An Bhruiséil,2.9.2022

JOIN(2022) 38 final/2 DOWNGRADED ON 25.07.2024

2022/0267(NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

(1)An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir.

(2)An 29 Iúil 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2648 (2022). Leis an Rún sin leathnaítear na díolúintí chun an trádbhac arm a chumhdach.

(3)Glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena leasófar Cinneadh 2013/798/CBES chun forálacha Rún 2648(2022) a léiriú.

(4)Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun na bearta sin a chur chun feidhme.

(5)Molann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún Eorpach Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a leasú dá réir sin.

2022/0267 (NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir 1 ,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir 2 , chun éifeacht a thabhairt do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle.

(2)An 29 Iúil 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe Rún 2648 (2022). Leis an Rún sin leathnaítear na díolúintí chun an trádbhac arm a chumhdach.

(3)An […] Meán Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) [2022/…] 3 , lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES i gcomhréir le Rún 2648 (2022).

(4)Tagann roinnt de na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme i dteannta coigeartuithe teicniúla i bhfianaise rúin roimhe seo, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(5)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I Rialachán (AE) Uimh. 224/2014, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

‘De mhaolú ar Airteagal 2, ní bheidh feidhm ag na toirmisc a leagtar síos san Airteagal sin maidir le soláthar cúnaimh theicniúil, maoinithe nó cúnaimh airgeadais nó seirbhísí bróicéireachta:

(a) nach bhfuil beartaithe ach amháin chun tacú le, nó lena núsáid ag, Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i bPoblacht na hAfraice Láir (MINUSCA), misin an Aontais agus fórsaí na Fraince atá imlonnaithe i bPoblacht na hAfraice Láir, chomh maith le fórsaí de Bhallstáit eile de chuid na Náisiún Aontaithe a sholáthraíonn oiliúint agus cúnamh faoi mar atá curtha in iúl i gcomhréir le pointe (b);

‑‑‑(b) a bhaineann le soláthairtí trealaimh neamhmharfaigh agus soláthar cúnaimh, lena náirítear oiliúint oibríochtúil agus neamhoibríochtúil d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n‐áirítear institiúidí stáit um fhorfheidhmiú an dlí shibhialta, i gcás inarb é is rún le soláthairtí den sórt sin iad a úsáid i bpróiseas Athchóirithe na hEarnála Slándála (‘AES’) i bPoblacht na hAfraice Láir, nó chun tacú leis, i gcomhar le MINUSCA, agus sin amháin, ar choinníoll go dtugtar fógra don Coiste Smachtbhannaí roimh ré maidir le cúnamh agus seirbhísí a sholáthar;

(c) a bhaineann le soláthairtí trealaimh neamhmharfaigh nach bhfuil beartaithe ach amháin le haghaidh úsáid dhaonnúil nó chosanta, ar choinníoll go dtugtar fógra don Coiste Smachtbhannaí roimh ré maidir le cúnaimh nó seirbhísí den sórt sin a sholáthar;

‑‑‑(d) a bhaineann le héadaí cosanta, lena náirítear seaicéid philéardhíonacha agus clogaid mhíleata, arna nonnmhairiú go sealadach chuig Poblacht na hAfraice Láir ag pearsanra na Náisiún Aontaithe, ionadaithe na meán agus oibrithe daonnúla agus forbartha agus pearsanra gaolmhar, dá núsáid phearsanta amháin;

(e) a bhaineann le soláthairtí arm agus armlóin, feithiclí míleata agus trealaimh mhíleata d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n‐áirítear institiúidí stáit um fhorfheidhmiú an dlí shibhialta, i gcás inarb é is rún le hairm, armlón, feithiclí nó trealamh den sórt sin, iad a úsáid i bpróiseas Athchóirithe na hEarnála Slándála i bPoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis, agus sin amháin, ar choinníoll go dtugtar fógra don Coiste Smachtbhannaí roimh ré maidir le cúnamh nó seirbhísí den sórt sin a sholáthar.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 352, 24.12.2013, lch. 51.
(2)    IO L 70, 11.3.2014, lch. 1.
(3)    IO L …