7.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 63/13 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10622 – Genstar Capital / MDP / Lightspeed)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 63/08)
1.
An 28 Eanáir 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Genstar Capital Partners LLC (“Genstar Capital”, na Stáit Aontaithe), |
— |
Madison Dearborn Partners, LLC (“MDP”, na Stáit Aontaithe), |
— |
LS Topco Holdings, LLC (“Lightspeed”, na Stáit Aontaithe), cuideachta atá á rialú ag MDP. |
Gheobhaidh Genstar Capital agus MDP rialú comhpháirteach ar Lightspeed de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc. Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Genstar Capital: gnólacht cothromais phríobháidigh atá speisialaithe i gcuideachtaí meánmhargaidh i seirbhísí airgeadais, cúram sláinte, teicneolaíocht thionsclaíoch agus bogearraí. |
— |
MDP: gnólacht cothromais phríobháidigh atá speisialaithe in infheistíochtaí i gcuideachtaí meánmhargaidh agus ardmhargaidh atá gníomhach i réimse leathan tionscal. |
— |
Lightspeed: cuideachta bogearraí atá i mbun bogearraí a sholáthair mar sheirbhís don bhainistiú seomraí ranga, don bhainistiú gléasanna móibíleacha, don anailísíocht agus d’fholáirimh folláine atá in úsáid ag soláthraithe oideachais. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach. De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10622 – Genstar Capital / MDP / Lightspeed
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
An Coimisiún Eorpach |
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
Clárlann na gCumasc |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).