AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,2.3.2022
COM(2022) 91 final
2022/0069(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar síos gurb ann do mhórphlódú daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Cur i bhfeidhm Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 a ghníomhachtú trí bhíthin Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena leagtar síos gurb ann do mhórphlódú daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001, a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach i gcomhréir le forálacha na Treorach seo
Tar éis thosach ionradh míleata na Rúise isteach san Úcráin an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí a eisíodh an lá céanna, greas mhíleata gan chúis gan údar Chónaidhm na Rúise (dá ngairtear an Rúis anseo feasta) i gcoinne na hÚcráine sna téarmaí is láidre ab fhéidir, agus chuir sí i bhfios go láidir an sárú mór a rinneadh ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus an riosca do shlándáil agus do chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’éiligh an Chomhairle Eorpach go n‑urramódh an Rúis iomláine críche, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena n‑áirítear an ceart atá ag an Úcráin a cinniúint féin a roghnú. Dhearbhaigh cinn stáit agus rialtais Bhallstáit an Aontais freisin go bhfuil freagracht iomlán ar rialtas na Rúise as a ghníomh greise a fhágann go bhfuil daoine ag fulaingt agus ag fáil bháis mar thoradh air, agus go dtabharfar í chun cuntais as a ghníomhaíochtaí. I ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú maidir leis an dara pacáiste smachtbhannaí.
Sa chomhthéacs sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí an obair maidir le hullmhacht ar gach leibhéal a thabhairt chun cinn agus d’iarr sí ar an gCoimisiún, go háirithe, bearta teagmhasacha a chur chun cinn.
Tá tionchar díreach ag an gcogadh ar a theorainneacha seachtracha ar an Aontas Eorpach, go háirithe trí mhéadú ar an mbrú imirce atá mar thoradh ar na mílte duine a bhfuil cosaint á lorg acu i mBallstáit an Aontais. Laistigh de chúpla lá, ó thús mhí an Mhárta, tháinig 650 000 duine easáitithe isteach san Aontas Eorpach tríd an bPolainn, an tSlóvaic, an Ungáir agus an Rómáin. Meastar go dtiocfaidh méadú níos mó fós ar an líon sin. Sheol na Náisiúin Aontaithe Flais‑Achainí Daonnúil le haghaidh riachtanais chosanta agus chúnamh san Úcráin agus an Plean Freagartha Réigiúnach um Dhídeanaithe le haghaidh na hÚcráine lena gcuirtear sonraí ar fáil maidir leis an líon daoine atá i ngátar agus na daoine a mbeidh an cúnamh dírithe orthu.
Is tír gan víosa í an Úcráin le teacht isteach san Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, tá sealbhóirí pasanna bithmhéadracha na hÚcráine díolmhaithe ó cheanglais víosa agus iad ag taisteal isteach san Aontas. Ar bhonn na taithí a fuarthas tar éis don Rúis ionghabháil neamhdhlíthiúil a dhéanamh ar Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus ar chathair Sevastopol agus tar éis an chogaidh in oirthear na hÚcráine, meastar go dtiocfaidh leath na nÚcránach atá ag teacht chun an Aontais Eorpaigh agus a bheidh in ann taisteal gan víosa, le chéile lena mbaill teaghlaigh nó go lorgóidís fostaíocht san Aontas Eorpach, ach go n‑iarrfadh an leath eile cosaint idirnáisiúnta. Ag brath ar an athrú a thagann ar an gcoinbhleacht, is dócha go mbeidh an tAontas Eorpach ag tabhairt isteach líon suntasach daoine. De réir na meastachán, d’fhéadfadh sé go mbeadh idir 2.5 milliún agus 6.5 milliún duine ann a easáitíodh mar gheall ar an gcoinbhleacht armtha, as a bhféadfadh idir 1.2 agus 3.2 milliún cosaint idirnáisiúnta a lorg. Measann Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhféadfaidh suas le 4 milliún duine, sa chás is measa, teitheadh ón Úcráin.
Léiríonn na figiúirí sin, a thromchúisí atá an cogadh agus a ghaireacht do theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh gur dócha go mbeidh ar an Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar staid arb é is príomhthréith ann mórphlódú Úcránach agus náisiúnach tríú tír eile nó daoine gan stát a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu san Úcráin tráth na coinbhleachta, a gcuirtear iallach orthu an Úcráin a fhágáil mar gheall ar ionradh na Rúise.
Chun freagairt ar an staid sin, tá an Coimisiún ag tabhairt togra ar aghaidh le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena gceadófar don Chomhairle a shuí gurb ann do mhórphlódú Úcránach easáitithe agus náisiúnach easáitithe tríú tír eile agus daoine gan stát a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu san Úcráin tráth na coinbhleachta, bunaithe ar Threoir 2001/55/CE um Chosaint Shealadach an 20 Iúil 2001.
Glacadh an Treoir seo tar éis na coinbhleachta san iar-Iúgslaiv, nuair ab éigean don Eoraip, den chéad uair ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, dul i ngleic le móreasáitiú daoine ar fud na hEorpa de dheasca coinbhleacht san Eoraip. Ceapadh í go sonrach chun cothromaíocht a chur chun cinn idir na hiarrachtaí chun easáitithe laistigh den Eoraip a bhainistiú le chéile trí chosaint láithreach a thabhairt do dhaoine atá ar a dteitheadh ó chogadh agus, ar an gcaoi sin, é a sheachaint go gcuirfí córais tearmainn na mBallstát faoin iomarca brú. Leis na forálacha a áirítear sa Treoir um Chosaint Shealadach agus lena gcuirtear bearta náisiúnta chun feidhme, cheadófaí do na Ballstáit mórphlódú na ndaoine easáitithe atá ar a dteitheadh as an Úcráin a bhainistiú ar bhealach rialaithe agus éifeachtach agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta.
Is é is cuspóir don togra seo cur i bhfeidhm na Treorach um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú, ina leagtar amach, i gcomhréir le hAirteagal 5 den Treoir, na príomhghnéithe, lena n‑áirítear tuairisc ar na grúpaí sonracha daoine ar cheart feidhm a bheith ag an gcosaint shealadach maidir leo agus an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an gcosaint shealadach. Leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, a luaithe a ghlacfar é, ceanglaítear ar na Ballstáit na bearta a chur i bhfeidhm atá glactha acu chun an Treoir um Chosaint Shealadach a thrasuí agus a chur chun feidhme, agus ar an gcaoi sin a n‑oibleagáidí i leith daoine a bhfuil cosaint shealadach acu a chomhlíonadh, mar a leagtar amach i gCaibidil III den Treoir.
Tugtar isteach leis an togra cosaint shealadach do thrí chatagóir daoine:
·Náisiúnaigh de chuid na hÚcráine atá ina gcónaí san Úcráin agus a easáitíodh amhail ón 24 Feabhra 2022 tar éis ionradh míleata fhórsaí armtha na Rúise ar an dáta sin;
·Náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu san Úcráin agus a easáitítear amhail ón 24 Feabhra 2022 tar éis ionradh míleata fhórsaí armtha na Rúise ar an dáta sin agus nach féidir leo filleadh ar a dtír thionscnaimh ná ar a réigiún tionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha mar gheall ar an staid mar atá sa tír sin faoi láthair. D’fhéadfadh a bheith san áireamh leis an méid sin daoine a raibh stádas dídeanaí nó cosaint choibhéiseach acu, nó i gcás daoine arbh iarrthóirí tearmainn iad san Úcráin tráth na n‑imeachtaí ba chúis leis an mórphlódú. Ba cheart cosaint shealadach a bheith ag náisiúnaigh tríú tír a bhí ina gcónaí go dleathach san Úcráin ar bhonn fadtéarmach tráth a tharlaíonn an mórphlódú, gan beann ar cé acu a d’fhéadfaidís filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha; agus
·Baill teaghlaigh an dá chatagóir daoine thuasluaite, a mhéid a bhí an teaghlach san Úcráin tráth na n‑imthosca a bhaineann leis an mórphlódú, is cuma an bhféadfadh an ball teaghlaigh filleadh ar a thír thionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha. I gcomhréir le Treoir 2001/55 ón gComhairle, meastar gurb é céile an dá chatagóir daoine thuasluaite nó a p(h)áirtnéir neamhphósta a bhfuil caidreamh seasmhach aige nó aici an ball teaghlaigh, i gcás ina ndéileáiltear i reachtaíocht nó i gcleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta ar bhealach is inchomparáide le lánúineacha pósta faoina dhlí maidir le heachtrannaigh; Maidir leis an dá chatagóir daoine thuasluaite, leanaí mionaoiseacha neamhphósta a chéile nó a céile, gan idirdhealú i dtaobh ar rugadh de chuing an phósta iad nó ar uchtaíodh iad; garghaolta eile a bhí ina gcónaí le chéile mar chuid den aonad teaghlaigh tráth na n‑imthosca mar thoradh ar an mórphlódú, agus a bhí go hiomlán nó go príomha ag brath ar an dá chatagóir daoine.
Is é an chosaint shealadach an ionstraim iomchuí sa staid seo. Ós rud é gur de chineál urghnách agus eisceachtúil é ionradh míleata na hÚcráine arna dhéanamh ag an Rúis, agus mar gheall ar scála an mhórphlódaithe, ba cheart go gceadódh cosaint shealadach go tapa do dhaoine easáitithe cearta comhchuibhithe a bheith acu ar fud an Aontais a chuireann leibhéal leormhaith cosanta ar fáil, lena n‑áirítear cead cónaithe, an deis a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe, rochtain ar chóiríocht oiriúnach, an cúnamh leasa shóisialta is gá, cúnamh leighis nó cúnamh eile, agus cóir mhaireachtála. I gcás mionaoiseach neamhthionlactha, ba cheart go gceadófaí dóibh caomhnóireacht dhleathach a bheith acu mar gheall ar chosaint shealadach. Ba cheart rochtain a bheith ag daoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois ar oideachas freisin.
Rachadh sé chun tairbhe freisin do na Ballstáit lena mbaineann cosaint shealadach a thabhairt isteach, na Ballstáit lena mbaineann an mórphlódú, ós rud é gur cheart, dá bhrí sin, go gcuirfeadh na cearta a ghabhann le cosaint shealadach teorainn leis an ngá atá leis na daoine easáitithe sin cosaint idirnáisiúnta a lorg láithreach agus gan córais tearmainn na mBallstát tríd an iomarca brú agus foirmiúlachtaí a ghearradh a mhéid is féidir de bharr phráinn na staide. Dá bhrí sin, leis na bearta a áirítear sa Treoir um Chosaint Shealadach agus le bearta náisiúnta cur chun feidhme, cheadófaí do na Ballstáit mórphlódú daoine easáitithe a bhainistiú ar bhealach rialaithe agus éifeachtach agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta.
Le cosaint shealadach, d’fhéadfadh na Ballstáit a ullmhú chun dul i ngleic leis an mórphlódú daoine easáitithe atá ann faoi láthair agus leis an mórphlódú daoine easáitithe atá ar tí tarlú teacht isteach ón Úcráin agus a bheidh ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta. Chuirfeadh sé ar chumas do na Ballstáit freisin déileáil leis na hÚcránaigh sin a bhainfidh tairbhe as taisteal gan víosa, a bheidh ag lorg cineál eile stádais a luaithe a bheidh na 90 lá den fhanacht dhleathach san Aontas imithe in éag. De réir na taithí a fuarthas in 2014, is féidir a bheith ag súil go dtosóidh go leor daoine ansin ag lorg cosaint idirnáisiúnta agus gan acu ach an rogha sin. Dá bhrí sin, is freagairt é an togra seo ar an iarraidh ón gComhairle Eorpach obair a dhéanamh ar ullmhacht agus toilteanas agus is mar chuid d’fhreagairt an Aontais í ar an mbrú imirce mar gheall ar ionradh míleata na Rúise isteach san Úcráin.
Agus rud tábhachtach eile ar deireadh, cuireann na forálacha faoin Treoir um Chosaint Shealadach cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit maidir leis na hiarmhairtí sin a iompar a bhaineann le glacadh le daoine easáitithe ón Úcráin. Beidh náisiúnaigh na hÚcráine, mar thaistealaithe gan víosa, in ann gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas Eorpach tar éis a bheith ligthe isteach sa chríoch, rud a ligfidh dóibh bualadh lena dteaghlach agus lena gcairde ar fud na ndiaspóraí suntasacha atá ann faoi láthair ar fud an Aontais Eorpaigh, agus ar an gcaoi sin cothromaíocht iarrachtaí a éascú idir na Ballstáit. Chuideodh sé leis an Aontas agus leis na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtúil, rialaithe ar mórphlódú na ndaoine easáitithe ón Úcráin laistigh den Aontas Eorpach ag tráth a bhfuil líon ollmhór daoine ag teacht isteach.
