AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.3.2022
COM(2022) 145 final
2022/0096(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT‑EU
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Déantar foráil leis an togra seo maidir le hathruithe eisceachtúla agus spriocdhírithe ar chreat dlíthiúil 2014-2020 a bunaíodh le haghaidh Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus le haghaidh an Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) mar fhreagairt ar ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin agus ar thionchar an ionraidh sin ar an Aontas Eorpach agus ar roinnt dá réigiúin thoir go háirithe.
Mar thoradh ar ionsaí míleata gan chúis gan údar na Rúise, tá dúshláin láithreacha le sárú ag an Aontas, agus ag roinnt dá réigiúin thoir go háirithe, go sonrach a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír ag teitheadh ón Úcráin tar éis ionsaí na Rúise ar an tír.
Tá beart déanta ag an gCoimisiún cheana féin chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit i ndáil leis sin, trína thionscnamh um Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) an 8 Márta 2022. Leis sin, moladh roinnt leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 chun go mbeadh sé níos éasca do na Ballstáit úsáid a bhaint as leithdháiltí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’), Chiste Sóisialta na hEorpa (‘CSE’) agus FEAD atá fágtha acu faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, chomh maith le hacmhainní a eascraíonn as an gCúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (‘REACT-EU’), ar bhealach níos solúbtha, go háirithe trína chur ar a gcumas do CFRE agus do CSE gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gCiste eile a chistiú, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce a éifeachtaí agus a luaithe is féidir, agus tríd an bhféidearthacht a thabhairt isteach maidir le cómhaoiniú 100 % ón Aontas le haghaidh bliain airgeadais eile chun an t‑ualach ar bhuiséid náisiúnta a laghdú.
D’ainneoin na solúbthachtaí i bpacáiste beart CARE, is léir go bhfuil brú buiséadach breise láithreach ar na Ballstáit, brú a eascraíonn as bainistíocht an lín mhóir daoine atá ag teitheadh ón Úcráin agus atá ag teacht isteach sa tír. Tá tionchar ar leith aige sin ar na Ballstáit a roinneann teorainn talún leis an Úcráin toisc nach mór dóibh tacaíocht a sholáthar amhail seirbhísí tithíochta, sóisialta agus iompair, agus caithfidh roinnt Ballstát eile déileáil le líon mór daoine ag teacht isteach i gcomparáid le méid a ndaonra féin ós rud é gur tíortha cinn scríbe iad. Déanann an suaitheadh breise sin dochar do chumas na mBallstát téarnamh athléimneach ó phaindéim COVID‑19 a thógáil.
Mar iarmhairt air sin, ba cheart tacaíocht ó na Cistí a shlógadh go tapa chun an t‑ualach ar bhuiséid náisiúnta a laghdú. Is gá, dá bhrí sin, mar bheart sealadach agus eisceachtúil agus gan dochar do na rialacha ar cheart feidhm a bheith acu de ghnáth, méid an réamh-mhaoinithe a íoctar faoi REACT‑EU a mhéadú le haghaidh na mBallstát uile. Ba cheart sciar níos airde de na hacmhainní réamh-mhaoinithe méadaithe sin a leithdháileadh ar na Ballstáit ina bhfuil an líon is mó daoine atá ag teitheadh ón Úcráin ag teacht isteach, mar thíortha idirthurais nó mar thíortha cinn scríbe. Ós rud é go bhfuil líon na ndaoine atá ag teitheadh ón gcogadh ag méadú in aghaidh na huaire agus ós rud é go bhfuil daoine á gclárú ag na Ballstáit faoi láthair, tá an scéal an-dinimiciúil. Chun léiriú staide a chruthú lena ndéantar an brú atá ar na Ballstáit mar gheall ar an líon mór daoine atá ag teacht isteach a chomhfhogasú, ríomh an Coimisiún sciar na ndaoine atá ag teacht isteach i gcoibhneas leis an daonra bunaithe ar an bhfaisnéis ó na Ballstáit a fuarthas tríd an Sásra Aontais um Ullmhacht Imirce agus Bainistiú Géarchéimeanna, trí eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus trí fhoinsí oscailte iontaofa eile.
Chun go mbeidh leibhéal íseal tuairiscithe ann ó na Ballstáit maidir leis an réamh-mhaoiniú breise sin, níor cheart tuairisciú a dhéanamh i dtaca leis an gcaoi a n‑úsáidtear an réamh-mhaoiniú chun cás na ndaoine atá ag teitheadh ón Úcráin a mhaolú ná i dtaca lena rannchuidiú le téarnamh an gheilleagair ach amháin i dtuarascálacha críochnaitheacha cur chun feidhme na gclár oibríochtúil lena mbaineann.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra i gcomhréir leis an gcreat foriomlán dlíthiúil a bunaíodh le haghaidh Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa agus FEAD agus níl de raon ag an togra ach leasuithe spriocdhírithe agus eisceachtúla ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014. Comhlánaítear leis an togra freisin na leasuithe a rinneadh roimhe seo ar na rialacháin sin faoi thogra CARE an 8 Márta 2022 ón gCoimisiún chomh maith leis na bearta eile ar fad atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an staid reatha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Níl i gceist leis an togra ach leasuithe spriocdhírithe eisceachtúla ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 agus tá sé comhsheasmhach le beartais eile de chuid an Aontais.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 175(3) agus Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an líon mór daoine atá ag teitheadh ón Úcráin go leordhóthanach astu féin agus ós rud é gur fearr is féidir aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas foráil a dhéanamh maidir le méid méadaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le híoc faoi REACT‑EU, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
Is athrú eisceachtúil agus spriocdhírithe é an togra nach dtéann thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach i dtaca le foráil a dhéanamh maidir le méid méadaithe réamh-mhaoinithe a bheidh le híoc faoi REACT‑EU chun tacú le bearta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce mar thoradh ar ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise agus chun an t‑ualach comhfhreagrach ar bhuiséid phoiblí a laghdú chun slógadh infheistíochta a chumasú mar fhreagairt ar an ngéarchéim fhorleathan sláinte poiblí a bhfuil difear á dhéanamh aici d’fhás na réigiún.
•An rogha ionstraime
Rialachán an ionstraim iomchuí chun foráil a dhéanamh maidir le méid méadaithe réamh-mhaoinithe atá le híoc faoi REACT-EU agus a bhfuil gá leis chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca seo nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.
3.TORTHAÍ ARMHEASTÓIREACHTAÍ, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Leanann an togra plé ardleibhéil le hinstitiúidí eile agus leis na Ballstáit. Níl gá le comhairliúchán poiblí ós rud é nach bhfuil aon ghá le measúnú tionchair.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Neamhbhainteach
•Measúnú tionchair
Rinneadh measúnú tionchair chun an togra a ullmhú le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014. Maidir leis an athrú spriocdhírithe seo chun freagairt ar chás criticiúil, ní gá measúnú tionchair ar leithligh a dhéanamh air.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Neamhbhainteach
•Cearta bunúsacha
Neamhbhainteach
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bhaineann an togra seo ach le REACT‑EU, a mhaoinítear le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh Next Generation EU (mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle).
Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa agus don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.
Leis an togra, íocfar réamh-mhaoiniú tosaigh breise faoi REACT‑EU, a bheidh á mhaoiniú ag Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh Next Generation EU.
Maoineofar na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe tosaigh in 2022 ó ioncaim shannta sheachtracha. Beidh na méideanna ar fad ar fáil mar ioncaim shannta sheachtracha, de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a eascraíonn as oibríochtaí iasachtaíochta Next Generation EU.
Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh breise a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an tráth a dhúnfar an clár oibríochtúil, sa chaoi nach ndéanfar aon athrú ar mhéid iomlán na n‑íocaíochtaí a dhéanfar faoi REACT-EU leis an togra seo. Ar an gcaoi chéanna, ní mhodhnófar iomlán na leithreasaithe faoi chomhair gealltanas faoi REACT‑EU.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfar faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme an bhirt faoi chuimsiú na sásraí tuairiscithe ginearálta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014.
•Doiciméid mhíniúcháin (i gcás treoracha)
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Tá sé beartaithe Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le céatadán níos mó réamh-mhaoinithe a bheidh le híoc faoi REACT‑EU agus maidir le tuairisciú gaolmhar (leasú ar Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 223/2014).
2022/0096 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT‑EU
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 175(3) agus 177 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tá athrú ó bhonn tagtha ar staid slándála na hEorpa mar gheall ar ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine le déanaí agus mar gheall ar an gcoinbhleacht armtha atá ar siúl faoi láthair. Mar thoradh ar an ionsaí, tá rabharta mór daoine ag teacht isteach san Aontas Eorpach, agus go háirithe sna réigiúin in oirthear an Aontais. Is dúshlán breise é sin tráth a bhfuil geilleagair na mBallstát fós ag téarnamh ó thionchar phaindéim COVID‑19 agus tá baol ann go ndéanfaí dochar d’ullmhú théarnamh glas, digiteach agus athléimneach an gheilleagair.
(2)Is féidir leis na Ballstáit raon leathan infheistíochtaí a mhaoiniú cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce faoina gcláir oibríochtúla le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), ó Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus ón gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD), lena n‑áirítear ó na hacmhainní breise a sholáthraítear mar chuid de Chúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT‑EU), chun cúnamh a sholáthar chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar.
(3)Thairis sin, mhol an Coimisiún ina thionscnamh um Ghníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) an 8 Márta 2022 roinnt leasuithe spriocdhírithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun go mbeadh sé níos éasca do na Ballstáit úsáid a bhaint as leithdháiltí CFRE, CSE agus FEAD atá fágtha acu faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, chomh maith le hacmhainní REACT‑AE, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce a éifeachtaí agus a luaithe is féidir.
(4)D’ainneoin na solúbthachtaí i dtogra CARE, tá brú mór fós ar bhuiséid phoiblí na mBallstát mar gheall ar na dúshláin a eascraíonn as an líon mór daoine atá ag teitheadh ón Úcráin agus atá ag teacht isteach sa tír. D’fhéadfadh an brú sin dochar a dhéanamh do chumas na mBallstát téarnamh athléimneach an gheilleagair ó phaindéim COVID‑19 a bhaint amach. Chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin, ba cheart tacaíocht ó CFRE, CSE agus FEAD a shlógadh go tapa trí ráta an réamh-mhaoinithe tosaigh a íoctar ó acmhainní REACT‑EU a mhéadú le haghaidh na mBallstát uile. An tráth céanna, tá líon mór daoine ón Úcráin ag teacht isteach i roinnt Ballstát, rud a fhágann nach mór tacaíocht láithreach a sholáthar. Dá réir sin, ba cheart do na Ballstáit sin tairbhiú de mhéadú i bhfad níos airde ar ráta an réamh-mhaoinithe tosaigh chun na costais bhuiséadacha láithreacha a fhritháireamh agus tacú lena gcuid iarrachtaí chun téarnamh na ngeilleagar a ullmhú.
(5)Chun faireachán a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an réamh-mhaoiniú breise sin, sna tuarascálacha críochnaitheacha ar chur chun feidhme chláir CFRE agus CSE a fhaigheann réamh-mhaoiniú breise, ba cheart tuairisciú ar an úsáid a bhaintear as na méideanna breise a fhaightear chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá ann mar thoradh ar ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise agus ar an gcaoi a rannchuidíonn an réamh-mhaoiniú le téarnamh an gheilleagair.
(6)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach astu féin, eadhon cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an líon mór daoine atá ag teitheadh ón gcogadh i gcoinne na hÚcráine agus tacú leis na Ballstáit téarnamh athléimneach an gheilleagair ó phaindéim COVID‑19 a bhaint amach, agus ós rud é, mar gheall ar fhairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, gur fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
(7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a leasú dá réir.
(8)Ós rud é gur gá faoiseamh tapa a sholáthar do bhuiséid phoiblí d’fhonn acmhainn na mBallstát próiseas an téarnaimh eacnamaíoch a chothú a chaomhnú agus chun íocaíochtaí breise ar chláir oibríochtúla a chumasú gan mhoill, is gá go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(9)I bhfianaise a phráinní atá sé faoiseamh tapa a sholáthar do bhuiséid phoiblí d’fhonn acmhainn na mbuiséad tacú le téarnamh na ngeilleagar ó phaindéim COVID‑19 a chaomhnú agus chun íocaíochtaí breise ar chláir oibríochtúla a chumasú gan mhoill, meastar gurb iomchuí úsáid a bhaint as an eisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 mar a leanas:
(1)In Airteagal 92b(7), cuirtear isteach an dara agus an tríú fomhír seo a leanas:
‘I dteannta an réamh-mhaoinithe tosaigh a leagtar amach sa chéad fhomhír, íocfaidh an Coimisiún 4 % d’acmhainní REACT‑EU arna leithdháileadh ar chláir le haghaidh na bliana 2021 mar réamh‑mhaoiniú tosaigh breise in 2022. I gcás cláir sna Ballstáit ina bhfuil líon na ndaoine a tháinig ón Úcráin idir an 24 Feabhra 2022 agus an 23 Márta 2022 níos airde ná 1 % den daonra náisiúnta, méadófar an céatadán sin go 34 %.
Agus an tuarascáil chríochnaitheach ar chur chun feidhme a cheanglaítear faoi Airteagail 50(1) agus 111 á cur isteach ag na Ballstáit, tuairisceoidh siad ar an úsáid a bhaintear as an réamh-mhaoiniú tosaigh breise sin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá ann mar thoradh ar ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise agus ar rannchuidiú an réamh-mhaoinithe le téarnamh an gheilleagair.’
(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí d’Airteagal 92b(7):
‘I gcás inar glacadh an cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil nó an leasú ar an gclár oibríochtúil lena leithdháiltear acmhainní REACT‑EU le haghaidh 2021 tar éis an 31 Nollaig 2021 agus i gcás nár íocadh an réamh-mhaoiniú gaolmhar, íocfar méid an réamh-mhaoinithe tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír in 2022.
Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a imréiteach go hiomlán as cuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an dáta a dhúnfar an clár oibríochtúil.’
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 mar a leanas:
(1)In Airteagal 6a(4), cuirtear isteach an dara fomhír seo a leanas:
‘I dteannta an réamh-mhaoinithe tosaigh a leagtar amach sa chéad fhomhír, íocfaidh an Coimisiún 4 % d’acmhainní REACT‑EU arna leithdháileadh ar chláir le haghaidh na bliana 2021 mar réamh-mhaoiniú tosaigh breise in 2022. I gcás cláir sna Ballstáit ina bhfuil líon na ndaoine a tháinig ón Úcráin idir an 24 Feabhra 2022 agus an 23 Márta 2022 níos airde ná 1 % den daonra náisiúnta, méadófar an céatadán sin go 34 %.’
(2)Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí d’Airteagal 6a(4):
‘Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír a imréiteach go hiomlán as cuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an dáta a dhúnfar an clár oibríochtúil.’
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT-EU
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann
05 Forbairt Réigiúnach agus Comhtháthú
07 Infheistíocht i nDaoine, Comhtháthú Sóisialta agus Luachanna
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
X síneadh le beart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Cuspóirí
1.4.1.Cuspóirí ginearálta
1.4.2.Cuspóirí sonracha
1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann
Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.
1.4.4.Táscairí feidhmíochta
Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar ghnóthachain.
1.5.Forais an togra/tionscnaimh
1.5.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.
1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart
1.5.4.Comhoiriúnacht don Chreat Airgeadais Ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile
1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh
1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh
X fad teoranta
–X
i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022
–X
Tionchar airgeadais ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2024 ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí
◻ tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
–agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–◻ ina ranna, lena n‑áirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 70 agus 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid a sholáthraíonn siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.
Nótaí
Neamhbhainteach
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
2.2.Córas bainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe
2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar
Línte buiséid atá ann cheana
In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.
|
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne bhuiséid
|
Cineál
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais
|
|
2a Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
|
05.02.05.01 Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Caiteachas Oibríochtúil – Maoiniú faoi REACT-EU
07.02.05.01 Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) – Caiteachas Oibríochtúil – Maoiniú faoi REACT-EU
07.02.06.01 An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a thabhairt i gcrích – Caiteachas Oibríochtúil – Maoiniú faoi REACT-EU
|
Difreáilte
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh gealltanas agus íocaíochtaí de réir mar a leagtar síos iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013.
Ní gá aon athrú a dhéanamh ar mhiondealú bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa agus don Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí.
Mar thoradh ar an togra, íocfar réamh-mhaoiniú tosaigh breise.
Maoineofar na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe tosaigh in 2022 ó ioncaim shannta sheachtracha. Beidh na méideanna ar fad ar fáil mar ioncaim shannta sheachtracha, de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a eascraíonn as oibríochtaí iasachtaíochta an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle.
Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh breise a imréiteach go hiomlán ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an tráth a dhúnfar an clár oibríochtúil.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
Uimhir
|
2a
|
|
Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh agus an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
IOMLÁN
|
|
•Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
05.02.05.01 Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) – Caiteachas Oibríochtúil – Maoiniú faoi REACT-EU
07.02.05.01 Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) – Caiteachas Oibríochtúil – Maoiniú faoi REACT-EU
07.02.06.01 An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a thabhairt i gcrích – Caiteachas Oibríochtúil – Maoiniú faoi REACT-EU
|
Gealltanais
|
(1a)
|
|
|
|
|
|
0.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2a)
|
|
3 426 000
|
|
-3 426 000
|
|
0.000
|
|
Líne bhuiséid
|
Gealltanais
|
(1b)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(2b)
|
|
|
|
|
|
|
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach
|
|
|
|
|
|
|
|
Líne bhuiséid
|
|
(3)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh agus na hArd-Stiúrthóireachta um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
|
Gealltanais
|
=1a+1b +3
|
|
|
|
|
|
0.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=2a+2b
+3
|
|
3 426 000
|
|
-3 426 000
|
|
0.000
|
•IOMLÁN leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
|
Gealltanais
|
(4)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Íocaíochtaí
|
(5)
|
|
|
|
|
|
|
|
•IOMLÁN leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach
|
(6)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 2a
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
=4+ 6
|
|
|
|
|
|
0.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
=5+ 6
|
|
3 426 000
|
|
-3 426 000
|
|
0.000
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
‘Caiteachas riaracháin’
|
Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach
(Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha) agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
AS: <…….>
|
|
•Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
•Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN AS <…….>
|
Leithreasuithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
IOMLÁN
|
|
IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDIL 1 go 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
|
|
|
|
|
0.000
|
|
|
Íocaíochtaí
|
|
3 426 000
|
|
-3 426 000
|
|
0.000
|
An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí
Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí atá ann cheana (níl aon athrú ag baint leis seo):
Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Sonraigh cuspóirí agus aschuir
⇩
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
|
ASCHUIR
|
|
|
Cineál
|
Meánchostas
|
Níl
|
Costas
|
Níl
|
Costas
|
Níl
|
Costas
|
Níl
|
Costas
|
Níl
|
Costas
|
Níl
|
Costas
|
Níl
|
Costas
|
Líon iomlán
|
Costas iomlán
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1…
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 1
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2...
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- Aschur
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán do chuspóir sonrach Uimh. 2
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe de chineál riaracháin
X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
IOMLÁN
|
|
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
of the multiannual financial framework
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
X
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.
◻
Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha
|
–
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain N+2
|
Bliain N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
•Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
|
–20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
–20 01 02 03 (Toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
–01 01 01 01 (Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
– 01 01 01 11 (Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
–Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
–•Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)
–
|
|
–20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
–20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
–XX 01 xx yy zz
–
|
–- sa Cheanncheathrú
–
|
–
|
|
|
|
|
|
|
|
–
|
–- i dToscaireachtaí
|
–
|
|
|
|
|
|
|
|
–01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
– 01 01 01 12 (CA, INT, SNE – Taighde díreach)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
–Línte buiséid eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
|
–IOMLÁN
|
|
|
|
|
|
|
|
Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
|
Oifigigh agus foireann shealadach
|
|
|
Foireann sheachtrach
|
|
Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha
Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha.
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
◻
is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).
Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. Cuir tábla Excel ar fáil i gcás athchlárú mór.
◻
is gá an corrlach gan leithdháileadh faoin gceannteideal ábhartha de CAI a úsáid agus/nó na hionstraimí speisialta a shainítear sa Rialachán maidir le CAI a úsáid.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann, na méideanna comhfhreagracha agus na hionstraimí atá beartaithe a úsáid.
◻
is gá athbhreithniú ar CAI.
Mínigh an méid a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha.
Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
I gcás an togra/tionscnaimh seo:
X
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
Iomlán
|
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–◻Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
◻
ar acmhainní dílse
X
ar ioncam eile
Maoineofar na híocaíochtaí réamh-mhaoinithe tosaigh in 2022 ó ioncaim shannta sheachtracha. Beidh na méideanna ar fad ar fáil mar ioncaim shannta sheachtracha, de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a eascraíonn as oibríochtaí iasachtaíochta an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle.
má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
|
Líne buiséid ioncaim:
|
Leithreasuithe atá ar fáil don bhliain airgeadais reatha
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
|
|
Bliain
N
|
Bliain
N+1
|
Bliain
N+2
|
Bliain
N+3
|
Iontráil na blianta ar fad a theastaíonn le fad an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6)
|
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam sannta, sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).