AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.2.2022
COM(2022) 40 final
2022/0028(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE a mhéid a bhaineann le húdarú a thabhairt do Phoblacht na Slóivéine leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc.
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr an tSlóivéin údarú chun leanúint de bheart a chur i bhfeidhm, go dtí an 31 Nollaig 2024, de mhaolú ar Airteagal 287 den Treoir maidir le CBL, lena gceadaítear don tSlóivéin daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 50 000 a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha.
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 15 Samhain 2021 maidir leis an iarraidh a rinne an tSlóivéin. Thug an Coimisiún fógra don tSlóivéin le litir dar dáta an 16 Samhain 2021 go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Le Caibidil 1 de Theideal XII den Treoir maidir le CBL, cuirtear an fhéidearthacht ar fáil do na Ballstáit iarratas a dhéanamh ar scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga, lena n‑áirítear an fhéidearthacht maidir le daoine inchánach a dhíolmhú i gcás inar lú ná méid áirithe a láimhdeachas bliantúil. Tugtar le fios leis an díolúine sin nach gá do dhuine inchánach cáin bhreisluacha a ghearradh ar a sholáthairtí agus, dá réir sin, nach féidir leis cáin bhreisluacha a asbhaint ar a ionchuir.
Faoi Airteagal 287 den Treoir maidir le CBL, Ballstáit ar leith a tháinig isteach san Aontas tar éis an 1 Eanáir 1978, féadfaidh siad daoine inchánach a dhíolmhú nach airde a láimhdeachas bliantúil ná coibhéis, san airgeadra náisiúnta, na méideanna ag an ráta comhshó ar lá a n‑aontachais mar a shonraítear san fhoráil sin.
Faoi phointe 15 d’Airteagal 287 den Treoir maidir le CBL, féadfaidh an tSlóivéin daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 25 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha.
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE ón gComhairle, tugadh údarú don tSlóivéin, go dtí an 31 Nollaig 2015, tairseach níos airde a chur i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 50 000 a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha. Cuireadh síneadh leis an údarú sin den chéad uair le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2089 ón gComhairle go dtí an 31 Nollaig 2018 agus ina dhiaidh sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1700 ón gComhairle go dtí an 31 Nollaig 2021.
D’iarr an tSlóivéin síneadh eile a chur leis an mbeart speisialta sin ar feadh tréimhse theoranta.
Maidir le húdarú a thabhairt do dhaoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 50 000 leanúint den díolúine a úsáid tar éis 2021, is mór an simpliú a dhéanfadh sé do dhaoine atá i mbun gnólachtaí measartha beag a oibriú. Ní gá do dhaoine inchánach a chumhdaítear leis an díolúine sin CBL a asbhaint ná a íoc, a bheith cláraithe le haghaidh CBL ná taifead mionsonraithe a choimeád ar idirbhearta faoi réir CBL. A bhuí leis na simplithe sin, is féidir le húinéirí gnólachtaí beaga níos mó ama agus acmhainní a thabhairt d’fhorbairt a ngnólachtaí. Beart atá lánroghnach do dhaoine inchánach is ea an beart speisialta do dhaoine inchánach agus is mar sin a bheidh sé amach anseo. Dá bhrí sin, i gcás gnólachtaí beaga nach airde a láimhdeachas ná an tairseach, beidh an fhéidearthacht fós ann dóibh a gcearta a fheidhmiú chun na gnáthshocruithe CBL a chur i bhfeidhm.
Thairis sin, an costas a bhaineann le CBL a bhailiú ó dhaoine inchánach a oibríonn gnólachtaí ag a bhfuil láimhdeachas measartha íseal, costas a eascraíonn as seirbhísí cáiníocóirí a sholáthar do na daoine inchánach sin agus as iniúchadh a dhéanamh ar a dtuairisceáin chánach, tá an costas sin ard, ar bhealach díréireach, i gcomparáid leis an méid cánach a bhailítear. Dá réir sin, trí dhíolúine CBL a chur i bhfeidhm maidir le húinéirí gnólachtaí beaga, féadfaidh an riarachán ioncaim tuilleadh acmhainní a dhíriú ar an gcalaois chánach, an imghabháil chánach agus an tseachaint chánach a chosc agus a chomhrac, agus ar chaighdeán seirbhísí cáiníocóirí agus éifeachtacht an bhailithe CBL ó oibreoirí gnó mórscála a fheabhsú.
De réir na Slóivéine, in 2019 bhí láimhdeachas bliantúil EUR 50 000 nó níos lú ag 48 % de na daoine inchánach cláraithe (i.e. tuairim agus 60 000), agus ba leo sin a bhain 1 % d’iomlán an láimhdeachais inchánach a bhí ábhartha chun críocha CBL. Measann sí go bhfuil láimhdeachas bliantúil idir EUR 25 000 agus EUR 50 000 ag tuairim agus 2 000 de na daoine inchánach sin (gan iad siúd a roghnaigh cánachas a áireamh). Thiocfadh méadú 0.3 % ar ioncam an stáit ó cháin bhreisluacha de thoradh na daoine inchánach sin a áireamh sa chóras CBL.
Dá bhrí sin, leis an mbeart speisialta ní dhéantar difear mór don mhéid iomlán ioncaim ó cháin bhreisluacha ná don mhéid foriomlán ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais deiridh.
An beart speisialta, lena simplítear oibleagáidí oibreoirí beaga, tá sé i gcomhréir leis na cuspóirí a leag an tAontas Eorpach amach maidir le gnólachtaí beaga.
I bhfianaise an tionchair dhearfaigh i dtaca leis an ualach riaracháin a laghdú do ghnólachtaí agus don riarachán cánach agus é sin gan tionchar ollmhór a imirt ar an ioncam CBL iomlán, is iomchuí údarú a thabhairt don tSlóivéin síneadh a chur le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta go dtí an 31 Nollaig 2024.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Tá an beart maolaithe i gcomhréir le cuspóirí Threoir (AE) 2020/285 lena leasaítear Airteagail 281 go 294 den Treoir maidir le CBL maidir le scéim speisialta le haghaidh fiontair bheaga, a d’eascair as an bplean gníomhaíochta CBL, agus a bhfuil sé d’aidhm aige scéim nua-aimseartha shimplithe a chruthú le haghaidh na ngnólachtaí sin. Go háirithe, tá sé d’aidhm aige costais chomhlíontachta CBL agus saobhadh iomaíochta sa bhaile agus ar leibhéal an Aontais a laghdú, tionchar diúltach na héifeachta tairsí a laghdú, agus breis éascaíochta dhéanamh i dtaca leis an gcomhlíontacht ghnó agus i dtaca leis an bhfaireachán a dhéanann na riaracháin chánach.
Thairis sin, tá an tairseach EUR 50 000 comhsheasmhach le Treoir (AE) 2020/285, a mhéid is gur féidir leis na Ballstáit an tairseach láimhdeachais bhliantúil is gá le haghaidh díolúine ó cháin bhreisluacha a shocrú ar leibhéal nach airde ná EUR 85 000 (nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta).
Maoluithe comhchosúla, lena ndíolmhaítear ó cháin bhreisluacha daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná tairseach áirithe, dá bhforáiltear in Airteagail 285 agus 287 den Treoir maidir le CBL, deonaíodh iad do Bhallstáit eile. Deonaíodh tairseach EUR 25 000 don Ísiltír agus don Bheilg; tairseach EUR 30 000 don Iodáil, tairseach EUR 35 000 do Lucsamburg; deonaíodh tairseach EUR 40 000 don Pholainn, don Laitvia agus don Eastóin; tairseach EUR 48 000 don Ungáir; tairseach EUR 55 000 don Liotuáin; tairseach EUR 45 000 don Chróit; tairseach EUR 30 000 do Mhálta; agus tairseach EUR 88 500 don Rómáin.
Ba cheart maoluithe ar an Treoir maidir CBL a bheith teoranta ó thaobh ama de i gcónaí ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtaí. Ina theannta sin, maidir le dáta éaga an bhirt speisialta a áireamh go dtí an 31 Nollaig 2024, mar a d’iarr an tSlóivéin, tá sé sin ailínithe le ceanglais Threoir (AE) 2020/285. Déantar foráil maidir leis an 1 Eanáir 2025 sa Treoir sin mar an dáta a mbeidh ar na Ballstáit na forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm, forálacha is gá dóibh a ghlacadh, chun í a chomhlíonadh.
Dá bhrí sin, an beart atá beartaithe, tá sé comhsheasmhach le forálacha na Treorach maidir le CBL.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Bíonn an Coimisiún go comhsheasmhach ag cur i dtábhacht go bhfuil gá le rialacha níos simplí le haghaidh fiontair bheaga. I ndáil leis sin, ghlac an Coimisiún Straitéis FBM i mí Mhárta 2020 d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach, agus leis sin thug sé gealltanas leanúint dá chuid oibre maidir leis an ualach ar FBManna a laghdú. An cuspóir maidir leis an ualach riaracháin a laghdú le haghaidh FBManna, tá sé ar cheann de cholúin na straitéise sin. Tá an beart speisialta seo i gcomhréir leis na cuspóirí sin, a mhéid a bhaineann le rialacha fioscacha. Tá sé i gcomhréir freisin le Plean Gníomhaíochta 2020 maidir le cánachas cothrom simplí mar thaca leis an straitéis téarnaimh, plean ina n‑aithnítear go bhfuil costais chomhlíontachta cánach fós ard san Aontas, agus go mbíonn costais chomhlíontachta i bhfad níos airde de ghnáth le haghaidh cuideachtaí beaga ná mar a bhíonn siad le haghaidh cuideachtaí móra.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.
•Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)
I bhfianaise na forála den Treoir maidir le CBL ar a bhfuil sé bunaithe, tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát ar iarraidh uaidh féin agus níl oibleagáid ar bith ann.
I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá an beart speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. an bailiú cánach a shimpliú le haghaidh daoine inchánach beaga agus le haghaidh an riaracháin cánach.
•An rogha ionstraime
Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim atá beartaithe.
Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar rialacha coiteanna CBL ach i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an tSlóivéin agus baineann sé leis an mBallstát áirithe sin amháin.
•Measúnú tionchair
Tá sé d’aidhm ag an togra le haghaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle trí bliana a chur le tréimhse birt simpliúcháin, ar beart é lena bhfaightear réidh le cuid mhór de na hoibleagáidí CBL le haghaidh gnólachtaí a oibríonn le láimhdeachas bliantúil nach airde ná EUR 50 000 agus dá bhrí sin tá tionchar dearfach aige i dtaca leis an ualach riaracháin a laghdú do ghnólachtaí agus don riarachán cánach agus é sin gan tionchar ollmhór a imirt ar an ioncam CBL iomlán. De bharr raon feidhme cúng an mhaolaithe agus de bharr na teorann ama ar a chur i bhfeidhm, beidh tionchar an bhirt teoranta in aon chás.
Beidh an beart maolúcháin roghnach do dhaoine inchánach. Beidh daoine inchánach in ann na gnáthshocruithe CBL a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 290 de Threoir 2006/112/CE.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairtí ag gabháil leis an togra maidir le cosaint na gceart bunúsach.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ar theacht i bhfeidhm do Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle an 30 Aibreán 2021 lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir leis na comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú, ní dhéanfaidh an tSlóivéin aon ríomh ar chúiteamh maidir leis an ráiteas faoi acmhainní dílse CBL le haghaidh bhliain airgeadais 2021 agus ina dhiaidh sin.
2022/0028 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE a mhéid a bhaineann le húdarú a thabhairt do Phoblacht na Slóivéine leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 287 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus go háirithe Airteagal 395(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagal 287, pointe (15), de Threoir 2006/112/CE, maidir le daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná coibhéis EUR 25 000 san airgeadra náisiúnta ag an ráta comhshó ar lá a haontachais, ceadaítear don tSlóivéin iad sin a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha (CBL).
(2)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE ón gComhairle, tugadh údarú don tSlóivéin, go dtí an 31 Nollaig 2015, beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 287, pointe (15), de Threoir 2006/112/CE agus, dá bhrí sin, daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil ná EUR 50 000 a dhíolmhú ó cháin bhreisluacha (‘an beart speisialta’). Cuireadh síneadh leis an údarú sin faoi dhó, agus cuireadh an síneadh is deireanaí acu sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1700 ón gComhairle, go dtí an 31 Nollaig 2021.
(3)Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr an tSlóivéin údarú chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024, an dáta faoina gcaithfidh na Ballstáit Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle a thrasuí. Maidir leis ann soláthar earraí agus seirbhísí a dhéanann daoine inchánach nach airde a láimhdeachas bliantúil Ballstáit ná tairseach EUR 85 000 nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, de thoradh na Treorach sin, ón 1 Eanáir 2025 ceadófar do na Ballstáit an soláthar sin a dhíolmhú.
(4)De bhun Airteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litir dar dáta an 15 Samhain 2021 maidir leis an iarraidh a rinne an tSlóivéin. Le litir dar dáta an 16 Samhain 2021, thug an Coimisiún fógra don tSlóivéin go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.
(5)Tá an beart speisialta i gcomhréir le Treoir (AE) 2020/285, lena bhféachtar leis an ualach comhlíontachta ar fhiontair bheaga a laghdú agus saobhadh iomaíochta sa mhargadh inmheánach a sheachaint.
(6)Leanfaidh an beart speisialta de bheith roghnach do dhaoine inchánach toisc go bhféadfaidh siad na gnáthshocruithe CBL a roghnú de bhun Airteagal 290 de Threoir 2006/112/CE.
(7)De réir faisnéis a chuir an tSlóivéin ar fáil, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar an méid iomlán ioncaim cánach a bhailíonn an tSlóivéin ag céim an tomhaltais deiridh.
(8)Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2021/769 ón gComhairle, ní dhéanfaidh an tSlóivéin aon ríomh ar chúiteamh maidir leis an ráiteas faoi acmhainní dílse CBL le haghaidh bhliain airgeadais 2021 agus ina dhiaidh sin.
(9)I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta i dtaca leis an ualach riaracháin agus na costais chomhlíontachta a bhíonn ar fhiontair bheaga agus ar na riaracháin chánach a laghdú, agus ós rud é nach mbeidh aon tionchar mór ar an ioncam CBL iomlán a ghintear, ba cheart údarú a thabhairt don tSlóivéin leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm.
(10)An t‑údarú leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm, ba cheart teorainn ama a bheith leis. Ba cheart an teorainn ama a bheith leordhóthanach chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus oiriúnacht na tairsí. Thairis sin, de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2020/285, tá na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2024, leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá a ghlacadh agus a fhoilsiú chun Airteagal 1 den Treoir sin a chomhlíonadh, lena leasaítear Treoir 2006/112/CE, gus tá siad leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025. Is iomchuí, dá bhrí sin, údarú a thabhairt don tSlóivéin an beart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024.
(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/54/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:
‘Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2013 go dtí an 31 Nollaig 2024.’.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Slóivéine.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán