gearáin a chuirtear isteach go leictreonach nó gearáin páipéarbhunaithe a mheas

   Bheith freagrúil go leor chun a áirithiú go ndéanfar gearáin a imscrúdú agus go láimhseáiltear go leordhóthanach iad

   A áirithiú go láimhseáiltear gearáin go leordhóthanach agus go tráthúil, trí iniúchtaí inmheánacha a dhéanamh i ngach Aireacht agus i ngach Gníomhaireacht Rialtais

   É a chur ar chumas gearánaithe achomharc a dhéanamh ar chinntí

   Gearáin ó dhaoine nádúrtha agus ó eintitis dhlíthiúla araon a mheas

   A áirithiú go mbeidh foirmeacha gearán áisiúil don úsáideoir agus a chur san áireamh go bhféadfadh sé nach mbeidh gach gearánach liteartha.

Déanfaidh gach Aireacht agus Gníomhaireacht Rialtais achoimre ar na gearáin a fhaightear maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú CGDDA a chur ar fáil go rialta do CFG. Áireofar san achoimre sin líon na ngearán a fuarthas, na cineálacha gearáin a rinneadh agus stádas na ngearán. Coinneoidh CFG an fhaisnéis sin i gClár na nGearán leictreonach in CID. Beidh rochtain ag an Iniúchóir Neamhspleách ar fhaisnéis sa Chlár leictreonach Gearán.


3.10.2
   Iniúchóireacht neamhspleách

Leis an iniúchóireacht neamhspleách bunófar sásra tiomnaithe chun gearáin nó casaoidí ó pháirtithe leasmhara a láimhseáil ar bhealach trédhearcach. Sna nósanna imeachta atá le forbairt, roinnfidh an tIniúchóir Neamhspleách gach gearán le CFG lena chur san áireamh i gClár na nGearán agus le CFAA.

Na nósanna imeachta a forbraíodh don sásra gearán faoin iniúchóireacht neamhspleách (Iarscríbhinn VI), cloífidh siad le prionsabail an neamhspleáchais, na hinchreidteachta, na hinrochtaineachta, na trédhearcachta agus na tráthúlachta.

3.10.3    An Comhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (CFAA)

Tá CFAA freagrach as gearáin a láimhseáil maidir le feidhmiú agus cur chun feidhme scéim ceadúnúcháin FLEGT i gcríocha an dá pháirtí. Beidh an Comhchoiste freagrach freisin as gearáin a láimhseáil a bhaineann le hobair arna déanamh ag an Iniúchóir Neamhspleách agus aontóidh sé ar ghníomhartha iomchuí a bheidh le déanamh. Na nósanna imeachta a forbraíodh don sásra gearán sin faoin CFAA, cloífidh siad le prionsabail an neamhspleáchais, na hinchreidteachta, na hinrochtaineachta, na trédhearcachta agus na tráthúlachta.


3.11
   Faireachán ar chur chun feidhme CGDDA

Bunóidh na Páirtithe CFAA chun bainistiú, faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú sin i gcomhréir le hAirteagal 20. Déantar cur síos in Iarscríbhinn X ar fheidhm fhoriomlán CFAA maidir le bainistiú, faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú sin, agus ar a feidhmeanna sonracha a bhaineann le CGDDA.

Bunóidh an Ghuáin agus an tAontas fochoistí ábhartha do CFAA, de réir mar is iomchuí, chun déileáil le réimsí sonracha a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Ullmhóidh fochoistí tuarascálacha maidir lena réimsí freagrachta, lena n‑áirítear moltaí do CFAA le hathbhreithniú agus beart iomchuí a dhéanamh.

Sula ndéanfar ceadúnú FLEGT, déanfar meastóireacht chomhpháirteach theicniúil neamhspleách ar CGDDA. Leis an meastóireacht theicniúil chomhpháirteach sin, déanfar athbhreithniú ar an gcur síos ar an gcóras agus díreofar go háirithe ar aon leasuithe a rinneadh ar an gComhaontú tar éis a dhaingnithe. Leis an meastóireacht sin, déanfar measúnú freisin ar an gcóras iomlán chun a chinneadh an bhfuil sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm chun a áirithiú go gcomhlíonann CGDDA na feidhmeanna dar ceapadh é. Leagtar amach na critéir le haghaidh na meastóireachta sin in Iarscríbhinn VIII.


4
   FEABHAS A CHUR AR CHÓRAIS A THACAÍONN LE CUR CHUN FEIDHME CGDDA

Forbrófar CGDDA bunaithe ar na gnéithe atá aige cheana, ar gnéithe iad a fheabhsófar mar seo a leanas le linn chéim an chur chun feidhme:

(a)    An próiseas leithdháilte maidir le húsáid foraoisí

   Bearnaí agus réimsí coinbhleachta reatha agus féideartha faoi chuimsiú leithdháileadh talún a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu

   Sásraí maidir le comhroinnt faisnéise a neartú chun feabhas a chur ar an gcomhoibriú le Gníomhaireachtaí Rialtais atá freagrach as leithdháileadh talún

(b)    Sainmhíniú Dlíthiúlachta

   Bearnaí sa chreat dlíthiúil reatha a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu

(c)    Ceanglais CRA

   Uasghrádú a dhéanamh ar an CID chun sonraí agus faisnéis arna nginiúint ag CGDDA a chur sa chartlann agus a anailísiú, agus áireofar leis sin comhad sonraí leictreonach aonair OEF in CID chun sonraí maidir le comhlíonadh agus faisnéis a bhaineann le gach OEF a chur sa chartlann

   CRA a uasghrádú le go mbeidh páirtithe leasmhara in ann rochtain a fháil air trí thairseach fuinneoige aonair, agus ag an am céanna teicneolaíochtaí cumarsáide a fheabhsú ar mhaithe le sonraí agus faisnéis a tharchur agus a chomhroinnt ar bhealach iontaofa agus slán laistigh de CFG


(d)    Fíorú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le leithdháileadh lamháltais, an tSainmhínithe Dlíthiúlachta agus na gceanglas CRA

   Nósanna imeachta seiceála, fíoraithe agus bailíochtaithe a fheabhsú, lena náirítear trí chigireachtaí láidre rialta agus randamacha a chur ar bun ag CFG agus ag Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais eile

   Comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí idirghníomhaireachta maidir le fíorú dlíthiúlachta mar bhonn eolais le haghaidh comhaid sonraí leictreonacha agus gníomhaíochtaí fíorúcháin OEFanna

   Córais a fheabhsú agus a fhorbairt chun cásanna neamhchomhlíonta ag OEFanna a aithint, a thaifeadadh agus a bhainistiú

   Nósanna imeachta a fhorbairt chun rialú a dhéanamh ar chomhlíontacht adhmaid allmhairithe

   Lámhleabhar CGDDA um Nósanna Imeachta le haghaidh fíorú a fhorbairt chun feidhmeanna fíoraithe (fíorú rialta agus fíorú comhdhlúite feadh an tslabhra soláthair) rannáin CFG agus na hAireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais eile uile a bhfuil baint acu le CGDDA a shonrú

   Critéir agus nósanna imeachta a fhorbairt le linn chéim cur chun feidhme CGDDA, chun measúnú a dhéanamh nach gcuirtear bac ar chearta traidisiúnta pobal Meir-Indiach


(e)    Scéim ceadúnúcháin FLEGT

   Scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú le haghaidh gach onnmhaire adhmaid chuig an Aontas

   Eintiteas nua a chruthú, ADTA laistigh de CFG, a bheadh freagrach as ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin a eisiúint

(f)    Iniúchóireacht neamhspleách

   Iniúchtaí tréimhsiúla arna ndéanamh ag tríú páirtí neamhspleách aontaithe chun measúnú a dhéanamh agus feabhas a chur ar inchreidteacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht CGDDA

(g)    Sásra gearán

   Nósanna imeachta a fhorbairt chun gearáin a fháil agus a láimhseáil agus chun díospóidí a réiteach a bhaineann le cur chun feidhme agus oibriú CGDDA

(h)    Faireachán ar chur chun feidhme CGDDA

   Struchtúir chur chun feidhme inmheánacha a bhunú chun comhordú agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an Chomhaontaithe

   CFAA a bhunú do na Pháirtithe chun an Comhaontú a chur chun feidhme


(i)    Feabhsuithe tábhachtacha eile

   Feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis maidir le hearnáil na foraoiseachta, agus ar chomhroinnt na faisnéise sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le CGDDA, mar a cheanglaítear le hIarscríbhinn IX

   Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide a fhorbairt chun roinnt sonraí agus faisnéise gar-fhíor-ama i measc OEFanna, Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais a chumasú

   Cláir um fhothú acmhainneachta le haghaidh fhoireann na nAireachtaí agus/nó na nGníomhaireachtaí Rialtais ar CGDDA

   Struchtúr nua ioncam CFG a chur chun feidhme de réir a chéile, lena náirítear trí luach ar adhmad mar stoc crainn a chur chun feidhme

   Aistriú de réir a chéile ó chóras tacaíochta páipéarbhunaithe go córas tacaíochta leictreonach

5    FOSCRÍBHINN

Achoimre ar na pointí rialúcháin criticiúla laistigh den slabhra soláthair agus na doiciméid agus an fhianaise lena mbunaítear dlíthiúlacht

Tá an tábla thíos bunaithe ar na nósanna imeachta atá ann cheana a leagtar amach i dTreoirlínte CRA agus i Lámhleabhar Nósanna Imeachta RFF, a dhéanfar iad a thabhairt cothrom le dáta le linn chéim feidhmiúcháin CGDDA (Tá liosta na dtreoirlínte in Iarscríbhinn II).

Sainaithint táirgí

Dearbhú sonraí

Fíorú sonraí

Gníomhaíocht agus freagracht

Sonraí atá le dearbhú

Bailíochtú

Réiteach

Modh

Cé a dhearbhaíonn na sonraí agus conas a dhearbhaítear iad?

Cén sonraí?

Cé na tacair sonraí a dhéantar comparáid eatarthu?

Cé na tacair sonraí a dhéantar comparáid eatarthu?

Réamhlománaíocht (pointí sainaitheanta na gcrann a d’fhéadfadh dul isteach sa slabhra soláthair) – féach ranna 3.3.1, 3.3.2 agus 3.4.4.2

Sainaithnítear gach crann le huimhir fardail uathúil trí úsáid a bhaint as clibeanna fardail crann OEFanna.

Cuireann an OEF an tuarascáil fardail réamhlománaíochta i gcrích agus cuireann sé é sin agus plean bainistithe foraoise agus plean oibríochta bliantúil chuig ceanncheathrú CFG.

Roimh lománaíocht a dhéanamh, sonraítear faisnéis ábhartha a bhaineann leis an táirge adhmaid i dtuarascáil fardail réamhlománaíochta, a bhfuil léarscáil stoic ag gabháil leis.

Áirítear an méid seo a leanas san fhaisnéis a shonraítear:

   uimhir aitheantais,

   Speiceas,

   Trastomhas,

   Suíomh (Eangach/GPS),

   Uimhir an bhloic

Cruinneas shonraí an fhardail a dhearbhaítear i dtuarascáil fardail réamhlománaíochta OEF a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh le tuarascáil fíorúcháin CFG (cigireacht fhisiceach).

I gcás tailte Stáit atá á n‑athrú , sainaithníonn RBAF suíomh agus speicis na gcrann i dtuarascáil chigireachta réamhlománaíochta.

Níl feidhm aige seo toisc go sainaithnítear stoc na gcrann tráchtála gur féidir leo dul isteach sa slabhra soláthair san fhardal réamhlománaíochta.

Níl réiteach ag teastáil toisc go mbailíonn CFG na sonraí go díreach.

Nótaí: Pointí iontrála sa slabhra soláthair le haghaidh lamháltais mhóra agus tailte Stáit atá á n‑athrú amháin.

Is féidir é a tharscaoileadh más rud é go n‑imríonn an mhianadóireacht ghníomhach tionchar ar 25 % nó níos mó den bhloc.

Níl fardal réamhlománaíochta ag teastáil le haghaidh lamháltais bheaga, Sráidbhailte Meir-Indiacha nó tailte príobháideacha.

Lománaíocht – féach ranna 3.3.2 agus 3.4.4.3

Sainaithnítear gach lomán le huimhir aitheantais

uathúil trí úsáid a bhaint as clib rianaithe CFG

Comhlánaíonn an OEF an cead leagtha nó an dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint. Cuireann an OEF é seo faoi bhráid stáisiún foraoise CFG.

Tar éis lománaíocht a dhéanamh, nuair atá an OEF réidh an táirge adhmaid a iompar, sonraítear i scríbhinn faisnéis ábhartha a bhaineann leis an táirge adhmaid maidir leis an gcead leagtha nó an dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint, lena n‑áirítear:

   Dáta agus am eisiúna,

   Ainm an OEF

   Ceann scríbe,

   Uimhir chlárúcháin an mhodha iompair

   Uimhir chlib rianaithe CFG

   Speiceas agus cineál táirge

   Toirt

   Léamh GPS an ghrágáin

   Líon píosaí

   Trastomhais (x4)

   Fad

I gcás lamháltais mhóra, lamháltais bheaga, tailte Stáit atá á n‑athrú, Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha amháin: Cruinneas na miosúr agus speiceas arna ndearbhú i gcead leagtha OEF nó i ndearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an gcigireacht fhisiceach ar an táirge adhmaid

I gcás lamháltais mhóra agus lamháltais bheaga amháin: Ceanglais chomhshaoil a fhíorú le linn na cigireachta fisiceach ar an ngrágán le haghaidh speicis arna ndearbhú ar an gcead leagtha nó an dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint.

Tionscnamh adhmaid a fhíorú trí na nithe seo a leanas:

1.    I gcás lamháltais mhóra, lamháltais bheaga, Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha amháin: Fíorú a dhéanamh ar léamha GPS, speicis agus trastomhas arna ndearbhú sa chead leagtha nó sa dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint trí chomparáid a dhéanamh leis an tuarascáil chigireachta, an tuarascáil faireacháin laethúil nó bileog sonraí allamuigh CFG (ón gcigireacht fhisiceach).

2.    I gcás lamháltais mhóra amháin, líon na lomán agus toirteanna in aghaidh an speicis agus an chineáil trastomhais a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an cead leagtha agus tuarascáil fíorúcháin CFG (ón roinn réamhlománaíochta).

3.    I gcás tailte Stáit atá á nathrú amháin: léamha GPS agus cruinneas na faisnéise arna dearbhú a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir an cead leagtha agus an tuarascáil chigireachta réamhlománaíochta (ón gcigireacht réamhlománaíochta).

Nótaí: Is í an lománaíocht a dhéantar trí chead leagtha nó dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint na pointí iontrála sa slabhra soláthair le haghaidh lamháltais bheaga, tailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha. Nuair nár cuireadh crainn san áireamh le linn an fhardail agus gur dáileadh clibeanna CFG breise don OEF, cuirfear an fhaisnéis a bhaineann leis na crainn bhreise san áireamh agus comparáid á déanamh idir doiciméid.

Iarlománaíocht – féach Ranna 3.3.3 agus 3.4.4.3

Níl aitheantas caighdeánach ann

I gcás lamháltais mhóra amháin: Faigheann an OEF litir maidir le dúnadh an bhloic ó CFG (RBAF).

I gcás na OEFanna uile: Síníonn an OEF clár RFF um Chlibeanna arna dTabhairt ar Ais agus clibeanna neamhúsáidte á dtabhairt ar ais aige.

I gcás lamháltais mhóra, lamháltais bheaga agus tailte Stáit atá á n‑athrú amháin: Íocann an OEF táillí, muirir nó tobhaigh bhainistíochta agus faigheann sé admháil ó CFG ar íocaíocht a dhéanamh maidir leis na sonraí arna ndearbhú ar an gcead leagtha nó comhaontú lamháltais foraoise (i gcás údaruithe foraoise Stáit amháin) nó ar an gcead leagtha nó léas nó cead nó ceadúnas mianadóireachta nó cead i scríbhinn nó ceadúnas hidreachumhachta (i gcás tailte Stáit atá á n‑athrú amháin).

I gcás lamháltais mhóra amháin: Le linn dhúnadh an bhloic, sonraítear an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an mbloc i scríbhinn chuig an OEF sa litir maidir le dúnadh an bhloic, lena n‑airítear:

   Uimhir an bhloic

   An dáta oscailte agus an dáta dúnta

   MAC/AAC

   An toirt iomlán a baineadh

   Suíomh geografach an bhloic

Agus clibeanna neamhúsáidte á dtabhairt ar ais, sonraítear an fhaisnéis seo a leanas i gClár RFF um Chlibeanna arna dTabhairt ar Ais:

   Dáta

   Ainm an lamháltais

   Uimhir fóilió

   Líon na gclibeanna arna dtabhairt ar ais

   Na seichimh thosaigh agus dheiridh

   An té ar thug ar ais iad

I gcás lamháltais mhóra amháin: Fíorú a dhéanamh ar dhúnadh an bhloic arna dhearbhú sa litir maidir le dúnadh an bhloic trí chomparáid a dhéanamh leis an gcigireacht fhisiceach ar an mbloc.

Clibeanna arna dtabhairt ar ais a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir Clár RFF um Chlibeanna a Eisiúint agus cigireacht fhisiceach ar na clibeanna.

I gcás lamháltais mhóra, lamháltais bheaga agus tailte Stáit atá á n‑athrú amháin: Íocaíochtaí a rinneadh a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir na hadmhálacha agus an t‑airgead a íocadh.

Ní gá réiteach a dhéanamh.

Clibeanna arna ndearbhú i gClár FMS um Chlibeanna a Eisiúint a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh le Clár RFF um Chlibeanna arna dTabhairt ar Ais agus le sonraí táirgeachta.

I gcás lamháltais mhóra, lamháltais bheaga agus tailte Stáit atá á n‑athrú amháin: Íocaíochtaí a rinneadh a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir na hadmhálacha agus/nó an sceideal íocaíochtaí agus an cead leagtha nó comhaontú lamháltais foraoise (i gcás údaruithe foraoise Stáit amháin) nó an cead leagtha nó léas nó cead nó ceadúnas mianadóireachta nó cead i scríbhinn nó ceadúnas hidreachumhachta (i gcás tailte Stáit atá á n‑athrú amháin)

I gcás lamháltais mhóra, lamháltais bheaga agus tailte Stáit atá á n‑athrú amháin: Agus íocaíochtaí á ndéanamh, sonraítear an fhaisnéis seo a leanas:

   Dáta

   Ainm an lamháltais

   Uimhir fóilió

   Suim íoctha

   Cineál íocaíochta 35

Iompar – féach ranna 3.3.4 agus 3.4.4.4

Sainaithnítear gach táirge adhmaid le doiciméadacht ón láthair thionscnaimh

Dearbhaíonn an OEF an doiciméad iompair ábhartha do stáisiún foraoise CFG.

Le linn iompair, dearbhaítear an fhaisnéis ábhartha a bhaineann leis an táirge adhmaid do CFG i scríbhinn ar an doiciméad iompair 36 (dfhéadfadh an fhaisnéis seo a bheith éagsúil ag brath ar an gcineál doiciméid iompair) agus ar an gclár táirgeachta (más infheidhme) lena náirítear: 

   Dáta agus am eisiúna,

   Ainm an OEF,

   Ceann scríbe

   Uimhir chlárúcháin an mhodha iompair

Cruinneas na miosúr agus speiceas arna ndearbhú i ndoiciméad iompair an OEF a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an gcigireacht fhisiceach ar an táirge adhmaid.

Toirt agus speiceas arna ndearbhú sa doiciméad iompair a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an tuarascáil mhíosúil

   Uimhir chlib rianaithe CFG

   Speiceas agus cineál táirge,

   Toirt

   Líon píosaí

   Léamh GPS an ghrágáin,

   Trastomhais (x4),

   Fad.

Nótaí: Úsáidtear na doiciméid chéanna d’iompar ar bhóthar nó d’iompar ar abhann. Tá an fíorú ceanna i gceist.

Próiseáil: dul isteach – féach ranna 3.3.5 agus 3.4.4.5

Sainaithnítear gach táirge adhmaid le doiciméadacht ón láthair thionscnaimh

Comhlánaíonn OEF taifead an mhuilinn sábhadóireachta/an chlóis adhmaid ar tháirgí a fuarthas/a ceannaíodh/clár an tsoláthair le haghaidh gach táirge adhmaid a théann isteach sa mhuileann sábhadóireachta/sa chlós adhmaid. Cuireann an OEF é seo faoi bhráid stáisiún foraoise CFG.

Nuair a théann táirgí adhmaid isteach sa mhuileann sábhadóireachta/clós adhmaid, sonraítear faisnéis ábhartha a bhaineann leis an táirge adhmaid ar thaifead an mhuilinn sábhadóireachta/an chlóis adhmaid ar tháirgí a fuarthas/a ceannaíodh/clár soláthair an táirge, lena n‑áirítear:

   

   Ainm agus seoladh na saoráide

   Uimhir cheadúnais

   An dáta a bhfuarthas an doiciméad

   Dáta agus uimhir an doiciméid iompair

   Speiceas

   Cainníocht an táirge adhmaid

   Tionscnamh an táirge adhmaid

   Uimhir cheadúnais na feithicle seachadta

   Ainm an tsoláthraí

Cruinneas na miosúr agus speiceas arna ndearbhú i dtaifead mhuileann sábhadóireachta/chlós adhmaid an OEF ar tháirgí a fuarthas/a ceannaíodh/clár an tsoláthair trí chomparáid a dhéanamh leis an gcigireacht fhisiceach ar an táirge adhmaid.

Foinse ionchuir an táirge adhmaid a fhíorú:

Fíorú a dhéanamh ar speicis agus toirteanna arna ndearbhú i dtaifead an mhuilinn sábhadóireachta/an chlóis adhmaid ar tháirgí a fuarthas/a ceannaíodh/clár an tsoláthair trí chomparáid a dhéanamh le tuarascáil faireacháin laethúil CFG (ón gcigireacht fhisiceach).

Oibríocht phróiseála – féach ranna 3.3.5 agus 3.4.4.5

Níl aitheantas caighdeánach ann

Muileann sábhadóireachta: Comhlánaíonn an OEF an fhoirm ʻadhmad sáfa agus adhmad táirgthe a thabhairt ar ais’ nó an fhoirm ʻlomáin sháfa agus lomáin tháirgthe a thabhairt ar ais’ le haghaidh gach táirge adhmaid a phróiseáiltear sa mhuileann sábhadóireachta. Cuireann an OEF é seo faoi bhráid stáisiún foraoise CFG.

Clós adhmaid: Comhlánaíonn an OEF tuairisceán míosúil an chlóis adhmaid le haghaidh gach táirge adhmaid a phróiseáiltear sa chlós adhmaid. Cuireann an OEF é seo faoi bhráid stáisiún foraoise CFG.

Nuair a phróiseáiltear táirgí adhmaid, sonraítear faisnéis ábhartha a bhaineann leis an táirge adhmaid ar an bhfoirm ʻadhmad sáfa agus adhmad táirgthe a thabhairt ar ais’ nó ar an bhfoirm ʻlomáin sháfa agus lomáin tháirgthe a thabhairt ar ais’, lena n‑áirítear:

   

   Ainm agus seoladh na saoráide

   Speiceas

   Iarmhéid na lomán ón mí roimhe sin

   Na lomáin a fuarthas (píosaí agus toirt)

   Líon iomlán na lomán atá i stoc

   Ionchur na lomán a próiseáladh (píosaí agus toirt)

   Aschur adhmaid (píosaí agus toirt)

   Iarmhéid na lomán atá fágtha

Ní gá fíorú a dhéanamh toisc gur fíoraíodh an táirge adhmaid (atá próiseáilte anois) ar theacht isteach dó sa mhuileann sábhadóireachta/clós adhmaid ag an gcéim roimhe seo.

Aisghabháil na dtáirgí adhmaid a fhíorú:

Fíorú a dhéanamh ar na speicis agus an toirt aisghafa arna ndearbhú i bhfoirm ʻadhmad sáfa agus adhmad táirgthe a thabhairt ar ais’ nó i bhfoirm ʻlomáin sháfa agus lomáin tháirgthe a thabhairt ar ais’ an OEF nó ar thuairisceán míosúil an chlóis adhmaid trí chomparáid a dhéanamh le tuarascáil faireacháin laethúil CFG (ón gcigireacht fhisiceach ar na táirgí adhmaid a théann isteach sa mhuileann sábhadóireachta/clós adhmaid).

Nuair a phróiseáiltear táirgí adhmaid, sonraítear faisnéis ábhartha a bhaineann leis an táirge adhmaid ar thuairisceán míosúil an chlóis adhmaid, lena n‑áirítear:

   Ainm agus suíomh an chlóis adhmaid

   Speiceas

   An tiarmhéid (toirt) a tugadh ar aghaidh

   Toirteanna ionchuir

   Toirteanna iomlán atá i stoc

   Toirteanna aschuir

   Iarmhéid na dtoirteanna atá i stoc

Díol ar an margadh intíre – féach ranna 3.3.6 agus 3.4.4.6

Sainaithnítear gach táirge adhmaid le doiciméadacht ón láthair thionscnaimh

Comhlánaíonn an OEF 37 an fhoirm um dhíol táirgí adhmaid le haghaidh gach táirge adhmaid a dhíoltar. Cuireann an OEF é seo faoi bhráid stáisiún foraoise CFG.

Nuair atá táirgí adhmaid ag fágáil na saoráide próiseála, sonraítear faisnéis ábhartha a bhaineann leis an táirge adhmaid san fhoirm um dhíol táirgí adhmaid, lena n‑áirítear:

   

   Ainm agus seoladh na saoráide

   Uimhir cheadúnais

   Dáta díolacháin

   Táirge

   Speiceas

   Cainníocht an táirge adhmaid

   Uimhir an tsonraisc

   Uimhir rianaithe CFG (nuair is infheidhme)

I gcás muileann sábhadóireachta nó clós adhmaid: déantar an táirge adhmaid atá á dhíol sna saoráidí sin a fhíorú roimh dóibh dul isteach sa mhuileann sábhadóireachta nó clós adhmaid. Féach an roinn maidir le próiseáil (dul isteach).

I gcás lamháltais mhóra nó bheaga, tailte Stáit atá á n‑athrú, Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideacha: déantar an táirge adhmaid atá á dhíol sna limistéir sin a fhíorú ag pointe na lománaíochta. Féach an roinn ʻLománaíocht’.

Muileann sábhadóireachta nó clós adhmaid: Aschur an táirge adhmaid a fhíorú:

Toirt agus speiceas arna ndearbhú san fhoirm um dhíol táirgí adhmaid a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an bhfoirmʻadhmad sáfa agus adhmad táirgthe a thabhairt ar ais’ nó leis an bhfoirm ʻlomáin sháfa agus lomáin tháirgthe a thabhairt ar ais’ nó le tuairisceán míosúil an chlóis adhmaid agus taifead an mhuilinn sábhadóireachta/an chlóis adhmaid ar tháirgí a fuarthas/a ceannaíodh/clár an tsoláthair.

Lamháltais mhóra nó beaga, tailte Stáit atá á n‑athrú, Sráidbhailte Meir-Indiacha agus tailte príobháideach nó duine aonair, comhlacht corpraithe nó eintiteas atá ceadúnaithe chun táirgí adhmaid amháin a dhíol: Díol an táirge adhmaid a fhíorú tríd an toirt, speiceas agus foinse arna ndearbhú san fhoirm um díol táirgí adhmaid a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an doiciméad iompair.

Nótaí

Onnmhairiú táirgí adhmaid – féach ranna 3.3.7 agus 3.4.4.7

Sainaithnítear gach táirge adhmaid leis na doiciméadacht ón láthair thionscnaimh agus le comhartha onnmhairithe CFG (comhartha casúir nó stampa ag brath ar an táirge).

Comhlánaíonn an OEF na doiciméid ábhartha uile agus cuireann sé faoi bhráid CFG (RFF) iad lena bhformheas. A luaithe atá na doiciméid sin formheasta, cuirtear ar ais chuig an OEF iad, agus faigheann an OEF deimhniú onnmhairiúcháin (agus ceadúnais FLEGT le haghaidh mhargaí an Aontais). Ansin, cuireann an OEF an deimhniú sin agus an ceadúnas, más infheidhme, agus na doiciméid fhormheasta faoi bhráid CETO.

CETO

Cuireann an OEF an deimhniú onnmhairiúcháin (agus ceadúnas FLEGT le haghaidh mhargaí an Aontais) agus doiciméid ábhartha eile faoi bhráid CETO lena bhformheas sula scaoiltear é lena loingsiú.

Nuair atá táirgí adhmaid le honnmhairiú, sonraítear faisnéis ábhartha a bhaineann leis an táirge sna doiciméid seo a leanas:

Iarratas ar tháirge foraoiseachta a onnmhairiú

   Ainm agus seoladh an iarratasóra

   Uimhir an doiciméid iompair

   Uimhir shonraisc / uimhir admhála an tsoláthraí

   Uimhir na láithreach cigireachta agus uimhir an cheadúnais

   An láthair atá beartaithe chun táirgí atá le honnmhairiú a lódáil

   Ceadúnas onnmhairiúcháin

Cruinneas miosúr na dtoirteanna agus speiceas na dtáirgí adhmaid atá le honnmhairiú arna ndearbhú in iarratas an OEF ar dheimhniú um adhmad a chur ar an margadh a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an táirgí adhmaid fisiceach (cigireacht ghrádaithe CFG).

Cruinneas miosúr na dtoirteanna agus speiceas na dtáirgí adhmaid atá le honnmhairiú arna ndearbhú ar an deimhniú onnmhairiúcháin a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an táirge adhmaid fisiceach (cigireacht CETO).

Foinse an táirge adhmaid arna dearbhú san iarratas ar dheimhniú onnmhairiúcháin a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an iarratas ar tháirge foraoiseachta a onnmhairiú nó leis an doiciméad iompair.

Ní gá réiteach a dhéanamh.

Iarratas ar dheimhniú um adhmad a chur ar an margadh

   Suíomh an táirge adhmaid

   Onnmhaireoir

   Speiceas

   Tuairisc

   Líon píosaí

   Miosúir na dtoirteanna

Iarratas ar dheimhniú onnmhairiúcháin

   Uimhir thagartha Dheimhniú um adhmad a chur ar an margadh an Onnmhaireora

   Ceann scríbe

   Líon píosaí

   Líon

   Speiceas

   Tuairisc ar an táirge adhmaid

   Toirt

   Coinsíní

DRAL in CUSC

   Onnmhaireoir

   Coinsíní

   Cainníocht (meáchan)

De bhreis ar na doiciméid thuasluaite, áirítear an méid seo a leanas ar an bhfaisnéis arna dearbhú ar an deimhniú onnmhairiúcháin:

   Onnmhaireoir

   Uimhir thagartha an Deimhnithe um adhmad a chur ar an margadh

   Ceann scríbe

   Líon píosaí

   Líon

   Speiceas

   Tuairisc ar an táirge adhmaid

   Toirt

   Coinsíní

   Stampa agus síniú CFG

Nótaí: Pointe fágála.

Urghabháil táirge adhmaid – féach roinn 3.3.10

Sainaithnítear gach táirge adhmaid le doiciméadacht ón láthair thionscnaimh agus le branda casúir coinneála

Sna cásanna seo a leanas, eisíonn Coimisiún Foraoiseachta na Guáine pas imréitigh chun go rachadh an t‑adhmad ar ais isteach sa slabhra soláthair:

   Tugtar adhmad ar ais don OEF tar éis chur i leataobh na hurghabhála; nó

   Díolann Coimisiún Foraoiseachta na Guáine adhmad mar go bhfuil sé faoi réir dul ó mhaith go tapa nó tar éis forghéillte.

Nuair a dhéantar imréiteach ar tháirgí adhmaid urghafa le haghaidh a n‑athiontrála sa slabhra soláthair, sonraítear faisnéis ábhartha a bhaineann leis an táirge adhmaid sa phas imréitigh, lena n‑áirítear:

   An dáta imréitigh

   Ainm an OEF

   Speiceas

   Toirt

   Líon na bpíosaí agus/nó an toise

   Uimhir an doiciméid iompair (más infheidhme)

Cruinneas miosúr na dtoirteanna, líon na bpíosaí, agus/nó toise, agus speicis na dtáirgí adhmaid arna ndearbhú ar an bpas imréiteach a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an táirge adhmaid fisiceach.

Toirt, líon na bpíosaí, agus/nó toise, agus speicis arna ndearbhú sa phas imréiteach a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an bhfoirm um urghabháil agus leis an tuarascáil choinneála.

Nótaí: Ní théann táirge adhmaid urghafa ar ais sa slabhra soláthair go dtí go bhfuil imréiteach eisithe ag CFG.

Táirge adhmaid faoi bhealach – féach roinn 3.3.9

Sainaithnítear gach lastas de tháirgí adhmaid le huimhir aitheantais trí úsáid a bhaint as cód CC a fhreagraíonn don táirge adhmaid arna allmhairiú agus as uimhir dhearbhaithe uathúil

Déanann captaen/máistir/tiománaí feithiclí iompair na hearraí faoi bhealach a dhearbhú do CETO. Ní mór don ghníomhaire na hearraí atá ag teacht isteach sa Ghuáin a dhearbhú laistigh de seacht lá.

Faisnéis arna soláthar ag captaen/máistir/tiománaí na feithicle iompair.

IS faoi rialú na n‑údarás Custaim a bhíonn táirgí adhmaid nuair a bhíonn na táirgí faoi bhealach.

Ní bhaineann le hábhar

Ní bhaineann le hábhar

Nótaí: Leanann táirgí adhmaid faoi bhealach nósanna imeachta bunaithe CETO maidir le hearraí faoi bhealach a bhainistiú agus a rialú. Más rud é go n‑iompraítear na táirgí adhmaid i soitheach, níl cead acu an soitheach a fhágáil agus iad faoi bhealach. Chomh maith leis sin, bíonn oifigigh CETO i dteannta táirgí adhmaid faoi bhealach/trasloingsiú agus iad á n‑iompar thar tír go dtí go bhfágann an fheithicil teorainn chustaim na Guáine, agus go n‑aistrítear freagracht na n‑earraí go dtí an tír ghlactha trí dhoiciméid chustaim oifigiúla a mhalartú. Más rud é go gcaithfear na táirgí adhmaid a stóráil le linn an turais thar tír, ní mór cead a fháil roimh ré ó CETO agus an choinsíneacht a stóráil in áit sláintithe atá ainmnithe d’earraí faoi bhealach amháin. Is amhlaidh atá i leith na dtáirgí adhmaid atá á n‑iompar i soitheach sa chás go dtarlaíonn mór-mhífheidhmiú don soitheach.

Ar an gcaoi sin, áirithíonn oifigigh CETO nach n‑athraítear lastais de tháirgí adhmaid faoi bhealach idir pointe iontrála agus pointe fágála chríoch na Guáine, agus nach dtéann siad isteach sa slabhra soláthair.

Allmhairiú táirge adhmaid– féach ranna 3.3.8 agus 3.4.4.8

Sainaithnítear gach lastas de tháirgí adhmaid le huimhir aitheantais trí úsáid a bhaint as cód CC a fhreagraíonn don táirge adhmaid arna allmhairiú agus as uimhir dhearbhaithe uathúil.

Comhlánaíonn an OEF an t‑iarratas ar chead allmhairiúchán agus cuireann sé faoi bhráid ENCP é lena fhormheas.

Nuair atá táirgí adhmaid le hallmhairiú, sonraítear faisnéis ábhartha a bhaineann leis an táirge adhmaid san iarratas ar chead allmhairiúcháin:

   Faisnéis faoi thionscnamh an táirge adhmaid

   Tuairisc ar an táirge (cineál/cainníocht/meáchan/toirt)

   Faisnéis faoin allmhaireoir (más infheidhme)

   Ceadúnas FLEGT nó cead CITES nó tuarascáil mheasúnachta ar an dícheall chuí

Cruinneas miosúr na dtoirteanna, speiceas agus tionscnamh na dtáirgí adhmaid atá le hallmhairiú arna ndearbhú ar chead allmhairithe an OEF a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh leis an táirge adhmaid fisiceach (cigireacht CFG).

Tionscnamh an táirge adhmaid agus cruinneas na miosúir arna ndearbhú ar dhoiciméid allmhairithe na OEFanna a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh le tuarascáil fíorúcháin CFG (le linn cigireacht fhisiceach ar na táirgí adhmaid allmhairithe).

Níl réiteach i gceist.

Nótaí: Imréiteach ó CETO ag calafort formheasta an teacht isteach, is é sin an chéad chéim a bheadh sa slabhra soláthair.

Níl aon phointe rialúcháin criticiúil sa slabhra soláthair atá fíoraithe faoi CGDDA sula n‑allmhairítear an adhmad.

