An Bhruiséil,21.3.2022

COM(2022) 117 final

2022/0082(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích leasuithe áirithe maidir leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is páirtí é an tAontas sa Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 11, (‘an Comhaontú’) agus is ball é den Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra (‘ISO’). Le Cinneadh (AE) 2017/2242 ón gComhairle an 30 Samhain 2017 22 agus Cinneadh (AE) 2019/2136 33 ón gComhairle, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le páirtithe sa Chomhaontú, d’fhonn an Comhaontú a nuachóiriú, go háirithe a mhéad a bhaineann leis na neamhréireachtaí idir líon vótaí na mBall agus a gcuid ranníocaíochtaí airgeadais ar thaobh amháin agus a seasamh coibhneasta i margadh domhanda an tsiúcra ar thaobh eile.

Rinneadh an leasú ar an gComhaontú a chaibidliú i gcomhairle leis an Meitheal um Thráchtearraí (PROBA) agus léirítear ann go cuí na treoracha caibidlíochta a d’eisigh an Chomhairle. Baineann na hathruithe leis na trí réimse seo a leanas: an buiséad riaracháin agus ranníocaíochtaí na mBall faoi Airteagal 25; leathnú na gcuspóirí, na staidéar, na meastóireachtaí agus na ngníomhaíochtaí taighde chun gur féidir táirgí eile atá bainteach le siúcra (go háirithe bitheatánól), a chuimsiú faoi raon feidhme Airteagal 1, 32, 33 agus 34; agus na rialacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh faoi Airteagal 23.

Le linn an 59ú Cruinniú den Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra an 26 Samhain 2021, vótáil an Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra (‘ISC’) d’aon toil i bhfabhar a mholadh do Bhaill ISO an Comhaontú a leasú, i gcomhréir le toradh na caibidlíochta.

Is é is cuspóir don Chinneadh sin ón gComhairle na leasuithe a fhormheas agus na daoine, a gcumhachtaítear dóibh an fógra i dtaobh glacadh leis an leasú a thaisceadh, thar ceann an Aontais, ag an suíomh ainmnithe, na daoine sin a ainmniú.

2.BUNÚS DLÍ

I gcomhréir le hAirteagal 207(4) agus le hAirteagal 218(6) pointe (a)(v) den CFAE, ba cheart don Choimisiún, ina cháil mar idirbheartaí agus leasuithe á ndéanamh ar an gComhaontú, togra a chur faoi bhráid na Comhairle maidir leis na leasuithe ar an gComhaontú a thabhairt i gcrích tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

3.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Faoi na rialacha reatha maidir le ranníocaíochtaí airgeadais le ISO, tá sciar ranníocaíochta airgeadais an Aontais díobh gan athrú go praiticiúil ó bhí 1992 ann cé gur tháinig athrú mór ar mhargadh domhanda an tsiúcra ó shin, agus go háirithe seasamh coibhneasta an Aontais ann. Mar thoradh air sin, ghlac an tAontas sciar ard díréireach de na costais bhuiséadacha 44.

Ach an leasú ar Airteagal 25 den Chomhaontú a bheith formheasta, leasú lena rialaítear glacadh an bhuiséid riaracháin agus ranníocaíochtaí na mBall, is fearr a bheidh an ríomh le haghaidh na vótaí ailínithe leis an margadh domhanda siúcra atá ann faoi láthair. Foráiltear maidir le hidirthréimhse deich mbliana ar a mhéad, tréimhse inar teoranta an t‑athrú bliantúil ar líon na vótaí teoranta do 15 % sa chéad chúig bliana lena linn agus do 20 % i gcás an chuid atá fágtha den idirthréimhse. Leis an athrú ar an modh ríofa laghdófar líon na vótaí chun críocha buiséadacha a dháiltear ar an Aontas, rud a laghdóidh, dá bharr sin, ranníocaíocht an Aontais le ISO.

4.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gcomhréir le hAirteagal 44(1) den Chomhaontú, tabharfaidh gach Ball fógra don taiscí go nglacann sé leis an leasú laistigh den tréimhse ama a bheidh socraithe ag ISC. De réir an tráthchláir arna chomhaontú ag ISC, tá ag na Baill go dtí an 25 Samhain 2022 formheas a fháil ar na leasuithe i gcomhréir lena nósanna imeachta bunreachtúla. Tar éis dóibh an formheas a fháil, caithfidh na Baill fógra taisclainne a chur ar fáil maidir le glacadh leis na leasuithe ag Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac roimh an 30 Meitheamh 2023.

2022/0082 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích leasuithe áirithe maidir leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4) de, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Is páirtí é an tAontas sa Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (‘an Comhaontú’), a thug an tAontas i gcrích le Cinneadh 92/580/CEE 5 ón gComhairle agus is ball é den Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra (‘ISO’).

(2)Ar bhonn san ordaithe a tugadh le Cinntí (AE) 2017/2242 6 agus (AE) 2019/2136 7 ón gComhairle, rinne an Coimisiún caibidliú, thar ceann an Aontais le baill eile ISO chun an Comhaontú a leasú, faoi threoir Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt.

(3)Tugadh an caibidliú ar na leasuithe ar an gComhaontú i gcrích agus rinne an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta an fhoclaíocht a fhormheas le linn a 57ú seisiún i mí na Samhna 2020 agus a 58ú seisiún i mí an Mheithimh 2021.

(4)Aon leasú a chomhaontófar i gcaibidlíocht, beidh siad le moladh do bhaill ISO ag an gComhairle Siúcra Idirnáisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44 den Chomhaontú.

(5)Le Cinneadh (AE) 2021/1851 8 ón gComhairle údaraíodh don Choimisiún vótáil i bhfabhar a mholadh do bhaill ISO an Comhaontú a leasú, le linn an vóta speisialta a bhí ar siúl ag an 59ú seisiún den Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra i mí na Samhna 2021. Vótáil an Chomhairle Idirnáisiúnta Siúcra ina fhabhar d’aon toil.

(6)De bhun Airteagal 44(1) den Chomhaontú, tá ar gach Ball ISO fógra a thabhairt don taiscí maidir lena ghlacadh leis na leasuithe.

(7)Ba cheart na leasuithe ar an gComhaontú a bheith formheasta ag an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992, is leasuithe iad anois atá formheasta thar ceann an Aontais.

Tá téacs na leasuithe i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tabharfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, fógra don taiscí maidir lena ghlacadh leis na leasuithe dá bhforáiltear in Airteagal 44(1) den Chomhaontú d’fhonn toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú a chur in iúl.

Airteagal 3

Cuirfear an Cinneadh i bhfeidhm an [ ] 9 .

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán



RÁITEAS AIRGEADAIS

FinancSt/10/
PSH/cl/830164

6.22.2022.1

DÁTA: 01.02.2022

1.

CEANNTEIDEAL BUISÉID:

14 20 03 06 Eagraíochtaí agus Comhaontuithe Idirnáisiúnta

LEITHREASUITHE:

B2022 5 300 000 EUR

2.

TEIDEAL:

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích leasuithe maidir leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992.

3.

BUNÚS DLÍ: Airteagal 207(4) agus Airteagal 218(6) (a) (v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

4.

AIDHMEANNA:

Is é is cuspóir don Chinneadh sin ón gComhairle na leasuithe a fhormheas agus na daoine, a gcumhachtaítear dóibh an fógra i dtaobh glacadh leis an leasú a thaisceadh, thar ceann an Aontais, ag an suíomh ainmnithe, na daoine sin a ainmniú, de réir Airteagal 44(1) den Chomhaontú.

Baineann an leasú leis an mbuiséad riaracháin agus le ranníocaíochtaí na mBall (Airteagal 25); leathnú na gcuspóirí, na staidéar, na meastóireachtaí agus na ngníomhaíochtaí taighde chun gur féidir táirgí eile atá bainteach le siúcra a chuimsiú (Airteagail 1, 32, 33 agus 34) agus na rialacha maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh (Airteagal 23).

Go háirithe, tugtar le hAirteagal 25 modh ríofa athbhreithnithe agus sásra coigeartaithe nuashonraithe níos éifeachtaí chun sciar an Aontais de na costais bhuiséadacha agus den fhreagracht bhuiséadach laistigh de ISO a normalú.

5.

IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS

TRÉIMHSE 12 MHÍ


(EUR milliún)

AN BHLIAIN AIRGEADAIS REATHA

2022

(EUR milliún)

AN CHÉAD BHLIAIN AIRGEADAIS EILE

2023

(EUR milliún)

5.0

CAITEACHAS

-    ARNA MHUIREARÚ AR BHUISÉAD AN AONTAIS
(AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA)

-    ÚDARÁIS NÁISIÚNTA

-    EILE

-

-

-

5.1

IONCAM

-    ACMHAINNÍ DÍLSE AN AONTAIS
(TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM)

-    NÁISIÚNTA

2024 (EUR milliún)

5.0.1

CAITEACHAS MEASTA

       -

5.1.1

IONCAM MEASTA

5.2

MODH RÍOFA:

6.0

AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ Ó LEITHREASUITHE A CUIREADH ISTEACH I gCAIBIDIL ÁBHARTHA AN BHUISÉID ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR?

IS FÉIDIR

6.1

AN FÉIDIR AN TIONSCADAL A MHAOINIÚ TRÍ AISTRIÚ A DHÉANAMH IDIR CAIBIDLÍ AN BHUISÉID ATÁ ANN FAOI LÁTHAIR?

-

6.2

AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH?

-

6.3

AN mBEIDH GÁ LE LEITHREASUITHE A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO?

IS FÉIDIR

NÓTAÍ:

Is féidir go mbeidh iarmhairtí airgeadais ag an togra ó 2024 ach ní féidir iad a chainníochtú faoi láthair. Braithfidh sciar an Aontais den ranníocaíocht airgeadais ar líon críochnaitheach na vótaí a gheobhaidh an tAontas i ndiaidh chomhaontú an leasaithe. Is é is dóichí go laghdófar sciar an Aontais.

(1) 1    Cinneadh ón gComhairle an 13 Samhain 1992 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (92/580/CEE) (IO L 379, 23.12.1992, lch. 15).
(2) 2    Cinneadh (AE) 2017/2242 ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena núdaraítear tús a chur le caibidlíocht chun an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 a leasú (IO L 322, 7.12.2017, lch. 29).
(3) 3    Cinneadh (AE) 2019/2136 ón gComhairle an 5 Nollaig 2019 lena núdaraítear tús a chur le caibidlíocht chun an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 a leasú (IO L 324, 13.12.2019, lch. 3–4).
(4) 4    Baintear úsáid as líon na vótaí, a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 25, mar aon leis an méid in aghaidh an vóta chun ranníocaíocht airgeadais gach Baill i mbuiséad bliantúil ISO a ríomh.
(5)    Cinneadh ón gComhairle an 13 Samhain 1992 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (92/580/CEE) (IO L 379, 23.12.1992, lch. 15).
(6)    Cinneadh (AE) 2017/2242 ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena núdaraítear tús a chur le caibidlíocht chun an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 a leasú (IO L 322, 7.12.2017, lch. 29).
(7)    Cinneadh (AE) 2019/2136 ón gComhairle an 5 Nollaig 2019 lena núdaraítear tús a chur le caibidlíocht chun an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 a leasú (IO L 324, 13.12.2019, lch. 34).
(8)    Cinneadh (AE) 2021/1851 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 agus leis an tráthchlár chun iad a chur chun feidhme (IO L 374, 22.10.2021, p. 49–51).
(9)    Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

An Bhruiséil,21.3.2022

COM(2022) 117 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an

Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le tabhairt i gcrích leasuithe áirithe maidir leis an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992


IARSCRÍBHINN

Déantar an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (‘an Comhaontú’) a leasú mar a leanas:

(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

‘Airteagal 1

Cuspóirí

Is éard atá i gcuspóirí an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (dá ngairtear an Comhaontú anseo feasta) i bhfianaise théarmaí rún 93 (IV) arna ghlacadh ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt, an méid seo a leanas:

(a)Comhar idirnáisiúnta feabhsaithe a áirithiú i gcúrsaí siúcra agus milseoirí domhanda chomh maith le saincheisteanna gaolmhara, lena náirítear táirgeadh bithfhuinnimh agus eatánóil breosla ó bharra siúcra;

(b)Fóram a chur ar bun le haghaidh comhairliúcháin idir-rialtasacha maidir le margaí siúcra agus milseoirí agus maidir le margaí fhotháirgí an tionscail siúcra agus eatánóil breosla bunaithe ar bharra siúcra;

(c)An trádáil a éascú trí fhaisnéis a bhailiú agus a chur ar fáil ar an margadh domhanda siúcra agus milseoirí eile, chomh maith le bithfhuinneamh agus eatánól breosla bunaithe ar bharra siúcra;

(d)Éileamh méadaithe ar shiúcra agus ar bharra siúcra a spreagadh, le haghaidh úsáidí neamhbhia go háirithe.’;

(2)in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Is le vóta speisialta a cheapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go ceann tréimhse 4 bliana. Déanfaidh an Chomhairle an ceapachán 6 mhí ar a laghad roimh thús thréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a athcheapadh le vóta speisialta go ceann tréimhse 4 bliana eile. Ní dhéanfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar feadh níos mó ná dhá théarma. Déanfaidh an Chomhairle téarmaí sonracha ceapacháin an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chinneadh.’;

(3)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

An buiséad riaracháin a ghlacadh agus ranníocaíochtaí na mBall

 1. Chun críoch an Airteagail seo beidh 2 000 vóta ag na Baill.

2. (a)Beidh líon áirithe vótaí ag gach Ball agus déanfar an líon sin a chinneadh i gcomhréir le mír 3 thíos.

(b)Ní bheidh níos lú ná 6 vóta ag aon Bhall.

(c)Ní bheidh aon vóta codánach ann. Ceadófar slánú sa phróiseas ríofa agus chun a áirithiú go leithdháilfear an líon vótaí iomlán.

3.Déanfar na vótaí a chinneadh ar bhonn bliantúil de réir an nós imeachta seo a leanas: gach bliain ó 2023 amach, tráth fhoilsithe Bhliainirise an tSiúcra ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra, déanfar an líon vótaí le haghaidh gach Baill a ríomh ar bhonn na dtáscairí seo a leanas agus a nualaithe choibhneasta:

·20 % de na vótaí bunaithe ar sciar pro rata an Bhaill sin d’onnmhairí Iomlána na mBall, móide

·20 % de na vótaí bunaithe ar sciar pro rata an Bhaill sin d’allmhairí Iomlána na mBall, móide

·20 % de na vótaí bunaithe ar sciar pro rata an Bhaill sin de tháirge Iomlán na mBall, móide

·20 % de na vótaí bunaithe ar sciar pro rata an Bhaill sin de thomhaltas Iomlán na mBall, móide

·20 % de na vótaí bunaithe ar sciar pro rata an Bhaill sin de Chumas Íocaíochta Iomlán na mBall (APF). Tá APF comhionann leis na measúnuithe le haghaidh leithdháileadh chostais na Náisiún Aontaithe.

Déanfar líon vótaí gach Baill a ríomh, le haghaidh gach ceann de na táscairí thuas, trí úsáid a bhaint as meán an táscaire sin le haghaidh na 5 bliana dheireanacha a foilsíodh san eagrán is déanaí de Bhliainiris Siúcra na hEagraíochta. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ríomhfaidh sciar gach Baill in iomlán na mBall uile le haghaidh na dtáscairí thuasluaite. Dáilfear na sonraí go léir thuas ar na Baill tráth a ndéanfar na ríomhanna.

