20.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 404/39


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10875 — AXA IM / SWISS LIFE / MORRISON & CO / LYNTIA NETWORKS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 404/10)

1.   

An 7 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

AXA PIE Lux 4 S.à.r.l. (“AXA”, an Fhrainc), faoi rialú AXA S.A.,

Swiss Life Investment S.à.r.l. (“SLAM”, an Eilvéis), faoi rialú Swiss Life Holding AG,

Sorolla Investment Co S.à.r.l. (“Sorolla”, an Nua-Shéalainn ), faoi rialú H.R.L. Morrison & Co Group Limited Partnership (“Morrison”),

Gunalta ITG, S.L.U. (“Lyntia”, an Spáinn ), faoi rialú Antin Infrastructure Partners.

Gheobhaidh AXA, SLAM agus Sorolla rialú comhpháirteach ar Lyntia de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is grúpa árachais domhanda é AXA, atá gníomhach san árachas saoil, san árachas sláinte agus i gcineálacha eile árachais, agus sa bhainistiú infheistíochta chomh maith, agus is sa Fhrainc atá a cheanncheathrú,

Is cuideachta bainistíochta sócmhainní é Slam atá mar chuid de ghrúpa Swiss Life, ar cuideachta árachais í atá liostaithe san Eilvéis, agus

Is cuid de Morrison é Sorolla, ar cuideachta infheistíochta í a infheistíonn thar ceann cistí infheistíochta Stáit, cistí pinsin agus infheisteoirí mórdhíola, agus is sa Fhrainc atá a ceanncheathrú.

3.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na sprice:

Is oibreoir neodrach snáthoptaice é Lyntia sa mhargadh teileachumarsáide, a sholáthraíonn seirbhísí trí shnáithín optúil den chuid is mó.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10875 — AXA IM / SWISS LIFE / MORRISON & CO / LYNTIA NETWORKS

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).