An Bhruiséil,10.2.2022

COM(2022) 39 final

2022/0027(CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse cur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é is cuspóir don togra seo le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha 1 (dá ngairtear ‘an Treoir maidir le CBL’ anseo feasta) fad a chur leis an méid seo a leanas: 1) féidearthacht na mBallstát an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm chun an chalaois atá ann cheana i soláthairtí earraí agus seirbhísí a áirítear in Airteagal 199a(1) den Treoir maidir le CBL a chomhrac agus 2) an fhéidearthacht an Sásra Frithghnímh Mhear (SFM) a úsáid, mar a leagtar amach in Airteagal 199b den Treoir maidir le CBL, chun an chalaois a chomhrac tríd an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm i gcásanna ansonrach.

Mar riail ghinearálta, sonraítear in Airteagal 193 den Treoir maidir le CBL go bhfuil an duine inchánach a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí faoi dhliteanas CBL a íoc. De mhaolú air sin, leis an sásra aistrithe táillí, is féidir faighteoir an tsoláthair a ainmniú mar an duine inchánach maidir le CBL. Faoin sásra aistrithe táillí seo, ní mhuirearaíonn an soláthróir cáin bhreisluacha ach cuireann an custaiméir (duine inchánach) san áireamh í ina thuairisceán CBL. Asbhaintear an CBL sin ina dhiaidh sin sa tuairisceán CBL céanna sin agus, dá bhrí sin, a mhéid atá an ceart iomlán asbhainte ag an duine sin, is nialas an toradh.

Úsáidtear an sásra aistrithe táillí chun an chalaois a chomhrac agus go háirithe calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh. Tarlaíonn an cineál calaoise sin i gcás ina bhfaigheann trádálaí earraí, a iompraítear nó a sheoltar ó Bhallstát eile, trí bhíthin soláthar atá díolmhaithe ó CBL, agus ina ndíolann sé iad agus CBL san áireamh ar an sonrasc chuig an gcustaiméir. Tar éis dó an tsuim CBL a fháil ón gcustaiméir, imíonn trádálaí den sórt sin gan an CBL atá dlite a íoc leis na húdaráis chánach. An tráth céanna, is féidir leis an gcustaiméir a ghníomhaíonn de mheon macánta an CBL a d’íoc sé leis an soláthróir a asbhaint tríd a thuairisceán CBL. Dá bhrí sin, faoin sásra aistrithe táillí ní íoctar CBL go hiarbhír leis an soláthróir.

An sásra aistrithe táillí a bhunaítear ar Airteagal 199a den Treoir maidir le CBL, cuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm é ar bhonn roghnach. Leis an sásra sin, is féidir leis na Ballstáit an cineál calaoise sin a chomhrac sna limistéir íogaire réamhshainithe ina dtarlaíonn sí go hiondúil 2 ar a gcríoch. Nuair atá oibleagáid ar sholáthróirí an sásra aistrithe táillí a úsáid maidir le soláthairtí baile den sórt sin, ní féidir leo CBL a mhuirearú ar a sonrasc. Ní bhfaighidh siad an méid CBL óna gcustaiméir dá éis sin agus, dá thoradh sin, ní féidir le trádálaithe den sórt sin imeacht leis an méid CBL a fuarthas. Maidir le SFM Airteagal 199b, is beart eisceachtúil é lenar féidir leis na Ballstáit, i gcásanna mórphráinne, sásra aistrithe táillí sealadach a thabhairt isteach go tapa le haghaidh soláthairtí earraí agus seirbhísí in earnálacha inar tharla calaois thobann ollmhór agus nach liostaítear in Airteagal 199a den Treoir maidir le CBL. Tá an nós imeachta seo eisceachtúil agus antapa toisc go mbíonn ar an gCoimisiún freagairt laistigh de mhí amháin, le tuairim dhiúltach nó, mura diúltach í, le deimhniú i scríbhinn chuig an mBallstát lena mbaineann nach bhfuil sé in aghaidh an bhirt. Féadfaidh an Ballstát an beart speisialta SFM a ghlacadh ón dáta a fhaightear an deimhniú sin ar aghaidh. Ach an sásra sin a úsáid, is féidir leis na Ballstáit gníomhú go luath gan bheith faoi cheangal na tréimhse a cheanglaítear chun ‘gnáthmhaolú’ a fháil faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, tréimhse a fhéadann a bheith chomh fada le 6 mhí. Chun maolú den sórt sin a fháil, bíonn gá le togra ón gCoimisiún agus é arna ghlacadh d’aon toil ag an gComhairle.

Tugadh isteach Airteagal 199a den Treoir maidir le CBL 3 le haghaidh na tréimhse ó 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2015 agus cuireadh síneadh leis den chéad uair 4 , maille le leasuithe, go dtí an 31 Nollaig 2018. Tugadh Airteagal 199b den Treoir maidir le CBL isteach 5 le haghaidh na tréimhse ó 2013 go dtí an 31 Nollaig 2018. Cuireadh síneadh le hAirteagal 199a agus 199b den Treoir maidir le CBL ina dhiaidh sin 6 go dtí an 30 Meitheamh 2022 chun a bheith ar comhthráth leis an dáta a bhí beartaithe ar dtús, an dáta a thiocfadh an córas cinntitheach CBL i bhfeidhm (féach tuilleadh mionsonraí thíos).

Tráth a chuirfí síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm Airteagail 199a agus 199b den Treoir maidir le CBL go dtí an 30 Meitheamh 2022, chuir an Coimisiún tuarascáil i láthair maidir le héifeachtaí na sásraí a áirítear sna hairteagail sin 7 agus tháinig sé ar an gconclúid, ar bhonn na rannchuidithe ó údaráis chánach agus ó pháirtithe leasmhara gnó, go bhfuil na sásraí sna hairteagail sin úsáideach sa chomhrac in aghaidh na calaoise.

Chun déileáil le saincheist na calaoise (calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh) ar bhealach níos struchtúrtha, rinne an Coimisiún togra maidir le tabhairt isteach an chórais chinntithigh CBL mar a thugtar air, córas atá níos simplí agus atá slán ar chalaois le haghaidh trádáil earraí laistigh den Aontas 8 . Leis na socruithe sin, ar mhol an Coimisiún go dtiocfaidh siad i bhfeidhm an 1 Iúil 2022, cuirtear freagairt bhunúsach ar fáil do chalaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh.

Mar sin féin, le staid na himeartha i dtaca leis an gcaibidlíocht leanúnach sa Chomhairle, tugtar le fios nach féidir an córas cinntitheach CBL a theacht i bhfeidhm an 1 Iúil 2022. Chun gur féidir leanúint den chaibidlíocht faoin gcóras cinntitheach, gan na huirlisí atá ar fáil a chur i mbaol chun an chalaois CBL a chomhrac, is iomchuí fad a chur leis na bearta frith-chalaoise a chuimsítear sna hairteagail sin ar feadh tréimhse theoranta eile.

Síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Airteagail 199a agus 199b, d’fhágfadh sé sin gur féidir tuilleadh uirlisí a fhorbairt chun an imghabháil cánach a chomhrac. Chuige sin, agus i gcomhréir leis an bPacáiste Cánach 9 , tá an Coimisiún ag ullmhú togra chun na rialacha CBL atá i bhfeidhm faoi láthair a nuachóiriú, agus na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an teicneolaíocht dhigiteach á gcur san áireamh. Faoin gceannteideal ‘CBL sa ré dhigiteach’, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar oibleagáidí tuairiscithe CBL, agus d’fhéadfaí measúnú ar thuairisciú idirbheartbhunaithe (TBR) agus ar chóras feabhsaithe ríomhshonrasctha a áireamh leo sin. Leis sin, ba cheart faisnéis níos tapa agus níos mionsonraithe a sholáthar maidir le hidirbhearta aonair d’údaráis chánach agus an riosca calaoise a laghdú dá bhrí sin. Ba cheart athmheasúnú a dhéanamh ar an ngá le síneadh breise a chur le hAirteagail 199a agus 199b amach anseo ar bhonn na bhforbairtí reachtacha sin.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Leis na tograí atá ann faoi láthair, cuirtear fad leis na bearta a leagtar síos in Airteagail 199a agus 199b den Treoir maidir le CBL ar feadh tréimhse theoranta agus, san am céanna, leantar den chaibidlíocht ag an gComhairle faoin togra le haghaidh córas cinntitheach CBL, lena n‑áirítear leasuithe ar Airteagail 199a agus 199b den Treoir maidir le CBL chun iad a ailíniú le feidhmiú an chórais chinntithigh sin. Ós rud é go mbaineann an córas cinntitheach CBL le hearraí, bheadh Airteagail 199a agus 199b teoranta do sheirbhísí.

Tá an síneadh comhsheasmhach freisin le huainiú ullmhúcháin an Choimisiúin le haghaidh rialacha tuairiscithe nua mar bheart frith‑chalaoise, rud a d’fhéadfadh a fhágáil nach mbeidh gá leis an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm a thuilleadh. Mar sin féin, fiú dá nglacfaí na rialacha tuairiscithe nua sin luath go leor, bheadh gá le tréimhse ama ionas go mbeadh daoine inchánach in ann na rialacha nua a ghlacadh; is cosúil, dá bhrí sin, gur leordhóthanach síneadh go dtí deireadh 2025.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Le hAirteagal 199a den Treoir maidir le CBL, cumhdaítear faoin sásra aistrithe táillí, i measc bearta eile, lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas (Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA)). Chun tacú le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais, go háirithe a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % faoi 2030, is fíor‑riachtanach go gcosnófar CTA a thuilleadh ó chalaois (rothlach) chun a sheachaint, cé is moite de na caillteanais airgeadais, go mbainfí an bonn ó chreidiúnacht an chórais.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Leis an Treoir, leasaítear an Treoir maidir le CBL ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Ós rud é go gcuirtear fad le cur i bhfeidhm forálacha áirithe den Treoir leis an togra, tá gá leis an Treoir maidir le CBL a leasú.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní fhéadfar gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ach amháin más rud é nach féidir leis na Ballstáit na haidhmeanna atá beartaithe a ghnóthú go leordhóthanach leo féin agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais.

Maidir leis an gcuspóir an chalaois a chomhrac tríd an sásra aistrithe táillí a chur i bhfeidhm agus an fhéidearthacht an Sásra Frithghnímh Mhear a úsáid chun calaois thobann ollmhór a chomhrac, is fearr a ghnóthófar é ar leibhéal an Aontais agus is sa Treoir maidir le CBL atá a bhunús dlí sonrach. Dá bhrí sin, tá gá leis an Treoir maidir le CBL a leasú chun fad a chur leis na bearta sin.

Comhréireacht

De bharr chineál roghnach agus sealadach na mbeart fadaithe, tá an togra comhréireach leis an aidhm a shaothraítear, is é sin an chalaois a chomhrac i soláthairtí áirithe earraí agus seirbhísí agus cuidiú leis na Ballstáit dul i ngleic leis an gcalaois thobann ollmhór CBL.

An rogha ionstraime

Beartaítear Treoir d’fhonn an Treoir maidir le CBL a leasú.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Chuir an Coimisiún tuarascáil i láthair, tráth an tsínidh, maidir le feidhmiú agus éifeachtaí an tsásra aistrithe táillí i ndáil le hAirteagail 199a agus 199b den Treoir maidir le CBL 10 agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil na bearta sna hAirteagail sin úsáideach sa chomhrac in aghaidh na calaoise.

Ní fada ó rinneadh an anailís chuimsitheach sin agus níor athraíodh an Treoir maidir le CBL ó shin a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha dlíthiúla nó na praiticiúlachtaí maidir le cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí. Thairis sin, níor leasaíodh an Treoir maidir le CBL go suntasach chun dul i ngleic ar bhealach níos struchtúrtha le saincheist na calaoise laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh. Ar deireadh, níl aon fhaisnéis ag seirbhísí an Choimisiúin faoi earnálacha nua a bheadh i mbaol na calaoise laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh agus arbh í an sásra aistrithe táillí an uirlis cheart lena n‑aghaidh. Dá bhrí sin, tá sé réasúnach a mheas go bhfuil na torthaí thuasluaite fós bailí.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Iarradh ar na Ballstáit an taithí a bhí acu i dtaca leis na bearta agus a measúnú orthu a chur ar fáil le haghaidh na tuarascála thuasluaite. Chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara tríd an nGrúpa Saineolaithe um CBL.

Mheas na Ballstáit i gcoitinne go raibh an sásra aistrithe táillí a chuimsítear in Airteagal 199a den Treoir maidir le CBL ina uirlis éifeachtach éifeachtúil chun an chalaois CBL a chomhrac. De bharr an sásra aistrithe táillí a thabhairt isteach, laghdaíodh an chalaois go mór nó d’imigh sí ina hiomláine sna hearnálacha sainithe. Cuireadh an dearcadh sin in iúl freisin sna freagraí a fuarthas ó na páirtithe leasmhara gnó a ndeachthas i gcomhairle leo a mheas gur bheart sealadach éifeachtúil é an sásra aistrithe táillí chun an chalaois a chomhrac.

Maidir leis an Sásra Frithghnímh Mhear in Airteagal 199b den Treoir maidir le CBL, d’ainneoin nár baineadh úsáid as, mheas an chuid is mó de na Ballstáit gur uirlis úsáideach agus beart réamhchúraim úsáideach fós í in aghaidh cásanna eisceachtúla calaoise tobainne CBL.

Bailiú agus úsáid saineolais

Faoi chuimsiú na tuarascála thuasluaite, chuathas i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe um CBL maidir le feidhmiú agus éifeachtaí an bhirt a chuimsítear in Airteagal 199a den Treoir maidir le CBL. Tugadh le fios san aiseolas gur measadh gur uirlis shealadach éifeachtúil é an sásra aistrithe táillí le haghaidh soláthairtí faoi leith chun an chalaois a chomhrac.

Go ginearálta, measadh an sásra aistrithe táillí roghnach i staidéir a rinneadh ní ba luaithe 11 . Rinneadh measúnú ar shásra aistrithe táillí ginearálta (curtha i gcomparáid freisin le táille aistrithe earnálach) ar an margadh inmheánach sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra maidir le sásra aistrithe táillí ginearálaithe a chur i bhfeidhm go sealadach 12 .

Measúnú tionchair

Cuirtear fad leis na bearta a chuimsítear in Airteagail 199a agus 199b den Treoir maidir le CBL ar feadh tréimhse theoranta eile leis an tionscnamh fad agus a phléann na Ballstáit athchóiriú níos cuimsithí ar an gcóras CBL sa Chomhairle.

I bhfianaise obair leanúnach an Choimisiúin ar an gcóras cinntitheach CBL agus ar oibleagáidí tuairiscithe a nuachóiriú, agus i bhfianaise an tionchair a bhfuil coinne leis ar an gcomhrac in aghaidh na calaoise, ní bheadh sé úsáideach faoi láthair athmheastóireacht nó athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta arae bheadh aon chonclúidí idirthréimhseach agus bheadh gá le hathmheasúnú a dhéanamh orthu i bhfianaise na rialacha nua sin a d’fhéadfadh a bheith ann.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Ní bheidh aon impleachtaí diúltacha ag an togra ar bhuiséad an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

A mhéid a bhaineann leis an sásra aistrithe táillí roghnach in Airteagal 199a den Treoir maidir le CBL, beartaítear dhá athrú.

Ar an gcéad dul síos, cuirtear síneadh leis an tréimhse cur i bhfeidhm go dtí deireadh 2025. Is cosúil gur tréimhse réasúnach í seo chun gur féidir leanúint den chaibidlíocht maidir leis an gcóras cinntitheach CBL sa Chomhairle. Mura dtagann an córas cinntitheach CBL i bhfeidhm roimh an dáta sin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh deireadh leis na socruithe in Airteagal 199a den Treoir maidir le CBL in 2025 de dheasca an chlásail éagtha. Dá dtiocfadh an córas cinntitheach CBL i bhfeidhm roimh 2025, leasófaí Airteagail 199a agus 199b agus, dá bhrí sin, chuirfí iad in ionad na rialacha atá ann cheana a bhfuil síneadh á chur leo.

Ar an gcuma chéanna, tá an síneadh seo nasctha le forbairt agus glacadh togra ón gCoimisiún a bhaineann le CBL sa ré dhigiteach, nach féidir dáta teacht i bhfeidhm lena aghaidh a chur ar fáil ag an gcéim seo. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an togra féin a ghlacadh in 2022. Dá bhrí sin, idir anois agus deireadh 2025, is tréimhse réasúnach í sin don Chomhairle sa chomhthéacs seo chun an togra a ghlacadh.

I gcás nach mbeadh an córas cinntitheach ná na rialacha maidir le CBL sa ré dhigiteach i bhfeidhm faoi dheireadh 2025, mheasfaí síneadh breise a chur le hAirteagail 199a agus 199b den Treoir maidir le CBL.

Ar an dara dul síos, déantar leasú beag teicniúil a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe as dáta a scriosadh ar bunaíodh an tuarascáil thuasluaite ón gCoimisiún orthu.

A mhéid a bhaineann leis an Sásra Frithghnímh Mhear in Airteagal 199b den Treoir maidir le CBL, cuirtear síneadh leis an tréimhse cur i bhfeidhm go dtí deireadh 2025.

2022/0027 (CNS)

Togra le haghaidh

TREOIR ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse cur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa 13 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Maidir leis an gcalaois CBL i réimse na cánach breisluacha (CBL), is rud é sin as a neascraíonn caillteanais bhuiséadacha nach beag agus ag a mbíonn tionchar ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh.

(2)In Airteagal 199a de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle 15 déantar foráil ionas gur féidir leis na Ballstáit, ar bhonn roghnach, an sásra aistrithe táillí a úsáid le haghaidh CBL a íoc ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí réamhshainithe atá soghabhálach don chalaois, agus go háirithe, calaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá Ar Iarraidh. Le beart speisialta an tSásra Frithghnímh Mhear (SFM) a leagtar amach in Airteagal 199b den Treoir sin, soláthraítear do na Ballstáit, faoi choinníollacha dochta áirithe, nós imeachta níos tapa lenár féidir an sásra aistrithe táillí a thabhairt isteach, rud as a dtagann freagairt níos fearr agus níos éifeachtaí do chalaois thobann ollmhór. Rachaidh an dá Airteagal in éag an 30 Meitheamh 2022.

(3)Ghlac an Coimisiún dhá thogra reachtacha 16 chun an córas cinntitheach CBL a thabhairt isteach, agus ba cheart freagairt chuimsitheach a theacht as sin do chalaois laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh. Na tograí sin, tograí a bhí beartaithe ar dtús teacht i bhfeidhm an 1 Iúil 2022, tá siad fós á gcaibidliú ag an gComhairle agus is dóichí nach nglacfar iad roimh an dáta sin agus nach dtiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta sin.

(4)Tar éis an Phacáiste Cánach, 17 agus faoin gceannteideal CBL sa ré dhigiteach, tá an Coimisiún ag obair freisin ar thogra chun rialacha tuairiscithe a nuachóiriú, córas lena soláthrófaí, b’fhéidir i bhfíoram, faisnéis mhionsonraithe maidir le hidirbhearta aonair d’údaráis chánach agus a bhféadfadh sé go rachadh cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí i léig dá bharr.

(5)In 2018, thuairiscigh an Coimisiún a chuid torthaí maidir le héifeachtaí na sásraí a chuimsítear in Airteagail 199a agus 199b de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcalaois a chomhrac 18 . De réir na tuarascála, mheas na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara i gcoitinne go raibh an sásra aistrithe táillí a leagtar amach in Airteagal 199a den Treoir sin ina uirlis éifeachtach shealadach chun an chalaois CBL a chomhrac. Thairis sin, de réir na tuarascála sin, mheas na Ballstáit go raibh SFM ina uirlis úsáideach agus ina bheart réamhchúraim úsáideach in aghaidh cásanna eisceachtúla calaoise CBL. Níor athraíodh ó shin na coinníollacha dlíthiúla ná na praiticiúlachtaí maidir le cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí laistigh de chóras CBL an Aontais. Thairis sin, níor leasaíodh an Treoir maidir le CBL go suntasach chun dul i ngleic ar bhealach níos struchtúrtha le saincheist na calaoise laistigh den Chomhphobal arna déanamh ag trádálaí atá ar iarraidh. Tá sé réasúnach, dá bhrí sin, glacadh leis go bhfuil na torthaí agus na breithnithe sin fós bailí den chuid is mó.

(6)I bhfianaise an mhéid sin thuas, is cosúil go raibh na bearta a chuimsítear in Airteagail 199a agus 199b de Threoir 2006/112/CE úsáideach mar bhearta sealadacha agus spriocdhírithe. Dá nimeoidís in éag, d’fhágfaí na Ballstáit gan uirlis éifeachtúil chun an chalaois a chomhrac; is iomchuí, dá bhrí sin, fad a chur leis na bearta sin ar feadh tréimhse theoranta ama eile chun gur féidir an chaibidlíocht a dhéanamh sa Chomhairle maidir leis an gcóras cinntitheach CBL, agus chun gur féidir leanúint d’fhorbairt agus de nuachóiriú rialacha tuairiscithe, atá le glacadh le linn na tréimhse fadaithe sin.

(7)Ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)Leasaítear Airteagal 199a mar a leanas:

(a)i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘Go dtí an 31 Nollaig 2025, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gurb é an duine inchánach a soláthraítear aon cheann de na soláthairtí seo a leanas dó, gurb é sin an duine inchánach maidir le CBL:’;

(b)scriostar míreanna 3, 4 agus 5;

(2)in Airteagal 199b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6. An beart speisialta SFM dá bhforáiltear i mír 1, beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2025.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(2)    Iad seo a leanas, mar shampla: aistriú lamháltas chun gáis ceaptha teasa a astú, soláthairtí teileafón soghluaiste, deimhnithe gáis agus leictreachais, seirbhísí teileachumarsáide, agus gránach agus barra tionsclaíocha eile.
(3)    Treoir 2010/23/AE ón gComhairle an 16 Márta 2010 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm roghnach agus sealadach an tsásra aistrithe táillí i ndáil le soláthairtí seirbhísí áirithe atá soghabhálach don chalaois (IO L 72, 20.3.2010, lch. 1-2)
(4)    Treoir 2013/43/AE ón gComhairle an 22 Iúil 2013 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm roghnach agus sealadach an tsásra aistrithe táillí i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach don chalaois (IO L 201, 26.7.2013, lgh. 4-6)
(5)    Treoir 2013/42/AE ón gComhairle an 22 Iúil 2013 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, a mhéid a bhaineann le Sásra Frithghnímh mhear in aghaidh na calaoise CBL (IO L 201, 26.7.2013, lch. 1).
(6)    Treoir (AE) 2018/1695 ón gComhairle an 6 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann le tréimhse cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse cur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL (IO L 282, 12.11.2018, lgh. 5-7).
(7)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le héifeachtaí Airteagail 199a agus 199b de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcalaois a chomhrac COM(2018) 118/2.
(8)    Tabhairt isteach an chórais chinntithigh CBL a mholtar, tá sé sin bunaithe ar dhá thogra éagsúla le haghaidh Treoracha ón gComhairle: ceann amháin lena leagtar amach prionsabail an chórais agus ceann eile lena mionsonraítear na bearta teicniúla chun oibriú éifeachtach an chórais a áirithiú. Seo iad a leanas na tograí sin faoi seach:
Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe sa chóras cánach breisluacha a chomhchuibhiú agus a shimpliú agus lena dtugtar isteach an córas cinntitheach le haghaidh chánachas na trádála idir na Ballstáit, COM(2017) 569 final. Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach na mbeart teicniúil mionsonraithe maidir le hoibriú an chórais chinntithigh CBL le haghaidh chánachas na trádála idir na Ballstáit, COM(2018) 329 final.
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Plean gníomhaíochtaí maidir le cánachas cothrom agus simplí mar thaca leis an straitéis téarnaimh, COM(2020) 312 final
(10)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le héifeachtaí Airteagail 199a agus 199b de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcalaois a chomhrac COM(2018) 118/2.
(11)    Féach: https://ec.europa.eu/taxation_customs/system/files/2016-09/kp_07_14_060_en.pdf
(12)    Measúnú tionchair le haghaidh an togra maidir le sásra aistrithe táillí ginearálaithe a chur i bhfeidhm go sealadach i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí os cionn tairseach áirithe, SWD/2016/457.
(13)    IO C , , lch. .
(14)    IO C , , lch. .
(15)    Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).
(16)    Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe sa chóras cánach breisluacha a chomhchuibhiú agus a shimpliú agus lena dtugtar isteach an córas cinntitheach le haghaidh chánachas na trádála idir na Ballstáit, COM(2017) 569 final agus
togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach na mbeart teicniúil mionsonraithe maidir le hoibriú an chórais chinntithigh CBL le haghaidh chánachas na trádála idir na Ballstáit, COM(2018) 329 final.
(17)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Plean gníomhaíochtaí maidir le cánachas cothrom agus simplí mar thaca leis an straitéis téarnaimh, COM(2020) 312 final
(18)    Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le héifeachtaí Airteagail 199a agus 199b de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcalaois a chomhrac COM(2018) 118/2.