AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.1.2022
COM(2022) 8 final
2022/0002(NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil a thabhairt cothrom le dáta
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Ó bhí 1977 ann, tá foráil déanta le Treoir CBL maidir le díolúine i gcás soláthairtí chuig fórsaí armtha aon Stáit is páirtí i gConradh an Atlantaigh Thuaidh atá rannpháirteach i gcomhiarracht chosanta lasmuigh dá Stát féin. Bunaíodh an díolúine sin chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil an sreabhadh ciorclach ioncaim agus caiteachais briste, de bhrí gur ioncam don Stát ina bhfuil na fórsaí armtha lonnaithe a bheadh i CBL ar na soláthairtí sin de ghnáth, seachas ioncam dá Stát féin. Tá sí ar na díolúintí atá le fáil in Airteagal 151 de Threoir CBL.
Leis an Treoir maidir le Mál rinneadh foráil ó bhí 1993 ann maidir le díolúine chomhchosúil ó dhleacht mháil le haghaidh gluaiseachtaí earraí máil chuig fórsaí armtha aon bhall d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT).
I mí na Nollag 2019, ghlac an Chomhairle leasuithe ar na Treoracha maidir le CBL agus Mál, lenar tugadh isteach díolúintí maidir le hiarrachtaí cosanta a dhéanann fórsaí armtha Ballstáit i mBallstát eile chun gníomhaíocht Aontais a chur chun feidhme faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), a bunaíodh in 2000 faoin ainm an beartas Eorpach slándála agus cosanta (BESC). Is é an 1 Iúil 2022 an dáta a thabharfaidh na Ballstáit na bearta nua i bhfeidhm.
I mí Iúil 2021, ghlac an Chomhairle leasuithe ar Threoir CBL, lenar tugadh isteach díolúintí breise maidir le bearta a rinneadh ar leibhéal an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19. Tá na Ballstáit réidh chun na díolúintí nua sin a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2021.
Ní mór, dá bhrí sin, leasú dá réir a dhéanamh ar na bearta a ndéantar foráil maidir leo sa Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL lena gcuirtear chun feidhme na díolúintí a leagtar síos in Airteagal 151 de Threoir CBL.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais
Tá dlúthcheangal idir an togra agus na leasuithe ar na Treoracha maidir le CBL agus Mál a glacadh i mí na Nollag 2019, lena gcomhlánaítear Plean Gníomhaíochta CBL 2016 agus lena leagtar amach bealaí chun an córas CBL a nuachóiriú chun go mbeadh sé níos simplí, níos seasmhaí i gcoinne calaoise agus níos fabhraí do ghnólachtaí. Tá dlúthcheangal aige freisin leis na leasuithe ar Threoir CBL a glacadh i mí Iúil 2021, lenar tugadh isteach díolúintí maidir le bearta Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 lena dtugtar aghaidh ar éifeachtaí na géarchéime sláinte atá ann faoi láthair.
Is é is cuspóir don togra foráil a dhéanamh maidir leis na bearta is gá chun na díolúintí nua de bhun Airteagal 151(1)(ab), (ba) agus (bb) de Threoir CBL chomh maith le hAirteagal 12(1)(ba) den Treoir maidir le Mál a chur chun feidhme.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Tá an togra comhsheasmhach leis an straitéis dhomhanda maidir le beartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh (EUGS) agus leis an bplean cur chun feidhme maidir le slándáil agus cosaint, lena leagtar amach tograí chun EUGS a chur chun feidhme i réimse na slándála agus na cosanta.
Cuireann sé chun feidhme gealltanas an Choimisiúin sa phlean gníomhaíochta maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata measúnú a dhéanamh ar cé chomh hindéanta is a bheadh sé láimhseáil CBL maidir le hiarrachtaí cosanta a ailíniú i gcreat an Aontais agus faoi chuimsiú ECAT.
Tá an togra comhsheasmhach freisin leis an bplean gníomhaíochta Eorpach um chosaint, lena n‑áirítear seoladh Ciste Eorpaigh Cosanta, agus sásra Athena, ar sásra é lena láimhseáiltear (de bhun Airteagal 41(2) CAE) costais choiteanna mhisin agus oibríochtaí míleata an Aontais Eorpaigh faoi chuimsiú CBSC.
Tá an togra i gcomhréir, freisin, le tionscnaimh Aontais a tionscnaíodh mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 agus tacaíonn sé go háirithe le bearta práinneacha a rinneadh faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála (ESI) chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí na géarchéime sláinte atá ann faoi láthair.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Tá an togra bunaithe ar Airteagal 397 de Threoir CBL. Foráiltear leis an airteagal seo go nglacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, na bearta is gá chun Treoir CBL a chur chun feidhme.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Chun comhlánú a dhéanamh ar an ailíniú i láimhseáil CBL agus dleachta máil maidir le hiarrachtaí cosanta san Aontas Eorpach agus faoi chreataí ECAT a bunaíodh leis na leasuithe a rinneadh ar na Treoracha maidir le CBL agus Mál, agus chun cur i bhfeidhm praiticiúil na ndíolúintí a tugadh isteach i dTreoir CBL a chumasú chun tacú le bearta Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, tá gá le coigeartú comhfhreagrach ar an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL. Ní fhéadfadh na Ballstáit aghaidh a thabhairt air agus iad ag gníomhú ina n‑aonar. Chun an coigeartú a dhéanamh tá gá le togra ón gCoimisiún chun an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL a leasú.
•Comhréireacht
Tá an togra comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta, mar ní théann sé thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach, ar cuspóirí iad a bhaineann le feidhmiú réidh an Mhargaidh Aonair agus le comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach faoi CBSC. Baineann an togra seo le gnéithe praiticiúla a eascraíonn as ailíniú raon feidhme díolúintí le haghaidh iarrachtaí cosanta Aontais agus ECAT chomh maith le tabhairt isteach díolúintí nua a bhaineann le bearta Aontais a rinneadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, mar a ghlac an Chomhairle cheana, nach mbeidh ach mionéifeacht acu ar an mbonn cánach.
•An rogha ionstraime
Beartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme d’fhonn leasú a dhéanamh ar an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL.
3.TORTHAÍ MEASTÓIREACHTAÍ EX POST AGUS COMHAIRLIÚCHÁN LE GEALLSEALBHÓIRÍ
•Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara
Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit sa ghrúpa maidir le todhchaí CBL agus dheimhnigh siad ar an iomlán an gá atá le gníomhú ar leibhéal an Aontais trí dhíolúine ó CBL a thabhairt isteach i gcás soláthairtí a bhaineann le hiarracht chosanta i gcreat an Aontais atá comhchosúil leis an díolúine i gcás soláthairtí a bhaineann le hiarracht chosanta ECAT faoi Airteagal 151(1)(c) agus (d) de Threoir CBL.
A mhéid a bhaineann leis na bearta ar freagairt iad ar phaindéim COVID‑19, ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara mar gheall ar a phráinní atá an tionscnamh seo.
Ní chuireann an togra atá ann faoi láthair chun feidhme ach na socruithe praiticiúla is gá le haghaidh chur i bhfeidhm réidh na ndíolúintí nua CBL sin sa chleachtas.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Sular mhol an Coimisiún an díolúine ó CBL a thabhairt isteach i gcás soláthairtí a bhaineann le hiarracht chosanta i gcreat an Aontais, bhailigh sé saineolas trí chomhairliúchán le hionadaithe ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus le saineolaithe cosanta a thacaíonn le baill an ghrúpa maidir le todhchaí CBL. Maidir leis an díolúine a moladh mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, bhraith an Coimisiún ar fhaisnéis a bhí ar fáil go poiblí maidir leis an staid eipidéimeolaíoch chomh maith le fianaise eolaíoch ábhartha a bhí ar fáil maidir le paindéim COVID‑19 atá ann faoi láthair. I dtaca leis an togra seo, lena gcuirtear chun feidhme na díolúintí sin, ní raibh aon ghá le saineolas breise.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Níl aon bhaint ag an togra seo leis an gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála (REFIT) agus níl aon tionchar ar leith aige ar mhicrifhiontair ná ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide.
•Cearta bunúsacha
Níl aon iarmhairtí ag an togra seo maidir le cearta bunúsacha a chosaint.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní dhéantar leasú leis an togra seo ach ar an deimhniú díolúine is gá chun na díolúintí CBL a chur i bhfeidhm sa chleachtas, ach ní dhéantar leasú ar raon feidhme na ndíolúintí féin. Dá bhrí sin, níl aon impleacht ann ar bhuiséad an Aontais.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na mbeart atá beartaithe mar chuid dá fhreagrachtaí chun cur i bhfeidhm ceart reachtaíocht CBL agus máil an Aontais Eorpaigh a áirithiú.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le hAirteagail 1 agus 2 den togra, cuirtear leagan nua in ionad an deimhnithe díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil a ndéantar foráil maidir leis in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le CBL, ar leagan é lena gcumhdaítear freisin earraí agus seirbhísí atá beartaithe i gcomhair úsáid oifigiúil fórsaí armtha Ballstáit atá rannpháirteach i ngníomhaíocht Aontais i mBallstát eile faoi CBSC, chomh maith le hearraí agus seirbhísí a fuair an Coimisiún Eorpach nó aon ghníomhaireacht nó comhlacht Eorpach atá ag forghníomhú a gcúraimí le húsáid mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19. Tá dhá leagan den deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil i gceangal leis an togra mar gheall ar amlíne theacht i bhfeidhm na leasuithe ar Threoir CBL. An deimhniú a ndéantar foráil maidir leis in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an togra, deimhniú ina bhfuil bosca a bhaineann le comhlachtaí incháilithe a bheith ag forghníomhú cúraimí mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, tiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach. Amhail ón 1 Iúil 2022, cuirfear an leagan a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an togra ina ionad, leagan a chuirfidh bosca leis lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí faoi CBSC.
D’ainneoin tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, beidh an bosca a leagtar amach in Iarscríbhinn II a thagraíonn d’fhórsaí armtha na Ríochta Aontaithe atá lonnaithe ar oileán na Cipire ann go fóill. I gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus leis an bPrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha sa Chipir go háirithe, beidh feidhm ag forálacha dhlí an Aontais maidir le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus foirmeacha eile cánachais indírigh arna nglacadh de bhun Airteagal 113 CFAE, maidir leis na Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha agus sna Limistéir sin, agus eiseoidh an Ríocht Aontaithe deimhnithe díolúine ar fhormheas a fháil ó Phoblacht na Cipire.
2022/0002 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil a thabhairt cothrom le dáta
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus go háirithe Airteagal 397 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Leasaíodh Treoir 2006/112/CE agus Treoir 2008/118/CE ón gComhairle le Treoir (AE) 2019/2235 ón gComhairle, lenar tugadh isteach díolúintí ó CBL agus ó dhleacht mháil le haghaidh iarrachtaí cosanta a rinneadh laistigh de chreat an Aontais. Bhí na díolúintí sin le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit ón 1 Iúil 2022.
(2)Leasaíodh Treoir 2006/112/CE a thuilleadh le Treoir (AE) 2021/1159 ón gComhairle, lenar tugadh isteach díolúintí nua ó CBL maidir le bearta a rinneadh ar leibhéal an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19. Bhí na díolúintí sin le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit le héifeacht chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2021.
(3)Cuirtear deimhniú ar fáil le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 ón gComhairle, lena ndeimhnítear go gcáilíonn idirbheart áirithe le haghaidh díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil faoi Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE. Ní mór an deimhniú sin a choigeartú chun cur ar a gcumas do na Ballstáit an díolúine nua ó CBL le haghaidh iarrachtaí cosanta agus na díolúintí CBL maidir le bearta a rinneadh ar leibhéal an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a chur i bhfeidhm ar bhealach aonfhoirmeach.
(4)Maidir leis na díolúintí nua ó CBL a bhaineann le bearta a rinneadh ar leibhéal an Aontais mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 faoi Threoir 2006/112/CE, ba cheart an deimhniú a leasú chun an Coimisiún nó aon ghníomhaireacht nó comhlacht Eorpach atá ag forghníomhú a gcúraimí mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19 a chuimsiú mar chomhlacht incháilithe. Chun na críche sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a leasú le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.
(5)Maidir leis an díolúine nua ó CBL le haghaidh iarrachtaí cosanta a rinneadh laistigh de chreat an Aontais, ba cheart an deimhniú a leasú chun an Coimisiún nó aon ghníomhaireacht nó comhlacht Eorpach atá ag forghníomhú a gcúraimí mar fhreagairt ar phaindéim COVID‑19, chomh maith le fórsaí armtha Ballstáit atá rannpháirteach i ngníomhaíocht de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta, a chuimsiú mar chomhlacht incháilithe. Chun na críche sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a leasú le héifeacht ón 1 Iúil 2022.
(6)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011.
Airteagal 2
Cuirtear an téacs in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2021.
Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 1 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.1.2022
COM(2022) 8 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an Togra
le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle
IARSCRÍBHINN I
‘IARSCRÍBHINN II
Airteagal 51 den Rialachán seo
AN tAONTAS EORPACH
DEIMHNIÚ DÍOLÚINE Ó CBL AGUS /NÓ Ó DHLEACHT MHÁIL (*)
(Treoir 2006/112/CE - Airteagal 151 – agus Treoir 2008/118/CE - Airteagal 13)
|
Sraithuimhir (roghnach):
|
|
1.
COMHLACHT/DUINE AONAIR INCHÁILITHE
|
|
Ainmniúchán/ainm
|
|
Sráid agus Uimh.
|
|
Cód poist, áit
|
|
Ballstát (óstach)
|
|
2.
ÚDARÁS INNIÚIL ATÁ FREAGRACH AS STAMPÁIL (ainm, seoladh agus uimhir theileafóin)
|
|
3.
DEARBHÚ ÓN gCOMHLACHT NÓ ÓN DUINE AONAIR INCHÁILITHE
Dearbhaíonn an comhlacht nó an duine aonair incháilithe(1) leis seo
(a)
go bhfuil na hearraí agus/nó na seirbhísí a leagtar amach i mbosca 5 beartaithe(2)
|
|
I gcomhair úsáid oifigiúil
|
I gcomhair úsáid phearsanta
|
|
|
misin eachtraigh taidhleoireachta
|
|
ball de mhisean eachtrach taidhleoireachta
|
|
|
ionadaíochta eachtraí consalaí
|
|
ball d’ionadaíocht eachtrach chonsalach
|
|
|
comhlacht Eorpach a bhfuil feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh ina leith
|
|
|
|
|
eagraíochta idirnáisiúnta
|
|
ball foirne d’eagraíocht idirnáisiúnta
|
|
|
fórsaí armtha Stáit is páirtí i gConradh an Atlantaigh Thuaidh (fórsa ECAT)
|
|
|
|
fórsaí armtha na Ríochta Aontaithe atá lonnaithe ar oileán na Cipire
|
|
|
I gcomhair úsáid an Choimisiúin Eorpaigh nó aon ghníomhaireachta Eorpaí nó aon chomhlachta Eorpaigh atá ag forghníomhú a gcúraimí mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19
|
|
|
|
(ainmniúchán na hinstitiúide) (féach bosca 4)
|
|
(b)
go gcomhlíonann na hearraí agus/nó na seirbhísí a dtugtar tuairisc orthu i mbosca 5 na coinníollacha agus na teorainneacha is infheidhme maidir leis an díolúine sa Bhallstát óstach a luaitear i mbosca 1, agus
(c)
go dtugtar an fhaisnéis thuas de mheon macánta.
Geallann an comhlacht nó an duine aonair incháilithe leis seo go n‑íocfaidh sé leis an mBallstát ónar seoladh na hearraí nó ónar soláthraíodh na hearraí agus/nó na seirbhísí, an CBL agus/nó an dleacht mháil a bheadh dlite i gcás nach gcomhlíonfadh na hearraí agus/nó na seirbhísí na coinníollacha maidir le díolúine, nó i gcás nach n‑úsáidfí na hearraí agus/nó na seirbhísí ar an mbealach a bhí beartaithe.
|
|
Áit, dáta
|
Ainm agus stádas an tsínitheora
|
|
|
Síniú
|
|
4.
STAMPA AN CHOMHLACHTA (i gcás díolúine i gcomhair úsáid phearsanta)
|
|
Áit, dáta
|
Stampa
|
Ainm agus stádas an tsínitheora
|
|
|
|
Síniú
|
|
5.
TUAIRISC AR NA hEARRAÍ AGUS/NÓ NA SEIRBHÍSÍ, A bhFUILTEAR AG IARRAIDH NA DÍOLÚINE Ó CBL AGUS/NÓ Ó DHLEACHT MHÁIL INA LEITH
|
|
A. Faisnéis a bhaineann leis an soláthróir/leis an gcoimeádaí údaraithe stórais
|
|
(1) Ainm agus seoladh:
|
|
(2) Ballstát
|
|
(3) Uimhir CBL/uimhir mháil nó uimhir thagartha cánach
|
|
B. Faisnéis a bhaineann leis na hearraí agus/nó na seirbhísí:
|
|
Uimh.
|
Tuairisc mhionsonraithe ar na hearraí agus/nó na seirbhísí(3) (nó tagairt don fhoirm ordaithe atá i gceangal)
|
Cainníocht nó líon
|
Luach gan CBL
ná dleacht mháil a áireamh
|
Airgeadra
|
|
|
|
|
Luach in aghaidh an aonaid
|
Luach iomlán
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Méid iomlán
|
|
|
6.
DEIMHNIÚ Ó ÚDARÁIS INNIÚLA AN BHALLSTÁIT ÓSTAIGH
|
|
Comhlíonann an choinsíneacht/soláthar earraí agus/nó seirbhísí a dtugtar tuairisc orthu i mbosca 5:
|
|
go hiomlán
|
suas le cainníocht
|
(líon)(4)|
|
|
na coinníollacha i gcomhair díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil
|
|
Áit, dáta
|
Stampa
|
Ainm agus stádas an tsínitheora
|
|
|
|
Síniú
|
|
7.
CEAD CHUN AN STAMPA FAOI BHOSCA 6 A FHÁGÁIL AR LÁR (i gcás díolúine i gcomhair úsáid oifigiúil agus sa chás sin amháin)
|
|
De réir litir Uimh:
|
|
|
Dáta:
|
|
|
Ainmniúchán na hinstitiúide incháilithe:
atá scaoilte ag
|
|
|
Údarás inniúil sa Bhallstát óstach:
ón oibleagáid faoi bhosca 6 stampa a fháil
|
|
|
Áit, dáta
|
Stampa
|
Ainm agus stádas an tsínitheora
|
|
|
|
Síniú
|
(*)
Scrios de réir mar is iomchuí.
(1)
Scrios de réir mar is iomchuí.
(2)
Cuir cros sa bhosca iomchuí.
(3)
Scrios an spás nach n‑úsáidtear. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin má tá foirmeacha ordaithe i gceangal.
(4)
Ba cheart earraí agus/nó seirbhísí nach bhfuil incháilithe a scriosadh i mbosca 5 nó ar an bhfoirm ordaithe atá i gceangal.
Nótaí míniúcháin
1.I gcás an tsoláthróra agus/nó an choimeádaí údaraithe stórais, is doiciméad tacaíochta é an deimhniú seo chun díolúine chánach a fháil ar na soláthairtí earraí agus seirbhísí nó na coinsíneachtaí earraí chuig na comhlachtaí/daoine aonair incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 151 de Threoir 2006/112/CE agus in Airteagal 13 de Threoir 2008/118/CE. Dá réir sin, déanfar deimhniú amháin a tharraingt suas i gcomhair gach soláthróra/coimeádaí stórais. Thairis sin, ní mór don soláthróir/don choimeádaí stórais an deimhniú sin a choimeád mar chuid dá thaifid i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla is infheidhme ina Bhallstát.
2.(a)Sonraíocht ghinearálta an pháipéir atá le húsáid, is éard atá ann an tsonraíocht sin a leagtar síos in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach C 164, 1.7.1989, lch. 3.
Ar pháipéar bán a bheidh na cóipeanna uile agus ba cheart an páipéar a bheith 210 milliméadar faoi 297 milliméadar le lamháltas uasta 5 mhilliméadar níos lú nó 8 milliméadar níos mó maidir lena bhfad.
I gcomhair díolúine ó dhleacht mháil déanfar an deimhniú díolúine a tharraingt suas
i ndúblach:
–coinneoidh an coinsíneoir cóip amháin;
–beidh cóip amháin ag gabháil le gluaiseacht na dtáirgí atá faoi réir dleacht mháil.
(b)Cuirfear líne trí aon spás nach n‑úsáidfear i mbosca 5.B. ionas nach féidir aon rud a chur leis.
(c)Ní mór an doiciméad a líonadh isteach ar bhealach inléite agus ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh na hiontrálacha doscriosta. Ní cheadaítear aon scriosadh ná forscríobh. Déanfar é a líonadh isteach i dteanga a aithníonn an Ballstát óstach.
(d)Má thagraíonn an tuairisc ar na hearraí agus/nó seirbhísí (bosca 5.B den deimhniú) d’fhoirm ordaithe ceannaigh a tarraingíodh suas i dteanga seachas teanga a aithníonn an Ballstát óstach, ní mór don chomhlacht/duine aonair incháilithe aistriúchán a chur i gceangal.
(e)Os a choinne sin, má tharraingítear suas an deimhniú i dteanga seachas teanga a aithníonn Ballstát an tsoláthróra/an choimeádaí stórais, ní mór don chomhlacht/duine aonair incháilithe aistriúchán ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na hearraí agus seirbhísí i mbosca 5.B a chur i gceangal.
(f)Ciallaíonn teanga aitheanta ceann de na teangacha atá in úsáid go hoifigiúil sa Bhallstát nó aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais a dhearbhaíonn an Ballstát mar theanga is féidir a úsáid chun na críche sin.
3.Trína dhearbhú i mbosca 3 den deimhniú, cuireann an comhlacht/duine aonair incháilithe an fhaisnéis is gá ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar an iarraidh ar dhíolúine sa Bhallstát óstach.
4.Trína dhearbhú i mbosca 4 den deimhniú, deimhníonn an comhlacht na sonraí i mbosca 1 agus i mbosca 3(a) den doiciméad agus deimhníonn sé gur ball foirne den chomhlacht é an duine aonair incháilithe.
5.(a)Ní mór an dáta agus an uimhir ordaithe ar a laghad a bheith sa tagairt don fhoirm ordaithe ceannaigh (bosca 5.B den deimhniú). Ba cheart na heilimintí ar fad atá i mbosca 5 den deimhniú a bheith ar an bhfoirm ordaithe. Más gá d’údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh an deimhniú a stampáil, stampálfar an fhoirm ordaithe freisin.
(b)An uimhir aitheantais mháil, mar a shainmhínítear in Airteagal 22(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 an 16 Samhain 2004 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil, tá an rogha ann an uimhir sin a lua nó gan í a lua; ní mór an uimhir aitheantais CBL nó an uimhir thagartha cánach a lua.
(c)Ba cheart na hairgeadraí a lua trí bhíthin cód trí litir i gcomhréir le caighdeán chód ISO 4217 arna bhunú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú.
6.Maidir leis an dearbhú thuasluaite ón gcomhlacht/duine aonair incháilithe; déanfar é a fhíordheimhniú ag bosca 6 le stampa údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh. Is féidir leis an údarás a shocrú go mbraithfeadh a fhormheas ar chomhaontú údaráis eile ina Bhallstát. Is faoin údarás inniúil cánach é an comhaontú sin a fháil.
7.Chun an nós imeachta a shimpliú, is féidir leis an údarás inniúil scaoileadh leis an oibleagáid a bhíonn ar an gcomhlacht incháilithe an stampa a iarraidh i gcás díolúine i gcomhair úsáid oifigiúil. Ba cheart don chomhlacht incháilithe an dispeansáid sin a lua i mbosca 7 den deimhniú.’
AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,13.1.2022
COM(2022) 8 final
IARSCRÍBHINN
a ghabhann leis an Togra
le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann leis an deimhniú díolúine ó CBL agus/nó ó dhleacht mháil a thabhairt cothrom le dáta
IARSCRÍBHINN II
‘IARSCRÍBHINN II
Airteagal 51 den Rialachán seo
AN tAONTAS EORPACH
DEIMHNIÚ DÍOLÚINE Ó CBL AGUS /NÓ Ó DHLEACHT MHÁIL (*)
(Treoir 2006/112/CE - Airteagal 151 – agus Treoir 2008/118/CE - Airteagal 13)
|
Sraithuimhir (roghnach):
|
|
1.
COMHLACHT/DUINE AONAIR INCHÁILITHE
|
|
Ainmniúchán/ainm
|
|
Sráid agus Uimh.
|
|
Cód poist, áit
|
|
Ballstát (óstach)
|
|
2.
ÚDARÁS INNIÚIL ATÁ FREAGRACH AS STAMPÁIL (ainm, seoladh agus uimhir theileafóin)
|
|
3.
DEARBHÚ ÓN gCOMHLACHT NÓ ÓN DUINE AONAIR INCHÁILITHE
Dearbhaíonn an comhlacht nó an duine aonair incháilithe(1) leis seo
(a)
go bhfuil na hearraí agus/nó na seirbhísí a leagtar amach i mbosca 5 beartaithe(2)
|
|
I gcomhair úsáid oifigiúil
|
I gcomhair úsáid phearsanta
|
|
|
misin eachtraigh taidhleoireachta
|
|
ball de mhisean eachtrach taidhleoireachta
|
|
|
ionadaíochta eachtraí consalaí
|
|
ball d’ionadaíocht eachtrach chonsalach
|
|
|
comhlacht Eorpach a bhfuil feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh ina leith
|
|
|
|
|
eagraíochta idirnáisiúnta
|
|
ball foirne d’eagraíocht idirnáisiúnta
|
|
|
fórsaí armtha Stáit is páirtí i gConradh an Atlantaigh Thuaidh (fórsa ECAT)
|
|
|
|
fórsaí armtha Ballstáit atá ag glacadh páirt i ngníomhaíocht de chuid an Aontais faoin gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC)