MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
I dtuarascáil an Choimisiúin ó mhí Eanáir 2019 maidir le scéimeanna saoránachta agus cónaithe d’infheisteoirí san Aontas Eorpach, leagadh béim ar ábhair imní faoi scéimeanna den sórt sin, go háirithe maidir le slándáil, insíothlú na coireachta eagraithe, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, imghabháil cánach agus éilliú. Tugadh rabhadh freisin go bhféadfaí úsáid a bhaint as scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí chun dul timpeall ar an ngnáthnós imeachta Schengen, agus ar an measúnú riosca cuimsitheach a ghabhann leis, nuair atá na scéimeanna sin á reáchtáil ag tíortha a bhfuil rochtain gan víosa ar an Aontas acu.
Tá feidhm ag Comhaontú maidir le Tarscaoileadh ar Víosa idir an Aontas agus Vanuatú ó 2015 i leith. Roimh 2015, ní raibh ach scéim saoránachta amháin d’infheisteoirí ag Vanuatú, faoinar eisíodh líon teoranta pasanna. Ó 2015 i leith, áfach, tá scéimeanna breise saoránachta d’infheisteoirí bunaithe ag Vanuatú agus tá méadú suntasach tagtha ar líon na n‑iarratasóirí ar éirigh leo. De réir údaráis Vanuatú, tá dhá scéim i bhfeidhm faoi láthair: Clár Ranníocaíochta Vanuatú agus an Clár Tacaíochta Forbartha. Faoi Mhárta 2021, bhí níos mó ná 10 500 pas eisithe ag Vanuatú faoina scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí. I mí Aibreáin 2021, d’fhormheas Parlaimint Vanuatú scéim saoránachta nua nach bhfuil feidhm aige go fóill.
In 2017, thosaigh an Coimisiún ag imscrúdú scéimeanna Vanuatú, ós rud é go raibh amhras tromchúiseach maidir leo, go háirithe mar gheall ar a dteipeanna slándála. Thug an Coimisiún rabhadh freisin d’údaráis Vanuatú faoi na féidearthachtaí fionraíochta atá sa Chomhaontú. In 2017 freisin, d’iarr an Coimisiún faisnéis ar údaráis Vanuatú maidir le bainistiú na scéimeanna, go háirithe maidir le scagadh slándála na n‑iarratasóirí. In 2018, fuair an Coimisiún dearbhuithe ó Rialtas Vanuatú maidir leis na nósanna imeachta um scagadh slándála, inar sonraíodh gur áiríodh seiceálacha i mbunachair sonraí Interpol ar na nósanna imeachta sin.
Ag an gcúigiú Idirphlé Polaitiúil Feabhsaithe idir an tAontas agus Vanuatú an 15 Aibreán 2019, d’athdhearbhaigh an tAontas gur cúis imní dó scéimeanna Vanuatú maidir le saoránacht a fháil trí infheistíocht, agus luaigh sé go bhféadfadh tionchar a bheith ag na scéimeanna sin ar an gComhaontú maidir le Tarscaoileadh ar Víosa. Shoiléirigh an tAontas gur cé gur cinneadh ceannasach Vanuatú iad nósanna imeachta eadóirsithe, go bhfuil dianseiceálacha cúlra slándála bunriachtanach chun aon mhí‑úsáid a chosc.
I mí Iúil 2019, thug an Coimisiún faoi deara gur bronnadh saoránacht ar iarratasóirí faoi scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí, in ainneoin iad a bheith liostaithe i mbunachair sonraí Interpol agus gur thíolaic roinnt iarratasóirí doiciméid bhrionnaithe (go háirithe taifid choiriúla ghlana a bhí brionnaithe) nár bhraith údaráis Vanuatú.
Sheol an Coimisiún litreacha chuig údaráis Vanuatú inar lorgaíodh tuilleadh faisnéise faoi na scéimeanna, faoin scagadh slándála agus faoi dheonú náisiúntachta d’iarratasóirí atá liostaithe ar liostaí faire Interpol, agus thug sé rabhadh arís go bhféadfaí an díolúine víosa a chur ar fionraí.
Ag an séú Idirphlé Polaitiúil Feabhsaithe idir an tAontas agus Vanuatú an 21 Aibreán 2021, thagair an tAontas arís don tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí ar an gComhaontú maidir le Tarscaoileadh ar Víosa agus mhol sé go láidir go rachadh Vanuatú i ngleic láithreach leis na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hinsíothlú coireachta eagraithe, sciúradh airgid, imghabháil cánach agus éilliú, rioscaí a bhaineann leis na scéimeanna sin. Ag an Idirphlé Polaitiúil sin, chuir Vanuatú in iúl go bhfuil sé tiomanta d’athchóirithe a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, amhail dlúthchomhar le páirtithe leasmhara éagsúla – go háirithe a Aonad um Fhaisnéis Airgeadais – nó an leasú ar an Acht um Phasanna. In Aibreán 2021, áfach, ghlac Rialtas Vanuatú céimeanna breise chun clár saoránachta nua a chur ar bun.
Ar bhonn na faisnéise a fuarthas ó Vanuatú, ba é conclúid an Choimisiúin go bhfuil easnaimh thromchúiseacha agus teipeanna slándála i gceist lena scéimeanna d’infheisteoirí a d’fhéadfadh riosca a chruthú do shlándáil inmheánach an Aontais agus a Bhallstát. Go háirithe, an mheántréimhse ama a thógtar chun na hiarratais a phróiseáil, tá sí róghearr chun gur féidir scagadh críochnúil a dhéanamh agus níl tharlaíonn aon mhalartú faisnéise córasach le tír thionscnaimh na n‑iarratasóirí ná lena bpríomháit chónaithe roimhe seo sula ndeonaítear an tsaoránacht. Ina theannta sin, níl aon cheanglas ann maidir le cónaí fisiceach nó láithreacht in Vanuatú. De cheal ceanglas maidir le hagallamh fisiceach, tá amhras breise ann maidir le hiontaofacht an scagtha slándála, ós rud é go laghdaítear na deiseanna atá ann do na húdaráis an fhaisnéis arna soláthar san iarratas a chomhthacú, lena n‑áirítear fírinneacht agus inchreidteacht na faisnéise sin.
Is ábhar imní freisin iad na sonraí atá ar fáil maidir le méid na scéimeanna, an ráta diúltaithe agus na náisiúntachtaí tionscnaimh:
Ar an gcéad dul síos, tá líon na n‑iarratasóirí ar éirigh leo an‑ard (deonaíodh saoránacht ar bhreis agus 10 500 duine mar mhalairt ar an infheistíocht idir 2013 agus 2021 de réir Oifig Pas Vanuatú).
Ar an dara dul síos, tá an ráta diúltaithe an‑íseal. Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, níor diúltaíodh ach d’aon iarratas amháin go dtí 2020. Tá tuilleadh amhras ann dá bharr maidir le hiontaofacht an scagtha slándála agus an díchill chuí a dhéanann údaráis Vanuatú.
Ar an tríú dul síos, i measc thíortha tionscnaimh na n‑iarratasóirí ar éirigh leo, tá roinnt tíortha atá eisiata de ghnáth ó scéimeanna saoránachta eile, amhail an Iaráin agus an Afganastáin, agus tíortha eile a dteastaíonn víosa óna náisiúnaigh le haghaidh tréimhsí gearrfhanachta san Aontas, lena n‑áirítear an Nigéir, Éimin, an tSiria, an Phacastáin agus an Libia.
Dá thoradh sin, faoi na scéimeanna atá bunaithe ag Vanuatú ó 2015 i leith, ceadaítear do náisiúnaigh a bhfuil víosaí de dhíth orthu dul timpeall ar an ngnáthnós imeachta maidir le víosaí Schengen agus ar an measúnú cuimsitheach a ghabhann leis ar na rioscaí imirce agus slándála a bhaineann le daoine ar leith. Ní chinntíonn scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí an t‑ardleibhéal slándála dá dtagraítear i dtuarascáil 2019 ón gCoimisiún maidir le scéimeanna saoránachta agus cónaithe d’infheisteoirí.
Ar deireadh, tá na scéimeanna atá bunaithe ó 2015 i leith á gcur chun cinn ar bhonn tráchtála mar scéimeanna a sholáthraíonn rochtain gan víosa ar an Aontas, cé nach bhfuil sé d’aidhm ag an gComhaontú maidir le Tarscaoileadh ar Víosa é a chur ar a chumas do náisiúnaigh tríú tír ar gá víosa a bheith ina seilbh acu chun taisteal chuig an Aontas dul timpeall ar an gceanglas sin trí shaoránacht Vanuatú a fháil. Cé go n‑urramaíonn an tAontas ceart na dtíortha ceannasacha cinneadh a dhéanamh maidir lena nósanna imeachta eadóirsithe féin, níor cheart rochtain gan víosa ar an Aontas a úsáid mar uirlis chun infheistíocht aonair a ghiaráil i gcomaoin na saoránachta.
Is féidir cuid den Chomhaontú a chur ar fionraí nó é a chur ar fionraí ina iomláine ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí nó ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta a chosaint.
Sa chomhthéacs sin, measann an Coimisiún go dtéann na scéimeanna d’infheisteoirí atá i bhfeidhm in Vanuatú in aghaidh chuspóirí bheartas víosaí an Aontais agus go dtéann siad i gcoinne an idirdhealaithe a dhéantar i Rialachán 2018/1806 idir tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa agus tríú tíortha nach bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais sin, ar rud é a chinneann an tAontas ar bhonn measúnú a dhéantar de réir an cháis ar roinnt critéar a bhaineann, inter alia, le slándáil. Tugann na scéimeanna sin an deis do náisiúnaigh tríú tír, náisiúnaigh a mbeadh víosa ag teastáil uathu mura mbeadh saoránacht Vanuatú bainte amach acu, taisteal go dtí an tAontas gan víosa agus gan dul tríd an ngrinnfhiosrúchán slándála a cheanglaítear le nós imeachta víosa Schengen sula sroicheann siad na teorainneacha seachtracha.
I bhfianaise a bhfuil thuas, tá bonn cirt le fionraí páirteach agus comhréireach an Chomhaontaithe maidir le Tarscaoileadh ar Víosa chun tionchar na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí ar an gcóras taistil gan víosa idir an tAontas agus Vanuatú a mhaolú. Ós rud é nach mbeidh sé indéanta go praiticiúil ag gardaí teorann na mBallstát a chinneadh ar eisíodh gnáthphas trí scéim d’infheisteoirí, cumhdóidh an fionraí gach gnáthphas a eisíodh ón 25 Bealtaine 2015 i leith nuair a thosaigh Vanuatú ag eisiúint líon suntasach pasanna mar mhalairt ar infheistíocht.
2022/0001 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú i ndáil le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 218(9) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú (‘na páirtithe’) maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (‘an Comhaontú’), tugadh i gcrích é an 28 Bealtaine 2015 chun taisteal chuig an Aontas a éascú do shaoránaigh Vanuatú agus chun taisteal chuig Vanuatú a éascú do shaoránaigh den Aontas.
(2)Tá an Comhaontú bunaithe ar chomhmhian na bpáirtithe teagmhálacha duine le duine a spreagadh, borradh a chur faoin turasóireacht agus borradh a chur faoi ghnó idir an tAontas agus Vanuatú.
(3)Faoi Airteagal 8(4) den Chomhaontú, féadfaidh ceachtar páirtí cuid den Chomhaontú a chuir ar fionraí nó é a chur ar fionraí ina iomláine, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí agus ar mhaithe leis an tslándáil náisiúnta a chosaint. 2 mhí ar a dhéanaí tar éis a theacht i bhfeidhm is ea a thabharfar fógra don pháirtí eile maidir leis an bhfionraí. Más rud é nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an bhfionraí sin, is é an páirtí a chuir an Comhaontú ar fionraí a chuirfidh an páirtí eile ar an eolas láithreach agus a chuirfidh deireadh leis an bhfionraí.
(4)Tá scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí i bhfeidhm ag Vanuatú trínar thug sé náisiúntacht Vanuatú do náisiúnaigh tíortha eile nach raibh aon bhaint acu le Vanuatú roimhe seo, agus eisíonn sé cinntí dearfacha maidir le formhór na n‑iarratas. Go dtí mí an Mhárta 2021, d’eisigh sé breis agus 10 500 pas agus bhí ráta diúltaithe an‑íseal ann. Tá amhras ann dá bharr maidir le hiontaofacht an scagtha slándála agus an díchill chuí a dhéanann údaráis Vanuatú.
(5)Le linn malartuithe a rinneadh i mí Dheireadh Fómhair 2017, mí na Samhna 2019, mí an Mheithimh 2020 agus mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún in iúl go raibh imní mhór air agus thug sé rabhadh do rialtas Vanuatú go bhféadfaí an ceanglas víosa a chur i bhfeidhm arís. Níor leor na mínithe a thug Vanuatú chun na húdair imní sin a mhaolú.
(6)Maidir le saoránacht a dheonú d’iarratasóirí atá liostaithe i mbunachair sonraí Interpol, tá sin ag teacht salach ar na dearbhuithe a thug údaráis Vanuatú roimhe seo maidir le scagadh slándála agus tá tuilleadh imní ann faoi iontaofacht nósanna imeachta na scéimeanna um scagadh slándála.
(7)I measc náisiúntachtaí tionscnaimh na n‑iarratasóirí ar éirigh leo agus ar bronnadh náisiúntacht Vanuatú orthu, tá roinnt tíortha nach mór víosa a bheith ina seilbh ag a náisiúnaigh agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha an Aontais. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún in iúl gur cúis imní dó easpa ceanglais chónaithe nó láithreachta fisicí, tréimhsí próiseála gearra na scéimeanna agus easpa malartú faisnéise córasach le tíortha tionscnaimh nó le príomháit chónaithe na n‑iarratasóirí roimhe seo. Ba é conclúid an Choimisiúin nach ráthaítear leibhéal ard slándála leis an scagadh a dhéantar ar iarratais ar scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí in Vanuatú.
(8)Ba cheart fionraí an Chomhaontaithe a bheith teoranta do ghnáthphasanna arna n‑eisiúint ón 25 Bealtaine 2015 i leith, nuair a tháinig méadú suntasach ar líon na n‑iarratasóirí ar éirigh leo faoi scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí.
(9)Dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le gach saoránach de chuid Vanuatú a bhfuil gnáthphas aige arna eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 i leith, ba cheart an cur i bhfeidhm sin a chur ar fionraí.
(10)Is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle; Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta, déantar an Comhaontú sin a chur ar fionraí i gcás shaoránaigh Vanuatú a bhfuil gnáthphasanna acu arna n‑eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 i leith.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an [dhá mhí tar éis an fhoilsithe – OP cuir isteach dáta sonrach le do thoil].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán