24.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 241/23


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10687 – D’IETEREN / PHE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 241/11)

1.   

An 13 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

D’Ieteren Group (“DIG”) (an Bheilg),

Parts Holding Europe SAS (“PHE”) (An Fhrainc), atá faoi rialú deiridh Bain Capital (na Stáit Aontaithe).

De réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc gheobhaidh DIG rialú aonair ar PHE, trí mháthairchuideachta PHE, Dakar Holdings S.C.A. a fháil

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta infheistíochta teaghlaigh é DIG atá gníomhach in earnálacha éagsúla, go háirithe: (i) allmhairiú, dáileadh agus miondíol feithiclí grúpa Volkswagen agus páirteanna spártha (Volkswagen, Audi, Seat, Skoda, Bentley, Lamborghini, Porsche agus Bugatti) sa Bheilg (D’Ieteren Automotive); (ii) a oibríonn an saincheadúnas Wondercar (siopaí deisithe cabhlach) sa Bheilg; agus (iii) deisiú agus athsholáthar gloine feithicle i mBallstáit éagsúla, lena n-áirítear sa Bheilg agus sa Fhrainc (trí Belron agus ag feidhmiú faoi roinnt brandaí lena n-áirítear Carglass®, Safelite® agus Autoglass®),

Is cuideachta é PHE atá corpraithe sa Fhrainc agus atá gníomhach go príomha i ndáileadh páirteanna spártha le haghaidh feithiclí éadroma agus troma a fheidhmíonn sa mhargadh iardhíola neamhspleách (“IAM”) i roinnt Ballstát de chuid an Aontais, lena n-áirítear sa Bheilg agus sa Fhrainc. Sa Fhrainc, tá PHE gníomhach freisin i seirbhísí deisithe agus athsholáthair gloine feithicle trí na brandaí Mondial Pare-Brise agus Glass Auto Service. Sa Bheilg agus sa Fhrainc, soláthraíonn PHE seirbhísí agus tacaíocht ghnó do gharáistí neamhspleácha a oibríonn faoi cheann de bhrandaí PHE, mar shampla 1,2,3 Autoservice, AD, Autoprimo, Staff Auto, Glass Auto Service sa Fhrainc agus 1,2,3 AutoService, Requal agus AD Expert sa Bheilg.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10687 – D’IETEREN / PHE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).