AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 5.4.2022
COM(2022) 157 final
2022/0105(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an tuairisciú ar shonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha agus lena mbunaítear an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
{SEC(2022) 169 final} - {SWD(2022) 111 final} - {SWD(2022) 112 final} - {SWD(2022) 113 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.
COMHTHÉACS AN TOGRA
•
Forais agus cuspóirí an togra
Le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 (an Rialachán) bunaíodh an Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach), mar an gclár uile-Eorpach lena dtugtar rochtain don phobal ar phríomhshonraí comhshaoil ó shaoráidí tionsclaíocha atá lonnaithe san Aontas, san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua. Is éard atá in PRTR Eorpach sonraí a thuairiscíonn 30,000 saoráid thionsclaíoch ar bhonn bliantúil, ar saoráidí iad lena gcumhdaítear 65 ghníomhaíocht eacnamaíoch ar fud an Aontais. Leis an Rialachán, cuirtear Prótacal Chív maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán (Prótacal)2006 chun feidhme, prótacal a tháinig i bhfeidhm in 2009. Is é an t‑aon ionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le cláir ar scaoileadh agus aistriú truailleán.
Gach bliain, cuireann na Ballstáit tuarascáil chuig an gCoimisiún ina bhfuil sonraí arna gcur isteach ag oibreoirí saoráidí tionsclaíocha maidir le scaoilte agus aistrithe gach saoráide. Foilsíonn an Coimisiún na sonraí ar shuíomh gréasáin poiblí ina dhiaidh sin, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.
Rinneadh éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE an Rialacháin a mheasúnú mar chuid de chlár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT). Leis an measúnú, féachadh ar na tairbhí a bhaineann le PRTR Eorpach agus ar an bhféidearthacht atá ann é a shimpliú agus na costais agus na hualaí rialála a laghdú. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, cuireadh an méid seo a leanas in iúl sa dara tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin.
·Léiríodh gur bonn ríthábhachtach eolais é PRTR Eorpach maidir le scaoilte ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha an Aontais. Soláthraítear leis sonraí ardchaighdeáin atá inrochtana go héasca. Tugtar rochtain don phobal ar an bhfaisnéis luachmhar sin, agus ar an gcaoi sin, tacaítear leis an gcinnteoireacht chomhshaoil.
·D’fhéadfaí PRTR Eorpach a fheabhsú a thuilleadh, áfach agus é a dhéanamh níos éifeachtaí trína ailíniú le hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach i reachtaíocht chomhshaoil eile, agus trína cheangal air faisnéis bhreise chomhthéacsúil a thuairisciú freisin.
Mar obair leantach a rinneadh mar gheall ar an tuarascáil cur chun feidhme sin, rinneadh roinnt tionscnamh.
·Cruthaíodh an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (an Tairseach). Is éard atá inti na sonraí a thuairiscítear go bliantúil faoin Rialachán maidir le PRTR Eorpach, mar aon leis na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha – IED). Leis an Tairseach sin, a cuireadh in ionad shuíomh gréasáin PRTR Eorpach, tugtar le chéile sonraí faoi ghníomhaíochtaí tionsclaíocha a thuairiscítear faoin dá dhlí comhshaoil sin de chuid an Aontais.
·Chun faisnéis bhreise chomhthéacsúil a fháil, leagtar síos aonaid agus méadracht le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2022/142 ón gCoimisiún lena gcuirtear ar a gcumas d’oibreoirí méid táirgeachta gach saoráid PRTR Eorpach a thuairisciú gach bliain. Beidh an tuairisciú ar an méid táirgeachta sainordaitheach den chéad uair le haghaidh na bliana tuairiscithe 2023.
Is éard atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip straitéis fáis na hEorpa chun geilleagar aeráidneodrach glan ciorclach a bhaint amach faoi 2050. Aithnítear leis go bhfuil gá le beartais atá fíorchlaochlaitheach, chun bainistíocht acmhainní a bharrfheabhsú agus an truailliú a íoslaghdú. Ghabh an Coimisiún air féin go n‑athbhreithneoidh sé rialacha an Aontais chun an truailliú ó shuiteálacha móra tionsclaíocha a laghdú. Athbhreithneoidh sé an reachtaíocht agus féachfar conas is féidir í a dhéanamh iomlán comhsheasmhach le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais maidir le truailliú nialasach agus lena bheartais aeráide, fuinnimh agus lena bheartas maidir leis an ngeilleagar ciorclach, agus aird á tabhairt ar na tairbhí a bhaineann leis an méid sin a dhéanamh do shláinte an phobail agus don bhithéagsúlacht.
Is dlíthe comhlántacha iad IED agus an Rialachán lena ndírítear ar fhaireachán a dhéanamh ar thionchar na tionsclaíochta ar an gcomhshaol:
·le IED, leagtar síos rialacha ceannais agus rialaithe chun laghdú diaidh ar ndiaidh a chur ar an truailliú ó na suiteálacha tionsclaíocha agus ó na suiteálacha tógtha beostoic is mó san Aontas, agus cothrom iomaíochta iomaíoch á choinneáil ar bun san am céanna;
·leis an Rialachán, cuidítear le faireachán a dhéanamh ar iarrachtaí a dhéantar chun an truailliú a laghdú trí fhaisnéis phoiblí faoin gcaoi a bhfuil na suiteálacha ag feidhmiú a fheabhsú.
Rinneadh tuilleadh anailíse chun feabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar an Rialachán a shainaithint, lena n‑áirítear measúnú tionchair. Is é seo a leanas príomhchonclúidí an mheasúnaithe tionchair.
·Ba cheart raon feidhme earnála an Rialacháin a athbhreithniú chun go mbeidh sé níos comhsheasmhaí le gníomhaíochtaí a chumhdaítear le dlíthe comhshaoil gaolmhara. Baineann sé sin le IED go háirithe, ach baineann sé le Treoir (AE) 2015/2193 maidir le gléasraí dócháin meánmhéide (TGDM) agus Treoir 91/271/CEE ón gComhairle maidir leis an gcóireáil fuíolluisce uirbigh (Treoir CFUU). Chun a bheith níos ailínithe fós, ba cheart gníomhaíochtaí a thuairisciú ar an leibhéal suiteála – mar a dhéantar i gcás na ndlíthe eile – seachas ar an leibhéal saoráide.
·Trí bhíthin an Rialacháin maidir le PRTR Eorpach, ba cheart na truailleáin ábhartha uile a chumhdach. Ciallaíonn sé sin gur cheart truailleáin áirithe a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán, lena n‑áirítear na truailleáin seo a leanas:
·substaintí tosaíochta faoi Threoir Réime 2000/60/CE maidir le hUisce agus faoi Threoir 2008/105/AE maidir le hUisce Dromchla;
·substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí ar údar an‑mhór imní iad i Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (REACH);
·substaintí a chumhdaítear le dlíthe an Aontais maidir le screamhuisce agus cáilíocht an aeir, lena n‑áirítear an Treoir maidir le Screamhuisce, an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh agus Treoir 2004/107/CE maidir le tiúchan truailleán áirithe san aer comhthimpeallach.
·Chun a bheith comhsheasmhach le beartais eile an Aontais maidir leis an ngeilleagar ciorclach agus an dícharbónú agus chun go mbeifear in ann tagarmharcáil chomhshaoil a dhéanamh ar bhealach níos fearr ar shonraí PRTR Eorpach, ba cheart d’oibreoirí an méid táirgeachta agus sonraí comhlántacha a thuairisciú, go háirithe maidir le húsáid acmhainní (fuinneamh, uisce agus amhábhair).
·Ba cheart aghaidh a thabhairt ar easnaimh atá ann faoi láthair a dhéanann difear do chur chun feidhme an Rialacháin freisin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
·nuashonrú a dhéanamh ar na modhanna anailíseacha a úsáideann oibreoirí chun a scaoilte agus a n‑aistrithe ón suíomh a chinneadh;
·iarraidh ar oibreoirí a dheimhniú go sainráite ina dtuarascáil chuig na húdaráis inniúla go bhfuil scaoileadh truailleáin ar leith nó aistriú dramhaíola nó fuíolluisce ón láithreán faoi bhun na dtairseach tuairiscithe is infheidhme;
·a cheadú do na Ballstáit sonraí áirithe a thuairisciú thar ceann oibreoirí atá ag tógáil beostoic, ar oibreoirí iad a d’fhéadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní acu chun sonraí cruinne a thuairisciú.
Deimhníodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip gur gá an Rialachán a athbhreithniú agus tá sé á athbhreithniú ag an am céanna le IED. Áiritheofar leis sin comhsheasmhacht agus éifeachtúlacht fhoriomlán an dá dhlí sin.
Sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise chineál agus mhéid na modhnuithe is gá a dhéanamh ar an Rialachán agus gur gá an chomhsheasmhacht agus an tsoiléireacht dlí a fheabhsú, ba cheart an Rialachán a aisghairm agus rialachán eile a chur ina ionad leis an togra seo agus a oibleagáidí substainteacha a chur sa rialachán nua sin i gcás inar gá fós iad.
•
Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá nasc idir an Rialachán agus go leor dlíthe comhshaoil eile de chuid an Aontais, ós rud é go gcumhdaítear leis réimse leathan suiteálacha agraithionsclaíocha agus substaintí ábhartha, lena n‑áirítear gáis ceaptha teasa. Áirítear ar na dlíthe a bhfuil nasc aige leo an reachtaíocht maidir le truailliú e.g. IED, TGDM, CFUU agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle maidir le líonadh talún (Treoir maidir le Líonadh Talún). Tá nasc aige freisin le dlí an Aontais lena gcosnaítear meáin chomhthimpeallacha ar scaoilte truailleán (lena n‑airítear uisce dromchla, screamhuisce agus aer comhthimpeallach), toisc go bhféadfadh sé go ndéanfadh scaoilte truailleán difear do stádas na meán sin.
Ar deireadh, tá nasc ag an Rialachán leis an dlí aeráide, lena n‑áirítear an córas AE i ndáil le trádáil astaíochtaí agus an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill.
Bunaíodh an chéad chlár truailleán de chuid na hEorpa, an Clár Eorpach ar Astaíochtaí Truailleán (CEAT), faoin gcéad reachtaíocht de chuid an Aontais maidir leis an truailliú tionsclaíoch a rialú – an Treoir maidir le Cosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (Treoir CRCT). Ba é ab aidhm do CEAT faisnéis a sholáthar faoi na príomh‑astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí a rialáiltear le Treoir CRCT.
Tá difríochtaí ann anois, áfach, idir córas rialála IED agus a fhardal scaoilte mar gheall ar athruithe ar an dá dhlí. In 2006, iompaíodh CEAT ina Chlár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach), chun oibleagáidí Prótacail an Aontais a chomhlíonadh. In 2010, leathnaíodh raon feidhme IED chun níos mó gníomhaíochtaí a chumhdach ná mar a chumhdaítear le Treoir CRCT. Mar thoradh air sin, tá comhsheasmhacht níos lú ann idir an córas rialála le haghaidh gníomhaíochtaí agraithionsclaíocha IED agus an Rialachán, a phríomhuirlis faireacháin. In 2015, tugadh isteach le TGDM seiceálacha rialála ar ghléasraí dócháin níos lú, ach níor tugadh isteach ceanglas maidir le fardal scaoilte.
Is ar an gcúis sin, ionas go dtacóidh an Rialachán le cur chun feidhme IED, atá sé beartaithe Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán a leasú, chun a cumhdach a leathnú chun gníomhaíochtaí uile IED agus roinnt gléasraí dócháin níos lú a chumhdach. Trí bhíthin fardal scaoilte a chruthú, tacaíonn PRTR Eorpach le Treoir CFUU agus an Treoir maidir le Líonadh Talún a chur chun feidhme freisin.
•
Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Luaitear athbhreithniú an Rialacháin go sonrach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Trína athbhreithniú, rannchuidítear freisin le fís an Aontais maidir le truailliú nialasach faoi 2050 a fhíorú, trí shonraí a sholáthar maidir le scaoilte agraithionsclaíocha isteach san aer, san uisce agus san ithir. Mar aon le dlíthe comhshaoil gaolmhara eile an Aontais, tríd an Rialachán a athbhreithniú, cuideofar leis an truailliú a laghdú chuig leibhéil nach meastar a bheith díobhálach don tsláinte ná d’éiceachórais nádúrtha. Urramófar freisin na teorainneacha ar féidir leis an bpláinéad déileáil leo, agus ar an tslí sin, bainfear an tocsaineacht den chomhshaol.
2.
BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•
Bunús dlí
Baineann príomhchuspóir an ghnímh atá beartaithe leis an gcomhshaol agus le sláinte an duine a chosaint. Is é Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an Rialacháin atá beartaithe.
•
Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Shínigh idir an tAontas agus na Ballstáit aonair an Prótacal. Ós rud é go gcuimsítear leis an bPrótacal roghanna chun rialacha áirithe a chur chun feidhme (e.g. is féidir gníomhaíochtaí a shainiú trí thairseacha acmhainneachta nó fostaithe a úsáid), tá cur chuige coiteann sa Rialachán agus áirithítear go gcuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais é.
Tá breisluach ag baint leis an Rialachán freisin toisc gur forbraíodh treoirdhoiciméad ón Aontas mar thoradh air, ina bhfuil rialacha agus comhairle maidir le sonraí a bhailiú, a dhearbhú ó thaobh na cáilíochta de agus a chur i láthair. Mar gheall ar an treoir sin, bíonn na sonraí níos comhsheasmhaí agus bíonn sé níos éasca comparáid a dhéanamh idir na Ballstáit.
Déanann an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tuilleadh seiceálacha dearbhaithe cáilíochta. Cuidíonn sé sin leis na sonraí a dhéanamh níos iomláine agus níos cruinne. Leis na seiceálacha sin ar leibhéal an Aontais, sainaithnítear fadhbanna a cheartaítear ina dhiaidh sin ar an leibhéal náisiúnta – rud nach dtarlódh d’uireasa clár Eorpach.
Tugann grúpaí saineolaithe, ceardlanna agus tuarascálacha anailíseacha ón Aontas tacaíocht agus cuidiú do na Ballstáit a gcláir náisiúnta a choinneáil ar bun.
Maidir leis an bpobal, tá breisluach mór ag baint leis an Rialachán san Aontas toisc gur féidir sonraí scaoilte maidir le tionscail éagsúla san Aontas a chur i gcomparáid le chéile go héasca agus toisc go soláthraítear sonraí carnacha maidir le scaoilte san Aontas. Bheadh sé i bhfad ní ba dheacra na sonraí sin a bhailiú agus a chur le chéile ó 27 gclár náisiúnta ar leithligh.
Dá bhrí sin, tá breisluach mór ag gabháil leis an Rialachán, i gcomparáid lena bhféadfaí a bhaint amach le gníomhaíocht aonair 27 dtír, agus leanann ábhar an Rialacháin de bheith ina údar maith le gníomhaíocht an Aontais.
•
Comhréireacht
Tá sé deacair na costais agus na tairbhí a bhaineann le PRTR Eorpach a thomhas. Measann na páirtithe leasmhara, áfach, go bhfuil na costais mheasta a bhaineann le PRTR Eorpach réasúnta beag i gcomparáid leis an rannchuidiú mór a thugtar don trédhearcacht sonraí agus do rannpháirtíocht an phobail.
Baineadh Airteagal 16, foráil neamhéifeachtúil i Rialachán PRTR Eorpach cheana – foráil lenar ceanglaíodh ar na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme ginearálta PRTR Eorpach gach 3 bliana.
•
An rogha ionstraime
Cé gurb é Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 an pointe tosaigh don Togra seo, is iomchuí é a aisghairm agus rialachán nua a chur ina ionad ar mhaithe le soiléireacht ó thaobh an dlí. Tá an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn III. Ós rud é go ndírítear an togra ar Rialachán de chuid an Aontais a aisghairm agus rialachán eile a chur ina ionad, is i bhfoirm Rialacháin atá an togra.
3.
TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•
Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Leis an measúnú REFIT a rinneadh ar an Rialachán in 2017, thángthas ar an gconclúid go raibh sé oiriúnach dá fheidhm agus measadh gur dlí tábhachtach comhshaoil de chuid an Aontais a bhí ann mar gheall ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil go poiblí leis faoi fheidhmíocht comhshaoil tionscal mór.
Is mór ag na páirtithe leasmhara PRTR Eorpach. Aithníonn siad go bhfuil sé éasca rochtain a fháil air agus go bhfuil tacar sonraí luachmhar comhsheasmhach ann, agus nach bhfuil aon rogha malartach inchomparáide ann le haghaidh sonraí faoi scaoilte tionsclaíocha san Aontas.
Níor sainaithníodh leis an meastóireacht aon slí ar féidir feabhas mór a chur ar an Rialachán ná simpliú mór a dhéanamh air. Sainaithníodh gnéithe a d’fhéadfaí a fheabhsú sna réimsí seo a leanas áfach:
–cé gur cosúil go raibh dea-chleachtais á gcomhaontú ag na Ballstáit, dá dtabharfaí an treoir atá ann san Aontas cothrom le dáta, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé ina chuidiú chun na sonraí a léirmhíniú ar bhealach ní ba chomhsheasmhaí;
–d’fhéadfadh PRTR Eorpach a bheith ní b’éifeachtúla agus ní ba chomhsheasmhaí dá n‑ailíneofaí le hoibleagáidí gaolmhara tuairiscithe comhshaoil é;
–maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le PRTR Eorpach gach 3 bliana, measadh nach raibh sé an‑úsáideach agus moladh go bhféadfaí simpliú a dhéanamh;
–dá gcuirfí ní ba mhó sonraí le PRTR Eorpach mar atá sé faoi láthair, d’fhéadfaí é a dhéanamh ní b’úsáidí mar fhoinse chuimsitheach faisnéise comhshaoil.
Rinneadh measúnú tionchair ar an Rialachán in 2021, agus breithníodh go grinn na saincheisteanna seo a leanas.
–Gnéithe neamhéifeachtacha den reachtaíocht – conas aghaidh a thabhairt ar na réimsí ina bhféadfadh na rialacha atá ann faoi láthair a bheith ní b’éifeachtaí agus ní b’éifeachtúla.
–Rannchuidiú leis an éifeachtúlacht acmhainní agus leis an táirgeadh nach bhfuil chomh tocsaineach sin – truailleáin nua a d’fhéadfaí a chur leis an Rialachán a chinneadh, go háirithe chun é a ailíniú ar bhealach ní b’fhearr leis na caighdeáin cáilíochta comhshaoil (le haghaidh an aeir agus an uisce) agus le Rialachán REACH; breithniú a dhéanamh ar an tslí a d’fhéadfadh an Rialachán rannchuidiú le geilleagar ciorclach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun e.g. trí úsáid fuinnimh, uisce agus amhábhar a thuairisciú.
–Rannchuidiú leis an dícharbónú – conas a d’fhéadfadh an Rialachán gníomhaíochtaí éagsúla tionsclaíocha a dhéanamh ní b’éifeachtúla ó thaobh carbóin de.
–Raon feidhme earnála – a chinneadh an bhfágann an Rialachán aon ghníomhaíocht thábhachtach comhshaoil ar lár agus an tslí a n‑ailínítear leis an reachtaíocht ghaolmhar é (go háirithe IED, TGDM agus Treoir CFUU) agus an tslí a dtacaíonn sé leis an reachtaíocht sin.
•
Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Tugadh aiseolas tosaigh ar an measúnú ar thionchar tionscanta arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin ‘Cloisimis uait’ an Choimisiúin. Reáchtáladh an comhairliúchán ón 28 Meán Fómhair 2020 go dtí an 26 Deireadh Fómhair 2020 agus fuarthas 37 bhfreagra.
Mar chuid den mheasúnú tionchair, reáchtáladh comhairliúchán oscailte poiblí maidir le IED agus an Rialachán a athbhreithniú ar feadh 13 seachtaine ón 22 Nollaig 2020 go dtí an 23 Márta 2021. Bhí 24 cheist ann agus bhain 4 cheist go díreach leis an Rialachán. Spreagadh an pobal agus eagraíochtaí chun ceistneoir a líonadh isteach ar líne ar ardán suirbhéanna an Aontais. Poiblíodh an comhairliúchán ar shuíomh gréasáin ‘Cloisimis uait’, agus cuireadh a sheoladh in iúl do na páirtithe leasmhara trí ríomhphost freisin. D’fhéadfadh freagróirí an chomhairliúcháin páipéir sheasaimh a sheoladh freisin.
Rinneadh suirbhé spriocdhírithe ar na páirtithe leasmhara tar éis an chomhairliúcháin. Bhí an suirbhé ar oscailt ar feadh 8 seachtaine (ón 8 Márta go dtí an 30 Aibreán 2021), agus cuireadh síneadh coicíse leis (go dtí an 14 Bealtaine 2021), ionas go bhféadfaí tuilleadh freagraí a chur isteach. Cuireadh cuirí chun an suirbhé a líonadh isteach chuig 800 páirtí leasmhar IED agus PRTR Eorpach.
Leis an suirbhé, iarradh ar na páirtithe leasmhara roghanna éagsúla a shainaithint agus measúnú a dhéanamh orthu. Bhí 61 cheist ar an suirbhé, agus bhain siad le sé réimse a sainaithníodh go bhfuil fadhbanna iontu (féach thíos). Cuireadh roinnt ceisteanna in oiriúint do pháirtithe leasmhara sonracha: Údaráis na mBallstát (ar aon leibhéal riaracháin), an tionsclaíocht (comhlachtaí aonair nó comhlachais trádála) nó grúpaí eile (ENRanna comhshaoil, saineolaithe teicniúla, an lucht léinn agus taighdeoirí). Cuireadh leaganacha Word agus PDF den suirbhé amach trí ríomhphost chun cabhrú leis an bhfaisnéis a bhailiú agus ar mhaithe leis an trédhearcacht iomlán. Chuir trí chomhlachas thionsclaíocha agus ENR amháin ábhar tionlacain isteach, amhail páipéir sheasaimh, barúlacha míniúcháin agus achoimrí ar phríomhtheachtaireachtaí.
Chomh maith leis sin, rinneadh 30 agallamh le hionadaithe ó chomhlachtaí idirnáisiúnta, ó institiúidí an Aontais, ó údaráis náisiúnta, ó chomhlachais tionscail nó trádála, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó eagraíochtaí eile.
Tugtar breac-chuntas thíos ar an bpríomhionchur a fuarthas maidir leis na sé fhadhb a sainaithníodh.
1.
Gníomhaíochtaí agus tairseacha gníomhaíochta: Mheas formhór na bhfreagróirí, ó na grúpaí páirtithe leasmhara uile, go raibh sé tábhachtach aicmithe gníomhaíochta an Rialacháin agus IED a ailíniú. Chreid formhór na dtaighdeoirí, ENRanna agus na n‑údarás poiblí go gcuideodh sé sin lena gcuid oibre, agus cheap formhór na bhfreagróirí ón tionsclaíocht nach ndéanfadh sé aon difear do na cúraimí PRTR Eorpach atá orthu faoi láthair. Ceapadh gur deis é an t‑ailíniú sin chun an bailiúchán agus an tuairisciú sonraí a dhéanamh níos éasca, agus chun an ghníomhaíocht rialaithe comhshaoil agus an cháilíocht sonraí a dhéanamh níos comhsheasmhaí.
2.
Truailleáin agus tairseacha maidir le scaoilte a thuairisciú: Cuireadh ceisteanna ar fhreagróirí faoina thábhachtaí atá sé 52 thruailleán aitheanta a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán. Tacaíodh leis an togra seo go ginearálta, ach léiríodh saineolas na bhfreagróirí sna torthaí agus a thábhachtaí atá na truailleáin sin do na hearnálacha tionsclaíocha faoi seach. Mhol rannpháirtithe an tsuirbhé roinnt truailleán eile ba cheart a chur san áireamh freisin.
3.
Faisnéis chun rianú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo geilleagar ciorclach a fhorbairt agus an tionsclaíocht a dhícharbónú: Mheas go leor taighdeoirí, ENRanna agus údaráis phoiblí go raibh sé an‑tábhachtach nó réasúnta tábhachtach faisnéis bhreise chomhthéacsúil a thuairisciú faoin ídiú fuinnimh agus faoin aisghabháil/athúsáid fuinnimh. Níor cheap ach céatadán beag de na páirtithe leasmhara tionsclaíochta go raibh sí tábhachtach áfach agus chuir siad in iúl go minic gur ábhar imní dóibh an t‑ualach breise riaracháin.
4.
Modhanna tuairiscithe agus sreabhadh sonraí: Cheap formhór na bhfreagróirí, ó na grúpaí páirtithe leasmhara uile go raibh sé tábhachtach nó beagán tábhachtach go mbeadh solúbthacht ann maidir leis an tuairisciú ón mbarr anuas (arna dhéanamh ag na Ballstáit) in earnálacha tionsclaíocha áirithe. Maidir le sprioc-amanna tuairiscithe a ghiorrú, léirigh go leor páirtithe leasmhara tionsclaíochta go raibh cáilíocht na sonraí ní ba thábhachtaí ná luas an tuairiscithe sonraí.
5.
Rochtain ar fhaisnéis PRTR Eorpach: Thacaigh taighdeoirí, ENRanna, údaráis phoiblí agus an pobal leis an gceanglas maidir le scaoilte a thuairisciú ar ‘leibhéal fo-shaoráide’. Níor thug ionadaithe ón tionsclaíocht an tacaíocht chéanna toisc gur cheap siad go ndéanfadh sé difear mór dá n‑ualach oibre.
6.
Scaoilte ó fhoinsí idirleata agus ó tháirgí: Cheap na freagróirí uile go gcuideodh na roghanna atá beartaithe le feabhas a chur ar fhaisnéis PRTR Eorpach atá ann faoi láthair faoi scaoilte ó fhoinsí idirleata, agus tugadh tacaíocht ar leith do theimpléid chaighdeánaithe agus do thosca scaoilte. Cheap formhór na bpáirtithe leasmhara ón tionsclaíocht nach raibh tábhacht le scaoilte ó tháirgí ach cheap na taighdeoirí, ENRanna agus na húdaráis go raibh siad réasúnta tábhachtach nó an‑tábhachtach.
•
Measúnú tionchair
An 20 Nollaig 2021, d’eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála ‘tuairim dhearfach ina raibh forchoimeádais’. Foilseofar í sin nuair a ghlacfaidh an Coimisiún an togra seo. Idir an dá linn, leasaíodh an doiciméad inmheánach oibre chun torthaí an Bhoird a chur san áireamh.
•
Oiriúnacht rialála agus simpliú
I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr, ullmhaíodh an togra seo ar bhealach cuimsitheach, bunaithe ar thrédhearcacht iomlán agus ar rannpháirtíocht leanúnach le páirtithe leasmhara, agus cuireadh idir aiseolas seachtrach agus ghrinnscrúdú seachtrach san áireamh chun a áirithiú go mbainfear an chothromaíocht cheart amach leis an togra.
Sainaithnítear PRTR Eorpach mar dhea-chleachtas sa tuairisciú cuíchóirithe comhleanúnach. Cé go dteorannaítear leis sin an fhéidearthacht a bhaineann le tuilleadh cuíchóirithe a dhéanamh, ceapadh na tograí chun an t‑ualach breise a íoslaghdú.
Leis an tuairisciú ar leibhéal na suiteála seachas ar an leibhéal saoráide, áiritheofar comhleanúnachas iomlán leis an tuairisciú faoi Threoir 2010/75, agus ar an gcaoi sin, laghdófar aon ualach riaracháin a bhaineann leis an tuairisciú ar leibhéil dhifriúla theicniúla ar láithreáin tionscail.
Leis an tuairisciú simplithe ón mbarr anuas maidir le beostoc a thógáil agus an dobharshaothrú, laghdófar an t‑ualach riaracháin ar fheirmeacha beostoic agus ar ghnólachtaí dobharshaothraithe faoi €11.8 milliún in aghaidh na bliana agus i gcás an riaracháin phoiblí: €0.670 milliún.
Ós rud é gur gá Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 maidir le PRTR Eorpach atá ann faoi láthair a mhodhnú go substaintiúil, aisghairfear é agus cuirfear Rialachán nua ina ionad chun go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil, soiléireacht agus trédhearcacht ann.
•
Cearta bunúsacha
Leis an togra, urramaítear cearta bunúsacha, go háirithe na cearta sin sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Leis an togra, rannchuidítear freisin leis an gceart ar ardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 37 den Chairt.
4.
IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Beidh impleachtaí buiséadacha ag an togra le haghaidh acmhainní daonna agus riaracháin sa Choimisiún agus sa Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil. Soláthraítear na sonraí sin sa ráiteas airgeadais atá san Iarscríbhinn.
Beidh níos mó oibre le déanamh ag an gCoimisiún chun raon feidhme níos leithne an Rialacháin (i.e. cumhdach níos leithne earnála) agus gníomhaíocht níos déine (e.g. tosca breise amhail úsáid acmhainní agus an tuairisciú ar an leibhéal suiteála) a chur chun feidhme. Déanfaidh sé an obair sin i gcomhréir leis an leithdháileadh acmhainní atá ann faoi láthair.
Tacóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil leis an gCoimisiún tríd an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (an Tairseach) a bhainistiú agus trí shocruithe praiticiúla a chur chun feidhme chun tacú leis an raon feidhme níos leithne agus an ghníomhaíocht níos déine. Éileofar dhá choibhéis lánaimseartha bhreise chuige sin.
5.
EILIMINTÍ EILE
•
Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Beidh líon iomlán na scaoilte truailleán in aghaidh na hearnála, bunaithe ar na sonraí a thuairiscíonn na hoibreoirí chuig PRTR Eorpach, fós ina phríomhtháscaire chun an dul chun cinn a rianú i gcomparáid le cuspóirí an tionscnaimh seo. Leis an PRTR Eorpach feabhsaithe, feabhsófar an faireachán a dhéantar ar fheidhmíocht chomhshaoil na n‑earnálacha éagsúla tionsclaíocha.
·Leis an tuairisciú níos mionsonraithe a dhéanfar ar thruailleáin ar an leibhéal suiteála, beifear in ann anailís a dhéanamh ar na príomhphróisis in earnálacha ina bhfuil an fheidhmíocht chomhshaoil ag feabhsú nó ag titim ar gcúl.
·Tríd an tuairisciú ar úsáid acmhainní a chur san áireamh, beifear in ann táscairí nua maidir le húsáid amhábhar, uisce agus fuinnimh a shainiú. Leis sin, beifear in ann feabhsuithe ar an éifeachtúlacht acmhainní a rianú.
·Le nuashonruithe a dhéanfar go tráthrialta ar na substaintí a chumhdaítear le PRTR Eorpach, beifear in ann sainiú a dhéanamh ar tháscairí scaoilte substaintí atá ag teacht chun cinn mar ábhar imní nó ar ábhar imní cheana iad. Mar thoradh air sin, beifear in ann feabhsuithe ar an tslí a n‑úsáidtear agus a mbainistítear na substaintí sin a rianú.
Leis na feabhsuithe sin, cuideofar lena áirithiú go bhféadfar an faireachán sin a úsáid go héifeachtach sa chreat faireacháin agus ionchais truaillithe nialasaigh níos leithne, atá le foilsiú gach 2 bhliain ó 2022 ar aghaidh. Le sonraí maidir leis an truailliú aeir, uisce agus ithreach atá le fáil mar chuid den chreat faireacháin truaillithe nialasaigh, cuideofar le meastóireacht a dhéanamh ar thionchar an truaillithe laghdaithe ó shuiteálacha a chumhdaítear le IED agus leis an Rialachán.
I gcás bhearta PRTR Eorpach, áirítear ar na príomhtháscairí tráthúlacht agus iomláine an tuairiscithe – de réir an Bhallstáit, na hearnála agus an mhodha chomhthimpeallaigh. Le staitisticí gréasáin ón tairseach, tomhaisfear an rochtain atá ag an bpobal ar fhaisnéis chomhcheangailte IED/PRTR Eorpach.
Déanfar faireachán ar an bhfreagairt ar fheabhsuithe reachtacha trí shuirbhéanna ar pháirtithe leasmhara IED agus PRTR Eorpach a úsáid.
•
Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagal 1 sonraítear an t‑ábhar i.e. an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha a bhunú (an Tairseach) mar an mbunachar sonraí nua leictreonach ar líne a chuirtear in ionad PRTR Eorpach agus ina mbeidh na sonraí uile a thuairiscítear faoin Rialachán; cur chun feidhme Phrótacal UNECE maidir le Cláir ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán; éascú a dhéanamh ar rochtain an phobail ar fhaisnéis faoin gcomhshaol agus ar rannpháirtíocht an phobail sa chinnteoireacht chomhshaoil; agus an cumas chun meastóireacht agus measúnú níos fearr a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil na reachtaíochta maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha.
Le hAirteagal 2 sainmhínítear na príomhthéarmaí d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht a áirithiú agus a chur chun feidhme ceart iomlán a áirithiú. Leis na sainmhínithe sin, tugtar aghaidh inter alia ar na téarmaí ‘suiteáil’, ‘scaoileadh’, ‘aistriú ón láithreán’, ‘foinsí idirleata’, ‘oibreoir’. Ar mhaithe leis an gcomhsheasmhacht le reachtaíocht ghaolmhar eile an Aontais, déantar tagairt i roinnt sainmhínithe do na sainmhínithe in IED agus i dTreoir Réime 2008/98/AE maidir le Dramhaíl.
Le hAirteagal 3 sonraítear na sonraí a bheidh sa Tairseach, i.e. sonraí a thuairiscíonn na hoibreoirí agus na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5 agus an fhaisnéis bhreise ábhartha chomhshaoil a thuairiscítear faoi reachtaíocht ghaolmhar eile an Aontais.
Le hAirteagal 4 tugtar aghaidh ar dhearadh agus ar struchtúr na Tairsí agus sonraítear na sonraí a chuirtear i láthair i bhfoirm chomhiomlánaithe agus i bhfoirm neamh‑chomhiomlánaithe araon chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí na Tairsí cuardaigh shonracha a dhéanamh de réir inter alia suiteála nó gníomhaíochta. Is é an cuspóir atá ann an éascaíocht agus an úsáideacht is mó a áirithiú d’úsáideoirí na Tairsí ó thaobh rochtain a fháil ar na sonraí tuairiscithe ábhartha.
Le hAirteagal 5 tugtar breac-chuntas ar na sonraí a bheidh le tuairisciú ar bhonn bliantúil ag oibreoirí na suiteálacha tionsclaíocha lena mbaineann, mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, chuig a mBallstát. Cuimsítear leis sin scaoileadh na dtruailleán a liostaítear in Iarscríbhinn II isteach sa chomhshaol, aistrithe dramhaíola agus fuíolluisce ón láithreán, úsáid acmhainní (e.g. uisce, amhábhair), faisnéis lena gcuirtear na sonraí sin i gcomhthéacs (e.g. méid bliantúil táirgeachta) agus cé acu a chumhdaítear an tsuiteáil le reachtaíocht ghaolmhar eile an Aontais, amhail IED, nó nach gcumhdaítear.
Chun an tuairisciú dúbailte a sheachaint, i gcás aistrithe dramhaíola ón láithreán atá faoi réir diúscairt trí ‘chóireáil talún’ nó ‘instealladh domhain’, soiléirítear le hAirteagal 5(1)(b) nár cheart ach d’oibreoir na suiteála ón dtagann an dramhaíl iad a thuairisciú mar scaoileadh chuig an talamh.
Tá sonraí maidir le scaoilte agus aistrithe le tuairisciú mar iomláin bhliantúla de ghníomhaíochtaí a dhéantar d’aon ghnó nó de thaisme, gnáthghníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí nach ngnáthghníomhaíochtaí iad. Leagtar amach na luachanna tairsí lena ngníomhachtaítear an oibleagáid tuairiscithe in Airteagal 5(1) agus Iarscríbhinn II. I gcás nach sáraítear na luachanna tairsí sin, ba cheart d’oibreoirí a dhearbhú go sainráite go raibh a scaoilte bliantúla agus/nó a n‑aistrithe ón láithreán faoi bhun na luachanna tairsí sin. Leis sin, féachtar le haghaidh a thabhairt ar an easnamh cur chun feidhme i.e. an débhrí maidir le cé acu a léiríonn tuairisceán nialasach mainneachtain tuairiscithe nó scaoilte agus aistrithe faoi bhun na dtairseach tuairiscithe is infheidhme. Ar an gcaoi chéanna, tugtar aghaidh le hAirteagal 5(3) ar easnamh cur chun feidhme eile, maidir leis na modhanna a úsáideann oibreoirí chun a scaoilte agus a n‑aistrithe ón láithreán a chainníochtú, tríd an ordlathas cainníochtaithe seo a leanas a bhunú: 1. Tomhas; 2. Ríomh; agus 3. Meastachán. Chun go mbeifear in ann iniúchadh a dhéanamh ar thuarascálacha oibreoirí, ba cheart d’oibreoirí taifid a choimeád ar feadh tréimhse 5 bliana de na sonraí óna ndíorthaítear an fhaisnéis a thuairiscítear.
D’fhéadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní is gá ag oibreoirí roinnt suiteálacha chun na scaoilte bliantúla truailleán a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar scaoilte iad a dhéantar d’aon ghnó, a chainníochtú. Dá bhrí sin, mar shimpliúchán riaracháin, féadfaidh na Ballstáit scaoilte den sórt sin a chainníochtú thar ceann oibreoirí suiteálacha le haghaidh éanlaith, muca agus eallach a thógáil (Gníomhaíocht 2 d’Iarscríbhinn I) agus le haghaidh an dobharshaothraithe (Gníomhaíocht 7 d’Iarscríbhinn I).
Ceanglaítear ar na Ballstáit sprioc-am a leagan síos le haghaidh oibreoirí chun na sonraí a sholáthar dá n‑údarás inniúil.
Le hAirteagal 6 tugtar aghaidh ar an tuairisciú bliantúil sonraí a dhéanann na Ballstáit chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin. Maidir leis an bhformáid agus an dáta faoina bhfuil na sonraí le tuairisciú ag na Ballstáit, tá siad le socrú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. I ndáil leis sin, leanfaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741ón gCoimisiún, lena mbunaítear an fhormáid sonraí agus an sprioc-am tuairiscithe, de bheith infheidhme. Ba cheart don Choimisiún, agus cúnamh á fháil aige ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, sonraí na mBallstát a chuimsiú sa Tairseach laistigh d’aon mhí amháin tar éis na sonraí a fháil ó na Ballstáit.
Le hAirteagal 7 tugtar aghaidh ar scaoilte truailleán ó fhoinsí idirleata a thuairisciú. I gcás nach dtuairiscítear sonraí den sórt sin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an tuairisciú sin a thionscnamh.
Baineann Airteagal 8 le cáilíocht na sonraí a thuairiscítear. Ceanglaítear ar oibreoirí cáilíocht na sonraí a áirithiú agus ní mór do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar chruinneas, ar iomláine, ar chomhsheasmhacht agus ar inchreidteacht na sonraí sin. Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte ábhartha a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.
Airteagail 9, 10 agus 11: I gcomhréir le Coinbhinsiún UNECE maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, an Prótacal agus reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n‑áirítear Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, féachtar trí bhíthin na bhforálacha sin leis an méid seo a leanas a áirithiú:
(i) rochtain ar líne saor in aisce a bheith ag an bpobal ar na sonraí sa Tairseach agus é a shonrú san am céanna go bhfuil sé sin gan dochar do na srianta a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil e.g. leasanna tráchtála oibreoirí agus faisnéis rúnda a chosaint;
(ii) rannpháirtíocht an phobail san fhorbairt bhreise a dhéanfar ar an Tairseach; agus
(iii) ceart an phobail rochtain a bheith acu ar an gceartas maidir le rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil.
Le hAirteagal 12 tagraítear don treoraíocht a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Leis an treoraíocht, tugtar aghaidh inter alia ar na nósanna imeachta um thuairisciú agus ar dhearbhú cáilíochta na sonraí a thuairiscítear.
Le hAirteagal 13 ceanglaítear ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feasacht an phobail ar an Tairseach a chur chun cinn.
Airteagail 14 agus 15: Le hAirteagal 14 tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinní I agus II a leasú chun a áirithiú go leanann an Rialachán de bheith tráthúil.
Maidir le hIarscríbhinn I, soláthraítear an cumas gníomhaíochtaí nua tionsclaíocha nó talmhaíochta a chur léi, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann dochar nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh, don chomhshaol nó do shláinte an duine mar thoradh ar scaoilte móra truailleán nó úsáid mhór acmhainní. D’fhéadfadh sé gur ghá gníomhaíochtaí a chur léi chun éifeacht a thabhairt d’athruithe a dhéantar ar an bPrótacal maidir le PRTRanna.
Ar an gcaoi chéanna, tá foráil ann maidir le hIarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta trí thruailleáin a chur léi atá faoi réir rialuithe sonracha rialála faoi reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin, cáilíocht an uisce agus cáilíocht an aeir agus mar gheall ar a ghuaisí a d’fhéadfaidís a bheith le haghaidh an chomhshaoil nó shláinte an duine. D’fhéadfadh sé gur ghá truailleáin a chur léi freisin chun éifeacht a thabhairt d’athruithe a dhéantar ar an bPrótacal maidir le PRTRanna. Thairis sin, ceadaítear leis an bhforáil seo tairseacha tuairiscithe a shocrú lena n‑áiritheofar go ngabhfar 90 % ar a laghad de na scaoilte truailleán ó ghníomhaíochtaí a shonraítear in Iarscríbhinn I.
Le hAirteagal 15, leagtar síos na coinníollacha maidir le feidhmiú na dtarmligean sin.
Is éard atá in Airteagal 16 an fhoráil maidir leis an nós imeachta coiste lena sonraítear go dtabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún agus go mbeidh feidhm ag an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 maidir leis an nós imeachta coiste. Déantar foráil leis go bhféadfadh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an dáta agus an fhormáid tuairiscithe faoi Airteagal 6(1) a leagan síos nó a thabhairt cothrom le dáta.
Le hAirteagal 17 sonraítear na critéir atá le breithniú ag na Ballstáit nuair a leagann síos siad pionóis le haghaidh sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin agus iarrtar ar na Ballstáit bearta dearbhaithe comhlíontachta a ghlacadh chun sáruithe a chosc agus a bhrath.
Airteagail 18, 19 agus 20: Baineann Airteagal 18 le Rialachán (CE) 166/2006 a aisghairm agus Rialachán eile a chur ina ionad. Le hAirteagal 20, tugtar aghaidh ar an dáta teacht i bhfeidhm, agus baineann Airteagal 19 leis na forálacha idirthréimhseacha a bheidh ann go dtí an dáta sin.
Sonraítear le hIarscríbhinn I na gníomhaíochtaí a bhfuil feidhm ag an Rialachán maidir leo, eadhon:
·suiteálacha a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a shonraítear in Iarscríbhinní I nó Ia a ghabhann le Treoir 2010/75/AE agus atá os cionn na dtairseach a shonraítear iontu;
·gléasraí dócháin meánmhéide ag a bhfuil toilleadh os cionn 20 MW (meigeavatanna);
·gníomhaíochtaí breise a shonraítear sa Phrótacal ach nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht thuasluaite, eadhon: mianadóireacht faoi thalamh (lena n‑áirítear amhola nó gás a eastóscadh); mianadóireacht dromchla agus cairéalacht; gléasraí móra cóireála fuíolluisce uirbigh; dobharshaothrú; agus tógáil/díchóimeáil long nó an phéinteáil/baint péinteála.
Dírítear leis an raon feidhme ar chomhleanúnachas a bhaint amach le reachtaíocht chomhshaoil ghaolmhar eile an Aontais, lena n‑áirítear Treoir 2010/75/AE agus Treoir (AE) 2015/2193.
Le hIarscríbhinn II leagtar amach liosta de na truailleáin atá le tuairisciú agus na tairseacha a ghabhann leo lena ngníomhachtaítear an tuairisciú ar scaoilte.
Is éard atá in Iarscríbhinn III tábla comhghaoil ina liostaítear forálacha Rialachán (CE) 166/2006 agus forálacha comhfhreagracha an togra seo.
2022/0105 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an tuairisciú ar shonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha agus lena mbunaítear an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Leis an Ochtú Plean Gníomhaíochta Comhshaoil de chuid an Aontais Eorpaigh, arna ghlacadh le Cinneadh Uimh. XXX/202X/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle , ceanglaítear ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ar na páirtithe leasmhara ardchaighdeáin a chur i bhfeidhm go héifeachtach maidir le trédhearcacht, rannpháirtíocht an phobail agus rochtain ar cheartas i gcomhréir le Coinbhinsiún UNECE maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (‘Coinbhinsiún Aarhus’), ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon.
(2)Le Coinbhinsiún Aarhus, arna dhaingniú ag an gComhphobal Eorpach an 17 Feabhra 2005 le Cinneadh 2005/370/CE ón gComhairle, aithnítear go rannchuidíonn rochtain mhéadaithe phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus scaipeadh na faisnéise sin go mór le feasacht níos fearr ar chúrsaí comhshaoil, saormhalartú tuairimí, rannpháirtíocht níos éifeachtaí ag an bpobal sa chinnteoireacht chomhshaoil agus, ar deireadh, le comhshaol níos fearr.
(3)An 2 Nollaig 2005 dhaingnigh an Comhphobal Eorpach Prótacal UNECE maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán (‘an Prótacal’) le Cinneadh 2006/61/CE ón gComhairle.
(4)Le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaíodh Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán chun an Prótacal a chur chun feidhme.
(5)Leis an dara tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, thángthas ar an gconclúid gur cheart oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú trí fhéachaint a thuilleadh ar shineirgí le reachtaíocht ghaolmhar eile an Aontais maidir le truailliú ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena n‑áirítear go háirithe Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 91/271/CEE ón gComhairle. Cuireadh i dtábhacht sa tuarascáil freisin gur gá roghanna maidir le faisnéis bhreise chomhthéacsúil a fhiosrú chun na sonraí a thuairiscítear a dhéanamh níos éifeachtaí.
(6)Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’[I dtreo an Aeir, an Uisce agus na hIthreach a bhith saor ó thruailliú], bunaíodh plean gníomhaíochta Aontais um an truailliú nialasach, fuinneamh, dícharbónú agus an geilleagar ciorclach, agus cuireadh chun cinn úsáid éifeachtach na faisnéise a thuairiscítear sa chreat faireacháin agus ionchais truaillithe nialasaigh níos leithne agus faoin gcreat faireacháin dá bhforáiltear san Ochtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil.
(7)I gcomhréir le conclúidí an dara tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 166/2006, d’fhorbair an Coimisiún, a fuair tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (‘an Ghníomhaireacht’), an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (‘an Tairseach’) i mí an Mheithimh 2021 lena cur in ionad an Chláir Eorpaigh ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán agus ar an gcaoi sin, chun sineirgí leis an tuairisciú faoi Threoir 2010/75/AE a fheabhsú.
(8)Trí bhíthin na Tairsí, ba cheart rochtain ar líne atá saor in aisce a sholáthar don phobal ar thacar sonraí breise atá comhtháite comhleanúnach maidir leis na príomhbhrúnna comhshaoil a ghineann suiteálacha tionsclaíocha ós rud é gur uirlis chostéifeachtach iad na sonraí sin chun comparáidí a dhéanamh agus cinntí a dhéanamh maidir le cúrsaí comhshaoil, feidhmíocht chomhshaoil níos fearr a spreagadh, treochtaí a rianú, dul chun cinn a léiriú maidir le truailliú a laghdú, suiteálacha a thagarmharcáil, faireachán a dhéanamh ar an gcomhlíontacht le comhaontuithe ábhartha idirnáisiúnta, tosaíochtaí a leagan síos agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar trí bheartais agus cláir chomhshaoil de chuid an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.
(9)Ba cheart na sonraí sa Tairseach a léiriú i bhfoirm chomhiomlánaithe agus neamh‑chomhiomlánaithe araon chun go mbeidh úsáideoirí in ann cuardaigh spriocdhírithe a dhéanamh.
(10)Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le tuairisciú ar ‘an leibhéal suiteála’ chun sineirgí a chur chun feidhme idir an Tairseach agus na tacair sonraí maidir le brúnna comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha, lena n‑áirítear na cinn a chumhdaítear le Treoir 2010/75/AE, agus chun comhleanúnachas le cur chun feidhme na Treorach sin agus tacaíocht le haghaidh an chur chun feidhme a áirithiú.
(11)Chun ceanglais an Phrótacail a chomhlíonadh, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais maidir le tuairisciú i dtaca leis na gníomhaíochtaí uile a liostaítear ina Iarscríbhinn I. Ina theannta sin, agus d’fhonn sineirgí a bhaint amach le reachtaíocht chomhshaoil ghaolmhar an Aontais, ba cheart raon feidhme an Rialacháin seo a ailíniú leis na gníomhaíochtaí tionsclaíocha faoi Iarscríbhinní I agus Ia a ghabhann le Treoir 2010/75/AE agus leis na gníomhaíochtaí roghnaithe eile a chumhdaítear le Treoir (AE) 2015/2193 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(12)Chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil suiteálacha tionsclaíocha, ba cheart, trí bhíthin na sonraí atá le cuimsiú sa Tairseach, scaoilte truailleán áirithe sa chomhshaol, aistrithe fuíolluisce ón láithreán ar fuíolluisce é ina bhfuil na truailleáin sin agus aistrithe dramhaíola ón láithreán os cionn tairseacha cainníochtúla a chumhdach.
(13)Ba cheart sonraí a bheith sa Tairseach maidir leis an úsáid a bhaineann na suiteálacha lena mbaineann as uisce, fuinneamh agus amhábhair chun go mbeifear in ann faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar i dtreo geilleagar ciorclach atá tíosach ar acmhainní
(14)Le Coinbhinsiún Aarhus, arna dhaingniú ag an gComhphobal Eorpach an 17 Feabhra 2005 le Cinneadh 2005/370/CE, ón gComhairle, aithnítear go rannchuidíonn rochtain mhéadaithe phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus scaipeadh na faisnéise sin go mór le feasacht níos fearr ar chúrsaí comhshaoil, le saormhalartú tuairimí, le rannpháirtíocht níos éifeachtaí ag an bpobal sa chinnteoireacht chomhshaoil agus, ar deireadh, le comhshaol níos fearr.
(15)Ba cheart d’oibreoirí suiteálacha faisnéis a thuairisciú freisin faoin méid táirgeachta, an líon bhfostaithe agus faoi uaireanta oibriúcháin na suiteála lena mbaineann mar aon le faisnéis faoi thionóiscí as ar eascair scaoilte, chun go mbeifear in ann na sonraí a thuairiscítear maidir le scaoilte truailleán agus aistrithe dramhaíola agus fuíolluisce ón láithreán a chur i gcomhthéacs.
(16)An tairbhe fhoriomlán a bhaineann leis an Tairseach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil a bhaineann le suiteálacha tionsclaíocha, ba cheart an tairbhe sin a uasmhéadú trí naisc a chur inti chuig sreafaí eile faisnéise a eascraíonn ó reachtaíocht chomhshaoil eile an Aontais maidir leis an athrú aeráide, an t‑aer, an t‑uisce agus an chosaint talún, agus maidir le bainistíocht dramhaíola, lena n‑áirítear an tuairisciú faoi Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoi Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi Threoir 2010/75/AE. Thairis sin, chun luach na Tairsí a uasmhéadú d’úsáideoirí, ba cheart í a dhearadh chun éascú a dhéanamh ar chomhtháthú a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo le sreafaí ábhartha eile sonraí comhshaoil.
(17)Chun críoch na deimhneachta dlíthiúla, ba cheart a cheangal ar oibreoirí suiteálacha tuairisceán nialasach a chur isteach i gcás ina bhfuil na scaoilte agus na haistrithe dramhaíola agus fuíolluisce óna suiteálacha faoi bhun na dtairseach tuairiscithe.
(18)Chun cáilíocht na sonraí a thuairiscítear a fheabhsú agus chun inchomparáideacht na sonraí a áirithiú, is iomchuí comhchuibhiú a dhéanamh ar na modhanna cainníochtaithe atá le húsáid ag oibreoirí chun scaoilte, aistrithe dramhaíola ón láithreán, aistrithe fuíolluisce ón láithreán agus úsáid acmhainní a thuairisciú. Ba cheart a cheangal ar oibreoirí, dá bhrí sin, mar thosaíocht, an tomhas a dhéanamh óir is é an modh cainníochtaithe is cruinne agus mura bhfuil sin indéanta, an ríomh a úsáid, ach níor cheart an meastachán a úsáid ach in am an éigin.
(19)Toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní is gá ag oibreoirí suiteálacha táirgthe beostoic agus dobharshaothraithe chun na scaoilte truailleán a dhéanann siad d’aon ghnó a chainníochtú go cruinn, ba cheart na Ballstáit a bheith i dteideal iad a chainníochtú ar a son.
(20)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis an tuairisciú a dhéanann na Ballstáit, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun cineál agus formáid na faisnéise atá le soláthar agus na sprioc-amanna tuairiscithe a leagan síos. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(21)I bhfianaise a thábhachtaí atá rochtain thapa ar fhaisnéis chomhshaoil do shaoránaigh an Aontais, tá sé fíor-riachtanach é go gcuireann na Ballstáit agus an Coimisiún na sonraí ar fáil go poiblí a thapúla agus is féidir go teicniúil. Chuige sin, cé go bhfuil an sprioc-am beacht tuairiscithe le leagan síos i ngníomh cur chun feidhme, níor cheart é a bheith níos dhéanaí ná 11 mhí tar éis dheireadh na bliana tuairiscithe.
(22)I gcás inarb iomchuí, trí bhíthin na Tairsí, ba cheart rochtain a éascú ar fhaisnéis faoi scaoilte ó fhoinsí idirleata chun é a chur ar a gcumas do chinnteoirí na scaoilte sin a chur i gcomhthéacs ar bhealach níos fearr agus an réiteach is éifeachtaí a roghnú chun an truailliú a laghdú.
(23)Maidir le sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit, ba cheart iad a bheith ar ardcháilíocht go háirithe maidir lena gcruinneas, a n‑iomláine, a gcomhsheasmhacht agus a n‑inchreidteacht. Ba cheart do na húdaráis inniúla, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí a sholáthraíonn oibreoirí.
(24)An rochtain atá ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil a thuairiscíonn na Ballstáit, ba cheart í a bheith neamhshrianta agus níor cheart eisceachtaí ón riail sin a bheith ann ach amháin i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, de réir mar is iomchuí.
(25)Ba cheart rannpháirtíocht an phobail san fhorbairt bhreise a dhéanfar ar an Tairseach a áirithiú trí dheiseanna luatha éifeachtacha a chur ar fáil chun barúlacha, faisnéis, anailís agus tuairimí a chur isteach le haghaidh an phróisis cinnteoireachta.
(26)Chun úsáideacht agus tionchar na Tairsí a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún, agus tacaíocht á fáil aige ón nGníomhaireacht, treoraíocht a fhorbairt chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo.
(27)Maidir leis an liosta gníomhaíochtaí tionsclaíocha nó talmhaíochta a bhfuil feidhm ag na ceanglais maidir le tuairisciú i dtaca leo, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta. Dá bhrí sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo chun gníomhaíochtaí a chur leis an Iarscríbhinn a bhfuil tionchar acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol nó gníomhaíochtaí a meastar go mbeidh tionchar acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol agus chun an Iarscríbhinn a ailíniú leis na leasuithe ar an bPrótacal.
(28)Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun tairseacha tuairiscithe a chinneadh, chun truailleáin a chur léi, ar truailleáin iad atá faoi réir bearta sonracha rialála faoi dhlí an Aontais maidir le cáilíocht an aeir agus an uisce agus maidir le ceimiceáin, lena n‑áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2004/107/CE, 2006/118/CE, 2008/50/CE agus 2008/105/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun léiriú a dhéanamh ar athruithe a dhéantar ar an bPrótacal maidir leis na truailleáin atá le tuairisciú agus a dtairseacha tuairiscithe, agus chun an Iarscríbhinn sin a oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch nó teicniúil.
(29)Ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh chun Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun tairseacha tuairiscithe a chinneadh, chun truailleáin a chur léi ar truailleáin iad atá faoi réir bearta sonracha rialála faoi dhlí an Aontais maidir le cáilíocht an aeir agus an uisce agus maidir le ceimiceáin, lena n‑áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2004/107/CE, 2006/118/CE, 2008/50/CE agus 2008/105/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun léiriú a dhéanamh ar athruithe a dhéantar ar an bPrótacal maidir leis na truailleáin atá le tuairisciú agus a dtairseacha tuairiscithe, agus chun an Iarscríbhinn a oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch nó teicniúil.
(30)Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh, tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(31)Chun cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit pionóis is infheidhme maidir lena sáruithe a leagan síos agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad.
(32)Ós rud é gur gá Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 a mhodhnú go substaintiúil, ba cheart é a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla, soiléireachta agus trédhearcachta.
(33)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rochtain an phobail ar fhaisnéis chomhshaoil a fheabhsú trí bhunachar sonraí comhleanúnach comhtháite leictreonach uile-Aontais a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach toisc gur gá ardleibhéal comhchuibhithe a bheith ann chun go mbeidh sonraí na mBallstát inchomparáide, ach gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(34)Na ceanglais maidir le tuairisciú a leagtar síos leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith acu ón mbliain tuairiscithe 2025 ar aghaidh chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit agus do na hoibreoirí lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh.
(35)Chun leanúnachas sonraí agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 go dtí deireadh na bliana tuairiscithe 2024.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme Prótacal UNECE maidir le Cláir Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán (‘an Prótacal’) trí rialacha a leagan síos maidir le sonraí comhshaoil faoi shuiteálacha tionsclaíocha a bhailiú agus a thuairisciú agus bunaítear an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (‘Tairseach’) ar leibhéal an Aontais i bhfoirm bunachar sonraí ar líne chun rochtain a thabhairt ar na sonraí sin.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn ‘suiteáil’ aonad teicniúil do-aistrithe ina ndéantar ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus aon ghníomhaíocht eile atá bainteach go díreach leo agus a bhfuil nasc teicniúil aici leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar an láithreán sin agus a bhféadfadh tionchar a bheith aici ar astaíochtaí agus ar thruailliú;
(2)ciallaíonn ‘láithreán’ suíomh geografach na suiteála;
(3)ciallaíonn ‘an pobal’ an pobal mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (16) de Threoir 2010/75/AE;
(4)ciallaíonn ‘scaoileadh’ truailleáin a thabhairt isteach sa chomhshaol mar thoradh ar aon ghníomhaíocht dhaonna, cibé acu gníomhaíocht a dhéantar d’aon ghnó nó gníomhaíocht a dhéantar de thaisme, is gnáthghníomhaíocht nó gníomhaíocht nach gnáthghníomhaíocht í, lena n‑áirítear doirteadh, astú, sceitheadh, instealladh, diúscairt nó dumpáil, nó trí chórais séarachais gan cóireáil fuíolluisce deiridh;
(5)ciallaíonn ‘truailleán’ substaint nó grúpa substaintí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol nó do shláinte an duine mar gheall ar a hairíonna agus ar a tabhairt isteach sa chomhshaol;
(6)ciallaíonn ‘substaint’ substaint mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2010/75/AE;
(7)ciallaíonn ‘oibreoir’ oibreoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (15) de Threoir 2010/75/AE;
(8)ciallaíonn ‘aistriú ón láithreán’ dramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil nó lena diúscairt agus truailleáin i bhfuíolluisce atá beartaithe le haghaidh cóireáil fuíolluisce a ghluaiseacht thar theorainneacha suiteála;
(9)‘ciallaíonn ‘dramhaíl’ dramhaíl mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(10)ciallaíonn ‘fuíolluisce’ fuíolluisce uirbeach, fuíolluisce tí agus fuíolluisce tionsclaíoch, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), (2) agus (3), de Threoir 91/271/CEE, agus aon uisce úsáidte eile atá faoi réir rialáil ag dlí an Aontais mar gheall ar na substaintí nó na réada atá ann;
(11)ciallaíonn ‘foinsí idirleata’ na foinsí beaga nó scaipthe óna bhféadfaí truailleáin a scaoileadh isteach sa talamh, san aer nó san uisce, a bhféadfadh comhthionchar mór a bheith acu ar na meáin sin agus nach bhfuil sé praiticiúil tuarascálacha a bhailiú ó gach foinse aonair ina leith;
(12)ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t‑údarás nó na húdaráis náisiúnta, nó aon údarás nó comhlacht inniúil eile, arna ainmniú ag na Ballstáit;
(13)ciallaíonn ‘dramhaíl ghuaiseach’ dramhaíl ghuaiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2008/98/CE;
(14)ciallaíonn ‘aisghabháil’ aon oibríocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/98/CE;
(15)ciallaíonn ‘diúscairt’ aon oibríocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/98/CE;
(16)ciallaíonn ‘bliain tuairiscithe’ an bhliain féilire ar gá sonraí a bhailiú ina leith.
Airteagal 3
Ábhar na Tairsí
1.Áireofar na sonraí seo a leanas ar an Tairseach:
(a)scaoileadh truailleán dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a);
(b)aistrithe dramhaíola ón láithreán dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), agus truailleáin i bhfuíolluisce dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c);
(c)úsáid acmhainní uisce, fuinnimh agus amhábhar dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d);
(d)faisnéis chomhthéacsúil dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (e);
(e)i gcás ina bhfuil siad le fáil, sonraí maidir le scaoilte truailleán ó fhoinsí idirleata dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
2.Áireofar naisc chuig an méid seo a leanas ar an Tairseach:
(a)cláir náisiúnta ar scaoileadh agus aistriú truailleán arna mbunú ag na Ballstáit i gcomhréir leis an bPrótacal;
(b)cláir, bunachair sonraí agus suíomhanna gréasáin eile atá ann cheana a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu, arna mbunú ar leibhéal na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais, lena dtugtar rochtain ar na ceanglais maidir le tuairisciú a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais maidir leis an athrú aeráide, cosaint an aeir, an uisce agus na talún agus an bhainistíocht dramhaíola.
Airteagal 4
Dearadh agus struchtúr na Tairsí
1.Cuirfidh an Coimisiún an Tairseach ar fáil don phobal lena gcuirfear na sonraí i láthair i bhfoirmeacha comhiomlánaithe agus neamh‑chomhiomlánaithe araon d’fhonn cuardaigh de réir na nithe seo a leanas a éascú:
(a)suiteáil, lena n‑áirítear máthairchuideachta na suiteála i gcás inarb infheidhme, agus a suíomh geografach, lena n‑áirítear an abhantrach;
(b)gníomhaíocht;
(c)teagmhas ar leibhéal na mBallstát nó ar leibhéal an Aontais;
(d)truailleán, dramhaíl nó acmhainn, de réir mar is iomchuí;
(e)an meán comhthimpeallach (aer, uisce, talamh) ina scaoiltear an truailleán;
(f)aistrithe dramhaíola ón láithreán agus, de réir mar is iomchuí, a gcinn scríbe;
(g)aistrithe truailleán i bhfuíolluisce ón láithreán;
(h)foinsí idirleata;
(i)úinéir nó oibreoir na suiteála.
2.Dearfar an Tairseach chun go mbeidh sé chomh héasca agus is féidir don phobal rochtain a fháil ar na sonraí, faoi ghnáthdhálaí oibriúcháin agus chun go mbeidh rochtain ar na sonraí go leanúnach agus go héasca ar an idirlíon. Cuirfear san áireamh leis an dearadh go bhféadfaí an Tairseach a leathnú amach anseo agus áireofar uirthi na sonraí uile a tuairiscíodh sna blianta tuairiscithe roimhe sin, suas go dtí na 10 mbliana tuairiscithe roimhe sin ar a laghad.
Airteagal 5
Tuairisciú na n‑oibreoirí chuig na húdaráis inniúla
1.Oibreoir gach suiteála a dhéanann ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a shonraítear in Iarscríbhinn I, lena gcomhlíontar na tairseacha acmhainne is infheidhme a shonraítear san Iarscríbhinn sin, tuairisceoidh sé na sonraí seo a leanas chuig a údarás inniúil gach bliain, ach amháin má tá na sonraí sin ar fáil don údarás inniúil cheana:
(a)scaoilte aon truailleáin a shonraítear in Iarscríbhinn II san aer, san uisce nó sa talamh lena sáraítear an luach tairsí is infheidhme a shonraítear in Iarscríbhinn II ina leith;
(b)aistrithe dramhaíola guaisí ón láithreán ar mó ná 2 tona in aghaidh na bliana iad nó aistrithe dramhaíola neamhghuaisí ón láithreán ar mó na 2 000 tona in aghaidh na bliana iad, i gcás aon oibríocht aisghabhála ná diúscartha cé is moite d’oibríochtaí diúscartha cóireála talún nó oibríochtaí diúscartha insteallta dhomhain, mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/98/CE, agus é á léiriú trí ‘R’ nó ‘D’ faoi seach cé acu atá an dramhaíl beartaithe lena haisghabháil nó lena diúscairt agus, i gcás gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola guaisí, ainm agus seoladh an aisghabhálaí nó an duine diúscartha dramhaíola agus an láithreán iarbhír aisghabhála nó diúscartha. Maidir le dramhaíl atá faoi réir cóireáil talún nó oibríochtaí diúscartha insteallta dhomhain, ní thuairisceoidh ach oibreoir na suiteála óna dtagann an dramhaíl í mar scaoileadh chun talún;
(c)aistrithe aon truailleáin a shonraítear in Iarscríbhinn II ón láithreán i bhfuíolluisce atá beartaithe le haghaidh cóireáil fuíolluisce, lena sáraítear an luach tairsí a shonraítear in Iarscríbhinn II, colún 1b ina leith;
(d)úsáid uisce, fuinnimh agus amhábhar;
(e)faisnéis lenar féidir na sonraí a thuairiscítear faoi phointí (a) go (d) a chur i gcomhthéacs, lena n‑áirítear an méid táirgeachta, an líon fostaithe, an líon uaireanta oibre agus faisnéis faoi thionóiscí as ar eascair scaoilte;
(f)faisnéis faoi an gcumhdaítear an tsuiteáil freisin le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 91/271/CEE, Treoir 2010/75/AE, Treoir 2012/18/AE, Treoir (AE) 2015/2193 nó aon reachtaíocht eile chomhshaoil an Aontais a shainaithnítear san fhormáid tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 6.
2.Maidir leis na scaoilte dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), nó aistrithe truailleán ón láithreán dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), i gcás nach sáraítear na luachanna tairsí is infheidhme a shonraítear in Iarscríbhinn II leo, nó i gcás nach sáraítear na tairseacha a leagtar amach i mír 1, pointe (b) le haistrithe dramhaíola ón láithreán, dearbhóidh oibreoir na suiteála lena mbaineann ina thuarascáil go bhfuil na scaoilte nó na haistrithe ón láithreán faoi bhun na luachanna nó na dtairseach sin.
3.Gheobhaidh na hoibreoirí na sonraí dá dtagraítear i mír 1 trí thomhas a dhéanamh. I gcás nach bhfuil sé indéanta tomhas a dhéanamh, déanfaidh na hoibreoirí ríomh. I gcás nach bhfuil sé indéanta tomhas ná ríomh a dhéanamh, féadfaidh na hoibreoirí na sonraí a fháil trí mheastachán a dhéanamh.
4.Sonróidh na hoibreoirí sa tuarascáil na modhanna a úsáidtear chun na sonraí a fháil. I gcás ina bhfuarthas na sonraí trí thomhas a dhéanamh, léireofar an modh anailíseach. I gcás ina bhfuarthas na sonraí trí ríomh a dhéanamh, léireofar an modh ríofa.
5.Agus an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 á hullmhú ag oibreoirí, úsáidfidh siad an fhaisnéis is fearr a bhfuil fáil uirthi, lena bhféadfaí a áireamh sonraí faireacháin, fachtóirí astaíochta, cothromóidí maischothromaíochta, faireachán indíreach nó ríomhanna eile, breithiúnais innealtóireachta agus modhanna eile i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus i gcomhréir le modheolaíochtaí atá formheasta go hidirnáisiúnta, i gcás ina bhfuil siad sin ar fáil.
6.Ar na scaoilte dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a thuairiscítear faoi mhír 1, pointe (a), áireofar na scaoilte uile ó na foinsí uile a chuimsítear in Iarscríbhinn I ar láithreán na suiteála.
7.Cuimseofar sna sonraí dá dtagraítear i mír 1 scaoilte agus aistrithe a thuairiscítear mar iomláin de na gníomhaíochtaí uile a dhéantar d’aon ghnó, de thaisme, gnáthghníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí nach gnáthghníomhaíochtaí iad. Trí na sonraí sin a sholáthar, sonróidh na hoibreoirí aon sonra a bhaineann le scaoilte de thaisme, i gcás inarb ann dó.
8.Baileoidh oibreoir gach suiteála na sonraí is gá a mhinice is iomchuí chun a chinneadh cé acu de scaoilte agus d’aistrithe na suiteála ón láithreán atá faoi réir na gceanglas maidir le tuairisciú faoi mhír 1.
9.Coimeádfaidh oibreoir gach suiteála lena mbaineann na taifid dá údarás inniúil, ar taifid iad ónar díorthaíodh na sonraí a tuairiscíodh, ar feadh tréimhse 5 bliana, ag tosú ó dheireadh na bliana tuairiscithe lena mbaineann. Tabharfar tuairisc sna taifid sin freisin ar an modheolaíocht a úsáidtear chun na sonraí a bhailiú.
10.Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh na scaoilte a dhéantar d’aon ghnó dá dtagraítear i mír 1 pointe (a) a chainníochtú iad féin, thar ceann oibreoirí suiteálacha a chumhdaítear le Gníomhaíocht 2 a liostaítear in Iarscríbhinn I agus le Gníomhaíocht 7 a liostaítear in Iarscríbhinn I. Sna cásanna sin, ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 9 maidir leis na hoibreoirí sin i leith scaoilte den sórt sin.
11.Ag féachaint do na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 6, cinnfidh na Ballstáit dáta faoina soláthróidh na hoibreoirí na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo dá n‑údarás inniúil.
Airteagal 6
Tuairisciú na mBallstát chuig an gCoimisiún
1.Gach bliain, soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún, trí mhodh leictreonach, tuarascáil ina mbeidh na sonraí uile dá dtagraítear in Airteagal 5 i bhformáid arna leagan síos ag an gCoimisiún agus ar dháta arna leagan síos aige trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2). In aon chás, ní bheidh an dáta tuairiscithe níos déanaí ná 11 mhí tar éis dheireadh na bliana tuairiscithe.
2.Cuirfidh an Coimisiún, a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (‘an Ghníomhaireacht’) cúnamh dó, na sonraí a thuairiscíonn na Ballstáit sa Tairseach laistigh de mhí amháin tar éis do na Ballstáit an tuairisciú a thabhairt i gcrích i gcomhréir le mír 1.
Airteagal 7
Sonraí maidir le scaoilte truailleán ó fhoinsí idirleata
1.Cuirfidh an Coimisiún, a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh dó, sonraí maidir le scaoilte truailleán ó fhoinsí idirleata san áireamh sa Tairseach i gcás inarb ann do na sonraí sin agus inar thuairiscigh na Ballstáit cheana iad.
2.Cuirfidh na sonraí a bheidh le fáil ar an Tairseach ar a gcumas d’úsáideoirí scaoilte truailleán ó fhoinsí idirleata a chuardach agus a shainaithint de réir dí‑chomhiomlánú geografach leormhaith agus cuimseofar sna sonraí sin faisnéis faoin gcineál modheolaíochta a úsáideadh chun na sonraí a dhíorthú.
3.I gcás ina gcinneann sé nach ann d’aon sonra maidir leis na scaoilte ó fhoinsí idirleata, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuairisciú a thionscnamh ar scaoilte truailleán ábhartha ó fhoinse idirleata amháin nó níos mó agus úsáid á baint, i gcás inarb iomchuí, as modheolaíochtaí atá formheasta go hidirnáisiúnta.
Airteagal 8
Dearbhú cáilíochta agus measúnú
1.Áiritheoidh oibreoirí na suiteála atá faoi réir na gceanglas maidir le tuairisciú a leagtar amach in Airteagal 5 cáilíocht na sonraí a thuairiscíonn siad.
2.Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar cháilíocht na sonraí a sholáthraíonn oibreoirí na suiteálacha dá dtagraítear i mír 1, go háirithe maidir lena gcruinneas, a n‑iomláine, a gcomhsheasmhacht agus a n‑inchreidteacht.
Airteagal 9
Rochtain ar fhaisnéis
1.Cuirfidh an Coimisiún, a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh dó, na sonraí sa Tairseach ar fáil don phobal ar an idirlíon saor in aisce laistigh de mhí amháin tar éis do na Ballstáit an tuairisciú a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 6(1).
2.I gcás nach bhfuil na sonraí sa Tairseach ar fáil go héasca don phobal ar an idirlíon, éascóidh an Ballstát lena mbaineann agus an Coimisiún rochtain leictreonach ar an Tairseach in áiteanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu go héasca.
3.Maidir le sonraí a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 5 agus i gcás inarb ann dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 7(1), cuirfidh gach Ballstát ar fáil don phobal iad ar bhealach leanúnach, saor in aisce gan rochtain a theorannú d’úsáideoirí cláraithe.
Airteagal 10
Rúndacht
I gcás ina measfaidh Ballstát sonraí a bheith rúnda i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Threoir 2003/4/CE, déanfar léiriú ar leithligh sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 6(2) den Rialachán seo le haghaidh na bliana tuairiscithe lena mbaineann le haghaidh gach suiteála nach féidir sonraí a chur ar fáil don phobal ina leith agus soláthrófar na cúiseanna leis sin.
Airteagal 11
Rannpháirtíocht an phobail
1.Tabharfaidh an Coimisiún deiseanna luatha éifeachtacha don phobal páirt a ghlacadh san fhorbairt bhreise a dhéanfar ar an Tairseach, lena n‑áirítear an fothú acmhainneachta agus ullmhúchán leasuithe ar an Rialachán seo.
2.Beidh an deis ag an bpobal barúlacha, faisnéis, anailís agus tuairimí a chur isteach laistigh de thréimhse réasúnta.
3.Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an ionchur sin agus cuirfidh sé an pobal ar an eolas faoi thoradh rannpháirtíocht an phobail.
Airteagal 12
Treoraíocht
Déanfaidh an Coimisiún, a dtabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh dó, treoraíocht lena dtacaítear le cur chun feidhme an Rialacháin seo a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tréimhsiúil, lena dtugtar aghaidh ar na nithe seo a leanas ar a laghad:
(a)nósanna imeachta um thuairisciú;
(b)na sonraí atá le tuairisciú;
(c)an dearbhú cáilíochta agus an measúnú;
(d)léiriú ar chineál na sonraí arna gcoimeád siar agus na cúiseanna ar coimeádadh na sonraí siar i gcás sonraí rúnda;
(e)tagairt do mhodhanna atá formheasta go hidirnáisiúnta chun scaoilte a chinneadh agus a shampláil agus anailís a dhéanamh orthu;
(f)léiriú ar na máthairchuideachtaí.
Airteagal 13
Múscailt feasachta
Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún chun cinn feasacht an phobail ar an Tairseach agus tuiscint an phobail ar úsáid na sonraí sa Tairseach.
Airteagal 14
Leasuithe ar na hIarscríbhinní
1.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun Iarscríbhinn I a leasú chun ceann amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas:
(a)chun gníomhaíocht thionsclaíoch nó talmhaíochta a chur léi, gníomhaíocht a bhfuil tionchar aici ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol mar thoradh ar a scaoilte truailleán, aistrithe dramhaíola nó fuíolluisce nó úsáid acmhainní, nó a meastar go mbeidh an tionchar sin aici; scaoilte nó aistrithe os cionn na dtairseach tuairiscithe faoi seach, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (b) agus in Iarscríbhinn II, beidh siad ina bpríomhthosca maidir leis an tionchar ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol a chinneadh;
(b)chun í a ailíniú leis an bPrótacal tar éis leasú ar a iarscríbhinní a ghlacadh.
2.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 chun Iarscríbhinn II a leasú chun ceann amháin nó níos mó de na críocha seo a leanas:
(a)chun í a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch nó teicniúil;
(b)chun truailleáin a chur léi ar truailleáin iad a bhfuil drochthionchar acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol nó a bhféadfadh drochthionchar a bheith acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol i gcás ina scaoiltear isteach san aer, san uisce nó sa talamh iad, lena n‑áirítear na truailleáin sin a scaoiltear mar thoradh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(i)
truailleáin a ainmnítear mar shubstaintí ar údar mór imní iad in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006;
(ii) truailleáin a ainmnítear mar shubstaintí tosaíochta faoi Threoir 2000/60/CE nó faoi Threoir 2008/105/CE,
(iii) truailleáin a áirítear ar na liostaí faire a bunaíodh faoi chuimsiú Threoir 2006/118/CE nó Threoir 2008/105/CE;
(iv) truailleáin atá faoi réir teorainnluachanna nó srianta eile faoi Threoracha 2008/50/CE, 2004/107/CE nó 2006/118/CE;
(c)tairseacha maidir le scaoilte a shocrú agus a thabhairt cothrom le dáta chun an sprioc maidir le 90 % ar a laghad de scaoilte gach truailleáin isteach san aer, san uisce agus sa talamh a ghabháil, scaoilte a dhéantar mar thoradh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I; lenar n‑áirítear tairseacha nialasacha le haghaidh substaintí atá an‑ghuaiseach don chomhshaol nó do shláinte an duine;
(d)chun í a ailíniú leis an bPrótacal tar éis leasú ar a iarscríbhinní a ghlacadh.
Airteagal 15
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus in Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón… [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 7(3) agus in Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(3) agus Airteagal 14 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 16
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún.
2.I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 17
Pionóis agus bearta dearbhaithe comhlíontachta
1.Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
2.Áireofar ar na pionóis dá dtagraítear i mír 1 fíneálacha atá i gcomhréir le láimhdeachas an duine dhlítheanaigh nó le hioncam an duine nádúrtha a rinne an sárú. Ríomhfar leibhéal na bhfíneálacha ar bhealach chun a áirithiú go gceiltear go héifeachtach ar duine atá freagrach as an sárú na leasanna eacnamaíocha a bhaint as an sárú sin. Méadófar leibhéal na bhfíneálacha diaidh ar ndiaidh i gcás sraith sáruithe.
3.Áiritheoidh na Ballstáit go tabharfar aird chuí leis na pionóis dá dtagraítear i mír 1 ar na nithe seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
(a)cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)cineál an tsáraithe a bheith déanta dʼaon ghnó nó le faillí;
(c)an pobal nó an timpeallacht a ndearna an sárú difear dóibh, ag féachaint don tionchar a bhí aige ar an gcuspóir chun ardleibhéal cosanta a bhaint amach do shláinte an duine agus don chomhshaol.
4.Déanfaidh na Ballstáit bearta dearbhaithe comhlíontachta a ghlacadh chun na sáruithe dá dtagraítear i mír 1 a chosc agus a bhrath.
Airteagal 18
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 le héifeacht ón 1 Eanáir 2026.
Tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 arna aisghairm, déanfar iad a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III.
Airteagal 19
Forálacha idirthréimhseacha
D’ainneoin Airteagal 18, an chéad fhomhír, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 d’fheidhm a bheith aige maidir leis an tuairisciú le haghaidh na bliana 2024.
Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tuairisciú ar shonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha agus agus lena mbunaítear an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha
Réimsí beartais lena mbaineann
An réimse beartais: 09 An Comhshaol & an t‑Athrú Aeráide
Baineann an togra le
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
⌧ síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc i dtreo beart eile/beart nua
Cuspóirí
Cuspóirí ginearálta
Is é is cuspóir don togra seo:
(1)Nuashonrú a dhéanamh ar an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach) i gcomhréir le torthaí an mheasúnaithe tionchair a cuireadh i gcrích le déanaí trí Thairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (Tairseach) a chruthú;
(2)Feabhas a chur ar rochtain an Aontais ar fhaisnéis chomhshaoil maidir le suiteálacha tionsclaíocha;
(3)An Tairseach a athbhunú mar ionstraim tacaíochta don Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus do dhlí comhshaoil an Aontais lena mbaineann.
Cabhróidh an togra seo, go háirithe, leis na cuspóirí a leagtar amach sna nithe seo a leanas:
·an Comhaontú Glas don Eoraip: ‘Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar bhearta an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar thruailliú ó shuiteálacha tionsclaíocha móra.’;
·an Plean Gníomhaíochta um Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú: “Beidh sé mar d’aidhm [ag an Athbhreithniú ar EID agus ar an Rialachán maidir le PRTR Eorpach]... rochtain phoiblí ar fhaisnéis a fheabhsú... agus é a dhéanamh níos éasca comparáid a dhéanamh idir feidhmíocht na mBallstát maidir le dul i ngleic le hastaíochtaí tionsclaíocha.’.
Tá an togra go hiomlán i gcomhréir le Clár Oibre 2030,go háirithe maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe seo a leanas:
·“3.9: Líon na mbás agus na dtinneas a thagann as ceimiceáin ghuaiseacha agus as truailliú agus éilliú an aeir, an uisce agus na hithreach, a laghdú ar bhealadh suntasach;
·9.4: Uasghrádú a dhéanamh ar bhonneagair agus tionscail a aisfheistiú chun iad a dhéanamh inbhuanaithe, agus éifeachtúlacht mhéadaithe acu maidir le húsáid acmhainní mar aon le glacadh níos forleithne teicneolaíochtaí glasa glana agus próiseas tionsclaíoch, agus gach tír ag gníomhú i gcomhréir lena gcumas faoi seach;
·12.4 Bainistíocht ceimiceán agus gach dramhaíola ar feadh a saolré atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a bhaint amach, de réir creataí idirnáisiúnta comhaontaithe, agus a scaoileadh san aer, san uisce agus san ithir a laghdú go suntasach d’fhonn a drochthionchair ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a íoslaghdú;
·12.5 Laghdú suntasach a dhéanamh ar ghiniúint dramhaíola trí chosc, laghdú, athchúrsáil agus athúsáid;
·12.6 Cuideachtaí a spreagadh, go háirithe cuideachtaí móra agus trasnáisiúnta, chun cleachtais inbhuanaithe a ghlacadh agus chun faisnéis inbhuanaitheachta a chomhtháthú ina dtimthriall tuairiscithe;
·12.8 A áirithiú go mbíonn an t‑eolas agus an fheasacht ábhartha ag daoine i ngach áit maidir le forbairt inbhuanaithe agus stíleanna maireachtála atá ag teacht leis an dúlra.’
(4)Cuspóirí sonracha
1. Éifeachtacht na Tairsí a fheabhsú trí aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a sainaithníodh san aiseolas maidir le cur chun feidhme e.g. na truailleáin a tuairiscíodh a thabhairt cothrom le dáta, lena gceanglaítear tuairisciú ar leibhéal na suiteála seachas ar leibhéal na saoráide;
2. Cur le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh agus le táirgeadh neamhthocsaineach trí shonraí breise a éileamh maidir le tomhaltas acmhainní e.g. úsáid fuinnimh, uisce agus amhábhar agus trí liosta na substaintí tuairiscithe a dhéanamh níos dinimiciúla chun substaintí ar ábhar imní iad atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh;
3. Rannchuidiú le dícharbónú na tionsclaíochta trí shonraí níos cruinne a bhailiú faoi scaoileadh gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha;
4. Raon feidhme earnála na Tairsí a leathnú chun eolas ar scaoileadh/aistrithe tionsclaíocha suntasacha eile a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas le reachtaíocht ghaolmhar, go háirithe an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus an Treoir maidir le meánghléasra dócháin.
(5)An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leo
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
Leis an leasú atá beartaithe ar an Rialachán, tabharfar aghaidh ar easnaimh cur chun feidhme a sainaithníodh sna meastóireachtaí ar an PRTR Eorpach/EID agus cuideoidh sé le spriocanna beartais níos leithne an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach.
Leis an aistriú chuig tuairisciú ar an leibhéal suiteála (seachas ar an leibhéal saoráide) déanfar an nasc le IED a athbhunú, rud a chuirfidh méadrach níos iontaofa ar fáil d’fheidhmíocht chomhshaoil suiteálacha tionsclaíocha.
Trí shonraí breise a sholáthar maidir le tomhaltas acmhainní agus scaoilte gás ceaptha teasa, cuideofar le modhanna táirgthe ciorclacha agus neamh‑charbóin atá tíosach ar acmhainní a chur chun cinn trí shuiteálacha dea-fheidhme agus drochfheidhme a aithint.
Cinnteoidh méaduithe ar raon feidhme earnála go dtabharfar leis an Tairseach léargas níos cruinne ar na príomhscaoilte/aistrithe ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha an Aontais.
Trí liosta na dtruailleán in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta, áiritheofar go gcomhlíonfar na riachtanais faisnéise atá ann faoi láthair agus na riachtanais faisnéise a bheidh ann amach anseo ar bhealach níos cruinne.
Ar an iomlán, cuideoidh na tograí lena áirithiú go leanfaidh an Tairseach de bheith ina bunachar sonraí cuimsitheach agus soláimhsithe maidir le suíomh agus feidhmíocht suiteálacha tionsclaíocha an Aontais.
(6)Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
Cuirfidh an Tairseach faisnéis ar fáil, lena n‑áirítear astaíochtaí foriomlána truailleán in aghaidh na suiteála agus beidh sé sin ina phríomhtháscaire chun rianú a dhéanamh ar dhul chun cinn IED athbhreithnithe maidir le tionchar comhshaoil a laghdú. Leanfar de na táscairí sin a tháirgeadh go bliantúil ar bhealach inchomparáide atá inrochtana go héasca tríd an Tairseach, faoi mar atá á bhainistiú ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA).
Leis an ngráinneacht mhéadaithe ar thuairisciú astaíochtaí truailleán ar an leibhéal suiteála, beifear in ann faireachán a dhéanamh ar na príomhghníomhaíochtaí i.e. cé a bhfuil a fheidhmíocht chomhshaoil ag feabhsú nó ag titim ar gcúl.
Ach tuairisciú ar úsáid acmhainní a bheith san áireamh, beifear in ann táscairí nua a shainiú maidir le húsáid ábhar, uisce agus fuinnimh, lena mbeifear in ann feabhsuithe ar éifeachtúlacht acmhainní a rianú.
(7)Forais an togra/tionscnaimh
(8)Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Daingneoidh an ráiteas airgeadais seo maoiniú don EEA chun Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha atá uasghrádaithe, leathnaithe, soláimhsithe don úsáideoir agus lánoibríochtúil a bhunú. Tagann an Tairseach in ionad an PRTR Eorpaigh (an Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán).
Amlíne:
- R1-R2 2024 – obair ullmhúcháin: Obair anailíseach chun modúil bhreise a cheapadh chun an Tairseach a ailíniú leis an raon leathnaithe IED agus chun tuairisciú ar úsáid acmhainní (ábhair, uisce, fuinneamh) a dhaingniú chomh maith le scaoilte truailleán.
- R3 2024 - céim tástála na Tairsí nua
- R1 2025 – seoladh na Tairsí nuashonraithe: bailiú sonraí, dearbhú cáilíochta agus foilsiú
(9)Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex ante)
In éagmais cur chuige comhchoiteann ar fud an Aontais maidir leis na ceanglais maidir le tuairisciú a leagan síos, bheadh sé thar a bheith deacair feidhmíocht chomhshaoil suiteálacha i mBallstáit éagsúla a chur i gcomparáid le chéile. Ina theannta sin, glactar caighdeáin tuairiscithe an Aontais thar 27 dtír an Aontais, rud a chiallaíonn go bhfuil sonraí comhshaoil inchomparáide ar fáil freisin le haghaidh suiteálacha i dtíortha CSTE agus i dtíortha aontachais an Aontais.
Breisluach AE a mheastar a ghinfear (ex‑post)
Tugann an Tairseach faisnéis a úsáideann na Ballstáit uile, lena n‑íoslaghdaítear an gá atá ag gach Ballstát a phróisis náisiúnta féin a bhunú. Cuidíonn sé seo le hinchomparáideacht sonraí.
Ina theannta sin, is minic a dhéanann údaráis inniúla éagsúla de chuid na mBallstát faireachán ar ghléasraí tionsclaíocha a rialaítear faoin Rialachán, Treoir IED agus Treoir Seveso-III. Mar sin féin, déanfaidh an Tairseach an fhaisnéis sin a chomhtháthú in ‘ionad ilfhreastail’ aonair láraithe. Chomh maith leis sin, déanfaidh sé naisc eolasacha le bunachair sonraí agus foinsí faisnéise ar leithligh lena soláthrófar faisnéis chomhthéacsúil, amhail faisnéis faoi cháilíocht an aeir agus an uisce i gcóngar na suiteálacha. Cuireann sé sin saibhreas faisnéise ar fáil maidir le gnéithe éagsúla a bhaineann leis na suiteálacha tionsclaíocha sin; Faisnéis atá luachmhar do na húdaráis inniúla, do thionscail, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, don phobal agus don Choimisiún (chun críoch beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme).
(10)Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
Is é seo an dara huair ar leasófar fardal astaíochtaí tionsclaíocha na hEorpa.
In 2000 bunaíodh an chéad fhardal astaíochtaí san Eoraip (an Clár Eorpach um Astaíochtaí Truailleán; EPER) mar thoradh díreach ar Airteagal 15(3) de Threoir IPPC 1996 (réamhtheachtaí an IED). Luadh an méid seo a leanas in Airteagal 15(3):
‘Déanfaidh an Coimisiún fardal de na príomhastaíochtaí agus de na príomhfhoinsí freagracha a fhoilsiú gach 3 bliana ar bhonn na sonraí a sholáthraíonn na Ballstáit. Bunóidh an Coimisiún an fhormáid agus na sonraí is gá chun faisnéis a tharchur i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 19.
I gcomhréir leis an nós imeachta sin, féadfaidh an Coimisiún bearta a mholadh chun idir-inchomparáideacht agus comhlántacht a áirithiú idir sonraí maidir leis an bhfardal astaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sonraí ó chláir agus foinsí sonraí eile maidir le hastaíochtaí.’
In 2006, tháinig PRTR Eorpach (Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán) in ionad EPER (caiteachas ar chosaint comhshaoil agus ioncam) chun go gcomhlíonfadh an Aontas a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Phrótacal Cív UNECE a ghabhann le Coinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol.
(11)Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
Tá an gníomh seo comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus le tionscnaimh leanúnacha eile a eascraíonn ón gComhaontú Glas don Eoraip.
(12)Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
Is é an rogha a choinnítear go leanfaidh EEA den Tairseach a bhainistiú agus go gcuirfidh sé na athruithe breise uile chun feidhme faoi mhaoirseacht AS ENV. Is é sin an rogha atá fabhrach de bhar an mhéid seo a leanas:
(1) breisluach soiléir maidir le cur chuige comhsheasmhach a áirithiú ar fud an Aontais, a dhéanfar a onnmhairiú chuig an bPrótacal, arb é an tagarmharc domhanda é freisin a úsáideann ilchríocha eile (e.g. Meiriceá Theas, an tSeapáin agus ECFE i gcoitinne).
(2) sineirgí soiléire le ról an EEA i mbainistiú faisnéise comhshaoil a bhaineann le cáilíocht aeir, cáilíocht uisce, etc.
Roghanna eile a ndearnadh imscrúdú orthu:
Brath go hiomlán ar PRTRanna arna bhforbairt ag na Ballstáit. Mar pháirtí i gCoinbhinsiún Aarhus agus sa Phrótacal a ghabhann leis, ceanglaítear ar an Aontas a ghealltanais a chur chun feidhme. Go teoiriciúil, ós rud é go bhfuil na Ballstáit ina bpáirtithe sa Phrótacal chomh maith, d’fhéadfaí na hoibleagáidí uile atá ann a bhunú i reachtaíocht náisiúnta na mBallstát. Ní bheadh aon ráthaíocht ann, áfach, go gcuirfí i bhfeidhm go comhsheasmhach é ar fud an Aontas sa chás seo ós rud é go bhfuil roghanna sa Phrótacal maidir le roinnt forálacha a chur chun feidhme. Mar shampla, is féidir na gníomhaíochtaí a thagann faoina raon feidhme a shainiú trí úsáid a bhaint as tairseacha acmhainne nó fostaithe. Le cruthú na Tairsí, íoslaghdaítear an gá atá ag gach Ballstát a phróisis náisiúnta féin a bhunú agus cuidíonn sé le hinchomparáideacht sonraí.
(13)Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh
◻ tréimhse theoranta
◻
Togra/tionscnamh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
◻
Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB
⌧ tréimhse neamhtheoranta
Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh ó 2022 go 2025, agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.
(14)Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún trí
◻
na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
◻ Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
☒ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
☒ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71;
◻ comhlachtaí dlí poiblí;
◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
(15)BEARTA BAINISTÍOCHTA
(16)Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
Beidh feidhm ag gnáthrialacha faireacháin agus tuairiscithe maidir le fóirdheontais an Aontais do ghníomhaireachtaí díláraithe.
(17)Córais bainistíochta agus rialaithe
(18)An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
Beidh feidhm ag gnáthrialacha faireacháin agus tuairiscithe maidir le fóirdheontais an Aontais do ghníomhaireachtaí díláraithe.
(19)Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
(20)Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
(21)Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Beidh feidhm ag gnáthmhódúlachtaí maidir le fóirdheontais an Aontais do na gníomhaireachtaí díláraithe
(22)AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA
(23)Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne bhuiséid ar a n‑imreofar tionchar
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
3
|
09.10.02 – An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA)
|
Difreáilte
|
TÁ
|
TÁ
|
NÍL
|
NÍL
|
(24)An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
(25)Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:
Ceannteideal an chreata
airgeadais ilbhliantúil
|
Uimhir
|
Ceannteideal 3 – Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Gníomhaireacht: EEA
|
|
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
Teideal 1: Caiteachas foirne
|
Gealltanais
|
(1a)
|
0.430
|
0.438
|
0.447
|
0.456
|
1.772
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
0.430
|
0.438
|
0.447
|
0.456
|
1.772
|
Teideal 2: Caiteachas riaracháin
|
Gealltanais
|
(1a)
|
0.050
|
0.050
|
0.020
|
0.020
|
0.140
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
0.050
|
0.050
|
0.020
|
0.020
|
0.140
|
Teideal 3: Caiteachas oibríochtúil
|
Gealltanais
|
(1b)
|
0.170
|
0.070
|
0.030
|
0.030
|
0.300
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
0.170
|
0.070
|
0.030
|
0.030
|
0.300
|
IOMLÁN leithreasuithe
le haghaidh EEA
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
0.650
|
0.558
|
0.497
|
0.506
|
2.212
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
0.650
|
0.558
|
0.497
|
0.506
|
2.212
|
|
|
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Iomlán
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 3
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
0.650
|
0.558
|
0.497
|
0.506
|
2.212
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
0.650
|
0.558
|
0.497
|
0.506
|
2.212
|
Réasúnú maidir leis na costais thuas:
Áirítear ar chostais EEA costas 2 FTE breise a dhéanfaidh an bonneagar TF a bhunú chun réimsí sonraí nua a bhailiú (maidir le húsáid acmhainní agus truailleáin bhreise), scéimre XML a mhodhnú agus a leathnú chun tuairisciú a chumasú ag an leibhéal suiteála agus le haghaidh gníomhaíochtaí agrathionsclaíocha nua-ghafa, nuashonrú ar an Lámhleabhar do Thuairisceoirí chun tuairisceáin chomhsheasmhacha ó oibreoirí/BS a chinntiú, seisiúin oiliúna a reáchtáil do thuairisceoirí BS chun na ceanglais nua seo a thabhairt isteach, agus an tuairisciú agus an sreabhadh sonraí gaolmhar a bhainistiú ina dhiaidh sin.
Tiocfaidh laghdú ar na costais a bhaineann le bonneagar TF a fhorbairt sa 3ú bliain, ós rud é nach mbeidh fágtha ach na costais chothabhála bonneagair TF. Glactar leis go mbeidh níos mó acmhainní airgeadais ag teastáil ó EEA don chéad 2 bhliain chun na huirlisí atá ann cheana a athchóiriú mar thoradh ar an togra dlíthiúil.
Maidir le costais EEA, glactar leis go dtiocfaidh méadú boilscithe 2 % ar an mboilsciú agus go mbeidh comhéifeacht cheartúcháin ann maidir le luach saothair don Danmhairg ón 1 Iúil 2021 - 1 342. Glacadh leis nach n‑athraítear an méid sin sna blianta ina dhiaidh sin.
Cúiteofar an méadú is gá ar ranníocaíocht an Aontais le EEA le laghdú comhfhreagrach i gclúdach chlár LIFE (líne buiséid 09.0202 – An geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil).
(26)An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Neamhbhainteach
(27)An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar acmhainní an EEA
◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
⌧
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
Gníomhairí sealadacha (Gráid AD)
|
0.430
|
0.438
|
0.447
|
0.456
|
1.772
|
IOMLÁN
|
0.430
|
0.438
|
0.447
|
0.456
|
1.772
|
Riachtanais foirne (FTE):
|
Bliain
2024
|
Bliain
2025
|
Bliain
2026
|
Bliain
2027
|
IOMLÁN
|
Gníomhairí sealadacha (Gráid AD)
|
2
|
2
|
2
|
2
|
2 in aghaidh na bliana
|
IOMLÁN
|
2
|
2
|
2
|
2
|
2 in aghaidh na bliana
|
Bunóidh baill foirne an EEA an bonneagar TF a bheidh ag teastáil chun na hathbhreithnithe beartaithe a chur i bhfeidhm agus ina dhiaidh sin bainistiú a dhéanamh ar an tuairisciú agus ar an sreabhadh sonraí a bhaineann leis. Baineann na feabhsuithe TF sin le cumas fisiciúil an tsrutha tuairiscithe (i.e. líon agus nádúr na dtuarascálacha) agus leis na córais tacaíochta (treoir, oiliúint etc.) chun a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí tionsclaíocha agus na Ballstáit i bhfeidhm go comhsheasmhach iad.
(28)Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach sa Choimisiún
Neamhbhainteach
(29)Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
·I gcás an togra/tionscnaimh seo:
⌧
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
◻
is gá athbhreithniú ar CAI.
(30)Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
·Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
(31)An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.