11.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 157/21


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10650 – EGERIA / ISOPLUS GROUP / BRUGG / ISOPLUS JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 157/08)

1.   

An 1 Aibreán 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin.

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Egeria Group AG (“Egeria”, An Eilvéis);

Isoplus Fernwärmetechnik GmbH (An Ghearmáin), Isoplus Fernwärmetechnik Vertriebsgesellschaft mbH (An Ghearmáin), ISOPLUS Managementgesellschaft mbH (An Ghearmáin), Isoplus Fernwärmetechnik Gesellschaft m.b.H. (An Ostair), Isoplus Távhővezetőgyártó Korlátolt Felelősségű Társaság (An Ungáir), dá ngairtear le chéile “Isoplus Group”;

BRUGG Rohrsysteme GmbH (“BRUGG”, An Ghearmáin);

ISOBRUGG Stahlmantelrohr GmbH (“Isoplus JV”, an Ghearmáin), comhfhiontar faoi rialú ag Holding für Fernwärmetechnik Beteiligungsgesellschaft mbH (“HFB”, an Ghearmáin); agus BRUGG.

Gheobhaidh Egeria rialú aonair ar Isoplus Group ina iomláine, agus rialú comhpháirteach ar Isoplus JV ina iomláine, in éineacht le BRUGG, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

maidir le Egeria: cuideachta infheistíochta atá gníomhach i gcothromas príobháideach, réadmhaoin tráchtála agus réadmhaoin chónaithe, agus rannpháirtíochtaí i gcuideachtaí liostaithe, agus béim á leagan ar an Ísiltír agus ar réigiún DACH;

maidir le Isoplus Group agus Isoplus JV: monarú agus dáileadh córas píobaireachta réamh-inslithe, go príomha do théamh ceantair agus d‘fhuarú ceantair agus go pointe teoranta d’fheidhmeanna tionsclaíocha do mheán an tsreafa (amhail bia agus ceimic), píblíne ola, bithfhuinneamh, talmhaíocht agus faireachán ar líonraí, agus béim á leagan ar Lár na hEorpa;

maidir le BRUGG: gníomhach in earnálacha an téimh áitiúil, an téimh ceantair, an fhuaraithe, an uisce fhuair, na tionsclaíochta, na stáisiún líonta agus na saoráidí umar, ó chomhairle maidir le leagan go dtí bainistiú agus suiteáil tionscadail, agus fócas aige ar Lár na hEorpa.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe maidir le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10650 – EGERIA / ISOPLUS GROUP / BRUGG / ISOPLUS JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.