31.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 329/5


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10870 - CAPVEST / NATRA)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 329/04)

1.   

An 22 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

CapVest LLP (“CapVest”, an Ríocht Aontaithe)

Natra S.A.U. (“Natra”, an Spáinn)

Gheobhaidh CapVest rialú aonair ar Natra ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is gnólacht cothromais phríobháidigh lár-mhargaidh é CapVest atá dírithe go príomha ar infheistíochtaí a aithint agus a bhainistiú i dtionscal an chúraim sláinte, i dtionscal na teicneolaíochta faisnéise, i dtionscal na déantúsaíochta, i dtionscal na teileachumarsáide/na meán/na teicneolaíochta, agus i dtionscal na n-eolaíochtaí saoil, san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh den chuid is mó. Rialaíonn CapVest na cuideachtaí Lakeview agus Second Nature, dhá sholáthróir milseoga agus sneaiceanna;

Is cuideachta é Natra a dhéanann seacláid agus comhábhair cócó a tháirgeadh agus a dháileadh ar fud an domhain.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10870 – CAPVEST / NATRA

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.