_________________

IARSCRÍBHINN VI

TÉARMAÍ TAGARTHA LE hAGHAIDH NA hINIÚCHÓIREACHTA NEAMHSPLEÁICHE AR CGDDA

1.    Réamhrá

Déantar an iniúchóireacht neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 11 den Chomhaontú seo. Tabharfaidh an t‑iniúchadh neamhspleách aghaidh ar oibreoirí agus oibríochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn II agus beidh feidhm aige maidir leis na táirgí adhmaid a liostaítear in Iarscríbhinn I. Cumhdófar leis freisin gach céim den slabhra soláthair mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V, eadhon: stádas dlíthiúil, rochtain dhlíthiúil ar an bhforaois, lománaíocht, iompar, neamh‑chomhlíontacht agus adhmad arna urghabháil agus adhmad arna fhorghéilleadh, próiseáil, díol, allmhairiú, agus onnmhairiú.

Na téarmaí tagartha atá san Iarscríbhinn seo, is cur síos iad ar oibríochtaí agus feidhmeanna na hiniúchóireachta neamhspleáiche maidir le measúnú a dhéanamh ar an gcóras um dhearbhú dlíthiúlachta arna bhunú leis an gComhaontú seo. An t‑adhmad a lománaítear, a iompraítear, a phróiseáiltear, a onnmhairítear, a allmhairítear nó a dhíoltar sa mhargadh intíre, tugann an iniúchóireacht neamhspleách dearbhú go gcomhlíonann sé Iarscríbhinn II. Fíoraíonn sé freisin go gcomhlíonann an t‑adhmad sin ceanglais an tslabhra soláthair agus nach bhfuil ceadúnais FLEGT eisithe ag an údarás ceadúnúcháin ach do lastais a chomhlíonann ceanglais CGDDA. Leagann na téarmaí tagartha amach na cúraimí agus prótacail maidir le faisnéis a bhailiú agus tuairisciú. Bunaíonn na téarmaí tagartha foinsí príomha faisnéise agus déanann siad cur síos ar na cáilíochtaí agus taithí oibre is gá a bheith ag an Iniúchóir Neamhspleách. Is féidir na téarmaí tagartha sin a úsáid mar bhonn chun doiciméid tairisceana níos mionsonraithe a fhorbairt.


2.    Cuspóirí

Is é is aidhm don iniúchóireacht neamhspleách measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú, inchreidteacht agus éifeachtúlacht CGDDA agus iad a fheabhsú.

3.    Cúraimí

Beidh na cúraim seo a leanas ar an Iniúchóir Neamhspleách:

1.    Lámhleabhar nósanna imeachta a ullmhú maidir le hoibríochtaí an Iniúchóra Neamhspleách, lena náirítear modhanna chun faisnéis a bhailiú, fianaise a mheas agus tuairisciú a dhéanamh.

2.    Measúnú a dhéanamh maidir le cé acu atá CGDDA ag feidhmiú ar bhealach inchreidte agus éifeachtúil nó nach bhfuil agus maidir le cé acu a chomhlíonann táirge a lománaítear, a phróiseáiltear, a iompraítear agus a thrádáiltear (ar bhonn intíre nó ar bhonn idirnáisiúnta) ceanglais dhlíthiúla an chórais nó nach gcomhlíonann.

3.    Measúnú a dhéanamh maidir le cé acu atá comhpháirteanna CGDDA i bhfeidhm agus ag feidhmiú ar bhealach atá éifeachtúil agus inchreidte nó nach bhfuil, agus áirítear ar na comhpháirteanna sin leithdháileadh na foraoise agus deonú na gceart lománaíochta, an sainmhíniú dlíthiúlachta, an sásra gearán, ceanglais CRA, an fíorú i ndáil le comhlíonadh CGDDA, ceadúnúchán FLEGT.

4.    Measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus éifeachtacht ranna uile Choimisiún Foraoiseachta na Guáine (CFG) a bhfuil baint acu le feidhmiú CGDDA.



5.    Measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus éifeachtacht ghníomhaíochtaí fíorúcháin na nAireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais a bhfuil baint acu le feidhmiú CGDDA.

6.    Measúnú a dhéanamh ar an bpróiseas maidir le ceadúnais FLEGT a eisiúint chun a áirithiú go bhfuil córas eisiúna na gceadúnas agus an córas fíorúcháin ag feidhmiú ar bhealach inchreidte agus éifeachtúil.

7.    Measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a ndéanann na húdaráis ábhartha cásanna tuairiscithe neamhchomhlíontachta i leith Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais éagsúla a bhfuil baint acu le fíorú CGDDA a thaifeadadh, a chur sa chartlann agus conas a thugann siad aghaidh orthu.

8.    Bearnaí agus laigí i ndearadh agus cur chun feidhme CGDDA a shainaithint agus moltaí a chur faoi bhráid CFAA.

9.    Measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme bearta ceartaitheacha arna gcinneadh ag CFAA chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus laigí a sainaithníodh sna tuarascálacha iniúchóireachta.

10.    Torthaí agus moltaí a chur faoi bhráid CFAA a fhoilseoidh achoimre ar na tuarascálacha iniúchóireachta sin go rialta.

11.    Aon fhiosrúchán, anailís nó scrúdú eile a dhéanamh arna iarraidh sin ag CFAA chun bunús breise a thabhairt leis an iniúchóireacht neamhspleách.


4.    Modheolaíocht: modhanna maidir le faisnéis agus tuairiscithe a bhailiú agus measúnú a dhéanamh orthu

Ní mór don Iniúchóir Neamhspleách a bheith gairmiúil agus ionraic i gcónaí. Cloífidh an tIniúchóir Neamhspleách leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta is fearr i gcomhréir le ISO 19011, ISO 17021 nó a choibhéis. Is gá d’obair an Iniúchóra Neamhspleách a bheith fíriciúil agus fianaise-bhunaithe agus is gá imscrúduithe allamuigh agus seiceálacha doiciméadacha a chur san áireamh. Déanfar athbhreithniú ar an lámhleabhar nósanna imeachta dá dtagraítear i roinn 3.1 agus glacfaidh CFAA leis sula dtosóidh an tIniúchóir Neamhspleách ar na gníomhaíochtaí iniúchóireachta i gcomhréir leis an lámhleabhar formheasta.

Sceideal oibre - Le linn chéad bhliana oibríochta scéim ceadúnúcháin FLEGT, forbróidh an tIniúchóir Neamhspleách lámhleabhar nósanna imeachta maidir leis an iniúchóireacht neamhspleách, seolfaidh sé isteach an lámhleabhar sin agus déanfaidh sé iniúchadh amháin. Sna blianta ina dhiaidh sin, déanfaidh an tIniúchóir Neamhspleách iniúchtaí bliantúla CGDDA ar a laghad ar feadh tréimhse dhá bhliain, agus déanfaidh CFAA athbhreithniú ar an minicíocht sin ina dhiaidh sin. Féadfaidh an tIniúchóir Neamhspleách iniúchtaí ar an toirt agus seiceálacha ar an láthair a dhéanamh arna bhformheas ag CFAA.

Raon feidhme na hoibre – Cumhdófar le gníomhaíochtaí na hiniúchóireachta neamhspleáiche gach cúraim a liostaítear i roinn 3 thuas ar a laghad. Déanfaidh an tIniúchóir Neamhspleách iniúchadh ar ghníomhaíochtaí ábhartha na nAireachtaí agus/nó na nGníomhaireachtaí Rialtais ábhartha atá freagrach as gnéithe éagsúla CGDDA, i gcomhréir leis an lámhleabhar formheasta.

Bailiú fianaise – Déanfar cur síos sa lámhleabhar nósanna imeachta maidir le hiniúchóireacht neamhspleách ar na nósanna imeachta agus cleachtais maidir le fianaise a bhailiú, lena n‑áirítear seiceálacha allamuigh, iniúchtaí, agallaimh agus athbhreithniú ar dhoiciméadacht. Déanfar cur síos ann chomh maith ar an gcaoi a bhfreagróidh an tIniúchóir Neamhspleách do ghearáin faoina chuid oibre féin agus faoi fheidhmiú CGDDA.


Córais iniúchóireachta - Agus fianaise iniúchóireachta á doiciméadú, teipeanna agus cásanna neamhchomhlíonta in aon chuid de CGDDA a thuairisciú agus obair leantach á déanamh ar ghníomhaíocht cheartaitheach a rinneadh, beidh ar an Iniúchóir Neamhspleách an méid seo a leanas a dhéanamh:

   a áirithiú go ndéantar na barúlacha ar fad a rinneadh le linn na niniúchtaí a dhoiciméadú i gceart agus go ndéantar taifid ar fhianaise iniúchta ina dtugtar mionsonraí ar an leibhéal feidhmíochta, comhlíonta agus neamhchomhlíonta a chur i gcartlann; 

   taifead a dhéanamh ar laigí a bhaineann leis an gcóras, bearnaí agus réimsí CGDDA a bhfuil gá feabhas a chur orthu, a áirithiú go gcuirtear moltaí iomchuí ar fáil agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na moltaí sin; agus

   taifead a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart ceartaitheach uile agus measúnú a dhéanamh orthu chun aghaidh a thabhairt ar chásanna neamhchomhlíonta arna gcur chun feidhme ag CFG agus ag Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais ábhartha eile a bhfuil baint acu le CGDDA.

Acmhainní leordhóthanacha - beidh acmhainní leordhóthanacha ag an Iniúchóir Neamhspleách chun fíorú a dhéanamh in aghaidh an tSainmhínithe Dlíthiúlachta agus na gcóras maidir leis an slabhra soláthair adhmaid a rialú.

Córas bainistíochta – beidh córas bainistíochta doiciméadaithe leordhóthanach ag an Iniúchóir Neamhspleách chun a áirithiú go bhfuil an cumas agus an taithí is gá ag a fhoireann chun fíorú éifeachtach a dhéanamh, agus chun rialú agus maoirseacht inmheánach a chur i bhfeidhm.


5.    Tuarascálacha agus scaipeadh

Cloífidh an t‑Iniúchóir Neamhspleách leis an struchtúr agus leis an bprótacal maidir le tuarascálacha a ullmhú arna gcomhaontú le CFAA agus déanfaidh an tIniúchóir Neamhspleách an méid seo a leanas: 

   tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí i gcomhréir leis an sceideal oibre mar a comhaontaíodh le CFAA; 

   tuarascálacha dá chuid a ullmhú i gcomhréir leis na prionsabail iniúchta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta agus mar atá sonraithe ag CFAA sa lámhleabhar;

   réamhthuarascáil a chur faoi bhráid CFAA chun barúlacha a fháil;

   tuarascáil chríochnaitheach agus iomlán a chur faoi bhráid CFAA (bunaithe ar na barúlacha faoin réamhthuarascáil a gheofar agus ar an bhfianaise a bhaileofar) ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha uile maidir le clár an iniúchta agus le hoibríocht CGDDA; agus

   tuarascáil achomair a ullmhú, a fhíoróidh CFAA ar mhaithe lena scaipeadh ar an bpobal. Beidh an tuarascáil achomair bunaithe ar an tuarascáil iomlán agus déanfar achoimre ar phríomhmholtaí agus conclúidí na tuarascála, lena náirítear na laigí a aithníodh sa chóras.


6.    Foinsí faisnéise

Áireofar sna príomhfhoinsí faisnéise athbhreithnithe doiciméad, cuairteanna allamuigh agus comhairliúcháin nó cruinnithe leis na páirtithe leasmhara ábhartha. Maidir le cuairteanna allamuigh, beidh rochtain ag an Iniúchóir Neamhspleách ar limistéir ina ndéantar acmhainní foraoise a bhaint, a iompar, a phróiseáil agus a dhíol, chomh maith leis na pointí allmhairithe agus onnmhairithe.

Áiritheoidh an Ghuáin go mbeidh rochtain ag an Iniúchóir Neamhspleách ar an bhfaisnéis ábhartha uile, lena n‑áirítear doiciméid agus bunachair sonraí a mheasann an Ghuáin agus an tAontas a bheith tábhachtach nó ábhartha, go háirithe na doiciméid sin atá riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht agus éifeachtacht CGDDA. Áirítear sa rochtain ar fhaisnéis faisnéis a chur CFG ar fáil agus faisnéis atá ag Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais a bhfuil baint acu le CGDDA. Go háirithe, beidh rochtain ag an Iniúchóir Neamhspleách ar fhaisnéis de chuid CGDDA agus a chomhpháirteanna agus foinsí eile, iniúchtaí a foilsíodh i dtíortha eile a bhfuil scéim ceadúnúcháin FLEGT curtha ar bun acu nó i dtuarascálacha REDD+ na Guáine maidir le Faireacháin, Tuairisciú & Córas Fíorúcháin, cuir i gcás.

Áirítear sna páirtithe leasmhara a d’fhéadfadh faisnéis ábhartha a sholáthair iad seo a leanas:

(a)    CFG, Aireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile

Meastar gur príomhfhoinsí faisnéise iad rannáin uile CFG chun an tIniúchóir Neamhspleách a chur ar an eolas.


I gcás ina bhfuil faisnéis ó Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais eile a bhfuil baint acu le CGDDA ag teastáil ón Iniúchóir Neamhspleách, beidh rochtain ag an Iniúchóir Neamhspleách ar na heintitis sin trí CFG.

(b)    Gníomhaithe Neamhstáit

   Páirtithe leasmhara dúchasacha

   Coimisiún na bPobal Dúchasach

   Comhairle Náisiúnta Toshaos

   Comhlachas Monaraíochta agus Seirbhísí na Guáine

   Comhlachas Lománaithe Beaga

   Comhlachas Táirgí Foraoise

   Eagraíochtaí na sochaí sibhialta

   Aon eagraíocht phríobháideach eile nó duine aonair a dfhéadfadh faisnéis ar fheidhmiú CGDDA a sholáthar.


Áirítear sna foinsí eile faisnéise an méid seo a leanas:

   Comhlachtaí corpraithe a bhfuil baint acu leis an bhforaoiseacht tráchtála

   Institiúidí acadúla amhail Ollscoil na Guáine, Scoil Talmhaíochta na Guáine agus an Institiúid Náisiúnta Talmhaíochta um Thaighde agus Síneadh

   Údaráis áitiúla

   Údaráis inniúla ó Bhallstáit an Aontais 

   Cuideachtaí agus comhlachais phobail áitiúla a bhfuil acu leis an bhforaoiseacht tráchtála

   Aon pháirtí leasmhara eile a mheasann an tIniúchóir Neamhspleách a bheith ábhartha.

7.    Na cáilíochtaí riachtanacha 

(a)    Ba cheart an méid seo a leanas a bheith ag an Iniúchóir Neamhspleách:

   an saineolas riachtanach, maille le hardchéim ollscoile, ar a laghad, san fhoraoiseacht, sa bhainistíocht foraoise, sa bheartas maidir le foraoisí, nó sa dlí um fhoraoisí, sa dlí comhshaoil, nó sa bhainistíocht acmhainní nádúrtha nó i réimse gaolmhar;

   taithí fhairsing maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh dlíthiúil;



   dea-theist chruthaithe maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar chórais bainistíochta foraoisí, próiseála adhmaid, inrianaitheachta adhmaid, custaim agus líne cúraim;

   eolas maith ar thrádáil réigiúnach agus idirnáisiúnta adhmaid agus táirgí adhmaid agus an earnáil foraoise tráchtála;

   sárscileanna cumarsáide labhartha agus scríofa i mBéarla;

   cumas léirithe maidir le hobair a dhéanamh le raon páirtithe leasmhara agus maidir le gníomhaireachtaí faireacháin a nascadh le hoiriúnacht chomhshaoil tíortha éagsúla.

Bheadh cur amach ar shaincheisteanna a bhaineann le foraoiseacht sa Ghuáin nó atá ábhartha dóibh nó cur amach ar CGDDA ina bhuntáiste.

(b)    Comhlíonfaidh an tIniúchóir Neamhspleách na ceanglais seo a leanas:

   gan coinbhleacht leasa a bheith aige a eascraíonn as aon chaidreamh eagraíochtúil nó tráchtála, mar a cheanglaítear le ISO 17021, ISO 17065, nó a choibhéis;

   gan baint a bheith aige go díreach le bainistíocht foraoisí, próiseáil adhmaid, trádáil adhmaid nó rialúchán in earnáil foraoiseachta na Guáine;

   córas rialaithe cáilíochta dá chuid féin a bheith aige, mar a cheanglaítear le ISO 17021, ISO 17065 nó a choibhéis.


(c)    Chomh maith leis sin, beidh an méid seo a leanas ag an Iniúchóir Neamhspleách:

   córas bainistíochta cáilíochta inmheánach atá doiciméadaithe;

   sásra a bheith aige chun gearáin nó casaoidí a láimhseáil ar bhealach trédhearcach.

8.    An próiseas roghnúcháin agus na socruithe institiúideacha

Tá an próiseas tairisceana oscailte do na hinstitiúidí uile a bhfuil na hacmhainneachtaí ábhartha acu, lena n‑áirítear institiúidí neamhbhrabúsacha, acadúla agus taighde.

Beidh an mheastóireacht ar na tairiscintí trédhearcach agus cuirfear na critéir ar fad atá le cur i bhfeidhm ar fáil go poiblí. Áireofar i bpróiseas roghnúcháin an Iniúchóra Neamhspleách dícheall cuí maidir leis na heintitis iomaíocha i gcomhréir leis na caighdeáin arna mbunú ag CFAA. Cuirfear an tuarascáil mheastóireachta tairisceana ar fáil don phobal.

Ceapfaidh an Ghuáin an tIniúchóir Neamhspleách ar neamhagóid ó CFAA.


9.    Ceanglais eile

Áirítear ar fhreagrachtaí breise an Iniúchóra Neamhspleách an méid seo a leanas:

   caidreamh a dhéanamh leis an tsochaí shibhialta, le páirtithe leasmhara sna pobail dhúchasacha, leis an earnáil phríobháideach agus le hAireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais ar bhealaí a chuireann ar chumas páirtithe leasmhara sa Ghuáin tuiscint mhaith a fháil ar obair an Iniúchóra Neamhspleách; agus

   duine a earcú, trí phróiseas trédhearcach, chun a bheith ina phointe teagmhála agus a bheadh lonnaithe sa Ghuáin.

________________



IARSCRÍBHINN VII

BEARTA TACAÍOCHTA AGUS SÁSRAÍ MAOINIÚCHÁIN

Cuireann earnáil na foraoiseachta sa Ghuáin go mór leis an ngeilleagar náisiúnta go fóill, cruthaíonn sé fostaíocht agus cuidíonn sé chun bochtaineacht a laghdú. Tá earnáil na foraoiseachta rí‑thábhachtach freisin d’idirghníomhaíochtaí i gClár Oibre na Guáine um Fhorbairt Ghlas trí acmhainní a mhealladh ón bpobal idirnáisiúnta chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe a hacmhainní foraoise a áirithiú. Trí acmhainní ón bpobal idirnáisiúnta a chomhlánú, geallann an Ghuáin cistiú ó leithdháiltí buiséadacha náisiúnta a chur san áireamh chun tacú le forbairt earnáil bhreisluacha an tionscail.

Glacfaidh an Ghuáin réimse de bhearta tacaíochta, mar a léirítear in Airteagal 15 den Chomhaontú seo, i gcomhar leis an Aontas agus lena Bhallstáit agus lena chomhpháirtithe forbraíochta chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme go héifeachtach. Áirítear leo sin bearta chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

1.    struchtúir cur chun feidhme a neartú chun comhordú éifeachtach a áirithiú;

2.    an creat rialála agus dlíthiúil a neartú;

3.    tacú le forbairt agus oibríochtú CGDDA;

4.    acmhainneacht a fhothú;


5.    cumarsáid a dhéanamh;

6.    faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe;

7.    faireachán a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe;

8.    spás ar leith a chruthú le haghaidh idirphlé maidir le tionacht talún, úsáid talún agus coinbhleachtaí;

9.    feabhsuithe a chur ar mhargadh an tsaothair agus ar fhorbairt tionscail; agus

10.    sásraí maoiniúcháin a bhunú dfhonn an Comhaontú a chur chun feidhme.

Leagtar amach thíos bearta tacaíochta féideartha. Déanfar iad sinn a fhorbairt a thuilleadh ina bpleananna gníomhaíochta mionsonraithe ag céim luath de chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

1.    Struchtúir cur chun feidhme a neartú chun comhordú éifeachtach a áirithiú

Déanfar struchtúir institiúideacha a neartú chun oibriú rianúil agus comhordú a áirithiú idir comhlachtaí Rialtais agus comhlachtaí neamh‑rialtais a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Chomhaontaithe, eadhon Rúnaíocht CCS FLEGT, an Comhlacht Comhordúcháin Rialtais agus an Mheitheal Náisiúnta Cur Chun Feidhme (NIWG). D’fhonn ullmhú a dhéanamh le haghaidh an chur chun feidhme, beidh sé mar thosaíocht tacaíocht a thabhairt chun acmhainneacht a fhothú laistigh de na struchtúir sin.


2.
   An creat rialála agus dlíthiúil a neartú

I gcomhthráth le cur chun feidhme CGDDA, déanfaidh an Ghuáin scrúdú ar an gcreat rialála agus dlíthiúil is infheidhme maidir le hearnáil na foraoiseachta agus é mar aidhm leis sin na beartais, dlíthe, rialacháin, reachtanna, straitéisí, treoirlínte, bearta deonacha agus cóid chleachtais agus iompair ábhartha uile a neartú agus a chur chun feidhme. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta tábhachtacha:

(a)    athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an chreata rialála agus feabhas a chur air;

(b)    athbhreithniú a dhéanamh ar chomhleanúnachas an chreata dhlíthiúil agus feabhas a chur air;

(c)    rialacháin a bhaineann leis an dícheall cuí a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(d)    rialacháin a bhaineann le CRA a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(e)    cóid chleachtais a bhaineann le hearnáil na foraoiseachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme; agus

(f)    cóid chleachtais a fhorbairt le haghaidh sráidbhailte Meir-Indiacha agus a gcur chun feidhme a spreagadh.


3.    Tacú le forbairt agus oibríochtú CGDDA

Cuirfidh CGDDA leis na córais atá ann cheana agus leis na struchtúir atá ag feidhmiú sa Ghuáin cheana féin. Tá gá le tacaíocht chun córais a uasghrádú d’fhonn comhlíonadh an tSainmhínithe Dlíthiúlachta in Iarscríbhinn II agus na rialuithe ar an slabhra soláthair agus nósanna imeachta a ndéantar cur síos orthu in Iarscríbhinn V a áirithiú. Díreoidh na bearta tacaíochta ar an ngníomhú is gá chun an acmhainneacht feidhmiúil a bhunú ar fud Aireachtaí agus/nó Gníomhaireachtaí Rialtais éagsúla agus ar an iniúchóireacht neamhspleách a thabhairt isteach. Déantar leathnú agus uasghrádú ar CRA mar chuid de na bearta tacaíochta, chomh maith le feidhm an tsainmhínithe ar dhlíthiúlacht, scéim ceadúnúcháin FLEGT, feidhm na hiniúchóireachta neamhspleáiche agus an sásra gearán a bhunú.

3.1.    Slabhra soláthair (CRA)

Déanfaidh an Ghuáin an córas inrianaitheachta agus fíorúcháin a leathnú agus a uasghrádú chun inrochtaineacht gar d’fhíor-am ar fhaisnéis a áirithiú ar fud an tslabhra soláthair chun comhlíonadh cheanglais CGDDA a áirithiú de réir mar atá leagtha síos in Iarscríbhinní II, IV agus V. Ar na feabhsuithe tábhachta ar an gcóras atá ann faoi láthair, áirítear na nithe seo a leanas:

(a)    bunachar sonraí inmheánach Choimisiún Foraoiseachta na Guáine a uasghrádú;

(b)    an Bunachar Faisnéise Lárnach (CID) a fhorbairt agus a chur in úsáid chun sonraí comhlíontachta agus faisnéis a bhaineann le gach OEF a chur i gcartlann go slán; 


(c)    feabhas a chur ar chórais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide le haghaidh traschur agus malartú sonraí iontaofa agus slán (go háirithe ó chúlchríocha) idir na hAireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais uile a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí fíorúcháin CGDDA, agus i measc na rannán agus na naonad éagsúla i gCoimisiún Foraoiseachta na Guáine a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Chomhaontaithe;

(d)    CRA a uasghrádú chun é a chur ar chumas OEFanna faisnéis a bhaineann leis an slabhra soláthair a chur isteach ar líne; agus

(e)    CRA a uasghrádú chun é a chur ar chumas Choimisiún Foraoiseachta na Guáine sonraí maidir leis an slabhra soláthair a fhíorú agus a réiteach.

3.2.    Rialú agus fíorú

Forbróidh an Ghuáin córais d’fhonn comhlíonadh na dtáscairí uile laistigh den Sainmhíniú Dlíthiúlachta a fhíorú agus córais le haghaidh na rialuithe ar an slabhra soláthair. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta tábhachtacha:

(a)    róil agus freagrachtaí Aonad Iniúchóireachta Inmheánaí reatha Choimisiún Foraoiseachta na Guáine a leathnú chun iniúchóireacht ar eilimintí CGDDA faoi Choimisiún Foraoiseachta na Guáine a chur san áireamh, lena náirítear trí nósanna imeachta mionsonraithe a fhorbairt;

(b)    tacú le faireachán gníomhach ar CGDDA trí iniúchtaí a dhéanann an tAonad Iniúchóireachta Inmheánaí; agus


(c)    nósanna imeachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme dfhonn rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh an tSainmhínithe Dlíthiúlachta agus ar na rialuithe ar an slabhra soláthair.

3.3.    Ceadúnú

Déanfaidh an Ghuáin aonad a fhorbairt agus nósanna imeachta mionsonraithe a chur chun feidhme chun ceadúnais FLEGT agus Deimhnithe Onnmhairiúcháin a eisiúint agus chun an comhordú idirghníomhaireachta a bhfuil gá leis a dhéanamh freisin. Áirítear na nithe seo a leanas ar na feabhsuithe tábhachta ar an gcóras atá ann faoi láthair:

(a)    an tAonad um Chórais Faisnéise Bainistíochta (ACFB) a chruthú agus a chur ar bun chun sonraí a ionchur, a fhíorú, a nuashonrú agus a stóráil maidir le comhlíontacht dlíthiúil na OEFanna le ceanglais CGDDA;

(b)    an tAonad um Dhlíthiúlacht agus Trádáil Adhmaid (ADTA), ar cúram dó eisiúint cheadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin, a chruthú agus a chur ar bun;

(c)    córas ceadúnúcháin FLEGT a fhorbairt; agus

(d)    nósanna imeachta a chruthú agus a fhorbairt le gníomhaireachtaí eile a bhfuil baint acu le CGDDA, go háirithe na húdaráis chustaim, chun dea-fheidhmiú agus éifeachtúlacht an phróisis ceadúnúcháin le haghaidh onnmhairithe a áirithiú.


3.4.    Iniúchóireacht neamhspleách

Ar sholáthar neamhagóide ón CFAA, déanfaidh an Ghuáin conradh le hIniúchóir Neamhspleách chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an chórais, bearnaí féideartha a aithint agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chinneadh d’fhonn feabhas a chur ar oibríocht, ar chreidiúnacht agus ar éifeachtúlacht CGDDA.

3.5.    Sásra gearán

Déanfaidh an sásra gearán cásanna neamhchomhlíonta ag OEFanna leis na ceanglais dhlíthiúla faoi CGDDA a aithint, a thaifeadadh agus a bhainistiú, go dtí go réiteofar iad. Is iad seo a leanas na bearta tacaíochta tábhachtacha a bhfuil gá leo chun an sásra gearán a chur chun feidhme:

(a)    nósanna imeachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun gearáin maidir leis na hAireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais uile a bhfuil baint acu le CGDDA a fháil, a láimhseáil agus a réiteach. Leis an sásra, ba cheart go mbeifear in ann gearáin ó OEFanna agus ón bpobal i gcoitinne a fháil, a láimhseáil agus a réiteach, le linn chéim cur chun feidhme CGDDA agus le linn chéim cheadúnúcháin CCS.

(b)    Sásra gearán éifeachtach le haghaidh páirtithe leasmhara a fhorbairt chun a áirithiú go léirítear agus go gcuirtear ábhair imní ó na pobail agus ó na OEFanna in iúl don chomhlacht ábhartha.


3.6.    Meastóireacht chomhpháirteach ar CGDDA

Rachaidh CGDDA faoi mheasúnú neamhspleách ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII chun cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann CGDDA a fheidhmeanna go hiomchuí agus dá bhrí sin cibé acu an féidir nó nach féidir leis an scéim ceadúnúcháin FLEGT tosú.

4.    Acmhainneacht a fhothú

Na páirtithe uile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo sa Ghuáin, beidh gá acu le fothú acmhainneachta éigin, lena n‑áirítear: oiliúint theicniúil le haghaidh Aireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais agus a bhfoireann, lena n‑áirítear an Lárionad Oiliúna Foraoiseachta Crp. (FTCI), Rúnaíocht CCS FLEGT, Coimisiún Foraoiseachta na Guáine, an tÚdarás Ioncaim agus an Aireacht Saothair; fothú acmhainneacht riaracháin na gcumann lománaíochta agus na sráidbhailte Meir-Indiacha a dhéanamh agus iad a chur faoi oiliúint; sochaí shibhialta a chur faoi oiliúint; OEFanna seachas cumainn lománaíochta agus sráidbhailte Meir-Indiacha a chur faoi oiliúint.


5.    Cumarsáid a dhéanamh

Tacaíonn cumarsáid le cur chun feidhme an Chomhaontaithe trí bhíthin rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara uile lena mbaineann a spreagadh, rochtain phoiblí ar fhaisnéis a áirithiú, íomhá earnáil adhmaid agus foraoiseachta na Guáine a chur chun cinn agus buntáistí an Chomhaontaithe seo a chur chun cinn i measc na bpáirtithe leasmhara agus an phobail i gcoitinne. Chuige sin, féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta tábhachtacha chun cumarsáid éifeachtach a áirithiú maidir le torthaí agus tionchar an Chomhaontaithe: straitéis chumarsáide a chur chun feidhme; seisiúin chomhairliúcháin/seisiúin ardaithe feasachta bhliantúla ar leibhéal náisiúnta a eagrú; nuashonraithe bliantúla a chur ar fáil maidir leis an dul chun cinn i dtaca le garspriocanna tábhachtacha maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe trí shuíomh Choimisiún Foraoiseachta na Guáine, na meáin shóisialta, an preas áitiúil agus seisiúin ar raidió áitiúil; taifead digiteach ar aiseolas na bpáirtithe leasmhara uile a choinneáil ar bun agus a nuashonrú go rialta; agus ardán malartaithe faisnéise a fhorbairt d’fhonn faisnéis a scaipeadh go comhsheasmhach.

6.    Faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe

Is ar an gComhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (CFAA) a bheidh an fhreagracht fhoriomlán maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe. Ina theannta sin, na páirtithe leasmhara eile, lena n‑áirítear iad sin ón earnáil phríobháideach, ón tsochaí shibhialta agus ó phobail dhúchasacha, déanfaidh siad faireachán ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe, agus trí sin a dhéanamh, cuirfidh siad le cur chun feidhme éifeachtach CGDDA. Chuige sin, féadfar tacaíocht don Mheitheal Náisiúnta Cur chun Feidhme (NIWG) agus do pháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear iad sin ón earnáil phríobháideach, ón tsochaí shibhialta agus ó phobail dhúchasacha, a áireamh ar na bearta tábhachtacha chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe agus CGDDA.


7.    Faireachán a dhéanamh ar thionchar an Chomhaontaithe

Is gá faireachán a dhéanamh ar thionchar sóisialta, comhshaoil, agus eacnamaíoch an Chomhaontaithe chun a áirithiú go mbainfidh sé amach a chuspóirí beartaithe. Chuige sin, féadfar na nithe seo a leanas ar na bearta tacaíochta tábhachtacha:

   córas faireacháin a bhunú nó feabhas a chur ar chórais atá ann cheana, i gcás inar gá, lena náirítear bunlínte agus táscairí aontaithe lena gcumhdaítear eilimintí amhail bainistíocht foraoisí agus dálaí foraoisí, slite beatha, rialachas, ioncam a ghiniúint agus forbairt eacnamaíoch, agus feidhmíocht an mhargaidh; agus

   sineirgí a bhunú agus a chur chun feidhme idir an Comhaontú agus sásra REDD+.

Déanfaidh CFAA faireachán éifeachtach a bhunú mar a léirítear in Iarscríbhinn X.


8.    Spás ar leith a chruthú le haghaidh idirphlé maidir le tionacht talún, úsáid talún agus coinbhleachtaí

D’ainneoin nach bhfuil sé de chuspóir ag an gComhaontú seo aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna talún, tá ról lárnach ag sásra comhordúcháin lena soláthraítear spás ar leith le haghaidh idirphlé maidir le tionacht talún, agus le coinbhleachtaí mar gheall ar úsáid talún i measc na bpáirtithe uile lena mbaineann, chun rialachas agus forfheidhmiú an dlí a neartú. Sa chomhthéacs sin, gearáin a bhaineann le saincheisteanna talún Meir-Indiacha a thugtar ar aird na nAireachtaí agus/nó na nGníomhaireachtaí Rialtais faoi chuimsiú chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, cuirfear iad chuig Sásra Casaoide agus Sásaimh an Tionscadail um Theidealú Talún Meir-Indiach agus an t‑eintiteas a thiocfaidh i gcomharbas air tar éis dheireadh an tionscadail sin. Chuige sin, cuirfear tacaíocht ar fáil don Sásra Casaoide agus Sásaimh agus don sásra a thiocfaidh i gcomharbas air.

9.    Feabhsuithe a chur ar mhargadh an tsaothair agus ar fhorbairt tionscail

9.1    An margadh idirnáisiúnta

Chun a áirithiú go leanfaidh earnáil na foraoiseachta de bheith ag cur go mór leis an ngeilleagar áitiúil, ag cruthú deiseanna fostaíochta i limistéir uirbeacha agus tuaithe agus ag cuidiú chun bochtaineacht a laghdú, forbróidh an Ghuáin straitéis mhargaíochta chun rochtain táirgí foraoise na Guáine ar mhargadh an Aontais a chur chun cinn le linn chéim forbartha agus cheadúnúcháin CGDDA.


9.2    An margadh intíre

Ní mór táirgí adhmaid dlíthiúla agus ar ardchaighdeán a sholáthar ar an margadh intíre chun cosaint a thabhairt in aghaidh aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chur chun feidhme an Chomhaontaithe. Chuige sin, féadfar na nithe seo a leanas ar na bearta tábhachtacha: measúnú a dhéanamh ar na bacainní ar chomhlíonadh dlíthiúlachta ar an margadh intíre; feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann leis an margadh intíre; beartais soláthair phoiblí a fhorbairt; agus an acmhainneacht agus na dreasachtaí maidir le comhlíontacht a neartú , go háirithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide.

10.    Sásraí maoiniúcháin a bhunú dfhonn an Comhaontú a chur chun feidhme.

Caithfear acmhainní airgeadais a shlógadh chun an Comhaontú a chur chun feidhme. Forbrófar bearta mionsonraithe agus buiséid le haghaidh na réimsí a ndéantar cur síos orthu san Iarscríbhinn seo. Le tacaíocht ón Aontas, oibreoidh an Ghuáin i gcomhpháirt le deontóirí eile agus in éineacht leo chun rochtain a fháil ar an gcistiú is gá. Féadfar na nithe seo a leanas a áireamh ar na bearta tábhachtacha: straitéis i ndáil le cistí a shlógadh a fhorbairt chun forbairt CGDDA a áirithiú; agus oibriú i gcomhar leis an Aireacht Airgeadais chun a áirithiú go gcuirfidh buiséad oibríochta bliantúil gach Aireachta agus Gníomhaireachta Rialtais a bhfuil baint acu le cur chun feidhme CGDDA ar chumas na nAireachtaí agus Gníomhaireachtaí a n‑oibleagáidí faoi CGDDA a chomhlíonadh nuair a bheidh sé oibríochtúil.

________________



IARSCRÍBHINN VIII

CRITÉIR MAIDIR LE MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR OIBRÍOCHTÚLACHT
CHÓRAS NA GUÁINE UM DHEARBHÚ DLÍTHIÚLACHTA ADHMAID (CGDDA)

CÚLRA

Déanfar meastóireacht theicniúil chomhpháirteach neamhspleách ar CGDDA sula gcuirfear tús le ceadúnú FLEGT ar onnmhairithe adhmaid chuig an Aontas. Leis an meastóireacht theicniúil chomhpháirteach, déanfar measúnú ar an gcóras iomlán chun a chinneadh an bhfuil sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh CGDDA agus go mbeidh an fheidhmíocht sa chleachtas de réir mar a bhí beartaithe. Leis an meastóireacht, déanfar athbhreithniú ar an gcur síos ar an gcóras agus díreofar go háirithe ar aon athbhreithnithe a rinneadh ar an gComhaontú tar éis a dhaingnithe. Déanfar téarmaí tagartha le haghaidh na meastóireachta teicniúla neamhspleáiche a chomhaontú go comhpháirteach idir na Páirtithe, laistigh den Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (CFAA).

Cumhdófar an méid seo a leanas sa mheastóireacht theicniúil:

   an Sainmhíniú Dlíthiúlachta, ina liostaítear dlíthe na Guáine nach mór a chomhlíonadh chun ceadúnas a eisiúint;

   an rialú ar an slabhra soláthair chun táirgí adhmaid a rianú ón bhforaois go dtí an pointe onnmhairiúcháin nó díolacháin intíre, agus ón bpointe allmhairiúcháin go dtí an pointe onnmhairiúcháin nó díolacháin intíre;



   na nósanna imeachta fíorúcháin chun comhlíonadh gach eiliminte den Sainmhíniú Dlíthiúlachta agus den rialú ar an slabhra soláthair a chinneadh;

   na nósanna imeachta maidir le deimhnithe onnmhairiúcháin a eisiúint agus maidir le ceadúnais FLEGT a eisiúint; agus

   an tiniúchadh neamhspleách chun a áirithiú go bhfuil an córas ag feidhmiú mar a bhí beartaithe.

Bunaithe ar an taithí a fuarthas le Comhaontuithe eile, féadfar an measúnú ar CGDDA a dhéanamh trí úsáid a bhaint as cur chuige céim ar chéim agus atriallach inar féidir aghaidh a thabhairt de réir a chéile ar aon laige agus cásanna de neamh‑chomhlíonadh CGDDA a sainaithníodh le linn an mheasúnaithe trí bhearta ceartaitheacha a chur chun feidhme mar a bheartaítear.

1.    SAINMHÍNIÚ DLÍTHIÚLACHTA

Déantar adhmad a tháirgtear go dleathach a shainiú ar bhonn an chreata dhlíthiúil is infheidhme sa Ghuáin lena gcumhdaítear:

   Cearta lománaíochta: lamháltais foraoise a leithdháileadh agus cearta dlíthiúla a dheonú chun adhmad a lománú laistigh de theorainneacha atá sainithe go dleathach.



   Oibríochtaí foraoise: comhlíonadh ceanglas dlíthiúil maidir le bainistíocht foraoisí agus oibríochtaí foraoise, lena náirítear an reachtaíocht chomhshaoil agus shóisialta ábhartha a chomhlíonadh.

   Táillí agus cánacha: comhlíonadh ceanglas dlíthiúil maidir le cánacha, ríchíosanna agus táillí (nó aon chóras ioncaim athbhreithnithe eile) a bhaineann go díreach le lománaíocht adhmaid agus cearta lománaíochta.

   Úsáideoirí eile: urraim do thionacht dhlíthiúil páirtithe eile nó do chearta úsáide talún agus acmhainní a bhféadfadh cearta lománaíochta adhmaid difear a dhéanamh dóibh, i gcás inarb ann do chearta eile den sórt sin.

   Trádáil agus custaim: comhlíonadh ceanglas dlíthiúil maidir le nósanna imeachta trádála agus custaim.

Ceisteanna tábhachtacha:

1.1.1:    An sainaithnítear na ceanglais dhlíthiúla go soiléir sa Sainmhíniú Dlíthiúlachta?

1.1.2:    An sonraítear prionsabail, critéir agus táscairí is féidir a úsáid chun comhlíonadh gach gné den Sainmhíniú Dlíthiúlachta a thástáil?


1.1.3:
   Na fíoraitheoirí a úsáidtear chun comhlíonadh gach prionsabail agus gach critéir den Sainmhíniú Dlíthiúlachta a fhíorú, an bhfuil siad bunaithe go sonrach ar thagairtí dlíthiúla doiciméadaithe, de chuid na hAireachta nó na Gníomhaireachta Rialtais sainoirdaithe, a dhéanann cur síos ar conas a áirithíonn an fíoraitheoir comhlíonadh an táscaire?

1.1.4    An bhfuil na fíoraitheoirí soiléir, oibiachtúil agus inoibrithe go hoibríochtúil? An bhfuil aon mhearbhall ann maidir le nádúr an fhíoraitheora? An gcumhdaítear gach atriall nó fíorchleachtas leis an bhfíoraitheoir, i dtéarmaí na neintiteas agus na ngníomhaíochtaí a bhfuil feidhm acu maidir leo? An bhfuil bunús dlí ag an bhfíoraitheoir? An bhfuil an fíoraitheoir oiriúnach agus leordhóthanach chun a dheimhniú go bhfuil an táscaire ag comhlíonadh a rúin? An bhfuil an fíoraitheoir in úsáid faoi láthair ag oibreoirí agus ag údaráis fhreagracha?

1.1.5:    An sainaithnítear róil agus freagrachtaí na bpáirtithe leasmhara agus na ngníomhaireachtaí rialála ábhartha go soiléir maidir le gach critéar agus táscaire?

1.1.6:    Leis an Sainmhíniú Dlíthiúlachta, an gcumhdaítear na hailt ábhartha den chreat dlíthiúil náisiúnta reatha lena mbaineann? Mura gcumhdaítear, cén fáth nach bhfuil cuid de na hailt ábhartha léirithe sa Sainmhíniú?


1.1.7:    An raibh na páirtithe leasmhara rannpháirteach i bhforbairt an tSainmhínithe Dlíthiúlachta?

1.1.8:    Na ceanglais dhlíthiúla a sainaithníodh le linn an phlé le páirtithe leasmhara, ar cuireadh iad san áireamh in CGDDA?

1.1.9:    An ndearnadh coigeartú ar an Sainmhíniú Dlíthiúlachta tar éis an Comhaontú a dhaingniú? Na fíoraitheoirí a úsáidtear chun comhlíonadh gach prionsabail agus gach critéir den Sainmhíniú Dlíthiúlachta a sheiceáil, an bhfuil siad bunaithe go sonrach ar thagairtí dlíthiúla doiciméadaithe. de chuid na hAireachta nó na Gníomhaireachta Rialtais sainordaithe, a dhéanann siad cur síos ar conas a áirithíonn an fíoraitheoir comhlíonadh an táscaire?

1.2.0:    Sa chás go ndéantar leasuithe ar an Sainmhíniú Dlíthiúlachta, áireofar na nithe seo a leanas ar na ceisteanna tábhachtacha:

(a)    an ndeachthas i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile maidir leis na leasuithe sin, agus an ndearnadh aon athrú ina dhiaidh sin ar an gcóras fíorúcháin maidir le dlíthiúlacht trí phróiseas inar cuireadh a ndearcadh san áireamh go leordhóthanach?

(b)    i gcás leasuithe ar an Sainmhíniú Dlíthiúlachta, an gcomhlíonann gach athbhreithniú na ceanglais dá dtagraítear i gceisteanna 1.1.1 go 1.2.0 (a)?


2.    AN SLABHRA SOLÁTHAIR A RIALÚ

Ní mór do na córais chun an slabhra soláthair a rialú dearbhú inchreidte a chur ar fáil gur féidir táirgí adhmaid a rianú feadh an tslabhra soláthair:

   ón bpointe lománaíochta san fhorais go dtí an pointe onnmhairiúcháin;

   ón bpointe lománaíochta san fhorais go dtí an pointe díola ar an margadh intíre;

   ón bpointe allmhairiúcháin go dtí an pointe díola ar an margadh intíre; agus

   ón bpointe allmhairiúcháin go dtí an pointe onnmhairiúcháin.

2.1.    Cearta úsáide

Tá dealú soiléir ann ar limistéir inar leithdháileadh cearta maidir le húsáid acmhainní foraoise agus inar sainaithníodh sealbhóirí na gceart sin.


Ceisteanna tábhachtacha:

2.1.1:    An bhfuil an córas rialaithe ar an slabhra soláthair láidir go leor chun éilliú a chosc ó ábhair nach náirithítear cearta úsáide bailí ina leith?

2.1.2:    Leis an gcóras rialaithe, an áirithítear go bhfuil na cearta úsáide iomchuí tugtha do na OEFanna atá i mbun oibríochtaí lománaíochta maidir leis na limistéir foraoise shonraithe?

2.1.3:    Na nósanna imeachta chun cearta lománaíochta a eisiúint agus an fhaisnéis maidir leis na cearta sin, lena náirítear a sealbhóirí, an bhfuil siad ar fáil go poiblí?

2.2.    Modhanna chun an slabhra soláthair a rialú

Tá sásraí éifeachtacha ann chun adhmad a rianú feadh an tslabhra soláthair, ón bpointe lománaíochta nó allmhairiúcháin go dtí an pointe díolacháin intíre nó onnmhairiúcháin, lena gcumhdaítear an méid seo a leanas:

   stádas dlíthiúil OEFanna;

   rochtain dhlíthiúil ar an bhforaois;



   cearta dlíthiúla ar lománaíocht a dhéanamh;

   bainistíocht foraoisí agus lománaíocht adhmaid (lena náirítear adhmad tarrtháilte);

   iarlománaíocht (clibeáil lomán agus doiciméadacht);

   táirgí adhmaid a iompar;

   táirgí adhmaid a phróiseáil;

   táirgí adhmaid a dhíol ar an margadh intíre;

   táirgí adhmaid urghafa, forghéillte, agus tréigthe;

   táirgí adhmaid a onnmhairiú;

   táirgí adhmaid a allmhairiú;

   táirgí adhmaid faoi bhealach le haghaidh onnmhairithe;



   gnéithe sóisialta, oibre agus fioscacha a bhaineann le hoibríochtaí OEFanna;

   bunú dlíthiúil agus comhlíontacht fhioscach an OEF; agus

   na gnéithe comhshaoil a bhaineann le hoibríochtaí OEFanna.

D’fhéadfadh éagsúlacht a bheith sa chur chuige maidir le hadhmad a shainaithint, ó lipéid a úsáid le haghaidh ítimí aonair go bheith ag brath ar dhoiciméadacht a ghabhann le hualach nó le baisce. Ba cheart cineál agus luach an adhmaid agus an riosca éillithe le hadhmad anaithnid nó neamhdhleathach a léiriú sa mhodh roghnaithe.

Ceisteanna tábhachtacha:

2.2.1:    An sainaithnítear gach cineál oibríochta sa slabhra soláthair agus gach foinse adhmaid sa chóras rialaithe agus an ndéantar cur síos orthu ann?

2.2.2:    An sainaithnítear gach céim den slabhra soláthair sa chóras rialaithe agus an ndéantar cur síos orthu ann?

2.2.3:    An gcuirtear cur chuige inchreidte rioscabhunaithe san áireamh sa mhodheolaíocht fíorúcháin chun a áirithiú go dtabharfar aird shonrach ar na codanna sin den slabhra soláthair is mó a mbaineann an riosca éillithe le hadhmad anaithnid nó neamhdhleathach leo? Na cineálacha cur chuige rioscabhunaithe atá san áireamh sna modheolaíochtaí fíorúcháin, an bhfuil siad curtha chun feidhme agus ag feidhmiú mar a beartaíodh, sa chleachtas?


2.2.4:    Ar sainmhíníodh agus ar doiciméadaíodh modhanna chun tionscnamh an táirge a shainaithint agus chun cosc a chur ar mheascadh le hadhmad ó fhoinsí anaithnide, ar cuireadh na modhanna sin chun feidhme, agus an bhfuil siad ag feidhmiú ar bhealach inchreidte, ar feadh na gcéimeanna seo a leanas den slabhra soláthair:

   adhmad coille (fardal le haghaidh lamháltais mhóra)?

   lomáin san fhoraois?

   iompar agus stóráil eatramhach (clóis/linnte lomán, clóis/linnte lomán eatramhacha)?

   teacht chuig an tsaoráid phróiseála agus stóráil na nábhar?

   dul isteach sa tsaoráid phróiseála agus imeacht aisti?

   táirgí próiseáilte a stóráil ag an tsaoráid phróiseála?

   imeacht ón tsaoráid phróiseála agus iompar?

   teacht chuig an bpointe onnmhairiúcháin?

2.2.5:    Cé na heagraíochtaí a bhfuil sé de chúram orthu na sreafaí adhmaid a rialú? An bhfuil acmhainní daonna agus acmhainní leordhóthanacha eile acu chun na gníomhaíochtaí rialaithe a dhéanamh?


2.2.6    An bhfuil na nósanna imeachta maidir le rialuithe ar an slabhra soláthair sainithe go soiléir agus curtha in iúl do na páirtithe leasmhara ábhartha? An bhfuil na nósanna imeachta maidir leis na rialuithe ar an slabhra soláthair churtha chun feidhme agus ag feidhmiú mar a beartaíodh, sa chleachtas?

2.3.    Bainistíocht sonraí cainníochtúil

Tá sásraí láidre agus éifeachtacha ann chun cainníochtaí na dtáirgí adhmaid a thomhas agus a thaifeadadh ag gach céim ar an slabhra soláthair, lena n‑áirítear meastacháin réamhlománaíochta iontaofa agus chruinne ar thoirt an adhmaid coille i ngach láthair lománaíochta.

Ceisteanna tábhachtacha:

2.3.1:    An soláthraíonn an córas rialaithe sonraí cainníochtúla maidir le hionchuir agus le haschuir, lena náirítear cóimheasa comhshó i gcás inarb infheidhme, ag na céimeanna seo a leanas ar an slabhra soláthair:

   adhmad coille (fardal le haghaidh lamháltais mhóra)?

   lomáin san fhoraois (ag tuirlingtí lomán)?



   adhmad iompartha agus stóráilte (clóis/linnte lomán, clóis/linnte adhmaid eatramhacha)?

   an teacht chuig an tsaoráid phróiseála agus stóráil na nábhar?

   an dul isteach sna línte táirgeachta agus an timeacht astu?

   stóráil na dtáirgí próiseáilte ag an tsaoráid phróiseála?

   an timeacht as an tsaoráid phróiseála agus an tiompar?

   an teacht chuig an bpointe onnmhairiúcháin?

2.3.2:    An bhfuil feidhmeanna na gcóras faisnéise chun an slabhra soláthair a fhíorú sainithe go soiléir?

2.3.3:    Má údaraítear adhmad urghafa nó forghéillte a dhul isteach ar ais sa slabhra soláthair, an ndéanann an córas é a bhainistiú chun a áirithiú gur leanadh na céimeanna riachtanacha uile maidir le tabhairt chun rialtachta roimh ré?

2.3.4:    An easpa fardail dadhmad coille roimh lománaíocht a dhéanamh ó lamháltais bheaga, ó fhoraoisí Stáit atá á nathrú, ó thalamh Meir-Indiach agus ó thailte príobháideacha, an ionann sin agus fíor-riosca, bunaithe ar an bhféidearthacht go bhféadfaidh adhmad neamhfhíoraithe dul isteach sa slabhra soláthair? Más ionann, cén chaoi a bhfuil aghaidh á tabhairt ar an riosca sin? An bhfuil aghaidh á tabhairt air go héifeachtach?


2.3.5:    Cé na heagraíochtaí atá freagrach as taifid a choinneáil ar na sonraí cainníochtúla? An bhfuil dóthain acmhainní acu i dtéarmaí pearsanra agus trealaimh? Na heagraíochtaí atá freagrach as taifid a choinneáil ar bun ar na sonraí cainníochtúla, an bhfuil a sainordú agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu?

2.3.6:    An ndéantar na sonraí cainníochtúla uile a thaifeadadh ar bhealach a fhágann gur féidir cainníochtaí a fhíorú go tráthúil leis na céimeanna ar an slabhra soláthair roimhe sin agus ina dhiaidh sin? An úsáidtear na sonraí taifeadta chun cainníochtaí a fhíorú i gcomparáid leis na céimeanna roimhe sin agus ina dhiaidh sin?

2.3.7:    Cén fhaisnéis maidir le rialú ar an slabhra soláthair a chuirtear ar fáil go poiblí? Cén chaoi ar féidir le páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin?

2.4.    Adhmad a fhíoraítear go dleathach a dheighilt ó adhmad ó fhoinsí anaithnide

Ceisteanna tábhachtacha:

2.4.1:    Cé na bearta rialaithe a chuirtear i bhfeidhm lena áirithiú go ndéantar ábhair fhíoraithe agus neamhfhíoraithe a dheighilt ó chéile feadh an tslabhra soláthair? An gcuirtear na bearta rialaithe i bhfeidhm go héifeachtach?


2.5.    Táirgí adhmaid allmhairithe

Tá rialuithe leordhóthanacha ann chun a áirithiú gur foinsíodh táirgí adhmaid allmhairithe go dleathach.

Ceisteanna tábhachtacha:

2.5.1:    Cén fhianaise atá riachtanach lena léiriú gur de thionscnamh crann arna lománú go dleathach sa tír thionscnaimh iad na táirgí adhmaid arna nallmhairiú? An gcuirtear an fhianaise sin ar fáil go comhsheasmhach agus mar is ceart?

2.5.2:    I gcás ina mbaintear úsáid as adhmad allmhairithe, an féidir tír na lománaíochta a shainaithint ar an gceadúnas FLEGT? An bhfuil faisnéis maidir le tír na lománaíochta á cur san áireamh sa cheadúnas FLEGT go córasach?

2.6.    Adhmad faoi bhealach

Tá rialuithe agus nósanna imeachta leordhóthanacha i bhfeidhm chun táirgí adhmaid faoi bhealach a bhainistiú. Leis an gcóras atá i bhfeidhm, cuirtear cosc ar adhmad faoi bhealach a mheascadh le foinsí adhmaid eile chun táirgí próiseáilte a mhonarú nó a dhíol.


Ceisteanna tábhachtacha:

2.6.1:    Na nósanna imeachta agus na rialuithe atá i bhfeidhm chun táirgí adhmaid faoi bhealach a bhainistiú, an bhfuil siad soiléir agus leordhóthanach?

2.6.2:    An ann do nósanna imeachta atá bunaithe cheana chun a áirithiú nach measctar adhmad faoi bhealach le foinsí adhmaid eile chun táirgí próiseáilte a mhonarú nó a dhíol sa Ghuáin?

2.6.3:    Na nósanna imeachta agus na rialuithe, an bhfuil siad curtha chun feidhme agus ag feidhmiú go héifeachtach mar a beartaíodh? An bhfuil na nósanna imeachta agus na rialuithe éifeachtach chun a áirithiú nach measctar adhmad faoi bhealach le foinsí adhmaid eile chun táirgí próiseáilte a mhonarú nó a dhíol sa Ghuáin?

2.6.4:    Cé na taifid a choimeádtar chun gur féidir fíorú a dhéanamh ina dhiaidh sin?

2.6.5:    Cén fhaisnéis maidir le táirgí adhmaid faoi bhealach a chuirtear ar fáil go poiblí? Cén chaoi ar féidir le páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin?


2.7.    Táirgí adhmaid urghafa agus forghéillte

Tá nósanna imeachta agus rialuithe leordhóthanacha i bhfeidhm, i dtaca le táirgí adhmaid urghafa a bhfuil amhras ann go bhfuil siad ag sárú rialacháin na Guáine maidir le reachtaíocht foraoise, chun a áirithiú go ndéileáiltear leis na táirgí sin ar bhealach iomchuí sula dtéann siad isteach sa slabhra soláthair tar éis a dtabhartha ar ais, a bhforghéillte, agus/nó a ndíolta.

Ceisteanna tábhachtacha:

2.7.1:    An ann do shainmhíniú soiléir maidir le cad is adhmad urghafa agus adhmad coigistithe ann?

2.7.2:    An nósanna imeachta agus seiceálacha éifeachtacha iad na nósanna imeachta agus na seiceálacha lena nimréitítear adhmad urghafa agus/nó forghéillte le haghaidh a athiontrála sa slabhra soláthair agus lena neisiatar ceadúnú FLEGT?

3.    NÓSANNA IMEACHTA FÍORÚCHÁIN

Leis an bhfíorú, cuirtear seiceálacha leordhóthanacha ar fáil chun dlíthiúlacht an adhmaid a áirithiú. Ní mór don fhíorú a bheith láidir agus éifeachtach go leor chun a áirithiú go ndéanfar aon neamhchomhlíonadh ceanglas, san fhoraois nó laistigh den slabhra soláthair, a shainaithint agus go nglacfar beart pras ansin.


3.1.    Eagraíocht

Eagraíocht rialtais nó eagraíocht tríú páirtí a bhfuil acmhainní, córais bhainistíochta, agus pearsanra oilte leordhóthanacha aige, chomh maith le sásraí láidre agus éifeachtacha chun coinbhleachtaí leasa a rialú, is ea an eagraíocht a dhéanfaidh an fíorú.

Ceisteanna tábhachtacha:

3.1.1:    An bhfuil comhlacht nó comhlachtaí fíoraithe ceaptha ag an rialtas chun na cúraimí fíorúcháin a dhéanamh? An bhfuil an sainordú (agus na freagrachtaí a ghabhann leis) soiléir agus san fhearann poiblí?

3.1.2:    An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an gcomhlacht fíorúcháin chun fíorú a dhéanamh ar an dlíthiúlacht? Áirítear ar na hacmhainní sin acmhainní daonna, airgeadais, lóistíochta, teicneolaíochta faisnéise, soláthair fuinnimh agus nascachta.

3.1.3:    An bhfuil an comhlacht fíoraithe ag oibriú agus an bhfuil sé in ann na cúraimí fíorúcháin riachtanacha a dhéanamh?

3.1.4:    An bhfuil róil agus freagrachtaí institiúideacha sainithe agus feidhmiúil?


3.1.5:    An bhfuil córas bainistíochta atá doiciméadaithe go hiomlán ag an gcomhlacht fíorúcháin:

   a áirithíonn go bhfuil an inniúlacht agus an taithí is gá ag a phearsanra chun fíorú éifeachtach a dhéanamh?

   a chuireann rialú/maoirseacht inmheánach i bhfeidhm?

   a chuimsíonn sásraí chun coinbhleachtaí leasa a rialú?

   a áirithíonn trédhearcacht an chórais?

   a dhéanann modheolaíocht fíorúcháin a shainiú agus a chur i bhfeidhm?

3.2.    Fíorú i ndáil leis an Sainmhíniú Dlíthiúlachta

Tá sainmhíniú soiléir ann ina leagtar amach an méid nach mór a fhíorú. Tá an mhodheolaíocht fíorúcháin doiciméadaithe agus áirithítear leis go bhfuil an próiseas córasach, trédhearcach agus fianaise-bhunaithe, agus go ndéantar é ag minicíocht shainithe agus go gcumhdaítear gach rud atá laistigh den sainmhíniú leis.


Ceisteanna tábhachtacha:

3.2.1:    Leis an modheolaíocht fíorúcháin, an gcumhdaítear na heilimintí uile a bhaineann leis an Sainmhíniú Dlíthiúlachta agus an ndéantar cur síos soiléir ar conas a chomhlíontar na táscairí?

3.2.2:    An ndéantar an cur chuige rioscabhunaithe a dhoiciméadú trí nósanna imeachta cuimsitheacha agus praiticiúla?

3.2.3:    An gcuireann an cur chuige rioscabhunaithe go héifeachtach leis an bhfíorú ar an Sainmhíniú Dlíthiúlachta?

3.2.4:    An ndéanann an comhlacht fíorúcháin na nithe seo a leanas?

   doiciméadacht, taifid oibriúcháin agus oibríochtaí ar an láthair (lena náirítear trí spotseiceálacha) a sheiceáil?

   faisnéis a bhailiú ó pháirtithe leasmhara seachtracha?

   a ngníomhaíochtaí fíorúcháin a thaifeadadh?

3.2.5:    An gcuirtear torthaí an fhíoraithe ar fáil go poiblí? Cén chaoi ar féidir le páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin?


3.2.6:    An gcuirtear leibhéal comhlíontachta an táscaire in iúl go soiléir agus gan athbhrí le torthaí fíorúcháin (Cuirtear/Ní chuirtear)?

3.3.    Fíorú a dhéanamh ar na córais chun sláine an tslabhra soláthair a rialú

Tá raon feidhme soiléir ann maidir leis na critéir agus na táscairí atá le fíorú lena gcumhdaítear an slabhra soláthair ina iomláine. Déantar an mhodheolaíocht fíorúcháin a dhoiciméadú, áirithítear leis go bhfuil an próiseas córasach, trédhearcach agus fianaise-bhunaithe, go ndéantar é go tráthrialta, go gcumhdaítear na critéir agus na táscairí uile laistigh den raon feidhme, agus go gcuimsítear réiteach sonraí rialta agus tráthúil ann idir gach céim ar an slabhra.

Ceisteanna tábhachtacha:

3.3.1:    An gcumhdaítear gach céim de na rialuithe ar an slabhra soláthair go hiomlán leis an modheolaíocht fíorúcháin? An bhfuil sé sin mionsonraithe go soiléir sa mhodheolaíocht fíorúcháin?

3.3.2:    Cén fhianaise atá ann lena léiriú go bhfuil fíorú na rialuithe ar an slabhra soláthair á chur i bhfeidhm?

3.3.3:    Cén eagraíocht atá freagrach as réiteach agus fíorú sonraí? An bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu chun na gníomhaíochtaí bainistíochta sonraí a dhéanamh? Áirítear ar na hacmhainní sin acmhainní daonna, airgeadais, lóistíochta, teicneolaíochta faisnéise, soláthair fuinnimh agus nascachta.


3.3.4:    An ann do mhodhanna chun réiteach a mheas idir adhmad coille, lomáin lománaithe agus adhmad atá ag dul isteach sa tsaoráid phróiseála nó sa phointe onnmhairiúcháin? Más ann dóibh, an bhfuil na modhanna éifeachtach chun na háiteanna nach bhfuil na sonraí ag teacht lena chéile a aithint agus chun obair leantach agus/nó imscrúdú breise a cheadú?

3.3.5:    An ann do mhodhanna chun measúnú a dhéanamh ar chomhleanúnachas idir ionchuir amhábhar agus aschuir táirgí próiseáilte ag muilte sábhadóireachta agus monarchana eile? An bhfuil sonrú agus nuashonrú tréimhsiúil ar na cóimheasa comhshó san áireamh leis na modhanna sin? Má tá, an bhfuil na modhanna éifeachtach chun neamhleanúnachas idir sreafaí sonraí a aithint, rud a fhágann gur féidir obair leantach agus/nó imscrúdú breise a dhéanamh?

3.3.6:    Na córais faisnéise agus na teicneolaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm chun sonraí a stóráil, a fhíorú agus a thaifeadadh, an bhfuil siad leordhóthanach chun fíorú leormhaith a áirithiú?

3.3.7:    An ann do chórais chúltaca éifeachtacha chun aisghabháil sonraí thapa agus éifeachtach a áirithiú i gcás mórtheagmhas turraingeach amhail dóiteán foraoise nó mífheidhmiú córais?

3.4    Sásraí chun gearáin a láimhseáil

Tá sásraí leordhóthanacha ann chun déileáil le gearáin agus díospóidí a eascraíonn as an bpróiseas fíorúcháin.


Ceisteanna tábhachtacha:

3.4.1:    An bhfuil sásra gearán atá ar fáil do na páirtithe leasmhara uile ag na comhlachtaí fíorúcháin?

3.4.2:    An bhfuil sásraí i bhfeidhm ag na comhlachtaí fíorúcháin chun agóidí a fháil ó pháirtithe leasmhara agus chun freagairt a thabhairt orthu?

3.4.3:    An bhfuil sásraí i bhfeidhm ag na comhlachtaí fíorúcháin chun sáruithe arna mbrath ag oifigigh Rialtais a fháil agus chun freagairt a thabhairt orthu?

3.4.4:    An bhfuil an chaoi a ndéantar gearáin a fháil, a dhoiciméadú agus a ghéarú (i gcás inar gá) agus an chaoi a dtugtar freagairt orthu soiléir?

3.5.    Sásraí chun déileáil le neamhchomhlíonadh

Tá sásraí leordhóthanacha ann chun déileáil le cásanna neamhchomhlíonta arna sainaithint le linn an phróisis fíorúcháin nó arna gcur i láthair trí ghearáin agus trí fhaireachán neamhspleách.


Ceisteanna tábhachtacha:

3.5.1:    Leis an gcóras fíorúcháin, an sainítear sásraí chun déileáil le cásanna neamhchomhlíonta arna sainaithint le linn an phróisis fíorúcháin nó arna gcur i láthair trí ghearáin agus trí fhaireachán neamhspleách? An sásraí éifeachtacha iad sin?

3.5.2:    An bhfuil taifid leordhóthanacha ar fáil maidir le cásanna neamhchomhlíonta agus le ceartú ar thorthaí an fhíoraithe, nó maidir le gníomhaíochtaí eile a rinneadh? An ndéantar meastóireacht ar éifeachtacht na ngníomhaíochtaí sin freisin?

3.5.3:    Ar forbraíodh sásraí chun cásanna neamhchomhlíonta agus a niarmhairtí ar cheadúnú FLEGT agus ar eisiúint deimhnithe onnmhairiúcháin a láimhseáil? An bhfuil siad sin á gcur i bhfeidhm sa chleachtas?

3.5.4:    Cén cineál faisnéise maidir le cásanna neamhchomhlíonta a théann isteach san fhearann poiblí?


4.    ONNMHAIRITHE A CHEADÚNÚ AGUS DÍOL AR AN MARGADH INTÍRE

Tá údarás ceadúnúcháin ainmnithe le haghaidh na freagrachta foriomláine as ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin a eisiúint. Eisítear ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin le haghaidh lastais aonair atá ceaptha dul chuig an Aontas. Ní eisítear deimhnithe onnmhairiúcháin ach le haghaidh onnmhairithe chuig margaí nach margaí de chuid an Aontais Eorpaigh iad, agus tá córais i bhfeidhm chun dlíthiúlacht táirgí adhmaid a chuirtear ar an margadh intíre a fhíorú.

4.1.    Leagan amach eagraíochtúil

Ceisteanna tábhachtacha:

4.1.1:    Cén comhlacht a bhfuil an fhreagracht air as ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin a eisiúint?

4.1.2:    An bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun a áirithiú nach dtagann ach adhmad dleathach isteach sa mhargadh intíre?

4.1.3:    An bhfuil rialuithe i bhfeidhm chun leordhóthanacht agus éifeachtacht na nósanna imeachta sin a áirithiú?


4.1.4:    Róil an údaráis ceadúnúcháin agus a phearsanra maidir le ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin a eisiúint, an bhfuil siad sainithe go soiléir agus ar fáil go poiblí?

4.1.5:    An bhfuil na ceanglais inniúlachta sainithe agus an bhfuil na rialuithe inmheánacha bunaithe do phearsanra an údaráis ceadúnúcháin?

4.1.6:    An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an údarás ceadúnúcháin chun a chúram a chur i gcrích? Áirítear ar na hacmhainní sin acmhainní daonna, airgeadais, lóistíochta, teicneolaíochta faisnéise, soláthair fuinnimh agus nascachta.

4.2.    Ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin a eisiúint

Rinneadh socruithe leordhóthanacha chun ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin a eisiúint.

Ceisteanna tábhachtacha:

4.2.1:    An gcomhlíonann na ceadúnais FLEGT na sonraíochtaí teicniúla atá in Iarscríbhinn IV?

4.2.2:    Róil agus freagrachtaí phearsanra an údaráis ceadúnúcháin, an bhfuil siad sainithe go soiléir agus ar fáil go poiblí?


4.2.3:    An bhfuil nósanna imeachta an údaráis ceadúnúcháin á gcur i bhfeidhm go héifeachtach sa chleachtas? Cén fhianaise a thacaíonn leis an gconclúid sin?

4.2.4:    An ann do thaifid leordhóthanacha maidir le ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin atá eisithe? An ann do thaifid leordhóthanacha i gcásanna nár eisíodh ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin de dheasca neamhchomhlíonta? An léirítear go soiléir sna taifid an fhianaise ar a mbunaítear eisiúint cheadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin?

4.2.5:    An bhfuil córas i bhfeidhm chun doiciméid dlí ghóchumtha a bhrath agus a aithint?

4.2.6:    An bhfuil an córas leordhóthanach chun doiciméid dlí ghóchumtha a bhrath?

4.2.7:    An bhfuil nósanna imeachta leordhóthanacha ag an údarás ceadúnúcháin chun a áirithiú go gcomhlíonann gach lastas adhmaid na ceanglais maidir leis an Sainmhíniú Dlíthiúlachta agus leis na rialuithe ar an slabhra soláthair, bunaithe ar fhaisnéis ó na hAireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais ábhartha uile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme CGDDA?

4.2.8:    Ar sainmhíníodh go soiléir na ceanglais chun ceadúnais a eisiúint agus ar cuireadh in iúl iad donnmhaireoirí agus do pháirtithe eile lena mbaineann?


4.2.9:    Cén cineál faisnéise maidir le ceadúnais a eisíodh a théann isteach san fhearann poiblí? Cén chaoi ar féidir le páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin?

4.2.10:    Ar fhorbair an Ghuáin córas uimhrithe do cheadúnais FLEGT lena gcumasaítear idirdhealú a dhéanamh idir ceadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin? Ar chloígh an túdarás ceadúnúcháin leis an gcóras uimhrithe sin?

4.2.11:    Leis an gcóras ceadúnúcháin, an gceadaítear ceadúnas FLEGT a athsholáthar má chailltear an doiciméad?

4.2.12:    Leis an gcóras ceadúnúcháin, an gceadaítear modhnú a dhéanamh ar an gceadúnas FLEGT i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

   go dtagann athrú ar cheann scríbe nó ar choinsíní an lastais; nó

   go dtéann an neamhréireacht idir toirt/cainníocht iarbhír na dtáirgí adhmaid atá le honnmhairiú thar 10 %?


4.3.    Ceisteanna maidir le ceadúnais FLEGT atá eisithe

Tá sásra leordhóthanach i bhfeidhm chun ceisteanna ó údaráis inniúla san Aontas maidir le ceadúnais FLEGT a láimhseáil, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Ceisteanna tábhachtacha:

4.3.1:    Ar sannadh agus ar bunaíodh feidhm faisnéise maidir le ceadúnais san údarás ceadúnúcháin, inter alia, chun fiosruithe a fháil ó na húdaráis inniúla san Aontas agus ó pháirtithe eile agus chun freagairt a thabhairt orthu?

4.3.2:    Ar bunaíodh nósanna imeachta cumarsáide soiléire idir an túdarás ceadúnúcháin agus na húdaráis inniúla san Aontas?

4.3.3:    An ann do bhealaí cumarsáide do pháirtithe leasmhara idirnáisiúnta nó Guánacha chun fiosrú a dhéanamh faoi cheadúnais FLEGT atá eisithe?


4.4.    Sásra chun gearáin agus díospóidí ábhartha a láimhseáil

Tá sásra leordhóthanach ann chun gearáin agus díospóidí ábhartha a eascraíonn as an gceadúnú a láimhseáil. Fágann an sásra sin gur féidir déileáil le haon ghearán maidir le hoibriú na scéime ceadúnúcháin.

Ceisteanna tábhachtacha:

4.4.1:    An ann do shásra agus do nósanna imeachta doiciméadaithe chun gearáin ábhartha atá ar fáil do na páirtithe leasmhara uile a láimhseáil agus an sásraí agus nósanna imeachta éifeachtacha iad?

4.4.2:    An bhfuil an chaoi a ndéantar gearáin a fháil, a dhoiciméadú agus a ghéarú (i gcás inar gá) agus an chaoi a dtugtar freagairt orthu soiléir?

5.    FREAGRACHTAÍ EAGRAÍOCHTAÍ RIALTAIS EILE

Is é Coimisiún Foraoiseachta na Guáine, a bhfuil an sainordú oifigiúil aige acmhainní foraoise náisiúnta na Guáine a bhainistiú, an ghníomhaireacht chomhordúcháin chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme. Déanann sé sin i gcomhar le hAireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais a bhfuil baint acu le cur chun feidhme CGDDA agus a mbíonn tionchar ag a sainorduithe reachtúla ar bhainistiú inbhuanaithe acmhainní foraoise na tíre.


Ceisteanna tábhachtacha:

5.1.1:    An bhfuil sásra i bhfeidhm, meabhrán tuisceana mar shampla, nó sásraí eile, lena rialaítear róil agus freagrachtaí na nAireachtaí agus na nGníomhaireachtaí Rialtais eile i ndáil le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo?

5.1.2:    An gcuirtear na hAireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile sin ar an eolas maidir lena bhfreagrachtaí reachtúla agus an dtuigeann siad iad?

5.1.3:    An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag Aireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais chun na cúraimí a leagtar orthu sa Chomhaontú seo a dhéanamh? Áirítear ar na hacmhainní sin acmhainní daonna, airgeadais, lóistíochta, teicneolaíochta faisnéise, soláthair fuinnimh agus nascachta.

5.1.4:    An bhfuil córas fíorúcháin i bhfeidhm chun a fhíorú go bhfuil na hAireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile sin ag tabhairt faoina bhfreagrachtaí faoin gComhaontú seo go leordhóthanach agus go héifeachtach?

5.1.5:    An bhfuil sé soiléir cé chomh minic a dhéantar na fíoruithe sin? An ngintear tuarascálacha ó na fíoruithe sin agus an bhfuil siad ar fáil go poiblí?

5.1.6:    An bhfuil córas i bhfeidhm chun torthaí na bhfíoruithe sin a úsáid chun CGDDA a fheabhsú go leanúnach? An bhfuil an córas atá i bhfeidhm ag obair go héifeachtach?


6.    NA CÓRAIS FAISNÉISE A THACAÍONN LE CUR CHUN FEIDHME CGDDA

I gcomhthéacs chur chun feidhme CGDDA, déanfaidh an Ghuáin, i gcomhpháirtíocht leis an Aontas, nuashonrú cuimsitheach ar na córais Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) a thacaíonn le CGDDA roimh cheadúnais FLEGT agus deimhnithe onnmhairiúcháin a eisiúint.

Go háirithe, forbrófar córais TFC agus cuirfear chun feidhme iad ionas go mbeifear in ann sonraí agus faisnéis na OEFanna a tharchur agus a roinnt gar d’fhíor-am idir Coimisiún Foraoiseachta na Guáine agus Aireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo.

Ceisteanna tábhachtacha:

6.1.1:    Leis an gcóras TFC, an bhfuil nascacht (le cumas éifeachtach criptiúcháin) ann a fhágann gur féidir faisnéis a tharchur idir rannáin agus aonaid Choimisiún Foraoiseachta na Guáine, lena náirítear idir Ceanncheathrú Choimisiún Foraoiseachta na Guáine agus stáisiúin allamuigh, agus i measc na stáisiún allamuigh freisin?

6.1.2:    Leis an gcóras TFC a thacaíonn le cur chun feidhme CGDDA, an féidir rochtain ar shonraí agus ar fhaisnéis a fháil agus malartú na sonraí agus na faisnéise sin a dhéanamh gar dfhíor-am idir Coimisiún Foraoiseachta na Guáine agus na hAireachtaí agus na Gníomhaireachtaí Rialtais a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo?


6.1.3:    An bhfuil sé dacmhainn ag na hAireachtaí agus ag na Gníomhaireachtaí Rialtais, trí oiliúint foirne agus trealamh a uasghrádú, chun saorshreabhadh cumarsáide a éascú (lena náirítear malartú sonraí agus faisnéise) le Coimisiún Foraoiseachta na Guáine?

7.    INIÚCHÓIR NEAMHSPLEÁCH

Bunófar an iniúchóireacht neamhspleách roimh oibríochtú scéim ceadúnúcháin FLEGT. Is é an cuspóir a bheidh aige aon laigí i gcóras CGDDA a aithint, moltaí a dhéanamh maidir lena fheabhsú ar bhonn leanúnach, agus ar an gcaoi sin cuidiú le hoibriú, inchreidteacht agus éifeachtúlacht CGDDA agus an Chomhaontaithe seo i gcoitinne.

Ceisteanna tábhachtacha:

7.1.1:    An bhfuil cur chun feidhme na hiniúchóireachta neamhspleáiche i gcomhréir leis na téarmaí tagartha in Iarscríbhinn VI?

7.1.2:    An bhfuil treoirlínte forbartha ag an Rialtas maidir leis an iniúchadh neamhspleách, an bhfuil na treoirlínte sin ag teacht leis na téarmaí tagartha in Iarscríbhinn VI, agus ar chuir an Rialtas na treoirlínte sin ar fáil go poiblí?


7.1.3:    An soláthraíonn na treoirlínte ceanglais shoiléire maidir le hincháilitheacht (féach Iarscríbhinn VI) eagraíochtaí feidhmeanna iniúchóireachta neamhspleácha a dhéanamh chun neamhchlaontacht a áirithiú agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint?

7.1.4:    An soláthraíonn na treoirlínte nósanna imeachta chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis?

7.1.5:    An féidir le páirtithe leasmhara rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá in Iarscríbhinn IX, sa chleachtas?

7.1.6:    An soláthraíonn na treoirlínte nósanna imeachta chun gearáin a chur isteach mar a bhaineann sé le CGDDA agus le heilimintí eile den Chomhaontú agus chun iad sin a chur ar fáil go poiblí?

7.1.7:    Ar soiléiríodh agus ar bunaíodh forálacha tuairiscithe agus forálacha maidir le nochtadh poiblí a bhfuil feidhm acu maidir le hiniúchóireacht neamhspleách?

7.1.8:    An bhfuil an mhodheolaíocht iniúchóireachta neamhspleáiche i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr i gcomhréir le ISO 19011, ISO 17021 nó a chomhionann?


7.1.9:    Ar sholáthar neamhagóide don CFAA, ar fhostaigh an Ghuáin iniúchóir neamhspleách chun seirbhísí a chur ar fáil? Ar chuir CFAA neamhagóid ar fáil maidir le roghnú an iniúchóra neamhspleách, agus an ndearna an Ghuáin conradh leis an iniúchóir neamhspleách chun na cúraimí fíorúcháin a dhéanamh? An bhfuil an sainordú (agus na freagrachtaí a ghabhann leis) soiléir agus san fhearann poiblí?

7.1.10:    An sainítear róil agus freagrachtaí institiúideacha na nAireachtaí agus na nGníomhaireachtaí Rialtais mar a aithnítear iad i CGDDA agus an gcuirtear i bhfeidhm go soiléir iad?

7.1.11:    An bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an Iniúchóir Neamhspleách chun fíorú a chur i comparáid leis an Sainmhíniú Dlíthiúlachta agus in éadan na gcóras chun slabhra soláthair an adhmaid a rialú?

7.1.12:    An bhfuil córas bainistíochta atá doiciméadaithe go hiomlán ag an Iniúchóir Neamhspleách:

   a áirithíonn go bhfuil an inniúlacht agus an taithí is gá ag a phearsanra chun fíorú éifeachtach a dhéanamh?

   a chuireann rialú/maoirseacht inmheánach i bhfeidhm?

   a chuimsíonn sásraí chun coinbhleachtaí leasa a rialú?

   a áirithíonn trédhearcacht an chórais?

   a dhéanann modheolaíocht fíorúcháin a shainiú agus a chur i bhfeidhm?

________________



IARSCRÍBHINN IX

ROCHTAIN PHOIBLÍ AR FHAISNÉIS FAOI SCÉIM CEADÚNÚCHÁIN FLEGT

1.    RÉAMHRÁ

I gcomhréir le beartais na Guáine agus an Aontais chun acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach trédhearcach agus cuntasach, aontaíonn na Páirtithe go bhfuil inrochtaineacht faisnéise fíor-riachtanach chun an Comhaontú seo a chur chun feidhme go rathúil. Dá bhrí sin, geallann na Páirtithe a áirithiú go mbeidh rochtain leanúnach ar fhaisnéis chun cur chun feidhme an Chomhaontaithe a éascú agus chun faireachán a dhéanamh air. Geallann na Páirtithe freisin go ndéanfar an fhaisnéis a fuarthas faoi Chóras na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA) arna bhunú faoin gComhaontú a chur ar fáil don phobal.

2.    FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ AG AN gCOMHCHOISTE FAIREACHÁIN AGUS ATHBHREITHNITHE

2.1    Struchtúr agus nósanna imeachta lena dtreoraítear feidhmiú an Chomhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (CFAA)


2.2    Miontuairiscí chruinnithe CFAA agus achoimrí ar chinntí

2.3    Faisnéis maidir leis an iniúchóireacht neamhspleách

(a)    Téarmaí tagartha an Iniúchóra Neamhspleách

(b)    Lámhleabhar nósanna imeachta le haghaidh na hiniúchóireachta neamhspleáiche

(c)    Critéir roghnúcháin an Iniúchóra Neamhspleách

(d)    Tuarascálacha achoimre an Iniúchóra Neamhspleách

2.4    Tuarascálacha bliantúla arna ndéanamh ag CFAA, go háirithe faisnéis a bhaineann le:

(a)    dul chun cinn atá déanta ag an nGuáin maidir le cur chun feidhme gach ceann deilimintí CGDDA agus na nábhar uile eile a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe;


(b)    dul chun cinn atá déanta maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe a bhaint amach, agus beartais atá le déanamh laistigh de spriocdháta a shonraítear sa Chomhaontú agus na beartais tacaíochta chomhlántacha sula mbeidh scéim ceadúnúcháin FLEGT oibríochtúil;

(c)    líon na gceadúnas FLEGT arna neisiúint ag an nGuáin;

(d)    beart, más ann do bheart, chun cosc a chur ar onnmhairiú táirgí adhmaid de thionscnamh neamhdhleathach chuig margaí nach margaí de chuid an Aontais iad nó ar iad a chur ar an margadh náisiúnta;

(e)    cainníochtaí táirgí adhmaid arna nallmhairiú isteach sa Ghuáin nó a bhfuil idirthuras nó trasloingsiú tríd an nGuáin déanta orthu;

(f)    na bearta, más ann dóibh, a rinneadh chun cosc a chur ar allmhairiú táirgí adhmaid de thionscnamh neamhdhleathach chun sláine scéim ceadúnúcháin FLEGT a chothabháil;

(g)    cásanna de neamhchomhlíonadh CGDDA sa Ghuáin agus gníomhaíocht a dhéantar i gcásanna den sórt sin;


(h)    cainníochtaí táirgí adhmaid a allmhairítear isteach san Aontas faoi scéim ceadúnúcháin FLEGT, de réir cheannteideal na gcód CC ábhartha agus de réir Bhallstát an Aontais an ndearnadh an tallmhairiú isteach ann (le soláthar ag an Aontas);

(i)    cainníochtaí na dtáirgí adhmaid a onnmhairítear chuig an Aontas faoi scéim ceadúnúcháin FLEGT de réir cheannteideal na gcód CC ábhartha agus de réir Bhallstát cinn scríbe an Aontais (le soláthar ag an nGuáin);

(j)    faisnéis maidir le cásanna agus cainníochtaí táirgí adhmaid ar ghá soiléiriú fúthu idir údarás ceadúnúcháin na Guáine údaráis inniúla an Aontais.

3.    FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ AG AN nGUÁIN

Déanfaidh Coimisiún Foraoiseachta na Guáine faisnéis agus tuarascálacha ábhartha a fhoilsiú agus/nó a chur ar fáil trí bhealaí éagsúla. Beidh na heilimintí seo a leanas san áireamh leis an bhfaisnéis:


3.1.    Faisnéis dhlíthiúil:

(a)    Téacs an Chomhaontaithe in éineacht lena Iarscríbhinní, agus a leasuithe ina dhiaidh sin;

(b)    An creat dlíthiúil náisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn;

(c)    Coinbhinsiúin agus conarthaí idirnáisiúnta daingnithe;

(d)    Cód cleachtais Choimisiún Foraoiseachta na Guáine, Treoirlínte CRA agus Treoirlínte maidir le lamháltais mhóra agus bheaga;

(e)    Ranna ábhartha de Lámhleabhair Nósanna Imeachta a bhfuil baint acu leis na nósanna imeachta fíorúcháin a ndéantar cur síos orthu in Iarscríbhinn V;

(f)    Aon téacs dlíthiúil nó rialála a bhfuil baint aige le hIarscríbhinn II nó V a glacadh le linn chéim cur chun feidhme CGDDA.


3.2.    Faisnéis faoi tháirgeacht:

(a)    Táirgeadh adhmaid bliantúil iomlán, de réir an chineáil táirge;

(b)    Toirteanna bliantúla arna bpróiseáil, de réir an chineáil táirge;

(c)    Toirteanna bliantúla na lomán arna nonnmhairiú (san iomlán agus chuig an Aontas);

(d)    Toirteanna bliantúla adhmaid arna nonnmhairiú de réir cineáil táirge (san iomlán agus chuig an Aontas);

(e)    Toirteanna bliantúla adhmaid arna dtrádáil de réir an chineáil táirge ar an margadh intíre;

(f)    Na toirteanna bliantúla dadhmad urghafa agus forghéillte.

3.3.    Faisnéis maidir le leithdháileadh:

(a)    Liosta ainmneacha na OEFanna ar leithdháileadh comhaontuithe lamháltais foraoise, léasanna talmhaíochta, ceadanna nó ceadúnais mianadóireachta agus teidil lamháltais foraoise orthu;


(b)    Faisnéis bhreise maidir le stádas aonair na lamháltas mór agus beag: sonraí teagmhála, tuairisc ar an limistéar lamháltais (léarscáil), stádas dlíthiúil an lamháltais, fad na tréimhse;

(c)    Nósanna imeachta leithdháilte Choimisiún Foraoiseachta na Guáine le haghaidh lamháltais foraoise;

(d)    Treoirlínte leithdháilte maidir le ceadanna/léasanna/ceadúnais/teidil ag gníomhaireachtaí eile nuair a dheonaítear iad ar thalamh foraoise Stáit;

(e)    Critéir chun lamháltais foraoise a leithdháileadh;

(f)    Léarscáil suímh na lamháltas foraoise agus na limistéir leithdháilte sainaitheanta uirthi;

(g)    Léarscáil suímh le haghaidh na limistéar atá ar fáil don lománaíocht agus spriocdhátaí le haghaidh iarratas;

(h)    I gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla nó maidir le daoine a bhfuil rialú éifeachtach acu ar shealbhóir an lamháltais;

(i)    Liosta na OEFanna a bhfuil údarú acu chun adhmad atá á athrú nó adhmad tarrtháilte a thráchtálú;

(j)    Toirteanna bliantúla dadhmad atá á athrú nó dadhmad tarrtháilte.


3.4.    Faisnéis maidir le bainistíocht:

(a)    Sainordú, róil agus freagrachtaí na ngníomhaireachtaí atá freagrach as na lamháltais a bhainistiú agus a rialú;

(b)    Limistéar na lamháltas foraoiseachta deimhnithe;

(c)    Measúnuithe ar an tionchar sóisialta agus ar an tionchar ar an gcomhshaol, i gcás inarb infheidhme;

(d)    Liosta de na hAireachtaí agus Gníomhaireachtaí Rialtais a bhfuil freagrachtaí fíorúcháin orthu faoi Iarscríbhinn II;

(e)    Liosta de lamháltais mhóra a bhfuil pleananna bainistíochta formheasta acu;

(f)    Liosta de Shráidbhailte Meir-Indiacha agus de limistéir phríobháideacha fhoraoisithe;

(g)    Meabhrán tuisceana ina leagtar amach róil agus freagrachtaí Aireachtaí agus Gníomhaireachtaí fíorúcháin Rialtais CGDDA faoin gComhaontú.


3.5.    Faisnéis maidir le próiseáil:

(a)    Liosta de na OEFanna próiseála formheasta a bhfuil faisnéis teagmhála acu;

(b)    Méideanna bliantúla de na lomáin arna bpróiseáil, de réir speicis agus chineál an táirge.

3.6.    Faisnéis maidir le honnmhairiú:

(a)    Sonraí maidir le táirgí adhmaid arna nallmhairiú isteach sa Ghuáin;

(b)    Sonraí maidir le honnmhairithe chuig an Aontas, de réir speicis agus toirte ag OEF;

(c)    Sonraí maidir le deimhnithe onnmhairiúcháin a ndearnadh iarratas orthu, a eisíodh agus a diúltaíodh.

3.7.    Faisnéis maidir le CGDDA agus faireachán:

(a)    Tuairisc ar CGDDA lena náirítear rialacháin lena náirítear an creat dlíthiúil náisiúnta lena dtreoraítear cur chun feidhme CGDDA, agus modheolaíochtaí ábhartha eile;


(b)    Nósanna imeachta chun deimhnithe onnmhairiúcháin agus ceadúnais FLEGT a dheonú;

(c)    Liosta de na ceadúnais FLEGT a eisíodh;

(d)    Liosta de na hiarratais ar cheadúnais FLEGT a diúltaíodh;

(e)    Beidh tuarascálacha fíorúcháin ar fáil arna iarraidh sin.

3.8.    Faisnéis maidir leis na húdaráis eisiúna agus lena bhfreagrachtaí sonracha maidir le doiciméid de chuid aon Aireachta nó aon Ghníomhaireachta Rialtais eile a nochtadh.

4.    FAISNÉIS ATÁ LE FOILSIÚ AG AN AONTAS

(a)    Téacs an Chomhaontaithe seo, na hIarscríbhinní a ghabhann leis agus aon leasuithe.

(b)    Líon na gceadúnas FLEGT ón nGuáin a fhaigheann na húdaráis inniúla i mBallstáit an Aontais.

(c)    Cainníochtaí agus luachanna bliantúla na dtáirgí adhmaid a allmhairítear isteach san Aontas ón nGuáin.


(d)    Cainníochtaí iomlána agus luach iomlán an adhmaid agus na dtáirgí díorthaithe de réir tíre a allmhairíodh isteach san Aontas le ceadúnas FLEGT agus gan cheadúnais FLEGT.

(e)    Na tuarascálacha uile atá ar fáil ón bhFaireachán Neamhspleách ar an Margadh.

(f)    Faisnéis chothrom le dáta maidir le rialacháin de chuid an Aontais a bhaineann le trádáil adhmaid, agus tacaíocht airgeadais agus theicniúil a bhaineann le cur chun feidhme CCSnna sa Ghuáin.

(g)    Liosta agus sonraí teagmhála na núdarás inniúla i mBallstáit an Aontais atá freagrach as FLEGT agus Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na noibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (Rialachán an Aontais maidir le hAdhmad).

5.    FAISNÉIS MAIDIR LE hIDIRBHEARTA AIRGEADAIS

Cuirfidh CFG faisnéis airgeadais ar fáil faoi earnáil na foraoiseachta trí thuarascálacha bliantúla ina gcuimseofar

   an tioncam foraoiseachta ar íocaíochtaí bliantúla, amhail táillí foraoiseachta agus táillí acraíochta; agus

   má bhí díospóid ann, na réitigh agus íoc/neamhíoc na bpionós.


6.    FAISNÉIS EILE ATÁ LE CUR AR FÁIL DON PHOBAL

De bhreis ar an liosta a thugtar thuas, aon fhaisnéis ábhartha, lena n‑áirítear tuarascálacha a bhaineann le hearnáil foraoiseachta na Guáine, go háirithe i dtéarmaí rialachais agus chomhlíonadh an dlí, déanfaidh Coimisiún Foraoiseachta na Guáine í a nuashonrú go rialta agus cuirfear ar fáil go poiblí í.

Is féidir le CFAA faisnéis bhreise a mholadh freisin le cur ar fáil go poiblí ar mholadh a fháil ó cheann de na Páirtithe.

7.    MODHANNA CUR CHUN FEIDHME

Tá an Iarscríbhinn seo i gcomhréir le dlíthe na Guáine a bhaineann leis an rochtain phoiblí ar fhaisnéis, eadhon an tAcht um Rochtain ar Fhaisnéis, Uimh. 21 de 2011, agus Acht na bhForaoisí, Uimh. 6 de 2009.

Cuirfear an fhaisnéis a liostaítear san Iarscríbhinn seo ar fáil ar na bealaí seo a leanas:

(a)    trí thuarascálacha oifigiúla;

(b)    ar shuíomhanna gréasáin Choimisiún Foraoiseachta na Guáine agus na Comhairle Forbartha agus Margaíochta Crp., agus ar shuíomhanna na hAireachta um Acmhainní Nádúrtha, Ghníomhaireacht Faisnéise an Rialtais agus na nGníomhaireachtaí eile Rialtais);


(c)    ar ardán cur chun feidhme ilpháirtithe leasmhara;

(d)    ag cruinnithe poiblí;

(e)    ag preasagallaimh;

(f)    i scannáin; agus

(g)    ar an raidió agus ar an teilifís.

Forbrófar nósanna imeachta freisin chun an fhaisnéis a liostaítear san Iarscríbhinn seo a bhainistiú agus a thabhairt cothrom le dáta amach anseo.

8.    STRAITÉIS CUMARSÁIDE

Déanfar straitéis cumarsáide a forbraíodh i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha a chur chun feidhme agus a threorú leis na prionsabail seo a leanas:

(a)    Beidh an fhaisnéis inrochtana gan chostas nó ar chostas íseal;


(b)    Cuirfear liosta de dhoiciméid phoiblí inrochtana ar fáil;

(c)    Beidh an fhaisnéis cruinn agus cothrom le dáta;

(d)    Cuirfear an fhaisnéis ar fáil go tráthúil;

(e)    Cuirfear an fhaisnéis ar fáil san fhormáid chuí lena foilsiú;

(f)    Liostófar modhanna cumarsáide;

(g)    Beidh CGDDA ar cheann de na príomhfhoinsí faisnéise.

________________



IARSCRÍBHINN X

COMHCHOISTE FAIREACHÁIN AGUS ATHBHREITHNITHE

1.    I gcomhréir le hAirteagal 20 den Chomhaontú seo bunaítear an Comhchoiste Faireacháin agus Athbhreithnithe (CFAA).

2.    Ceapfaidh na Páirtithe a gcuid ionadaithe do CFAA.

3.    Feidhmeoidh CFAA i gcomhréir le rialacha nós imeachta a fhorbróidh sé agus a ghlacfaidh sé.

4.    Is leis an méid seo a leanas a bhainfidh feidhmeanna agus cúraim CFAA

(a)    bainistíocht, faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, lena náirítear bainistiú an iniúchta neamhspleách;

(b)    idirphlé agus malartú faisnéise idir na Páirtithe a chur chun cinn.


5.    Bainistiú an Chomhaontaithe seo

Déanfaidh CFAA an méid seo a leanas:

(a)    measúnú neamhspleách ar ullmhacht oibríochtúil Chóras na Guáine um Dhearbhú Dlíthiúlachta Adhmaid (CGDDA) de réir na gcritéar a ndéantar cur síos orthu in Iarscríbhinn VIII. Cinnfear leis an measúnú an bhfuil a fheidhmeanna á gcomhlíonadh go leordhóthanach ag CGDDA, atá mar bhonn do scéim ceadúnúcháin FLEGT a ndéantar cur síos uirthi in Iarscríbhinn V;

(b)    an dáta a mholadh ar cheart scéim ceadúnúcháin FLEGT a bheith ag feidhmiú go hiomlán;

(c)    fógra a fháil ó cheachtar Páirtí má tá amhras orthu nó má tá fianaise acu maidir le haon imchéimniú nó neamhrialtacht i gcur chun feidhme scéim ceadúnúcháin FLEGT, agus aon obair leantach is gá a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 12 den Chomhaontú seo;

(d)    sceideal a fhorbairt agus a ghlacadh le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe, maille le creat faireacháin agus meastóireachta chun dul chun cinn an sceidil sin a rianú.

(e)    athbhreithniú agus tuairim a thabhairt maidir leis an lámhleabhar nósanna imeachta chun táirgí adhmaid allmhairithe a rialú agus maidir le Lámhleabhar CGDDA um Nósanna Imeachta le haghaidh fíorú, lena náirítear an mhodheolaíocht agus na critéir maidir leis na cur chuige rioscabhunaithe a chuimsítear in CGDDA;


(f)    scrúdú ar ghearáin a bhaineann le scéim ceadúnúcháin FLEGT laistigh de chríoch Páirtí amháin nó an dá Pháirtí;

(g)    taifid shonracha a choinneáil ar bun chun rianú a dhéanamh ar na hathruithe uile a dhéantar ar Iarscríbhinní an Chomhaontaithe seo agus ar mhiontuairiscí cruinnithe le grúpaí páirtithe leasmhara. Coimeádfar na taifid sin ó thráth an daingnithe agus ar feadh shaolré iomlán an Chomhaontaithe.

(h)    moltaí a thabhairt, chun cuidiú chun cuspóirí an Chomhaontaithe seo a bhaint amach, lena náirítear moltaí maidir le fothú acmhainneachta agus le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, na sochaí sibhialta agus na bpáirtithe leasmhara dúchasacha;

(i)    meithleacha a bhunú de réir mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar aon ghné de chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo;

(j)    tuarascálacha bliantúla a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo i gcomhréir le hIarscríbhinn IX, bunaithe ar an bhfaisnéis ó na Páirtithe;

(k)    moltaí a fháil ó cheachtar Páirtí a bheadh ag iarraidh an Comhaontú seo nó na hIarscríbhinní a ghabhann leis a leasú agus na moltaí sin a phlé, moltaí a chur faoi bhráid gach ceann de na Páirtithe maidir le haon leasú a mholtar ar an gComhaontú agus aon leasú ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú seo a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 27 den Chomhaontú seo;


(l)    déileáil le haon cheist eile a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, tar éis moladh a theacht ó Pháirtí amháin nó ón dá cheann;

(m)    i gcomhréir le hAirteagal 25 den Chomhaontú, réiteach inghlactha a lorg, i gcás difríocht tuairimí idir na Páirtithe, i ndáil le cur i bhfeidhm nó léirmhíniú an Chomhaontaithe seo.

6.    Faireachán agus athbhreithniú ar an gComhaontú seo

Déanfaidh CFAA an méid seo a leanas:

(a)    faireachán ar dhul chun cinn a dhéantar maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a bhaint amach;

(b)    a áirithiú go mbeidh an measúnú ar thionchair shóisialta an Chomhaontaithe seo i gcomhréir leis an dea-chleachtas agus leis na critéir a bheidh le comhaontú ag na Páirtithe, agus réitigh iomchuí a mholadh ar aon fhadhb a aithnítear leis an measúnú sin;

(c)    a áirithiú go ndéanfar measúnuithe rialta ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo, lena náirítear spotseiceálacha más infheidhme;


(d)    faireachán agus tuairisciú tráthrialta ar staid an mhargaidh intíre agus idirnáisiúnta a áirithiú, aon staidéir is gá a mholadh agus gníomhaíocht ar cheart a dhéanamh a mholadh ar bhonn na dtuarascálacha ar anailís mhargaidh.

7.    An iniúchóireacht neamhspleách a bhainistiú

Déanfaidh CFAA an méid seo a leanas:

(a)    neamhagóid a thabhairt in aghaidh ainmniú an Iniúchóra Neamhspleách arna roghnú ag na Páirtithe agus arna chonrú ag an nGuáin, i gcomhréir leis na téarmaí tagartha don Iniúchóir Neamhspleách atá in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gComhaontú seo;

(b)    neamhagóid a thabhairt ar athnuachan chonradh an Iniúchóra Neamhspleách de réir mar a cheanglófar;

(c)    scrúdú a dhéanamh ar thuarascálacha an Iniúchóra Neamhspleách;

(d)    gníomhaíochtaí a mholadh a bheidh le déanamh chun na ceisteanna agus na moltaí sna tuarascálacha iniúchóireachta neamhspleáiche a réiteach;


(e)    scrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó thríú páirtithe maidir le hoibríochtaí an Iniúchóra Neamhspleách;

(f)    lámhleabhar nósanna imeachta arna fhorbairt agus arna chur isteach ag an Iniúchóir Neamhspleách a fhormheas agus an tuarascáil iniúchóireachta arna moladh ag an Iniúchóir Neamhspleách a fhormheas i gcomhthéacs na nósanna imeachta doiciméadaithe;

(g)    sceideal oibre an Iniúchóra Neamhspleách a chomhaontú agus iniúchtaí breise a mholadh de réir mar is iomchuí;

(h)    i. tuarascálacha sealadacha an Iniúchóra Neamhspleách a scrúdú, tuairim a thabhairt fúthu agus iad a fhormheas; agus ii. tuarascáil achoimre an Iniúchóra Neamhspleách a scrúdú, tuairim a thabhairt fúithi agus í a fhormheas. Cuirfear an tuarascáil achoimre ar fáil don phobal;

(i)    tuarascáil shonrach bhreise a iarraidh ar an Iniúchóir Neamhspleách, i gcás inar gá;

(j)    faireachán, de réir mar is gá, a dhéanamh ar bhearta ceartaitheacha arna nglacadh ag na Páirtithe chun na fadhbanna arna sainaithint ag an Iniúchóir Neamhspleách a réiteach.

________________

(1) IO CE L 317, 15.12.2000, lch. 3.
(2)    IO AE L 289, 30.10.2008, lch. 3.
(3)    Tá feidhm ag A1.1.1 maidir le gach oibreoir gan beann ar a stádas. Chomh maith leis sin, beidh ar OEFanna ceann amháin de na táscairí eile atá ag comhfhreagairt dá stádas a chomhlíonadh.
(4)    Déanfar na Treoirlínte maidir leis an gCóras um Rianú Adhmaid a nuashonrú le linn chéim forbartha CGDDA. Tá feidhm ag an bhfonóta seo i ngach áit a luaitear na treoirlínte um rianú adhmaid sa mhaitrís seo.
(5)    San Iarscríbhinn seo, úsáidtear ‘Tuarascáil Fíorúcháin CRA’ mar thagairt ghinearálta do na tuarascálacha éagsúla a liostaítear in alt 3.4.4 d’Iarscríbhinn V.
(6)    Tabharfar treoirlínte CRA cothrom le dáta le linn chéim cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tá feidhm ag an bhfonóta seo i ngach áit a luaitear na treoirlínte um rianú adhmaid sa mhaitrís seo.
(7)    Tá CFMAnna atá cláraithe le Cara-chumainn díolmhaithe ó tháscaire C.3.1.2 a chomhlíonadh.
(8)    Tabharfar treoirlínte CRA cothrom le dáta le linn chéim cur chun feidhme an Chomhaontaithe.
(9)    Tabharfar treoirlínte CRA cothrom le dáta le linn chéim cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tá feidhm ag an bhfonóta seo i ngach áit a luaitear na treoirlínte um rianú adhmaid sa mhaitrís seo.
(10)    Tabharfar treoirlínte CRA cothrom le dáta le linn chéim cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tá feidhm ag an bhfonóta seo i ngach áit a luaitear na treoirlínte um rianú adhmaid sa mhaitrís seo.
(11)    Léiríonn comhlíonadh na dtáscairí sa mhaitrís seo athiontráil dhlíthiúil na dtáirgí adhmaid urghafa isteach sa slabhra soláthair.
(12)    Tabharfar treoirlínte CRA cothrom le dáta le linn chéim cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tá feidhm ag an bhfonóta seo i ngach áit a luaitear na treoirlínte um rianú adhmaid sa mhaitrís seo.
(13)    Tabharfar treoirlínte CRA cothrom le dáta le linn chéim cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tá feidhm ag an bhfonóta seo i ngach áit a luaitear na treoirlínte um rianú adhmaid sa mhaitrís seo.
(14)    Tabharfar treoirlínte CRA cothrom le dáta le linn chéim cur chun feidhme an Chomhaontaithe. Tá feidhm ag an bhfonóta seo i ngach áit a luaitear na treoirlínte um rianú adhmaid sa mhaitrís seo.
(15)    Is nós imeachta custaim de chuid an Aontais é an scaoileadh i saorchúrsaíocht. Faoi Airteagal 129(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 450/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 lena leagtar síos Cód Custaim an Chomhphobail (Cód Custaim Nuachóirithe), is é atá i gceist le scaoileadh i saorchúrsaíocht: (a) aon dleachtanna ar allmhairí a bheidh dlite a bhailiú; (b) muirir eile, amhail dá bhforáiltear faoi na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm maidir le bailiú na muirear sin a bhailiú, de réir mar is cuí; (c) bearta beartais tráchtála, agus toirmisc agus srianta a chur i bhfeidhm sa mhéid nár cuireadh i bhfeidhm iad ag céim ní ba luaithe (sa chás seo, is i measc na mbeart seo a fhíorófar gurb ann do cheadúnas FLEGT); (d) na foirmiúlachtaí eile a leagadh síos maidir le hallmhairiú na nearraí a chur i gcrích. Earraí neamhChomhphobail a scaoilfear i saorchúrsaíocht, bronntar stádas custaim earraí Comhphobail orthu.
(16)    Tá limistéir foraoise Stáit san áireamh i dtailte Stáit
(17)    Ar thailte Stáit atá á nathrú, déanann Coimisiún Foraoiseachta na Guáine (CFG) cigireacht réamhlománaíochta chun suíomh agus speiceas na gcrann atá ainmnithe lena lománú tráchtála a bhunú.
(18)    Féadfaidh Coimisiún Foraoiseachta na Guáine oibleagáid an fhardail réamhlománaíochta a tharscaoileadh do OEFanna na lamháltas móra ina bhfuil tionchar ag mianadóireacht ghníomhach ar 25 % nó níos mó de bhloc (100 ha).
(19)    Tabharfaidh Coimisiún Foraoiseachta na Guáine cead do OEFanna crainn (ag a bhfuil an trastomhas leagtha is gá) nach bhfuil fardal déanta orthu a lománú, is é sin suas le 10 % de phlean oibríochta bliantúil gach bloic arna fhormheas ag Coimisiún Foraoiseachta na Guáine. Dá bharr sin, ní mór don OEF léarscáil stoic athbhreithnithe a líonadh isteach, ar a léireofar na crainn sin nach bhfuil fardal déanta orthu, agus an léarscáil sin a chur faoi bhráid Choimisiún Foraoiseachta na Guáine.
(20)    An gearradh bliantúil ceadaithe nó an tuasghearradh ceadaithe i gcás lamháltais mhóra, nó an cuóta formheasta i gcás lamháltais bheaga.
(21)    Úsáidtear clár táirgthe mar dhoiciméad tionlacain a ghabhann leis an gcead leagtha nó leis an dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint chun faisnéis bhreise táirgthe a chlárú faoi tháirgí adhmaid a chláraítear ar cheachtar de na doiciméid sin.
(22)    Eisíonn an OEF an bille díola chuig an gceannaitheoir agus tá an fhaisnéis seo a leanas ann: an speiceas, an soláthraí, an ceann scríbe, stampa oifigiúil (i gcás na muilte sábhadóireachta/na gclós adhmaid) agus an chainníocht (toirt nó fad).
(23)    Úsáidtear clár táirgthe mar dhoiciméad tionlacain a ghabhann leis an gcead leagtha nó leis an dearbhú maidir le maoin phríobháideach a bhaint chun faisnéis bhreise táirgthe a chlárú faoi tháirgí adhmaid a chláraítear ar cheachtar de na doiciméid sin.
(24)    Úsáid an bhille díola: Ní úsáidtear é ach amháin sa chás gur díoladh an táirge adhmaid (ar íocadh ríchíos ina leith agus a bhfuil an cead leagtha tugtha suas do Choimisiún Foraoiseachta na Guáine ina leith) ar leibhéal na limistéar foraoise Stáit nó ar leibhéal na limistéar foraoise príobháideach.
(25)    A luaithe a réitítear an tsaincheist neamhchomhlíontachta maidir le táirgí adhmaid urghafa, eisíonn Coimisiún Foraoiseachta na Guáine pas imréitigh. Nuair a dhíoltar táirgí adhmaid ar ceant agus nuair a scaoiltear iad le haghaidh a nathiontrála sa slabhra soláthair, eisíonn CFG pas imréitigh.
(26)    Tagraíonn sé sin do mhuilte sábhadóireachta, do chlóis adhmaid nó do dhuine nádúrtha, do chomhlacht corpraithe nó dʼeintiteas nach noibríonn muileann sábhadóireachta nó clós adhmaid ach nach bhfuil ceadúnaithe ach chun táirgí adhmaid a cheannach agus a dhíol.
(27)    OEFanna na lamháltas mór, na lamháltas beag, na dtailte Stáit atá á nathrú, na Sráidbhailte Meir-Indiacha agus na dtailte príobháideacha, tá siad cláraithe le Coimisiún Foraoiseachta na Guáine cheana chun oibríocht/oibríochtaí foraoise tráchtála a dhéanamh nó a cheadú.
(28)    Cuimsítear leis sin an tiarratas ar tháirge foraoiseachta a onnmhairiú, an tiarratas ar dheimhniú um adhmad a chur ar an margadh, an tiarratas ar dheimhniú onnmhairiúcháin agus DRAL in CUSC.
(29)    Féadfaidh an Chomhairle Sráidbhaile an rogha a dhéanamh glacadh le cúiteamh nó é a fhágáil faoi réir imeachtaí breithiúnacha. I gceachtar den dá chás, baileoidh RFF cóip den tuarascáil ón gComhairle Sráidbhaile.
(30)    Sa chas nach bhfuil aon tionscadail rialtais reatha ar siúl nuair a urghabhtar an tadhmad, stórálfar na táirgí adhmaid sin i suíomh daingnithe arna fhormheas ag Coimisiún Foraoiseachta na Guáine lena núsáid ina dhiaidh sin.
(31)    Bailíochtú: déanann an rialtas an fhaisnéis arna dearbhú ag an OEF a bhailíochtú chun cruinneas an dearbhaithe a áirithiú. Réiteach: déanann an rialtas comparáid idir faisnéis idir dhá chéim chun inrianaitheacht a fhíorú.
(32)    An fhoirm ‘adhmad sáfa agus adhmad táirgthe a thabhairt ar ais’ nó an fhoirm ‘Lomáin sáfa agus lomáin táirgthe a thabhairt ar ais’ nó tuairisceán míosúil an chlóis adhmaid.
(33)    Féach roinn 3 d’Iarscríbhinn II chun sainmhíniú ar OEF a fháil.
(34)    An fhoirm ‘adhmad sáfa agus adhmad táirgthe a thabhairt ar ais’ nó an fhoirm ‘lomáin sáfa agus lomáin táirgthe a thabhairt ar ais’ nó tuairisceán míosúil an chlóis adhmaid.
(35)    Cuirtear táillí, muirir agus tobhaigh san áireamh sa chineál íocaíochta.
(36)    Cuirtear táillí, muirir agus tobhaigh san áireamh sa chineál íocaíochta.
(37)    Féach roinn 3 d’Iarscríbhinn II áit a bhfuil sainmhíniú ar OEF.