AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.3.2022
COM(2022) 79 final
2022/0057(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE
(Rannpháirtíocht Stáit LEE CSTE sa Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena mbunaítear an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhchoiste LEE i dtaca leis an gCinneadh ón gComhchoiste atá sé beartaithe a ghlacadh i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE
2.Comhthéacs an togra
2.1.Comhaontú LEE
Leis an gComhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) ráthaítear cearta agus oibleagáidí comhionanna laistigh den Mhargadh Inmheánach le haghaidh saoránach agus le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha in LEE. Déantar foráil ann maidir le cuimsiú reachtaíochta de chuid an Aontais lena gcumhdaítear na ceithre shaoirse ar fud na 30 Stát in LEE, mar atá Ballstáit an Aontais, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Thairis sin, cumhdaítear le Comhaontú LEE comhar i réimsí tábhachtacha eile amhail taighde agus forbairt, oideachas, beartas sóisialta, an comhshaol, cosaint na dtomhaltóirí, an turasóireacht agus an cultúr, a dtugtar beartais ‘tionlacain agus chothrománacha’ orthu i dteannta a chéile. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994. Is páirtí sa Chomhaontú é an tAontas Eorpach in éineacht lena Bhallstáit.
2.2.Comhchoiste LEE
Tá Comhchoiste LEE freagrach as Comhaontú LEE a bhainistiú. Is fóram é chun tuairimí a bhaineann le feidhmiú Chomhaontú LEE a mhalartú. Is de chomhthoil a ghlactar cinntí ón gComhchoiste.
2.3.An gníomh atá beartaithe ag Comhchoiste LEE
Táthar ag súil go nglacfaidh Comhchoiste LEE Cinneadh ó Chomhchoiste LEE (‘an gníomh atá beartaithe’) i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE.
Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí inbhuanaitheachta in earnáil na seirbhísí airgeadais a ionchorprú agus Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 i gComhaontú LEE.
Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar na páirtithe i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
Cuireann an Coimisiún an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE faoi bhráid na Comhairle lena ghlacadh mar sheasamh an Aontais. Nuair a ghlacfar é, ba cheart an seasamh a chur i láthair a thúisce is féidir i gComhchoiste LEE.
Leis an gCinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis seo, tugtar isteach cearta rannpháirtíochta do Stáit LEE CSTE in obair bhoird rialaithe de chuid an Aontais, eadhon Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, a théann thar na nithe a bhféadfaí a mheas nach bhfuil iontu ach oiriúnuithe teicniúla de réir bhrí Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle. Dá bhrí sin, is í an Chomhairle a bhunóidh seasamh an Aontais.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe.’
Áirítear i gcoincheap ‘na ngníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua rialacha an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear ann freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach ‘a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Is comhlacht é Comhchoiste LEE a cuireadh ar bun le comhaontú, eadhon Comhaontú LEE. An gníomh a iarrtar ar Chomhchoiste LEE a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. An gníomh atá beartaithe, is gníomh é a bheidh ceangailteach faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagail 103 agus 104 de Chomhaontú LEE.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é. Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí don nós imeachta maidir leis an gcinneadh atá beartaithe i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach atá le cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE i gcomhar le hAirteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle, is ar bhunús dlí substainteach ghníomh dlí an Aontais atá le hionchorprú i gComhaontú LEE a bhraitheann sé go príomha.
Má tá dhá aidhm ag an ngníomh atá beartaithe nó má tá dhá chomhpháirt ann agus más féidir ceann de na haidhmeanna nó de na comhpháirteanna sin a shainaithint mar phríomhaidhm nó mar phríomh-chomhpháirt agus an ceann eile a shainaithint mar aidhm nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE a bhunú ar bhunús dlí substainteach aonair, eadhon an bunús dlí a éilítear de réir na príomhaidhme nó na príomh-chomhpháirte.
4.2.2.Feidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus inneachar an ghnímh atá beartaithe le dlíthe a chomhfhogasú agus le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Dá bhrí sin, is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús substaintiúil dlí an chinnidh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Ba cheart Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE agus Airteagal 1(3) de Rialachán Uimh. 2894/94 ón gComhairle maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go leasófar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE leis an ngníomh ó Chomhchoiste LEE, is iomchuí é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2022/0057 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE
(Rannpháirtíocht Stáit LEE CSTE sa Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2894/94 ón gComhairle an 28 Samhain 1994 maidir le socruithe le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, agus go háirithe Airteagal 1(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Tháinig an Comhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’) i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.
(2)De bhun Airteagal 98 de Chomhaontú LEE, féadfaidh Comhchoiste LEE arna bhunú le Comhaontú LEE (‘Comhchoiste LEE’) cinneadh a dhéanamh, inter alia, Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú.
(3)Tá Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(4)Tá Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn IX agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,
(6)Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais i gComhchoiste LEE a bhunú ar an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais, laistigh de Chomhchoiste LEE i ndáil leis an leasú atá beartaithe ar Iarscríbhinn IX agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a ghabhann le Comhaontú LEE, is ar an dréacht-Chinneadh ó Chomhchoiste LEE atá i gceangal leis an gCinneadh seo a bhunófar an seasamh sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.3.2022
COM(2022) 79 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an
Togra le haghaidh CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh, laistigh de Chomhchoiste LEE i dtaca le leasú ar Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE
(Rannpháirtíocht Stáit LEE CSTE sa Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe)
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí Airgeadais) agus Prótacal 37 (ina bhfuil an liosta dá bhforáiltear in Airteagal 101) a ghabhann le Comhaontú LEE
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais atá le ionchorprú i gComhaontú LEE.
(2)Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 atá le atá le hionchorprú i gComhaontú LEE.
(3)Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX agus Prótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31nb (Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1851 ón gCoimisiún) d'Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘31o.32019 R 2088: Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí i dtaobh le cúrsaí inbhuanaitheachta san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lch. 1) mar a leasaítear le:
-32020 R 0852: Rialachán (AE) Uimh. 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 18 Meitheamh 2020 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
Léifear forálacha an Rialacháin, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:
(a)
A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, beidh feidhm ag na maoluithe a leagtar amach in Airteagal 4(3) agus (4) ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh ó Chomhchoiste LEE Uimh..../... [an chinnidh seo] nó ó dháta arna ainmniú faoin dlí náisiúnta tráth nach déanaí ná 12 mhí dar gcionn.
(b)In Airteagal 20, a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE:
(a)sa dara mír, léitear na focail ‘ón 10 Márta 2021’ mar “ó dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh..../... an [chinnidh seo] ó LEE nó dáta arna ainmniú faoin dlí náisiúnta tráth nach déanaí ná 12 mhí ina dhiaidh sin’;
(b)sa tríú mír, léitear na focail ‘ón 1 Eanáir 2022” mar “ó dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Chomhchoiste LEE Uimh..../... an [chinnidh seo] nó dáta arna ainmniú faoin dlí náisiúnta tráth nach déanaí ná 12 mhí ina dhiaidh sin’.
31p.32020 R 0852: Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
Léifear forálacha an Rialacháin, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnuithe seo a leanas:
(a)In Airteagal 13(1)(d), cuirtear ‘Comhaontú LEE” in ionad “dlí an Aontais’.
(b)In Airteagal 27(2), léitear maidir le Stáit CSTE, léitear na focail ‘ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh’ mar ‘ó dháta theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh..../... an [chinnidh seo] de chuid LEE nó dáta arna ainmniú faoin dlí náisiúnta tráth nach déanaí ná 12 mhí ina dhiaidh sin’.’
Airteagal 2
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i bPrótacal 37 a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘43.Grúpa Saineolaithe na mBallstát maidir le Maoiniú Inbhuanaithe (Rialachán (AE) 2020/852).’
Airteagal 3
Is téacsanna barántúla a bheidh i Rialacháin (AE) 2020/852 agus (AE) 2020/852 san Íoslainnis agus san Ioruais, rud atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE.
Airteagal 5
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, […].
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
[...]
Rúnaithe