|
18.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 78/53 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10349 – AMAZON/MGM)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 78/05)
1.
An 8 Feabhra 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Amazon.com, Inc. (“Amazon”, Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
|
— |
MGM Holdings Inc. (“MGM”, Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Gheobhaidh Amazon rialú ar MGM ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Oibríonn Amazon raon gnóthaí lena n-áirítear miondíol, siamsaíocht, leictreonaic do thomhaltóirí, agus seirbhísí teicneolaíocha. Tá Amazon gníomhach i léiriú agus i gcomhléiriú inneachair chlosamhairc trí Amazon Studios. Tá an t-ábhar sin, taobh le hábhar tríú páirtí, ar fáil ar thairiscint siamsaíochta baile Amazon, Prime Video, ag tomhaltóirí in LEE agus go hidirnáisiúnta. Ina theannta sin, táirgeann Amazon gléasanna seinnte meán sruthaithe agus soláthraíonn sé cineálacha eile inneachair dhigitigh, |
|
— |
Tá MGM gníomhach i léiriú agus dáileadh domhanda inneachair chlosamhairc. Go sonrach, tá baint ag MGM le forbairt, léiriú, maoiniú agus éadáil scannáin atá beartaithe lena n-eisiúint in amharclanna, agus le léiriú agus ceadúnú scannáin atá beartaithe lena n-eisiúint i ngach bealach eile, e.g. ar bhealaí seachas in amharclanna, trí theilifís saor ó tháille agus trí theilifís ar tháille, físeán baile fisiceach agus gach cineál siamsaíochta baile digití. In LEE, dáileann MGM a chuid inneachair trí thríú páirtithe. Tá MGM gníomhach freisin i gceadúnú cearta maoine intleachtúla le húsáid i dtáirgí tomhaltais agus i gcluichí idirghníomhacha. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10349 – AMAZON/MGM
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
|
Clárlann na gCumasc |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
AN BHEILG |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).