An Bhruiséil,14.1.2022

COM(2022) 9 final

2022/0005(NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus Stáit Aontaithe Mheiriceá


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Rinneadh an ‘Comhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS (Córas Suite Domhanda) agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile’ 1 (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) a shíniú in 2004. Tháinig sé i bhfeidhm in 2011, tar éis a dhaingnithe ag na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach agus na Ballstáit go léir.

Is é is cuspóir don Chomhaontú creat a sholáthar le haghaidh comhar idir na Páirtithe maidir le comharthaí agus seirbhísí sibhialta loingseoireachta agus uainiúcháin GPS agus Galileo, seirbhísí breisluacha, méadúcháin agus earraí loingseoireachta agus uainiúcháin domhanda a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid.

Foráiltear le hAirteagal 20(5) den Chomhaontú go bhfanfaidh ‘an Comhaontú seo i bhfeidhm ar feadh 10 mbliana. 3 mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse tosaigh 10 mbliana, cuirfidh na Páirtithe a chéile ar an eolas faoin rún atá acu síneadh a chur leis an gComhaontú ar feadh tréimhse 5 bliana nó gan an síneadh sin a chur leis.’ Tá an Comhaontú le dul in éag an 12 Nollaig 2021.

I mí an Mheithimh 2021, chuir na Stáit Aontaithe a spéis in iúl an t‑údarás a lorg chun síneadh leis an gComhaontú a shaothrú. D’fhreagair an Coimisiún i mí Mheán Fómhair go lorgódh sé údarú ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun síneadh a chur leis an gComhaontú.

An mheastóireacht a rinne an Coimisiún Eorpach, léiríonn sí go soiléir go soláthraítear leis an gComhaontú creat tábhachtach chun comhar i loingseoireacht satailíte idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a stiúradh agus a éascú, a mbeidh leasanna frithpháirteacha ann dá bharr.

Tá an Comhaontú fíor-riachtanach chun tírdhreach loingseoireachta satailíte a chéile a thuiscint agus chun réimsí tosaíochta ar leasanna coiteanna iad maidir le comhar idirnáisiúnta a bhunú le chéile. Cuireann sé fóram úsáideach ar fáil freisin chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhar a bhí ann roimhe agus chun na gníomhaíochtaí a dhéanfar amach anseo a chinneadh.

Is chun leas an Aontais é an Comhaontú sin a athnuachan chun comhar leis na Stáit Aontaithe maidir le loingseoireacht satailíte a shaothrú a thuilleadh.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Tá an tionscnamh sin go hiomlán i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 912/2010, (AE) Uimh. 1284/2013 agus (AE) Uimh. 377/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE.

Sonraítear i Rialachán (AE) 2021/696:

- Aithris (67): chun úsáid na seirbhísí a sholáthraítear a bharrfheabhsú, ba cheart Galileo a bheith comhoiriúnach agus idir-inoibritheach, a mhéid is féidir, le córais eile um loingseoireacht satailíte, gan dochar don chuspóir uathriail straitéiseach a bheith ag an Aontas.

- Airteagal 48(2): beidh Galileo agus Breis‑seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad comhoiriúnach agus idir-inoibritheach le córais loingseoireachta satailíte eile agus le gnáthmhodhanna loingseoireachta raidió, i gcás ina bhfuil na ceanglais is gá agus na coinníollacha maidir le comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht leagtha síos i gcomhaontuithe idirnáisiúnta.

Tá comhoiriúnacht radaimhinicíochta agus idir-inoibritheacht idir Galileo agus GPS i measc phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe.

Is gné ríthábhachtach den Straitéis Spáis don Eoraip é an comhar idirnáisiúnta, mar a leag an Coimisiún amach i dteachtaireacht uaidh an 26 Deireadh Fómhair 2016 2 , ina sonraítear go gcuirfidh an Coimisiún riachtanais shonracha na gcóras spáis san áireamh agus leithdháileadh minicíochta á chomhordú ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Is gné thábhachtach de bheartas an Aontais Eorpaigh é an GNSS Eorpach (GNSS: an córas domhanda um loingseoireacht satailíte) chun comhtháthú iomlán bonneagair iompair talún, farraige agus aeir a áirithiú le haghaidh loingseoireacht atá sábháilte, rianúil, eacnamúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Is cuid de straitéis idirnáisiúnta GNSS an Aontais é comhaontuithe comhair maidir le loingseoireacht satailíte a thabhairt i gcrích le tíortha a fhorbraíonn a GNSS féin, lena n‑áirítear na Stáit Aontaithe.

Is comhpháirtí ríthábhachtach iad na Stáit Aontaithe, mar aon le bheith an soláthraí GNSS is gaire atá ag Galileo.

Ní dhéantar foráil sa togra seo maidir le cearta úinéireachta ná cinnteoireachta a thabhairt do na Stáit Aontaithe.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Cuirtear san áireamh sa togra freisin an clár oibre trasatlantach nua AE-SAM maidir leis an athrú domhanda, clár atá ábhartha sa chomhthéacs seo mar spreagann sé an tAontas agus na Stáit Aontaithe oibriú le chéile ar an teicneolaíocht, ar an trádáil agus ar chaighdeáin.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Airteagal 189 agus Airteagal 218(6) (a) (v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, ‘ní mór an bunús dlí atá le gníomh de chuid an Aontais Eorpaigh ... a roghnú ar bhonn tosca oibiachtúla a bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh orthu, lena náirítear aidhm agus ábhar an bhirt sin.’ 3

De réir Airteagal 189(1) CFAE, ‘Ullmhóidh an tAontas beartas Eorpach spáis d’fhonn an forás eolaíoch agus teicniúil, an t‑iomaíochas tionsclaíoch agus cur chun feidhme a chuid beartas a chur chun cinn. Chuige sin, féadfaidh sé tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun cinn, tacú leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí is gá a dhéanamh chun an spás a thaiscéaladh agus a shaothrú.’

Rannchuidíonn an Comhaontú leis sin mar a léirítear in Airteagal 1 de, arb é is cuspóir dó dá réir ‘creat a sholáthar le haghaidh comhar idir na Páirtithe maidir le comharthaí agus seirbhísí sibhialta loingseoireachta agus uainiúcháin GPS agus Galileo, seirbhísí breisluacha, méadúcháin agus earraí loingseoireachta agus uainiúcháin domhanda a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid.’ Thairis sin, ‘tá sé beartaithe ag na Páirtithe oibriú le chéile, go déthaobhach agus i bhfóraim iltaobhacha araon, mar a fhoráiltear anseo, chun úsáid na gcomharthaí, na seirbhísí agus an trealaimh sin a chur chun cinn agus a éascú le haghaidh úsáidí síochánta sibhialta, tráchtála agus eolaíocha, i gcomhréir le leasanna coiteanna slándála agus chun iad a chur chun cinn.’ I gcomhréir le hAirteagal 216(1) CFAE, chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 189 CFAE a bhaint amach, tá an inniúlacht ag an Aontas, mar sin, cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur leis an gcomhaontú thar a cheann.

Is é Airteagal 218(6)(a) (v) CFAE an bunús dlí don nós imeachta atá le cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú thar ceann AE. Ní gá don Choimisiún údarú a lorg ón gComhairle chun an síneadh a chaibidliú i gcomhréir le hAirteagal 218(2) CFAE. Ní dhéantar foráil in Airteagal 20(5) den Chomhaontú maidir le haon chaibidlíocht, ach faisnéis amháin.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach) 

Ní féidir le Ballstáit aonair cuspóirí an togra a ghnóthú, ar na cúiseanna seo a leanas:

- Is leis an Aontas Galileo, arb iad na costais leis roinnt deicheanna billiún euro arna maoiniú mar thionscnamh Eorpach arna bhainistiú ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an bheartais Spáis;

- Ní sholáthraíonn aon Bhallstát amháin córas Galileo ná a sheirbhísí. Dá bhrí sin, ní féidir raon feidhme an Chomhaontaithe a bhfuil síneadh le cur leis a theorannú d’aon Bhallstát amháin nó do ghrúpa Ballstát, ach déanann sé difear don Aontas ina iomláine agus i gás roinnt gnéithe de, d’fhéadfadh sé tionchar domhanda a imirt fiú;

- Tá an t‑eolas tionsclaíoch agus teicniúil in earnáil an spáis comhroinnte idir roinnt Ballstát agus níl aon stát leis féin in ann máistreacht a fháil air go léir. Gan iarracht chomhordaithe agus comhroinnt faisnéise, bheadh méadú ar an riosca go dtiocfaí ar réitigh fo-optamacha leis na Stáit Aontaithe.

Is le gníomhaíocht de chuid an Aontais is fearr a ghnóthófar cuspóirí an togra, ar na cúiseanna seo a leanas:

- Baintear feidhm as córas Galileo ar fud an domhain agus braithfidh slándáil agus cosaint Galileo go mór ar fhorfheidhmiú beart cosanta comhleanúnach ag an Aontas agus a chuid Ballstát uile, le tacaíocht ó na Stáit Aontaithe i gcás inarb ábhartha;

- Is fearr is féidir leis an gCoimisiún, ina cháil mar bhainisteoir an chláir a ghníomhaíonn thar ceann an Aontais agus mar úinéir an chórais, gach beart réasúnta a dhéanamh chun an comhleanúnachas sin a spreagadh. Mura ndéanfaí é sin, mhéadófaí rioscaí slándála agus neamhchosaint an Aontais agus na mBallstát i leith éilimh dliteanais i gcás teagmhais thromchúiseacha.

Tagann comhleanúnachas i dtaobh an Aontais as na seasaimh a ghlacann an Coimisiún thar ceann an Aontais sna Meithleacha éagsúla a bunaíodh faoi Airteagal 13 den Chomhaontú.

Comhréireacht

Ní bhaineann le hábhar

An rogha ionstraime

Is é síneadh an Chomhaontaithe an t‑aon ionstraim amháin lena n‑áirithítear comhleanúnachas ar fud an Aontais sa chaidreamh leis na Stáit Aontaithe i réimse na loingseoireachta satailíte sibhialta. Díolmhaítear formhór na ngnéithe míleata loingseoireachta satailíte agus uainiúcháin.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcur i bhfeidhm a bheith comhleanúnach maidir le bearta arna mbunú ag na Páirtithe a bhaineann le comharthaí sibhialta loingseoireachta satailíte agus uainiúcháin agus soláthraithe na gcomharthaí sin, seirbhísí sibhialta loingseoireachta satailíte agus uainiúcháin agus soláthraithe na seirbhísí sin, méadúcháin, seirbhísí breisluacha agus soláthraithe seirbhísí breisluacha, mar aon le hearraí loingseoireachta agus uainiúcháin domhanda.

Ní sholáthraíonn an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh roghanna inmharthana eile chun na caidrimh le tríú tír a rialú.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ní cuid de chlár oibre REFIT an tionscnamh seo.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Thug an Coimisiún aghaidh ar shíneadh a chur leis an gComhaontú sa Choiste um an Clár GNSS.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin le Meitheal na Comhairle um Iompar Idirmhódúil agus le Meitheal na Comhairle um an Spás.

Bailiú agus úsáid saineolais

Achoimre ar an gcomhairle a fuarthas agus a úsáideadh.

Is iomchuí agus is inmhianaithe go gcuirfeadh an tAontas síneadh leis an gComhaontú. Níl aon fhoráil sa Chomhaontú ar foráil í atá imithe i léig, do-ghlactha nó a chuirfeadh cosc ar shíneadh a chur leis an gComhaontú.

Measúnú tionchair

Is é an chéad rogha gan aon bheart a dhéanamh mar fhreagairt ar an spéis a chuir na Ballstáit agus na Stáit Aontaithe in iúl chun síneadh a chur leis an gComhaontú. D’fhéadfaí a mheas gur comhartha dúshláin é sin, rud a d’fhéadfadh comhoiriúnacht Galileo agus GPS a chur i mbaol; moill a chur ar chomhar maidir lena n‑idir-inoibritheacht nó deireadh a chur leis, agus ar an mbealach sin bheadh an baol ann go gcuirfí moill ar chumas oibríochtúil Galileo.

Is é an dara rogha síneadh a chur leis an gComhaontú reatha. Roghnaítear an dara ceann ar na cúiseanna seo a leanas:

   Tá córas Galileo agus córas GPS á bhforbairt a thuilleadh agus athruithe ag teacht orthu de réir a chéile. Tá gá le comhar leanúnach idir an dá chóras ar roinnt cúiseanna, lena náirítear chun comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht a áirithiú;

   Is comhpháirtí luachmhar loingseoireachta satailíte de chuid an Aontais iad na Stáit Aontaithe;

   Ní chuireann na Stáit Aontaithe ná Ballstáit an Aontais in aghaidh síneadh a chur leis an gComhaontú.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní cuid de chlár oibre REFIT an tionscnamh seo

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Agus an Comhaontú reatha á chur i bhfeidhm ar feadh 10 mbliana, níor ghá do cheachtar de na Páirtithe cistiú a chur ar fáil le haghaidh aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéantar faoi.

Le haghaidh na chéad tréimhse 5 bliana eile lena gcuirfear síneadh leis an gComhaontú sin, arís, ní bheidh gá le cistiú ar bith.

Beidh na himpleachtaí buiséadacha teoranta do na costais riaracháin a sheasfaidh na Páirtithe agus na cúraimí a thagann faoina bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu. Baineann na costais riaracháin go léir le misin. Íoctar misin uile ón gCoimisiún faoin gComhaontú ón Imchlúdach Iomlánaíoch le haghaidh misean, agus ní ó líne bhuiséid oibríochtúil Galileo faoin Rialachán maidir le Clár Spáis an Aontais.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

An togra seo chun síneadh a chur leis an gComhaontú, ní dhéantar foráil ann maidir le cearta úinéireachta ná cinnteoireachta Galileo a thabhairt do na Stáit Aontaithe.

Ní thugann an togra an ceart do na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach sna Coistí ná sna Meithleacha maidir le Clár GNSS an Aontais.

Ní cheadaítear, leis an togra, do na Stáit Aontaithe páirt a ghlacadh i bhfóraim, meithleacha ná plé atá ábhartha maidir le seirbhís phoiblí rialáilte (PRS) Galileo.

2022/0005 (NLE)

Togra le haghaidh

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus Stáit Aontaithe Mheiriceá

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 189, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa 4 ,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Cinneadh 2011/901/AE 5 , d’fhormheas an Chomhairle tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile 6 . Síníodh an Comhaontú i gCaisleán Dhrom Ólainn, Éire, an 26 Meitheamh 2004 agus tháinig sé i bhfeidhm an 12 Nollaig 2011.

(2)I gcomhréir le hAirteagal 20(5) den Chomhaontú, tá an Comhaontú le fanacht i bhfeidhm ar feadh 10 mbliana agus 3 mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse tosaigh 10 mbliana, tá na Páirtithe lena chéile a chur ar an eolas faoin rún atá acu síneadh a chur leis an gComhaontú ar feadh tréimhse 5 bliana. Chuaigh an Comhaontú in éag an 12 Nollaig 2021.

(3)Dheimhnigh an dá Pháirtí go bhfuil rún acu síneadh a chur leis an gComhaontú ar feadh tréimhse 5 bliana breise gan aon leasú ar an gComhaontú Ba cheart ábhar an Chomhaontaithe a fhanacht mar an gcéanna tar éis an tsínidh. Chun leanúnachas an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige ón 12 Nollaig 2021.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart síneadh an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, síneadh a chur leis an gComhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit ar feadh tréimhse 5 bliana breise.

Airteagal 2

Déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, an nóta taidhleoireachta dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) den Chomhaontú a sheachadadh ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus tabharfaidh sé an fógra seo a leanas: ‘Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin an 1 Nollaig 2009, tháinig an tAontas Eorpach in ionad an Chomhphobal Eorpaigh agus i gcomharbas air agus ón dáta sin feidhmíonn sé cearta uile agus gabhann sé chuige oibleagáidí uile an Chomhphobail Eorpaigh. Dá bhrí sin, léitear tagairtí do “an Comhphobal Eorpach” i dtéacs an Chomhaontaithe, i gcás inarb iomchuí, mar “an tAontas Eorpach”’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 12 Nollaig 2021.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Níl aon ráiteas airgeadais reachtach ós rud é nach bhfuil aon chostas ag baint leis an gComhaontú sin, cé is moite do chostais taistil a íoctar ón Imchlúdach Iomlánaíoch le haghaidh misean, agus ní ó líne bhuiséid oibríochtúil Galileo faoi Chlár Spáis an Aontais.

(1)    IO L 348, 31.12.2011, lch. 3.
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an Straitéis Spáis don Eoraip, COM(2016) 705, 26.10.2016.
(3)    Mar shampla, Cás C-263/14 Parlaimint na hEorpa v an Chomhairle (an Comhaontú leis an Tansáin maidir leis an bPíoráideacht) ECLI EU C 2016 435, míreanna 43-44.
(4)    IO C , , lch. .
(5)    Cinneadh 2011/901/AE ón gComhairle an 12 Nollaig 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir Stáit Aontaithe Mheiriceá, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (IO L 348, 31.12.2011, lch. 1).
(6)    Comhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile (IO L 348, 31.12.2011, lch. 3).