21.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 257/6


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus bainistiú géarchéimeanna: cur le hathléimneacht an Aontais, a réigiún agus a chathracha

(2023/C 257/02)

Rapóirtéir:

Christophe CLERGEAU (PSE/FR) Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Pays de la Loire

MOLTAÍ BEARTAIS

SEO SEASAMH CHOISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Ullmhacht na sochaí — cur chuige nua maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí agus géarchéimeanna

1.

Tá CnaR den tuairim nach eol dúinn cad iad na géarchéimeanna a chuimleoidh leis an Eoraip ná lena cathracha, a contaetha agus a réigiúin amach anseo, ach gur maith is eol dúinn cé a bheidh caillteach leo. Is beag an beann a bhíonn ag géarchéimeanna ar theorainneacha riaracháin. Dá bhrí sin, ní mór cur chuige il-leibhéil a ghlacadh a mbeidh gach institiúid bhardasach, gach údarás idirmheánach áitiúil (cúigí, contaetha, etc.) agus an leibhéal réigiúnach rannpháirteach ann. Chuige sin, ní mór cultúr a chothú a chuideoidh linn déileáil le rioscaí agus géarchéimeanna, is é sin cur chuige nua a bheidh bunaithe ar ullmhacht na sochaí ar mhaithe le sábháilteacht, sláinte agus folláine an duine. Sin é bun agus barr na tuairime seo.

2.

Tugann CnaR dá aire gurb é comhartha sóirt na ngéarchéimeanna a bhuail sinn le blianta beaga anuas ná a bhrúidiúla agus a dhothuartha a bhí siad. Siúd is gur féidir agus gur cheart fáil faoi réir na dtubaistí agus na dteagmhas as cuimse a eascróidh as an athrú aeráide, agus iad a thuar, níl aon dul go bhféadfaí treise na dtubaistí sin ná a mhinice a thiocfaidh siad chugainn a thuar. Is léir dúinn ón ngéarchéim a lean COVID-19 nó ón gcogadh san Úcráin agus a bhfuil d’anró agus cruatan á bhfulaingt ag muintir na tíre sin mar gheall air cad é mar ráig nua géarchéimeanna dothuartha agus ollmhóra atá ag bagairt orainn. Fágann sin nach leor a thuilleadh dul i muinín cur chuige uileghabhálach maidir le géarchéimeanna a chosc (mar atá cur chun gnímh ar mhaithe le rioscaí aitheanta dóchúla a sheachaint) ná ní leor, ach chomh beag, prionsabal an réamhchúraim a chur i ngníomh (mar atá cur chun gnímh d’fhonn teacht roimh rioscaí tromchúiseacha doleigheasta do shláinte an duine nó don chomhshaol).

3.

Tá CESE den tuairim nach mór don Eoraip infheistíocht a dhéanamh i gcur chuige nua, mar atá, ullmhacht na sochaí. Is éard a thuigtear leis sin an acmhainneacht chomhchoiteann is gá chun an tsochaí a ullmhú le haghaidh na ndúshlán a bheidh ann amach anseo, géarchéimeanna agus tubaistí go sonrach, agus é sin a dhéanamh de mheon an chomhtháthaithe agus na dlúthpháirtíochta. Le hullmhacht na sochaí, tá béim faoi leith ar an ngné shibhialta, shóisialta agus dhaonna agus ar rochtain ar sheirbhísí agus ar cháilíocht na tacaíochta a chuirtear ar fáil do dhaoine. Tar éis an tsaoil, is ar na daoine is leochailí amuigh is túisce a ghoillfidh géarchéimeanna agus tubaistí i gcónaí. Sin ceann de na ceachtanna a mhúin géarchéim COVID-19 dúinn.

4.

Tá CnaR den bharúil nach mór dhá ghné a thabhairt le chéile leis an gcur chuige uileghabhálach i leith na hathléimneachta, is iad sin: forbairt chumas na sochaí chun an t-athrú is gá a chur chun cinn i dtreo gur féidir dul i ngleic le dúshláin na neamhionannas eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, leis an athrú aeráide agus leis an aistriú glas agus, ina theannta sin, forbairt an chumais chun aghaidh a thabhairt ar leochaileacht na sochaí i dtaca le rioscaí, géarchéimeanna agus tubaistí, ar a n-áirítear trí ghníomhaíochtaí chun cur le hullmhacht na sochaí.

5.

Molann CnaR gur cheart idirdhealú a dhéanamh ar na leochaileachtaí a bhaineann le rioscaí aitheanta, ar rioscaí comhshaoil, déimeagrafacha agus tionsclaíocha iad den chuid is mó, ar thaobh amháin, agus ar na leochaileachtaí a bhaineann le rioscaí aineoil, ar an taobh eile, cibé acu is toradh iad sin ar an athrú aeráide, a bhaineann siad leis an tsláinte nó is toradh iad ar ghníomhaíochtaí an duine. Ní féidir cur in éadan na leochaileachtaí sin le pleananna bainistíochta, dá shofaisticiúla iad. Má táthar chun cur ina gcoinne i gceart, go háirithe i gcoinne an dara cineál leochaileachta, is gá, thar ní ar bith eile, cultúr a chothú a chuideoidh linn déileáil le géarchéimeanna agus rioscaí maille le hacmhainneacht chomhchoiteann a chabhróidh linn déileáil le héiginnteacht agus tubaistí.

6.

Tá CnaR ag iarraidh ar an Aontas Eorpach tosaíocht pholaitiúil a thabhairt don anailís ar na leochaileachtaí sóisialta agus críochacha, ós rud é gur deacair an ní na sochaithe uile a ullmhú d’uireasa na faisnéise sin. Ní fhéadfar freagairt éifeachtach a thabhairt air sin ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe i ngach ceann de chathracha, de chontaetha agus de réigiúin na hEorpa, mura gcuirfear na leochaileachtaí sin chun suntais agus mura ndéanfar iarracht ar iad a thuiscint. Ba cheart dúinn a bheith ar ár n-airdeall faoi chur chuige i leith leochaileachtaí atá uilechuimsitheach agus a bhfuil raon geografach iomarcach aige agus, ina ionad sin, tús áite a thabhairt do chur chuige áitiúil lena dtugtar aghaidh go sonrach ar chúinsí an duine mar atá ar an láthair;

7.

Aithníonn CnaR gurb iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as na beartais um chosaint shibhialta. Mar sin féin, is rí-mhinic gurb iad na gníomhaithe áitiúla, na cathracha agus na contaetha (cúigí, etc.) a thugann faoi ghníomhaíochtaí um ullmhacht na sochaí agus gníomhaíochtaí fóirithinte. Is gnách leo freisin cumhachtaí den saghas sin a fheidhmiú, le tacaíocht ó na réigiúin. Dá bhrí sin, ní mór féachaint chuige go mbeidh dlúthbhaint ag na húdaráis sin le dearadh agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin agus leis an bhfaireachán a dhéanfar orthu. Lena chois sin, ní mór acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil dóibh chuige sin, idir acmhainní airgeadais agus acmhainní dlíthiúla, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta gníomhaí agus le cur chuige rialachais il-leibhéil, mar atá gach uile leibhéal críochach a bheith i gceist.

8.

Cuireann CnaR i bhfáth gur gá acmhainneacht na gcathracha agus na réigiún a neartú d’fhonn is gur féidir na seirbhísí a theastaíonn ó na daoine a chur ar fáil, lena n-áirítear i dtráthanna géarchéime. Beart tábhachtach amháin a d’fhéadfaí a dhéanamh ná cur le slándáil chomhchoiteann an tsoláthair ar fud na hEorpa. Chuige sin, níor mhór spleáchais chriticiúla a shainaithint, formhór na dtáirgí agus na seirbhísí riachtanacha a tháirgeadh san Eoraip agus sásraí an mhargaidh aonair a chur ar fáil, sásraí a bhfuil gá leo chun slándáil an tsoláthair amhábhar, earraí agus bia a neartú. Ba cheart an bonneagar criticiúil a fheabhsú freisin chun dálaí maireachtála a chinntiú i dtráthanna géarchéime;

An anailís ar na leochaileachtaí a chur i gcroílár an bheartais comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo

Innéacs agus scórchlár lenar féidir tuiscint níos fearr a fháil ar na rioscaí a bhaineann leis na leochaileachtaí críochacha agus daonra agus lenar féidir na rioscaí sin a chur san áireamh ar dhóigh níos fearr

9.

Is díol sásaimh do CnaR go ndeachthas ar iontaoibh an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) agus an Aonaid Bainistíochta Riosca a ghabhann leis chun ‘innéacs’ leochaileachta (1) a thabhairt chun cinn ina dtugtar le chéile na gnéithe comhshaoil, críochacha, eacnamaíocha agus sóisialta. Tá CnaR ag iarraidh go dtabharfaí dóthain tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais do JRC ionas gur féidir dó dul chun cinn a dhéanamh ar an innéacs sin.

10.

Tá sé á chur chun suntais ag CnaR a thábhachtaí atá gné shóisialta na leochaileachta. Cé go ligtear i ndearmad nó i bhfaillí go rómhinic í, is príomhghné den athléimneacht í, ar a shon sin. I dtaca leis na coincheapa seo – rochtain ar dhaoine, tacaíocht shóisialta agus rochtain ar an gcóras sláinte agus ar na seirbhísí sóisialta do dhaoine leochaileacha, laghdú ar an mbearna dhigiteach agus rochtain dhigiteach níos fearr – ba cheart iad a chomhtháthú go huile is go hiomlán in aon anailís leochaileachta. Cuireann CnaR i bhfios go láidir a leochailí atá mionlaigh, mná, na boicht, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas agus iad siúd a bhfuil galair ainsealacha orthu. Cuireann sé chun suntais freisin ról tábhachtach na leochaileachtaí sóisialta sna réigiúin is forimeallaí, i réigiúin iargúlta agus i réigiúin oileánacha agus is iad na réigiúin sin atá ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

11.

Tacaíonn CnaR le hiarrachtaí JRC chun feabhas a chur ar cháilíocht na sonraí agus ar an ‘innéacs’ leochaileachta. Tá sé i bhfách leis an mian atá ann go mbeadh comhar níos fearr idir JRC, Ard-Stiúrthóireachtaí eile an Choimisiúin agus na Ballstáit chun na críche sin. Dearbhaíonn sé a úsáidí a bheadh sé an t-innéacs sin a chur i bhfeidhm ar gach leibhéal críochach – NUTS 2, NUTS 3 agus, thar aon ní eile, ar an leibhéal críochach – agus iarrann sé athuair go bhfoilseofaí an scórchlár leochaileachta chun dálaí iarbhír gach limistéir a léiriú. Molann sé do na Ballstáit agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha infheistíocht a dhéanamh i measúnú riosca, go háirithe ó thaobh na leochaileachta de agus gur cheart torthaí na hoibre sin a chur ar fáil don phobal d’fhonn cultúr a chuideoidh linn deileáil le rioscaí a neartú san Aontas Eorpach.

12.

Tarraingíonn CnaR aird ar an ngá atá le sonraí chun na pobail is leochailí a mhapáil go héifeachtach. Mar chuid de sin, ba ghá sonraí neamh-chomhiomlánaithe a sholáthar agus sonraí a idirnascadh chun aird a tharraingt ar chásanna sonracha (e.g. mná atá bocht), mar aon leis an ngá atá le sonraí chun fadhbanna maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí a thabhairt chun suntais.

13.

Tá CnaR den bharúil, seachas iarracht a dhéanamh táscaire foirfe a chruthú, gur cheart tús áite a thabhairt don táscaire sin a thriail mar uirlis chinnteoireachta. Is geal leis gur ghlac roinnt eagraíochtaí pobail an cur chuige sin agus iarrann sé go dtabharfaí isteach clár píolótach lena dtabharfar le chéile na cathracha, na contaetha agus na réigiúin ar mian leo triail a bhaint as an táscaire leochaileachta ionas gur féidir é a chur i gcomparáid le tuiscintí áitiúla ar dhálaí iarbhír agus chun a mbeartais agus a n-infheistíochtaí a threorú.

14.

Molann CESE go bhféadfadh JRC tús a chur le hardán Eorpach um malartú a bhunú agus, mar chuid de sin, cur chuige uileghabhálach a ghlacadh maidir le leochaileachtaí, oirchill, ullmhacht agus bainistiú rioscaí agus géarchéimeanna ina mbeadh na hinstitiúidí Eorpacha, na Ballstáit, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus na geallsealbhóirí rannpháirteach. Trí bhíthin an ardáin sin, d’fhéadfaí cur leis an taithí a fuarthas ó ardáin um speisialtóireacht chliste agus maoiniú a fháil ón gclár Interreg na hEorpa. Leis sin, tharraingeofaí aird go háirithe ar an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta (2), rud ar cheart tacú leis agus forbairt a dhéanamh air freisin.

15.

Ina theannta sin, molann CnaR na cathracha, na contaetha agus na réigiúin a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna tionscnaimh sin go léir.

16.

Tá CnaR ag iarraidh go mbunófaí líonra Eorpach um ghluaiseachtaí sibhialta agus um chomhlachais neamhrialtasacha chun rioscaí agus géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú agus chun sochaithe a ullmhú chun dul i gleic leo. Iarrann sé ar an gCoimisiún tacú leis an tionscnamh sin agus cuidiú lena bhunú. Cuireann sé in iúl go bhfuil sé faoi réir chun oibriú i bpáirt leis an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta agus leis an gCoimisiún Eorpach chun an líonra sin a bhunú trí imeacht bliantúil a eagrú do na geallsealbhóirí uile, agus sin i gcomhar le hOifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaiste agus leis an gCoimisiún Eorpach.

Aghaidh a thabhairt ar a bhfuil de leochaileachtaí ann, rud is tosaíocht nua don bheartas comhtháthaithe

17.

Ba mhian le CnaR é a thabhairt chun suntais gur léiríodh le géarchéimeanna a thit amach le déanaí gur féidir neamhionannais dhoimhne nua ó thaobh na sláinte agus na folláine de teacht chun cinn mar thoradh ar leochaileachtaí i gceantair áitiúla agus i measc daonraí. Ar an ábhar sin, cuireann sé i bhfáth gur cheart é a bheith ina thosaíocht pholaitiúil sa bheartas comhtháthaithe aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí sóisialta agus críochacha; ba ghá chuige sin an ghné shóisialta den bheartas comhtháthaithe a neartú i réimsí eile sa bhreis ar an bhfostaíocht agus an oiliúint trí dhíriú ar shaincheisteanna an chuimsithe agus na rochtana ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta. Dá réir sin, dhéanfaí an beartas comhtháthaithe a dhruidim leis na saoránaigh freisin.

18.

Tá CnaR den tuairim gur ríthábhachtach an ní é ‘innéacs’ agus scórchlár leochaileachta críochaí a thabhairt chun cinn má táthar chun tús a chur leis an díospóireacht pholaitiúil faoin gcaoi le réiteach a fháil ar na leochaileachtaí sin faoi chuimsiú an bheartais comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo. Ba cheart sonraí ar leibhéal NUTS 3 a chur san áireamh i ngach uile ghné den bheartas freisin chun cur chuige níos spriocdhírithe, níos inrochtana agus níos éifeachtúla a áirithiú.

19.

Tá CnaR ar a fhaichill i gcónaí faoi ‘innéacs’ leochaileachta a úsáid mar uirlis chinnteoireachta chun cistí an bheartais comhtháthaithe a dháileadh. Bíodh sin mar atá, cuireann sé i bhfáth gur gá ról níos mó a bheith ag an mbeartas comhtháthaithe sna réigiúin is leochailí.

20.

Molann CnaR go dtabharfaí tús áite sa bheartas comhtháthaithe don athléimneacht i leith géarchéimeanna agus do chur in éadan leochaileachtaí sóisialta agus críochacha, sin anuas ar chistiú breise a thabhairt isteach do réigiúin agus do chontaetha atá an-leochaileach agus ar mian leo an-úsáid a bhaint as an mbeartas comhtháthaithe chun na críche sin.

21.

Tá CnaR den tuairim, mar sin féin, bíodh is gur cheart an beartas comhtháthaithe a bheith ina uirlis le haghaidh ullmhacht na sochaí, rud is féidir a dhéanamh, nach féidir leis cúiteamh as damáiste de dheasca mórthubaistí a chumhdach. Is é a bharúil gur mó atá an Cúlchiste nua um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála dírithe ar fhreagairt láithreach a thabhairt ar thubaistí agus ar phaindéimí seachas ar aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí lena mbaineann. Iarrann CnaR, dá bhrí sin, go ndéanfaí breithniú ar shásra buan idirghabhála a bhunú chun mórdhamáiste de dheasca tubaistí i limistéar ar leith a chúiteamh.

22.

Molann sé, faoi chuimsiú na gclár cistiúcháin Eorpach amhail Interreg, Fís Eorpach nó Erasmus+, tionscadail comhair idir-réigiúnaigh a spreagadh, ar gá iad a cheapadh de réir dhálaí iarbhír geografacha na limistéar éagsúil. D’fhéadfadh comhar le tríú tíortha a bheith mar thoradh air sin. Bheadh na tionscadail comhair idir-réigiúnaigh sin dírithe ar an athléimneacht i leith géarchéimeanna agus ar aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí, go háirithe a fhad a bhaineann leis an gcur chuige trasteorann i leith rioscaí agus géarchéimeanna, ar luamhán cumhachtach é chun cleachtais éagsúla sna Ballstáit a dhruidim le chéile i dtaca le hábhair faoi leith. I ndáil leis sin, is é is dóichí go mbeidh géarghá le comhchuid shonrach Interreg agus GECC.

23.

In ainneoin é a bheith léirithe go bhfuil ionstraimí ar leibhéal an Aontais an-chabhrach ar fad, aithníonn CnaR go bhfuil deis ann tuilleadh a dhéanamh i ndáil leis na dúshláin dhíthiúla agus riaracháin a bhaineann le comhar trasteorann. Ina theannta sin, d’fhéadfaí tuilleadh dlúthpháirtíocht Eorpach a áirithiú ach constaicí ar an gcomhar tsásra trasteorann a bhaint. Iarrann CnaR ar an gCoimisiún Eorpach, i dtaca leis sin de, glacadh an tsásra trasteorann Eorpaigh a athsheoladh.

Aistriú ó bhainistíocht riosca go cultúr comhroinnte i leith rioscaí: an Eoraip agus na críocha a ghabhann léi a ullmhú le haghaidh géarchéimeanna agus tubaistí

24.

Tugann sé dá aire go bhfuil borradh faoi bheartais cosanta sibhialta agus beartais sláinte poiblí na hEorpa ó chuimil géarchéim COVID-19 linn. Is iomaí tionscnamh nua atá tagtha chun cinn, ar a n-áirítear RescEU agus HERA. Mar thoradh ar an bhfreagairt chomhchoiteann atá tugtha ag an Eoraip ar an gcogadh san Úcráin, is i gcomhar le chéile anois atá muintir na hEorpa ag tabhairt tacaíocht do dhaoine, agus aird tarraingthe, dá réir sin, ar an ngné dhaonna agus shóisialta de bhainistiú géarchéimeanna. De bhreis ar an ngá atá le bainistiú géarchéimeanna, rud atá ag teastáil go géar i gcónaí, tá súil ag CnaR go dtabharfar tosaíocht anois d’ullmhacht na sochaí, i.e. rioscaí a chosc, ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus leathadh cultúir chomhroinnte rioscaí agus géarchéime san Eoraip.

25.

Cuireann CnaR i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha ós pointe fócasach é chun freagairtí Eorpacha ar ghéarchéimeanna a chomhordú, go háirithe an cogadh san Úcráin agus an crith talún sa Tuirc. Thug bainistiú na ngéarchéimeanna sin an ghné dhaonna agus shóisialta a bhaineann le bainistiú géarchéime chun léire. Ar an gcúis sin, anuas ar an ról tábhachtach atá ag bainistiú géarchéimeanna, rud atá thar a bheith ábhartha i gcónaí, tá súil ag CnaR go dtabharfar tosaíocht freisin d’ullmhacht na sochaí, i.e. rioscaí a chosc, ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus leathadh cultúir chomhroinnte rioscaí agus géarchéime san Eoraip.

Cuspóirí an Aontais maidir le hathléimneacht i leith tubaistí

26.

Is díol sásaimh do CnaR an moladh agus an teachtaireacht a d’fhoilsigh an Coimisiún maidir le spriocanna an Aontais i dtaca le hathléimneacht i leith tubaistí agus aontaíonn sé leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach iontu, a bhfuil cuid mhór de na moltaí a cuireadh chun cinn i dtuairimí a foilsíodh roimhe seo san áireamh iontu. Is geal leis freisin go bhfuil aird níos mó á tabhairt ar dhálaí áitiúla agus réigiúnacha agus cuireann sé chun suntais a thábhachtaí atá na tionscnaimh shuaitheanta. Tá sé suite de go gcuirfeadh an creat sin, bíodh is gur creat neamhcheangailteach é, le cóineasú na gcleachtas ar fud na mBallstát éagsúil agus, ar an gcaoi sin, le cáilíocht na hullmhachta i leith géarchéimeanna. Ba mhian leis chomh maith go mbeadh dlúthbhaint aige leis an bhFóram um Chosaint Shibhialta a thionólfar in 2024 óir deis a bheidh ann chun athbhreithniú tosaigh a dhéanamh ar na cuspóirí sin agus iad a oiriúnú;

27.

Tá CnaR ag iarraidh ar na réigiúin breith ar na failleanna nua atá ann chun páirt a ghlacadh i dtionscnaimh agus chun tionscadail a chistiú, go háirithe faoi Chuspóir 2 ‘Ullmhúchán’ agus an tionscnamh suaitheanta ‘PreparEU’. Tá sé ar intinn ag CnaR cuidiú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith níos rannpháirtí sa Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta thar mar atá faoi láthair.

28.

Is oth le CnaR, áfach, gur faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta amháin a thagann na foilseacháin sin agus nach dtugtar léargas níos iomlánaíche iontu ar leochaileacht agus athléimneacht na hEorpa, a cathracha agus a réigiún i leith géarchéimeanna.

29.

Tá CnaR i bhfabhar tástálacha struis a thabhairt isteach maidir le hathléimneacht na lárionad oibríochta éigeandála. Iarrann sé, áfach, go leathnófaí na tástálacha sin chun córais rabhaidh agus bainistithe géarchéime ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil a áireamh iontu. Molann sé freisin go gcuirfí gach gné den leochaileacht, lena n-áirítear tosca sóisialta agus críochacha, san áireamh ar dhóigh níos fearr sna tástálacha struis sin.

30.

Spreagann sé réigiúin/údaráis áitiúla chun tástáil struis a dhéanamh i gcásanna atá oiriúnach don tírdhreach riosca áitiúil/réigiúnach. D’fhéadfaí atlais maidir le riosca áitiúla/réigiúnacha, feachtais ardaithe feasachta i leith rioscaí agus gníomhaíochtaí um ullmhacht an phobail a spreagadh freisin, mar aon le gníomhaíochtaí a dhéanfaí i gcomhthráth le mí na hullmhachta i leith géarchéimeanna a eagróidh an tAontas amach anseo, rud a moladh sa Teachtaireacht maidir le grúpaí diagnóisbhunaithe.

Cultúr comhchoiteann i leith rioscaí agus géarchéimeanna a chothú i measc na gcinnteoirí áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha

31.

Tugann CnaR dá aire go bhfuil creat straitéiseach Eorpach maidir le rioscaí agus géarchéimeanna á iarraidh ag an gcuid is mó de na gníomhaithe ar tionóladh cruinnithe leo d’fhonn cur chuige córasach comhordaithe a cheapadh (rud a mheastar a bheith in easnamh faoi láthair). Tá sé molta ag cuid mhaith díobh siúd go bhféadfaí Ard-Stiúrthóireacht ‘rioscaí agus géarchéimeanna’ a bhunú lena gcumhdófar ullmhacht na sochaí, rioscaí a chosc, agus bainistiú rioscaí agus géarchéimeanna a eascraíonn as leochaileachtaí.

32.

Dearbhaíonn CnaR gurb é an príomhdhúshlán atá le sárú a fhad a bhaineann le rioscaí agus géarchéimeanna ná conas meon lucht déanta cinntí agus próiseas na cinnteoireachta polaitiúla a athrú. Ní chuirtear oiliúint ar fhormhór an lucht déanta cinntí chun géarchéimeanna a thuar ná a bhainistiú ná chun dul i ngleic le dúshláin na hathléimneachta. San am i láthair, is iomaí sásra atá ann chun rioscaí arna sainaithint go soiléir a bhainistiú agus is ilroinnte anois na beartais phoiblí dá bharr sin. Tá an méid sin chun dochair do chur chuige uileghabhálach atá dírithe ar athléimneacht, ar anailís ar leochaileachtaí sóisialta agus críochacha agus ar ullmhacht i gcomhair rioscaí aineoil. Ba cheart cultúr comhroinnte nua chun dul i ngleic le rioscaí agus géarchéimeanna a chur chun cinn bunaithe ar phrionsabal ullmhacht na sochaí.

33.

Molann CnaR, dá bhrí sin, scoil Eorpach maidir le rioscaí agus géarchéimeanna a bhunú lena gcuirfí conairí oiliúna ar fáil do lucht déanta beartas agus dóibh siúd atá i gceannas ar oibríochtaí agus lena bhforbrófaí creataí gairmiúla agus scéim chreidiúnaithe chun pobail ghairmiúla chomhtháite a chothú agus soghluaisteacht agus aitheantas frithpháirteach a éascú. Thacódh an méid sin freisin le hoiliúint leanúnach, d’fhorbrófaí líonraí agus gníomhaíochtaí chun eolas agus taithí a mhalartú, agus d’eagrófaí ceardlanna maidir leis na ceachtanna a foghlaimíodh agus maidir le straitéisí agus freagairtí oibríochtúla nuálacha a cheapadh.

34.

Cuireann CnaR i bhfáth gur cuma más lasmuigh den Eoraip a thosaíonn géarchéimeanna domhanda, is féidir leo difear a dhéanamh do Bhallstát ar bith. Mar shampla d’fhéadfadh sé gur géarchéim dídeanaithe a bheadh i gceist nó go mbeadh fadhbanna ann maidir le táirgí criticiúla a rochtain. Ba cheart bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcumas atá ann géarchéimeanna domhanda a réamh-mheas agus iad a chosc trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe, lena n-áirítear gníomhaíocht lasmuigh den Aontas Eorpach.

35.

Tá CnaR den tuairim gur chun leasa na hEorpa é gníomhú i gcás ina mbíonn rioscaí nua ag teacht chun cinn d’fhonn nochtadh an Aontais Eorpaigh do rioscaí a theorannú. Ní mór do na húdaráis ábhartha laistigh den Aontas a bheith in ann líonrú a dhéanamh le go leor comhlachtaí ar comhpháirtithe de chuid CnaR iad cheana (lena n-áirítear, ar an leibhéal idirnáisiúnta, le hOifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaiste, arb é sin ardán de chuid na Náisiún Aontaithe don Eoraip agus don Áise Láir, agus tionscnamh 2030 Making Cities Resilient). Ní foláir dóibh freisin dul i mbun gnímh lasmuigh den Aontas i gcomhar leis na tíortha lena mbaineann a luaithe a shainaithneofar rioscaí agus ba cheart acmhainní suntasacha a bheith acu chuige sin. Caithfidh an comhar sin an chéim ullmhúcháin a chuimsiú freisin agus, go háirithe, bearta chun géarchéimeanna a chosc, chun leochaileachtaí a laghdú agus chun sochaithe a ullmhú le haghaidh géarchéimeanna a chumhdach. Chun na críche sin, ba cheart na sásraí atá ann cheana agus fóraim na ngeallsealbhóirí amhail líonra eolais an Aontais Eorpaigh um chosaint shibhialta comhpháirtíochtaí le gníomhaithe na sochaí sibhialta agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla a threisiú;

Tá gá le sochaithe athléimneacha réamhghníomhacha má táthar chun dul i ngleic le rioscaí agus géarchéimeanna ar bhealach níos fearr

36.

Tá CnaR den tuairim gur bunchloch de bhunchlocha na hathléimneachta é cumas na saoránach cur le chéile le linn na n-uaireanta an chloig tosaigh agus iad i lár géarchéime agus súil acu le fóirithint. Is éard a theastaíonn chuige sin ná oiliúint a chur ar gach saoránach roimh ré, gach teaghlach a ullmhú agus cleachtais dlúthpháirtíochta a áirithiú ar an leibhéal áitiúil. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas Eorpach ‘straitéis 72 uair an chloig chun déileáil le géarchéimeanna’ a ghlacadh, straitéis a bheadh curtha in oiriúint do dhálaí áitiúla agus a chuirfeadh sainiúlachtaí gach Ballstáit agus gach réigiúin dá chuid san áireamh, ag tarraingt dó go háirithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó thíortha eile, cuir i gcás an tSeapáin nó na Stáit Aontaithe.

37.

Is mian le CnaR dhá rud a chreideann sé go diongbháilte a chur in iúl: is é an bealach is fearr chun meon a athrú ná oiliúint a chur ar leanaí agus ar dhaoine óga; is iad rannpháirtíocht láidir na sochaí, an earnáil dheonach féin agus an obair dheonach na nithe is mó a thiomáineann an athléimneacht chun cinn sa tsochaí. Ina fhianaise sin, molann CnaR spriocanna an Aontais maidir le hathléimneacht i leith tubaistí a chomhlánú le trí thionscnamh shuaitheanta nua:

‘monarchana rioscaí’ (3) atá curtha in oiriúint do chreatchoinníollacha agus dálaí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus a ndearnadh tástáil orthu i roinnt tíortha cheana féin a chur ar bun ar bhonn níos forleithne d’fhonn oiliúint a chur ar gach leanbh óg idir 6 agus 10 mbliana d’aois faoi na ceisteanna ba chóir dóibh a chur agus faoi na céimeanna ba cheart a thabhairt chun fáil faoi réir rioscaí agus dul i ngleic leo;

creat Eorpach le haghaidh oiliúint chéadfhreagartha agus gharchabhrach, lena gcuirfí oiliúint ar fáil i ngach tír a bheadh inaistrithe agus arbh fhéidir tógáil uirthi agus a spreagfaí gach duine óg lena cur i gcrích faoi 20 bliain d’aois;

feachtas Eorpach lena gcuirfí rannpháirtíocht dheonach na sochaí chun cinn sna comhlachtaí deonacha agus sna comhlachais neamhrialtasacha araon.

38.

Tá CnaR ag iarraidh freisin go bhfágfaí cineálacha cur chuige atá bunaithe ar an dóchúlacht i leataobh, ós rud é gur minic beag is fiú á dhéanamh do rioscaí suntasacha dá ndeasca, mar a tharla cheana i gcás eipidéimí. I gcás aon bhearta a dhéanfaí, tá sé ag iarraidh anuas air sin nach rachfaí ar iontaoibh pleananna gníomhaíochta atá dírithe ar rioscaí comhshaoil agus tionsclaíocha aitheanta agus dóchúla a bhainistiú, agus ar a n-iontaoibh sin amháin, ach go gcuirfí straitéis athléimneachta agus ardán áitiúil gríosúcháin i bhfeidhm i ngach uile chathair, contae agus réigiún d’fhonn foirne athléimneachta áitiúla a eagrú agus sochaithe a ullmhú le haghaidh géarchéimeanna, sin agus dúthracht ar leith a chaitheamh leis an tacaíocht is gá a thabhairt do na pobail is leochailí amuigh. Leis na hardáin áitiúla athléimneachta sin, ba cheart tarraingt ar rannpháirtíocht na saoránach, cur chuige idirdhisciplíneach a spreagadh, malartú sonraí agus idir-inoibritheacht a chur chun cinn, comhar a chothú, lena n-áirítear comhar trasteorann, an slabhra freagartha géarchéime a éascú agus athléimneacht i leith géarchéimeanna a chothú;

39.

Iarrann CnaR go ndéanfaí gníomhaíocht láidir chun an bhochtaineacht dhigiteach a laghdú, rud is cúis le riosca breise i gcás géarchéime óir fágann sé nach féidir le cuid shuntasach den daonra faisnéis agus seirbhísí bunriachtanacha a rochtain. Cuireann sé chun suntais gur gá líonra de phointí rochtana fisiciúla ar fhaisnéis, ar chabhair agus ar thacaíocht dhaonna a thógáil chomh gar agus is féidir don daonra sna cathracha agus sna réigiúin agus nach mór iad a bheith oibríochtúil i gcás géarchéime.

RescEU agus córais comhordúcháin práinnfhreagartha

40.

Tacaíonn CnaR le gach aon infheistíocht airgeadais Eorpach arb é is cuspóir di RescEU a neartú, ní hamháin ionas gur féidir leis an Aontas freagairt níos tapa, níos cuimsithí agus níos uathrialaithí a thabhairt, ach freisin chun an ról atá aici i mbainistiú rioscaí agus tubaistí a neartú.

41.

Is díol sásaimh dó tionscnamh ERCC 2.0 (an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha), arb é is aidhm dó feabhas a chur ar an gcumas imeachtaí trasearnála ar fud an Aontais a réamh-mheas, a thuar agus ullmhú dóibh agus tuilleadh feabhais a chur ar chórais réamhrabhaidh chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh iontu lena áirithiú go gcuirfear faisnéis ar fáil go luath agus go ndéanfar feasacht a ardú i ndáiríre. Aithníonn CnaR an obair atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach sa réimse sin i gcomhréir leis an sainordú atá aige i réimse na gcóras luathrabhaidh agus mar chuid den reachtaíocht maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta. Is é is aidhm dó sin córais braite, faisnéise agus foláirimh trasteorann a fhorbairt amhail EFAS (an Córas Eorpach maidir le Feasacht Tuile), EFFIS (an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Dóiteáin Foraoise) agus EDO (an Fhaireachlann Eorpach um Thriomach).

HERA agus Aontas Sláinte na hEorpa

42.

Tacaíonn CnaR le HERA agus leis an ngníomhaíocht a rinneadh le bliain anuas, go háirithe chun rioscaí don tsláinte a shainaithint, cásanna bainistíochta agus frithbhearta leighis a leagan síos, slabhraí luacha a neartú agus cur lena bhfuil d’acmhainneacht ann chun na hearraí agus na seirbhísí a theastaíonn uainn a tháirgeadh san Eoraip. Tá sé á chur in iúl aige go bhfuil tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais athnuaite agus leanúnach de dhíth ar HERA go ceann roinnt blianta ionas gur féidir dó a chúraimí a dhéanamh go héifeachtach.

43.

Aithníonn sé nach fusa meastóireacht a dhéanamh ar HERA tar éis bliain amháin ach iarrann sé athuair ar Pharlaimint na hEorpa, ar na cathracha, ar na réigiúin agus ar na geallsealbhóirí sochaíocha ról níos éifeachtaí a ghlacadh acu i gcomhlachtaí HERA, go háirithe Fóram HERA.

44.

Cuireann CnaR in iúl gur geal leis an cur chuige nua ‘Aon Sláinte Amháin’ a cuireadh i bhfeidhm chun fáil réidh leis na bacainní idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte an chomhshaoil agus chun beartais sláinte a chomhtháthú i gcur chuige comhleanúnach i leith na forbartha inbhuanaithe.

45.

Athdhearbhaíonn sé an rabhadh a thug sé don Choimisiún agus don Chomhairle maidir leis an easpa iarrachta atá á déanamh chun feabhas a chur ar tháirgeadh táirgí agus cógas san Eoraip, nithe atá ag teastáil chun dul i ngleic le géarchéimeanna sláinte. Cuireann sé fainic orthu chomh maith faoi chleachtais na gceannaitheoirí poiblí. I lear mór tíortha, fágann cleachtais den saghas sin go dtugtar tús áite do phraghsanna ísle seachas do tháirgeadh san Eoraip. Is amhlaidh atá dearmad á dhéanamh ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn ghéarchéim COVID-19.

46.

Molann CnaR gur cheart athléimneacht na gcóras sláinte, lena n-áirítear cúram sláinte pobail agus ospidéil, a fhiosrú i gcomhthéacs ‘Eoraip um an tSláinte’, agus lámh a bheith ag na Ballstáit agus ag na húdaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha san obair sin. Mar chuid de sin, ba ghá a áirithiú gur féidir leanúnachas cúraim a ráthú i dtráth géarchéime trí acmhainneachtaí glactha leordhóthanacha atá ann cheana nó cinn shealadacha. Dá bhrí sin, iarrann CnaR go ndéanfaí staidéir a sheoladh chun measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bheidh ann má chuirtear soláthar cúraim ar athló nó má fhágtar ina stad é de thoradh ghéarchéim COVID-19, go háirithe a fhad a bhaineann le hailse, galair ainsealacha agus meabhairshláinte.

47.

Iarrann sé freisin go mbeadh díospóireacht níos doimhne ann maidir leis an gcaoi ar féidir sonraí sláinte a úsáid chun na daoine is leochailí i leith géarchéimeanna a shainaithint. Ar an dóigh sin, b’amhlaidh ab fhusa tacaíocht shóisialta a chur ar fáil dóibh agus leanúint de chúram leighis a thabhairt dóibh. Agus na dúshláin eiticiúla agus oibríochtúla á meas, molann CnaR ‘Spás Eorpach Sonraí Sláinte’ a chruthú chun sonraí a bhailiú, chun cur lena gcáilíocht agus chun iad a chur ar fáil do sheirbhísí poiblí áitiúla. Tá sé ag tabhairt rabhadh faoin riosca atá ann go n-imeodh codanna iomlána den daonra ó thuairisc orainn toisc nach gcuirtear iad san áireamh sna sonraí sláinte de dheasca a n-eisiata nó de thoradh na deighilte digití.

Cur chuige trasearnálach maidir le leochaileacht, ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus bainistiú géarchéimeanna

48.

Molann CnaR go dtabharfaí aird ar an innéacs agus an scórchlár leochaileachta chun forbairtí i mbeartais éagsúla eile de chuid an Aontais, de bhreis ar an mbeartas comhtháthaithe, a threorú (cuir i gcás, sa chomhbheartas talmhaíochta, sa bheartas taighde agus nuálaíochta nó in Aontas Sláinte na hEorpa). Ba mhór ba chuidiú Tascfhórsa idir-AS laistigh den Choimisiún chun an cúram sin a chur i gcrích.

49.

Tacaíonn CnaR leis an gcur chuige ‘athléimneachta trí dhearadh’ lenar féidir tionchair a bhaineann le hathléimneacht agus leochaileacht a chomhtháthú ó na luathchéimeanna agus beartais phoiblí, rialacháin, pleananna gníomhaíochta, cláir mhór infheistíochta agus bonneagar ar mhórscála, etc. á gceapadh.

50.

Tá CnaR den bharúil gur tábhachtach an ní é an soláthar poiblí a mhéid a bhaineann le nuálaíocht a áirithiú, tástáil a dhéanamh ar chineálacha cur chuige nua atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht áitiúil agus ar athléimneacht an bhonneagair áitiúil agus an trealaimh áitiúil a fhorbairt.

51.

Molann CnaR go mbunófaí ‘misean’ faoi chuimsiú an chláir Fís Eorpach maidir le hathléimneacht i leith rioscaí agus géarchéimeanna (bainistiú, ullmhacht, cultúr comhroinnte, leochaileachtaí), ag tógáil ar an ‘slándáil shibhialta don tsochaí’ agus é dírithe ar mhodhanna agus teicneolaíochtaí a fhorbairt, chun go mbeidh sé ina shaotharlann bheo le haghaidh nuálaíocht agus rannpháirtíocht atá fréamhaithe i ndálaí iarbhír sna cathracha agus sna réigiúin.

An Bhruiséil, an 24 Bealtaine 2023.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  https://drmkc.jrc.ec.europa.eu/risk-data-hub/#/vulnerability-in-europe.

Leis an innéacs leochaileachta is féidir tógáil ar an obair atá ar siúl ag JRC faoi chuimsiú na ‘Deaise Athléimneachta’, ar deais í a fheidhmíonn ar bhonn cur chuige leathan i leith acmhainneacht oiriúnúcháin na sochaithe agus a gcumas géarchéimeanna a thuar (https://commission.europa.eu/strategy-and-policy/strategic-planning/strategic-foresight/2020-strategic-foresight-report/resilience-dashboards_en).

(2)  https://civil-protection-knowledge-network.europa.eu/about-knowledge-network.

(3)  E.g. in Albain: http://www.safercommunitiesscotland.org/wp-content/uploads/the-risk-factory.pdf; san Ísiltír: https://www.riskfactorymwb.nl/over-ons/.