9.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 68/12


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10589 – ADT / FORD NEXT / SNTNL)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 68/07)

1.   

An 2 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

ADT LLC (“ADT”, na Stáit Aontaithe), faoi rialú deiridh an Apollo Group (na Stáit Aontaithe),

Ford Next LLC (“Ford Next”, na Stáit Aontaithe), ar leis an Ford Group (na Stáit Aontaithe) é,

SNTNL LLC (“SNTNL”, na Stáit Aontaithe), faoi rialú Ford Next.

Gheobhaidh ADT agus Ford Next rialú comhpháirteach ar SNTNL de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach urrús i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Soláthraíonn ADT réitigh um shlándáil, um uathoibriú agus um baile cliste, agus cuireann sé seirbhísí gairmiúla faireacháin 24/7 ar fáil.

Is é Ford Next a bhíonn an plé le hoibríochtaí gnó Ford Group um fheithiclí uathrialaitheacha, lena n-áirítear a chomhtháthú córas feithiclí uathrialaitheacha, taighde agus ardinnealtóireacht i dtaca le feithiclí uathrialaitheacha, forbairt gréasáin iompair d’fheithicil uathrialaitheach ar éileamh, eispéireas úsáideoirí, straitéis ghnó agus foirne forbartha gnó.

Tá sé ar intinn ag SNTNL córais slándála nasctha chliste feithicle agus seirbhísí gaolmhara amhail faireachán tríú páirtí a fhorbairt, a mhonarú agus a dhíol.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10589 – ADT / FORD NEXT / SNTNL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.