|
28.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 44/26 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10301 — CVC / ETHNIKI)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 44/11)
1.
An 20 Eanáir 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
CVC Capital Partners SICAV FIS S.A. (“CVC”, Luxemburg) |
|
— |
The Ethniki Hellenic General Insurance Company S.A. (“Ethniki”, An Ghréig) |
Faigheann CVC rialú aonair ar Ethniki ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
CVC, a chuid fochuideachtaí agus a chuid cuideachtaí cleamhnaithe, is eintitis faoi úinéireacht phríobháideach iad, eintitis a n-áirítear ar a gcuid gníomhaíochtaí comhairle infheistíochta a chur ar fáil do chistí agus ardáin infheistíochta áirithe, agus/nó infheistíochtaí a bhainistiú thar ceann na gcistí agus na n-ardán sin. Ceann de chuideachtaí punainne CVC is ea Hellenic Healthcare Group (“HHG”), cuideachta atá i mbun sé ospidéal phríobháideacha sa Ghréig. |
|
— |
Is árachóir ilchodach é Ethniki atá dírithe go príomha ar an nGréig, agus atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí teoranta sa Chipir agus sa Rómáin. I measc a cuid gníomhaíochtaí tá réimse táirgí árachais saoil agus árachais neamhshaoil, dáileadh árachais agus, méid de minimis, athárachas. Tá an sprioc-chuideachta faoi úinéireacht Bhanc Náisiúnta na Gréige (NBG) faoi láthair, agus tá sí á díol de bhun phlean athstruchtúrúcháin NBG, plean a aontaíodh leis an gCoimisiún. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10301 — CVC / ETHNIKI
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
An Coimisiún Eorpach |
|
Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta |
|
Clárlann na gCumasc |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).