9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/10


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10595 – CERBERUS / HBCE (FRENCH RETAIL BANKING))

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 68/06)

1.   

An 31 Eanáir 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Cerberus Capital Management L.P. (“Cerberus”, na Stáit Aontaithe), agus

Gnólacht baincéireachta miondíola HSBC Continental Europe sa Fhrainc (“HBCE’S French Retail Banking Business”, an Fhrainc), gnólacht ar cuid de Ghrúpa HSBC í atá á rialú ag HSBC Holdings plc.

Gheobhaidh Cerberus rialú aonair ar HBCE’S French Retail Banking Business sa Fhrainc ina hiomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta infheistíochta fadtéarmaí é Cerberus i ngach cineál urrús agus sócmhainní, lena n-áirítear creidmheas comhlántach, cothromas príobháideach, ardáin réadmhaoine agus iasacht mheánmhargaidh, ach gan a bheith teoranta dóibh.

Cuireann HBCE’S French Retail Banking Business an méid seo a leanas ar fáil dá cuid custaiméirí miondíola: seirbhísí baincéireachta agus airgeadais laethúla; réitigh dá riachtanais mhaoinithe ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha; réitigh árachais agus comhairle airgeadais, árachais agus infheistíochta agus seirbhísí bainistíochta sócmhainní.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10595 – CERBERUS / HBCE (FRENCH RETAIL BANKING)

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.