AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,17.3.2022
COM(2022) 113 final
2022/0080(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann le leathnú chumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Rialachán (AE) Uimh. 2016/1628 cuireadh teorainn cúig bliana leis an tréimhse ar lena linn a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus chuaigh an tréimhse sin in éag an 6 Deireadh Fómhair 2021. Ós rud é go mbíonn gá le gnéithe de na gníomhartha maidir le cineálcheadú a thabhairt cothrom le dáta go seasta de réir dul chun cinn teicniúil nó go mbíonn gá le leasuithe eile a thabhairt isteach i gcomhréir leis na cumhachtaí sin, leasaítear Airteagal 55(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1628 leis an dréacht‑togra chun foráil a dhéanamh maidir le cumhacht a thabhairt go ceann cúig bliana eile agus deis a thabhairt síneadh intuigthe a chur leis an tréimhse sin.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais.
Ós rud é go bhfuil leasuithe ar reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana i gceist sa togra, is é an tAontas amháin atá in ann aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna go héifeachtach. Ina theannta sin, ní féidir na cuspóirí beartais a ghnóthú go leordhóthanach le gníomhartha na mBallstát. Is gá bearta ón Aontas Eorpach ionas nach dtiocfaidh bacainní chun cinn roimh an margadh aonair, go háirithe i réimse na n‑inneall innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é, agus i ngeall ar an ngné thrasnáisiúnta a bhaineann leis an truailliú aeir.
Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta
•Comhréireacht
Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta de bhrí nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus déanann sé foráil san am céanna maidir le hardleibhéal sábháilteachta poiblí agus cosanta comhshaoil.
•An rogha ionstraime
Rialachán lena leasaítear Rialachán
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Níl measúnú tionchair ar leith ag gabháil leis an togra seo ós rud é go ndearnadh measúnú tionchair ar Rialachán (AE) 2016/1628 cheana. Ní athraítear an Rialachán sin ó thaobh substainte de leis an Rialachán seo agus ní fhorchuirtear oibleagáidí nua ar na páirtithe lena mbaineann. Is é is aidhm dó cumhachtaí an Choimisiúin a leathnú chun gnéithe áirithe a thabhairt cothrom le dáta de réir dul chun cinn teicniúil agus leasuithe eile a thabhairt isteach i gcomhréir leis na cumhachtaí.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Níl aon tionchar buiséadach ag an togra ar institiúidí an Aontais.
2022/0080 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1628 a mhéid a bhaineann le leathnú chumhacht an Choimisiúin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2016/1628 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leagtar síos forálacha fíor-riachtanacha maidir le hastaíochtaí ó thruailleáin ghásacha agus cháithníneacha agus maidir le cineálcheadú i dtaca le hinnill dócháin inmheánaigh le haghaidh innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, agus tugtar cumhacht don Choimisiún leis an Rialachán seo sonraíochtaí teicniúla a leagan síos i ngníomhartha tarmligthe agus i ngníomhartha cur chun feidhme. Le hAirteagal 55(2) den Rialachán sin tugadh an chumhacht sin don Choimisiún ar feadh tréimhse theoranta cúig bliana a chuaigh in éag an 6 Deireadh Fómhair 2021. Ós rud é gur gá gnéithe den reachtaíocht maidir le cineálcheadú a thabhairt cothrom le dáta de réir dul chun cinn teicniúil nó gnéithe eile a thabhairt isteach i gcomhréir leis na cumhachtaí, lena n‑áirítear gníomh tarmligthe lena socraítear ceanglais maidir le faireachán inseirbhíse ar hinnill dócháin inmheánaigh a shuiteáiltear in innealra soghluaiste nach innealra bóthair é, ba cheart síneadh a chur leis an gcumhacht a thugtar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus deis a thabhairt síneadh breise a chur leis sin.
(2)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/1628 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 55 de Rialachán (AE) 2016/1628 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2), in Airteagal 24(11), in Airteagal 25(4), in Airteagal 26(6), in Airteagal 34(9), in Airteagal 42(4), in Airteagal 43(5) agus in Airteagal 48 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse deich mbliana ón 6 Deireadh Fómhair 2016. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 6 Eanáir 2026 agus naoi mí roimh dheireadh gach tréimhse cúig bliana ina dhiaidh sin, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí cúig bliana, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán