28.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 494/15


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10982 — STELLANTIS / HON HAI PRECISION INDUSTRY / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 494/06)

1.   

An 14 Nollaig 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Stellantis N.V. (“Stellantis”, an Ísiltír),

Hon Hai Precision Industry Co., Ltd. (“Hon Hai”, an Téaváin).

Gheobhaidh Stellantis agus Hon Hai comhrialú ar chomhfhiontar nuachruthaithe (“JV”, an Ísiltír) de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is grúpa domhanda gluaisteán é Stellantis atá gníomhach i ndearadh, innealtóireacht, déantúsaíocht, dáileadh agus díol mótarfheithiclí, comhpháirteanna agus córais táirgthe ar fud an domhain.

Soláthraíonn Hon Hai seirbhísí déantúsaíochta leictreonacha le haghaidh ríomhairí, cumarsáide agus táirgí leictreonacha do thomhaltóirí.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an JV:

Comhfhiontar úrnua a bheidh sa JV a chuirfear ar bun chun leathsheoltóirí a fhorbairt don mhargadh mótarfheithiclí agus chun na gníomhaíochtaí uile a bheadh ar bun ag eintiteas eacnamaíoch neamhspleách a dhéanamh.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10982 - STELLANTIS / HON HAI PRECISION INDUSTRY / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.