AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.2.2022
COM(2022) 59 final
2022/0041(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 57ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród i ndáil le leasuithe áirithe ar Aguisín C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.Ábhar an togra
Baineann an togra seo leis an gcinneadh lena leagtar síos an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha (Coiste Saineolaithe RID) de chuid na hEagraíochta um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF). Baineann an togra seo le leasuithe áirithe ar na forálacha teicniúla agus riaracháin atá san Iarscríbhinn a ghabhann le hAguisín C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF), leasuithe atá beartaithe a ghlacadh. Tá na leasuithe sin le cinneadh ag an gcoiste thuasluaite.
2.Comhthéacs an togra
2.1.An Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF)
An Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnius an 3 Meitheamh 1999 (‘COTIF’), is comhaontú idirnáisiúnta é inar Páirtithe Conarthacha iad an tAontas agus 25 Bhallstát (is iad an Chipir agus Málta amháin nach bhfuil ina bPáirtithe Conarthacha).
D’aontaigh an tAontas Eorpach do COTIF trí bhíthin Chinneadh 2013/103/AE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2011.
2.2.An Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID)
De réir Airteagal 7 de COTIF, cumhdaítear freisin le COTIF, inter alia, na Foscríbhinní dá dtagraítear in Airteagal 6 de. Áirítear leis sin an ‘Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID)’, is é sin Aguisín C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Tá feidhm ag RID a mhéid nach ndéantar dearbhuithe i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de COTIF.
Tá sé d’aidhm ag RID rialáil a dhéanamh ar iompar idirnáisiúnta earraí contúirteacha d’iarnród idir na Ballstáit de OTIF a chuireann rialacha RID i bhfeidhm (Stáit Chonarthacha RID).
Le Treoir 2008/68/CE maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha, sonraítear go bhfuil feidhm ag RID freisin maidir le hiompar a dhéantar laistigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.
2.3.Coiste Saineolaithe RID
Is comhlacht é Coiste Saineolaithe RID a bunaíodh faoi Airteagal 13(1)(d) de COTIF. De réir Airteagal 18 de COTIF, glacann Coiste Saineolaithe RID cinntí maidir le moltaí arb é is aidhm dóibh an Coinbhinsiún a leasú. Ionadaithe ó na Ballstáit de OTIF a chuireann RID i bhfeidhm agus ón Aontas Eorpach, is iadsan atá ar an gcoiste sin.
2.4.An gníomh atá beartaithe ag Coiste Saineolaithe RID
Le linn an 57ú seisiún de Choiste Saineolaithe RID an 25 Bealtaine 2022, táthar ag súil go nglacfaidh Coiste Saineolaithe RID sraith leasuithe lena dtabharfar an Iarscríbhinn a ghabhann le RID (‘an gníomh atá beartaithe’) cothrom le dáta i bhfianaise aon dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
Is é is cuspóir don ghníomh atá beartaithe iompar sábháilte agus slán earraí contúirteacha d’iarnród a áirithiú, trí fhorálacha áirithe a thabhairt cothrom le dáta. D’áireofaí orthu sin, i measc nithe eile, liosta na n‑earraí contúirteacha a cheadaítear a n‑iompar, na treoracha pacála, liosta na gcaighdeán is infheidhme chomh maith le riachtanais theicniúla eile is infheidhme maidir le gabhdáin éagsúla.
Na forálacha idirnáisiúnta maidir le hiompar earraí contúirteacha, d’fhéadfaí a thabhairt faoi deara go bhfuil siad leagtha síos in eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla, amhail OTIF. Áirítear leo Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) agus comhlachtaí speisialaithe éagsúla de chuid na Náisiún Aontaithe, amhail an Fochoiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na Comhairle Eacnamaíche agus Sóisialta (ECOSOC). Ós rud é nach mór na rialacha a bheith comhoiriúnach le chéile, cheap na heagraíochtaí atá i mbun na hoibre sin córas idirnáisiúnta casta le haghaidh comhordú agus comhchuibhiú. Déanfar na forálacha a oiriúnú tar éis timthriall dhá bhliain.
Chuathas i gcomhairle le réimse leathan saineolaithe ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach nuair a bhí na leasuithe sin á n‑ullmhú. Reáchtáladh na cruinnithe teicniúla seo a leanas nuair a bhí na leasuithe sin á n‑ullmhú:
–Fochoiste Saineolaithe ECOSOC um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na Náisiún Aontaithe :
(1)le linn an 55ú seisiún de sa Ghinéiv, an 1-5 Iúil 2019;
(2)le linn an 56ú seisiún de sa Ghinéiv, an 4-10 Nollaig 2019;
(3)le linn an 57ú seisiún de sa Ghinéiv, an 27 Samhain - an 8 Nollaig 2020;
–cruinniú comhpháirteach UNECE-OTIF de Choiste Saineolaithe RID agus den Mheitheal um Iompar Earraí Contúirteacha:
(1)le linn sheisiún an fhómhair 2020 de sa Ghinéiv, an 10-18 Meán Fómhair 2020;
(2)le linn sheisiún an earraigh 2021 de i mBeirn, an 15-19 Márta 2021;
(3)le linn sheisiún an fhómhair 2021 de sa Ghinéiv, an 21 Meán Fómhair - 1 Deireadh Fómhair 2021;
(4)beidh seisiún eile den Chruinniú Comhpháirteach i mBeirn an 14-18 Márta 2022;
–Buanmheitheal Choiste Saineolaithe RID:
(1)le linn an 12ú seisiún de i mBeirn (físchomhdháil), an 24-26 Samhain 2020;
(2)le linn an 13ú seisiún de sa Ghinéiv, an 15-19 Samhain 2021.
Sna cruinnithe sin, rinne saineolaithe na gcoistí thuasluaite anailís agus próiseáil ar na tograí aonair le haghaidh leasuithe. Den chuid is mó, tugadh tacaíocht d’aon toil don ghníomhaíocht a moladh. I gcás tograí áirithe, tacaíonn tromlach na saineolaithe leis na moltaí.
I gcomhréir le hAirteagal 35 de COTIF, a luaithe a dhéanfaidh Coiste Saineolaithe RID cinneadh, tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm maidir le gach Páirtí Conarthach an chéad lá den séú mí tar éis na míosa sin a mbeidh fógra tugtha ag an Ard‑Rúnaí do na Páirtithe Conarthacha maidir leis na leasuithe. Féadfaidh Páirtí Conarthach agóid a chur le chéile laistigh de thréimhse ceithre mhí ó lá an fhógra. I gcás ina mbeidh agóid déanta ag an gceathrú cuid de na Páirtithe Conarthacha i gcoinne leasú, ní thiocfaidh an leasú sin i bhfeidhm.
Le hAirteagal 38 de COTIF, agus chun críocha fheidhmiú an chirt vótála agus an chirt chun agóid a dhéanamh dá bhforáiltear faoi Airteagal 35(4), leagtar síos go mbeidh an líon vótaí atá ag eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta ar nós an Aontais Eorpaigh ‘comhionann leis an líon ball atá inti ar Ballstáit den Eagraíocht iad freisin’.
Mura n‑ardóidh na páirtithe líon leordhóthanach agóidí, táthar ag súil le go dtiocfaidh na leasuithe lena mbaineann faoin togra seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023, go mbeidh siad ina gceangal ar an Aontas agus ar na Ballstáit agus go mbeidh siad ina gcuid dhílis de acquis an Aontais.
3.An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais
3.1.Inniúlacht eisiach an Aontais
Is Páirtí Conarthach iomlán in COTIF é an tAontas.
Ina theannta sin, déantar foráil in Airteagal 1 de Threoir 2008/68/CE go mbeidh feidhm ag an Iarscríbhinn a ghabhann le RID maidir le hiompar earraí contúirteacha d’iarnród laistigh de na Ballstáit nó eatarthu, cé is moite de na Ballstáit sin nach bhfuil córas iarnróid acu. Déantar foráil in Airteagal 4 de Threoir 2008/68/CE, Airteagal a bhaineann le tríú tíortha, go n‑údarófar ‘iompar earraí contúirteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha a mhéid a chomhlíonfar riachtanais ADR, RID nó ADN, mura dtabharfar a mhalairt le fios sna hIarscríbhinní a ghabhann léí’.
Chuige sin, tugadh de chumhacht don Choimisiún Iarscríbhinn II, Roinn II.1 a ghabhann le Treoir 2008/68/CE a oiriúnú trí bhíthin gníomh tarmligthe, de bhun Airteagal 8 den Treoir.
Ba cheart a shonrú freisin go bhfuil Treoir 2008/68/CE maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha ar an liosta de na hionstraimí de chuid an Aontais lenar fheidhmigh an tAontas a inniúlacht, ionstraimí a bhí i bhfeidhm tráth a tugadh i gcrích an Comhaontú idir an tAontas agus OTIF.
3.2.An seasamh atá le glacadh
Is faoi inniúlacht eisiach an Aontais atá aon leasú ar RID agus is gá seasamh ón Aontas a leagan síos ina leith.
Meastar gurb iomchuí na leasuithe atá beartaithe ó thaobh iompar sábháilte earraí contúirteacha ar bhealach atá costéifeachtach de, agus dul chun cinn teicneolaíochta á chur san áireamh, agus féadfar tacú leo dá bhrí sin.
4.Bunús dlí
4.1.Bunús dlí don nós imeachta
4.1.1.Prionsabail
In Airteagal 218(9) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déantar foráil maidir le cinntí lena leagtar síos ‘na seasaimh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun le comhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha a ghlacadh a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, seachas gníomhartha lena bhforlíonfar nó lena leasófar creat institiúideach an chomhaontaithe’.
Áirítear leis an gcoincheap ‘gníomhartha... a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo’ gníomhartha a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo de bhua na rialacha sin den dlí idirnáisiúnta lena rialaítear an comhlacht i gceist. Áirítear leis freisin ionstraimí nach bhfuil éifeacht cheangailteach leo faoin dlí idirnáisiúnta, ach a d’fhéadfadh ‘tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar na reachtaíochta a ghlacfaidh reachtas an Aontais Eorpaigh’.
4.1.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
An gníomh a iarrtar ar Choiste Saineolaithe RID a ghlacadh, is gníomh é a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leis. Beidh an gníomh atá beartaithe ina cheangal ar an Aontas faoin dlí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6 de RID, Airteagal ar dá réir atá an Iarscríbhinn a bheidh le leasú ina cuid dhílis den Rialachán.
Ina theannta sin agus de bhun Airteagal 1 de Threoir 2008/68/CE, tá feidhm le bheith ag an Iarscríbhinn a ghabhann le RID maidir le hiompar earraí contúirteacha d’iarnród laistigh de na Ballstáit nó eatarthu, cé is moite de na Ballstáit sin nach bhfuil córas iarnróid acu. Déantar foráil in Airteagal 4 de Threoir 2008/68/CE, Airteagal a bhaineann le tríú tíortha, go n‑údarófar ‘iompar earraí contúirteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha a mhéid a chomhlíonfar riachtanais ADR, RID nó ADN, mura dtabharfar a mhalairt le fios sna hIarscríbhinní’.
Leis an ngníomh atá beartaithe ní fhorlíontar creat institiúideach an Chomhaontaithe ná ní leasaítear é.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 218(9) CFAE an bunús dlí do nós imeachta an chinnidh atá beartaithe.
4.2.Bunús dlí substainteach
4.2.1.Prionsabail
An bunús dlí substainteach le haghaidh cinneadh faoi Airteagal 218(9) CFAE, braitheann sé go príomha ar chuspóir agus ábhar an ghnímh atá beartaithe agus a bhfuiltear ag glacadh seasamh thar ceann an Aontais ina leith.
4.2.2.Cur i bhfeidhm maidir leis an gcás seo
Baineann príomhchuspóir agus ábhar an Chinnidh le hiompar earraí contúirteacha d’iarnród.
Dá bhrí sin, is é Airteagal 91 CFAE an bunús dlí substainteach leis an gcinneadh atá beartaithe.
4.3.Conclúid
Is é Airteagal 91 ba cheart a bheith ina bhunús dlí don chinneadh atá beartaithe, i gcomhar le hAirteagal 218(9) CFAE.
5.Foilsiú an ghnímh atá beartaithe
Ós rud é go ndéanfar leasú ar an Iarscríbhinn a ghabhann le RID leis an gCinneadh ó Choiste Saineolaithe RID, is iomchuí faisnéis faoi thorthaí an chruinnithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh tar éis a ghlactha.
2022/0041 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 57ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha de chuid na hEagraíochta Idir-rialtasaí um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród i ndáil le leasuithe áirithe ar Aguisín C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Is trí bhíthin Chinneadh 2013/103/AE ón gComhairle a d’aontaigh an tAontas don Choinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (‘COTIF’) an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999.
(2)De réir Airteagal 6 de COTIF, déanfar trácht iarnróid idirnáisiúnta agus cead d’ábhar iarnróid sa trácht idirnáisiúnta a rialú le rialacha a liostaítear laistigh den Airteagal sin, go háirithe an ‘Rialachán maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID)’, is é sin Aguisín C a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.
(3)Le Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagtar síos riachtanais le haghaidh iompar earraí contúirteacha de bhóthar, d’iarnród agus ar uiscebhealaí intíre laistigh de na Ballstáit nó eatarthu, trí thagairt a dhéanamh do RID.
(4)De bhun Airteagal 13 (1) (d) de COTIF, féadfaidh an Coiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha (‘Coiste Saineolaithe RID’) de chuid na hEagraíochta um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (OTIF) leasuithe a ghlacadh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le RID.
(5)Le linn an 57ú seisiún de Choiste Saineolaithe RID an 25 Bealtaine 2022, tá sé chun leasuithe a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a ghabhann le RID a chur in oiriúint d’aon dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
(6)Is iomchuí an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID a leagan síos, ós rud é go mbeidh na leasuithe ar RID ina gceangal ar an Aontas.
(7)Na leasuithe atá beartaithe, is é is aidhm dóibh a áirithiú gur go sábháilte éifeachtúil a iomprófar earraí contúirteacha, agus dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil san earnáil, chomh maith le forbairt substaintí agus earraí nua a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol le linn a n‑iompartha, á gcur san áireamh.
(8)Meastar gurb iomchuí na leasuithe atá beartaithe ó thaobh iompar sábháilte earraí contúirteacha ar bhealach atá costéifeachtach de agus féadfar tacú leo dá bhrí sin.
(9)Féadfar athruithe beaga ar na doiciméid dá dtagraítear san Iarscríbhinn a chomhaontú ar an leibhéal teicniúil ag an 14ú seisiún de bhuanmheitheal Choiste Saineolaithe RID an 23-24 Bealtaine 2022, lena n‑áirítear ar bhonn na moltaí ó Chruinniú Comhpháirteach UNECE de Choiste Saineolaithe RID agus den Mheitheal um Iompar Earraí Contúirteacha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 57ú seisiún den Choiste Saineolaithe um Iompar Earraí Contúirteacha (‘Coiste Saineolaithe RID’) de chuid na hEagraíochta um Iompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (‘OTIF’) faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród an 9 Bealtaine 1980, arna leasú le Prótacal Vilnias an 3 Meitheamh 1999.
Féadfaidh ionadaithe an Aontais i gCoiste Saineolaithe RID comhaontú le mionathruithe ar na doiciméid dá dtagraítear san Iarscríbhinn gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
A luaithe a ghlacfar na cinntí ó Choiste Saineolaithe RID, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dáta a dteacht i bhfeidhm a bheith luaite leo.
Airteagal 3
Is chuig an gCoimisiún a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán