AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,27.4.2022
COM(2022) 177 final
2022/0117(COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’)
{SWD(2022) 117 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (dá ngairtear imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí nó ‘SLAPPanna’ de ghnáth), is feiniméan iad a tháinig aníos le déanaí ach atá ag éirí níos leitheadaí san Aontas Eorpach. Is foirm thar a bheith díobhálach den chiapadh agus den imeaglú atá iontu a úsáidtear ina n‑aghaidh siúd atá bainteach le cosaint leasa an phobail. Is imeachtaí cúirte gan forais nó áibhéalacha iad, a thionscnaíonn daoine aonair cumhachtacha, grúpaí brústocaireachta, comhlachtaí corpraithe agus orgáin stáit go tipiciúil in aghaidh páirtithe a cháineann na héilitheoirí maidir le hábhar leasa phoiblí nó a chuireann teachtaireachtaí in iúl i leith an ábhair sin nach bhfuil na héilitheoirí compordach leo. Is é is cuspóir dóibh cinsireacht a dhéanamh ar cháinteoirí agus iad a imeaglú agus a chur i dtost trí ualach costais cosanta dlí a chur orthu go dtí go scoirfidh siad dá gcáineadh nó dá gcur i gcoinne. Murab ionann agus gnáthimeachtaí, ní thionscnaítear SLAPPanna d’fhonn an ceart chun rochtain ar cheartas a fheidhmiú ionas go ngnóthófar na himeachtaí dlíthiúla, nó chun sásamh a fháil. Ina ionad sin, tionscnaítear iad chun na cosantóirí a imeaglú agus a gcuid acmhainní a ídiú. Tá sé mar sprioc dheiridh acu éifeacht mhór dhiúltach a imirt ar chosantóirí, iad a chur ina dtost agus a dhíspreagadh óna bheith ag saothrú a gcuid oibre.
Is ar iriseoirí agus ar chosantóirí chearta an duine a dhírítear SLAPPanna go tipiciúil. Ní daoine aonair amháin is sprioc dóibh ach na meáin agus comhlachtaí foilsitheoireachta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta freisin, amhail iad siúd atá bainteach le gníomhaíochas comhshaoil. D’fhéadfadh daoine eile a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí, amhail taighdeoirí agus acadóirí, a bheith ina spriocanna freisin.
Chun go mbeidh daonlathas rathúil bisiúil ann, éilítear go mbeidh saoránaigh in ann rannpháirt ghníomhach a ghlacadh sa díospóireacht phoiblí gan údaráis phoiblí ná leasanna cumhachtacha eile a bheith á gcur isteach ann go míchuí. Chun rannpháirtíocht fhóinteach a áirithiú, ní mór rochtain a bheith ag saoránaigh ar fhaisnéis iontaofa a chuireann ar a gcumas dóibh teacht ar a dtuairimí féin agus a mbreithiúnas féin a fheidhmiú i spás poiblí inar féidir dearcthaí éagsúla a chur in iúl gan bhac.
Tá ról fíor‑riachtanach le himirt ag iriseoirí chun an díospóireacht phoiblí a éascú agus faisnéis, tuairimí agus barúlacha a roinnt. Ní mór dóibh a bheith in ann a ngníomhaíochtaí a dhéanamh go héifeachtach chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar dhearcthaí iomadúla i ndaonlathais Eorpacha. Imríonn iriseoirí iniúchacha ról fíorthábhachtach chun coireacht eagraithe, éilliú agus antoisceachas a chomhrac. Is gá córas stóinseach coimircí a bheith ann a chuirfidh ar a gcumas dóibh a ról ríthábhachtach a chomhlíonadh mar fhorais faire ar ábhair leasa phoiblí dhlisteanaigh. Gabhann rioscaí thar a bheith ard lena gcuid oibre agus tá an líon ionsuithe agus an ciapadh a dhéantar orthu ag méadú. Tá ról ríthábhachtach le himirt ag cosantóirí chearta an duine chun cearta bunúsacha, luachanna daonlathacha, cuimsiú sóisialta, cosaint an chomhshaoil agus an smacht reachta a bhuanú. Ba cheart go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach go gníomhach sa saol poiblí agus a nguth a bheith le cloisteáil maidir le hábhair bheartais agus i bpróisis chinnteoireachta gan bagairtí imeaglaithe.
Is ceann de shaintréithe SLAPPanna go minic í an éagothroime cumhachta idir na páirtithe ina bhfuil an t‑éilitheoir i staid níos cumhachtaí ná an cosantóir - ó thaobh airgeadais nó polaitíochta de, mar shampla. Cé nach amhlaidh an cás i gcónaí, d’fhéadfadh an éagothroime cumhachta sin, nuair is ann di, rannchuidiú go suntasach leis an bhféidearthacht go mbeidh iarmhairtí díobhálacha ag SLAPPanna ar na spriocanna, agus éifeachtaí móra diúltacha ar an díospóireacht phoiblí dá ndeasca. D’fhéadfadh éifeacht dhíspreagthach freisin a bheith ag SLAPPanna ar spriocanna eile a bhféadfaí cás a thógáil ina n‑aghaidh, agus a d’fhéadfaidís a chinneadh gan a gceart a dhearbhú chun saincheisteanna a bhaineann le leas an phobail a imscrúdú agus a thuairisciú. Tá baol féinchinsireachta ann mar thoradh air sin.
Mí‑úsáid imeachtaí cúirte atá in SLAPPanna agus cuireann siad ualaí gan ghá ar chúirteanna. Féadann eintitis agus daoine aonair a thionscnaíonn SLAPP a n‑éilimh a bhunú ar fhorais éagsúla. Is minic a bhaineann na líomhaintí le clúmhilleadh, ach baineann siad freisin le sáruithe ar dhlíthe nó ar chearta eile (e.g. dlíthe cosanta sonraí nó príobháideachais). Tagann éilimh ar dhamáistí/i dtort in éineacht leo go minic, nó uaireanta urghairí (lena gcuirtear cosc nó moill, ar a laghad, ar an bhfoilsiú).
Sainaithníodh go bhfuil leitheadúlacht SLAPPanna ina hábhar mór imní i roinnt Ballstát i gcomhthéacs Thuarascálacha 2020 agus 2021 maidir leis an Smacht Reachta
Tuairiscítear freisin in Ardán Chomhairle na hEorpa chun Cosaint na hIriseoireachta agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chur Chun Cinn go bhfuil méadú ag teacht ar an líon foláireamh maidir le bagairtí tromchúiseacha ar shábháilteacht iriseoirí agus ar shaoirse na meán san Eoraip, lena n‑áirítear cásanna iomadúla den imeaglú breithiúnach. Cuirtear i dtábhacht i dTuarascáil Bhliantúil 2021 ó na comhlachais chomhpháirtíochta le hArdán Chomhairle na hEorpa chun Cosaint na hIriseoireachta agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chur Chun Cinn gur tháinig méadú suntasach ar na foláirimh a bhaineann le SLAPP a tuairiscíodh in 2020 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, i dtéarmaí líon na bhfoláireamh agus i dtéarmaí dhlínsí bhallstáit Chomhairle na hEorpa lena mbaineann. Ar bhonn níos leithne, léiríonn faisnéis a bhailítear san
Fhaireachlann ar Iolrachas sna Meáin Eorpacha
go bhfuil meath ag teacht ar dhálaí oibre iriseoirí freisin. Rinne foireann Mearfhreagartha Saoirse na Meán (MFRR) doiciméadú ar 439 bhfoláireamh in 2021 (inar ionsaíodh 778 nduine nó n‑eintiteas a bhaineann leis na meáin) in 24 cinn de Bhallstáit an Aontais in imeacht 12 mhí, lena n‑áirítear SLAPPanna.
Cé go bhfuil níos mó sonraí ar fáil i dtaobh bagairtí ó SLAPPanna in aghaidh iriseoirí agus chosantóirí chearta an duine, tá fadhbanna comhchosúla ar ghníomhaithe eile a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí, amhail gníomhaithe ceardchumainn agus acadóirí. Fógraíodh sin i gcuid den mhéid a rannchuidigh an tsochaí shibhialta leis an gcomhairliúchán poiblí oscailte.
Tarlaíonn go leor SLAPPanna i gcomhthéacs intíre gan impleachtaí trasteorann a bheith acu. Is minic, áfach, a bhíonn gné thrasteorann ag SLAPPanna agus i gcás inarb ann d’impleachtaí trasteorann, cuireann siad castacht agus costais bhreise leo agus is díobhálaí fós iad na hiarmhairtí ar chosantóirí. Ó tharla go bhfuil teacht thar dhlínsí ar ábhar na meán ar líne, d’fhéadfadh sé sin an bealach a réiteach le haghaidh siopadóireacht dlínse agus bac a chur ar rochtain éifeachtach ar an gceartas agus ar chomhar breithiúnach. D’fhéadfadh imeachtaí iomadúla cúirte a bheith roimh chosantóirí an tráth céanna agus i ndlínsí éagsúla. Is feiniméan í an tsiopadóireacht dlínse (nó an turasóireacht leabhail) a mhéadaíonn ar an bhfadhb agus ina mbraitear go bhfuil dlínsí áirithe níos fabhraí d’éilitheoirí ná dlínsí eile. Tá an éifeacht níos láidre fós nuair a thionscnaítear SLAPPanna lasmuigh den Aontas Eorpach.
Cuspóir an togra
Tá an togra seo ar cheann de na gníomhaíochtaí faoin bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach a fhéachann le hiolrachas agus saoirse na meán san Aontas Eorpach a neartú. Áirítear cosantóirí chearta an duine leis an tionscnamh freisin, a imríonn ról an‑tábhachtach inár ndaonlathais agus atá ag éirí níos leochailí do chineálacha mí‑úsáide agus ciaptha den sórt sin.
Is é is aidhm don togra spriocanna SLAPPanna a chosaint agus cosc a chur ar leathadh breise an fheiniméin san Aontas. Faoi láthair, níl coimircí sonracha ag aon cheann de na Ballstáit in aghaidh imeachtaí den sórt sin agus níl ach cuid díobh ag déanamh breithniú faoi láthair ar choimircí sonracha a thabhairt isteach. Níl aon riail uile‑Aontais ann ach an oiread a thugann aghaidh ar SLAPPanna. Trí chomhthuiscint a fhorbairt san Aontas ar an rud is SLAPP ann agus trí choimircí nós imeachta a thabhairt isteach, is é is aidhm don togra bealaí éifeachtacha a sholáthar do chúirteanna chun dul i ngleic le SLAPPanna agus na bealaí a sholáthar do spriocanna chun iad a chosaint.
Is maidir le cásanna a bhfuil impleachtaí trasteorann acu atá feidhm ag na coimircí nós imeachta atá beartaithe. Mar a chuirtear i dtábhacht thuas, cuireann gné thrasteorann chásanna SLAPP lena chasta atá siad agus leis na dúshláin atá roimh chosantóirí. Sprioc eile de chuid an togra is ea saoránaigh den Aontas agus an tsochaí shibhialta a chosaint ar SLAPPanna a thionscnaítear i dtríú tíortha.
Moladh ón gCoimisiún maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ó imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’)
An togra seo le haghaidh Treorach agus moladh an Choimisiúin maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ó imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’), glacadh an tráth céanna iad agus tá siad comhlántach agus go hiomlán comhsheasmhach.
Leis an Moladh, iarrtar ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a staid náisiúnta chun a áirithiú go ndéanann na creata dlíthiúla is infheidhme atá acu foráil maidir leis na coimircí is gá chun aghaidh a thabhairt ar SLAPPanna agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha, lena n‑áirítear an ceart chun tuairimí a nochtadh, an ceart chun rochtain a fháil ar an gceartas agus an ceart go ndéanfaí sonraí pearsanta agus luachanna daonlathacha a chosaint. Moltar do Bhallstáit coimircí comhchosúla a áireamh lena ndlíthe náisiúnta freisin le haghaidh cásanna intíre amhail iad siúd a áirítear le hionstraimí an Aontais a fhéachann le haghaidh a thabhairt ar chásanna atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach i leith ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Moltar do Bhallstáit, inter alia, deireadh a chur le téarmaí príosúnachta as cásanna clúmhillte agus tús áite a thabhairt do dhlí an riaracháin nó don dlí sibhialta a úsáid seachas an dlí coiriúil chun dul i ngleic le cásanna den sórt sin, ar choinníoll gur lú an éifeacht phionósach atá ag na forálacha ábhartha agus go n‑eisiann rialacha an riaracháin aon chineál coinneála.
Cumhdaítear leis an Moladh seo freisin gnéithe a bhaineann le hoiliúint gairmithe dlí agus spriocanna féideartha chun feabhas a chur ar a gcuid eolais agus scileanna dul i ngleic go héifeachtach le SLAPPanna, feasacht a ardú go háirithe chun go mbeidh iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine in ann SLAPP a aithint nuair a chuirtear rompu é, tacaíocht a thabhairt do spriocanna SLAPPanna (e.g. cúnamh airgeadais nó dlí) agus faireachán agus bailiú sonraí a dhéanamh ar bhealach níos córasaí.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
An Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach
D’eisigh an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach an 3 Nollaig 2020, inar fógraíodh tacar beart chun saoirse agus iolrachas na meán a neartú, lena n‑áirítear an tionscnamh SLAPP agus moladh maidir le sábháilteacht iriseoirí dá dtagraítear thíos. Is é an Plean Gníomhaíochta an scáth‑thionscnamh a fhéachann le saoránaigh a chumhachtú agus daonlathais níos athléimní a thógáil ar fud an Aontais.
Moladh maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú
Mar a chuirtear i dtábhacht sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, is minic a úsáidtear SLAPPanna in éineacht le bagairtí ar shábháilteacht fhisiciúil iriseoirí. Ghlac an Coimisiún Moladh an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú.
Is é is aidhm don Mholadh sin dálaí oibre níos sábháilte a áirithiú do ghairmithe uile sna meáin, gan eagla gan imeaglú, bídís ar líne nó as líne. Leagtar síos leis gníomhaíochtaí le haghaidh na mBallstát chun feabhas a chur ar shábháilteacht iriseoirí. Éilítear leis go gcruthófar seirbhísí tacaíochta náisiúnta neamhspleácha, lena n‑áirítear línte cabhrach, comhairleoireacht dhlíthiúil, tacaíocht shíceolaíoch agus tearmainn le haghaidh iriseoirí agus gairmithe sna meáin a bhfuil bagairtí á ndéanamh orthu. Éilítear leis freisin go méadóidh ar chosaint iriseoirí le linn léirsithe, ar a sábháilteacht ar líne agus ar thacaíocht le hiriseoirí ban go háirithe.
Straitéis chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a neartú.
Tá an togra seo comhlántach agus i gcomhréir go hiomlán leis an Straitéis chun cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a neartú, a glacadh an 2 Nollaig 2020. Aithnítear leis an Straitéis sin go bhfuil eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine ríthábhachtach do dhaonlathas sláintiúil agus do shochaí inar féidir le daoine a gcearta bunúsacha a fheidhmiú. Dá bhrí sin, leagtar amach gníomhaíochtaí leis chun, inter alia, tacaíocht agus cosaint a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine. Go háirithe, aithnítear leis an Straitéis go bhfuil dúshláin roimh na gníomhaithe sin i roinnt Ballstát, lena n‑áirítear feachtais clúmhillte, ionsuithe fisiciúla agus ó bhéal, imeaglú agus ciapadh, lena n‑áirítear trí SLAPPanna.
Sa Straitéis, d’iarr an Coimisiún ar na Ballstáit timpeallacht thacúil shábháilte le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine a chur chun cinn ina dtír, go háirithe ar an leibhéal áitiúil.
Leis an togra seo atá anois ann, leagtar bunchloch amháin eile a neartaíonn cearta bunúsacha san Aontas Eorpach agus tacaítear le ceann de chuspóirí na Straitéise.
Tuarascálacha maidir leis an Smacht Reachta
I dTuarascálacha 2020 agus 2021 ón gCoimisiún maidir le Smacht Reachta, tugtar fianaise ar SLAPPanna a bheith ag teacht chun cinn san Aontas Eorpach. Cuirtear i dtábhacht sna tuarascálacha go bhfuil ag méadú ar na bagairtí agus na hionsuithe, idir fhisiciúla agus ar líne, a bhíonn á ndéanamh ar iriseoirí agus ar chosantóirí chearta an duine i roinnt Ballstát, i ndáil lena gcuid foilseachán agus a gcuid oibre, ar bhealaí éagsúla lena n‑áirítear trí SLAPPanna a thabhairt ina n‑aghaidh.
An Treoir maidir le cosaint do lucht sceite eolais
Ní dhéanann an togra seo difear don chosaint dá bhforáiltear cheana leis an Treoir maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais agus tá sé go hiomlán comhsheasmhach leis an Treoir sin. Tá cosaint éifeachtach sceithirí in aghaidh frithbhirt fíor‑riachtanach chun an leas poiblí a chosaint, agus chun ról na meán mar fhoras faire i sochaithe daonlathacha a choimirciú, ós minic a bhíonn sceithirí ina bhfoinsí tábhachtacha don iriseoireacht iniúchach. Le Treoir 2019/1937 soláthraítear cosaint láidir do dhaoine a thuairiscíonn faisnéis maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais in aghaidh aon chineál frithbhirt, laistigh agus lasmuigh den chomhthéacs oibre araon, lena n‑áirítear frithbheart trí imeachtaí amhail iad siúd a bhaineann le clúmhilleadh, sárú rúndachta agus cosaint sonraí pearsanta. I gcásanna a thagann faoi raon feidhme an togra seo agus Threoir 2019/1937 araon, ba cheart an chosaint a thugann an dá ghníomh a bheith infheidhme.
Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020‑2024
Rannchuidíonn an Plean Gníomhaíochta le sábháilteacht agus cosaint iriseoirí agus oibrithe sna meáin ar fud an domhain, lena n‑áirítear trína bheith ag obair ar thimpeallacht cumasúcháin i gcomhair na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus trí cháineadh a dhéanamh ar ionsuithe agus ar chineálacha eile ciaptha agus imeaglaithe ar líne agus as líne araon. Tugtar aghaidh leis an bPlean ar bhagairtí sonracha atá ar iriseoirí ban, áirithítear leis go bhfaighidh na daoine a ndéantar ciapadh, imeaglú, nó bagairt orthu cúnamh trí shásraí cosanta an Aontais le haghaidh chosantóirí chearta an duine agus tacaíonn sé le tionscnaimh ó na meáin. Iarrtar ar údaráis stáit leis foréigean den sórt sin a chosc agus a cháineadh agus bearta éifeachtacha a dhéanamh chun deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós.
Tá cosaint iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine i gcroílár ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas, i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta. Tá an togra seo i sineirgíocht leis na hiarrachtaí láidre atá á stiúradh ag an Aontas ar fud an domhain i ndáil leis sin agus tabharfaidh sé spreagadh breise le haghaidh tuilleadh tacaíochta spriocdhírithe do chosantóirí chearta an duine agus d’iriseoirí atá ag dul i ngleic le SLAPPanna.
Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine i ndáil le Saoirse chun Tuairimí a Nochtadh ar líne agus as líne
Sonraítear leis na treoirlínte go n‑oibreoidh an tAontas i gcoinne ionsuithe treallacha, in aghaidh mí‑úsáid as éadan a bheith á baint as imeachtaí coiriúla agus sibhialta agus i gcoinne feachtais clúmhillte agus srianta iomarcacha ar iriseoirí, ar ghníomhaithe sna meáin, ar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ar phearsana sna meáin shóisialta a thionscnaítear agus é d’aidhm acu na comhlachais agus na daoine aonair sin a chosc óna bheith ag feidhmiú a gceart chun tuairimí a nochtadh gan bhac.
Coinbhinsiún Aarhus
Is Páirtithe iad an tAontas agus a Bhallstáit i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’) agus tá a n‑oibleagáidí agus a bhfreagrachtaí dílse féin agus oibleagáidí agus freagrachtaí roinnte ag gach ceann acu faoin gCoinbhinsiún sin. Éilítear le hAirteagal 3(8) den Choinbhinsiún sin ar gach Páirtí a áirithiú nár cheart pionós a ghearradh ar dhaoine a fheidhmíonn a gcearta i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin agus nár cheart iad a ghéarleanúint ná a chiapadh ar aon bhealach as a rannpháirtíocht. Tagann cosantóirí comhshaoil faoi raon feidhme an togra seo, rud a rannchuidíonn le cur chun feidhme na hoibleagáide idirnáisiúnta sin arna gabháil de láimh ag an Aontas.
Teachtaireacht maidir le Coireacht Chomhshaoil a Chomhrac
Ina Theachtaireacht a glacadh an 15 Nollaig 2021, gheall an Coimisiún go n‑áireofar cosantóirí comhshaoil i dtogra le haghaidh reachtaíochta in aghaidh mí‑úsáid dlíthíochta a dhíríonn ar iriseoirí agus ar chosantóirí ceart.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é Airteagal 81(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí atá leis an togra seo, arb é an gnáthbhunús dlí atá le comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Ar dhóigh níos sonraí, is é Airteagal 81(2)(f) CFAE an bunús dlí, lena dtugtar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéanfar ‘constaicí ar dhea‑oibriú imeachtaí sibhialta a dhíchur, más gá, trí chomhchuibheas na rialacha maidir leis an nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn’. Ós rud é go bhfuil SLAPPanna ina gconstaic ar dhea‑oibriú imeachtaí sibhialta, tá an tAontas inniúil ar reachtú ar an mbonn sin in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Mí‑úsáid imeachtaí sibhialta atá in SLAPPanna toisc gurb é is aidhm dóibh cosantóirí a chiapadh agus a chur ina dtost seachas rochtain a fháil ar an gceartas. An tráth céanna, cuireann imeachtaí fada ualaí breise ar chórais cúirteanna náisiúnta.
Tá na rialacha a bhaineann le breithiúnais thríú tír i gCaibidil V bunaithe ar Airteagal 81(2)(f) freisin ó tharla go bhfuil siad teagmhasach le príomhchuspóir an togra seo. Áirithítear leo go mbeidh éifeacht ag rialacha an togra seo in aghaidh imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach mar gheall ar rannpháirtíocht phoiblí trí chosc a chur ar chásanna den sórt sin a bheith á dtabhairt os comhair cúirteanna tríú tíortha.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Bíonn SLAPPanna ag teacht chun cinn i mórán Ballstát agus ag teacht chun bheith ina bhfadhb ar fud an Aontais. An tráth céanna, ní sholáthraíonn aon cheann de na Ballstáit coimircí sonracha in aghaidh SLAPPanna faoi láthair. Cé go bhféadfaí, ag brath ar an dlí náisiúnta, roinnt coimircí ginearálta atá ann cheana a úsáid in aghaidh SLAPPanna, tá éagsúlachtaí substaintiúla i gcoimircí ginearálta den sórt sin ó Bhallstát go Ballstát agus is teoranta a n‑éifeachtacht chun aghaidh a thabhairt ar SLAPPanna. Thairis sin, de dhroim na n‑éagsúlachtaí atá ann cheana sna dlíthe náisiúnta nós imeachta, tá an baol ann go méadóidh ar an tsiopadóireacht dlínse agus go dtionscnófar imeachtaí cúirte iomadúla i ndlínsí éagsúla Aontais. Léiríonn an fhianaise nach mbíonn ar chumas an dlí náisiúnta nós imeachta i gcónaí dul i ngleic leis na castachtaí breise a eascraíonn as imeachtaí trasteorann. Fágann na héagsúlachtaí sna dlíthe náisiúnta nach móide ar bith é go n‑éireoidh leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ina n‑aonar, dul i ngleic leis an bhfeiniméan nó bheith in ann a áirithiú go mbeidh comhleanúnachas ar an iomlán idir rialacha den sórt sin ar fud na mBallstát chun ardchaighdeán comhionann cosanta a áirithiú ar fud an Aontais.
