19.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 481/5


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10987 — BAIN CAPITAL / CAVERION)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 481/03)

1.   

An 9 Nollaig 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Bain Capital Investors, LLC (“Bain Capital”, STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ),

Caverion Corporation (“Caverion”, an Fhionlainn).

Gheobhaidh Bain Capital rialú aonair ar Caverion ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin tairiscint phoiblí.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht infheistíochta i gcothromas príobháideach é Bain Capital a dhéanann infheistíochtaí, trína fine cistí, i gcuideachtaí i roinnt tionscal, lena n-áirítear teicneolaíocht na faisnéise, cúram sláinte, táirgí miondíola agus tomhaltóirí, cumarsáid, seirbhísí airgeadais agus an earnáil thionsclaíochta/mhonaraíochta,

Is cuideachta phoiblí faoi dhliteanas teoranta é Caverion atá corpraithe faoi dhlíthe na Fionlainne. Oibríonn Caverion i dteicneolaíocht tógála agus próisis thionsclaíocha a shuiteáil agus a chothabháil, go háirithe téamh, leictreachas, fuinneamh, aeráil, fuarú, uathoibriú foirgneamh agus disciplíní teicniúla slándála foirgneamh. Ina theannta sin, soláthraíonn Caverion seirbhísí cothabhála do phróisis déantúsaíochta tionsclaíocha ar nós hidreachumhachta, déantúsaíochta laín agus páipéir agus próisis cheimiceacha.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10987 – BAIN CAPITAL / CAVERION

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.