1.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 145/17 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10218 – GAUSELMANN/GREENTUBE/JV)
Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 145/13)
1.
An 24 Márta 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:
— |
Gauselmann AG (“Gauselmann”), An Ghearmáin; |
— |
Greentube Internet Entertainment Solutions GmbH (“Greentube”), faoi rialú Novomatic Group (tá an dá chuideachta lonnaithe san Ostair); |
— |
Comhfhiontar nua-ionchorpraithe. |
Gheobhaidh Gauselmann agus Greentube comhrialú ar chuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Is trí cheannach scaireanna i gcuideachta nuabhunaithe, ar cuideachta í atá ina comhfhiontar, atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
i gcás Gauselmann: meaisíní sliotán a fhorbairt agus a dhíol, cluichí a fhorbairt le haghaidh cearrbhachais, cearrbhachas ar líne agus gealltóireachta spóirt chomh maith le hallaí cearrbhachais a oibriú, gníomhach go príomha sa Ghearmáin agus i dtíortha Eorpacha eile. |
— |
i gcás Greentube: mar chuid den Novomatic Group, a sholáthraíonn cluichí do chearrbhachas, réitigh chearrbhachais agus seirbhísí gaolmhara mar sholáthraí seirbhíse iomlán ar fud gach codanna den tionscal cearrbhachais, gníomhach go príomha san Ostair, gníomhach i 75 tír ar an iomlán. |
— |
i gcás na cuideachta nua-ionchorpraithe: ardán a bhunú le haghaidh cearrbhachas ar líne. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
Cás M.10218 – Gauselmann/Greentube/JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
Ríomhphost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).