Beidh an tAontas Eorpach in ann, leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, comhordú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an gcumas glactha sna Ballstáit chun gníomhaíocht a dhéanamh agus tacaíocht bhreise a chur ar fáil de réir mar is gá. Leis an Treoir, ceanglaítear ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, comhoibriú le chéile agus faisnéis a mhalartú chun go n‑éascófar cosaint shealadach a chur chun feidhme. Is féidir é sin a dhéanamh trí ‘Ardán Dlúthpháirtíochta’ trína malartaíonn na Ballstáit faisnéis maidir lena n‑acmhainneachtaí glactha agus maidir le líon na ndaoine atá faoi chosaint shealadach ar a gcríocha. Chun na críche sin, tá ról comhordaithe ag an gCoimisiún sa togra. Ina theannta sin, le blianta beaga anuas, cuireadh ardáin éagsúla ar bun a bhfuil d’aidhm acu comhar idir na Ballstáit a áirithiú. I measc na n‑ardán sin, áirítear sa togra úsáid an Líonra um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce (i gcomhréir le Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra AE le haghaidh ullmhachta agus bainistithe géarchéimeanna a bhaineann leis an imirce) mar an bhfóram is iomchuí don chomhar riaracháin dá bhforáiltear i dTreoir 2001/55/CE.
Sna blianta ó glacadh an Treoir, bunaíodh roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó neartaíodh a gcuid sainorduithe. Ar an gcúis sin, áirítear go sonrach sa togra gur gá don Choimisiún comhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), le Gníomhaireacht Tearmainn an Aontais Eorpaigh agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) d’fhonn faireachán agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an staid.
I gcomhréir le Treoir 2001/55/CE, bliain amháin a bheidh i ré na cosanta sealadaí, agus mura bhfoirceannfar ar shlí eile í, féadfar sé thréimhse mhíosúla a chur léi go huathoibríoch ar feadh bliain amháin ar a mhéad. Féadfaidh an Coimisiún, mar chuid dá ról faireacháin, agus i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2001/55/CE, a mholadh don Chomhairle tráth ar bith deireadh a chur leis an gcosaint shealadach, ar an mbonn gur mar gheall ar an staid san Úcráin go gceadófar na daoine sin a dtugtar cosaint shealadach dóibh filleadh go sábháilte agus go marthanach ar an Úcráin. Féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle freisin síneadh a chur leis an gcosaint shealadach, i gcás nach meastar gur leor an chéad tréimhse chun go bhféadfaidh na Ballstáit an staid a bhainistiú go héifeachtach, nó i gcás nach féidir leis na ndaoine atá faoi chosaint shealadach filleadh go sábháilte chuig an Úcráin de bharr na staide mar atá sí.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an togra seo ag teacht go hiomlán le acquis tearmainn an Aontais Eorpaigh ós rud é gur dlúthchuid den Chomhchóras Eorpach Tearmainn í an Treoir um Chosaint Shealadach agus rinneadh foráil go mbeadh staid urghnách ann mar gheall ar mhórphlódú daoine easáitithe mar atá faoi láthair de dheasca ionradh Chónaidhm na Rúise san Úcráin. Tá sé go hiomlán comhsheasmhach freisin le cuspóir an Aontais Eorpaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú a bheadh ar oscailt dóibh siúd, nach bhfuil an dara rogha acu, a lorgaíonn cosaint idirnáisiúnta go dlisteanach san Aontas Eorpach.
Tá eilimintí an togra comhsheasmhach freisin leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann i mí Mheán Fómhair 2020 agus leis na tograí reachtacha a ghabhann leis. Mar chuid den Chomhshocrú, mhol an Coimisiún an Treoir um Chosaint Shealadach a aisghairm agus Rialachán feabhsaithe a chur ina hionad, lena ndéantar coincheap an stádais maidir le cosaint shealadach a chaomhnú ach lena ndéantar aghaidh a thabhairt ar bhealach níos leithne ar staideanna géarchéimeanna agus force majeure i réimse na himirce agus an tearmainn, lena n‑áiritheofaí go ngníomhóidh na huirlisí Eorpacha nua go comhleanúnach laistigh den chur chuige cuimsitheach nua atá beartaithe sa Chomhshocrú. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil na tograí reachtacha ábhartha á gcaibidliú faoi láthair agus nach bhfuil siad ar tí a bheith glactha, ní féidir leis an Rialachán lena dtugtar aghaidh ar an ngéarchéim ná ar force majeure freagairt do dhúshláin láithreacha ghéarchéim na hÚcráine. Is é an Treoir um Chosaint Shealadach an acquis atá i bhfeidhm faoi láthair agus a chuireann an uirlis ábhartha ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an staid ar bhealach éifeachtach comhréireach.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra seo go hiomlán comhsheasmhach leis an ngá atá ann teorainneacha seachtracha láidre a choinneáil trí ligean do na Ballstáit iarratais ionchasacha ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil ar bhealach ordúil gan dul thar a gcórais tearmainn i gcás mórphlódú Úcránach easáitithe, agus ar an gcaoi sin fadhbanna a sheachaint ag pointí trasnaithe teorann atá suite ag teorainneacha seachtracha Oirthear an Aontais Eorpaigh. Tá sé comhsheasmhach freisin le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, amhail smachtbhannaí an Aontais agus bearta sriantacha eile, agus ba cheart í a úsáid i gcomhthráth leis an ngníomhaíocht sin. Is cuid é an togra seo de shraith chuimsitheach gníomhaíochtaí de chuid an Aontais lena bhfreagraítear ar ionradh míleata na Rúise san Úcráin.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Is é an bunús dlí atá leis an togra Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit i dtaca le glacadh leis na daoine sin agus na iarmhairtí sin a iompar, agus go háirithe Airteagal 5 de.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Le Teideal V de CFAE maidir leis an Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais, tugtar cumhachtaí áirithe don Aontas Eorpach i leith na gcúrsaí sin. Ní mór na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i.e. murar féidir, agus a mhéid nach féidir, leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach agus dá bhrí sin, gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe.
I gcás ina bhfuil dea-fheidhmiú cuí chórais tearmainn na mBallstát i mbaol mar gheall ar mhórphlódú daoine easáitithe ó thír atá i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh a theith ó limistéir ina bhfuil coinbhleacht armtha, ba cheart a mheas go bhfuil tionchar aige sin ar an Aontas ina iomláine agus dá bhrí sin go bhfuil gá le réitigh AE agus tacaíocht AE. Is gá do na Ballstáit uile freagairt go tapa agus tacaíocht a thabhairt go pras chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar mhórphlódú den sórt sin agus chun na caighdeáin chéanna agus na cearta comhchuibhithe céanna a áirithiú ar fud an Aontais.
Tá gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais ag teastáil chun na cuspóirí sin a ghnóthú ós rud é gur de chineál trasteorann iad. Is léir nach leor bearta a ghlacfadh Ballstáit aonair chun freagairt go sásúil don ghá atá le cur chuige coiteann an Aontais i leith fadhb choiteann.
Ní féidir leis na Ballstáit cur chuige comhchoiteann den sórt sin a bhaint amach go leordhóthanach ina n‑aonar agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo ón gComhairle atá beartaithe, is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Dá bhrí sin ní mór don Aontas gníomhú, agus féadfaidh sé bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach é, déantar tuairisc sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo ón gComhairle atá beartaithe ar an ngrúpa sonrach daoine a bhfuil feidhm aige maidir leo, an dáta a ghabhfaidh éifeacht leis an gcosaint shealadach agus ar mheastachán ar scála na ndaoine easáitithe.
Déantar tuairisc shoiléir sa Treoir um Chosaint Shealadach ar eilimintí uile na mbeart a mholtar chun déileáil leis an staid shonrach a bhaineann le mórphlódú Úcránach easáitithe chuig an Aontas Eorpach agus tá siad teoranta don mhéid is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh na Ballstáit an staid a bhainistiú ar bhealach ordúil agus éifeachtach agus an chóir chomhionann á áirithiú i dtéarmaí cearta agus ráthaíochtaí do na daoine lena mbaineann. I gcomhréir leis na ceanglais faoin Treoir um Chosaint Shealadach, tá fad na mbeart sin teoranta ó thaobh ama de freisin agus tá gá leo chun a chur ar chumas do na Ballstáit lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar staid ag teorainneacha seachtracha Oirthear an Aontais Eorpaigh a chuirfeadh slándáil agus cobhsaíocht an Aontais Eorpaigh i mbaol. Leis an Treoir seo, ceadaítear do na Ballstáit forálacha níos fabhraí a chur i bhfeidhm.
•An rogha ionstraime
Le hAirteagal 5 de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle, éilítear Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle go leagfar síos gurb ann do mhórphlódú daoine easáitithe agus go dtabharfar isteach cosaint shealadach do dhaoine easáitithe.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Ceapadh beartas fianaise-bhunaithe
Ullmhaíodh an togra mar ábhar práinne chun dul chun tairbhe don staid atá ann faoi láthair. Áirítear sa togra forálacha maidir le comhar, idir an Coimisiún, na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais, chomh maith leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit sonraí agus staidreamh ábhartha a thuairisciú tríd an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce. Tá an fhianaise maidir le scála féideartha na ngluaiseachtaí bunaithe ar na sonraí is déanaí atá comhroinnte i gcreat an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce agus na cásanna a ullmhaíodh ó chásanna gníomhaireachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin, ar na gluaiseachtaí (iarrthóirí tearmainn agus imirce dhleathach araon) tar éis 2014, chomh maith le méid agus comhdhéanamh (Rúisigh/neamh‑Rúisigh) dhaonra na réigiún atá buailte sna cásanna éagsúla. Forbraíodh cúig chás tosaigh ag brath ar a dhéine a bhí idirghabháil na Rúise san Úcráin.
Glacann Cás D le hionradh míleata ar chuid mhór den Úcráin, lena n‑áirítear na trí chathair is mó: Kyiv, Kharkiv agus Odesa, mar atá ag tarlú faoi láthair. Glacann Cás E le méadú suntasach ar an gcogaíocht agus ionradh ar an tír ar fad. Ar bhonn na gcásanna sin, is féidir a bheith ag súil go dtiocfadh idir 2.5 agus 6.5 milliún duine easáitithe isteach san Aontas Eorpach. Measann Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhféadfaidh suas le 4 milliún duine, sa chás is measa, teitheadh ón Úcráin.
I bhfianaise na dtreochtaí a taifeadadh i ndiaidh imeachtaí na bliana 2014 maidir le ceadanna cónaithe agus iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, is dócha go nglacfaidh na líonraí diaspóra suntasacha atá ann ar fud an Aontais le tuairim is leath na ndaoine easáitithe agus go mbainfidh siad leas as deiseanna imirce dlíthiúla, go príomha i dtíortha cinn scríbe “traidisiúnta” (an Pholainn, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, an Iodáil agus an Spáinn) gan brú a chur ar chumas glactha na dtíortha sin. D’fhéadfadh an leath eile, idir 1.2 milliún agus 3.5 milliún duine, cosaint idirnáisiúnta a lorg i dtréimhse dhá bhliain.
•Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus bailiú agus úsáid an tsaineolais
Nuair ba léir go bhféadfadh sé go raibh idirghabháil mhíleata Rúiseach san Úcráin ar tí tarlú, chuir an Coimisiún i ngníomh an sásra faireacháin rialta tríd an Líonra um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce chun dul i gcomhairle leis na Ballstáit, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, le Gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais chun sonraí, faisnéis agus léargas a chomhroinnt, a thuairiscítear go rialta. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin le hArd‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, a bhfuil measúnú á dhéanamh aige ar an staid agus a chuir ionchur ábhartha ar fáil. Ba dhíol sásaimh don Ard‑Choimisinéir an tacaíocht a chuir go leor Ballstát in iúl chun Treoir 2001/55/CE a ghníomhachtú mar dhídean láithreach agus sealadach a chumasú san Aontas agus chun comhroinnt freagrachta a éascú do dhaoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin i measc Stáit Eorpacha.
•Cearta bunúsacha
Urramaíonn an togra seo cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear Coinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 maidir le stádas dídeanaithe, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhraic an 31 Eanáir 1967.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Mar gheall ar chineál an togra seo, ní féidir an tionchar buiséadach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas a priori. Cuirfear san áireamh é i mbuiséad ionstraimí cistiúcháin an Aontais atá ann cheana faoin tréimhse 2014-2020 agus 2021-2027 i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe teorainneacha. Féachfaidh an Coimisiún ar na roghanna atá ann maidir le leas iomlán a bhaint as an maoiniú faoi na Cistí Gnóthaí Baile. I gcás ina bhfuil gá eisceachtúil leis, dá rachadh an cás chun donais, d’fhéadfaí na sásraí solúbthachta laistigh de CAI 2021-2027 a úsáid. I gcás ina mbeidh tuilleadh riachtanas eisceachtúil ann, d’fhéadfaí na sásraí solúbthachta laistigh de CAI 2021-2027 a chur i ngníomh.
5.EILIMINTÍ EILE
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Bunaítear le hAirteagal 1 gurb ann do mhórphlódú san Aontas daoine easáitithe a raibh orthu an Úcráin a fhágáil mar thoradh ar choinbhleacht armtha.
