An Bhruiséil,30.3.2022

COM(2022) 136 final

2022/0091(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear do Phoblacht na Polainne beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 (dá ngairtear ‘an Treoir maidir le CBL’ anseo feasta), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin, chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 5 Lúnasa 2021, d’iarr Poblacht na Polainne údarú chun maolú ar Airteagail 218, 226 agus 232 den Treoir maidir le CBL le bheith in ann ríomhshonrascadh sainordaitheach a fhorchur.

Ina theannta sin, le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 9 Feabhra 2022, rinne an Pholainn modhnú ar a hiarraidh. Dá réir sin, iarrann an Pholainn an t‑údarú chun maolú ar Airteagail 218 agus 232 amháin den Treoir maidir le CBL agus sonraíonn sí nach mbeadh feidhm ag ríomhshonrascadh sainordaitheach ach amháin maidir le daoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Polainne.

I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 21 Deireadh Fómhair 2021 faoin iarraidh a rinne an Pholainn. Le litir dar dáta an 22 Deireadh Fómhair 2021, thug an Coimisiún fógra don Pholainn go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Chuir an Pholainn iarraidh ar mhaolú isteach bunaithe ar Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL le bheith údaraithe chun oibleagáid a chur chun feidhme chun ríomhshonraisc a eisiúint, arna bpróiseáil tríd an gCóras Náisiúnta Ríomhshonrasctha (KSeF), maidir le gach idirbheart ar gá sonrasc a eisiúint ina leith de réir reachtaíocht CBL na Polainne. Le litir dar dáta an 8 Feabhra 2022, rinneadh raon feidhme an bhirt speisialta a theorannú do dhaoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Polainne.

Ina theannta sin, beidh ar dhaoine inchánacha faisnéis shonrach a tharchur chuig KSeF maidir le hidirbhearta áirithe nach gá a dhoiciméadú le sonraisc arna n‑eisiúint i gcomhréir le rialacha CBL na Polainne, mar shampla earraí a fháil laistigh den Chomhphobal agus soláthairtí trasteorann seirbhísí. Ós rud é nach gá sonrasc a eisiúint i leith na n‑idirbheart sin de réir reachtaíocht CBL na Polainne, ní bheidh maolú ar an Treoir maidir le CBL i gceist leis an oibleagáid dheireanach sin.

Measann an Pholainn go mbeadh tairbhí móra ag baint le hoibleagáid ghinearálaithe a thabhairt isteach ríomhshonraisc a eisiúint i dtéarmaí calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus bailiú cánach a shimpliú ag an am céanna. Cuirfidh cur chun feidhme an bhirt dlús le digitiú na hearnála poiblí. Cuideoidh sé freisin le huathoibriú na bpróiseas le haghaidh daoine inchánacha a mhéadú, rud a dhéanfaidh comhlíonadh na n‑oibleagáidí cánach a shimpliú. Mar shampla, leis an bhfaisnéis a fhaightear trí ríomhshonrascadh, beifear in ann tuairisceáin CBL agus ráitis achoimreacha a réamhlíonadh, agus dlús a chur le haisíocaíochtaí CBL.

Le hAirteagal 218 den Treoir maidir le CBL, déantar foráil maidir le hoibleagáid ar na Ballstáit glacadh le gach doiciméad nó teachtaireacht i bhfoirm páipéir nó i bhfoirm leictreonach araon mar shonraisc. Dá bhrí sin, ba mhaith leis an bPolainn maolú a fháil ar an Airteagal thuasluaite den Treoir maidir le CBL chun nach féidir le húdarás fioscach na Polainne ach doiciméid i bhfoirm leictreonach a mheas mar shonraisc.

Ceanglaítear le hAirteagal 232 den Treoir maidir le CBL go mbeidh úsáid ríomhshonraisc faoi réir ghlacadh an fhaighteora. Dá bhrí sin, chun oibleagáid ríomhshonrasctha a thabhairt isteach sa Pholainn, tá gá le maolú ar an Airteagal sin ionas nach mbeidh ar an eisitheoir toiliú an fhaighteora a fháil a thuilleadh chun sonrasc a sheoladh i bhformáid gan pháipéar.

Áitíonn an Pholainn go gcuirfidh an ríomhshonrascadh sainordaitheach, mar aon le tarchur sonraí breise idirbheart, feabhas mór ar chumais anailíseacha an údaráis fhioscaigh. Beidh cosc níos éifeachtaí ar neamhrialtachtaí agus sainaithint níos éifeachtaí neamhrialtachtaí mar thoradh air sin, rud a chuideoidh le calaois agus imghabháil CBL a chomhrac. Go háirithe, cuirfidh sé ar a chumas d’údarás fioscach na Polainne an chomhsheasmhacht idir CBL fógartha agus CBL íoctha a fhíorú go huathoibríoch. Beifear in ann fíorú níos fusa agus níos cruinne a dhéanamh freisin ar éilimh ar aisíocaíochtaí CBL arna gcur isteach ag cáiníocóirí. Ina theannta sin, comhlánóidh sé bearta eile a thug an Pholainn isteach chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun an córas CBL a nuachóiriú, mar shampla an Comhad Iniúchóireachta Aonair chun críocha CBL, an sásra um íocaíocht dheighilte, an córas chun anailís leictreonach a dhéanamh ar shreabha airgeadais (STIR) nó an córas scipéid airgid fhioscaigh ar líne chun faireachán a dhéanamh ar an earnáil miondíola.

Cumhdófar leis an oibleagáid ríomhshonrasctha na hidirbhearta uile a dhéanann daoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Polainne, ar idirbhearta iad ar gá, faoi láthair, sonrasc a eisiúint ina leith i gcomhréir le hAcht na Polainne maidir le CBL 2 . Ina theannta sin, tarchuirfear faisnéis shonrach maidir le hidirbhearta áirithe nach gá sonrasc a eisiúint ina leith chuig an KSeF. Is amhlaidh atá sé i gcás earraí a fháil laistigh den Chomhphobal agus soláthairtí seirbhísí trasteorann, i gcás inarb iad an ceannaitheoir nó faighteoir na seirbhíse atá faoi oibleagáid CBL a shocrú sa Pholainn. Ós rud é nach gá sonrasc a eisiúint i leith na nidirbheart sin de réir reachtaíocht CBL na Polainne, ní bheidh maolú ar an Treoir maidir le CBL i gceist leis an oibleagáid dheireanach sin. Le tarchur na faisnéise sin, beifear in ann dearbhuithe CBL réamhlíonta agus ráitis achoimreacha a ullmhú.

Beidh feidhm ag an oibleagáid ríomhshonraisc a eisiúint agus úsáid á baint as an KSeF maidir leis na cáiníocóirí uile atá bunaithe i gcríoch na Polainne agus atá i mbun gníomhaíochtaí ar gá sonrasc a eisiúint ina leith sa chríoch sin faoi rialacha CBL na Polainne. Áirítear leis sin daoine inchánacha a bhaineann tairbhe as an díolúine le haghaidh fiontair bheaga dá dtagraítear in Airteagal 282 den Treoir maidir le CBL. Mar sin féin, ní dhéanfaidh cur chun feidhme na samhla ríomhshonrasctha shainordaithigh difear do cháiníocóirí eachtracha nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu clárú le haghaidh CBL sa Pholainn i ndáil lena n‑idirbhearta laistigh den Chomhphobal nó lena soláthairtí seirbhísí trasteorann ná do cháiníocóirí atá cláraithe le haghaidh CBL sa Pholainn ach nach bhfuil bunaithe i gcríoch na Polainne. Ní dhéanfaidh sé difear ach oiread, sna cásanna sin, do cheart custaiméirí sonraisc pháipéir a fháil.

Beidh daoine inchánacha in ann ríomhshonraisc struchtúrtha a eisiúint agus a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as an KSeF. Chun na críche sin, tairgfidh Aireacht Airgeadais na Polainne roinnt uirlisí saor in aisce: an aip ar líne ‘e-Mikrofirma’, a bhfuil rochtain uirthi trí fhón cliste agus foirm ghréasáin d’aon cháiníocóir atá logáilte isteach ar e-Urząd (oifig leictreonach) 3 . Beidh gnólachtaí in ann freisin ríomhshonraisc struchtúrtha a tháirgeadh ina mbogearraí airgeadais agus cuntasaíochta agus iad a sheoladh chuig an KSeF trí bhíthin comhéadan feidhmchláir, tar éis an údaraithe ábhartha. Chun na críche sin, ní bheidh sé riachtanach ach do na cáiníocóirí nó do dhuine atá údaraithe acu iad féin a fhíordheimhniú trí úsáid a bhaint as ceann de na modhanna atá ar fáil go poiblí.

Beidh ar an KSeF ríomhshonraisc a bhailíochtú. Nuair a bheidh an ríomhshonrasc bailíochtaithe measfar é a bheith faighte agus beidh sé ar fáil go huathoibríoch don fhaighteoir lena léamh nó lena íoslódáil. I gcás mífheidhme i gcóras KSeF, taispeánfar teachtaireacht ar an suíomh gréasáin faoin gcóras gan a bheith ar fáil. Tá nós imeachta éigeandála beartaithe do na cásanna sin, chun próiseáil fhurasta sonrasc ag cáiníocóirí a áirithiú. Chun na críche sin, beidh gnólachtaí in ann sonraisc a eisiúint ina mbogearraí cuntasaíochta féin.

Áitíonn an Pholainn go mbeidh tairbhí do dhaoine inchánacha i gceist leis an mbeart sin, mar shampla seirbhís stórála agus cartlannaithe sonrasc arna soláthar ag an riarachán, deireadh a chur leis an ngá sonraisc a phriontáil agus iad a chur isteach de láimh i gcórais chuntasaíochta, é a bheith dodhéanta sonraisc a chailleadh, próisis chuntasaíochta a uathoibriú agus oibleagáidí cánach agus tuairiscithe a shimpliú.    

Chun tionchar an bhirt ar an duine inchánach a íoslaghdú agus chun é a chur ar a gcumas dó oiriúnú go furasta don chóras sainordaitheach, tá samhail dheonach ríomhshonrasctha curtha chun feidhme ag an bPolainn a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022, ar samhail í inar gá don fhaighteoir glacadh go fóill le húsáid ríomhshonraisc. Roimhe sin, ó mhí Dheireadh Fómhair 2021, bhíothas in ann tástálacha a dhéanamh ar an gcóras trí chlár píolótach ríomhshonrasc.

I bhfianaise raon feidhme leathan an mhaolaithe, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar an obair leantach is gá faoi chuimsiú an mhaolaithe sin. Go háirithe, tionchar an bhirt ar chalaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus ar dhaoine inchánacha. Más mian leis an bPolainn fad a chur leis an mbeart maolaitheach, iarrtar uirthi tuarascáil a sholáthar maidir le feidhmiú an bhirt in éineacht leis an iarraidh ar fhadú. Ba cheart measúnú a sholáthar sa tuarascáil sin ar a éifeachtaí atá an beart ó thaobh calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus bailiú cánach a shimpliú. Ba cheart meastóireacht a bheith sa tuarascáil sin freisin ar thionchar an bhirt ar dhaoine inchánacha agus go háirithe a mhéid a bhaineann leis an méadú ar a n‑ualaí riaracháin agus ar a gcostais chomhlíontachta.

Tá sé beartaithe an maolú a údarú ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2026.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Le hAirteagal 218 den Treoir maidir le CBL, cuirtear sonraisc pháipéir agus ríomhshonraisc ar comhchéim trí fhoráil a dhéanamh go nglacfaidh na Ballstáit le doiciméid nó le teachtaireachtaí ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach mar shonraisc. De réir Airteagal 232 den Treoir maidir le CBL, beidh úsáid ríomhshonraisc faoi réir ghlacadh an fhaighteora. Go deimhin, bheadh an ríomhshonrascadh sainordaitheach atá beartaithe ag an bPolainn ina mhaolú ar an dá fhoráil sin.

Is féidir an maolú a údarú bunaithe ar Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc. D’iarr an Pholainn an beart maolaitheach chun calaois chánach agus imghabháil cánach a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Bunaithe ar na gnéithe a sholáthair an Pholainn, tá an maolú comhsheasmhach leis na forálacha beartais atá ann cheana.

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 4 ón gComhairle agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/133 5 ón gComhairle, deonaíodh údaruithe comhchosúla lena gceadaítear don Iodáil agus don Fhrainc maolú ar Airteagail 218 agus 232 den Treoir maidir le CBL chun ríomhshonrascadh sainordaitheach a chur chun feidhme.

Ar deireadh, in 2020, ghlac an Coimisiún an ‘Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Plean Gníomhaíochta maidir le cánachas cothrom simplí mar thaca leis an straitéis téarnaimh 6 . Ceann de na gníomhaíochtaí atá beartaithe sa phlean gníomhaíochta sin ná go nglacfaidh an Coimisiún togra reachtach arb é is aidhm dó oibleagáidí tuairiscithe CBL a nuachóiriú. Mar a léirítear sa Phlean Gníomhaíochta, ba cheart don togra sin, i measc nithe eile, cuidiú le cuíchóiriú a dhéanamh ar na sásraí tuairiscithe is féidir a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta intíre. Déanfar scrúdú freisin ar an ngá ríomhshonrascadh a leathnú a thuilleadh sa chomhthéacs sin. Dá bhrí sin, tá an maolú a d’iarr an Pholainn ailínithe leis na cuspóirí atá á saothrú ag an gCoimisiún mar a leagtar síos sa Phlean Gníomhaíochta.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I bhfianaise na forála den Treoir maidir le CBL ar a bhfuil an togra bunaithe, ní bhaineann prionsabal na coimhdeachta le hábhar.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas.

Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát ar iarraidh uaidh féin agus níl aon oibleagáid i gceist leis.

Beidh roinnt athruithe i gceist le ríomhshonrascadh sainordaitheach do dhaoine inchánacha. Chun cuidiú leo déileáil leis an gcás, tá samhail dheonach ríomhshonrasctha curtha i bhfeidhm ag an bPolainn ón 1 Eanáir 2022, agus cuireadh clár píolótach ríomhshonrasc i bhfeidhm roimhe sin chun go bhféadfaí an córas a thástáil le fiontraithe. Thairis sin, soláthróidh an Pholainn uirlisí saor in aisce chun an oibleagáid ríomhshonrasctha a chomhlíonadh agus déanfaidh an Aireacht Airgeadais agus an tÚdarás Náisiúnta Ioncaim (NRA) feachtas cuimsitheach faisnéise a reáchtáil chun na cáiníocóirí a chur ar an eolas maidir leis na rialacha nua i dtaca le sonrascadh CBL.

Áirítear faoi réim feidhme an bhirt daoine inchánacha a bhaineann tairbhe as an díolúine le haghaidh fiontair bheaga dá dtagraítear in Airteagal 282 den Treoir maidir le CBL. Measann an Pholainn go bhfuil údar maith leis na daoine sin a chur san áireamh chun imghabháil nó seachaint CBL a chosc. Tá neamhrialtachtaí sainaitheanta ag údaráis na Polainne maidir le cur i bhfeidhm na díolúine CBL le haghaidh gnólachtaí beaga, is iad sin gan tuairisciú a dhéanamh ar na hidirbhearta uile a dhéantar agus trí ghníomhaíochtaí gnó a scoilteadh go saorga chun fanacht faoi bhun na tairsí.

Ina theannta sin, léiríonn anailísí a rinne an NRA go neascraíonn an chuid is mó den chalaois arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh 7 agus den chalaois arna déanamh trí bhréagshonraisc as gnólachtaí ar micrifhiontair, fiontair bheaga nó fiontair mheánmhéide iad. Trí ríomhshonrascadh a dhéanamh sainordaitheach le haghaidh na ngnólachtaí sin, beifear in ann faireachán agus sainaithint níos éifeachtaí a dhéanamh ar na neamhrialtachtaí sin.

