19.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 402/11


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10615 — BOOKING HOLDINGS / ETRAVELI GROUP)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 402/07)

1.   

An 10 Deireadh Fómhair 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1) agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin.

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Booking Holdings Inc (“Booking”, na Stáit Aontaithe),

Flugo Group Holdings AB (“Flugo”, an tSualainn).

Gheobhaidh Booking rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar chodanna de Flugo.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Booking: cuideachta taistil phoiblí dhomhanda atá gníomhach i soláthar seirbhísí gníomhaireachta taistil ar líne (“OTA”) agus meiteachuardaigh (“MSS”) le haghaidh cóiríochtaí go príomha, chomh maith le soláthar seirbhísí le haghaidh eitiltí, carranna ar cíos agus gníomhaíochtaí. Ar phríomhbhrandaí Booking tá Booking.com, Priceline, Agoda, KAYAK, Rentalcars.com agus OpenTable.

Flugo: seirbhísí OTA atá dírithe nach mór ar dhíol eitiltí amháin faoin ainm trádála “eTraveli”, agus é gníomhach freisin, go pointe teoranta, i gcúrsaí cóiríochta agus i ndíol carranna ar cíos (tá ETG gníomhach freisin i soláthar seirbhísí dáilte ábhair aerlíne, trí TripStack). Ní cuid den chomhchruinniú atá beartaithe iad gníomhaíochtaí MSS Flugo a dhéantar faoi bhranda Flygresor.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10615 – BOOKING HOLDINGS / ETRAVELI GROUP

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).