2.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 179/3


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10643 – ORACLE / CERNER)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 179/03)

1.   

An 22 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Oracle Corporation (“Oracle”, SAM);

Cerner Corporation (“Cerner”, SAM).

Gheobhaidh Oracle urlámhas aonair ar Cerner ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin tairiscint phoiblí, trí fhorthairiscint chun scaireanna eisithe agus neamhíoctha uile Cerner a cheannach.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Oracle gníomhach ar fud an domhain i réitigh TF a fhorbairt, a tháirgeadh, a chur ar an margadh agus a dháileadh, lena n-áirítear feidhmchláir fiontair agus bogearraí agus seirbhísí bonneagair.

Is soláthróir domhanda bogearraí agus seirbhísí cúraim sláinte é Cerner, bogearraí agus seirbhísí a thacaíonn le riachtanais chliniciúla, airgeadais agus oibríochtúla eagraíochtaí soláthróra cúraim sláinte de gach méid, lena n-áirítear bogearraí agus seirbhísí a sholáthar le haghaidh ríomhthaifid sláinte.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10643 – ORACLE / CERNER

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs: +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).