Is cosúil gur gá caighdeáin íosta a leagan síos agus comhchuibheas na rialacha maidir leis an nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit in aghaidh SLAPPanna a áirithiú ionas go rachfar i ngleic leis na rioscaí sin agus nach mbeidh nósanna imeachta mí‑úsáideacha atá fada iomadúil ina n‑ualach ar na cúirteanna náisiúnta. Cuidíonn gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh leis an gcomhrac i gcoinne SLAPPanna a bheith ag teacht chun cinn agus ag dul i líonmhaire ar fud an Aontais ar bhealach comhsheasmhach agus áirithíonn sé go mbeidh cóineasú sna cineálacha cur chuige a ghlacann na Ballstáit i leith an fheiniméin.
Sholáthródh gníomhaíocht Aontais coimircí chun dul i ngleic le SLAPPanna ó thríú tíortha ar bhealach éifeachtach, rud a chuirfeadh luach breise leis an gcosaint. Tá gá le gníomhaíocht chomhpháirteach ó na Ballstáit chun SLAPPanna ó thríú tíortha a chomhrac freisin, óir, ina héagmais, d’fhéadfadh éilitheoirí féachaint le tairbhiú den éagsúlacht córas idir Ballstáit agus aitheantas ar bhreithiúnais SLAPP tríú tíortha agus a bhforfheidhmiú a lorg san áit ab fhusa iad a fháil.
Sa togra seo, urramaítear prionsabal na coimhdeachta trí gan ach coimircí spriocdhírithe a bheartú agus tríd an ngníomhaíocht reachtach a theorannú dá bhfuil fíorghá leis chun an méid nach féidir le Ballstáit a dhéanamh ina n‑aonar a bhaint amach.
•Comhréireacht
Ba cheart gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais a bheith spriocdhírithe agus teoranta don mhéid a bhfuil gá leis chun comhsheasmhacht an chur chuige sna Ballstáit i ndáil le staideanna trasteorann a áirithiú. Tá an togra ceaptha chun urraim a thabhairt do phrionsabal na comhréireachta. Sin an fáth nach mbeartaítear ach coimircí nós imeachta atá spriocdhírithe go maith. Ceaptar iad ionas nach soláthrófar ach an méid a bhfuil gá leis chun a áirithiú go n‑oibreoidh nósanna imeachta sibhialta trasteorann níos fearr i gcás SLAPPanna, ar bagairt thromchúiseach iad ar an daonlathas Eorpach agus ar an smacht reachta.
Léirítear comhréireacht freisin sa mhéid go soláthrófar go leor de na gnéithe atá dírithe ar dhul i ngleic le SLAPPanna mar bhearta neamhreachtacha i moladh seachas trí bhíthin gníomhaíocht reachtach.
•An rogha ionstraime
Treoir is ea an rogha ionstraime reachtaí, a dhéanfaidh foráil maidir le coimircí nós imeachta ceangailteacha comhsheasmhacha sna Ballstáit. Cuirfidh sé sin cosc ar an éagsúlacht coimircí atá ann cheana idir na Ballstáit, a bhféadfadh an tsiopadóireacht dlínse thar theorainneacha a bheith mar thoradh uirthi. An tráth céanna, ós rud é gur treoir an ionstraim a roghnaíodh, beidh na Ballstáit in ann na coimircí nós imeachta sonracha a chur in oiriúint dá ndlí náisiúnta nós imeachta agus sibhialta féin atá fós éagsúil go maith ó Bhallstát go Ballstát.
Comhlánófar an treoir le hionstraim neamhreachtach (moladh). Leis sin, tugtar gníomhaíocht reachtach agus neamhreachtach le chéile go héifeachtach.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Sna comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara, fuarthas ionchur agus barúlacha ó réimse leathan príomhpháirtithe leasmhara ag déanamh ionadaíocht thar ceann saoránaigh AE agus neamh‑AE, údaráis náisiúnta, gairmithe dlí amhail breithiúna, acadóirí, institiúidí taighde, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus grúpaí leasmhara ábhartha eile.
Mar chuid de na comhairliúcháin bhí túsphlé teicniúil i ngrúpa fócais i mí an Mhárta 2021 ina raibh líon roghnaithe rannpháirtithe, ceithre cinn de spriocanna SLAPPanna ina measc, a d’aontaigh a dtaithí phearsanta a roinnt, a sholáthair léargas úsáideach ar SLAPPanna agus a chuidigh leis an gcéim ullmhúcháin.
Le linn comhairliúchán poiblí oscailte idir an 4 Deireadh Fómhair 2021 agus an 10 Eanáir 2022, bailíodh dearcthaí maidir le SLAPPanna ó shaoránaigh, iriseoirí, Ballstáit, eagraíochtaí neamhrialtasacha, ón tsochaí shibhialta, breithiúna, gairmithe dlí agus páirtithe leasmhara eile agus an ghníomhaíocht ba cheart a dhéanamh chun dul i ngleic leo san Aontas.
I gcomhairliúchán spriocdhírithe le breithiúna náisiúnta a rinneadh idir an 12 Samhain 2021 agus an 10 Eanáir 2022 tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála, lorgaíodh tuilleadh aiseolais maidir le sainaithint SLAPPanna, easnaimh fhéideartha i nósanna imeachta, leigheasanna náisiúnta arb ann dóibh cheana (cé nach mbaineann siad go sonrach le SLAPP), feasacht breithiúna maidir le SLAPPanna agus riachtanais oiliúna breithiúna.
I gcruinniú teicniúil le saineolaithe ó Bhallstáit i mí Dheireadh Fómhair 2021, fuarthas léargas ar dhearcthaí na mBallstát (lena n‑áirítear ó chomhlachtaí neamhspleácha agus údaráis na mBallstát) ar cibé acu atá nó nach bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais in aghaidh SLAPPanna agus ar an gcineál gníomhaíochta, ar na leigheasanna breithiúnacha atá ann (más ann dóibh, agus más leigheasanna ginearálta nó sonracha iad) agus ar an gcineál tacaíochta atá ar fáil do spriocanna SLAPPanna faoi láthair ar an leibhéal náisiúnta.
Rinneadh ceardlann le páirtithe leasmhara roghnaithe i mí na Samhna 2021 a bhí ina fóram plé ar mhéid SLAPPanna, ar fhaisnéis a bhailiú agus ar réitigh fhéideartha a phlé agus a thástáil.
Cuireadh san áireamh in obair ullmhúcháin an Choimisiúin an fhianaise a bhailigh Parlaimint na hEorpa le linn dá tuarascáil féintionscnaimh i dtaca leis an ábhar, a glacadh ag deireadh 2021, a bheith á hullmhú.
Ón aiseolas a fuarthas ó na páirtithe leasmhara, go háirithe ón gcomhairliúchán poiblí oscailte agus sa chruinniú le páirtithe leasmhara, léiríodh tacaíocht láidir do ghníomhaíocht uile‑Aontais in aghaidh SLAPPanna, idir ghníomhaíocht reachtach agus neamhreachtach araon. Thuairiscigh na heagraíochtaí uile‑Aontais go mbíonn SLAPPanna ag dul i líonmhaire san Aontais, lena n‑áirítear cásanna trasteorann. Sna barúlacha a cuireadh in iúl sa chomhairliúchán poiblí, cuireadh i dtábhacht freisin a thábhachtaí atá oiliúint agus ardú feasachta i leith SLAPPanna, na tairbhí a bhaineann le bailiú faisnéise agus an gá atá le faireachán ceart ar SLAPPanna.
Sholáthraigh an t‑aiseolas ón gcomhairliúchán poiblí agus ón gcruinniú le páirtithe leasmhara fianaise thábhachtach faoin bhfeiniméan san Aontas freisin, a cuireadh san áireamh sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an togra seo.
Chuir an chuid is mó de na Ballstáit a dtacaíocht le haghaidh gníomhaíocht Aontais in aghaidh SLAPPanna in iúl, á chur i dtábhacht gurb éigean an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus saoirse na meán a chosaint, agus an chothromaíocht idir bearta cosanta frith‑SLAPP agus rochtain ar an gceartas a chaomhnú san am céanna. Dhírigh roinnt Ballstát ar easpa fianaise i dtaca le cásanna SLAPP, go háirithe leo siúd a bhfuil gné thrasteorann acu, mar fheiniméan ar díol imní é ina dtír.
Léiríodh sa chomhairliúchán spriocdhírithe le breithiúna náisiúnta nach bhfuil aon sainmhíniú dlíthiúil ann ar SLAPP ná córas coimircí a bhaineann go sonrach le SLAPP i mBallstáit na bhfreagróirí cé gur féidir, i bprionsabal, cuid de na coimircí ginearálta náisiúnta atá ann cheana a úsáid i gcásanna SLAPP.
Ghlac Parlaimint na hEorpa tuarascáil féintionscnaimh maidir le SLAPPanna an 11 Samhain 2021 inar iarradh ar an gCoimisiún pacáiste cuimsitheach beart in aghaidh SLAPPanna, lena n‑áirítear reachtaíocht, a chur i láthair.
Choimisiúnaigh an Coimisiún staidéir freisin chun tuiscint níos fearr a fháil ar an bhfeiniméan san Aontas agus an staid sna Ballstáit a mhapáil den chéad uair. Thug an chéad mhapáil léargas ar SLAPPanna agus ar chúiseanna na faidhbe. Staidéar comparáideach níos doimhne a bhí sa dara staidéar ina ndearnadh measúnú mionsonraithe ar staid na himeartha faoi láthair sna Ballstáit.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Chuir an Coimisiún Grúpa Saineolaithe ar bun in 2021 chun an tionscnamh SLAPP a ullmhú. Bhí idir acadóirí, ghairmithe dlí agus ionadaithe ó na meáin agus ón tsochaí shibhialta sa ghrúpa. Ba é sainordú an ghrúpa saineolas dlíthiúil maidir le SLAPPanna a sholáthar, gníomhú mar ardán ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun dea‑chleachtais agus eolas a mhalartú agus, i gcás inar féidir, cúnamh a thabhairt do spriocanna SLAPPanna. Rinneadh foghrúpa reachtach sonrach a chruthú laistigh den ghrúpa saineolaithe i bhfómhar 2021 chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún an togra reachtach a ullmhú.
•Doiciméad Inmheánach Oibre
Gabhann Doiciméad Inmheánach Oibre leis an togra, ina gcuirtear i láthair an réasúnaíocht, an anailís agus an fhianaise atá ar fáil chun bonn taca a chur faoin togra. Ní ghabhann aon Mheasúnú Tionchair leis an togra, óir soláthróidh an togra coimircí nós imeachta spriocdhírithe agus ní ghinfidh sé costais inchainníochtaithe shuntasacha. Os a choinne sin, soláthróidh sé modhanna níos oiriúnaithe do chúirteanna náisiúnta chun deireadh a chur le hiarrachtaí mí‑úsáid a bhaint as nósanna imeachta breithiúnacha agus costais na mí‑úsáide sin don chóras breithiúnach a sheachaint. Thairis sin, ós rud é go gcuireann SLAPPanna na cearta bunúsacha chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i mbaol, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar gníomhaíocht láidir go pras chun cosc a chur ar an bhfeiniméan díobhálach sin, nár tháinig chun cinn go dtí le déanaí ach a bhíonn ag tarlú níos minice, óna bheith ag leathadh amach a thuilleadh san Aontas.
•Cearta bunúsacha
Cuireann an togra cosaint na gceart bunúsach san Aontas Eorpach chun cinn. Imríonn iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus spriocghrúpaí eile a thairbhíonn de na coimircí nós imeachta atá beartaithe ról ríthábhachtach i ndaonlathais Eorpacha, go háirithe chun an díospóireacht phoiblí, cearta bunúsacha, luachanna daonlathacha, cuimsiú sóisialta, cosaint an chomhshaoil agus an smacht reachta a bhuanú. An tráth céanna, tá príomhról le himirt ag an dlí nós imeachta chun éifeachtacht na gceart bunúsach a ráthú i gcomhréir leis an gCairt.
Leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, a leagtar amach in Airteagal 11 den Chairt, folaítear an ceart chun tuairimí a bheith ag an duine agus an ceart chun faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus gan beann ar theorainneacha. Cé nach ceart glan é, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú a chuirtear leis agus ní mór dó inneachar sár‑riachtanach an chirt sin a urramú agus ní fhéadfar an teorannú a dhéanamh ach amháin má tá gá leis agus má chomhlíonann sé le fírinne na cuspóirí leasa ghinearálta atá aitheanta ag an Aontas nó an gá cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint (Airteagal 52(1) den Chairt).
An tráth céanna, áirithíonn an togra an chothromaíocht idir rochtain ar an gceartas mar a ráthaítear in Airteagal 47 den Chairt agus cearta pearsantachta/príobháideachais faoi Airteagail 7 agus 8 den Chairt agus an chosaint ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Déantar na coimircí nós imeachta a spriocdhíriú go cúramach agus fágann siad lánrogha leordhóthanach ag an gcúirt i gcásanna aonair an chothromaíocht leochaileach a choinneáil ar bun idir éilimh atá go follasach gan bhunús a dhíbhe go pras agus rochtain éifeachtach a bheith ar an gceartas.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh impleachtaí ag an togra seo ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún éascaíocht do chur chun feidhme na Treorach sna Ballstáit trí chúnamh trasuite a sholáthar chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go rianúil sna Ballstáit í, agus eagrófar ceardlann trasuite amháin ar a laghad agus cruinnithe déthaobhacha lena n‑áirítear ar éileamh ó Bhallstáit. Iarrfar ar Bhallstáit freisin fógra a thabhairt faoina mbearta trasuite náisiúnta.
Déanfar athbhreithniú ar oibriú na Treorach 5 bliana tar éis a cur i bhfeidhm.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
Ní éilítear doiciméid mhíniúcháin shonracha leis an togra seo.
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Ceithre phríomhchuid leithleacha atá sa Treoir: rialacha comhchoiteanna maidir le coimircí nós imeachta (Caibidil II), díbhe luath imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús (Caibidil III), leigheasanna in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha (Caibidil IV) agus cosaint ar bhreithiúnais ó thríú tíortha (Caibidil V). Tá na forálacha i gCaibidil I agus IV cothrománach ina raon feidhme.
Caibidil I Forálacha ginearálta: sa chaibidil seo, tá forálacha maidir le hábhar agus raon feidhme na hionstraime, roinnt sainmhínithe agus foráil maidir leis na cásanna ina meastar go bhfuil impleacht thrasteorann ag ábhar chun críoch na Treorach.
Sonraítear an t‑ábhar in Airteagal 1, á shoiléiriú go bhfuil na coimircí sonracha dá bhforáiltear sa Treoir ceaptha aghaidh a thabhairt ar imeachtaí cúirte in ábhair shibhialta atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach a bhfuil impleachtaí trasteorann acu agus a thugtar in aghaidh daoine nádúrtha agus dlítheanacha araon mar gheall ar iad a bheith ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí, go háirithe iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine.
Sainítear raon feidhme ábhartha na Treorach in Airteagal 2, a bhfuil feidhm aici maidir le hábhair de chineál sibhialta nó tráchtála a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, pé cineál cúirte nó binse atá i gceist. Áirítear leis sin éilimh shibhialta a dhéantar in imeachtaí coiriúla mar aon le bearta idirlinne agus cosanta, frithéilimh nó cineálacha ar leith leigheasanna eile atá le fáil faoi ionstraimí eile. Mar a tharlaíonn i gcás ionstraimí sibhialta agus tráchtála eile Aontais, ní thagann ábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná dliteanas an Stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit faoina raon feidhme. Áirítear leis an gcoincheap acta iure imperii éilimh in aghaidh oifigigh a ghníomhaíonn thar ceann an Stáit agus dliteanas i leith gníomhartha údarás poiblí, lena n‑áirítear dliteanas sealbhóirí oifige arna gceapadh go poiblí. Níor cheart údaráis phoiblí a mheas a bheith ina spriocanna SLAPP dá bhrí sin.
Soláthraítear in Airteagal 3 an sainmhíniú ar rannpháirtíocht phoiblí, ar ábhar leasa phoiblí agus ar imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí.
Sainmhínítear rannpháirtíocht phoiblí go leathan mar aon ráiteas nó aon ghníomhaíocht a chuirtear in iúl nó a dhéantar lena linn seo a leanas:
1)feidhmiú an chirt chun saoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, amhail cumarsáid, foilseacháin nó oibreacha iriseoireachta, polaitíochta, eolaíochta, acadúla, ealaíon, tráchtaireachta nó aoracha a chruthú, a thaispeáint nó a fhógairt, agus gníomhaíocht ullmhúcháin, tacaíochta nó chúnta atá nasctha go díreach leis sin;
2)feidhmiú an chirt chun saoirse comhlachais agus comhthionóil shíochánta, amhail gníomhaíochtaí brústocaireachta, léirsithe agus agóidí nó gníomhaíochtaí a thagann as feidhmiú an chirt chun dea‑riaracháin agus an chirt chun leigheas éifeachtach a eagrú nó rannpháirt a ghlacadh iontu, amhail comhdú gearán, achainíocha nó éileamh riaracháin agus breithiúnach agus rannpháirtíocht in éisteachtaí poiblí, mar aon le gníomhaíocht ullmhúcháin, tacaíochta nó chúnta atá nasctha go díreach leis sin.
Ina theannta sin, cumhdaítear leis gníomhaíochtaí eile atá ceaptha bonn eolais a chur faoi thuairimí an phobail nó tionchar a imirt orthu nó gníomhaíocht an phobail a chur chun cinn, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí a dhéanann aon eintiteas príobháideach nó poiblí i ndáil le saincheist leasa phoiblí, amhail taighde, suirbhéanna, feachtais nó aon chineál eile gníomhaíochta comhchoitinne a eagrú nó rannpháirt a ghlacadh iontu, mar aon le gníomhaíocht ullmhúcháin, tacaíochta nó chúnta atá nasctha go díreach leis sin. Is gníomhaíochtaí ullmhúcháin iad agallaimh a dhéanann iriseoir iniúchach nó acadóir, mar shampla, chun ráiteas a ullmhú, nó an fhaisnéis a bhailigh cosantóir comhshaoil. Ba cheart gníomhaíochtaí tacaíochta agus cúnta a chumhdach toisc go bhféadann éilitheoirí imeachtaí cúirte a thabhairt in aghaidh gníomhaithe a sholáthraíonn seirbhísí tacaíochta nó cúnta a bhfuil gá leo, amhail seirbhísí nascachta idirlín nó priontála, agus é de chuspóir acu srian a chur go hindíreach leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh atá ag an té is sprioc do SLAPP iarbhír. Is gá nasc díreach bunúsach a bheith ag gníomhaíochtaí ullmhúcháin, tacaíochta agus cúnta den sórt sin leis an ráiteas nó leis an ngníomhaíocht i gceist.
Os a choinne sin, níor cheart fógraíocht tráchtála agus gníomhaíocht mhargaíochta (caint tráchtála) a chumhdach le rannpháirtíocht phoiblí de ghnáth.
Sainmhínítear ábhar leasa phoiblí ar bhonn níos leithne freisin, agus tagairt á déanamh d’aon ábhar a dhéanann difear don phobal sa mhéid is go bhféadfadh leas dlisteanach a bheith ag an bpobal ann, i réimsí amhail an tsláinte phoiblí, an tsábháilteacht, an comhshaol, an aeráid nó tairbhiú de na cearta bunúsacha, mar shampla.
Tagraíonn an sainmhíniú ar imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí d’imeachtaí cúirte a thugtar i ndáil le rannpháirtíocht phoiblí atá go hiomlán nó go páirteach gan bhunús agus a bhfuil sé de phríomhchuspóir acu an rannpháirtíocht phoiblí a chosc nó a shrianadh nó pionós a ghearradh ina leith.
Léiríonn liosta neamh‑uileghabhálach na táscairí is coitianta a bhaineann le mí‑úsáid, amhail
cineál díréireach, iomarcach nó míréasúnta an éilimh nó na coda de, imeachtaí iomadúla a bheith ann arna dtionscnamh ag an éilitheoir nó ag páirtithe a bhaineann leis i ndáil le hábhair chomhchosúla nó imeaglú, ciapadh nó bagairtí arna ndéanamh ag an éilitheoir nó ag a ionadaithe.
Is iondúil go mbaineann teaicticí dlíthíochta a úsáidtear de mheon mímhacánta le himeachtaí cúirte mí‑úsáideacha amhail moill a chur ar imeachtaí, costais dhíréireacha a tharraingt ar an gcosantóir sna himeachtaí nó an tsiopadóireacht dlínse. Na teaicticí sin a úsáideann an t‑éilitheoir chun críoch eile seachas ceartas a bhaint amach, is minic, ach ní i gcónaí, a úsáidtear iad in éineacht le cineálacha éagsúla imeaglaithe, ciaptha nó bagairtí roimh na himeachtaí nó lena linn, chun bac a chur ar an rannpháirtíocht phoiblí.
Sonraítear in Airteagal 4 cén cás ina meastar go bhfuil impleachtaí trasteorann ag ábhar.
Chun críche na Treorach seo, meastar go bhfuil impleachtaí trasteorann ag ábhar ach amháin má bhíonn sainchónaí ar an dá pháirtí sa Bhallstát céanna leis an gcúirt a dtugtar an cás os a comhair, rud a léiríonn go nglactar leis gur de chineál intíre amháin é an cás.
Mar sin féin, fiú amháin i gcás ina bhfuil sainchónaí ar an dá pháirtí leis na himeachtaí sa Bhallstát céanna leis an gcúirt a dtugtar an cás os a comhair, measfar go bhfuil impleachtaí trasteorann ag an ábhar in dhá chineál staide eile.
1)An chéad staid is ea cás ina mbeidh gníomh sonrach na rannpháirtíochta poiblí a bhaineann le hábhar leasa phoiblí idir chamáin ábhartha do níos mó ná Ballstát amháin. Áirítear leis sin, mar shampla, rannpháirtíocht phoiblí in imeachtaí arna n‑eagrú ag institiúidí an Aontais, amhail láithreacht in éisteachtaí poiblí, nó ráitis nó gníomhaíochtaí maidir le hábhair atá ábhartha go sonrach do níos mó ná Ballstát amháin, amhail truailliú trasteorann nó líomhaintí sciúrtha airgid lena bhféadfadh gnéithe trasteorann a bheith bainteach.
2)An dara staid inar cheart a mheas go bhfuil impleachtaí trasteorann ag ábhar is ea cás inar thionscain an t‑éilitheoir nó eintitis a bhaineann leis imeachtaí cúirte comhthráthacha nó imeachtaí cúirte roimhe seo in aghaidh na gcosantóirí céanna nó cosantóirí a bhaineann leo i mBallstát eile.
3)Cuirtear comhthéacs sonrach SLAPPanna san áireamh sa dá chineál staide sin.
Caibidil II Rialacha comhchoiteanna maidir le coimircí nós imeachta: Sa Chaibidil seo, tá forálacha cothrománacha maidir leis an iarratas ar choimircí nós imeachta, inneachar an iarratais agus gnéithe nós imeachta eile.
Faoi Airteagal 5, is féidir iarratas a chur isteach le haghaidh cineálacha éagsúla coimircí nós imeachta:
a)urrús i gcomhréir le hAirteagal 8
b)díbhe luath imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús i gcomhréir le Caibidil III;
c)leigheasanna in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcomhréir le Caibidil IV.
Cé gur cheart an tuairisc ar chineál an ráitis nó na gníomhaíochta mar ghníomh rannpháirtíochta poiblí a bheith ina riachtanas inghlacthachta, ba cheart tuairisc ar fhianaise thacaíochta a mheas a bheith iomchuí, murar sholáthair an príomhéilitheoir aon fhianaise cheana nó mura bhfuil sí le fáil ag an gcúirt ar bhealach eile. Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadann an chúirt nó an binse a dtugtar an t‑ábhar os a comhair nó os a chomhair na bearta céanna a dhéanamh ex officio ag aon chéim de na himeachtaí.
Déileálann Airteagal 6 le leasuithe arna ndéanamh ar an éileamh nó ar phléadálacha ina dhiaidh sin ag éilitheoir a tharraingíonn siar as éilimh nó pléadálacha nó a leasaíonn d’aon ghnó iad chun dámhachtain costas don pháirtí ar éirigh leis a sheachaint. D’fhéadfadh an straitéis dlíthiúil sin an chumhacht a bhaint den chúirt cineál mí‑úsáideach na n‑imeachtaí cúirte a admháil agus an cosantóir a fhágáil gan deis aisíocaíocht a fháil as costais nós imeachta. Áirithítear leis an bhforáil nach ndéanfaidh aon leasú a dhéanfaidh an t‑éilitheoir ar na héilimh nó na pléadálacha ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear scor de na himeachtaí, difear don fhéidearthacht go ndéanfaidh an chúirt nó an binse a dtugtar an t‑ábhar os a comhair nó os a chomhair na himeachtaí cúirte a mheas a bheith mí‑úsáideach agus dámhachtain costas, cúiteamh as damáistí nó pionóis a dheonú.
Foráiltear le hAirteagal 7 go bhféadfaidh cúirt nó binse a dtugtar an t‑ábhar os a comhair nó os a chomhair glacadh leis go bhféadfaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha a choimircíonn cearta daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí nó a chuireann chun cinn iad rannpháirt a ghlacadh sna himeachtaí, chun tacú leis an gcosantóir nó chun faisnéis a sholáthar. Ba cheart do Bhallstáit ceanglais nós imeachta idirghabhála a reachtú, lena bhféadfaí a áireamh teorainneacha ama, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta is infheidhme maidir leis an gcúirt nó leis an mbinse a dtugtar an t‑ábhar os a comhair nó os a chomhair.
Tugtar isteach le hAirteagal 8 an chumhacht ag an gcúirt nó ag an mbinse a éileamh ar an éilitheoir urrús a sholáthar le haghaidh costais nós imeachta nó le haghaidh costais nós imeachta agus damáistí, i gcás ina measann an chúirt go bhfuil gnéithe den éileamh ann a léiríonn mí‑úsáid nós imeachta agus gur beag an seans go n‑éireoidh leis sna príomhimeachtaí, fiú mura bhfuil an t‑éileamh go follasach gan bhunús.
Caibidil III Díbhe luath imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús: Déileáiltear sa Chaibidil seo le ceanglais agus coimircí nós imeachta chun díbhe luath a dheonú in imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús.
Deirtear in Airteagal 9 go ndeonaítear díbhe luath nuair atá an t‑éileamh a thugtar in aghaidh an chosantóra go follasach gan bhunús, go hiomlán nó go páirteach. Má dhíbhtear an príomhéileamh níos déanaí sa ghnáthimeacht, féadfaidh an cosantóir tairbhiú fós de leigheasanna eile in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha, má aithnítear gnéithe mí‑úsáide an tráth sin.
Foráiltear le hAirteagal 10, i gcás ina ndéanann an cosantóir iarratas ar dhíbhe luath, go gcuirtear bac ar na príomhimeachtaí go dtí go ndéantar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas sin. Áirithíonn bac ar imeachtaí arna thionscnamh ag an éilitheoir go gcuirtear gníomhaíocht nós imeachta ar fionraí agus go laghdaíonn, dá bhrí sin, ar chostais nós imeachta an chosantóra. Chun aon tionchar ar rochtain éifeachtach ar an gceartas a sheachaint, bac sealadach ba cheart a bheith ann agus níor cheart é a choimeád i bhfeidhm ach go dtí go ndéantar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas, nach bhfuil faoi réir athbhreithniú breithiúnach a thuilleadh.
Ceanglaítear le hAirteagal 11 go gcaithfear le hiarratas ar dhíbhe luath i nós imeachta brostaithe, agus imthosca an cháis agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus an ceart chun triail chóir a fháil á gcur san áireamh. Chun luas ard a áirithiú sa nós imeachta brostaithe, féadfaidh Ballstáit teorainneacha ama a shocrú le haghaidh éisteachtaí a thionóladh nó cinneadh a dhéanamh ag an gcúirt. Féadfaidh siad scéimeanna a ghlacadh freisin ar cosúil iad le nósanna imeachta i ndáil le bearta sealadacha.
Tugtar riail speisialta maidir leis an dualgas cruthúnais isteach le hAirteagal 12: má rinne cosantóir iarratas ar dhíbhe luath a léiríonn gur gníomh rannpháirtíochta poiblí atá sa ráiteas nó sa ghníomhaíocht, is faoin éilitheoir a bheidh sé a chruthú nach bhfuil an t‑éileamh go follasach gan bhunús. Ní hionann sin agus teorannú ar rochtain ar an gceartas, á chur san áireamh go bhfuil an dualgas cruthúnais i ndáil leis an éileamh ar an éilitheoir agus nach gá dó ach tairseach i bhfad níos ísle a chomhlíonadh, is é sin a thaispeáint nach bhfuil an t‑éileamh go follasach gan bhunús, chun díbhe luath a sheachaint.
Foráiltear le hAirteagal 13 gur cheart cinneadh a dheonaíonn nó a dhiúltaíonn díbhe luath a bheith faoi réir achomhairc.
Caibidil IV Leigheasanna in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha: Sa Chaibidil seo, tá forálacha maidir le dámhachtain costas, cúiteamh as damáistí agus pionóis.
Foráiltear le hAirteagal 14 gur féidir ordú d’éilitheoir a thug imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí costais uile na n‑imeachtaí a íoc, lena n‑áirítear costais iomlána na hionadaíochta dlíthiúla arna dtabhú ag an gcosantóir, mura bhfuil na costais sin iomarcach.
Áirithítear le hAirteagal 15 go bhfuil aon duine nádúrtha nó dlítheanach dá ndearnadh díobháil de dheasca imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí in ann lánchúiteamh as an díobháil sin a éileamh agus a fháil. Cumhdaítear leis sin damáiste ábhartha agus neamhábhartha araon. Áirítear le damáiste ábhartha, mar shampla, táillí dlíodóra, nuair nach bhfuil siad in‑aisíoctha mar chostais, speansais taistil agus costais leighis (le haghaidh cúnamh síceolaíoch, mar shampla) má tá nasc cúisíoch acu leis na himeachtaí cúirte. Ba cheart costais réamhthrialach a mheas a bheith ina ndamáistí ábhartha mura n‑áirítear iad le costais de réir dlíthe náisiúnta. Cumhdaítear le damáiste neamhábhartha cineálacha éagsúla díobhála fisiciúla agus/nó síceolaíche. Áirítear leis, mar shampla, pian agus fulaingt nó anbhuain mhothúchánach a bhaineann leis na himeachtaí cúirte, lagú saoil nó caidrimh, damáiste do chlú agus aon chineál damáiste dholáimhsithe i gcoitinne.
Foráiltear le hAirteagal 16 go bhféadfaí pionóis éifeachtacha chomhréireacha athchomhairleacha a fhorchur ar an bpáirtí a thug na himeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí. Is é príomhchuspóir na forála sin éilitheoirí féideartha a dhíspreagadh óna bheith ag gabháil d’imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí. Íocfar pionóis le Ballstáit.
Caibidil V Cosaint ar bhreithiúnais ó thríú tíortha: Sa Chaibidil seo, tá leigheasanna chun an cosantóir a chosaint ar imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha a thugtar i gcúirteanna tríú tíortha.
Ceanglaítear le hAirteagal 17 ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an t‑aitheantas ar bhreithiúnas ó thríú tír in imeachtaí cúirte mar gheall ar rannpháirtíocht phoiblí ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil sainchónaí air i mBallstát, agus forfheidhmiú an bhreithiúnais sin, a dhiúltú mar rud atá contrártha go follasach do bheartas poiblí (ordre public) dá mba rud é go measfaí na himeachtaí sin a bheith go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach dá dtabharfaí iad os comhair chúirteanna an Bhallstáit ina n‑iarrtar an t‑aitheantas nó an forfheidhmiú agus go gcuirfeadh na cúirteanna sin a ndlí féin i bhfeidhm.
Foráiltear le hAirteagal 8, mar leigheas breise in aghaidh breithiúnas ó thríú tír, i gcás ina bhfuil imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí arna dtabhairt i gcúirt nó i mbinse tríú tír in aghaidh duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil sainchónaí air i mBallstát, go bhféadann an duine sin cúiteamh a lorg as na damáistí nó na costais a tabhaíodh i ndáil leis na himeachtaí roimh chúirt nó roimh bhinse an tríú tír, gan beann ar shainchónaí an éilitheora sna himeachtaí sa tríú tír. Leis an bhforáil sin, cruthaítear foras dlínse speisialta nua chun a áirithiú go bhfuil fáil ag spriocanna imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas Eorpach ar leigheas éifeachtach san Aontas in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha a thugtar i gcúirt nó i mbinse tríú tír.
Caibidil VI Forálacha críochnaitheacha: Sa Chaibidil seo, tá rialacha maidir le caidreamh na Treorach le Coinbhinsiún Lugano 2007, maidir le hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach, maidir leis an trasuí sa dlí náisiúnta, maidir le teacht i bhfeidhm agus maidir leis na Ballstáit mar sheolaithe.
2022/0117 (COD)
Togra le haghaidh
TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(2)(f) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Deirtear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.
(2)Deirtear in Airteagal 10(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais. Foráiltear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’), inter alia, an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena n‑áirítear meas ar shaoirse agus iolrachas na meán (Airteagal 11), agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47).
(3)Leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, a leagtar amach in Airteagal 11 den Chairt, folaítear an ceart chun tuairimí a bheith ag an duine agus an ceart chun faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó údarás poiblí agus gan beann ar theorainneacha. Ba cheart míniú agus raon feidhme Airteagal 10 comhfhreagrach den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (“ECHR”) maidir leis an gceart chun tuairimí a nochtadh mar atá léirithe ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (“ECtHR”) a thabhairt d’Airteagal 11 den Chairt.
(4)Cuspóir na Treorach seo ná cosaint a sholáthar do dhaoine nádúrtha agus do dhaoine dlítheanacha a bhíonn rannpháirteach go poiblí i ndáil le hábhair leasa phoiblí, iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine go háirithe, ar imeachtaí cúirte, a thionscnaítear ina n‑aghaidh chun stop a chur lena rannpháirtíocht phoiblí (ar a dtugtar imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí nó ‘SLAPPanna’ freisin).
(5)Tá ról tábhachtach ag iriseoirí in éascaíocht na díospóireachta poiblí agus i roinnt agus i bhfáil faisnéise, tuairimí agus smaointe. Tá sé fíor‑riachtanach go dtugtar an tsaoirse is gás dóibh chun cur le díospóireacht oscailte shaor chothrom agus chun cur in aghaidh bréagaisnéise, ionramhála faisnéise agus cur isteach ar fhaisnéis. Ba cheart go mbeadh iriseoirí in ann a ngníomhaíochtaí a dhéanamh go héifeachtach chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar dhearcthaí iomadúla i ndaonlathais Eorpacha.
(6)Imríonn iriseoirí iniúchacha, go háirithe, ról fíorthábhachtach chun coireacht eagraithe, éilliú agus antoisceachas a chomhrac. Gabhann rioscaí thar a bheith ard lena gcuid oibre agus tá an líon ionsuithe agus an ciapadh a dhéantar orthu ag méadú. Is gá córas stóinseach coimircí a bheith ann a chuirfidh ar a gcumas dóibh a ról ríthábhachtach a chomhlíonadh mar fhorais faire ar ábhair leasa phoiblí dhlisteanaigh.
(7)Imríonn cosantóirí chearta an duine ról tábhachtach i ndaonlathais Eorpacha freisin, go háirithe chun cearta bunúsacha, luachanna daonlathacha, cuimsiú sóisialta, cosaint an chomhshaoil agus an smacht reachta a bhuanú. Ba cheart go mbeidh siad in ann a bheith rannpháirteach go gníomhach sa saol poiblí agus a nguth a bheith le cloisteáil maidir le hábhair bheartais agus i bpróisis chinnteoireachta gan bagairtí imeaglaithe. Is éard atá i gcosantóirí chearta an duine daoine aonair nó eagraíochtaí a chosnaíonn cearta bunúsacha agus réimse cearta eile, amhail cearta comhshaoil agus aeráide, cearta na mban, cearta LADTIA, cearta na ndaoine ag a bhfuil cúlra mionlach cine nó eitneach, cearta saothair nó saoirse reiligiúin. Ba cheart do rannpháirtithe eile sa díospóireacht phoiblí, amhail acadóirí agus taighdeoirí, an chosaint leormhaith seo a fháil freisin.
(8)Chun go mbeidh daonlathas rathúil bisiúil ann, éilítear go mbeidh daoine in ann rannpháirt ghníomhach a ghlacadh sa díospóireacht phoiblí gan údarás poiblí ná gníomhairí cumhachtacha eile a bheith á gcur isteach ann go míchuí, bíodh siad ina n‑údaráis nó ina ngníomhairí intíre nó eachtracha. Chun rannpháirtíocht fhóinteach a áirithiú, ba cheart go mbeadh rochtain ag daoine ar fhaisnéis iontaofa a chuireann ar a gcumas dóibh teacht ar a dtuairimí féin agus a mbreithiúnas féin a fheidhmiú i spás poiblí inar féidir dearcthaí éagsúla a chur in iúl gan bhac.
(9)Chun an timpeallacht seo a chothú, tá sé tábhachtach iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar imeachtaí cúirte i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí. Ní thionscnaítear imeachtaí cúirte den sórt sin chun ceartas a bhaint amach. Tionscnaítear iad chun stop a chur le díospóireacht phoiblí, rud a dhéantar le ciapadh agus imeaglú de ghnáth.
(10)Is iondúil go dtionscnaíonn eintitis chumhachtacha SLAPPanna, mar shampla daoine aonair, stocairí, corparáidí agus comhlachtaí stáit. Is iondúil go mbíonn éagothroime chumhachta idir na páirtithe ina bhfuil an t‑éilitheoir i staid airgeadais nó staid pholaitiúil níos cumhachtaí ná an cosantóir. Cé nach mbíonn an éagothroime chumhachta ina saintréith riachtanach de chásanna den sórt sin i gcónaí, nuair a bhíonn an éagothroime sin ann méadaíonn sé na héifeachtaí díobhálacha chomh maith leis na héifeachtaí móra diúltacha a bhíonn ag imeachtaí cúirte i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí.
(11)D’fhéadfadh imeachtaí cúirte i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí drochthionchar a bheith aige ar chreidiúnacht agus ar cháil na n‑iriseoirí agus chosantóirí chearta an duine, agus ídíonn siad a gcuid acmhainní airgeadais agus acmhainní eile. Mar gheall ar imeachtaí den sórt sin, d’fhéadfaí moill a chur le foilsiú faisnéise maidir le hábhar leasa phoiblí nó d’fhéadfaí é a sheachaint go hiomlán. D’fhéadfaí go mbeadh tionchar mór diúltach ag fad na n‑imeachtaí agus ag an mbrú airgeadais ar iriseoirí agus ar chosantóirí chearta an duine. Toisc gurb ann do chleachtais den sórt sin, d’fhéadfaí go mbeadh, dá bhrí sin, éifeacht dhíspreagtha aige seo ar a gcuid oibre agus iad ag déanamh féinchinsireacht ar a gcuid oibre ar eagla imeachtaí cúirte a d’fhéadfadh tarlú sa todhchaí, rud a fhágann go mbaintear den díospóireacht phoiblí, rud a dhéanann dochar don tsochaí ar fad.
(12)D’fhéadfaí go mbeadh cásanna iomadúla comhuaineacha os a gcomhair siúd a thugtar imeachtaí cúirte ina n‑aghaidh mar gheall ar rannpháirtíocht phoiblí, agus tionscnaítear na himeachtaí seo i ndlínsí iomadúla uaireanta. Is iondúil go mbíonn imeachtaí a thionscnaítear i ndlínse Ballstáit in aghaidh duine a chónaíonn i mBallstát níos casta agus níos costasaí don chosantóir. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh éilitheoirí in imeachtaí i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí úsáid a bhaint as uirlisí nós imeachta chun fad agus costas na dlíthíochta a ardú, agus cásanna a ardú i ndlínse a meastar a bheidh fabhrach dá gcás, in ionad sa chúirt is fearr chun an t‑éileamh a ardú. Cuireann cleachtais den sórt sin ualach neamhriachtanach díobhálach ar córais náisiúnta cúirte.
(13)Ba cheart don choimirce dá bhforáiltear sa Treoir seo feidhm bheith aige maidir le haon duine nádúrtha nó duine dlítheanach agus a gcuid rannpháirteachais sa rannpháirtíocht phoiblí. Ba cheart dóibh freisin cosaint a thabhairt do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha a thacaíonn le hearraí nó seirbhísí a thabhairt do duine eile chun críocha atá nasctha go díreach le rannpháirtíocht phoiblí maidir le hábhar leasa phoiblí, ar bhonn gairmiúil nó ar bhonn pearsanta, a chuidíonn leis na hearraí nó seirbhísí a thabhairt nó a sholáthraíonn na hearraí nó na seirbhísí sin. Cuimsítear leis sin mar shampla soláthraithe idirlín, tithe foilsitheoireachta nó siopaí priontála, a dtugtar imeachtaí cúirte ina n‑aghaidh, nó a mbagraítear a leithéid orthu, mar gheall gur sholáthair siad seirbhísí don duine a dtugtar imeachtaí cúirte ina n‑aghaidh.
(14)Ba cheart go mbeadh feidhm ag an Treoir seo maidir le haon chineál éileamh dlíthiúil nó gníomh dlíthiúil ar bhonn sibhialta nó tráchtála ag a bhfuil impleachtaí trasteorann ag brath ar chineál na cúirte nó an bhinse. Áirítear leis sin éilimh shibhialta a dhéantar in imeachtaí coiriúla. Áirítear leis sin freisin bearta idirlinne agus cosanta, frithéilimh nó cineálacha ar leith leigheasanna eile atá le fáil faoi ionstraimí eile.
(15)Níl feidhm ag an Treoir maidir le héilimh a eascraíonn as dliteanas an Stáit i ndáil le gníomhartha nó easnaimh i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta iure imperii) ná éilimh in aghaidh feidhmeannach a ghníomhaíonn thar ceann an Stáit, agus dliteanas i leith gníomhartha údaráis phoiblí, lena n‑áirítear dliteanas sealbhóirí oifige arna gceapadh go poiblí.
(16)Ba cheart go gcumhdódh rannpháirtíocht phoiblí aon ráiteas nó gníomhaíocht ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugtar nó a dhéantar i bhfeidhmiú an chirt chun saoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil maidir le hábhar leasa phoiblí, amhail cumarsáid, foilseacháin nó oibreacha iriseoireachta, polaitíochta, eolaíochta, acadúla, ealaíon, tráchtaireachta nó aoracha a chruthú, a thaispeáint nó a fhógairt, agus gníomhaíocht ullmhúcháin atá nasctha go díreach leis sin. D’fhéadfaí a áireamh leis sin freisin gníomhaíochtaí a bhaineann le feidhmiú an chirt chun saoirse comhlachais agus comhthionóil shíochánta, amhail gníomhaíochtaí brústocaireachta, léirsithe agus agóidí nó gníomhaíochtaí a thagann as feidhmiú an chirt chun dea‑riaracháin agus an chirt chun leigheas éifeachtach a eagrú nó rannpháirt a ghlacadh iontu, amhail comhdú gearán, achainíocha, éilimh riaracháin agus bhreithiúnacha agus rannpháirtíocht in éisteachtaí poiblí. Ba cheart go n‑áiritheofaí le rannpháirtíocht phoiblí gníomhaíochtaí ullmhúcháin, tacaíochta nó cúnta ag a bhfuil nasc díreach bunúsach leis an ráiteas nó leis an ngníomhaíocht i gceist agus a ndírítear orthu chun bac a chur le rannpháirtíocht phoiblí. Ina theannta sin, d’fhéadfaí go gcumhdófaí leis gníomhaíochtaí eile atá ceaptha bonn eolais a chur faoi thuairimí an phobail nó tionchar a imirt orthu nó gníomhaíocht ón bpobal, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí ó aon eintiteas príobháideach nó poiblí a chur chun cinn i ndáil le saincheist leasa phoiblí, amhail taighde, suirbhéanna, feachtais nó aon chineál eile gníomhaíochta comhchoitinne a eagrú nó rannpháirt a ghlacadh iontu.
(17)Níor cheart do rannpháirtíocht phoiblí fógraíocht thráchtála ná gníomhaíocht mhargaíochta a chumhdach de ghnáth, rudaí nach ndéantar de ghnáth chun an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a fheidhmiú.
(18)Ba cheart go n‑áiritheofaí le coincheap ábhar leasa phoiblí cáilíocht, sábháilteacht nó gnéithe ábhartha eile d’earraí, de tháirgí nó de sheirbhísí i gcás ina mbíonn ábhair den sórt sin ábhartha don tsláinte phoiblí, don tsábháilteacht, don chomhshaol, don aeráid nó d’fheidhmiú cearta bunúsacha. Níor cheart díospóid iomlán aonair idir tomhaltóir agus monaróir nó soláthraí seirbhíse a bhaineann le hearra, táirge nó seirbhís a chumhdach ach amháin nuair a bhaineann gné de leas poiblí leis an ábhar, mar shampla táirge nó seirbhís nach gcomhlíonann caighdeáin chomhshaoil nó sábháilteachta.
(19)Is ábhair leasa phoiblí iad gníomhaíochtaí duine nó eintiteas atá i mbéal an phobail nó ar díol spéise poiblí iad arbh fhéidir leis an bpobal spéis a chur iontu go dlisteanach. Mar sin féin, níl aon leas dlisteanach i gceist i gcás inarb ionann cuspóir aonair ráitis nó gníomhaíochta a bhaineann le duine nó eintiteas den sórt sin agus fiosracht lucht féachana faoi leith a shásamh maidir le saol príobháideach duine.
(20)Is iondúil go mbaineann teaicticí dlíthíochta a úsáidtear le mí‑ionracas in imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha amhail moill a chur ar imeachtaí, costais dhíréireacha a tharraingt ar an gcosantóir sna himeachtaí nó siopadóireacht dlínse. Úsáideann an t‑éilitheoir na teaicticí seo chun críocha eile ach ní chun ceartas a bhaint amach. Is iondúil go n‑úsáidtear na teaicticí seo i dteannta le cineálacha éagsúla eile imeaglaithe, ciaptha nó bagairtí, ach ní i gcónaí.
(21)Cuireann gné thrasteorann SLAPPanna leis an gcastacht agus leis na dúshláin atá roimh na cosantóirí, toisc go mbíonn orthu bheith ag plé le himeachtaí i ndlínsí eile, agus i ndlínsí iomadúla an tráth céanna uaireanta. Mar gheall air sin, bíonn costais agus ualaigh bhreise ann lena mbaineann iarmhairtí níos díobhálaí.
(22)Ba cheart a mheas go bhfuil impleachtaí trasteorann ag ábhar ach amháin má bhíonn sainchónaí ar an dá pháirtí sa Bhallstát céanna leis an gcúirt a dtugtar an cás os a comhair. Fiú i gcás ina mbíonn sainchónaí ar an dá pháirtí sa Bhallstát céanna leis an gcúirt, a dtugtar an cás os a comhair, ba cheart a mheas go bhfuil impleachtaí trasteorann aige in dhá chineál eile staide. An chéad staid is ea cás ina mbeidh gníomh sonrach na rannpháirtíochta poiblí a bhaineann le hábhar leasa phoiblí idir chamáin ábhartha do níos mó ná Ballstát amháin. Áirítear leis sin, mar shampla, rannpháirtíocht phoiblí in imeachtaí arna n‑eagrú ag institiúidí an Aontais, amhail láithreacht in éisteachtaí poiblí, nó ráitis nó gníomhaíochtaí maidir le hábhair atá ábhartha go sonrach do níos mó ná Ballstát amháin, amhail truailliú trasteorann nó líomhaintí sciúrtha airgid lena bhféadfadh gnéithe trasteorann a bheith bainteach. An dara staid inar cheart a mheas go bhfuil impleachtaí trasteorann ag ábhar is ea cás inar thionscain an t‑éilitheoir nó eintitis a bhaineann leis imeachtaí cúirte comhthráthacha nó imeachtaí cúirte roimhe seo in aghaidh na gcosantóirí céanna nó cosantóirí a bhaineann leo i mBallstát eile. Cuirtear comhthéacs sonrach SLAPPanna san áireamh sa dá chineál staide sin.
(23)Ba cheart go mbeadh cosantóirí in ann iarratas a dhéanamh ar na coimircí nós imeachta a leanas: iarraidh ar urrús chun costais nós imeachta, nó costais nós imeachta agus damáistí a chumhdach, iarraidh ar dhíbhe luath imeachtaí cúirte a bhíonn go hiomlán gan bhunús, iarraidh ar leigheasanna i leith imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha (bronnadh costas, cúiteamh damáistí agus pionós), nó gach ceann acu an tráth céanna.
(24)I roinnt imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí, tarraingíonn éilitheoirí siar as éilimh nó pléadálacha d’aon ghnó chun dámhachtain costas don pháirtí ar éirigh leis a sheachaint. D’fhéadfadh an straitéis dhlíthiúil sin an chumhacht a bhaint den chúirt nó den bhinse mí‑úsáid an imeachta cúirte a admháil agus an cosantóir a fhágáil gan deis aisíocaíocht a fháil as costais nós imeachta. Níor cheart do tharraingt siar nó leasuithe den sórt sin difear a dhéanamh do chumas na gcúirteanna, a dtugtar an t‑ábhar os a gcomhair, leigheasanna in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha a fhorchur, dá bhrí sin.
(25)Má dhíbhtear an príomhéileamh níos déanaí sna gnáthimeachtaí, féadfaidh an cosantóir tairbhiú fós de leigheasanna eile in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha amhail deonú costas agus cúiteamh ar dhamáistí.
(26)Chun coimirce bhreise a sholáthar don chosantóir, ba cheart go mbeadh féidearthacht ann urrús a dheonú dó nó di chun costais nós imeachta agus/nó damáistí a cumhdach, i gcás ina measann an chúirt go bhfuil gnéithe den éileamh ann a léiríonn mí‑úsáid nós imeachta agus gur beag an seans go n‑éireoidh leis sna príomhimeachtaí, fiú mura bhfuil an t‑éileamh go follasach gan bhunús. Ní hionann urrús agus breithiúnas ar na tuillteanais ach is beart réamhchúraim é a chinntíonn éifeachtaí cinneadh críochnaitheach a chinneann go bhfuil mí‑úsáid nós imeachta ann. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht na mBallstát a chinneadh ar cheart don chúirt urrús a shainordú as a stuaim féin nó arna iarraidh sin ag an gcosantóir.
(27)Áirithíonn bac ar imeachtaí i gcás inar comhdaíodh iarraidh ar dhíbhe luath go gcuirtear gníomhaíocht nós imeachta ar fionraí agus go laghdaíonn, dá bhrí sin, ar chostais nós imeachta an chosantóra.
(28)Chun aon tionchar ar rochtain ar leigheas éifeachtach a sheachaint, bac sealadach ba cheart a bheith ann agus níor cheart é a choimeád i bhfeidhm ach go dtí go ndéantar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas. Is ionann cinneadh críochnaitheach agus cinneadh nach bhfuil faoi réir athbhreithniú breithiúnach a thuilleadh.
(29)Chun luas ard a áirithiú sa nós imeachta brostaithe maidir le hiarratas ar dhíbhe luath, féadfaidh Ballstáit teorainneacha ama a shocrú le haghaidh éisteachtaí a thionóladh nó cinneadh a dhéanamh ag an gcúirt. Féadfaidh siad scéimeanna a ghlacadh freisin ar cosúil iad le nósanna imeachta i ndáil le bearta sealadacha. Ba cheart do Bhallstáit iarrachtaí a dhéanamh a áirithiú i gcás ina bhfuil iarratas déanta ag an gcosantóir ar choimircí nós imeachta eile, go ndéantar an cinneadh go tapa freisin. Maidir le cóireáil gasta, d’fhéadfadh na Ballstáit a chur san áireamh, i measc nithe eile, an ndearna an t‑éilitheoir imeachtaí iomadúla nó imeachtaí comhbheartaithe a thionscnamh in ábhair chomhchosúla agus iarrachtaí imeaglaithe, ciaptha nó bagartha a bheith déanta i gcoinne an chosantóra.
(30)Má rinne cosantóir iarratas ar dhíbhe luath, ba cheart gur faoin éilitheoir sna príomhimeachtaí a bheadh sé a chruthú sa nós imeachta brostaithe nach bhfuil an t‑éileamh go follasach gan bhunús. Ní hionann sin agus teorannú ar rochtain ar an gceartas, á chur san áireamh go bhfuil an dualgas cruthúnais i ndáil leis an éileamh sin sna príomhimeachtaí ar an éilitheoir agus nach gá dó ach tairseach i bhfad níos ísle a chomhlíonadh, is é sin a thaispeáint nach bhfuil an t‑éileamh go follasach gan bhunús, chun díbhe luath a sheachaint.
(31)Ba cheart do chostais gach costas a bhaineann leis na himeachtaí a chumhdach, lena n‑áirítear costais iomlána na hionadaíochta dlíthiúla arna dtabhú ag an gcosantóir, mura bhfuil na costais sin iomarcach. Níor cheart a mheas go bhfuil costais na hionadaíochta dlíthiúla, a sháraíonn méideanna arna leagan síos i dtáblaí táillí reachtúla, iomarcach per se. Ba ceart a áireamh le cúiteamh iomlán ar dhamáistí damáistí ábhartha agus neamhábhartha araon amhail díobháil fhisiciúil agus shíceolaíoch.
(32)Is é an phríomhchuspóir a bhaineann leis an bhféidearthacht a thabhairt do chúirteanna nó do bhinsí chun pionóis a fhorchur ná éilitheoirí féideartha a dhíspreagadh ó imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha a thionscnamh i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí. Ba cheart do phionóis den sórt sin bheith comhréireach maidir le gnéithe na mí‑úsáide a aithnítear. Le linn méideanna a shuí le haghaidh pionós, ba cheart do chúirteanna an fhéidearthacht a bhaineann le héifeacht dhíobhálach nó éifeacht mhór dhiúltach na n‑imeachtaí ar rannpháirtíocht phoiblí a chur san áireamh, lena n‑áirítear nithe a bhaineann le cineál an éilimh, ar thionscain an t‑éilitheoir imeachtaí iomadúla nó comhbheartaithe maidir le hábhair chosúla agus iarrachtaí chun an t‑éilitheoir a imeaglú, a chiapadh nó bagairt ar an éilitheoir.
(33)Sa chomhthéacs trasteorann tá sé tábhachtach freisin bagairt SLAPPanna ó thríú tíortha a dhíríonn ar iriseoirí, ar chosantóirí chearta an duine agus ar dhaoine eile atá rannpháirteach i rannpháirtíocht phoiblí agus a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas Eorpach a chur san áireamh. D’fhéadfaí a áireamh leo damáistí iomarcacha arna ndeonú in aghaidh iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus daoine eile san Aontas. Bíonn imeachtaí cúirte i dtríú tíortha níos casta agus costasaí le haghaidh na ndaoine a dtugtar an t‑imeacht ina n‑aghaidh. D’fhonn daonlathas agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a chosaint san Aontas Eorpach agus chun a sheachaint go ndéanfaí dochar do na coimircí arna bhforáil ag an Treoir seo dul i muinín imeachtaí cúirte i ndlínsí eile, tá sé tábhachtach cosaint a sholáthar freisin in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha gan bhunús i dtríú tíortha.
(34)Leis an Treoir seo, cruthaítear foras dlínse speisialta nua chun a áirithiú go bhfuil fáil ag spriocanna SLAPPanna a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas Eorpach ar leigheas éifeachtach san Aontas in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha a thugtar i gcúirt nó i mbinse tríú tír. Ceadaíonn an foras dlínse speisialta seo do na daoine a ndírítear orthu agus a bhfuil sainchónaí orthu san Aontas Eorpach cúiteamh a iarraidh, sna cúirteanna nó sna binsí san áit a bhfuil sainchónaí orthu, i leith cúitimh damáistí agus costais a tabhaíodh i ndáil le himeachtaí os comhair chúirt nó bhinse an tríú tír. Tá feidhm ag an gceart seo gan beann ar an áit ina bhfuil sainchónaí ar an éilitheoir atá sna himeachtaí sa tríú tír.
(35)Ba cheart nach ndéanfadh an Treoir seo dochar don chosaint a sholáthraíonn ionstraimí eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta do dhaoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha a bhíonn rannpháirteach i rannpháirtíocht phoiblí. Go háirithe, ní bhaineann sé ar aon bhealach ón gcosaint arna cur ar fáil ag Treoir 2019/1937 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais, mar a chuirtear chun feidhme sa dlí náisiúnta. A mhéid a bhaineann le cásanna a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus Threoir 2019/1937 araon, ba cheart an chosaint a thugann an dá ghníomh a bheith infheidhme dá bhrí sin.
(36)Tá an Treoir seo comhlántach i leith an mholta ón gCoimisiún maidir le hiriseoirí agus cosantóirí chearta an duine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ó imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’). Is do Bhallstáit é an moladh seo agus soláthraítear leis sraith chuimsitheach de bhearta lena n‑áirítear oiliúint, ardú feasachta, tacaíocht dóibh siúd a ndírítear imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha agus bailiú sonraí orthu, tuairisciú agus faireachán ar imeachtaí cúirte i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí.
(37)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.
(38)[I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm] NÓ
(39)[I gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 4a(1) de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn [, trí litir an ...,] gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm na Treorach seo.]
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar
Foráiltear leis an Treoir seo coimircí in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha gan bhunús i ndáil le hábhair shibhialta ag a bhfuil impleachtaí trasteorann arna dtabhairt in aghaidh daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha, iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine go háirithe, mar gheall ar an rannpháirteach atá acu i rannpháirtíocht phoiblí.
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhair shibhialta nó thráchtála ag a mbeidh impleachtaí trasteorann, is cuma cineál na cúirte nó an bhinse. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta jure imperii).
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1.ciallaíonn ‘rannpháirtíocht phoiblí’ aon ráiteas nó aon ghníomhaíocht de chuid duine nádúrtha nó duine dlítheanach arna léiriú nó arna dhéanamh i bhfeidhmiú an chirt chun saoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil maidir le hábhar leasa phoiblí, agus gníomhaíocht ullmhúcháin, tacaíochta nó cúnta atá nasctha go díreach leis sin. Áirítear leis sin gearáin, achainíocha, éilimh riaracháin nó bhreithiúnacha agus rannpháirtíocht in éisteachtaí poiblí;
2.ciallaíonn ‘ábhair leasa phoiblí’ aon ábhar a dhéanann difear don phobal sa mhéid is go bhféadfadh leas dlisteanach a bheith ag an bpobal ann, i réimsí amhail:
(a)an tsláinte phoiblí, an tsábháilteacht, an comhshaol, an aeráid nó tairbhiú de na cearta bunúsacha;
(b)gníomhaíochtaí duine nó eintitis atá i mbéal an phobail nó lena mbaineann leas poiblí;
(c)ábhair atá faoi réir breithniú nó athbhreithniú poiblí ag comhlacht reachtach, feidhmeach nó breithiúnach, nó aon imeacht oifigiúil poiblí eile;
(d)líomhaintí maidir le héilliú, calaois nó coireacht;
(e)gníomhaíochtaí chun bréagaisnéis a chomhrac;
3.ciallaíonn ‘imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí’ imeachtaí cúirte a thugtar i ndáil le rannpháirtíocht phoiblí atá go hiomlán nó go páirteach gan bhunús agus a bhfuil sé de phríomhchuspóir acu an rannpháirtíocht phoiblí a chosc nó a shrianadh nó pionós a ghearradh ina leith. D’fhéadfaí cuspóir den sórt sin a bhrath leis na nithe a leanas:
(a)cineál díréireach, iomarcach nó míréasúnta an éilimh nó aon chuid de;
(b)imeachtaí iomadúla a bheith ann arna dtionscnamh ag an éilitheoir nó ag páirtithe a bhaineann leis i ndáil le hábhair chomhchosúla;
(c)imeaglú, ciapadh nó bagairtí arna ndéanamh ag an éilitheoir nó ag a (h)ionadaithe.
Airteagal 4
Ábhair ag a bhfuil impleachtaí trasteorann
1.Chun críocha na Treorach seo, meastar go bhfuil impleachtaí trasteorann ag ábhar ach amháin má bhíonn sainchónaí ar an dá pháirtí sa Bhallstát céanna leis an gcúirt a dtugtar an cás os a comhair.
2.I gcás ina bhfuil sainchónaí ar an dá pháirtí leis na himeachtaí sa Bhallstát céanna leis an gcúirt, a dtugtar an cás os a comhair, measfar go bhfuil impleachtaí trasteorann ag an ábhar más rud é:
(a)go bhfuil gníomh sonrach na rannpháirtíochta poiblí a bhaineann le hábhar leasa phoiblí, a dtionscnaítear na himeachtaí cúirte ina aghaidh, ábhartha do níos mó ná Ballstát amháin, nó
(b)gur thionscain an t‑éilitheoir nó eintitis a bhaineann leis imeachtaí cúirte comhthráthacha nó imeachtaí cúirte roimhe seo in aghaidh na gcosantóirí céanna nó cosantóirí a bhaineann leo i mBallstát eile.
CAIBIDIL II
Rialacha comhchoiteanna maidir le coimircí nós imeachta
Airteagal 5
Iarratais le haghaidh coimircí nós imeachta
1.Áiritheoidh Ballstáit i gcás ina dtugtar imeachtaí cúirte in aghaidh daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha mar gheall ar an rannpháirt a bhí acu i rannpháirtíocht phoiblí gur féidir leis na daoine sin iarratas a dhéanamh ar na nithe a leanas:
(a)urrús i gcomhréir le hAirteagal 8;
(b)díbhe luath imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús i gcomhréir le Caibidil III;
(c)leigheasanna in aghaidh imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcomhréir le Caibidil IV.
2.Áireofar na nithe seo a leanas leis na hiarratais sin:
(a)tuairisc ar na gnéithe ar a bhfuil siad bunaithe;
(b)tuairisc ar an bhfianaise tacaíochta.
3.Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadann an chúirt nó an binse a dtugtar an t‑ábhar os a comhair nó os a chomhair na bearta ar choimircí nós imeachta i gcomhréir le Caibidlí III agus IV a dhéanamh ex officio.
Airteagal 6
Leasú ina dhiaidh sin ar éileamh nó ar phléadálacha
Áiritheoidh Ballstáit nach ndéanfaidh aon leasú a dhéanfaidh an t‑éilitheoir sna príomhimeachtaí ar na héilimh nó na pléadálacha ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear scor de na himeachtaí, difear don fhéidearthacht go ndéanfaidh an chúirt nó an binse a dtugtar an t‑ábhar os a comhair nó os a chomhair na himeachtaí cúirte a mheas a bheith mí‑úsáideach agus leigheasanna a fhorchur i gcomhréir le Caibidil IV.
Airteagal 7
Idirghabháil tríú páirtí
Déanfaidh Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh cúirt nó binse a dtugtar an t‑ábhar os a comhair nó os a chomhair maidir le himeachtaí cúirte i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí glacadh leis go bhféadfaidh eagraíochtaí neamhrialtasacha a chosnaíonn cearta daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí nó a chuireann chun cinn iad rannpháirt a ghlacadh sna himeachtaí sin, chun tacú leis an gcosantóir nó chun faisnéis a sholáthar.
Airteagal 8
Slándáil
Áiritheoidh Ballstáit, in imeachtaí cúirte, go mbeidh an chumhacht ag an gcúirt nó ag an mbinse, a dtugtar an t‑ábhar os a comhair nó os a chomhair, a éileamh ar an éilitheoir urrús a sholáthar le haghaidh costas nós imeachta, nó le haghaidh costas nós imeachta agus damáistí, má mheasann sé go bhfuil urrús den sórt sin iomchuí toisc gurb ann do ghnéithe a thugann le fios gur imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha iad.
CAIBIDIL III
Díbhe luath imeachtaí cúirte atá go follasach gan bhunús
Airteagal 9
Díbhe luath
1.Cumhachtóidh Ballstáit cúirteanna agus binsí cinneadh luath a ghalach chun imeachtaí cúirte i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí a dhíbhe, ina n‑iomláine nó go páirteach, mar imeachtaí gan bhunús.
2.Féadfaidh Ballstáit teorainneacha ama a shuí le haghaidh fheidhmiú an chirt chun iarratas ar dhíbhe luath a chomhdú. Beidh na teorainneacha ama comhréireach agus ní fhágfaidh siad go bhfuil feidhmiú den sórt sin dodhéanta nó ródheacair.
Airteagal 10
Bac na bpríomhimeachtaí
Áiritheoidh Ballstáit, i gcás ina ndéanann an cosantóir iarratas ar dhíbhe luath, go gcuirtear bac ar na príomhimeachtaí go dtí go ndéantar cinneadh críochnaitheach maidir leis an iarratas sin.
Airteagal 11
Nós imeachta brostaithe
Áiritheoidh Ballstáit go gcaithfear le hiarratas ar dhíbhe luath i nós imeachta brostaithe, agus imthosca an cháis agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus an ceart chun triail chóir a fháil á gcur san áireamh.
Airteagal 12
An dualgas cruthúnais
Áiritheoidh Ballstáit i gcás ina ndearna cosantóir iarratas ar dhíbhe luath, is faoin éilitheoir a bheidh sé a chruthú nach bhfuil an t‑éileamh go follasach gan bhunús.
Airteagal 13
Achomharc
Áiritheoidh Ballstáit go bhfuil cinneadh a dhiúltaíonn nó a dheonaíonn díbhe luath de bhun Airteagal 9 faoi réir achomhairc.
CAIBIDIL IV
Leigheasanna i leith imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha
Airteagal 14
Deonú costas
Déanfaidh Ballstáit na bearta is fá chun a áirithiú gur féidir ordú d’éilitheoir a thug imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí costais uile na n‑imeachtaí a íoc, lena n‑áirítear costais iomlána na hionadaíochta dlíthiúla arna dtabhú ag an gcosantóir, mura bhfuil na costais sin iomarcach.
Airteagal 15
Cúiteamh ar dhamáistí
Déanfaidh Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil aon duine nádúrtha nó dlítheanach dá ndearnadh díobháil de dheasca imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí in ann lánchúiteamh as an díobháil sin a éileamh agus a fháil.
Airteagal 16
Pionóis
Forálfaidh Ballstáit go mbeidh an fhéidearthacht ag cúirteanna nó binsí, a dtugtar imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí os a gcomhair, pionóis éifeachtacha comhréireacha athchomhairleacha a fhorchur ar an bpáirtí a thug na himeachtaí sin.
CAIBIDIL V
Cosaint ar bhreithiúnais ó thríú tíortha
Airteagal 17
Foras diúltaithe le haghaidh aithint agus fhorfheidhmiú breithiúnais ó thríú tír
Áiritheoidh Ballstáit go ndéanfar an t‑aitheantas ar bhreithiúnas ó thríú tír in imeachtaí cúirte mar gheall ar rannpháirtíocht phoiblí ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil sainchónaí air i mBallstát, agus forfheidhmiú an bhreithiúnais sin, a dhiúltú mar rud atá contrártha go follasach do bheartas poiblí (ordre public) dá mba rud é go measfaí na himeachtaí sin a bheith go follasach gan bhunús nó mí‑úsáideach dá dtabharfaí iad os comhair chúirteanna nó bhinsí an Bhallstáit ina n‑iarrtar an t‑aitheantas nó an forfheidhmiú agus go gcuirfeadh na cúirteanna nó na binsí sin a ndlí féin i bhfeidhm.
Airteagal 18
Dlínse i gcomhair gníomhaíochtaí in aghaidh breithiúnas ó thríú tíortha
Áiritheoidh Ballstáit, i gcás ina bhfuil imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha mar gheall ar rannpháirtíocht phoiblí arna dtabhairt os comhair cúirte nó binse tríú tír in aghaidh duine nádúrtha nó duine dlítheanach a bhfuil sainchónaí air i mBallstát, go bhféadann an duine sin cúiteamh a lorg, sna cúirteanna nó sna binsí san áit a bhfuil sainchónaí air, as na damáistí nó na costais a tabhaíodh i ndáil leis na himeachtaí os comhair chúirt nó bhinse an tríú tír, gan beann ar shainchónaí an éilitheora sna himeachtaí sa tríú tír.
CAIBIDIL VI
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 19
Gaolmhaireacht le Coinbhinsiún Lugano, 2007
Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do chur chun feidhme an Choinbhinsiúin maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh in Lugano an 30 Deireadh Fómhair 2007.
Airteagal 20
Athbhreithniú
Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo faoi [5 bliana ón dáta trasuite]. Ar bhonn na faisnéise arna soláthar, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, faoi [6 bliana ón dáta trasuite] ar a dhéanaí. Soláthróidh an tuarascáil seo measúnú ar éabhlóid imeachtaí cúirte mí‑úsáideacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí agus tionchar na Treorach seo sna Ballstáit. Más gá, beidh tograí le haghaidh leasú na Treorach seo ag gabháil leis an tuarascáil.
Airteagal 21
Trasuí sa dlí náisiúnta
1.Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoi [2 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2.Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 23
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán