An Bhruiséil,4.1.2022

COM(2022) 4 final

2021/0438(COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive

{SWD(2022) 1 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Le blianta beaga anuas, bhí go leor deacrachtaí le sárú ag Poblacht na Moldóive; áirítear leosan deacrachtaí i dtaobh na heacnamaíochta agus na polaitíochta. In 2020, d’imir paindéim COVID‑19, mar aon le triomach le linn tsamhraidh, tionchar diúltach suntasach ar an bhfás, rud a d’fhág go raibh crapadh 7 % ar OTI, an cúlú is láidre ó bhí an ghéarchéim dhomhanda airgeadais ann. Cuireadh leis an gcor chun donais eacnamaíoch mar gheall ar ghéarchéim pholaitiúil fhada a tháinig i ndiaidh na dtoghchán uachtaránachta i mí na Samhna 2020, géarchéim pholaitiúil a réitíodh leis na toghcháin pharlaiminteacha i mí Iúil 2021. Ó bhí mí Lúnasa ann, nuair a chuaigh an rialtas nua atá dírithe ar athchóiriú i mbun oifige, tá na fórsaí polaitiúla uile sa Mholdóiv (lena n‑áirítear an tUachtarán, an Rialtas agus an Pharlaimint) ailínithe, iad go léir ag tacú le clár oibre coiteann ardaidhmeach don athchóiriú, ina ndírítear ar phríomhréimsí beartais amhail athchóirithe ar earnáil an cheartais, dea-rialachas agus an comhrac i gcoinne na caimiléireachta.

Mar sin féin, d’ainneoin an mhóimintim pholaitiúil athnuaite agus an tiomantais láidir d’athchóirithe a chur chun feidhme, tá dúshláin shuntasacha fós roimh an Moldóiv, lena n‑áirítear rialachas, éilliú, cumas teoranta riaracháin, mar aon le géarchéim fuinnimh a tharla le déanaí, ar dúshláin iad a d’fhág cobhsaíocht eacnamaíoch na Moldóive lagaithe tuilleadh agus a tharraing próiseas dúshlánach caibidlíochta le Gazprom ar an tír (síníodh comhaontú nua soláthair gáis an 29 Deireadh Fómhair).

Sa chomhthéacs sin agus i bhfianaise riachtanais shuntasacha maoinithe na Moldóive, agus an bhearna maoinithe sheachtraigh measta a bheith 1.2 % d’OTI na Moldóive in 2022, d’iarr rialtas na Moldóive tacaíocht MFA (cúnamh macrairgeadais) nua ar an Aontas an 19 Samhain 2021, tar éis comhaontú ar leibhéal foirne an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (a fógraíodh an 21 Deireadh Fómhair 2021) maidir le Saoráid Chreidmheasa Shínte/Saoráid Chiste Shínte USD 564 milliún.

I bhfianaise na cobhsaíochta polaitiúla athnuaite agus tar éis mionmheasúnú a dhéanamh ar an staid pholaitiúil agus eacnamaíoch sa Mholdóiv, tá an Coimisiún ag cur togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun tacaíocht mhacrairgeadais nua EUR 150 milliún a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive, a mbeadh EUR 120 milliún de i bhfoirm iasachtaí agus EUR 30 milliún i bhfoirm deontas.

Chuideodh an tacaíocht mhacrairgeadais atá beartaithe leis an Moldóiv cuid dá riachtanais iarmharacha maoinithe sheachtraigh a chumhdach, riachtanais a meastar iad a bheith USD 480 milliún, i gcomhthéacs chlár nua CAI thar an tréimhse 2021-2025.

Dhéanfaí an eisíocaíocht i dtrí thráinse, le scaoileadh gach tráinse, lena n‑áirítear an chéad tráinse, nasctha go docht le dul chun cinn maith maidir le cur chun feidhme chlár CAI agus roinnt beart beartais breise a bheidh le comhaontú idir an Coimisiún agus na húdaráis agus a liostófar i Meabhrán Tuisceana (MT). Is dócha go ndíreofar sa MT ar athchóirithe beartais lena dtabharfar aghaidh ar aisghabháil sócmhainní a bhaineann le calaois na mbanc in 2014, athchóirithe leanúnacha ar Bhainistíocht Airgeadais Phoiblí (PFM), athchóiriú ar earnáil an cheartais, earnáil an fhuinnimh mar aon le timpeallacht an ghnó i gcoitinne. Táthar ag súil go mbeidh cur chun feidhme na hoibríochta atá beartaithe ar aon dul leis an tacaíocht faoi oibríochtaí buiséadacha arna maoiniú ag an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI).

De réir an chur síos níos mionsonraithe atá sa doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo agus bunaithe, i measc rudaí eile, ar an measúnú ar an staid pholaitiúil a rinne an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí le chéile, tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil na réamhchoinníollacha polaitiúla agus eacnamaíocha comhlíonta maidir leis an tacaíocht mhacrairgeadais atá beartaithe.

Comhthéacs ginearálta

D’ainneoin téarnamh suntasach tar éis an chúlaithe thromchúisigh in 2020, tá ionchas maicreacnamaíoch na Moldóive fós leochaileach. Is é is cúis leis sin, i bpáirt, staid cúrsaí a bhíonn deacair toisc na paindéime (agus líon chásanna COVID‑19 ag méadú agus ráta vacsaínithe réasúnta íseal faoi bhun 30 % faoi thús mhí na Nollag 2021), anuas ar an ngéarchéim gáis a chuir an Mholdóiv faoi bhrú breise airgeadais. Tá an méid sin sa bhreis ar na laigí suntasacha struchtúracha, go háirithe cumas teoranta riaracháin, is gá a thuilleadh feabhas a chur ar rialachas agus ar an gcomhrac leanúnach i gcoinne an éillithe.

Tar éis titim ghéar in 2020, arbh é an phaindéim ba chúis leis, ba théarnamh suntasach é an geilleagar sa chéad leath de 2021 agus tháinig méadú 11.5 % ar OTI, áfach, mar gheall ar an mbonn íseal. Tuartar go dtiocfaidh moill ar an bhfás sa dara leath den bhliain, le boilsciú níos airde agus tomhaltas na dteaghlach lagaithe. I bhfianaise an mhéid sin, is é toimhde CAI agus an Bhainc Dhomhanda go mbeidh téarnamh foriomlán thart ar 7 % ann don bhliain seo ina iomláine, méadú a mhoilleoidh go fás 4.5 % ar OTI an bhliain seo chugainn.

Tar éis díbhoilsciú suntasach anuraidh, tháinig dlús ar an mboilsciú mar a thomhaistear é leis an Innéacs Praghsanna Tomhaltóirí (CPI) in 2021, suas le 8.8 % i mí Dheireadh Fómhair, a sháraigh go suntasach an spriocráta a shocraigh Banc Náisiúnta na Moldóive (NBM) ag 5 % +/- 1.5 pointe céatadáin. Is é is cúis leis an gcuid is mó de an méadú ar phraghsanna bia chomh maith le taraifí fuinnimh níos airde. Mar fhreagairt ar an mbrú ard boilscithe, d’ardaigh an banc ceannais a ráta beartais roinnt uaireanta i mbliana, é socraithe ag 5.5 % i mí Dheireadh Fómhair. Tá tuartha ag Banc Náisiúnta na Moldóive go mbeidh ráta boilscithe dédhigiteach ann sa chéad leath de 2022, suas le 15 %, ach glactar leis nach bhfuil i gcuid de ach boilsciú de chineál neamhbhuan, ach d’fhéadfadh sé go dtiocfadh tuilleadh teannta airgeadaíochta as freisin.

De dhroim na peirspictíochta fáis feabhsaithe agus ioncam cánach níos airde, i mí Mheán Fómhair, rinne an rialtas leasú ar Dhlí Buiséid an Stáit, ag tuar easnamh níos ísle ná mar a bhí á thoimhde ar dtús, easnamh 5.1 % de OTI seachas an t‑easnamh 6.7 % de OTI ag tús 2021. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil an ghéarchéim fuinnimh fós ann agus go bhfuil sé beartaithe ag na húdaráis bearta nua cúitimh a thabhairt isteach chun na tomhaltóirí is leochailí a chosaint, táthar ag tuar go dtiocfaidh meath ar staid fhioscach na Moldóive an bhliain seo chugainn. De réir Bhuiséad Stáit 2022, arna thíolacadh don Pharlaimint an 25 Samhain, méadóidh an t‑easnamh buiséid go 6 % de OTI an bhliain seo chugainn, easnamh atá ard i gcomparáid le meánmhéideanna stairiúla easnamh na Moldóive, é ag guairdeall faoi bhun 2 % de OTI le linn na tréimhse 2015-2019. Tuartar go dtiocfaidh méadú 7.6 billiún Leu ar chaiteachas, i gcomparáid le méadú 4.2 billiún Leu ar ioncam, méadú a thacófar le bailiú méadaithe CBL.

I bhfianaise an mhéadaithe ar chaiteachas agus d’ainneoin cúnamh breise óna comhpháirtithe idirnáisiúnta chun éifeachtaí an mhéadaithe ar phraghas an fhuinnimh a mhaolú, tuartar go dtiocfaidh méadú suntasach ar fhiachas poiblí na Moldóive, rud a théann thar 40 % de OTI sa mheántéarma, i gcomparáid le 28 % de OTI in 2019, roimh an gcúlú eacnamaíochta, arb í an phaindéim is cúis leis, agus an ghéarchéim gáis.

Tar éis chúngú an easnaimh sa chuntas reatha in 2020 go 6.6 % de OTI, tháinig méadú air sin sa chéad leath de 2021 go 14 % de OTI bliain ar bhliain, rud a chuir brú as an nua ar chomhardú íocaíochtaí na Moldóive. De réir réamhaisnéisí CAI, bainfidh an t‑easnamh sa chuntas reatha USD 1.5 billiún amach faoi dheireadh na bliana seo (thart ar 11 % de OTI), méadú faoi dhó, nach mór, i gcomparáid leis an mbliain seo caite. Is é is cúis le cuid mhaith de sin an méadú suntasach a tháinig ar allmhairí agus ar onnmhairí araon in 2021. Tháinig méadú 21.1 % ar onnmhairí idir Eanáir-Meán Fómhair i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020, ach sáraíodh an méadú sin le fás 31.7 % ar allmhairí.

Bhí cúlchistí malairte eachtraí na Moldóive cobhsaí tríd an bpaindéim in 2020, agus mhéadaigh siad in 2021, iad ard i gcónaí i gcoibhneas le leibhéil stairiúla, ag USD 4 bhilliún ó dheireadh mhí Mheán Fómhair. Is ionann sin agus cumhdach 8 mí allmhairí, agus den chuid is léiriú é ar leithdháileadh na gCeart Tarraingthe Speisialta (CTS) ag CAI i mí Lúnasa de USD 236 milliún, a bhí mar chuid de fhreagairt dhomhanda an Chiste ar ghéarchéim COVID‑19.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Cinneadh Uimh. 701/2020/AE maidir leis an gcúnamh macrairgeadais arna chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive roimhe seo (mar chuid den phacáiste CMA do thíortha an mhéadaithe agus do thíortha comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID‑19), cúnamh macrairgeadais arbh fhiú EUR 100 milliún in iasachtaí, ghlac Parlaimint na hEorpa agus Chomhairle leis an gCinneadh sin an 25 Bealtaine 2020. Rinneadh an cúnamh a eisíoc go hiomlán le linn 2020-2021.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá dlúthchaidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch forbartha ag an Aontas agus ag Poblacht na Moldóive i gcaitheamh na mblianta, as ar tháinig an Comhaontú Comhlachais (lena n‑áirítear an limistéar domhain cuimsitheach saorthrádála), a síníodh an 27 Meitheamh 2014 agus a tháinig i bhfeidhm go hiomlán an 1 Iúil 2016, agus leagtar amach i gClár Oibre Comhlachais liosta na dtosaíochtaí le haghaidh na hoibre comhpháirtí. Cuireadh síneadh bliana leis an gClár Oibre Comhlachais deireanach don tréimhse 2017-2019 (mar gheall ar an bpaindéim anuraidh), agus tá doiciméad nua á ullmhú, lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2027.

Tá naisc eacnamaíocha na Moldóive leis an Aontas Eorpach forbartha go maith freisin. Tá an tAontas fós ar an gcomhpháirtí trádála is mó atá ag an Moldóiv, ar fiú 52 % dá trádáil iomlán é in 2020 (thart ar 67 % d’onnmhairí iomlána agus 45 % d’allmhairí iomlána na Moldóive), agus ina dhiaidh sin an Rúis (9 %) agus an tSín (8 %).

Tá tíortha atá cumhdaithe ag Beartas Comharsanachta na hEorpa incháilithe le haghaidh CMA (má chomhlíonann siad coinníollacha éagsúla). Chomhlánódh cúnamh macrairgeadais an Aontais na deontais arna slógadh faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus faoi chláir eile de chuid an Aontais agus, go háirithe, na coinníollachtaí a bheartaítear faoi na pacáistí tacaíochta buiséid atá á gcur chun feidhme ag an Aontas. Trí thacú le húdaráis na Moldóive creat iomchuí le haghaidh beartas maicreacnamaíoch agus athchóirithe struchtúracha a ghlacadh, mhéadódh cúnamh macrairgeadais an Aontais breisluach agus éifeachtacht idirghabhálacha airgeadais foriomlána an Aontais, lena n‑áirítear idirghabhálacha trí hionstraimí airgeadais eile.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 212 CFAE an bunús dlí don togra seo.

Coimhdeacht (maidir le hinniúlacht neamheisiach)

Urramaítear prionsabal na coimhdeachta ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin na cuspóirí a ghnóthú go leordhóthanach maidir le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch ghearrthéarmach a athshlánú i bPoblacht na Moldóive agus gur fearr is féidir leis an Aontas Eorpach iad a ghnóthú. Is iad na príomhchúiseanna atá leis sin na srianta buiséadacha atá ann ar an leibhéal náisiúnta agus an gá atá le comhordú maith idir na deontóirí chun gur féidir cur le scála agus le héifeachtacht an chúnaimh a oiread agus is féidir.

Comhréireacht

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta: ní théann sé thar an méid is gá chun na cuspóirí maidir le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch ghearrthéarmach a ghnóthú.

Mar a shainaithin an Coimisiún ar bhonn mheastacháin CAI i gcomhthéacs na Saoráide Ciste Sínte, tá méid an chúnaimh cothrom le thart ar 36 % den bhearna maoiniúcháin iarmharach a mheastar a bheidh fós ann sa tréimhse 2021-2025. Tá sé sin comhsheasmhach leis na cleachtais chaighdeánacha maidir le comhroinnt ualaigh d’oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais (i gcás tíre a bhfuil Comhaontú Comhlachais aici, is é 60 % an uasteorainn a bheadh ann i gcomhréir leis na conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 8 Deireadh Fómhair 2002), agus an cúnamh a thug deontóirí déthaobhacha agus iltaobhacha eile don Mholdóiv á chur san áireamh.

An rogha ionstraime

Ní bheadh maoiniú tionscadal ná cúnamh teicniúil oiriúnach ná leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí maicreacnamaíocha sin. Is é an breisluach is mó a bhainfeadh le cúnamh macrairgeadais i gcomparáid le hionstraimí eile an Aontais go maolófaí srianta airgeadais sheachtraigh agus go mbeadh sé ina chuidiú creat maicreacnamaíoch cobhsaí a chruthú, lena n‑áirítear cuidiú trí chomhardú íocaíochtaí agus cás buiséadach a bheadh inbhuanaithe a chur chun cinn, mar aon le creat iomchuí le haghaidh athchóirithe struchtúracha. Trí chúnamh a thabhairt creat beartais iomchuí a chur ar bun, bíonn sé de bhua ag an gcúnamh macrairgeadais go gcuireann sé le héifeachtacht na mbeart a mhaoinítear sa Mholdáiv faoi ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais atá níos spriocdhírithe.

3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA GEALLSEALBHÓIRÍ AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí

Cuirtear tacaíocht mhacrairgeadais ar fáil mar dhlúthchuid den tacaíocht idirnáisiúnta do chobhsaíocht eacnamaíoch Phoblacht na Moldóive. Agus an togra seo le haghaidh cúnamh macrairgeadais á ullmhú, chuaigh seirbhísí an Choimisiúin i gcomhairle le CAI agus leis an mBanc Domhanda, a bhfuil cláir mhaoiniúcháin measartha mór curtha ar bun acu cheana féin agus atá ag ullmhú cláir nua. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Malartach Eacnamaíoch agus Airgeadais an 25 Samhain 2021, áit ar cuireadh formhuiniú ar fáil don dréacht‑togra. Bhí an Coimisiún i dteagmháil rialta freisin le húdaráis na Moldóive.

Bailiú agus úsáid saineolais

I gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais agus i gcomhthéacs phacáiste cúnaimh macrairgeadais COVID‑19, rinne seirbhísí an Choimisiúin Measúnú Oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus riaracháin na Moldóive chun a fháil amach go soláthraí ráthaíochtaí leordhóthanacha leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm maidir le bainistíocht chúnamh an chláir, an cúnamh macrairgeadais san áireamh. Fuarthas tuarascáil deiridh an Mheasúnaithe Oibríochtúil, a d’ullmhaigh comhlacht comhairliúcháin, i Meitheamh 2020. Tugtar faoi deara sa tuarascáil go ndearnadh dul chun cinn soiléir i gcórais PFM agus i scagchuarda airgeadais eile ó bhí 2015 ann nuair a rinneadh an cleachtadh deireanach agus baintear de thátal as go bhfuil stádas scagchuarda agus nósanna imeachta airgeadais na Moldóive fabhrach d’oibríocht CMA ina dhiaidh sin. Leanfar d’fhaireachán géar a dhéanamh ar fhorbairtí sa réimse sin freisin trí na tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn maidir le hathchóirithe PFM a rinne Toscaireacht an Aontais in Chisinau.

Measúnú tionchair

Is ionstraim éigeandála eisceachtúil é cúnamh macrairgeadais an Aontais Eorpaigh agus is é is cuspóir dó aghaidh a thabhairt ar mhórdheacrachtaí comhardaithe íocaíochtaí i dtríú tíortha. Dá bhrí sin, ní gá, mar chuid den togra seo maidir le cúnamh macrairgeadais, Measúnú Tionchair a dhéanamh i gcomhréir le Treoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr (SWD (2015) 111 final) mar go bhfuil riachtanas polaitiúil ann gníomhú go pras i gcás a dteastaíonn mearfhreagairt ina leith.

Ar leibhéal níos ginearálta, tógann tograí an Choimisiúin sa réimse seo ar na ceachtanna a foghlaimíodh as meastóireachtaí ex post a rinneadh ar oibríochtaí eile i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh. Leis an tacaíocht mhacrairgeadais nua, agus leis an gclár coigeartaithe eacnamaíoch agus athchóirithe a ghabhann leis, cuideofar le riachtanais mhaoiniúcháin ghearrthéarmacha na Moldóive a mhaolú agus, ag an am céanna, tacófar le bearta beartais arb é is aidhm dóibh comhardú meántéarmach na n‑íocaíochtaí agus an inbhuanaitheacht fhioscach a neartú agus fás inbhuanaithe a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, an clár a bheidh le glacadh ag Bord Feidhmiúcháin CAI á chomhlánú. Leis na coinníollacha beartais sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar roinnt de na laigí bunúsacha a léirigh córas geilleagair agus rialachais eacnamaíoch na Moldóive thar na blianta. D‘fhéadfaí a áireamh, i bprionsabal, ar réimsí coinníollachta a d’fhéadfadh a bheith ann athchóirithe chun rialachas san earnáil airgeadais a neartú, PFM, athchóirithe ar an earnáil fuinnimh, agus bearta tionlacain chun an líontán sábhála sóisialta a neartú, feabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta agus tacú le cur chun feidhme chomhaontú LDCST.

Cearta bunúsacha

Tá tíortha atá cumhdaithe ag BCE incháilithe le haghaidh cúnamh macrairgeadais. Ba cheart é a bheith ina réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais a dheonú go mbeadh ar an tír incháilithe cloí le sásraí éifeachtacha daonlathacha, lena n‐áirítear córas parlaiminteach ilpháirtí, an smacht reachta, mar aon le ráthaíocht go dtabharfaí urraim do chearta an duine.

Is comhartha dearfach soiléir é an tiomantas athnuaite maidir le hathchóiriú agus an toil láidir pholaitiúil ó údaráis nua na Moldóive, tar éis na dtoghchán i mí Iúil, sna príomhréimsí athchóirithe lena n‑áirítear athchóirithe ar earnáil an cheartais, dea-rialachas, an smacht reachta agus an comhrac i gcoinne an éillithe. Tá na húdaráis tiomanta na hathchóirithe sin a dhéanamh ar bhealach trédhearcach agus i gcomhréir le caighdeáin an Aontais. Chuige sin, meastar an réamhchoinníoll polaitiúil le haghaidh clár CMA a bheith comhlíonta.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Beartaítear go n‑eisíocfar EUR 150 milliún oibríocht an chúnaimh macrairgeadais don Mholdóiv i dtrí thráinse chomhionanna a scaoilfear idir 2022 agus 2024. Ceadaítear leis an gclárú airgeadais don tréimhse 2022-2024 comhpháirt deontais EUR 30 milliún a mhaoiniú ón mbuiséad atá ar fáil ar líne bhuiséid 14 20 03 01 ‘Cúnamh macrairgeadais (MFA) - deontais’. Maidir leis an gcomhpháirt iasachta de EUR 120 milliún, déanfar an soláthar is gá ag ráta 9 % den Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chlársceidealú faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI), ar mhéid iomlán EUR 10.8 milliún (líne bhuiséid 14 02 01 70 ‘NDICI – An Ciste don Soláthar Coiteann a Sholáthar’).

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Cuirfidh an tAontas Eorpach cúnamh macrairgeadais suas le EUR 150 milliún ar fáil don Mholdóiv. Is i bhfoirm iasachtaí idir mheántéarmacha agus fhadtéarmacha a chuirfear ar fáil é, agus beidh sé ina chuidiú le riachtanais mhaoiniúcháin iarmharaigh na Moldóive in 2022-24 a chumhdach. Tá sé beartaithe an cúnamh a eisíoc i dtrí thráthchuid, a eisíocfar go cothrom le linn thréimhse an chúnaimh macrairgeadais, ar choinníoll go mbeidh na bearta beartais a ghabhann le gach tráinse curtha chun feidhme ina n‑iomláine ar bhealach tráthúil.

Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an tacaíocht sin. Beidh forálacha sonracha maidir le cosc ar chalaois agus ar neamhrialtachtaí eile i bhfeidhm, forálacha a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Shocródh an Coimisiún agus údaráis na Moldóive ar Mheabhrán Tuisceana ina leagfaí amach na bearta le haghaidh athchóiriú struchtúrach a bhaineann leis an gcúnamh macrairgeadais atá beartaithe, lena n‑áirítear gnéithe maidir le huainiú agus seicheamhú an chúnaimh. Ina theannta sin, mar is gnách i gcás CMA, bheadh na heisíocaíochtaí ag brath, inter alia, ar athbhreithnithe sásúla faoi chlár CAI, chomh maith le dul chun cinn maidir le Comhaontú Comhlachais an Aontais leis an Moldóiv agus an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a chur chun feidhme. Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na húdaráis chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na ngníomhaíochtaí beartais agus na réamhchoinníollacha, mar a shonraítear thuas.

2021/0438 (COD)

Togra le haghaidh

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Tá forbairt á déanamh i rith an ama i dtaca leis an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach (‘an tAontas’) agus Poblacht na Moldóive (‘an Mholdóiv’) faoi chuimsiú Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus Chomhpháirtíocht an Oirthir. Tháinig an Mholdóiv isteach i gComhpháirtíocht an Oirthir de chuid an Aontais in 2009, rud a tharla i ndiaidh na caibidlíochta ar chomhaontú comhlachais idir an tAontas agus an Mholdóiv. Síníodh an comhaontú sin, lena náirítear Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a thabhairt isteach de réir a chéile, i mí an Mheithimh 2014 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)Tá geilleagar na Moldóive buailte go mór ag cúlú eacnamaíochta 2020, arbh é paindéim COVID19 ba chúis leis, ag an tsáinn fhada pholaitiúil sa tír tar éis na dtoghchán Uachtaránachta i mí na Samhna 2020, agus ag an ngéarchéim fuinnimh a tharla le déanaí. Chuir an staid sin leis an mbearna maoiniúcháin sa Mholdóiv, lena seasamh seachtrach atá ag dul in olcas, agus leis na riachtanais fhioscacha atá ag dul i méid.

(3)Tar éis an toghcháin i mí Iúil 2021, léirigh rialtas nua na Moldóive tiomantas láidir d’athchóirithe breise, le clár uaillmhianach ‘Moldova in good times 2021-2025’ [‘An Mholdóiv in aimsir an ratha 2021-2025’], ina ndírítear ar phríomhréimsí beartais lena náirítear, i measc réimsí eile, athchóirithe ar earnáil an cheartais, an comhrac i gcoinne an éillithe, dea-rialachas agus an smacht reachta.

(4)Leis an ngealltanas athnuaite maidir le hathchóiriú agus leis an toil láidir pholaitiúil, chuir na húdaráis dlús suntasach le cur chun feidhme an athchóirithe, rud a chuir ar chumas na Moldóive oibríocht MFA COVID19 a thabhairt chun críche go rathúil freisin 1 , ós rud é gur comhlíonadh na gníomhaíochtaí uile um athchóiriú a comhaontaíodh leis an Aontas sa Mheabhrán Tuisceana, cé is moite de ghníomhaíocht amháin – maidir le haisghabháil sócmhainní – ar deonaíodh tarscaoileadh ina leith. Chuige sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le Coiste na mBallstát, agus ní dhearnadh aon agóid.

(5)Tar éis don teip ar ghlacadh chlár nua CAI, a caibidlíodh in 2020, tá aghaidh as an nua tugtha ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (‘CAI’) ar an Moldóiv tar éis na dtoghchán i mí Iúil 2021 agus tháinig sé ar chomhaontú ar leibhéal na foirne (21 Deireadh Fómhair 2021) maidir le Saoráid Chreidmheasa Shínte/Saoráid Chiste Shínte USD 564 milliún. Glacadh an clár nua le cinneadh ó Bhord Feidhmiúcháin CAI [an 20 Nollaig 2021]. Is é is aidhm don chlár an téarnamh eacnamaíoch a chothú agus clár oibre uaillmhianach maidir le rialachas agus athchóiriú institiúideach a sheoladh, trédhearcacht agus cuntasacht a neartú, intuarthacht beartais phoiblí a fheabhsú, institiúidí airgeadais a neartú agus dírialáil a chothú.

(6)I bhfianaise na staide eacnamaíche agus an ionchais eacnamaíoch a bheith ag dul in olcas, d’iarr an Mholdóiv cúnamh macrairgeadais comhlántach ar an Aontas i mí na Samhna 2021.

(7)Is é EUR 518,15 milliún leithdháileadh táscach an Aontais don Mholdóiv faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht don tréimhse 2014-2020, lena náirítear tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh teicniúil. Sainaithníodh i gCreataí Tacaíochta Aonair le haghaidh 2014-2017 agus 2017-2020 an earnáil tosaíochta le haghaidh comhair leis an Moldóiv arna maoiniú ag an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht don tréimhse bhuiséadach roimhe sin. Leagfar amach tosaíochtaí 2021-2027 sa Chlár Táscach Ilbhliantúil nua, a ullmhaíodh i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir.

(8)Ós rud é go gcumhdaítear an Mholdóiv faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ba cheart a mheas go bhfuil sí incháilithe cúnamh macrairgeadais a fháil ón Aontas.

(9)Is é ba cheart a bheith i gcúnamh macrairgeadais an Aontais ionstraim airgeadais eisceachtúil lena dtugtar tacaíocht neamhcheangailte agus neamhshannta ar mhaithe le comhardú na n‐íocaíochtaí, agus é d’aidhm aici aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha mhaoiniúcháin sheachtraigh an tairbhí, agus ba cheart an cúnamh sin a úsáid mar bhonn le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí bearta láidre práinneacha i bhfeidhm maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, bearta a bheadh ceaptha an staid i dtaca le comhardú na n‐íocaíochtaí a fheabhsú sa ghearrthéarma.

(10)I bhfianaise go bhfuil bearna iarmharach shuntasach fós sa mhaoiniú seachtrach a mhéid a bhaineann le comhordú íocaíochtaí na Moldóive, ar bearna í atá go mór os cionn na nacmhainní a sholáthraíonn CAI agus institiúidí iltaobhacha eile, meastar, sna himthosca eisceachtúla atá faoi láthair ann, gur freagairt iomchuí ar iarraidh na Moldóive ar thacaíocht don chobhsú eacnamaíoch, i gcomhar le clár CAI, atá i gcúnamh macrairgeadais an Aontais don Mholdóiv. Thacódh cúnamh macrairgeadais an Aontais le cobhsú eacnamaíoch agus le clár um athchóiriú struchtúrach na hMoldóive, agus na hacmhainní a cuireadh ar fáil faoi shocrú airgeadais CAI á bhforlíonadh.

(11)Ba cheart é a bheith d’aidhm ag cúnamh macra-airgeadais an Aontais staid inbhuanaithe maidir le maoiniú seachtrach a athbhunú san Mholdóiv, rud a thacódh le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta na tíre.

(12)Táthar ag súil go mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais ag teacht le cur chun feidhme eisíocaíochtaí oibríochtaí tacaíochta buiséid faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta arna bunú le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2 .

(13)Déantar méid an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas a chinneadh ar bhonn measúnú cainníochtúil iomlán ar na riachtanais maoinithe sheachtraigh atá fós ag an Moldóiv, agus cuirtear san áireamh inniúlacht na tíre sin a hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, a úsáid chun í féin a mhaoiniú. Ba cheart go gcomhlánódh cúnamh macra-airgeadais an Aontais na cláir agus na hacmhainní atá á gcur ar fáil ag CAI agus ag an mBanc Domhanda. Agus méid an chúnaimh á chinneadh, cuirtear san áireamh, freisin, na ranníocaíochtaí airgeadais a bhfuiltear ag súil leo ó dheontóirí iltaobhacha agus an gá atá leis an ualach a roinnt go cothrom idir an tAontas agus deontóirí eile, maille leis an úsáid atá á baint cheana as ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh eile sa Mholdóiv agus an breisluach a bhaineann le rannpháirtíocht an Aontais ina hiomláine.

(14)Agus riachtanais iarmharacha mhaoiniúcháin sheachtraigh na Moldóive á gcur san áireamh, leibhéal forbartha eacnamaíche na Moldóive, arna thomhas de réir cóimheasa ioncaim per capita agus bochtaineachta, a cumas í féin a mhaoiniú lena hacmhainní dílse, go háirithe na cúlchistí idirnáisiúnta atá ar fáil di, agus an measúnú ar a hanailís ar inbhuanaitheacht fiachais a aisíoc maidir lena cumas fiachas a aisíoc, ba cheart cuid den chúnamh a chur ar fáil i bhfoirm deontas.

(15)Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go bhfuil tacaíocht mhacrairgeadais an Aontais i gcomhréir, ó thaobh dlí agus substainte de, leis na príomhphrionsabail, príomhchuspóirí agus príomhbhearta a bhaineann le réimsí éagsúla na gníomhaíochta seachtraí agus le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais.

(16)Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais tacú le beartas seachtrach an Aontais i dtaca leis an Moldóiv. Ba cheart don Choimisiún agus don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile agus an cúnamh macrairgeadais á cur i bhfeidhm chun beartas seachtrach an Aontais a chomhordú agus chun comhsheasmhacht an bheartais sin a áirithiú.

(17)Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais tacú leis an ngealltanas atá tugtha ag an Moldóiv luachanna atá i gcoiteann aici leis an Aontas a urramú, lena náirítear an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, urraim do chearta an duine, an fhorbairt inbhuanaithe agus laghdú na bochtaineachta, agus leis an ngealltanas atá tugtha aici maidir le prionsabail na trádála oscailte cothroime atá bunaithe ar rialacha a urramú.

(18)Ba cheart a leagan síos mar réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a thabhairt don Mholdóiv nach mór don Mholdóiv sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú – lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí – maille leis an smacht reachta, agus a ráthú go nurramófar cearta an duine. Ina theannta sin, ba cheart do na cuspóirí sonracha atá le tacaíocht mhacrairgeadais an Aontais éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mholdóiv a neartú agus ba cheart dóibh athchóirithe struchtúracha atá dírithe ar fhás inbhuanaithe cuimsitheach, cruthú post agus comhdhlúthú fioscach a chur chun cinn. Ba cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún araon faireachán rialta a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na réamhchoinníollacha sin a chomhlíonadh agus na cuspóirí sin a bhaint amach.

(19)Chun a áirithiú go gcosnaítear ar bhealach éifeachtúil na leasanna airgeadais sin de chuid an Aontais atá nasctha le tacaíocht mhacrairgeadais an Aontais, ba cheart don Mholdóiv na bearta iomchuí a dhéanamh a bhaineann le calaois, éilliú agus neamhrialtachtaí eile i dtaca leis an tacaíocht a chosc agus a chomhrac. Sa bhreis air sin, ba cheart a fhoráil go ndéanfadh an Coimisiún seiceálacha agus go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí.

(20)Ní dochar eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais do chumhachtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcáil mar údarás buiséadach.

(21)Maidir le méideanna an chúnaimh macra-airgeadais a sholáthraítear i bhfoirm deontas agus leis na méideanna den soláthar a éilítear le haghaidh cúnamh macra-airgeadais i bhfoirm iasachtaí, ba cheart go mbeidís comhsheasmhach leis na leithreasaí buiséadacha dá bhforáiltear sa chreat airgeadais ilbhliantúil.

(22)Is é an Coimisiún ar cheart dó cúnamh macra-airgeadais an Aontais a bhainistiú. Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann cur chun feidhme an Chinnidh seo a leanúint, ba cheart don Choimisiún iad a chur ar an eolas go rialta faoi aon dul chun cinn a dhéantar maidir leis an gcúnamh, agus na doiciméid ábhartha a sholáthar dóibh.

(23)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an gCinneadh seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 .

(24)Ba cheart cúnamh macrairgeadais an Aontais a bheith faoi réir coinníollacha beartais eacnamaíoch a bheidh le leagan síos i Meabhrán Tuisceana. Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú i dtaca leis an gcur chun feidhme agus ar chúiseanna a bhaineann le héifeachtúlacht, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún na coinníollacha sin a chaibidliú le húdaráis na Moldóive faoi mhaoirseacht choiste ionadaithe na mBallstát i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Faoin Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith leis an nós imeachta comhairliúcháin, mar riail ghinearálta, i ngach cás seachas na cásanna dá bhforáiltear sa Rialachán sin. I bhfianaise an tionchair thábhachtaigh a d’fhéadfadh a bheith ag cúnamh de bhreis agus EUR 90 milliún, is iomchuí an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid le haghaidh oibríochtaí os cionn na tairsí sin. I bhfianaise mhéid an chúnaimh mhacrairgeadais atá an tAontas a thabhairt don Mholdóiv, ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le glacadh an Mheabhráin Tuisceana, agus maidir le haon chás ina ndéanfaí an cúnamh a laghdú, a chur ar fionraí nó a chur ar ceal,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.Déanfaidh an tAontas cúnamh macrairgeadais ina mbeidh méid uasta de EUR 150 milliún a chur ar fáil don Mholdóiv (‘cúnamh macrairgeadais an Aontais’), d’fhonn tacú le cobhsú eacnamaíoch na Moldóive agus le clár oibre athchóiriúcháin substainteach. Den mhéid uasta sin, déanfar suas le EUR 120 milliún a sholáthar i bhfoirm iasachtaí agus suas le EUR 30 milliún i bhfoirm deontas. Beidh fuascailt chúnamh macra-airgeadais an Aontais faoi réir a fhormheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mbuiséad an Aontais don bhliain ábhartha. Rannchuideoidh an cúnamh sin le riachtanais chomhordú íocaíochtaí na Moldóive a chlúdach, de réir mar a shainaithnítear na riachtanais sin i gclár CAI.

2.Chun an chomhchuid iasachta de chúnamh macrairgeadais an Aontais a mhaoiniú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún thar ceann an Aontais na cistí is gá a fháil ar iasacht sna margaí caipitil nó ó institiúidí airgeadais agus iad a thabhairt ar aghaidh ar iasacht don Mholdóiv. 15 bliana an uastréimhse aibíochta ar an meán a bheidh ag na hiasachtaí sin.

3.Is é an Coimisiún a bhainisteoidh an chaoi a neisíocfar tacaíocht mhacrairgeadais an Aontais, de réir na gcomhaontuithe agus na gcomhthuiscintí a tugadh i gcrích idir CAI agus an Mholdóiv, agus de réir phríomhphrionsabail agus phríomhchuspóirí na nathchóirithe eacnamaíocha arna leagan síos sa Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Mholdóiv, lena náirítear an Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála, arna chomhaontú faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi aon fhorbairtí maidir le cúnamh macrairgeadais an Aontais, lena n‐áirítear eisíocaíochtaí an chúnaimh sin, agus soláthróidh sé na doiciméid ábhartha do na hinstitiúidí sin in am trátha.

4.Déanfar cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fáil ar feadh tréimhse 2 bhliain go leith, ag tosú ón gcéad lá tar éis don Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3(1) teacht i bhfeidhm.

5.Más rud é, le linn na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais á heisíoc, go dtagann laghdú suntasach ar riachtanais mhaoiniúcháin na Moldóive i gcomparáid leis na réamhmheastacháin tosaigh, déanfaidh an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), méid an chúnaimh a laghdú nó cuirfidh sé an cúnamh ar fionraí nó ar ceal.

Airteagal 2

1.Beidh mar réamhchoinníoll i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a thabhairt don Mholdóiv nach mór di sásraí éifeachtacha daonlathacha a urramú – lena náirítear córas parlaiminteach ilpháirtí – maille leis an smacht reachta, agus ráthaíocht a thabhairt go nurramófar cearta an duine.

2.Déanfaidh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí faireachán ar chomhlíonadh an réamhchoinníll sin le linn shaolré an chúnaimh macra-airgeadais a thabharfaidh an tAontas.

3.Cuirfear míreanna 1 agus 2 i bhfeidhm i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle 4 .

Airteagal 3

1.I gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2), comhaontóidh an Coimisiún i gcomhar le húdaráis na Moldóive, coinníollacha dea-shainithe airgeadais agus an bheartais eacnamaíoch, a mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais faoina réir, agus leagfar na coinníollacha sin síos i meabhrán tuisceana (‘an Meabhrán Tuisceana’) ina mbeidh clár ama chun na coinníollacha sin a chomhlíonadh. Beidh na coinníollacha airgeadais agus coinníollacha an bheartais eacnamaíoch a leagfar síos sa Mheabhrán Tuisceana comhsheasmhach leis na comhaontuithe nó na comhthuiscintí dá dtagraítear in Airteagal 1(3), lena náirítear an coigeartú macra-eacnamaíoch agus na cláir um athchóiriú struchtúrach arna gcur chun feidhme ag an Moldóiv le tacaíocht ó CAI.

2.Leis na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, féachfar, go háirithe, le héifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht na gcóras bainistíochta airgeadais phoiblí sa Mholdóiv a fheabhsú, lena náirítear i dtaca le cúnamh macrairgeadais an Aontais a úsáid. Nuair a bheidh bearta beartais á gceapadh, tabharfar aird chuí freisin ar an dul chun cinn maidir le hoscailt fhrithpháirteach an mhargaidh, ar fhorbairt trádála riailbhunaithe agus cothroime, agus ar thosaíochtaí eile i gcomhthéacs bheartas seachtrach an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach.

3.Déanfar téarmaí airgeadais mionsonraithe chúnamh macrairgeadais an Aontais a leagan síos i gcomhaontú iasachta agus i gcomhaontú deontais a bheidh le tabhairt i gcrích idir an Coimisiún agus údaráis na Moldóive.

4.Fíoróidh an Coimisiún go tráthrialta go bhfuiltear ag leanúint de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a chomhlíonadh, lena náirítear cibé acu atá nó nach bhfuil beartais eacnamaíocha na Moldóive i gcomhréir leis na cuspóirí atá le cúnamh macrairgeadais an Aontais. Á dhéanamh sin dó, beidh an Coimisiún ag comhordú go dlúth le CAI agus leis an mBanc Domhanda agus, i gcás inar gá, le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle.

Airteagal 4

1.Faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún cúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fáil ina thráthchodanna, a mbeidh gach aon cheann díobh comhdhéanta de ghné iasachta agus de ghné dheontais. Leagfar síos méid gach tráthchoda sa Mheabhrán Tuisceana dá dtagraítear in Airteagal 3.

2.Más gá, soláthrófar méideanna chúnamh macrairgeadais an Aontais arna gcur ar fáil i bhfoirm iasachtaí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le heisíoc na dtráthchodanna faoi réir gach ceann de na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta:

(a)an réamhchoinníoll a leagtar amach in Airteagal 2;

(b)teist leanúnach shásúil maidir le clár beartais a chur chun feidhme faoina gcuirfí i bhfeidhm bearta láidre maidir le coigeartú agus leis an athchóiriú struchtúrach, clár beartais a fhaigheann tacaíocht ó shocrú creidmheasa CAI nach socrú réamhchúraim é;

(c)na coinníollacha beartais eacnamaíoch agus airgeadais a socrófar orthu sa Mheabhrán Tuisceana a chur chun feidhme go sásúil.

Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná trí mhí tar éis an chéad tráthchuid a eisíoc. Ní dhéanfar an dara tráthchuid a eisíoc, i bprionsabal, tráth is luaithe ná 3 mhí tar éis an dara tráthchuid a eisíoc.

4.I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún eisíoc chúnamh macrairgeadais an Aontais a chur ar fionraí go sealadach nó a chur ar ceal. Sna cásanna sin, cuirfidh sé in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna a bhí aige leis an bhfionraí nó leis an gcealú.

5.Is le Banc Náisiúnta na Moldóive a eisíocfar cúnamh macrairgeadais an Aontais. Faoi réir na bhforálacha a chomhaontófar sa Mheabhrán Tuisceana, lena náirítear deimhniú na riachtanas maoiniúcháin sheachtraigh atá fós ann, féadfar cistí an Aontais a aistriú chuig Aireacht Airgeadais na Moldóive ina cáil mar an tairbhí deireanach.

Airteagal 5

1.Na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe a bhaineann leis an gcomhchuid iasachta de chúnamh macra-airgeadais an Aontais, déanfar iad in euro agus úsáid á baint as an dáta luacha céanna, agus fágfaidh siad nach mbeidh an tAontas páirteach i dtiontú aibíochtaí agus nach mbeidh neamhchosaint aige in aghaidh aon riosca malairte nó ráta úis, nó aon riosca tráchtála eile.

2.I gcás inar féidir é sna himthosca, agus má iarann an Mholdóiv amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go náireofar clásal luathaisíocaíochta i dtéarmaí agus coinníollacha na hiasachta agus go mbeidh clásal comhfhreagrach i dtéarmaí agus coinníollacha na noibríochtaí iasachtaíochta.

3.I gcás inar féidir ráta úis níos fabhraí i leith na hiasachta a bheith ann sna himthosca agus má iarrann an Mholdóiv amhlaidh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh iomlán a iasachtaí tosaigh, nó páirt díobh, a athmhaoiniú, nó féadfaidh sé na coinníollacha airgeadais comhfhreagracha a athstruchtúrú. Déanfar oibríochtaí athmhaoiniúcháin nó athstruchtúrúcháin i gcomhréir le míreanna 1 agus 4 agus ní bheidh sé mar éifeacht leo síneadh a chur le haibíocht na niasachtaí lena mbaineann ná méid an chaipitil atá gan íoc ar dháta an athmhaoiniúcháin nó an athstruchtúrúcháin a mhéadú.

4.Is ar an Moldóiv a bheidh aon chostas a thabhóidh an tAontas i dtaca leis na hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtóireachta faoin gCinneadh seo.

5.Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon fhorbairtí i dtaca leis na hoibríochtaí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3.

Airteagal 6

1.Cuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1046/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 5 .

2.Beidh cur chun feidhme chúnamh macra-airgeadais an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach.

3.Beidh forálacha sa Chomhaontú Iasachta agus sa Chomhaontú Deontais a chomhaontófar le húdaráis na Moldóive:

(a)forálacha lena náirithítear go ndearbhóidh an Mholdóiv go rialta gur baineadh úsáid cheart as an maoiniú arna fháil ó bhuiséad an Aontais, go ndéanfaidh sí bearta iomchuí chun neamhrialtachtaí agus calaois a chosc agus, más gá, go dtabharfaidh sí caingean dlí chun aon chistí míleithreasaithe a cuireadh ar fáil faoin gCinneadh seo a aisghabháil;

(b)forálacha lena náirithítear cosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus foráil á déanamh go háirithe maidir le bearta sonracha i dtaca le calaois, éilliú agus aon neamhrialtachtaí eile a dhéanann dochar do chúnamh macrairgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle 6 , Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle 7 , Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 agus, do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle 9 ; go sonrach, chuige sin, údarófar go sainráite don Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena náirítear, go háirithe, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, lena náirítear oibríochtaí agus agallaimh fóiréinsice digití; forálacha lena núdaraítear go sainráite don Choimisiún, nó dá ionadaithe, seiceálacha a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair;

(c)forálacha lena núdaraítear go sainráite don Choimisiún agus don Chúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh le linn agus i ndiaidh na tréimhse ina mbeidh cúnamh macrairgeadais an Aontais ar fáil, lena n‐áirítear iniúchtaí ar dhoiciméid agus iniúchtaí ar an láthair, ar nós measúnuithe oibríochtúla;

(d)lena núdarófar go bhfuil an tAontas i dteideal luathaisíocaíocht a dhéanamh ar an iasacht agus/nó lánaisíocaíocht a dhéanamh ar an deontas sa chás go mbeidh sé suite, i ndáil le bainistiú chúnamh macrairgeadais an Aontais, go raibh an Mholdóiv ag gabháil daon ghníomh calaoise nó éillithe nó d’aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais.

(e)Forálacha lena náirithítear gur ar an Moldóiv a thitfidh aon chostas a thabhóidh an tAontas a bhaineann leis an gcúnamh airgeadais.

4.Sula gcuirfear cúnamh macrairgeadais an Aontais chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún measúnú, trí bhíthin measúnú oibríochtúil, ar a fhónta atá socruithe airgeadais na Moldóive, na nósanna imeachta riaracháin, agus na sásraí rialaithe inmheánaigh agus sheachtraigh is ábhartha maidir leis an gcúnamh.

Airteagal 7

1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 8

1.Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo sa bhliain roimhe sin, lena n‐áirítear meastóireacht ar an gcur chun feidhme sin. Sa tuarascáil, déanfar an méid seo a leanas:

(a)scrúdófar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cúnamh macra-airgeadais an Aontais a chur chun feidhme;

(b)measúnú ar staid agus ionchais eacnamaíocha na Moldóive, chomh maith le measúnú ar an dul chun cinn a bheidh déanta i gcur chun feidhme na mbeart beartais dá dtagraítear in Airteagal 3(1);

(c)sonrófar an chomhbhaint idir na coinníollacha beartais eacnamaíoch a leagtar síos sa Mheabhrán Tuisceana, feidhmíocht leanúnach eacnamaíoch agus fhioscach na Moldóive agus cinntí an Choimisiúin maidir le heisíoc thráthchodanna chúnamh macrairgeadais an Aontais.

2.Tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dhul in éag na tréimhse infhaighteachta dá dtagraítear in Airteagal 1(4), cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil meastóireachta ex-post, ina ndéanfar measúnú ar thorthaí agus éifeachtúlacht an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas agus ar a mhéid a rannchuidigh sé le haidhmeanna an chúnaimh a bhaint amach.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar an tríú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí ginearálta

1.4.2.Cuspóirí sonracha

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

1.5.Forais an togra/tionscnaimh

1.5.1.Na ceanglais atá le comhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh ar bhonn céimneach

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain mar thoradh ar chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais agus atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

2.2.Córais bhainistíochta agus rialúcháin

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialúcháin atá beartaithe

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialúcháin inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialúcháin ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imreofar tionchar

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe riaracháin

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do Phoblacht na Moldóive

1.2.Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 10  

An réimse beartais:    Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Gníomhaíocht:    Gnóthaí eacnamaíocha agus airgeadais idirnáisiúnta

1.3.An cineál togra/tionscnaimh

X Baineann an togra/tionscnamh le beart nua 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 11  

 Baineann an togra/tionscnamh le síneadh a chur le beart atá ann cheana 

 Baineann an togra/tionscnamh le beart a atreoraíodh i dtreo beart nua 

1.4.Cuspóirí

1.4.1.Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

“Borradh nua a chur faoi phoist, fás agus infheistíocht: an rathúnas a chur chun cinn taobh amuigh den Aontas Eorpach”

1.4.2.Cuspóirí sonracha

Cuspóir sonrach Uimh.

“An rathúnas a chur chun cinn taobh amuigh den Aontas Eorpach”

Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Na gníomhaíochtaí a bhaineann le AS ECFIN, tá baint acu leis an méid seo a leanas:

(a)    Cobhsaíocht mhacrairgeadais a thacú agus athchóirithe spreagtha fáis a chur chun cinn lasmuigh den Aontas Eorpach, agus áirítear ar na bealaí chun é sin a dhéanamh comhphléití rialta eacnamaíocha a dhéanamh le comhpháirtithe tábhachtacha agus trí chúnamh macrairgeadais a sholáthar; agus

(b)    Tacaíocht a thabhairt don phróiseas maidir le méadú agus do chur chun feidhme bheartas AE maidir le méadú agus bheartas comharsanachta AE agus thosaíochtaí eile an Aontais Eorpaigh i gcomhpháirtithe trí anailís eacnamaíoch a dhéanamh agus trí mheasúnuithe ar bheartais agus comhairle a chur ar fáil.

1.4.3.An toradh agus an tionchar a mheastar a bheidh ann

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

·Rannchuidiú le riachtanais maoiniúcháin sheachtraigh na Moldóive a chumhdach i gcomhthéacs an mheathlúcháin mhóir ar a gcuntas sheachtracha de dheasca phaindéim reatha COVID19.

·Riachtanais maoinithe bhuiséadaigh an chomhpháirtithe a mhaolú.

·Tacaíocht a thabhairt don iarracht comhdhlúthaithe fhioscaigh agus don chobhsú seachtrach i gcomhthéacs chlár CAI atá beartaithe.

·Tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha a bhfuil sé daidhm acu feabhas a chur ar an bainistíocht mhaicreacnamaíoch fhoriomlán, an rialachas eacnamaíoch agus an trédhearcacht a threisiú, agus feabhas a chur ar na dálaí le haghaidh fás inbhuanaithe.

1.4.4.Táscairí feidhmíochta

Sonraigh na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar ghnóthachain.

Beidh ceangal ar údaráis na Moldóive tuairisc a thabhairt go rialta do sheirbhísí an Choimisiúin faoi thacar táscairí eacnamaíocha agus tuarascáil chuimsitheach a ullmhú faoi chomhlíonadh na gcoinníollacha beartais a comhaontaíodh sula n‑eisíocfar tráthchodanna an chúnaimh.

Leanfaidh seirbhísí an Choimisiúin d’fhaireachán a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais phoiblí, tar éis an mheasúnaithe oibríochtúil ar scagchuarda airgeadais agus nósanna imeachta riaracháin sa Mholdóiv, measúnú a tíolacadh i Meitheamh 2020. Cuirfidh Toscaireacht an Aontais sna comhpháirtithe tuairiscí ar fáil go tráthrialta faoi shaincheisteanna a bhaineann le faireachán ar an tacaíocht. Fanfaidh seirbhísí an Choimisiúin i ndlúth‑theagmháil leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) agus leis an mBanc Domhanda chun leas a bhaint as an tuiscint atá acu de thoradh a ngníomhaíochtaí reatha sa chomhpháirtí féin.

Leis an gcinneadh reachtach atá beartaithe, foráiltear go gcuirfear tuarascáil bhliantúil faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa, agus beidh measúnú ar chur chun feidhme na hoibríochta sa tuarascáil sin. Déanfar meastóireacht ex post neamhspleách ar an tacaíocht laistigh de dhá bhliain tar éis don tréimhse cur chun feidhme dul in éag.

1.5.Forais an togra/tionscnaimh 

1.5.1.Na ceanglais atá le comhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena n‑áirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme an tionscnaimh ar bhonn céimneach

Beidh eisíocaíocht an chúnaimh ag brath ar chomhlíonadh na réamhchoinníollacha polaitiúla agus ar chuntas teiste sásúil i gcur chun feidhme an chláir eacnamaíoch idir an Mholdóiv agus CAI, a d’fhormheas an Bord an [20 Nollaig 2021], tar éis d’údaráis na Moldóive roinnt réamhbhearta a chur chun feidhme. Sa bhreis air sin, tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú le húdaráis na Moldóive maidir le coinníollacha sonracha beartais, agus liostófar iad i Meabhrán Tuisceana.

Tá sé beartaithe an cúnamh a eisíoc ina thrí thráthchodanna. Táthar ag súil gur i dtreo lár-2022 a eisíocfar an chéad tráthchuid. D’fhéadfaí an dara tráthchuid a eisíoc chomh luath le tús 2023 agus is féidir go n‑eisíocfaí an tríú tráinse níos déanaí an bhliain sin nó sa chéad leath de 2024, ar choinníoll go mbeadh na bearta beartais a ghabhann le gach tráthchuid curtha chun feidhme go tráthúil.

1.5.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain mar thoradh ar chomhordú, deimhneacht dhlíthiúil, breis éifeachtachta nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn ‘breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais’ an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais agus atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Ionstraim atá bunaithe ar bheartais is ea ionstraim an chúnaimh macrairgeadais atá spriocdhírithe ar riachtanais airgeadais sheachtracha a mhaolú sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma. I gcomhthéacs phaindéim COVID‑19 atá ar siúl go fóill, cabhróidh CMA le spás beartais eacnamaíoch a chur ar fáil do na húdaráis chun freagairt eacnamaíoch éifeachtach a thabhairt ar an bpaindéim fhadálach. Trí chabhrú leis an gcomhpháirtí na deacrachtaí eacnamaíocha a ghéaraítear le paindéim COVID‑19 a shárú, cuideoidh an cúnamh macrairgeadais atá beartaithe le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus pholaitiúil a chur chun cinn i measc na gcomhpháirtithe. Déanfaidh an cúnamh macrairgeadais comhlánú ar na hacmhainní atá curtha ar fáil ag na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, deontóirí déthaobhacha agus institiúidí airgeadais eile an Aontais Eorpaigh. Agus sin á dhéanamh, rannchuideoidh sé le héifeachtacht fhoriomlán na tacaíochta airgeadais atá curtha ar fáil ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, agus an chúnaimh airgeadais eile ón Aontas Eorpach chomh maith, oibríochtaí tacaíochta buiséadaí san áireamh.

Ina theannta sin, trí mhaoiniú fadtéarmach a chur ar fáil i dtéarmaí an‑lamháltais, níos ísle de ghnáth ná an chuid eile de dheontóirí idirnáisiúnta nó déthaobhacha, táthar ag súil go gcabhróidh an clár CMA leis an rialtas a bhuiséad a chur i bhfeidhm gan dialltaí fioscacha agus go gcuirfidh sé le hinbhuanaitheacht fiachais.

Sa bhreis ar an tionchar airgeadais a bheidh ag an gcúnamh mhacrairgeadais, neartóidh an clár atá beartaithe tiomantas athchóiriúcháin na rialtas agus a n‑aidhm caidreamh níos dlúithe a chothú leis an Aontas, mar a léirítear sa Chomhaontú Comhlachais a tháinig i bhfeidhm in 2016. Déanfar an toradh sin a bhaint amach, inter alia, trí choinníollacht iomchuí chun an cúnamh a eisíoc. I gcomhthéacs níos leithne, tabharfaidh an clár le fios go bhfuil an tAontas Eorpach réidh chun tacaíocht a thabhairt do Chomharsanacht an Oirthir, lena n‑áirítear an Mholdóiv, in aimsir na ndeacrachtaí eacnamaíocha.

1.5.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais i gcomhpháirtithe, tá siad faoi réir meastóireacht ex-post. Is é an chonclúid a baineadh as na meastóireachtaí a rinneadh go dtí seo (ar chláir cúnaimh macrairgeadais atá críochnaithe) gurb amhlaidh a bhíonn an cúnamh macrairgeadais ina chuidiú, bíodh is gur cuidiú ar leibhéal íseal nó indíreach a bhíonn ann uaireanta, le feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht sheachtrach agus ar an gcobhsaíocht mhaicreacnamaíoch sa chomhpháirtí agus go gcabhraíonn sé le hathchóirithe struchtúracha a bhaint amach. I bhformhór na gcásanna, ba chun sochair a chuaigh na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais do chomhardú íocaíochtaí an chomhpháirtí agus chuidigh lena srianta buiséadacha a mhaolú. Ba thoradh eile ar an tacaíocht gur mhéadaigh ar an bhfás eacnamaíoch de bheagán.

1.5.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil agus sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil

I gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, cumhdófar soláthar iasachtaí CMA faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha laistigh den Eoraip Dhomhanda (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta). Is leor an acmhainn iasachtaithe (táscach) atá beartaithe don chúnamh macrairgeadais chun an oibríocht seo a chumhdach agus chun oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais eile atá á gcur chun feidhme a chumhdach.

Sineirgíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí iomchuí eile

Tá an tAontas Eorpach ar cheann de na príomhdheontóirí atá ag an Moldóiv, agus tugann sé tacaíocht dá hathchóirithe eacnamaíocha, struchtúracha agus institiúideacha maille le tacaíocht do shochaí shibhialta na tíre. EUR 518,15 milliún a bhí sa tacaíocht airgeadais ón Aontas don Mholdóiv sa tréimhse 2014-2020 (An Clár Ilbhliantúil Táscach 2021-2027 atá á ullmhú). Sa chomhthéacs sin, comhlánaíonn an cúnamh macrairgeadais gníomhaíochtaí seachtracha eile an Aontais Eorpaigh nó ionstraimí a úsáidtear chun tacaíocht a thabhairt don Mholdóiv. Tá sé ailínithe freisin leis an Ionstraim nua don Eoraip Dhomhanda (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta) agus leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA-III) le haghaidh 2021-2027. 

I gcomparáid le hionstraimí eile de chuid an Aontais, ba é an breisluach ba thábhachtaí a bhainfeadh le cúnamh macrairgeadais creat maicreacnamaíoch cobhsaí a thógáil trí bhealaí éagsúla, lena n‑áirítear comhardú íocaíochtaí agus staid bhuiséadach inbhuanaithe a chothú, mar aon le creat iomchuí chun athchóirithe struchtúracha a chur chun cinn. Ní thugann an cúnamh macrairgeadais gnáth‑thacaíocht airgeadais agus cuirfear deireadh leis a luaithe is a chuirfear staid sheachtrach airgeadais an chomhpháirtí ar ais ar bhealach na hinbhuanaitheachta.

Ina theannta sin, bheadh an cúnamh macrairgeadais comhsheasmhach le hidirghabhálacha atá beartaithe ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, go háirithe na cláir um choigeartú agus athchóiriú a dtugann CAI agus an Banc Domhanda tacaíocht dóibh.

1.5.5.Measúnú ar na roghanna éagsúla maoinithe atá ar fáil, lena n‑áirítear na féidearthachtaí athshannadh a dhéanamh

Trí iasachtaí a úsáid, méadaítear éifeachtacht bhuiséad an Aontais leis an oibríocht MFA seo tríd an éifeacht ghiarála agus déantar foráil maidir leis an rogha is cost‑éifeachtaí.

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún cistí a fháil ar iasacht ó mhargaí caipitil thar ceann an Aontais Eorpaigh agus Euratom araon trí úsáid a bhaint as ráthaíocht bhuiséad an Aontais. Is é an aidhm cistí a fháil ón margadh ar na rátaí is fearr is féidir a bhuí leis an stádas creidmheasa is airde a bheith ag an Aontas Eorpach/ Euratom (arna rátáil AAA ag Fitch, Moody’s agus DBRS, AA ag S&P, agus ionchas cobhsaí i gceist i ngach cás) agus ina dhiaidh sin na cistí céanna a thabhairt ar aghaidh ar iasacht d’iasachtaithe incháilithe i gcomhthéacs iasachtaí faoi EFSM, BoP, MFA agus do thionscadail Euratom. Déantar iasachtaí a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar iasacht mar oibríocht droim-le-droim, rud a chinntíonn nach dtógann buiséad an Aontais aon ráta úis ná aon riosca malairte eachtraí. Baineadh amach an sprioc cistí a fháil ar na rátaí is fearr dá bhfuil ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe toisc go bhfuil na rátaí sin i gcomhréir le hinstitiúidí piaraí (BEI, EFSM, agus ESM).

1.6.Fad agus tionchar airgeadais an togra/tionscnaimh

X fad teoranta

   i bhfeidhm ó 2022 go 2024

   Tionchar airgeadais ó 2022 go 2024 maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2022 go 2025 maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 fad neamhtheoranta

Cuir chun feidhme le mbaineann tréimhse tionscanta ó BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.7.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 12  

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;

   trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

 Bainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (le sonrú);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais dóibh;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, ar comhlachtaí iad a bhfuil sé de chúram orthu comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur chun feidhme agus dá soláthraítear ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn ‘Nótaí’ le do thoil.

Nótaí

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA 

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe 

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.

Cuirfidh an Coimisiún na bearta atá le maoiniú faoin gCinneadh seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach óna cheanncheathrú agus le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais.

De chineál maicreacnamaíoch is ea an cúnamh seo agus ceapadh é i gcomhréir leis an gclár eacnamaíoch a bhfuil tacaíocht CAI leis. Déanfaidh seirbhísí an Choimisiúin faireachán ar an ngníomhaíocht ar bhonn an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm shocrú CAI agus ar bhonn bearta athchóirithe sonracha atá le comhaontú le húdaráis na gcomhpháirtithe i Meabhrán Tuisceana (féach freisin pointe 1.4.4), ar mhinicíocht atá ag teacht le líon na dtráthchodanna.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialúcháin 

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an chistithe, leis na módúlachtaí íocaíochta agus leis an straitéis rialúcháin atá beartaithe

Cuirfidh an Coimisiún na bearta atá le maoiniú faoin gCinneadh seo chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach óna cheanncheathrú agus le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais.

Braitheann eisíocaíochtaí cúnaimh macrairgeadais ar athbhreithnithe rathúla, agus bíonn siad ceangailte le comhlíonadh na coinníollachta a ghabhann le gach oibríocht. Déanann an Coimisiún dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na gcoinníollacha, i ndlúthchomhar le Toscaireachtaí an Aontais.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialúcháin inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Na rioscaí a aithníodh.

Tá rioscaí ó thaobh muiníne, polaitíochta agus beartas de ag na hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe.

Tá riosca ann go n‑úsáidfí an cúnamh macrairgeadais ar bhealach calaoiseach. Toisc nach bhfuil an cúnamh macrairgeadais sannta do chostais ar leith (murab ionann agus an maoiniú do thionscadail, mar shampla), tá baint ag an mbaol sin le tosca amhail caighdeán ginearálta na gcóras bainistíochta i mBanc Ceannais agus Aireacht Airgeadais an chomhpháirtí, nósanna imeachta riaracháin, feidhmeanna rialaithe agus maoirseachta, slándáil córas TF agus oiriúnacht na n‑inniúlachtaí iniúchóireachta inmheánaí agus seachtraí.

Tá riosca eile ann, is é sin go mb’fhéidir nach n‑éireodh leis an gcomhpháirtí ús a íoc ar a chuid dliteanas airgeadais i leith an Aontais, dliteanais a bheadh ceangailte leis na hiasachtaí cúnaimh macrairgeadais atá beartaithe (riosca mainneachtana nó creidmheasa), rud a d’fhéadfadh titim amach, cuir i gcás, dá rachadh comhordú íocaíochtaí agus staid fhioscach an chomhpháirtí in olcas an athuair.

Córais rialaithe inmheánaigh

Beidh an cúnamh macrairgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais

Ex-ante: Measúnú an Choimisiún ar chórais bhainistíochta agus rialaithe sa tír is tairbhí. I gcás gach tír is tairbhí, déanfaidh an Coimisiún measúnú oibríochtaí ex-ante ar na scagchuarda airgeadais agus ar an timpeallacht rialaithe, más gá, le tacaíocht theicniúil ó chomhairleoirí. Déanfar anailís ar nósanna imeachta cuntasaíochta, ar dheighilt na ndualgas agus ar iniúchóireacht inmheánach/sheachtrach an Bhainc Ceannais agus na hAireachta Airgeadais chun leibhéal réasúnta cinnteachta a áirithiú maidir le bainistíocht fhónta airgeadais. I gcás go sainaithnítear aon laige, déanfar coinníollacha díobh, coinníollach nach mór a chur chun feidhme sula ndéanfar an cúnamh a eisíoc. Chomh maith leis sin, nuair is gá, leagfar síos socruithe sonracha le haghaidh íocaíochtaí (e.g. cuntais imfhálaithe).

Le linn an chur chun feidhme: seiceálacha an Choimisiúin ar dhearbhuithe tréimhsiúla na gcomhpháirtithe. Beidh an íocaíocht faoi réir ag (1) faireachán arna dhéanamh ag baill foirne AS ECFIN, i ndlúthchomhar le toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus leis na páirtithe leasmhara seachtracha, CAI mar shampla, ar chur chun feidhme na gcoinníollachtaí arna gcomhaontú, agus (2) an gnáthnós imeachta maidir le rialú dá bhforáiltear ag an scagchuaird airgeadais (samhail 2) a úsáidtear in AS ECFIN, lena n‑áirítear fíorúchán arna dhéanamh ag an aonad airgeadais ar na coinníollacha atá curtha le heisíocaíocht an chúnaimh a luaitear thuas. An eisíocaíocht a bhaineann le hoibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, d’fhéadfadh sí a bheith faoi réir fíorúcháin bhreise neamhspleácha ex-post (doiciméadacha agus/nó ar an láthair) arna ndéanamh ag oifigigh na foirne rialaithe ex-post ón Ard‑Stiúrthóireacht. Féadfar fíorúcháin den sórt sin a thionscnamh freisin ar iarraidh ón oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean atá freagrach as. Is féidir úsáid a bhaint as briseadh íocaíochtaí agus íocaíochtaí a chur ar fionraí, ceartúcháin airgeadais (arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún) agus aisghabhálacha i gcás inar gá (níor tharla sé go dtí seo), agus foráiltear go sainráite dóibh sna comhaontuithe maoinithe leis na comhpháirtithe.

2.2.3.Meastachán ar chost‑éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas ‘costais rialúcháin ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú’) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh) 

Na córais rialaithe atá ann, mar atá na measúnuithe oibríochtaí ex-ante nó na measúnuithe , d’áirithigh siad ráta earráide éifeachtach 0 % maidir leis na híocaíochtaí cúnaimh macrairgeadais. Ar feadh a bhfuil ar eolas againn, ní ann d’aon chás calaoise, éilithe ná gníomhaíochta mídhleathaí. Tá loighic shoiléir idirghabhála ag oibríochtaí cúnaimh macrairgeadais, loighic a fhágann go bhfuil an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a dtionchar. A bhuí leis na rialuithe, táthar in ann cinnteacht a dheimhniú agus cuspóirí beartais agus tosaíochtaí a bhaint amach.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Chun na rioscaí a bhaineann le mí‑úsáid chalaoiseach a mhaolú, tá roinnt beart déanta cheana agus déanfar bearta eile amach anseo:

I dtús báire, is éard a bheidh sa Chomhaontú Iasachta tacar forálacha maidir le cigireacht, calaois a chosc, iniúchtaí agus aisghabháil cistí i gcás calaoise nó caimiléireachta. Anuas air sin, tá sé beartaithe go gceanglófar roinnt coinníollacha beartais sonracha leis an tacaíocht, lena n‑áirítear coinníollacha a bhaineann le réimse na bainistíochta airgeadais phoiblí, agus é sin d’fhonn éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht a threisiú. Ina theannta sin, déanfar an t‑airgead a lóisteáil i gcuntas ar leith de chuid Bhanc Ceannais an chomhpháirtí.

Thairis sin, i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin Airgeadais, tá Measúnú Oibríochtúil déanta ag seirbhísí an Choimisiúin ar scagchuarda airgeadais agus riaracháin na Moldóive chun a fháil amach an bhfuil ráthaíochtaí leordhóthanacha á dtabhairt ag na nósanna imeachta atá ann maidir le bainistíocht ar chúnamh cláir, cúnamh mhacrairgeadais san áireamh. Leis an measúnú a rinneadh in 2020, cumhdaítear réimsí amhail ullmhúchán agus feidhmiú an bhuiséid, rialú airgeadais inmheánach poiblí, iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, soláthar poiblí, bainistíocht airgid thirim agus fiachais phoiblí, chomh maith le neamhspleáchas an bhainc ceannais. Déanfaidh Toscaireacht an Aontais Eorpaigh sa chomhpháirtí féin grinnfhaireachán breise ar fhorbairtí sa réimse sin. Ina theannta sin, tá tacaíocht bhuiséadach á húsáid ag an gCoimisiún chun cabhrú le húdaráis na gcomhpháirtithe féin a gcórais bainistithe airgeadais phoiblí a fheabhsú, agus tacaíonn deontóirí eile go mór leis na hiarrachtaí sin.

Ar deireadh, beidh an cúnamh macrairgeadais faoi réir nósanna imeachta fíorúcháin, rialaithe agus iniúchóireachta faoi fhreagracht an Choimisiúin, lena n‑áirítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa mar a fhoráiltear in Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 

3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a nimreofar tionchar 

·Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne bhuiséid

An cineál
caiteachais

Ranníocaíocht

Líon

LD/LN 13 .

ó thíortha de chuid CSTE 14

ó thíortha is iarrthóirí 15

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais

14.02.01.70.06 [iasachtaí CMA – EAG]

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

14.20.03.01 [Deontais CMA]

Difreáilte

NÍL

NÍL

NÍL

NÍL

·Línte nua buiséid atá á niarraidh – Níl sin ar fáil

3.2.An tionchar airgeadais a mheastar a bheidh ag an togra ar leithreasuithe 

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

X    Éilítear leis an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

6

Ceannteideal 6 - ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ 

AS: ECFIN

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

IOMLÁN

• Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Líne bhuiséid 16  

14.02.01.70.06 [iasachtaí CMA – EAG]

Gealltanais

(1a)

10.8

10.8

Íocaíochtaí

(2a)

10.8

10.8

Líne bhuiséid 

14.20.03.01 [Deontais CMA]

Gealltanais

(1b)

30

30

Íocaíochtaí

(2b)

20

10

30

Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach na gclár sonrach 17  

Líne bhuiséid

14.20.03.01

(3)

0.15

0.15

IOMLÁN leithreasuithe 
i gcomhair ArdStiúrthóireacht

Gealltanais

=1a+1b +3

40.8

0.15

40.95

Íocaíochtaí

=2 a+ 2b

+3

30.8

10

0.15

40.95





IOMLÁN na leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí

Gealltanais

(4)

40.8

40.8

Íocaíochtaí

(5)

30.8

10

40.8

• IOMLÁN na leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach clár sonrach

(6)

0.15

0.15

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 6 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Gealltanais

=4+ 6

40.8

0.15

40,95

Íocaíochtaí

=5+ 6

30.8

10

0,15

40,95



Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná ceannteideal oibríochta amháin, líon isteach an chuid thuas arís i gcás gach ceann de na ceannteidil sin: (EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil))

Ceannteideal an chreata airgeadais 
ilbhliantúil

7

Ceannteideal 7 – ‘Riarachán poiblí Eorpach’

AS: ECFIN

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

IOMLÁN

Acmhainní daonna

0.034

0.044

0.022

0.011

0.011

0.122

Caiteachas riaracháin eile

0.020

0.010

0.030

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Leithreasuithe

0.034

0.064

0.032

0.011

0.011

0.152

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

0.034

0.064

0.032

0.011

0.011

0.152

Ba cheart an chuid seo a líonadh isteach trí leas a bhaint as na ‘sonraí buiséid de chineál riaracháin’ atá le hiontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach (Iarscríbhinn V a ghabhann leis na rialacha inmheánacha), agus a uaslódáiltear chuig an gcóras DECIDE ar mhaithe le comhairliúchán idirsheirbhíse.

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain 
2025

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
faoi CHEANNTEIDEAL 1 go 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil 
(Méid tagartha)

Gealltanais

=4+ 6

0.034

30.864

10.032

0.011

0.161

41,102

Íocaíochtaí

=5+ 6

0.034

30.864

10.032

0.011

0.161

41,102

3.2.2.An t‑aschur a mheastar a chisteofar le leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí 

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

3.2.3.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh aige ar leithreasuithe riaracháin 

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 
2023

Bliain 
2024

Bliain
2025

IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

0.033

0.069

0.041

0.003

0.025

0.171

Caiteachas riaracháin eile

0.020

0.010

0.030

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

0.033

0.089

0.051

0.003

0.025

0,201

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 20  
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas eile
de chineál riaracháin

Fo-iomlán
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 
den chreat airgeadais ilbhliantúil

IOMLÁN

0.033

0.089

0.051

0.003

0.025

0,201

Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá athimlonnaithe laistigh den ArdStiúrthóireacht.

3.2.3.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

X    Éilítear leis an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Bliain 
2021

Bliain 
2022

Bliain 2023

Bliain 2024

Bliain 2025

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

20 01 02 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin)

0.100

0.250

0.150

0.010

0.100

20 01 02 03 (Toscaireachtaí)

01 01 01 01 (Taighde indíreach)

01 01 01 11 (Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) 21

20 02 01 (AC, END, INT ón ‘imchlúdach iomlánaíoch’)

0.200

0.350

0.200

0.010

0.100

20 02 03 (AC, AL, END, INT agus JPD sna toscaireachtaí)

XX 01 xx yy zz 22

- sa Cheanncheathrú

- i dToscaireachtaí

01 01 01 02 (AC, END, INT - Taighde indíreach)

01 01 01 12 (AC, END, INT - Taighde díreach)

Línte buiséid eile (sonraigh)

IOMLÁN

0.300

0.600

0.350

0.020

0.200

Is é XX an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón ArdStiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den ArdStiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don ArdStiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

Stiúrthóir Stiúrthóireacht D: An oibríocht a mhaoirsiú agus a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le formheas an Mheabhráin Tuisceana (MT), MT a chaibidliú le húdaráis na Moldóive, tuarascálacha a athbhreithniú, misin a stiúradh agus an dul chun cinn ar chomhlíonadh coinníollachta a mheasúnú.

Ceann aonaid/Leascheann aonaid Stiúrthóireacht D: Cúnamh a thabhairt don Stiúrthóir maidir leis an méid seo a leanas: an oibríocht a bhainistiú, dul i gcomhairle leis an gComhairle agus leis an bParlaimint maidir le glacadh an Chinnidh agus maidir le faomhadh an Mheabhráin Tuisceana, MT agus an Comhaontú Saoráide Iasachta (a chaibidleofar in éineacht le AS an Bhuiséid) a chaibidliú le húdaráis na Moldóive, tuarascálacha a athbhreithniú agus an dul chun cinn ar chomhlíonadh coinníollachta a mheasúnú.

AS an Bhuiséid (Aonaid E1, E3 faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra): An Comhaontú Saoráide Iasachta (LFA) a ullmhú, é a chaibidliú le húdaráis na Moldóive agus formheas ina leith a fháil ó na seirbhísí de chuid an Choimisiúin a bhfuil an cúram sin orthu, agus síniú ón dá pháirtí a fháil ina leith. Teacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe Saoráide Iasachta a leanúint. Cinneadh nó cinntí an Choimisiúin a ullmhú maidir leis na hidirbhearta iasachta, cur isteach na nIarratas ar Chistí a leanúint, na bainc a roghnú, na hidirbhearta cistiúcháin a ullmhú agus a chur i gcrích agus na cistí a íoc amach leis an Moldóiv. Na hoibríochtaí cúloifige a dhéanamh lena leantar aisíocaíocht na hiasachta/na niasachtaí. Na tuarascálacha comhfhreagracha a ullmhú maidir leis na hoibríochtaí sin.

Pearsanra seachtrach

Eacnamaithe, Earnáil TMA (Stiúrthóireacht D): An Cinneadh agus an Meabhrán Tuisceana a ullmhú, dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, misin athbhreithniúcháin a dhéanamh, tuarascálacha fhoireann an Choimisiúin a ullmhú mar aon le nósanna imeachta an Choimisiúin maidir le bainistiú an chúnaimh, dul i gcomhairle le saineolaithe seachtracha maidir leis an measúnú oibríochtaí agus maidir leis an meastóireacht ex-post.

3.2.4.Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    is féidir é a mhaoiniú ina iomláine trí athshannadh laistigh den cheannteideal ábhartha den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI).

3.2.5.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe 

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam 

X    Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

(1)    Cinneadh (AE) 2020/701 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le cúnamh macrairgeadais a sholáthar do chomhpháirtithe um méadú agus comhpháirtithe comharsanachta i gcomhthéacs phaindéim COVID‐19 (IO L 165, 27.5.2020, lgh. 31–37
(2)    Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena naisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).
(3)    Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(4)    Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(5)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1046/2018 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(6)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(7)    Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(8)    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach FrithChalaoise (OLAF) agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(9)    Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(10)    ABM: bainistíocht de réir gníomhaíochtaí; buiséadú de réir gníomhaíochtaí. buiséadú de réir gníomhaíochtaí.
(11)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 54(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(12)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin ArdStiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(13)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(14)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(15)    Tíortha is iarrthóirí agus, i gcás inarb iomchuí, tíortha ó na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(16)    De réir ainmníocht oifigiúil an bhuiséid.
(17)    Cúnamh agus caiteachas idir theicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte ‘BA’), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.
(18)    Is iad is aschuir iontu táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a maoiníodh, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).
(19)    Mar a thuairiscítear i bpointe 1.4.2. ‘Cuspóirí sonracha…’
(20)    Cúnamh agus caiteachas idir theicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid AE (seanlínte ‘BA’), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.
(21)    AC= Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; END = Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= baill foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dToscaireachtaí.
(22)    Fo-uasteorainn dfhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte ‘BA’).