AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.4.2022
COM(2022) 179 final
2022/0118(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun iarmhairtí ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an ionsaithe mhíleata sin a mhaolú
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
An t‑ionsaí míleata atá á dhéanamh ag an Rúis ar an Úcráin ón 24 Feabhra 2022, tá tionchar á imirt aige ar oibreoirí na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe san Aontas. Cuireadh go borb le déine an mhéadaithe ar phraghsanna príomhionchur amhail fuinneamh agus amhábhair toisc gur cuireadh isteach ar shreafaí trádála tráchtearraí ón Rúis agus ón Úcráin, sreafaí trádála a bhfuil ríthábhacht leo le haghaidh na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe. Tá difear tromchúiseach á dhéanamh don trádáil idir an Úcráin agus an tAontas freisin mar nach bhfuil fáil ar iompar de bharr aerfoirt na hÚcráine a bheith curtha as feidhm de dheasca ionsaí na Rúise, agus na hoibríochtaí loingseoireachta tráchtála uile i gcalafoirt na hÚcráine a bheith ar fionraí. Is dócha go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair maidir le soláthar gráin, olaí glasraí agus iasc geal ón Úcráin agus ón Rúis don Aontas, rud a fhágfaidh go mbeidh méadú substaintiúil ar phraghsanna beatha éisc agus ar ghanntanas príomh-amhábhar. Tá cuid de chabhlach an Aontais tar éis scor den iascaireacht mar gheall ar an laghdú ar bhrabúsacht na gníomhaíochta sin agus toisc nach féidir an méadú ar chostais ionchuir a fhritháireamh, amhail praghsanna fuinnimh, atá ag méadú as cuimse. Tá tionchar comhcheangailte na méaduithe costas agus na nganntanas ag dul i bhfeidhm ar na hearnálacha feirmeoireachta agus próiseála bia mara freisin. Dá bhrí sin, tá míshocracht mhór sa mhargadh mar gheall ar mhéaduithe substaintiúla ar chostais, chomh maith le míshocrachtaí trádála, agus teastaíonn gníomhaíocht éifeachtach éifeachtúil ina leith.Tá dochar á dhéanamh ag ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin freisin do shlándáil na ngníomhaíochtaí iascaireachta a bhíonn ar siúl ag iascairí de chuid an Aontais i limistéir chomharsanachta. Fágann sin gur cuireadh isteach ar ghníomhaíochtaí i limistéir áirithe mar réamhchúraim.
I bhfianaise an mhéid thuas, tá leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) á mholadh ag an gCoimisiún trí bhearta sonracha a thabhairt isteach chun iarmhairtí ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an ionsaithe mhíleata sin a mhaolú. Tá an caiteachas incháilithe do ranníocaíocht ón gCiste sin fós go dtí an 31 Nollaig 2023.
Leis an togra seo, comhlánaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/500 ón gCoimisiún an 25 Márta 2022 lena mbunaítear ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin mar theagmhas eisceachtúil a bhfuil míshocracht mhór i margaí ina toradh air, teagmhas lena spreagtar bearta tacaíochta géarchéime faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID). Leis na pacáistí beart faoi CEMI agus CEMID araon, baintear a oiread leasa is féidir as úsáid na n‑acmhainní airgeadais atá ar fáil, chun tacú leis na hearnálacha iascaigh, dobharshaothraithe agus próiseála bia mara le linn na géarchéime atá ann faoi láthair.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra comhsheasmhach le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gcomhbheartas iascaigh agus le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le forálacha coiteanna i ndáil le Cistí Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Níl de raon feidhme ag an togra ach leasú spriocdhírithe agus eisceachtúil ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 43(2) agus Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Cuirtear forálacha an togra chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta comhroinnte, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.
•Comhréireacht
Comhlíonann na forálacha atá beartaithe prionsabal na comhréireachta mar tá siad iomchuí, riachtanach agus níl aon bheart eile is lú srian ar fáil chun na cuspóirí beartais inmhianaithe a bhaint amach.
•An rogha ionstraime
An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tá aird dírithe ag páirtithe leasmhara éagsúla ón earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe agus ionadaithe de chuid na mBallstát ar na dúshláin a eascraíonn as tionchar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus an gá le hiarmhairtí an ionsaithe mhíleata a laghdú, agus an gá le héifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an ionsaithe mhíleata sin a mhaolú. An gá le tacaíocht airgeadais a fháil le haghaidh na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe, tá sé curtha i dtábhacht ag na hoibreoirí, na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit uile lena mbaineann.
•Bailiú agus úsáid saineolais
•Measúnú tionchair
Níl gá le measúnú tionchair mar gheall ar chineál eisceachtúil dhéine ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, ionsaí a éilíonn bearta maolaithe ón Aontas láithreach.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Ní bhaineann le hábhar
•
Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairt ag an togra seo maidir le cosaint ceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní gá aon athrú a dhéanamh ar na huasteorainneacha bliantúla le haghaidh oibleagáidí agus íocaíochtaí sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil mar thoradh ar an modhnú atá beartaithe.
Ós rud é go bhfuil tionchar mór á imirt ag an ngéarchéim ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, dobharshaothraithe agus próiseála, níl na bearta ná na cláir oibríochtúla CEMI atá ann faoi láthair á gcur chun feidhme mar is gnách. Dá bhrí sin, ionas nach gcaillfear acmhainní airgeadais lena bhféadfaí dul i ngleic leis an ngéarchéim go héifeachtach, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit acmhainní airgeadais laistigh dá gclár oibríochtúil a ath-leithdháileadh faoi ghearrfhógra ar na bearta sonracha. Beidh an deis sin teoranta ag na leithdháiltí buiséadacha atá faighte ag na Ballstáit cheana, óir ní féidir leo na leithdháiltí sin a shárú.
Leis na leithreasaí íocaíochta atá ar fáil i mbuiséad 2022 le haghaidh CEMI, is féidir freastal ar aistriú idir tosaíochtaí Aontais laistigh de chláir oibríochtúla. Go deimhin, den chuid is mó cuirfear na bearta nua in ionad na mbeart a beartaíodh ar dtús, ar gá iad a athmheas anois de dheasca na míshocrachta ginearálta sa slabhra soláthair. Dá thoradh sin, is é is aidhm do na bearta atá beartaithe cur chun feidhme éifeachtach bhuiséad 2022 agus leithdháileadh 2014-2020 le haghaidh CEMI a áirithiú.
Déanfaidh an Coimisiún faireachán cúramach ar thionchar an mhodhnaithe atá beartaithe ar leithreasuithe íocaíochta in 2022, agus cur chun feidhme an bhuiséid agus réamhaisnéisí leasaithe na mBallstát araon á gcur san áireamh.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Tá feidhm ag na ceanglais maidir le cur chun feidhme, faireachán, meastóireacht agus tuairisciú a bhunaítear i Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Leis an togra, tugtar na bearta a leanas isteach chun iarmhairtí ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an ionsaithe mhíleata sin a mhaolú:
·Cúiteamh airgeadais as an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina gcuireann ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin slándáil na n‑oibríochtaí iascaireachta i mbaol. An cúiteamh sin, níl sé faoi réir na huasteorann airgeadais a bhunaítear in Airteagal 25(3) de Rialachán CEMI ná faoi réir na tréimhse uasta 6 mhí a leagtar amach in Airteagal 33(2) den Rialachán sin. Tacaítear leis an gcúiteamh sin trí ráta caighdeánach cómhaoinithe an Aontais, is é sin, 75 % den chaiteachas poiblí incháilithe.
·Cúiteamh airgeadais d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe i gcomhréir leis an sásra stórála a bhaineann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 (comheagrú na margaí).
·Cúiteamh airgeadais d’oibreoirí na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe (lena n‑áirítear an earnáil próiseála) as an ioncam a bhfuil siad dá uireasa, agus as na costais bhreise a thabhaigh siad mar gheall ar an míshocracht sa mhargadh de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin agus a éifeachtaí ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.
Leis an togra, tugtar na scéimeanna cúitimh sin isteach i mbearta CEMI atá ann cheana chun a gcur chun feidhme tapa a éascú. Trí úsáid a bhaint as creat atá ann cheana, seachnaítear an gá le leasuithe móra ar theimpléad na gclár oibríochtúil agus éascaítear ath-chlársceidealú arna dhéanamh ag na Ballstáit. Beidh sé riachtanach, áfach, mionchoigeartuithe teicniúla a dhéanamh ar theimpléad na gclár oibríochtúil agus ar an gcóras tuairiscithe agus faireacháin. Níl práinn leis na coigeartuithe a bhaineann leis an gcóras tuairiscithe agus faireacháin ós rud é go bhfuil tréimhse bliana ag na Ballstáit sular gá dóibh sonraí carnacha a sholáthar arís maidir le hoibríochtaí a roghnaítear le haghaidh cistiú de bhun Airteagal 97(1)(a) de Rialachán CEMI.
Tugtar isteach leis an togra freisin sásraí solúbthachta chun cur chun feidhme tapa na mbeart nua sin a éascú:
·Nós imeachta simplithe um chláir oibríochtúla na mBallstát a leasú a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach na mbeart sin, lena n‑áirítear na hacmhainní airgeadais a ghabhann leo a ath-leithdháileadh.
·Incháilitheacht chúlghabhálach caiteachais ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh le haghaidh na mbeart sin.
·An fhéidearthacht na méideanna socraithe a cuireadh i leataobh i dtosach le haghaidh bhearta áirithe CEMI (i.e. rialú agus forfheidhmiú, bailiú sonraí) a ath-leithdháileadh ar na bearta nua.
Ceartaítear sa togra freisin [sa leagan Béarla] botún teicniúil in Airteagal 96 de Rialachán CEMI, inar cheart ‘income forgone’ a chur in ionad ‘income foregone’.
2022/0118 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun iarmhairtí ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an ionsaithe mhíleata sin a mhaolú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 175 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An t‑ionsaí míleata atá á dhéanamh ag an Rúis ar an Úcráin ón 24 Feabhra 2022, tá tionchar á imirt aige ar oibreoirí na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe san Aontas. Cuireadh go borb le déine an mhéadaithe ar phraghsanna príomhionchur amhail fuinneamh agus amhábhair, toisc gur cuireadh isteach ar shreafaí trádála tráchtearraí ón Rúis agus ón Úcráin, ar sreafaí trádála iad a bhfuil ríthábhacht leo le haghaidh na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe. Tá difear tromchúiseach á dhéanamh don trádáil idir an Úcráin agus an tAontas mar nach bhfuil fáil ar iompar de bharr aerfoirt na hÚcráine a bheith curtha as feidhm de dheasca ionsaí na Rúise, agus na hoibríochtaí loingseoireachta tráchtála uile i gcalafoirt na hÚcráine a bheith ar fionraí. Is dócha go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair maidir le soláthar gráin, olaí glasraí agus iasc geal ón Úcráin agus ón Rúis don Aontas, rud a fhágfaidh go mbeidh méadú substaintiúil ar phraghsanna beatha éisc agus ar ghanntanas príomh-amhábhar. Tá cuid de chabhlach an Aontais tar éis scor den iascaireacht mar gheall ar an laghdú ar bhrabúsacht na gníomhaíochta sin agus toisc nach féidir an méadú ar chostais ionchuir a fhritháireamh, amhail na praghsanna fuinnimh, atá ag méadú as cuimse. Tá tionchar comhcheangailte na méaduithe costas agus na nganntanas ag dul i bhfeidhm ar na hearnálacha feirmeoireachta agus próiseála bia mara freisin. Dá bhrí sin, tá míshocracht mhór sa mhargadh mar gheall ar mhéaduithe substaintiúla ar chostais, chomh maith le míshocrachtaí trádála, agus teastaíonn gníomhaíocht éifeachtach éifeachtúil ina leith.
(2)Dá bhrí sin, leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ba cheart a bheith in ann tacú le bearta sonracha chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin a mhaolú. Ba cheart na bearta sin cúiteamh airgeadais a áireamh d’eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus do chomhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus cúiteamh airgeadais d’oibreoirí na hearnála iascaigh agus dobharshaothraithe as an ioncam a bhfuil siad dá uireasa, agus as aon chostas breise a thabhaigh siad mar thoradh ar an míshocracht sa mhargadh de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin agus a éifeachtaí ar an slabhra soláthar táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. Ba cheart caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi na bearta sin a bheith incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh, an dáta a cuireadh tús le hionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin.
(3)Ina theannta sin, ba cheart CEMI a bheith in ann tacú le cúiteamh airgeadais as an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina gcuireann ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin slándáil na n‑oibríochtaí iascaireachta i mbaol. Ba cheart an scor sealadach sin a thosú ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh, an dáta a cuireadh tús le hionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin.
(4)I bhfianaise iarmhairtí móra socheacnamaíocha na míshocrachta sa mhargadh le haghaidh an tslabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, ba cheart é a bheith indéanta tacú leis an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta atá ann mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin trí ráta cómhaoinithe uasta 75 % den chaiteachas poiblí incháilithe.
(5)I bhfianaise an ghá le solúbthacht nuair a bhíonn acmhainní airgeadais á n‑ath-leithdháileadh, ba cheart é a bheith indéanta na méideanna socraithe arna mbunú le haghaidh bearta rialaithe agus forfheidhmithe agus le haghaidh bearta maidir le bailiú sonraí a ath-leithdháileadh ar na bearta lena laghdaítear iarmhairtí ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus lena maolaítear éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an ionsaithe mhíleata sin. Ar an ábhar céanna, agus gan dochar don chaidhpeáil airgeadais agus don teorannú tréimhse ama atá ann cheana le haghaidh na gcásanna eile scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta, níor cheart an soláthar tacaíochta le haghaidh an scoir shealadaigh de ghníomhaíochtaí iascaireachta mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin a bheith faoi réir caidhpeáil airgeadais agus teorannú tréimhse ama. An oibleagáid i dtaobh tacaíocht a deonaíodh don scor sealadach a asbhaint de thacaíocht a deonaíodh don scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta a bhaineann leis an soitheach céanna, ba cheart an oibleagáid sin leanúint de bheith i bhfeidhm. Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme an cháis nua seo de scor sealadach, is gá tagairt don tréimhse incháilitheachta a leagtar amach in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(6)I bhfianaise a phráinní atá sé an tacaíocht a bhfuil gá leis a sholáthar, ba cheart cur le raon feidhme an nós imeachta shimplithe um chláir oibríochtúla na mBallstát a leasú chun leasuithe a áireamh a bhaineann leis na bearta sonracha chun iarmhairtí ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an ionsaithe mhíleata sin a mhaolú. Leis an nós imeachta simplithe sin, ba cheart na leasuithe uile is gá a chumhdach chun na bearta lena mbaineann a chur chun feidhme ina n‑iomláine, lena n‑áirítear iad a thabhairt isteach, acmhainní airgeadais a ath-leithdháileadh ó bhearta eile, agus na modhanna chun tacaíocht a ríomh a thuairisciú.
(7)Ar mhaithe leis an tsoiléireacht dhlíthiúil a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na mbeart nua, is gá botún teicniúil i Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 [an leagan Béarla] a cheartú trí ‘income forgone’ a chur in ionad ‘income foregone’. Tá Airteagal 96 den Rialachán sin á cheartú dá réir.
(8)I bhfianaise phráinn na tacaíochta a bhfuil gá léi, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe. I bhfianaise chineál gan choinne ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin agus a thionchar tromchúiseach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus ar na hearnálacha eacnamaíocha agus na slabhraí soláthair lena mbaineann, ba cheart incháilitheacht na gcostas a bheith cúlghabhálach ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh.
(9)I bhfianaise na práinne atá ann de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin agus thionchar sóisialta agus eacnamaíoch an ionsaithe sin san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.
(10)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú agus a cheartú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014
Leasaítear Rialachán (AE) 508/2014 mar a leanas:
1. In Airteagal 13, cuirtear an mhír 7 seo a leanas leis:
‘7. Na hacmhainní buiséadacha dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, féadfar iad a ath-leithdháileadh ar an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 33(1), in Airteagal 44(4a), in Airteagal 67 agus in Airteagal 68(3) chun tionchar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an ionsaithe mhíleata sin a mhaolú.’
2. In Airteagal 22(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):
‘(e) leasuithe ar chláir oibríochtúla a bhaineann leis an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 33(1), Airteagal 35, Airteagal 44(4a), pointe (b) d’Airteagal 55(1), Airteagail 57, 66 agus 67, Airteagal 68(3) agus Airteagal 69(3), lena n‑áirítear na hacmhainní airgeadais a ghabhann leo a ath-leithdháileadh chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí ráig COVID‐19 nó chun iarmhairtí ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a laghdú agus chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca an ionsaithe mhíleata sin a mhaolú.’
3. In Airteagal 33(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):
‘(d) i gcás ina dtarlaíonn an scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta idir an 1 Feabhra agus an 31 Nollaig 2020 mar thoradh ar ráig COVID‐19, lena n‑áirítear é sin a bheith amhlaidh le haghaidh soithí a oibríonn faoi chomhaontú comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, nó i gcás ina dtarlaíonn sé ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin, a chuireann slándáil na ngníomhaíochtaí iascaireachta i mbaol. ’
4. In Airteagal 33(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír de phointe (d):
‘I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo incháilithe ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh más toradh na hoibríochtaí ar ráig COVID‑19 nó, ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh, más toradh ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin iad, a chuireann slándáil na ngníomhaíochtaí iascaireachta i mbaol.’
5. In Airteagal 33, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. An tacaíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfar í a dheonú ar feadh tréimhse uasta 6 mhí in aghaidh an tsoithigh i rith na tréimhse incháilitheachta dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Ní bheidh feidhm ag an tréimhse uasta sin maidir leis an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) den fhomhír sin.’
6. In Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4a:
‘4a. Féadfaidh CEMI tacú le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta mar thoradh ar ráig COVID‑19 nó mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin , nithe a chuireann slándáil gníomhaíochtaí iascaireachta i mbaol, mar a fhoráiltear i bpointe (d) d’Airteagal 33(1), faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 33.’
7. In Airteagal 67, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhoclaíocht réamhráiteach na chéad fhomhíre de mhír 1:
‘1. I gcás inar gá chun freagairt do ráig COVID‑19 nó chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin a mhaolú, féadfaidh CEMI tacú le cúiteamh d’eagraíochtaí aitheanta táirgeoirí agus do chomhlachais aitheanta eagraíochtaí táirgeoirí a stórálann táirgí iascaigh nó dobharshaothraithe arna liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 nó táirgí a thagann faoi chód AC 0302 mar a liostaítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ar choinníoll go stóráiltear na táirgí sin i gcomhréir le hAirteagail 30 agus 31 den Rialachán sin, agus faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:’
‘8. In Airteagal 67, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. An tacaíocht dá dtagraítear i mír 1, tiocfaidh deireadh léi an 31 Nollaig 2020, ach amháin má mhaolaíonn sí éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin.
I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013 agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír de, beidh caiteachas le haghaidh oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Airteagal seo incháilithe ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh chun freagairt don ráig COVID‐19, agus ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh chun éifeachtaí na míshocrachta sa mhargadh ar an slabhra soláthair táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin a mhaolú.’
9. In Airteagal 68, cuirtear an mhír 3 seo a leanas leis:
‘3. Féadfaidh CEMI tacú le cúiteamh airgeadais d’oibreoirí san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe as an ioncam a bhfuil siad dá uireasa, agus as costais bhreise a thabhaigh siad mar gheall ar an míshocracht sa mhargadh de dheasca ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin agus a éifeachtaí ar shlabhra soláthair na dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe.
I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 65(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, beidh caiteachas ar oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gcéad fhomhír incháilithe ón 24 Feabhra 2022 ar aghaidh.
An cúiteamh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar é a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 96.’
10. In Airteagal 95, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2, pointe (e):
‘(e) baineann an oibríocht le tacaíocht faoi Airteagal 33 nó Airteagal 34 nó le cúiteamh faoi Airteagal 54, Airteagal 55, Airteagal 56, Airteagal 68(3) nó Airteagal 69(3);’
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014:
‘Airteagal 96
Costais bhreise nó ioncam a bhfuiltear dá uireasa a ríomh
I gcás ina ndeonaítear cabhair ar bhonn costais bhreise nó ioncam a bhfuiltear dá uireasa, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na ríomhanna ábhartha leormhaith, cruinn agus bunaithe roimh ré ar bhonn ríomh atá cóir, cothrom agus infhíoraithe.’
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán