An Bhruiséil,6.5.2022

JOIN(2022) 14 final/2 DOWNGRADED on 5.7.2022

2022/0156(NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)An XXX 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh XXXX lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES, lena tugtar isteach roghanna breise maolaithe ón reo sócmhainní agus an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus eintitis ainmnithe. Is iomchuí freisin na forálacha maidir le pionóis náisiúnta i gcás sárú na mbeart sa Rialachán a shoiléiriú agus a neartú.

(3)Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt do na bearta sin i ndlí an Aontais.

(4)Molann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún Eorpach Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a leasú dá réir sin.

2022/0156 (NLE)

Togra comhpháirteach le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de

Ag féachaint do Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine 1 nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, tugtar éifeacht do bhearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES.

(2)An XX YY 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh XXXX lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES, lenar tugadh isteach roghanna breise maolaithe ón reo sócmhainní agus an toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do dhaoine agus eintitis ainmnithe. Is iomchuí freisin na forálacha maidir le pionóis náisiúnta i gcás sárú na mbeart sa Rialachán a shoiléiriú agus a neartú.

(3)Tagann na leasuithe sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(4)Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle mar a leanas:

(1) cuirtear an t‑airteagal seo a leanas isteach:

‘Airteagal 6c

1. De mhaolú ar Airteagal 2, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a údarú go ndéanfar cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do dhuine, eintiteas nó chomhlacht a liostaítear in Iarscríbhinn I, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin fíor-riachtanach i dtaca le seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar ag fochuideachtaí, atá bunaithe sa Rúis, d’oibreoirí teileachumarsáide AE agus i dtaca le soláthar seirbhísí agus trealaimh is gá le haghaidh oibriú, chothabháil agus shlándáil na seirbhísí cumarsáide sin.

2. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann aon údarú a dheonófar faoin Airteagal seo in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún laistigh de sheachtain amháin tar éis an údaraithe.’

(2) in Airteagal 15, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme, lena n‑áirítear pionóis choiriúla, i dtaca le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Déanfaidh na Ballstáit foráil freisin maidir le bearta iomchuí chun fáltais sáruithe den sórt sin a choigistiú.’

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

(1)    IO L 078, 17.3.2014, lch. 16.