1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/9


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10824 — BAIN CAPITAL / HOUSE OF HR)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 293/08)

1.   

An 25 Iúil 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Bain Capital Investors, L.L.C. (“Bain Capital”, Stáit Aontaithe Mheiriceá),

House of HR NV (“House of HR”, an Bheilg).

Gheobhaidh Bain Capital rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar House of HR ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Bain Capital: gnólacht infheistíochta i gcothromas príobháideach a dhéanann infheistíochtaí i gcuideachtaí ar fud na hEorpa, ar fud Chríocha Mheiriceá agus réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise i roinnt tionscal, lena n-áirítear teicneolaíocht na faisnéise, cúram sláinte, táirgí miondíola agus tomhaltóirí, cumarsáid, seirbhísí airgeadais agus an earnáil tionsclaíochta/monaraíochta,

House of HR: cuireann House of HR réitigh agus seirbhísí acmhainní daonna ar fáil dá chustaiméirí atá gníomhach ar fud earnálacha éagsúla sa Bheilg, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, i Lucsamburg, san Ísiltír, sa Pholainn agus sa Spáinn.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Mar sin féin, forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe maidir le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10824 — BAIN CAPITAL / HOUSE OF HR

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

AN BHEILG/BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.