Áitíonn an Pholainn go ndéanfar ionsú, den chuid is mó, ar na hinfheistíochtaí a bheidh ar fhiontair bheaga a thabhú chun a gcórais a oiriúnú, leis an obair ullmhúcháin a rinneadh tríd an tsamhail dheonach ríomhshonrasctha agus na huirlisí a chuirfear ar fáil dóibh chun an oibleagáid a chomhlíonadh, mar aon leis na buntáistí agus na tairbhí a eascraíonn as ríomhshonrascadh a chur chun feidhme. Ní infheistíochtaí móra a bheidh sna hinfheistíochtaí sin in aon chás, de réir mheastacháin údaráis na Polainne.

Tá teorainn ama leis an maolú freisin agus tá tuarascáil maidir le feidhmiú agus éifeachtacht an bhirt le hullmhú ar eagla gur mian leis an bPolainn fad a chur leis an mbeart maolaitheach.

Dá bhrí sin, tá an beart speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. imghabháil cánach a chomhrac agus bailiú cánach a shimpliú.

An rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle.

Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar rialacha coiteanna CBL ach amháin ar údarú na Comhairle agus í ag gníomhú d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. An ionstraim is oiriúnaí ná Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle ós rud é gur féidir é a dhíriú chuig Ballstát aonair.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Measúnú tionchair

Beidh tionchar ag an ríomhshonrascadh sainordaitheach ar an údarás fioscach agus ar dhaoine inchánacha araon.

Tá súil ag an bPolainn go mbeidh ríomhshonrascadh sainordaitheach ina chuidiú chun córas CBL na Polainne a dhéanamh níos doichte agus a nuachóiriú ionas go mbeidh sé níos frithsheasmhaí in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí eile. Déanfaidh sé uathoibriú agus tabharfaidh sé rochtain níos tapa ar réimse níos leithne sonraí, rud a chuirfidh feabhas ar ghníomhaíochtaí anailíseacha an údaráis fhioscaigh. Measann an Pholainn go gcuirfidh sé le méadú thart ar PLN 1,8 billiún in aghaidh na bliana ar ioncam an bhuiséid. Gheofar an t‑ioncam breise sin ón laghdú ar chalaois CBL arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh agus ón laghdú ar aisíocaíochtaí CBL nach bhfuil údar leo. Áitíonn an Pholainn gur meastacháin choimeádacha iad sin nach gcuirtear san áireamh iontu an t‑ioncam a d’fhéadfadh teacht as cuidiú an KSeF chun neamhrialtachtaí eile a bhaineann le CBL a bhrath, mar shampla tearcthuairisciú ar mhiondíolacháin agus an méadú ar bhailiú cánacha ioncaim.

Beidh costais do bhuiséad an stáit i gceist le ríomhshonrascadh sainordaitheach ginearálaithe a chur chun feidhme, ar costais iad a bhaineann leis an gcóras a chruthú agus a chothabháil, chomh maith leis an mbonneagar is gá chun sonraisc a stóráil agus an cumas anailíseach a mhéadú de réir a chéile mar gheall ar an mbunachar sonraí a bheith ag fás go comhleanúnach. Measann an Pholainn go mbeidh thart ar PLN 161,2 milliún i gceist leis na costais a bhaineann le tabhairt isteach agus cothabháil KSeF sna blianta 2021-2026.

Tabhóidh daoine inchánacha costais mar gheall ar ríomhshonrascadh sainordaitheach a thabhairt isteach, ar costais iad a bhaineann den chuid is mó leis an ngá a gcórais chuntasaíochta a oiriúnú. Beidh an costas a bhaineann le sonrasc a eisiúint trí úsáid a bhaint as an KSeF an-íseal, áfach, i bhfad níos ísle ná mar atá i bhformáid pháipéir. Chun na costais sin a mhaolú, soláthróidh Aireacht Airgeadais na Polainne uirlisí saor in aisce chun ríomhshonraisc struchtúrtha a eisiúint agus a phróiseáil.

Dá bhrí sin, ní mheasann an Pholainn go mbeidh costais mhóra ar dhaoine inchánacha, go háirithe i gcomparáid leis na tairbhí a gheobhaidh siad ón tsamhail ríomhshonrasctha a thabhairt isteach. Áitíonn an Pholainn go mbainfidh daoine inchánacha tairbhí móra as cur chun feidhme an ríomhshonrasctha shainordaithigh, mar shampla seirbhís stórála agus cartlannaithe sonrasc arna soláthar ag an riarachán, deireadh leis an ngá sonraisc a phriontáil agus iad a chur isteach de láimh i gcórais chuntasaíochta, an laghdú ar bhotúin de bharr uathoibriú an phróisis cuntasaíochta nó an méadú ar luas malartaithe sonraí idir comhpháirtithe gnó. Tairbhí eile a bheidh ann ná simpliú na n‑oibleagáidí cánach agus tuairiscithe, mar shampla dearbhuithe réamhlíonta agus ráitis achoimreacha, an laghdú ar an líon fíoruithe agus iniúchtaí a dhéanann an t‑údarás fioscach agus aisíocaíochtaí CBL níos tapa.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon drochthionchar ag an mbeart speisialta ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

2022/0091 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE

lena n‑údaraítear do Phoblacht na Polainne beart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 8 , agus go háirithe d’Airteagal 395(1) di,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 5 Lúnasa 2021, d’iarr an Pholainn údarú chun beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218, 226 agus 232 de Threoir 2006/112/CE chun ríomhshonrascadh sainordaitheach a thabhairt isteach le haghaidh na nidirbheart uile a dhéanann daoine inchánacha ar gá sonrasc a eisiúint ina leith. Iarradh an túdarú ar feadh tréimhse ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2026.

(2)Tharchuir an Coimisiún an iarraidh a rinne an Pholainn chuig na Ballstáit eile i litreacha dar dáta an 21 Deireadh Fómhair 2021. Le litir dar dáta an 22 Deireadh Fómhair 2021, thug an Coimisiún fógra don Pholainn go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.

(3)Le litir dar dáta an 8 Feabhra 2022, chuir an Pholainn in iúl don Choimisiún nach bhfuil gá le maolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE agus go mbeadh raon feidhme an bhirt a iarradh teoranta do dhaoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Polainne.

(4)Áitíonn an Pholainn go mbeadh tairbhí ag baint le ceanglas ginearálaithe maidir le ríomhshonrascadh sainordaitheach ó thaobh calaois agus imghabháil cánach breisluacha (CBL) a chomhrac. Leis an gceanglas sin, mar aon le tarchur sonraí breise idirbheart, cuirfear feabhas mór ar chumais anailíseacha údarás fioscach na Polainne, rud a chuirfidh ar a chumas an chomhsheasmhacht idir CBL fógartha agus CBL íoctha a fhíorú go huathoibríoch agus fíorú níos cruinne a dhéanamh ar éilimh ar aisíocaíochtaí CBL arna gcur isteach ag cáiníocóirí. Thairis sin, comhlánóidh sé bearta eile arb é is aidhm dóibh calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus an córas CBL a nuachóiriú, mar shampla an Comhad Iniúchóireachta Aonair chun críocha CBL, an sásra um íocaíocht dheighilte 9 , an córas chun anailís leictreonach a dhéanamh ar shreabha airgeadais nó an córas scipéid airgid fhioscaigh ar líne chun faireachán a dhéanamh ar an earnáil miondíola.

(5)Le ríomhshonrascadh sainordaitheach, measann an Pholainn go néascófaí cúrsaí do dhaoine inchánacha, rud a shimpleodh comhlíonadh a noibleagáidí, mar shampla tuairisceáin CBL agus ráitis achoimreacha a réamhlíonadh nó dlús a chur le haisíocaíochtaí CBL. Bheadh buntáistí ag baint le ríomhshonrascadh do dhaoine inchánacha, mar shampla seirbhís stórála agus cartlannaithe sonrasc arna soláthar ag an riarachán nó uathoibriú na bpróiseas cuntasaíochta. De réir na Polainne, ní mheastar go mbeadh costais mhóra ar dhaoine inchánacha chun a gcórais a oiriúnú don ríomhshonrascadh, go háirithe i gcomparáid leis na tairbhí a gheobhaidís ón tsamhail ríomhshonrasctha a thabhairt isteach. Chun cuidiú leis an oiriúnú sin, tá ríomhshonrascadh deonach curtha i bhfeidhm ag an bPolainn, roimh theacht i bhfeidhm an ríomhshonrasctha shainordaithigh. Ina theannta sin, sholáthrófaí uirlisí saor in aisce chun an ceanglas maidir le ríomhshonrascadh sainordaitheach a chomhlíonadh agus reáchtálfaí feachtas cuimsitheach faisnéise chun na cáiníocóirí a chur ar an eolas i dtaobh na rialacha CBL nua maidir le ríomhshonrascadh sainordaitheach.

(6)I bhfianaise raon feidhme leathan agus úrnuacht an bhirt speisialta, tá sé tábhachtach meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar ar chalaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus ar dhaoine inchánacha. Dá bhrí sin, i gcás ina measann an Pholainn gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, lena náirítear measúnú ar an mbeart speisialta maidir lena éifeachtacht sa chomhrac i gcoinne calaois agus imghabháil CBL agus ó thaobh bailiú cánach a shimpliú de.

(7)Níor cheart don bheart speisialta sin difear a dhéanamh do cheart an chustaiméara sonraisc pháipéir a fháil i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal.

(8)Tá an beart speisialta comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú. Ina theannta sin, ní chruthaítear riosca leis an mbeart speisialta go naistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile.

(9)Ní dhéanfaidh an beart speisialta dochar do mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais chríochnaithigh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 218 de Threoir 2006/112/CE, ní údaraítear don Pholainn sonraisc arna n‑eisiúint ag daoine inchánacha atá bunaithe i gcríoch na Polainne a ghlacadh i bhfoirm doiciméad nó teachtaireachtaí ach amháin má aistrítear na doiciméid nó na teachtaireachtaí sin i bhformáid leictreonach.

Airteagal 2

De mhaolú ar Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE, údaraítear don Pholainn foráil a dhéanamh nach mbeidh úsáid ríomhshonrasc arna n‑eisiúint i gcríoch na Polainne faoi réir ghlacadh an fhaighteora.

Airteagal 3

Tabharfaidh an Pholainn fógra don Choimisiún faoi na bearta náisiúnta lena gcuirfear chun feidhme na maoluithe dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2.

Airteagal 4

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Aibreán 2023 go dtí an 31 Márta 2026.

I gcás ina measann an Pholainn gur gá síneadh a chur leis na maoluithe dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2, cuirfidh an Pholainn iarraidh ar shíneadh faoi bhráid an Choimisiúin, mar aon le tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar a éifeachtaí a bhí na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Déanfar meastóireacht sa tuarascáil sin freisin ar thionchar na mbeart sin ar dhaoine inchánacha agus go háirithe cé acu a mhéadaíonn nó nach méadaíonn na bearta sin a n‑ualaí riaracháin agus a gcostais riaracháin.

Airteagal 5

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2)    Acht an 11 Márta 2004 maidir le Cáin Bhreisluacha (Iris Dlíthe na Polainne 2021 ítim 685, arna leasú).
(3)    Córas láraithe a fhágann, de réir na Polainne, gur féidir cánacha a shocrú go cuimsitheach ar líne. Is tionscadal é e-Urząd a sholáthróidh uirlisí ar líne do cháiníocóirí rud a fhágfaidh gur fusa dóibh oibleagáidí cánach a chomhlíonadh, lena náirítear cánacha a íoc, trí sheirbhís leictreonach íocaíochta ar líne.
(4)    IO L 99, 19.4.2018, lch. 14.
(5)    IO L 20, 31.1.2022, lch. 272.
(6)     https://ec.europa.eu/taxation_customs/system/files/2020-07/2020_tax_package_tax_action_plan_en.pdf
(7)    Is cineál calaoise CBL í calaois arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh ina ndíolann trádálaithe earraí nó ina soláthraíonn siad seirbhísí, ina mbailíonn siad an CBL óna gcustaiméirí agus ina nimíonn siad ina dhiaidh sin gan an CBL a bhailigh siad óna gcustaiméirí a thabhairt ar láimh do na húdaráis chánach.
(8)    IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(9)    Arna thabhairt isteach sa Pholainn tar éis an údaraithe a deonaíodh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 ón gComhairle (IO L 51, 22.2.2019, lch. 19).