10.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 305/11


Réamhfhógra maidir le comhchruinniú

(Cás M.10797 – PCG / PERSTORP)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 305/06)

1.   

An 3 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

PETRONAS Chemicals Group Berhad (“PCG”, an Mhalaeisia);

PERSTORP HOLDING AB (publ.) (“Perstorp” nó “an sprioc”, an tSualainn).

Gheobhaidh PCG rialú aonair ar Perstorp ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atá an comhchruinniú á dhéanamh.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta é PCG atá liostaithe go poiblí, atá inchorpraithe go cuí, agus arb ann di faoi dhlíthe na Malaeisia. Is é an príomhréimse a bhfuil PCG gníomhach ann monarú agus díol raon éagsúlaithe de tháirgí peitriceimiceacha, na nithe seo a leanas cuir i gcás – olaifíní, polaiméirí, leasacháin, meatánól, agus ceimiceáin bhunúsacha agus táirgí díorthacha eile. Tá PCG faoi rialú aonair Petroliam Nasional Berhad (“Petronas”), agus sin é príomh-scairshealbhóir PCG.

Cuideachta is ea Perstorp a bhfuil a cheanncheathrú in Malmö (an tSualainn), agus arb é sárchuideachta shealbhaíochta ghrúpa cuideachtaí Perstorp é. Is soláthraí táirgí ceimiceacha atá in Perstorp, agus is é rud ar a ndíríonn sé réitigh inbhuanaithe a sholáthar do chustaiméirí i dtionscail na roisíní, na mbratuithe, na sreabhán tionsclaíochta agus an chothaithe ainmhithe. Tá láithreacht dhomhanda ag Perstorp agus seacht bplanda táirgthe aige san Eoraip, i Meiriceá Thuaidh agus san Áise.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10797 – PCG / PERSTORP

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).