4.I gcás aontachas Ball tar éis theacht i bhfeidhm am Chomhaontaithe déanfar a vótaí a chinneadh de réir na heochrach ríofa faoi mhíreanna 2 agus 3 thuas. Déanfar vótaí na mBall atá ann cheana a athríomh dá réir sin ionas gur 2 000 vóta a bheidh in iomlán na vótaí go fóill.

5.I gcás ina dtarraingíonn Baill siar, déanfar vótaí na mBall a tharraingíonn siar a athdháileadh ar na Baill eile bunaithe ar sciartha athríofa 5 tháscaire na mBall ionas gur 2 000 vóta a bheidh in iomlán vótaí na mBall go fóill.

6. Socrú idirthréimhseach:

(a)Chun pointe tosaithe a bhunú le haghaidh coigeartuithe a ríomh, glacfar leis an mBallraíocht agus an staid vótála sa bhliain 2022 mar bhonn.

(b)Le linn na chéad 5 bliana den idirthréimhse ní bheidh líon vótaí gach Baill níos mó ná 15 % níos airde ná níos ísle ná na vótaí a aontaíodh don bhliain roimhe sin, agus, le linn an dara 5 bliana den idirthréimhse ní fhéadfaidh líon vótaí gach Baill a bheith níos mó ná 20 % níos airde ná níos ísle ná na vótaí a aontaíodh don bhliain roimhe sin. Ach amháin i gcás, i gcomhréir le forálacha mhír 2(c), inarb é a thiocfaidh as slánú gur mó an líon vótaí a leithdháiltear ar Bhall na ná céatadáin arna gcomhaontú, ceadófar sin.

(c)Chun an ranníocaíocht in aghaidh an vóta a bhunú, ní dhéanfar vótaí nach nglacfar leo de bharr chur i bhfeidhm mhír 6 (b) a ath-leithdháileadh ar na Baill eile. Dá bhrí sin, déanfar an ranníocaíocht in aghaidh an vóta a chinneadh ar bhonn líon athríofa na vótaí foriomlána, ar choinníoll nach mó sin na 2 000 vóta.

(d)Beidh deireadh leis an socrú idirthréimhseach laistigh de 10 mbliana.

7. Forálacha Airteagal 26, mír 2, a bhaineann le cearta vótála a chur ar fionraí de dheasca neamh-chomhlíonadh oibleagáidí, ní bheidh feidhm acu maidir leis an airteagal seo.

8. Le linn an dara leath de gach bliain, glacfaidh an Chomhairle buiséad riaracháin na hEagraíochta don bhliain ina dhiaidh sin agus cinnfidh sí ranníocaíocht na mBall in aghaidh an vóta is gá le haghaidh an bhuiséid sin, tar éis forálacha mhír 6 den airteagal seo a chur san áireamh.

9.Déanfar ranníocaíocht gach Baill leis an mbuiséad riaracháin a ríomh tríd an ranníocaíocht in aghaidh an vóta a iolrú le líon na vótaí atá ina sheilbh aige faoin airteagal sin, mar a leanas:

(a)I ndáil leis na Baill sin ar Baill iad tráth ghlacadh deireanach an bhuiséid riaracháin, an líon vótaí atá ina seilbh ag an am sin; agus

(b)I ndáil leis na Baill sin a ghlac ballraíocht tar éis ghlacadh an bhuiséid riaracháin, an líon vótaí a fhaigheann siad an tráth a ghlacann siad ballraíocht, arna choigeartú i gcoibhéis le fuílleach na tréimhse a chumhdaítear leis na buiséid; na hathbhreithnithe a dhéantar ar Bhaill eile, ní dhéanfar athrú orthu sin.

10.Féadfaidh an Chomhairle, le vóta speisialta, beart a dhéanamh de réir mar a mheasfadh sí a bheith iomchuí, chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar ranníocaíochtaí Ball a thiocfadh as ballraíocht a d’fhéadfadh a bheith teoranta tráth buiséad riaracháin 2024 a ghlacadh nó as aon mhórlaghdú ar an mballraíocht ina dhiaidh sin.’;

(4)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

‘Airteagal 32

Faisnéis agus staidéir

1.Gníomhóidh an Eagraíocht mar lárionad le haghaidh bailiú agus foilsiú faisnéise staidrimh agus staidéir ar tháirge domhanda, praghsanna, onnmhairithe agus allmhairithe, tomhaltas agus stoic tháirgí siúcra, chomh maith le cánacha ar tháirgí siúcra.

2. Gabhann na Baill orthu féin a chur ar fáil laistigh den am a fhéadtar a fhorordú sna rialacha nós imeachta na staitisticí agus an fhaisnéis uile atá ar fáil a fhéadtar a shainaithint sna rialacha sin gur rialacha iad is gá chun a chumasú don Eagraíocht a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin gcomhaontú seo. I gcás inar gá sin, bainfidh an Eagraíocht úsáid as aon fhaisnéis ábhartha den chineál sin a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó fhoinsí eile. Maidir le hoibríochtaí daoine nó cuideachtaí a tháirgeann nó a phróiseálann táirgí siúcra nó a chuireann ar an margadh iad, ní dhéanfaidh an Eagraíocht aon fhaisnéis a fhoilsiú a d’fhéadfaí a úsáid chun an hoibríochtaí sin a shainaithint.’;

(5)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

‘Airteagal 33

Meastóireacht margaidh, tomhaltas agus staitisticí

1. Bunóidh an Chomhairle Coiste Táirgí Siúcra um Meastóireacht Mhargaidh, Tomhaltas agus Staitisticí, ina mbeidh na Baill uile, faoi Chathaoirleacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

2. Déanfaidh an Coiste athbhreithniú leanúnach ar ábhair a bhaineann le geilleagar domhanda na dtáirgí siúcra agus coinneoidh sé na Baill ar an eolas ar an méid a phléitear agus tionólfaidh sé cruinniú chuige sin dhá uair sa bhliain de ghnáth. Maidir leis an bhfaisnéis uile a bhaileoidh an eagraíocht de bhun airteagal 32, cuirfidh an Coiste é sin san áireamh.

3. Tabharfaidh an Coiste faoi obair sna réimsí seo a leanas:

(a)Staitisticí maidir leis an táirge siúcra a ullmhú agus anailís staitistiúil a dhéanamh ar thairgeadh, tomhaltas agus stoic an táirge siúcra agus an trádáil idirnáisiúnta ann agus praghsanna;

(b)Anailís ar iompraíochtaí margaidh agus ar na himthosca a dhéanann difear dóibh agus tagairt ar leith á déanamh do rannpháirtíocht tíortha i mbéal forbartha sa trádáil dhomhanda;

(c)Anailís ar an éileamh ar tháirgí siúcra, lena náirítear na héifeachtaí a bhíonn ag an úsáid a bhaintear as ionadaigh shiúcra nádúrtha nó shaorga ar an trádáil dhomhanda i dtáirgí siúcra nó ar a dtomhailt;

(d)Saincheisteanna eile de réir mar a fhormheasann an Chomhairle.

4. Gach bliain, déanfaidh an Chomhairle dréachtchlár oibre don todhchaí a bhreith, arna ullmhú ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ina bheidh meastachán ar na riachtanais acmhainní.’;

(6)cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

‘Airteagal 34

Taighde agus forbairt

Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, féadfaidh an Chomhairle cúnamh a thabhairt taighde agus forbairt a dhéanamh i ngeilleagair táirgí siúcra agus na torthaí a fhaightear sa réimse sin a scaipeadh. Chun na críche sin, féadfaidh an Chomhairle oibriú i gcomhar le heagraíochtaí agus institiúidí taighde idirnáisiúnta ar choinníoll nach dtabhaíonn an Chomhairle aon oibleagáidí airgeadais eile.’;

(7)cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal na hIarscríbhinne:

‘An leithdháileadh vótaí a chomhaontaíodh den chéad uair in 1992’.