21.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 31/10


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10540 — ECDC / HPIL / JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 31/07)

1.   

An 12 Eanáir 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Energy City Development Company (“ECDC”, an Araib Shádach), fochuideachta ar lánúinéireacht ag Saudi Arabian Oil Company (“Saudi Aramco”, an Araib Shádach),

Hutchison Port Investments Limited (“HPIL”, Oileáin Cayman) atá ina chuid de CK Hutchison Holdings Limited (“CKH”, Hong Cong).

Faigheann ECDC agus HPIL rialú comhpháirteach ar Energy City Logistics Company LLC (an comhfhiontar, an Araib Shádach), de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

i gcás ECDC: úinéir agus forbróir King Salman Energy Park (SPARK), limistéar tionsclaíoch atá á fhorbairt i Ríocht na hAraibe Sádaí,

i gcás HPIL: forbróir agus oibreoir domhanda críochfort coimeádán agus soláthraí seirbhísí lóistíochta gaolmhara,

i gcás an chomhfhiontair: déanfar é a bhunú i Ríocht na hAraibe Sádaí, áit a mbeidh sé gníomhach. Déanfaidh sé an calafort intíre agus crios lóistíochta gaolmhar a fhorbairt, a mhargú agus a oibriú in SPARK.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10540 — ECDC / HPIL/ JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Clárlann na gCumasc

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.