18.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 201/88


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10746 — MORGAN STANLEY / BAWAG / GYLE JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 201/07)

1.   

An 6 Bealtaine 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Morgan Stanley Principal Funding, Inc. (“MSPF”), a bhaineann le Morgan Stanley Group (“Morgan Stanley”, na Stáit Aontaithe araon),

RF zwölf BAWAG Leasing Gesellschaft m.b.H (“Bawag Leasing”), a bhaineann le Bawag Group AG (“BAWAG Group”, an Ostair araon),

Gyle JV a bunaíodh chun Lárionad Siopadóireachta Gyle (an Ríocht Aontaithe) a fháil.

Go hindíreach trí Gyle JV, gheobhaidh MSPF agus Bawag Leasing rialú comhpháirteach ar Lárionad Siopadóireachta Gyle ó DRC Capital LLP (“DRC”) de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna agus oibleagáidí.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

maidir le MSPF: Is le Morgan Stanley, gnólacht domhanda seirbhísí airgeadais a chuireann réimse leathan seirbhísí baincéireachta infheistíochta, urrúis, bainistíochta rachmais agus bainistíochta infheistíochta ar fáil, é MSPF,

maidir le Bawag Leasing: Tá Bawag Leasing mar chuid de Bawag Group, cuideachta shealbhaíochta atá liostaithe go poiblí, a thairgeann táirgí agus seirbhísí coigiltis, íocaíochta, iasachtaithe, infheistíochta léasaithe, cumann foirgníochta, fachtóireachta agus árachais.

Beidh Gyle JV gníomhach i sealbhú, i mbainistiú, i léasú, i bhfeabhsú agus i bhforbairt Lárionad Siopadóireachta Gyle atá lonnaithe i nDún Éideann na Ríochta Aontaithe, chomh maith le bheith ag plé le seirbhísí a bhaineann le soláthar spáis miondíola laistigh de Lárionad Siopadóireachta Gyle.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chaitheamh leis faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10746 — MORGAN STANLEY / BAWAG / GYLE JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.