In Airteagal 2 déantar tuairisc ar an ngrúpa daoine a mbeadh feidhm ag an gcosaint shealadach maidir leo. Tugtar cosaint shealadach isteach leis an bhforáil do náisiúnaigh Úcránacha easáitithe a bhfuil cónaí orthu san Úcráin agus a raibh orthu an Úcráin a fhágáil amhail ón 24 Feabhra 2022 tar éis ionradh míleata fhórsaí armtha na Rúise. Chun meon Threoir 2001/55/CE ón gComhairle a urramú, le hAirteagal 2 tugtar isteach freisin cosaint shealadach le haghaidh náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát a raibh cónaí dleathach orthu san Úcráin agus ar easáitíodh iad ón 24 Feabhra 2022 i leith tar éis ionradh míleata fhórsaí armtha na Rúise agus nach féidir leo filleadh ar a dtír nó ar a réigiún tionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha mar gheall ar an staid atá ann sa tír sin faoi láthair. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé sin i gceist i gcás daoine a raibh stádas dídeanaí nó cosaint choibhéiseach acu, nó i gcás daoine arbh iarrthóirí tearmainn iad san Úcráin tráth na n‑imeachtaí ba chúis leis an mórphlódú. Ba cheart cosaint shealadach a bheith ag náisiúnaigh tríú tír a bhí ina gcónaí go dleathach san Úcráin ar bhonn fadtéarmach tráth a tharlaíonn an mórphlódú, gan beann ar cé acu a d’fhéadfaidís filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha.
Ós rud é go bhfuil sé tábhachtach freisin aontacht na dteaghlach a chaomhnú agus a sheachaint go mbeidh stádais éagsúla ag baill éagsúla den teaghlach céanna, tugtar isteach freisin le hAirteagal 2 cosaint shealadach do bhaill teaghlaigh, i gcás inarb ann do theaghlaigh cheana san Úcráin tráth na n‑imthosca mar thoradh ar an mórphlódú, fiú dá bhféadfadh an ball teaghlaigh filleadh ar a thír thionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha. Meastar gurb é céile an duine a bhfuil cosaint shealadach ag a pháirtí neamhphósta a bhfuil caidreamh seasmhach ann eatarthu an ball teaghlaigh, sa chás go ndéileáiltear i reachtaíocht nó i gcleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta ar dhóigh is inchomparáide leis an dóigh a ndéileáiltear le lánúineacha pósta faoina dhlí maidir le heachtrannaigh; Leanaí mionaoiseacha neamhphósta an duine a bhfuil cosaint shealadach a chéile aige, gan idirdhealú i dtaobh ar rugadh de chuing an phósta iad nó ar uchtaíodh iad; agus garghaolta eile a bhí ina gcónaí le chéile mar chuid den aonad teaghlaigh tráth na n‑imthosca mar thoradh ar an mórphlódú, agus a bhí go hiomlán nó go príomha ag brath ar an duine a bhfuil an chosaint shealadach aige an tráth sin.
Bunaítear le hAirteagal 3 go n‑úsáidfear an Líonra um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce mar an príomhardán chun comhar riaracháin a áirithiú chun críocha Airteagal 27 de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle. Foráiltear freisin gur cheart do na Ballstáit rannchuidiú freisin le feasacht choiteann de chuid an Aontais faoin staid trí fhaisnéis ábhartha a roinnt tríd an bhfreagairt chomhtháite do ghéarchéim pholaitiúil agus trí chomhairliúchán leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i gcás inarb ábhartha. Bunaítear leis an bhforáil freisin go mbeidh ról comhordaithe ag an gCoimisiún chun comhar agus malartú faisnéise a áirithiú idir na Ballstáit go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí glactha i ngach Ballstát agus maidir le haon ghá le tacaíocht bhreise a shainaithint. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), le Gníomhaireacht Tearmainn an Aontais Eorpaigh agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), faireachán agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an staid. Ina theannta sin, ba cheart do na gníomhaireachtaí AE sin tacú leis na Ballstáit.
Leagtar síos in Airteagal 4, i bhfianaise na staide eisceachtúla agus na práinne, go dtiocfaidh an Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle i bhfeidhm lá a fhoilsithe.
2022/0069 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar síos gurb ann do mhórphlódú daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit a bhfuil na daoine sin a ghlacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann sin, agus go háirithe Airteagal 5 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An 24 Feabhra 2022, thosaigh fórsaí armtha na Rúise ionradh mórscála ar an Úcráin ag roinnt áiteanna ó Chónaidhm na Rúise, ón mBealarúis agus ó chríocha laistigh den Úcráin nach bhfuil faoi smacht an rialtais.
(2)Dá thoradh sin, tá roinnt mhaith limistéar ar chríoch na hÚcráine atá anois ina limistéir ina bhfuil coinbhleacht armtha ar siúl, limistéir as ar teitheadh na mílte daoine.
(3)Tar éis an ionraidh sin, ina conclúidí an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach a láidre is féidir an fogha míleata a thug an Rúis gan cúis gan údar faoin Úcráin, agus cuireadh i dtábhacht gur sárú tromchúiseach é ar an dlí idirnáisiúnta agus ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, sárú a bhaineann an bonn de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain. D’éiligh an Chomhairle Eorpach go dtabharfadh an Rúis lánurraim d’iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, rud a chuimsíonn an ceart atá ag an Úcráin a cinniúint féin a roghnú. Dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach freisin gur ar rialtas na Rúise atá an fhreagracht iomlán as a ghníomh ionsaithe is cúis le fulaingt dhaonna agus bás daoine, agus go dtabharfar chun cuntais é as a chuid gníomhaíochtaí. I ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin, chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach an dara pacáiste smachtbhannaí, d’éiligh sí go leanfaí ar aghaidh leis an obair ar ullmhacht agus réidhe ar gach leibhéal agus d’iarr sí ar an gCoimisiún bearta teagmhasacha a chur ar aghaidh.
(4)Léirigh an tAontas a thacaíocht dhaingean agus leanfaidh sé dá thacaíocht dhaingean a léiriú don Úcráin agus dá saoránaigh agus iad ag déileáil le gníomh ionsaithe ó Chónaidhm na Rúise nach bhfacthas a leithéid riamh. Tá an togra seo mar chuid d’fhreagairt an Aontais don bhrú imirce is toradh ar ionradh míleata na Rúise ar an Úcráin.
(5)Tá impleachtaí ag an gcoinbhleacht don Aontas cheana féin, lena n‑áirítear an dóchúlacht go mbeidh brú mór imirce ag a dteorainneacha thoir de réir mar a théann an choinbhleacht ar aghaidh. Amhail ón 1 Márta, tá 650 000 duine easáitithe tar éis teacht isteach san Aontas Eorpach tríd an bPolainn, an tSlóvaic, an Ungáir agus an Rómáin. Tá coinne leis go rachaidh na huimhreacha sin i méid fós.
(6)Liostaítear an Úcráin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 agus tá náisiúnaigh na hÚcráine díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorannacha seachtracha na mBallstát dóibh i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. Ar bhonn na taithí ó iarmhairtí ionghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol ag an Rúis in 2014 agus an chogaidh in oirthear na hÚcráine, tá coinne leis gur i gcás leath de na hÚcránaigh a thagann isteach san Aontas agus iad ag tairbhiú den taisteal gan víosa, beidh siad ag teacht le chéile le baill teaghlaigh nó ag lorg fostaíochta san Aontas Eorpach, ach beidh an leath eile díobh ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta. Ag brath ar an gcaoi a bhforbraíonn an choinbhleacht, ar bhonn meastacháin reatha, is dócha go mbeidh líon an‑mhór daoine easáitithe os comhair an Aontais, d’fhéadfadh idir 2.5 milliún agus 6.5 milliún duine a bheith i gceist mar thoradh ar an gcoinbhleacht armtha, agus meastar go mbeadh idir 1.2 milliún agus 3.2 milliún duine as an méid sin ag lorg cosaint idirnáisiúnta. Measann Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhféadfadh suas le 4 mhilliún duine teitheadh ón Úcráin sa chás is measa.
(7)Léiríonn na figiúirí sin gur dócha go mbeidh ar an Aontas déileáil le staid inarb ann do mhórphlódú daoine easáitithe ón Úcráin nach féidir leo filleadh ar a dtír nó ar a réigiún tionscnaimh mar gheall ar ionsaí míleata na Rúise, agus go mbeidh an mórphlódú chomh mór sin go mbeidh baol ann nach mbeidh córais tearmainn na mBallstát in ann na daoine atá tar éis teacht isteach a phróiseáil gan drochéifeachtaí a bheith ann dá n‑oibríocht éifeachtúil, do na daoine lena mbaineann nó do dhaoine eile a bhfuil cosaint á iarraidh acu.
(8)Sheol na Náisiúin Aontaithe Flais‑Achainí Daonnúil le haghaidh riachtanais chosanta agus chúnamh san Úcráin agus an Plean Freagartha Réigiúnach um Dhídeanaithe le haghaidh na hÚcráine lena gcuirtear sonraí ar fáil maidir leis an líon daoine atá i ngátar agus na daoine a mbeidh an cúnamh dírithe orthu.
(9)Chuir Ard‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe fáilte roimh an tacaíocht a léirigh roinnt Ballstát maidir le Treoir 2001/55/CE a ghníomhachtú chun dídean láithreach sealadach a chur ar fáil san Aontas agus chun é a dhéanamh níos éasca an fhreagracht as daoine atá ag teitheadh ón Úcráin a roinnt i measc na mBallstát.
(10)Chun freagairt don staid sin, ba cheart a leagan síos gurb ann do mhórphlódú daoine easáitithe de réir bhrí Threoir 2001/55/CE, rud a mbeidh d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach do na daoine easáitithe lena mbaineann.
(11)Is é is cuspóir don Chinneadh Cur Chun Feidhme seo cosaint shealadach a thabhairt isteach le haghaidh náisiúnaigh de chuid na hÚcráine a bhfuil cónaí orthu san Úcráin agus ar easáitíodh iad ón 24 Feabhra 2022 i leith tar éis ionradh míleata fhórsaí armtha na Rúise ar an dáta sin. Chun meon Threoir 2001/55/CE ón gComhairle a urramú, ba cheart cosaint shealadach a thabhairt isteach freisin le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a raibh cónaí dleathach orthu san Úcráin agus ar easáitíodh iad ón 24 Feabhra 2022 i leith tar éis ionradh míleata fhórsaí armtha na Rúise agus nach féidir leo filleadh ar a dtír nó ar a réigiún tionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha mar gheall ar an staid atá ann sa tír sin faoi láthair. D’fhéadfadh a bheith san áireamh leis an méid sin daoine a raibh stádas dídeanaí nó cosaint choibhéiseach acu, nó i gcás daoine arbh iarrthóirí tearmainn iad san Úcráin tráth na n‑imeachtaí ba chúis leis an mórphlódú. Thairis sin, i gcás náisiúnaigh tríú tír nach náisiúnaigh de chuid na hÚcráine iad a raibh cónaí fadtéarmach orthu san Úcráin, níor cheart feidhm a bheith ag an gcoinníoll nach féidir leo filleadh ar a dtír nó a réigiún tionscnaimh, agus dá bhrí sin ba cheart iad a bheith faoi chosaint shealadach chomh maith. Tá sé tábhachtach freisin aontacht teaghlach a chaomhnú agus a sheachaint go mbeidh stádais éagsúla ag baill éagsúla in aon teaghlach amháin. Dá bhrí sin, is gá cosaint shealadach a thabhairt isteach le haghaidh baill teaghlaigh i gcás inarbh ann do na teaghlaigh sin san Úcráin tráth na n‑imeachtaí ba chúis leis an mórphlódú, gan beann ar cibé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh an ball teaghlach filleadh ar a dtír thionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha.
(12)Níor cheart, áfach, náisiúnaigh tríú tír nach náisiúnaigh de chuid na hÚcráine iad nó daoine gan stát atá in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha agus nach féidir a mheas gur cónaitheoirí fadtéarmacha san Úcráin iad nó gur baill teaghlaigh de chuid duine atá faoi chosaint shealadach iad, níor cheart iad a bheith faoi raon feidhme an Chinnidh seo. D’fhéadfadh a bheith san áireamh leis na daoine sin náisiúnaigh tríú tír a bhí ag déanamh staidéir nó a bhí ag obair san Úcráin ar bhonn gearrthéarmach tráth na n‑imeachtaí ba chúis leis an mórphlódú agus ar féidir leo filleadh ar a dtír thionscnamh go sábháilte. Mar sin féin, ba cheart na daoine sin a ligean isteach san Aontas ar fhorais dhaonnúla gan ceanglas a bheith orthu, go háirithe, víosa bailí a bheith ina seilbh acu nó cóir mhaireachtála leordhóthanach nó doiciméad taistil bailí a bheith acu, d’fhonn gluaiseacht shábháilte a áirithiú dóibh chun go bhfillfidh siad ar a dtír nó a réigiún tionscnaimh.
(13)I gcomhréir le Treoir 2001/55/CE, féadfaidh na Ballstáit an chosaint shealadach a leathnú chun catagóirí breise daoine easáitithe a chumhdach sa bhreis ar na daoine dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo ón gComhairle, i gcás inar easáitíodh iad ar na cúiseanna céanna agus arb as an tír nó an réigiún tionscnaimh céanna dóibh. Sa chás sin, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Chomhairle agus don Choimisiún láithreach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an chosaint shealadach a leathnú chun go gcumhdófar na daoine a theith ón Úcráin go luath roimh an 24 Feabhra 2022 de réir mar a mhéadaigh an teannas nó na daoine ar tharla go raibh siad ar chríoch an Aontais (e.g. ar saoire nó ar chúiseanna oibre) díreach roimh an dáta sin agus nach féidir leo filleadh ar an Úcráin mar gheall ar an gcoinbhleacht armtha.
(14)Is í an chosaint shealadach an ionstraim is iomchuí sa chás reatha. I bhfianaise a neamhghnáiche agus a eisceachtúla atá ionradh míleata Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, agus scála an mhórphlódaithe, ba cheart cearta comhchuibhithe ar fud an Aontais a thabhairt do na daoine easáitithe faoin gcosaint shealadach ar feadh bliain amháin ar laghad, ar cearta iad a chuireann leibhéal leordhóthanach ar fáil. Rachaidh sé chun tairbhe do na Ballstáit freisin cosaint shealadach a thabhairt isteach, toisc gur i ngeall ar na cearta a ghabhann le cosaint shealadach, ní bheidh an oiread gá ag na daoine easáitithe cosaint idirnáisiúnta a lorg láithreach agus, ar an gcaoi sin, córais tearmainn na mBallstát lena mbaineann a shárú de réir mar a laghdaíonn siad na foirmiúlachtaí go dtí an méid is lú mar gheall ar phráinn na staide. Thairis sin, tá sé de cheart ag náisiúnaigh na hÚcráine, agus iad ina dtaistealaithe atá saor ó cheanglas víosa, gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas tar éis dóibh a bheith ligthe isteach sa chríoch ar feadh thréimhse 90 lá. Ar an mbonn sin, is féidir leo an Ballstát a roghnú ar mian leo leas a bhaint as na cearta a ghabhann leis an gcosaint shealadach ann agus is féidir leo teacht le chéile lena dteaghlach agus lena gcairde ar fud na líonraí diaspóra suntasacha atá ann faoi láthair ar fud an Aontais. Go praiticiúil, éascóidh sin cothromaíocht na n‑iarrachtaí idir na Ballstáit, agus laghdófar an brú ar chórais ghlactha náisiúnta ar an gcaoi sin. A luaithe a bheidh cead cónaithe tugtha ag Ballstát i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE, an duine atá faoi chosaint shealadach, cé go mbeidh sé de cheart aige taistil laistigh den Aontas ar feadh 90 lá laistigh de thréimhse 180 lá, níor cheart dó a bheith in ann leas a bhaint as na cearta a thagann as an gcosaint sealadach ach amháin sa Bhallstát a dheonaigh an cead cónaithe. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar don fhéidearthacht atá ag Ballstát cinneadh a dhéanamh cead cónaithe a eisiúint tráth ar bith chuig daoine atá faoi chosaint shealadach faoin gCinneadh Cur Chun Feidhme seo.
(15)Bheadh an Cinneadh seo i gcomhréir le scéimeanna cosanta sealadacha agus d’fhéadfaí é a chur i bhfeidhm i gcomhlántacht leo, rud a d’fhéadfaí a mheas mar chomhlíonadh na Treorach. Má tá scéim náisiúnta ag an mBallstát atá níos fabhraí ná an Treoir, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann leanúint dá cur i bhfeidhm toisc gur i gcomhréir le Treoir 2001/55/CE, féadfaidh na Ballstáit coinníollacha níos fabhraí le haghaidh daoine atá cumhdaithe faoi chosaint shealadach a ghlacadh nó a choinneáil ar bun. Mar sin féin, más rud é nach bhfuil an scéim náisiúnta chomh fabhrach céanna, ba cheart don Bhallstát foráil a dhéanamh maidir leis na cearta breise dá bhforáiltear sa Treoir.
(16)Le Treoir 2001/55/CE, tugtar aird chuí ar na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a chaomhnú agus an tslándáil inmheánach a choimirciú, toisc go gceadaíonn sé do na Ballstáit duine easáitithe a eisiamh ó chosaint shealadach i gcás ina bhfuil cúiseanna tromchúiseacha ann lena mheas go ndearna an duine coir in aghaidh na síochána, coir chogaidh, nó coir in aghaidh na daonnachta, mar a shainítear sna hionstraimí idirnáisiúnta a tarraingíodh suas chun foráil a dhéanamh i ndáil leis na coireanna sin; go ndearna sé coir thromchúiseach neamhpholaitiúil lasmuigh den Bhallstát glactha sular ligeadh isteach é sa Bhallstát sin mar dhuine atá faoi chosaint shealadach; nó go raibh sé ciontach i ngníomhartha atá contrártha do chuspóirí agus do phrionsabail na Náisiún Aontaithe. Leis an Treoir, ceadaítear do na Ballstáit freisin duine easáitithe a eisiamh ó chosaint shealadach i gcás ina bhfuil forais réasúnacha ann lena mheas go bhfuil an duine ina chontúirt do shlándáil an Bhallstáit óstaigh nó ina chontúirt do phobal an Bhallstáit óstaigh.
(17)Agus cosaint shealadach á cur ar fáil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n‑urramaítear, leis an bpróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta na ndaoine atá faoi chosaint shealadach, na ceanglais a leagtar síos in acquis an Aontais Eorpaigh maidir le cosaint sonraí, go háirithe i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(18)Leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme, ba cheart don Aontas a bheith in ann comhordú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an acmhainneacht ghlactha sna Ballstáit chun gníomhaíocht a dhéanamh agus tacaíocht bhreise a chur ar fáil de réir mar is gá. Le Treoir 2001/55/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, comhoibriú le chéile agus faisnéis a mhalartú chun cur chun feidhme na cosanta sealadaí a éascú. Ba cheart é sin a dhéanamh trí ‘Ardán Dlúthpháirtíochta’ trína malartaíonn na Ballstáit faisnéis maidir lena n‑acmhainneachtaí glactha agus maidir le líon na ndaoine atá faoi chosaint shealadach ar a gcríocha. Go dtí seo, ar bhonn na faisnéise a thuairiscigh roinnt Ballstát i gcomhthéacs an Líonra um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéime i ndáil leis an Imirce, is é an méid atá i gceist leis na hacmhainneachtaí glactha, de bhreis ar acmhainneacht ionsúcháin an diaspóra a bhfuil cónaí orthu san Aontas, os cionn 310 000 áit ar a laghad. Chun críoch an mhalartaithe faisnéise sin, ba cheart don Choimisiún ról comhordúcháin a bheith aige. Ina theannta sin, le blianta beaga anuas, bunaíodh ardáin éagsúla ar mhaithe le comhar idir na Ballstáit a áirithiú. I measc na n‑ardán sin, is é an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce (i gcomhréir le Moladh (AE) 2020/1366 ón gCoimisiún an t‑ardán is iomchuí le haghaidh an chomhair riaracháin dá bhforáiltear i dTreoir 2001/55/CE. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh freisin chun rannchuidiú le feasacht staide choiteann de chuid an Aontais trí fhaisnéis ábhartha a roinnt trí bhíthin na freagartha comhtháite polaitiúla ar ghéarchéimeanna. Ba cheart dul i gcomhairle leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i gcás inarb ábhartha. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le hArd‑Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe.
(19)I gcomhréir le Treoir 2001/55/CE, maidir le fad na cosanta sealadaí, ba cheart tréimhse tosaigh aon bhliana amháin a bheith i gceist léi. Mura rud é go bhfoirceannfar í faoi théarmaí Airteagal 6(1)(b) den Treoir, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse sin go huathoibríoch, le tréimhsí 6 mhí, ar feadh aon bhliana amháin ar a mhéad. Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus athbhreithniú leanúnach ar an staid. Féadfaidh sé a mholadh don Chomhairle, tráth ar bith, deireadh a chur leis an gcosaint shealadach, más rud é gurb amhlaidh atá an staid san Úcráin go bhféadfar na daoine a dtugtar cosaint shealadach dóibh a chur ar ais go sábháilte agus go buan, nó féadfaidh sé a mholadh síneadh bliana amháin ar a mhéad a chur leis an gcosaint shealadach.
(20)Chun críoch Airteagal 24 de Threoir 2001/55/CE ón gComhairle, ba cheart an tagairt don Chiste Eorpach um Dhídeanaithe a bunaíodh le Cinneadh 2000/596/CE a léamh mar thagairt don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1147. Tabharfar tacaíocht airgeadais ó Chistí an Aontais d’iarrachtaí uile na mBallstát na hoibleagáidí a eascraíonn as an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo a chomhlíonadh. Féadfaidh sásraí éigeandála agus solúbthachta laistigh de Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 cistí a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais éigeandála shonracha laistigh de na Ballstáit. Ina theannta sin, cuireadh an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta i ngníomh. Tríd an Sásra sin, féadfaidh na Ballstáit earraí a iarraidh atá ríthábhachtach chun freastal ar riachtanais na ndaoine easáitithe ón Úcráin atá i láthair ar a gcríoch agus féadfaidh siad tairbhiú de chómhaoiniú chun an cúnamh sin a sholáthar.
(21)Ó glacadh Treoir 2001/55/CE, bunaíodh roinnt gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó neartaíodh a sainorduithe. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún comhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) d’fhonn faireachán agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar an staid. Ina theannta sin, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), don Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) agus do Europol tacaíocht oibríochtúil a thabhairt do na Ballstáit a d’iarr cúnamh uathu chun cabhrú leo dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, lena n‑áirítear chun an Cinneadh Cur Chun Feidhme seo a chur i bhfeidhm.
(22)Urramaíonn an Cinneadh Cur Chun Feidhme seo na cearta bunúsacha agus comhlíonann sé na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(23)I gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá fógra tugtha ag Éirinn, le litir an 11 Aibreán 2003, gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm Threoir 2001/55/CE. Dá bhrí sin, tá Éire faoi cheangal ag an gCinneadh Cur Chun Feidhme seo ón gComhairle.
(24)I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh Cur Chun Feidhme seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
(25)I bhfianaise a phráinní agus atá cúrsaí faoi láthair, ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Suitear gurb ann do mhórphlódú isteach san Aontas de dhaoine easáitithe a raibh orthu an Úcráin a fhágáil mar thoradh ar choinbhleacht armtha.
Airteagal 2
Na daoine a bhfuil feidhm ag an gcosaint shealadach maidir leo
1.Tá feidhm ag an gCinneadh seo maidir leis na catagóirí daoine seo a leanas, ar daoine iad a easáitíodh ón 24 Feabhra 2022 i ndiaidh ionradh míleata fhórsaí armtha na Rúise ar an dáta sin:
(a)náisiúnaigh de chuid na hÚcráine atá ina gcónaí san Úcráin;
(b)náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát atá ina gcónaí go dleathach san Úcráin agus nach bhfuil in ann filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha;
Náisiúnaigh tríú tír nó daoine gan stát a raibh cónaí orthu go dleathach ar bhonn fadtéarmach san Úcráin, ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le neamhábaltacht filleadh ar a dtír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh i ndálaí sábháilte marthanacha maidir leis na daoine sin.
(c)baill teaghlaigh na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (a) agus (b), gan beann ar cibé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh an ball teaghlaigh filleadh ar a thír thionscnaimh nó ar a réigiún tionscnaimh faoi dhálaí sábháilte marthanacha.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (c), measfar gur cuid de theaghlach iad daoine seo a leanas, a mhéid go raibh ann don teaghlach cheana san Úcráin tráth na n‑imthosca a bhaineann leis an mórphlódú:
(a)céile duine dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) de mhír 1 nó a pháirtí neamhphósta a bhfuil caidreamh seasmhach ann eatarthu, sa chás go ndéileáiltear i reachtaíocht nó i gcleachtas an Bhallstáit lena mbaineann le lánúineacha neamhphósta ar dhóigh is inchomparáide leis an dóigh a ndéileáiltear le lánúineacha pósta faoina dhlí maidir le heachtrannaigh;
(b)maidir le duine dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) de mhír 1 nó a chéile, a leanaí mionaoiseacha neamhphósta sin, gan idirdhealú i dtaobh ar rugadh de chuing an phósta iad, nó ar uchtaíodh iad;
(c)garghaolta eile a bhí ina gcónaí le chéile mar chuid den aonad teaghlaigh tráth na n‑imthosca a bhaineann leis an mórphlódú, ar garghaolta iad a bhí ag brath go hiomlán nó go formhór ar an duine dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) de mhír 1 an tráth sin.
Airteagal 3
Comhar agus faireachán
1.Chun críocha Airteagal 27 de Threoir 2001/55/CE, úsáidfidh na Ballstáit an Líonra AE um Ullmhacht agus um Bainistiú Géarchéimeanna i ndáil leis an Imirce i gcomhréir le Moladh (AE) 2020/1366. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú le feasacht staide choiteann de chuid an Aontais trí fhaisnéis ábhartha a roinnt trí bhíthin na Freagartha Comhtháite Polaitiúla ar Ghéarchéimeanna.
2.Déanfaidh an Coimisiún comhar agus malartú faisnéise a chomhordú idir na Ballstáit, go háirithe i ndáil le faireachán a dhéanamh ar na hacmhainneachtaí glactha i ngach Ballstát agus maidir le haon ghá le tacaíocht bhreise a shainaithint.
Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), faireachán agus athbhreithniú leanúnach ar an staid, agus an líonra atá luaite i mír 1 thuas á úsáid acu.
Ina theannta sin, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), an Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) agus Europol tacaíocht oibríochtúil do na Ballstáit a d’iarr cúnamh uathu chun cabhrú leo dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, lena n‑áirítear chun an Cinneadh Cur Chun Feidhme seo a chur i bhfeidhm.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,