10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 305/9


Réamhfhógra maidir le comhchruinniú

(Cás M.10861 — HG / TEAM.BLUE)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 305/05)

1.   

An 3 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

HGCapital LLP (“Hg”, an Ríocht Aontaithe), trína fhochuideachta, Hg Pooled Management Limited (an Ríocht Aontaithe),

team.blue Topco SARL (“team.blue”, Lucsamburg), atá á rialú go comhpháirteach faoi láthair ag Hg agus ag Jonas Dhaenens, infheisteoir príobháideach.

Gheobhaidh Hg rialú aonair ar team.blue ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atá an comhchruinniú á dhéanamh.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is infheisteoir bogearraí agus seirbhísí é Hg a bhainistíonn cistí infheistíochta san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh den chuid is mó ;

déanann Team.blue uirlisí éagsúla um láithreacht dhigiteach agus cumasú digiteach a chur ar fáil, bonneagar suíomhanna gréasáin agus seirbhísí óstála gréasáin cuir i gcás, rud a dhéanann sé san Eoraip den chuid is mó.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10861 – HG / TEAM.BLUE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.