An Bhruiséil,27.2.2022

JOIN(2022) 30 final/2 -DOWNGRADED on 9.9.2022

2022/0063(NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine


E

2022/0063 (NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CFSP) 2022/XXX 1 ón gComhairle an XX Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine.

(2)Le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, tugtar éifeacht do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CFSP ón gComhairle.

(3)An [DÁTA] ghlac an Chomhairle Cinneadh (CFSP)2022/XXX lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CFSP agus lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise lena dtoirmeascfar ar aeriompróirí Rúiseacha nó aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis, nó aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis ach atá faoi úinéireacht aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht Rúiseach, nó atá cairtfhostaithe aige, tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi nó eitilt thairsti. Toirmisctear leis freisin aon idirbhearta le Banc Ceannais na Rúise.

(4)Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

(5)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Leasaítear Rialachán (AE) 833/2014 mar a leanas:

(1)In Airteagal 1, pointe (r) cuirtear isteach an méid seo a leanas:

(r)ciallaíonn ‘aeriompróir Rúiseach’ aon ghnóthas aeriompair a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta nó a choibhéis aige arna eisiúint ag údaráis inniúla Chónaidhm na Rúise.

(2)Cuirtear na hAirteagail seo a leanas leis:

‘Airteagal 3d

1.Toirmeascfar ar aon aerárthach atá á oibriú ag aeriompróirí Rúiseacha, lena náirítear ina gcáil mar iompróir margaíochta trí shocruithe roinnte cóid nó trí shocruithe suíochán blocáilte nó ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis, nó ar aon aerárthach nach bhfuil cláraithe sa Rúis atá faoi úinéireacht aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht Rúiseach, nó atá cairtfhostaithe aige, tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi nó eitilt thairsti.

2.Ní bheidh feidhm ag Mír 1 i gcás tuirlingthe éigeandála nó traseitilte éigeandála.

3.De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú d’aerárthach tuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi nó eitilt thairsti más rud é go gcinneann na húdaráis inniúla gur gá an tuirlingt, an téirí den talamh nó an eitilt thairsti sin chun críocha daonchairdiúla nó aon chríoch eile atá comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo.

4.Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoi mhír 3 laistigh de dhá sheachtain ón údarú.

Airteagal 3e

1.An Bainisteoir Líonra arna cheapadh ag an gCoimisiún de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/709, tabharfaidh sé tacaíocht don Choimisiún agus do na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar Airteagal 3d a chur chun feidhme agus a chomhlíonadh. Déanfaidh an Bainisteoir Líonra an méid seo a leanas go háirithe:

(a)Diúltú do na pleananna uile arna gcomhdú ag oibreoirí aerárthaí ina bhfuil sé léirithe go bhfuil sé beartaithe gníomhaíochtaí a dhéanamh ar chríoch Bhallstáit de chuid an Aontais arb é atá iontu sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo nó ar bhearta sábháilteachta agus slándála eile atá i bhfeidhm, ionas nach gceadófar don phíolóta eitilt a dhéanamh; agus

(b)Maidir leis na heitiltí uile thar uiscí idirnáisiúnta nó thar chríoch tríú tír a dhéanfaidh iompróirí de chuid an Aontais nó oibreoirí aerárthaí eile arb é atá sna heitiltí sin sárú ar fhorálacha an Rialacháin seo nó ar na bearta sábháilteachta agus slándála eile atá i bhfeidhm, próiseas foláirimh nó aláraim a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear oibreoirí aerárthaí ar an eolas gur sárú ar an Rialachán seo atá san eitilt atá beartaithe.

2.Déanfaidh an Bainisteoir Líonra tuarascálacha a chur ar fáil go rialta don Choimisiún agus do na Ballstáit tuarascálacha, bunaithe ar anailís ar phleananna eitilte, ar chur chun feidhme Airteagal 3d.

(3)Cuirtear míreanna, 4, 5 agus 6 le hAirteagal 5a:

4.Toirmeasctar aon idirbheart le Banc Ceannais na Rúise nó le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise nó faoina threoir.

5.De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh na húdaráis inniúla idirbheart a údarú ar choinníoll go bhfuil sin fíor-riachtanach chun an chobhsaíocht airgeadais a áirithiú.

6.An Ballstát lena mbaineann, cuirfidh é na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon rún atá aige údarú a dheonú faoi mhír 5.’

Airteagal 12

Toirmeascfar páirt a ghlacadh, go feasach nó d’aon turas, i ngníomhaíochtaí arb é is cuspóir nó is éifeacht dóibh, go díreach nó go hindíreach, dul timpeall ar na toirmisc sa Rialachán seo lena n‑áirítear trí ghníomhú mar ionadaí ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 5a, 5b, 5e agus 5f nó gníomhú chun a leasa trí úsáid a bhaint as na heisceachtaí in Airteagail 5(6), 5a(2), 5a(5), 5b(2), 5e(2) nó 5f(2).’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L , , p. .